Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh
GA
Sraith L
2026/1021
11.5.2026
TREOIR (AE) 2026/1021 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Aibreán 2026
maidir leis an éilliú a chomhrac, a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle agus an Choinbhinsiúin um chomhrac an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1), pointe (d), agus Airteagal 83(1) agus (2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
Leanann an t-éilliú de bheith ina fhadhb shuntasach ar leibhéal an Aontais, agus is bagairt é ar chobhsaíocht agus slándáil na sochaithe, lena n-áirítear tríd an gcoireacht eagraithe agus coireacht thromchúiseach eile a chumasú. Leis an éilliú déantar dochar d’institiúidí daonlathacha agus do luachanna uilíocha ar a bhfuil an tAontas fothaithe, go háirithe an smacht reachta, an daonlathas, an comhionannas agus cosaint na gceart bunúsach. Leis an éilliú cuirtear forbairt, rathúnas agus inbhuanaitheacht agus cuimsitheacht ár ngeilleagar i gcontúirt. Tá sé ríthábhachtach an t-éilliú a chomhrac chun cáilíocht an daonlathais a neartú agus chun an smacht reachta a bhaint amach go hiomlán. Chun an t-éilliú a chosc agus a chomhrac go héifeachtach, tá gá le cur chuige cuimsitheach agus ildisciplíneach. Is é is cuspóir don Treoir seo dul i ngleic leis an éilliú tríd an dlí coiriúil, agus foráil á déanamh maidir le comhar trasteorann níos fearr idir na húdaráis inniúla.
(2)
Le Cinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle (4), leagtar síos ceanglais i ndáil le coiriúlú an éillithe a bhaineann leis an earnáil phríobháideach. Leis an gCoinbhinsiún arna tharraingt suas ar bhonn Airteagal K.3(2)(c) den Chonradh ar an Aontas Eorpach um chomhrac an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann (5) (‘an Coinbhinsiún um chomhrac an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann’) tugtar aghaidh ar ghníomhartha éillithe áirithe oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh na mBallstát go ginearálta i dtreis iontu. Níl na hionstraimí sin sách cuimsitheach, áfach, agus is éagsúil an coiriúlú atá i bhfeidhm faoi láthair ar an éilliú ó Bhallstát go chéile, rud a chuireann isteach ar fhreagairt chomhleanúnach agus éifeachtach ar fud an Aontais. Tháinig bearnaí forfheidhmithe agus constaicí sa chomhar chun cinn freisin idir na húdaráis inniúla i mBallstáit éagsúla. Tá sé d’aidhm ag an Treoir seo forálacha na n-ionstraimí sin a leasú agus a leathnú. Ós rud é go bhfuil líon agus cineál na leasuithe atá le déanamh substaintiúil, ba cheart an dá ionstraim, ar mhaithe le soiléireacht, a ionadú ina n-iomláine i ndáil leis na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Treoir seo.
(3)
Ba cheart an creat dlíthiúil atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta agus a neartú chun comhrac éifeachtach an éillithe a éascú ar fud an Aontais. Is é is aidhm don Treoir seo cionta éillithe a choiriúlú nuair a dhéantar d’aon ghnó iad. Is féidir rún agus eolas a infeiriú ó imthosca oibiachtúla agus fíorasacha. Ós rud é go ndéantar foráil leis an Treoir seo maidir le rialacha íosta, tá na Ballstáit saor i gcónaí chun rialacha níos déine a bhaineann le cionta éillithe a ghlacadh nó a choinneáil ar bun. Cuireann an Treoir seo leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana agus níor cheart í a léirmhíniú mar Threoir a bhfuil sé d’aidhm aici na rialacha náisiúnta frithéillithe atá ann faoi láthair a lagú.
(4)
Is feiniméan trasnáisiúnta é an t-éilliú a mbíonn tionchar aige ar na sochaithe agus na geilleagair uile. Ba cheart an ghné idirnáisiúnta sin a aithint le bearta a ghlactar ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais. Le gníomhaíocht an Aontais dá bhrí sin, ba cheart a chur san áireamh obair an Ghrúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta de chuid Chomhairle na hEorpa (GRECO), obair na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus obair Oifig na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí agus Coireacht (UNODC).
