Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh
GA
Sraith L
2026/116
20.1.2026
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/116 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Eanáir 2026
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2321 ón gCoimisiún maidir le formáid an deimhnithe ullmhachta chun athchúrsála a eisítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathchúrsáil long
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE (1) agus go háirithe Airteagal 9(9), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
Leagtar amach formáid an deimhnithe ullmhachta chun athchúrsála i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2321 ón gCoimisiún (2). Forbraíodh é le bheith comhsheasmhach le Foscríbhinn 4 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le hAthchúrsáil Long ar Bhealach atá Sábháilte agus Neamhdhíobhálach don Chomhshaol a glacadh i Hong Cong an 15 Bealtaine 2009 (‘Coinbhinsiún Hong Cong’).
(2)
Tar éis theacht i bhfeidhm Choinbhinsiún Hong Cong an 26 Meitheamh 2025, ba cheart a áirithiú gur féidir formáid an deimhnithe ullmhachta chun athchúrsála a eisítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 a úsáid faoi Choinbhinsiún Hong Cong agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 araon ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus simpliú riaracháin.
(3)
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste a bunaíodh le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2321.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Eanáir 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 330, 10.12.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1257/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2321 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2016 maidir le formáid an deimhnithe ullmhachta chun athchúrsála a eisítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathchúrsáil long (IO L 345, 20.12.2016, lch. 112, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2016/2321/oj).
IARSCRÍBHINN
IARSCRÍBHINN
DEIMHNIÚ IDIRNÁISIÚNTA ULLMHACHTA CHUN ATHCHÚRSÁLA
(Tabhair faoi deara:
Forlíonfar an deimhniú seo le fardal na n-ábhar guaiseach agus an plean athchúrsála long)(Séala oifigiúil)
(Stát)
Arna eisiúint faoi fhorálacha Choinbhinsiún Idirnáisiúnta Hong Cong maidir le hAthchúrsáil Long ar Bhealach atá Sábháilte agus Neamhdhíobhálach don Chomhshaol a glacadh i Hong Cong an 15 Bealtaine 2009 (‘Coinbhinsiún Hong Cong’) le haghaidh na mBallstát sin atá ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún, agus faoi fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 faoi údarú Rialtas
…
(Ainm an Stáit)
ag …
(Ainmniú iomlán an duine nó na heagraíochta a údaraítear faoi fhorálacha Choinbhinsiún Hong Cong agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013)
Sonraí na Loinge
Ainm na Loinge
Sainuimhir nó sainlitreacha
Calafort Clárúcháin
Olltonnáiste
Uimhir IMO
Ainm agus seoladh an longúinéara
Uimhir aitheantais IMO an úinéara chláraithe
Uimhir aitheantais IMO na cuideachta
Dáta Tógála
Sonraí na Saoráide/na Saoráidí Athchúrsála Long
Ainm na Saoráide Athchúrsála Long
Sainuimhir aitheantais na Cuideachta Athchúrsála bunaithe ar an Doiciméad Údarúcháin maidir le hAthchúrsáil Long a dhéanamh (*1)
Sainuimhir aitheantais na Cuideachta Athchúrsála mar a léirítear sa Liosta Eorpach
Seoladh iomlán
Dáta éaga an Doiciméid Údarúcháin maidir le hAthchúrsáil Long a dhéanamh
An dáta a rachaidh láithreacht na saoráide athchúrsála long sa Liosta Eorpach in éag
Sonraí fhardal na n-ábhar guaiseach
Uimhir aitheantais/fíoraithe fhardal na n-ábhar guaiseach: …
Tabhair faoi deara:
Cuid fhíor-riachtanach den Deimhniú Idirnáisiúnta Ullmhachta chun Athchúrsála is ea fardal na n-ábhar guaiseach, mar a cheanglaítear le rialachán 5 den Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún Hong Cong agus le hAirteagal 9(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, agus ní mór é a bheith ag gabháil leis an deimhniú sin i gcónaí. Ba cheart fardal na n-ábhar guaiseach a thiomsú ar bhonn na formáide caighdeánaí a léirítear sna treoirlínte a d’fhorbair an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta, a fhorlíontar, i gcás inarb infheidhme, le treoirlínte maidir le gnéithe a bhaineann go sonrach le Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, amhail substaintí a liostaítear sa Rialachán sin ach nach liostaítear i gCoinbhinsiún Hong Cong.Sonraí an phlean athchúrsála long
Uimhir aitheantais/fíoraithe an phlean athchúrsála long: …
Tabhair faoi deara:
Cuid fhíor-riachtanach den Deimhniú Idirnáisiúnta Ullmhachta chun Athchúrsála is ea an plean athchúrsála long, mar a cheanglaítear le rialachán 9 den Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún Hong Cong agus le hAirteagal 9(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, agus ní mór é a bheith ag gabháil leis an deimhniú sin i gcónaí.LEIS SEO DEIMHNÍTEAR:
1.
