Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh
GA
Sraith L
2024/2772
29.10.2024
CINNEADH (AE) 2024/2772 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Deireadh Fómhair 2024
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Iodáil, don tSlóivéin, don Ostair, don Ghréig agus don Fhrainc i ndáil le sé thubaiste nádúrtha a tharla in 2023
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (2) agus go háirithe Airteagal 9 de,
Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (IIA) (3), agus go háirithe pointe 10 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
Is é is aidhm do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) cur ar chumas an Aontais freagairt ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha do staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail réigiún a mbuaileann tubaistí nádúrtha móra nó réigiúnacha iad nó mór-éigeandáil sláinte poiblí.
(2)
Ní fhéadfaidh níos mó ná na huasteorainneacha a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765, a bheith sa Chiste (4).
(3)
An 24 Iúil 2023, chuir an Iodáil iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis na dtuilte in Emilia-Romagna i mí na Bealtaine 2023.
(4)
An 20 Deireadh Fómhair 2023, chuir an tSlóivéin iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i mí Lúnasa 2023.
(5)
An 19 Deireadh Fómhair 2023, chuir an Ostair iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i mí Lúnasa 2023.
(6)
An 20 Samhain 2023, chuir an Ghréig iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i mí Mheán Fómhair 2023.
(7)
An 19 Eanáir 2024, chuir an Iodáil iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte sa Tuscáin i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2023.
(8)
An 24 Eanáir 2024, chuir an Fhrainc iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i mí na Samhna 2023.
(9)
Tá na hiarratais thuasluaite i gcomhréir leis na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.
(10)
Dá bhrí sin, ba cheart an Ciste a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Iodáil, don tSlóivéin, don Ostair, don Ghréig agus don Fhrainc.
(11)
Chun giorrú a oiread agus is féidir ar an am a thógfaidh sé an Ciste a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2024, is ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí i ndáil le tubaistí nádúrtha a shlógfar na méideanna seo a leanas faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh:
(a)
soláthrófar EUR 378 833 540 don Iodáil i ndáil leis na tuilte i Réigiún Emilia-Romagna i mí na Bealtaine 2023;
(b)
soláthrófar EUR 428 405 059 don tSlóivéin i ndáil leis na tuilte i mí Lúnasa 2023;
(c)
soláthrófar EUR 5 199 245 don Ostair i ndáil leis na tuilte i mí Lúnasa 2023;
(d)
soláthrófar EUR101 528 949 don Ghréig i ndáil leis na tuilte i mí Mheán Fómhair 2023;
(e)
soláthrófar EUR 67 811 826 don Iodáil i ndáil leis na tuilte i Réigiún na Tuscáine i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2023;
(f)
soláthrófar EUR 46 763 069 don Fhrainc i ndáil leis na tuilte in iar-réigiún Nord-Pas-de-Calais i mí na Samhna 2023.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 9 Deireadh Fómhair 2024.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) IO L 311, 14.11.2002, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2012/oj.
(2) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.
(3) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.
(4) Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2772/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)
Top