Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh
GA
Sraith L
2024/851
11.3.2024
CINNEADH (AE) 2024/851 ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Márta 2024
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 12ú seisiún den Choimisiún Ullmhúcháin chun an Chlárlann Idirnáisiúnta um Rothstoic Iarnróid a bhunú agus ag an chéad seisiún den Údarás Maoirseachta arna bhunú de bhun Phrótacal Lucsamburg a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar Nithe a bhaineann go sonrach le Rothstoic Iarnróid
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
D’fhormheas an tAontas, i leith a chuid inniúlachtaí, an Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste maidir le Nithe a Bhaineann go Sonrach le Rothstoic Iarnróid (‘Prótacal Lucsamburg’), a glacadh i Lucsamburg an 23 Feabhra 2007, trí bhithín Chinneadh 2014/888/AE ón gComhairle (1), agus bhain sé amach stádas maidir le hEagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíochta faoin bPrótacal sin.
(2)
Le linn a chéad sheisiúin an 8 Márta 2024, táthar ag súil go nglacfaidh an t-Údarás Maoirseachta arna bhunú de bhun Airteagal XII de Phrótacal Lucsamburg (‘an tÚdarás Maoirseachta’), i measc míreanna eile ar an gclár oibre, go nglacfaidh sé a Reachtanna agus a Rialacha Nós Imeachta, comhaontú idir an tÚdarás Maoirseachta agus an Eagraíocht Idir-Rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF) maidir le feidhmeanna rúnaíocht an Údaráis Maoirseachta, agus gníomhartha eile a bhaineann le bunú agus le feidhmiú na Clárlainne Idirnáisiúnta um Rothstoic Iarnróid (‘an Chlárlann Idirnáisiúnta’) i gcomhréir le hAirteagal 17(2), pointe (d), den Choinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste (‘Coinbhinsiún Cape Town’), go háirithe rialacháin agus nósanna imeachta na Clárlainne Idirnáisiúnta agus na Rialacha Samhla maidir le Sainaitheantas Buan an Rothstoic Iarnróid arna bhforbairt faoi chuimsiú Choiste Iompair Intíre Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (‘na Rialacha Samhla’).
(3)
Le linn a 12ú seisiúin an 7 Márta 2024, táthar ag súil go ndéanfaidh an Coimisiún Ullmhúcháin chun an Chlárlann Idirnáisiúnta um Rothstoic Iarnróid a bhunú dréacht críochnaitheach na ngníomhartha atá le glacadh ag an gcéad seisiún den Údarás Maoirseachta a bhreithniú agus a fhormheas.
(4)
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 12ú seisiún den Choimisiún Ullmhúcháin sa chéad seisiún den Údarás Maoirseachta a bhunú, toisc gur Páirtí Conarthach i bPrótacal Lucsamburg é an tAontas agus ag leanúint ó na cinntí a ghlacfaidh an tÚdarás Maoirseachta d’fhéadfaí gníomhartha a ghlacadh atá ceangailteach faoi dhlí idirnáisiúnta agus atá in ann tionchar cinntitheach a imirt ar rannpháirtíocht an Aontais sa chomhlacht sin agus ar ábhar dlí an Aontais, eadhon Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Cinneadh 2012/757/AE ón gCoimisiún (4) agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1614 ón gCoimisiún (5).
(5)
Sainítear i ndréacht-Reachtanna an Údaráis Maoirseachta, inter alia, a phearsantacht dhlítheanach, a chúraimí agus a chreat riaracháin, a éilítear le Coinbhinsiún Cape Town agus le Prótacal Lucsamburg. Is réamhriachtanas é na dréacht-Reachtanna a ghlacadh chun an tÚdarás Maoirseachta a bhunú agus a oibriú agus ba cheart tacú leis dá bhrí sin. Ba cheart leasú beag a mholadh ar an bhforáil lena sainítear comhdhéanamh an Údaráis Maoirseachta chun an crostagairt d’fhorálacha ábhartha Phrótacal Lucsamburg a shoiléiriú, eadhon Airteagal XII(1).