go ndearnadh suirbhé ar an long i gcomhréir le rialachán 10 den Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún Hong Cong, i gcás na mBallstát sin atá ina bPáirtithe i gCoinbhinsiún Hong Cong, agus le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013;
2.
go bhfuil fardal bailí na n-ábhar guaiseach ag an long i gcomhréir le rialachán 5 den Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún Hong Cong, i gcás na mBallstát sin atá ina bPáirtithe i gCoinbhinsiún Hong Cong, agus le hAirteagal 5(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013;
3.
go léirítear i gceart sa phlean athchúrsála long, mar a cheanglaítear le Rialachán 9 den Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún Hong Cong, an fhaisnéis atá i bhfardal na n-ábhar guaiseach mar a cheanglaítear le Rialachán 5.4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún Hong Cong agus go bhfuil faisnéis ann maidir le bunú, agus coinneáil ar bun na gcoinníollacha ‘sábháilte chun dul isteach’ agus ‘sábháilte chun obair theasa a dhéanamh’ agus maidir le faireachán a dhéanamh orthu, i gcás na mBallstát sin atá ina bPáirtithe i gCoinbhinsiún Hong Cong;
4.
gur tiomsaíodh an plean athchúrsála long i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013; agus
5.
go bhfuil údarú bailí i gcomhréir le Coinbhinsiún Hong Cong ag an tsaoráid athchúrsála long nó ag na saoráidí athchúrsála long ina bhfuil an long sin le hathchúrsáil, i gcás na mBallstát sin atá ina bPáirtithe i gCoinbhinsiún Hong Cong, agus go liostaítear é sa Liosta Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013.
Tá an deimhniú seo bailí go dtí (ll/mm/bbbb) …
(Dáta)
Arna eisiúint …
(Áit eisiúna an deimhnithe)
(ll/mm/bbbb) …
…
(Dáta eisiúna)
(Síniú an oifigigh chuí-údaraithe a eisíonn an deimhnithe)
(Séala nó stampa an údaráis, de réir mar is iomchuí)
FORMHUINIÚ CHUN SÍNEADH A CHUR LE BAILÍOCHT AN DEIMHNITHE GO DTÍ GO mBAINFEAR AMACH CALAFORT NA SAORÁIDE ATHCHÚRSÁLA LONG NÓ GO CEANN TRÉIMHSE CHAIRDE I gCÁS INA BHFUIL FEIDHM AG RIALACHÁN 14.5 DEN IARSCRÍBHINN A GHABHANN LE COINBHINSIÚN HONG CONG AGUS AG AIRTEAGAL 10(5) DE RIALACHÁN (EU) UIMH. 1257/2013 (*2)
Glacfar leis an deimhniú seo, i gcomhréir le rialachán 14.5 den Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún Hong Cong, i gcás na mBallstát sin atá ina bPáirtithe i gCoinbhinsiún Hong Cong, agus le hAirteagal 10(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 maidir le hathchúrsáil long, mar dheimhniú bailí le haghaidh turas amháin ó bhall go ball
ó chalafort: …
go calafort: …
Sínithe: …
(Síniú an oifigigh chuí-údaraithe)
Áit: …
Dáta: (ll/mm/bbbb) …
(Séala nó stampa an údaráis, de réir mar is iomchuí)
(*1) Doiciméad Údarúcháin maidir le hAthchúrsáil Long a dhéanamh.
(*2) DÉANFAR AN LEATHANACH SEO DEN FHORMHUINIÚ A ATÁIRGEADH AGUS A CHUR LEIS AN DEIMHNIÚ MÁ MHEASANN AN RIARACHÁN GUR GÁ SIN
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/116/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)
Top