Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh
GA
Sraith L
2025/2403
26.11.2025
CINNEADH (AE) 2025/2403 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Samhain 2025
maidir le slógadh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun cúnamh a thabhairt don Spáinn maidir leis na tuilte i réigiún Valencia na Spáinne i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus sa Fhrainc tar éis na damáistí a rinne cioclón Chido in Mayotte i mí na Nollag 2024 agus cioclón Garance in La Réunion i mí Feabhra 2025
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (1) agus go háirithe Airteagal 4(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (2), agus go háirithe Airteagal 9 de,
Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (3), agus go háirithe pointe 10 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
Is é is aidhm do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) cur ar chumas an Aontais freagairt ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha do staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail réigiún a mbuaileann tubaistí nádúrtha móra nó réigiúnacha iad nó mór-éigeandáil sláinte poiblí.
(2)
Ní fhéadfaidh níos mó ná na huasteorainneacha a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765, a bheith sa Chiste (4).
(3)
An 20 Eanáir 2025, chuir an Spáinn iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i mí Dheireadh Fómhair 2024.
(4)
An 7 Márta 2025, chuir an Fhrainc iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na damáistí a rinne cioclón Chido in Mayotte i mí na Nollag 2024.
(5)
An 23 Bealtaine 2025, chuir an Fhrainc iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na damáistí a rinne cioclón Garance in La Réunion i mí Feabhra 2025.
(6)
Tá na hiarratais sin i gcomhréir leis na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.
(7)
Dá bhrí sin, ba cheart an Ciste a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Spáinn agus don Fhrainc.
(8)
Chun giorrú a oiread agus is féidir ar an am a thógfaidh sé an Ciste a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2025, is ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí i ndáil le tubaistí nádúrtha a shlógfar na méideanna seo a leanas faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh:
(a)
tabharfar EUR 946 153 691 don Spáinn chun freagairt ar an staid éigeandála a d’eascair as na tuilte a tharla i mí Dheireadh Fómhair 2024;
(b)
tabharfar EUR 89 628 050 don Fhrainc chun freagairt ar an staid éigeandála a d’eascair as na tuilte a rinne cioclón Chido in Mayotte i mí na Nollag 2024;
(c)
tabharfar EUR 21 236 336 don Fhrainc chun freagairt ar an staid éigeandála a d’eascair as an damáiste a rinne cioclón Garance in La Réunion i mí Feabhra 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 13 Samhain 2025.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Samhain 2025
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. LOSE
(1) IO L 311, 14.11.2002, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2012/oj.
(2) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.
(3) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.
(4) Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2403/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)
Top