Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh
GA
Sraith C
C/2024/2304
2.4.2024
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2024 – Beauty Biosciences v EUIPO – Société de Recherche Cosmétique (BEAUTYBIO)
(Cás T-80/23) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh BEAUTYBIO - Dearbhfhorais neamhbhailíochta - Cineál tuairisciúil - Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) - Easpa saincháilíochta - Airteagal 7(1)(b) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(b) de Rialachán 2017/1001 anois))
(C/2024/2304)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Beauty Biosciences LLC (Dallas, Texas, na Stáit Aontaithe) (ionadaí: D. Mărginean, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: M. Eberl, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de l’EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Société de Recherche Cosmétique SARL (Lucsamburg, Lucsamburg) (ionadaí: P. Wilhelm, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 20 Nollaig 2022 (Cás R 1038/2022-4) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1)
Diúltaítear don chaingean.
2)
Ordaítear do Beauty Biosciences LLC a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Société de Recherche Cosmétique SARL le linn na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta, a íoc.
3)
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.
(1) IO C 127, 11.4.2023.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2304/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)
Top