Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh
GA
Sraith C
C/2024/2021
18.3.2024
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Eanáir 2024 – Levantur v EUIPO – Fantasia Hotels & Resorts (LUXURY BAHIA PRINCIPE FANTASIA Don Pablo Collection)
(Cás T-505/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh LUXURY BAHIA PRINCIPE FANTASIA Don Pablo Collection - Trádainm náisiúnta níos luaithe FANTASIA HOTELES - Foras coibhneasta le le neamhbhailíocht - Riosca mearbhaill - Airteagal 8(4) agus Airteagal 53(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 8(4) agus Airteagal 60(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) - Fianaise a cuireadh isteach den chéad uair os comhair an Bhoird Achomhairc - Airteagal 27(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625)
(C/2024/2021)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Levantur, SA (Murcia, an Spáinn) (ionadaithe: G. Marín Raigal, E. Armero Lavie, C. Caballero Pastor agus J. Oria Sousa-Montes, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Palmero Cabezas, J. Ivanauskas agus J. Crespo Carrillo, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Fantasia Hotels & Resorts, SL (Zaragoza, an Spáinn) (ionadaithe: J. Vicente Martínez agus J. Erdozain López, Dlíodóirí)
Ábhar
Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear an Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 20 Bealtaine 2022 ar neamhní (Cás R 1973/2020-1).
An chuid oibríochtúil
1.
Diúltaítear don chaingean;
2.
Ordaítear do Levantur, SA a chostais féin agus na costais a thabhaigh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus Fantasia Hotels & Resorts, SL, a íoc.
(1) IO C 380, 3.10.2022.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2021/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)
Top