Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh
GA
Sraith C
C/2024/2043
18.3.2024
Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 25 Eanáir 2024 – Goodwill M + G v an Coimisiún
(Cás T-1125/23 R)
(Bearta idirlinne - REACH - Toirmeasc ar mhicreacháithníní polaiméire sintéisí a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid - Iarratas ar oibriú a chur ar fionraí - Easpa práinne - Cothromú leasanna)
(C/2024/2043)
Teanga an cháis: an Ollainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Goodwill M + G (Kontich, an Bheilg) (ionadaithe: I. Van Giel agus T. Toremans, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. De Meester agus K. Mifsud-Bonnici, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir cur chun feidhme Rialachán (AE) 2023/2055 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar fionraí, a mhéid a bhaineann le micreacháithníní polaiméire sintéisí (IO 2023 L 238, lch. 67).
An chuid oibríochtúil
1)
Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.
2)
Forchoimeádtar na costais.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2043/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)
Top