(6)
Sainítear i ndréacht-Rialacha Nós Imeachta an Údaráis Maoirseachta, inter alia, rialacha cruinnithe, rialacha ionadaíochta, tograí agus cinntí agus nósanna imeachta vótála. Níl na dréacht-Rialacha Nós Imeachta atá i bhfeidhm faoi láthair i gcomhréir áfach le forálacha Phrótacal Lucsamburg, ina n-aithnítear stádas Eagraíochtaí Réigiúnacha um Chomhtháthú Eacnamaíochta mar cheann atá coibhéiseach le stádas Páirtí Stáit, de réir mar a thugann siad difríochtaí gan bhunús isteach idir Páirtithe Stáit, ar thaobh amháin per se, atá i dteideal ionadaíocht a fháil ón Údarás Maoirseachta agus vótáil ar chinntí a ghlacfaidh an tÚdarás Maoirseachta, agus, ar an taobh eile, Eagraíochtaí Réigiúnacha um Chomhtháthú Eacnamaíochta, nach dtagraítear go sainráite dóibh mar chomhaltaí den Údarás Maoirseachta. Is gá dá bhrí sin leasuithe a mholadh ar na dréacht-Rialacha Nós Imeachta sinchun a áirithiú go ndéanfar foráil go héifeachtach do bhallraíocht agus do chearta vótála an Aontais san Údarás Maoirseachta i gcomhréir le forálacha Phrótacal Lucsamburg, lena n-áirítear rialacha a bhaineann le vótáil ar ábhair a thagann faoi raon feidhme inniúlacht eisiach an Aontais. Ba cheart tacaíocht a thabhairt mar sin féin do na forálacha atá fágtha de na dréacht-Rialacha Nós Imeachta.
(7)
I gcomhréir le hAirteagal XII(6) de Phrótacal Lucsamburg, is faoin OTIF é ról Rúnaíocht an Údaráis Maoirseachta a thógáil ar láimh a luaithe agus a thiocfaidh an Prótacal i bhfeidhm. Leagtar amach sa chomhaontú atá beartaithe idir an tÚdarás Maoirseachta agus OTIF na coinníollacha mionsonraithe chun cúraimí Rúnaíocht an Údaráis Maoirseachta a dhéanamh. Is gá an comhaontú seo a ghlacadh chun dea-riarachán oibreacha an Údaráis Maoirseachta a áirithiú agus ba cheart tacaíocht a thabhairt dó dá bhrí sin.
(8)
De bhun Airteagal 17 de Choinbhinsiún Cape Town agus Airteagal XII de Phrótacal Lucsamburg, tá an tÚdarás Maoirseachta le foráil a dhéanamh maidir le bunú na Clárlainne Idirnáisiúnta. Tá sé le háirithiú freisin go mbeidh córas clarúcháin leictreonach éifeachtúil atá bunaithe ar fhógraí ann chun cuspóirí Choinbhinsiún Cape Town agus Phrótacal Lucsamburg a chur chun feidhme, trí rialacháin agus nósanna imeachta don Chlárlann Idirnáisiúnta a bhunú, a athbhreithniú agus a leasú, i gcás inar gá. Bunóidh an tÚdarás Maoirseachta na rialacháin agus na nósanna imeachta sin de bhun Airteagal 17(2), pointí d agus e, de Choinbhinsiún Cape Town agus i gcomhréir le hAirteagail XIV, XV, XVI agus XVII de Phrótacal Lucsamburg. Tá gá leo chun an creat dlíthiúil a sholáthar le haghaidh oibriú na Clárlainne Idirnáisiúnta, go háirithe i ndáil le hiarraidh agus le leithdháileadh shainaitheantóir an Chórais Uathúil Aitheantais d’Fheithiclí Iarnróid (URVIS). Laistigh den Aontas, rialáiltear clárú agus aitheantas an rothstoic iarnróid freisin trí Threoir (AE) 2016/797 agus trí Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1614, ina soláthraítear inter alia sonraíochtaí le haghaidh Uimhir Eorpach Feithiclí (EVN) agus le haghaidh Clár Eorpach Feithiclí (EVR). Cé go láimhseálann na córais faoi dhlí an Aontais agus faoi Phrótacal Lucsamburg an tsaincheist thráthúil chéanna maidir le sainaithint agus clárú an rothstoic iarnróid, tá aidhmeanna agus cuspóirí difriúla acu, is é sin aidhmeanna agus cuspóirí oibríochtúla (teicniúla) faoi dhlí an Aontais agus aidhmeanna agus cuspóirí airgeadais faoi Phrótacal Lucsamburg. Dá thoradh sin, níl na forálacha ar neamhréir lena chéile faoi láthair, agus is féidir leis an dá chóras a bheith ann i gcomhthráth. Ba cheart don Aontas a bheith in ann dá bhrí sin comhlántacht bhuan a shaothrú idir na cláir agus na córais aitheantais sin. Toisc go bhfuil gá ann na rialacháin agus na nósanna imeachta seo a ghlacadh chun oibriú na Clárlainne Idirnáisiúnta a áirithiú, agus toisc go bhfuil siad comhoiriúnach agus i gcomhréir le creat dlíthiúil an Aontais, ba cheart tacaíocht a thabhairt don Údarás Maoirseachta lena nglacadh.
