Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh
GA
Sraith L
2026/128
20.1.2026
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/128 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Eanáir 2026
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2663 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Chróit
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 320)
(Is é an téacs Cróitise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
Is galar víreasach tógálach é ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag a bhíonn ar ainmhithe den chineál gabhair agus den chineál caorach agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. I gcás ráige de phlá na n-athchogantach beag in ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach, tá riosca tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach.
(2)
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2), forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429 agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta agus crios faireachais.
(3)
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2663 ón gCoimisiún (4) ar bhonn Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos ann bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Chróit mar fhreagairt ar ráig a deimhníodh an 13 Nollaig 2025 i mbardasacht Prgomet, i gcontae Splitsko-Dalmatinska. Go sonrach, déantar foráil le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2663 maidir leis na criosanna cosanta agus faireachais atá le bunú ag an mBallstát sin, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. Foráiltear leis freisin nach mór na bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin a choinneáil ar bun go dtí na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin ar a laghad.
(4)
Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2663 ann, thug an Chróit fógra don Choimisiún faoi 3 ráig bhreise de plá na n-athchogantach beag i mbunaíochtaí inar coimeádadh ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair. Baineann na ráigeanna sin, a tuairiscíodh idir an 20 Nollaig 2025 agus an 5 Eanáir 2026, le contaetha Splitsko-Dalmatinska agus Zadarska.
(5)
Chun aon chur isteach nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha aon suaitheadh gan údar ar thrádáil, is gá a leagan síos go mear ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis an gCróit, na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag an mBallstát sin, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.
(6)
Dá bhrí sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais le haghaidh na Cróite san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2663, chomh maith le fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, ba cheart iad a leasú chun na ráigeanna nua agus teorainneacha na gcriosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag an gCróit tar éis na ráigeanna nua de plá na n-athchogantach beag iontu a chur san áireamh.
(7)
Tá méid agus fad tréimhse na gcriosanna cosanta agus faireachais, agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm iontu, bunaithe ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos in Iarscríbhinní X agus XI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin agus staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán an ionfhabhtaithe sin le plá na n-athchogantach beag sa Bhallstát lena mbaineann mar aon leis an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair sin laistigh den Bhallstát sin agus san Aontas. Chomh maith leis sin, fad tréimhse na mbeart dá bhforáiltear leis an gCinneadh seo, rinneadh é a chinneadh i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta a leagtar amach sa Chód um Shláinte na nAinmhithe Talún de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) (5).
(8)
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag agus an ghá cosc a chur ar leathadh an ghalair sin ón mbunaíocht atá buailte leis sa Chróit go codanna eile den Bhallstát sin nó go Ballstáit eile, is iomchuí go mbeadh feidhm ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir.
(9)
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2663.
Airteagal 2
Is chuig Poblacht na Cróite a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Eanáir 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca nach beag ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2663 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2025 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Chróit (IO L 2025/2663, 30.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2663/oj).
(5) https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/.