(9)
Chun a sprioc a bhaint amach, is gá do Phrótacal Lucsamburg brath ar chóras soiléir aitheantais agus marcála rothstoic iarnróid bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta. Soláthraítear sna Rialacha Samhla atá beartaithe creat chun an sainaitheantóir URVIS agus a mharcáil ar rothstoic iarnróid a shannadh. De réir na Rialacha Samhla, is rud breise é marcáil sainaitheantóir URVIS anuas ar aon chóras marcála atá ann cheana amhail an córas a leagtar amach i gCinneadh 2012/757/AE. Níl na Rialacha Samhla ar neamhréir le creat dlíthiúil an Aontais. Is iomchuí dá bhrí sin tacaíocht a thabhairt don Údarás Maoirseachta lena nglacadh,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 12ú seisiún den Choimisiún Ullmhúcháin chun an Chlárlann Idirnáisiúnta um Rothstoic Iarnróid a bhunú agus ag an gcéad seisiún den Údarás Maoirseachta um an bPrótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste maidir le Nithe a Bhaineann go Sonrach le Rothstoc Iarnróid, leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Maidir le mionathruithe ar na seasaimh arna léiriú san Iarscríbhinn sin, féadfaidh ionadaithe den Aontas iad a chomhaontú ag an gCoimisiún Ullmhúcháin agus ag an Údarás Maoirseachta gan cinneadh breise ón gComhairle.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Márta 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T.VAN DER STRAETEN
(1) Cinneadh 2014/888/AE ón gComhairle an 4 Nollaig 2014 maidir le formheas an Phrótacail a ghabhann leis an gCoinbhinsiún thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Coinbhinsiún maidir le Leasanna Idirnáisiúnta sa Trealamh Soghluaiste maidir le Nithe a Bhaineann go Sonrach le Rothstoc Iarnróid, a glacadh i Lucsamburg an 23 Feabhra 2007 (IO L 353, 10.12.2014, lch. 9).
(2) Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).
(3) Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh 881/2004 (IO L 138, 26.5.2016, lch. 1).
(4) Cinneadh 2012/757/AE ón gCoimisiún an 14 Samhain 2012 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le ‘fochóras oibriúcháin agus bainistíochta tráchta’ an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach agus lena leasaítear Cinneadh 2007/756/CE (IO L 345, 15.12.2012, lch. 1).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1614 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2018 ina leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh na gclár feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 47 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/756/CE ón gCoimisiún (IO L 268, 26.10.2018, lch. 53).
IARSCRÍBHINN
1. Réamhrá
An chéad seisiún den Údarás Maoirseachta um an bPrótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar Nithe a Bhaineann go Sonrach le Cúrsaí Rothstoc Iarnróid arna ghlacadh i Lucsamburg an 23 Feabhra 2007 (‘Prótacal Lucsamburg’), reáchtálfar an 8 Márta 2024 é, in éineacht leis an 12ú seisiún, arb é an seisiún deiridh é, den Choimisiún Ullmhúcháin a reáchtálfar an 7 Márta 2024.
2. Inniúlacht an Aontais Eorpaigh
Tá an tAontas Eorpach ina pháirtí conarthach i bPrótacal Lucsamburg. I leith na míreanna ar chlár oibre an chruinnithe sin, mar a n-iarrfar ar an Údarás Maoirseachta gníomhartha a ghlacadh a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla acu de réir bhrí Airteagal 218(9) CFAE – is é sin Míreanna 3 (a mhéid a bhaineann sé le formheas Reachtanna agus Rialacha Nós Imeachta an Údaráis Maoirseachta), 4, 8 agus 9 den Chlár Oibre, tá inniúlacht eisiach ag an Aontas Eorpach.