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN
LIMISTÉIR A BUNAÍODH AR LEIBHÉAL AN AONTAIS MAR CHRIOSANNA SRIANTA, LENA gCUIMSÍTEAR CRIOSANNA COSANTA AGUS FAIREACHAIS SA CHRÓIT
Uimhir thagartha ADIS na ráige
Limistéar arb é atá ann:
An dáta a mbeidh siad infheidhme go dtí é
HR-PPR-2025-00001
HR-PPR-2025-00002
HR-PPR-2026-00001
Cuimsítear leis an gcrios cosanta na limistéir seo a leanas:
Splitsko dalmatinska županija
—
općina Prgomet, naselja Bogdanovići i Trolokve
—
općina Lećevica, naselja Divojevići, Kladnjice, Lećevica i Radošić
27.1.2026
HR-PPR-2025-00001
HR-PPR-2025-00002
HR-PPR-2026-00001
Cuimsítear leis an gcrios faireachais na limistéir seo a leanas:
a)
Splitsko dalmatinska županija
—
Grad Kaštela, naselja Kaštel Gomilica, Kaštel Kambelovac, Kaštel Lukšić, Kaštel Novi, Kaštel Stari, Kaštel Sućurac i Kaštel Štafilić
—
općina Klis, naselja Brštanovo, Dugobabe, Konjsko, Korušce, Nisko, Prugovo, Veliki Bročanac i Vučevica
—
općina Marina, naselja Blizna Donja, Blizna Gornja, Dograde, Gustirna, Mitlo, Najevi, Poljica, Pozorac, Rastovac, Vinovac i Vrsine
—
općina Muć, naselja Bračević, Crivac, Donje Ogorje, Donje Postinje, Donji Muć, Gizdavac, Gornje Ogorje, Gornje Postinje, Gornji Muć, Mala Milešina, Pribude, Radunić, Ramljane i Velika Milešina
—
općina Okrug, naselja Okrug Gornji i Okrug Donji
—
općina Prgomet, naselja Labin, Prgomet i Sitno
—
općina Primorski Dolac, naselje Primorski Dolac
—
općina Seget, naselja Bristivica, Ljubitovica, Prapatnica, Seget Donji, Seget Gornji i Seget Vranjica
—
Grad Solin, naselja Blaca i Solin
—
Grad Split, naselje Slatine
—
Grad Trogir, naselja Arbanija, Divulje, Mastrinka, Plano, Trogir i Žedno
b)
Šibensko kninska županija
—
Grad Drniš, naselja Kričke i Sedramić
—
općina Primošten, naselja Kruševo i Široke
—
općina Ružić, naselja Baljci, Čavoglave, Gradac, Kljake, Mirlović Polje, Moseć, Ružić i Umljanović
—
Grad Šibenik, naselja Boraja, Danilo, Danilo Kraljice, Lepenica, Mravnica, Perković, Podine, Sitno Donje, Slivno, Vrpolje i Vrsno
—
općina Unešić, naselja Cera, Čvrljevo, Donje Planjane, Donje Utore, Donje Vinovo, Gornje Planjane, Gornje Vinovo, Gornje Utore, Koprno, Ljubostinje, Mirlović Zagora, Nevest, Ostrogašica, Podumci, Unešić i Visoka
8.2.2026
HR-PPR-2025-00001
HR-PPR-2025-00002
HR-PPR-2026-00001
Cuimsítear leis an gcrios faireachais na limistéir seo a leanas:
Splitsko dalmatinska županija
—
općina Prgomet, naselja Bogdanovići i Trolokve
—
općina Lećevica, naselja Divojevići, Kladnjice, Lećevica i Radošić
28.1.2026-8.2.2026
HR-PPR-2025-00003
Cuimsítear leis an gcrios cosanta na limistéir seo a leanas:
Zadarska županija
—
općina Gračac, naselja Glogovo, Gubavčevo Polje, Kijani, Omsica, Velika Popina i Vučipolje
17.1.2026
HR-PPR-2025-00003
Cuimsítear leis an gcrios faireachais na limistéir seo a leanas:
a)
Ličko senjska županija
—
općina Donji Lapac, naselja Brezovac Dobroselski, Dobroselo, Doljani i Gornji Lapac
—
općina Lovinac, naselja Ričice, Smokrić i Štikada
—
općina Udbina, naselja Komić, Ondić, Poljice i Visuć
b)
Zadarska županija
—
Općina Gračac, naselja Begluci, Brotnja, Bruvno, Cerovac, Dabašnica, Deringaj, Donja Suvaja, Drenovac Osredački, Duboki Dol, Dugopolje, Gornja Suvaja, Grab, Gračac, Kaldrma, Kom, Kunovac Kupirovački, Kupirovo, Mazin, Nadvrelo, Neteka, Osredci, Otrić, Prljevo, Rastičevo, Rudopolje Bruvanjsko, Srb, Tiškovac Lički, Tomingaj, Zaklopac, Zrmanja i Zrmanja Vrelo
—
Grad Obrovac, naselja Golubić, Krupa, Muškovci i Nadvoda
29.1.2026
HR-PPR-2025-00003
Cuimsítear leis an gcrios faireachais na limistéir seo a leanas:
Zadarska županija
—
općina Gračac, naselja Glogovo, Gubavčevo Polje, Kijani, Omsica, Velika Popina i Vučipolje
18.1.2026-29.1.2026
‘ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/128/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)
Top