3. Barúlacha ar mhíreanna de chlár oibre an 1ú seisiún den Údarás Maoirseachta
Mír 3 den Chlár Oibre – Bunú an Údaráis Maoirseachta (le breithniú faoi Mhír 5 de Chlár Oibre an 12ú seisiún den Choimisiún Ullmhúcháin):
Reachtanna an Údaráis Maoirseachta a Fhormheas
Doiciméid:
Feidhmiú ceart vótála:
an tAontas Eorpach
Post:
I bhfabhar fhormheas agus ghlacadh na ndréacht-Reachtanna, faoi réir an leasaithe seo a leanas:
—
In Airteagal 2 (Comhdhéanamh): déan mír 2 a leasú ionas gurb é a léifear: ‘Cinntear a chomhaltas i gcomhréir le hAirteagal XII (1) (a), (b) agus (c) den Phrótacal’.
Rialacha Nós Imeachta an Údaráis Maoirseachta a Leagan Síos
Doiciméid:
Feidhmiú ceart vótála:
an tAontas Eorpach
Post:
I bhfabhar fhormheas agus ghlacadh na ndréacht-Rialacha Nós Imeachta, faoi réir na leasuithe seo a leanas:
—
In Airteagal 1 (Sainmhínithe): déan an sainmhíniú ar ‘Thromlach Cáilithe’ a leasú ionas gurb é a léifear ‘don chéad 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail, tromlach simplí de (a) vótaí ionadaithe na Stát is Páirtithe agus (b) vótaí na gComhaltaí, agus tromlach dhá thrian de vótaí na gComhaltaí ina dhiaidh sin’; agus an sainmhíniú ar ‘Stát is Páirtí’ a leasú ionas gurb é a léifear ‘Stát nó Eagraíocht Réigiúnach a dhaingnigh nó a d’aontaigh don Choinbhinsiún agus don Phrótacal araon’;
—
In Airteagal 4 (Ionadaíocht na gComhaltaí): déan mír 3 a leasú ionas gurb é a léifear ‘De mhaolú ar mhír 1, an duine arna ainmniú chun ionadaíocht a dhéanamh ar Eagraíocht Réigiúnach, in aon chruinniú den Údarás Maoirseachta, féadfaidh sé líon vótaí a fheidhmiú is comhionann leis an líon Ballstát dá chuid atá i dteideal a bheith rannpháirteach agus vótaí a chaitheamh i gcruinnithe den sórt sin. Aon uair a fheidhmeoidh Eagraíocht Réigiúnach a ceart vótála, ní fheidhmeoidh a Ballstáit a gcearta-san, agus a mhalairt.’
Mír 4 den Chlár Oibre – Formheas an Chomhaontaithe idir an tÚdarás Maoirseachta agus OTIF maidir le feidhmeanna na Rúnaíochta (le breithniú faoi Mhír 5 de Chlár Oibre an 12ú seisiún den Choimisiún Ullmhúcháin)
Doiciméid:
Feidhmiú ceart vótála:
an tAontas Eorpach
Post:
I bhfabhar fhormheas an Chomhaontaithe
Mír 8 den Chlár Oibre – Formheas na Rialachán agus na Nósanna Imeachta um an gClárlann Idirnáisiúnta le haghaidh Rothstoic Iarnróid agus iad a fhoilsiú (le breithniú faoi Mhír 6 de Chlár Oibre an 12ú seisiún den Choimisiún Ullmhúcháin)
Doiciméid:
Feidhmiú ceart vótála:
an tAontas Eorpach
Post:
I bhfabhar fhormheas na Rialachán agus na Nósanna Imeachta, agus iad a fhoilsiú
Mír 9 den Chlár Oibre – Formheas na Rialacha Samhla arna leasú an 15 Samhain 2023 chun críocha na Rialachán maidir leis an gClárlann Idirnáisiúnta le haghaidh Rothstoic Iarnróid
Doiciméid:
Feidhmiú ceart vótála:
an tAontas Eorpach
Post:
I bhfabhar ghlacadh na Rialacha Samhla maidir le Sainaitheantas Buan an Rothstoic Iarnróid
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/851/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)
Top