(5)
Tá gá le cur chuige comhordaithe agus comhchuibhithe i measc na mBallstát, mar gheall ar léirithe ilchineálacha an éillithe, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar bhunchúiseanna agus ar a iarmhairtí. Chun dul i ngleic go héifeachtach leis an éilliú, tá gá le sásraí coisctheacha agus diansmachtúla araon. Moltar do na Ballstáit réimse leathan de bhearta coisctheacha, reachtacha agus comhoibritheacha a dhéanamh mar chuid de chomhrac an éillithe. Cé go bhfuil an t-éilliú ina choir thar aon ní eile agus go sainmhínítear cionta sonracha éillithe agus cionta a bhaineann leis an éilliú sa dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta, i gcás loiceadh ionracais, coinbhleachtaí leasa neamhnochta nó sáruithe tromchúiseacha ar rialacha ionracais, d’fhéadfadh sé go dtiocfaidís siúd chun bheith ina gcionta éillithe mura dtugtar aghaidh orthu. Tríd an éilliú a chosc, maolaítear an gá le diansmacht coiriúil agus baineann tairbhí níos leithne leis sin chun iontaoibh an phobail a chur chun cinn agus iompar na n-oifigeach poiblí a bhainistiú. Le cuir chuige éifeachtacha in aghaidh an éillithe sna Ballstáit uile, ba cheart go gcuirfí le bearta chun trédhearcacht agus ionracas a fheabhsú, lena n-áirítear trí rialáil a dhéanamh i réimsí ar nós coinbhleacht leasa, brústocaireachta agus doirse imrothlacha. Ba cheart do chomhlachtaí poiblí na caighdeáin is airde ionracais, trédhearcachta agus saoirse ó thionchar míchuí a lorg mar chuid thábhachtach de dhul i ngleic leis an éilliú ar bhealach níos leithne. Is colún bunúsach í seirbhís phoiblí ina bhfuil foireann de dhaoine aonair ag a bhfuil ardleibhéal scileanna agus ionracais le haghaidh Ballstáit éifeachtúla, thrédhearcacha agus éifeachtacha a bhfuil sé d’aidhm acu an t-éilliú a dhíothú go héifeachtach. Trí thrédhearcacht, éifeachtúlacht agus úsáid critéar oibiachtúil a fheabhsú maidir le hoifigigh phoiblí a earcú agus ardú céime a thabhairt dóibh, d’fhéadfaí cuidiú le soláthar foirne den chineál sin a bhaint amach. Ós rud é go bhfuil ról lárnach ag an earnáil phríobháideach freisin maidir le héilliú a chosc agus a bhrath, is féidir leis na Ballstáit forbairt agus cur chun feidhme sásraí láidre éifeachtacha comhlíontachta laistigh de chuideachtaí príobháideacha a spreagadh. Chun cur chuige comhchoiteann a áirithiú maidir le héifeachtacht na sásraí comhlíontachta sin, ar a bhféadfaí a áireamh léarscáil riosca, cód iompair, meastóireacht tríú páirtí chomh maith le rialú inmheánach agus iniúchóireacht, is féidir leis na Ballstáit comhoibriú chun treoirlínte comhchoiteanna a fhorbairt.
(6)
Cé go n-urramaítear go hiomlán leis an Treoir seo forálacha ábhartha uile na mbunreachtanna náisiúnta, na bprionsabal bunreachtúil náisiúnta agus na ndlíthe náisiúnta, cuirtear in iúl go bhféadfaí an bonn a bhaint de mhuinín an phobail ar bhealach atá ar neamhréir le cuspóirí na Treorach seo dá ndéanfaí daoine aonair – go háirithe iad siúd atá i seilbh oifige poiblí – a chosaint go míchuí ar chuntasacht as cionta éillithe.
(7)
Gan dochar dá neamhspleáchas institiúideach agus riaracháin, ba cheart do na Ballstáit comhlachtaí nó aonaid eagraíochtúla a bheith i bhfeidhm acu a bhfuil sainchúram orthu an t-éilliú a chosc agus a chur faoi chois. Níl sé d’oibleagáid ar na Ballstáit comhlachtaí nó aonaid eagraíochtúla nua a chruthú, mar shampla cúirteanna nó binsí speisialaithe, faoin Treoir seo, agus féadfaidh siad a chinneadh feidhmeanna coisctheacha agus diansmachtúla a shannadh don chomhlacht céanna nó don aonad eagraíochtúil céanna chomh maith le cúraimí a bhaineann le cionta coiriúla eile, mar shampla, an choireacht eagraithe. I gcomhréir le prionsabal neamhspleáchas na mBallstát, ní gá gur comhlachtaí ná aonaid eagraíochtúla lárnacha a bheadh sna comhlachtaí ná sna haonaid sin. Agus neamhspleáchas institiúideach agus riaracháin na mBallstát á urramú go hiomlán, nuair a bhíonn sé de chumhacht ag na comhlachtaí sin in aghaidh an éillithe cinntí a dhéanamh maidir le cásanna a thugtar dá n-aire nó a shainaithníonn siad, nó aon mholtaí a dhéanamh de réir mar a mheasann siad is gá, ba cheart dóibh oibriú gan cur isteach míchuí ná tionchar míchuí ó dhaoine eile, agus ar an gcaoi sin iad féin a chosaint ar idirghabhálacha seachtracha míchuí nó ar bhrú seachtrach míchuí. Chun a áirithiú go n-oibreoidh na comhlachtaí nó na haonaid eagraíochtúla sin go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na hacmhainní agus na cumhachtaí a leithdháiltear ar na comhlachtaí nó na haonaid eagraíochtúla sin i gcomhréir le riar cuí a gcúraimí agus go gceadaítear leo eolas speisialaithe maidir leis an éilliú a chosc agus a chur faoi chois.
(8)
Chun feasacht na saoránach a mhúscailt maidir le raon feidhme, saintréithe agus éifeachtaí an éillithe, ba cheart é a bheith indéanta bearta éagsúla a dhéanamh, lena n-áirítear i gcomhar le páirtithe leasmhara éagsúla, mar shampla an tsochaí shibhialta, an lucht léinn agus na meáin. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta sin, mar shampla, foinsí tiomnaithe faisnéise, tiomsúcháin foilseachán agus rialáil ábhartha, agus feachtais múscailte feasachta agus seimineáir atá oscailte don phobal agus i dteanga inrochtana.
(9)
Tá an tAontas ina pháirtí i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe (UNCAC), arb é an ionstraim dlí idirnáisiúnta is cuimsithí dá bhfuil ann chun an t-éilliú a chomhrac é, lena gcomhcheanglaítear bearta chun an t-éilliú a chosc agus a chomhrac. Ceanglaítear leis sin go ndéanfaidh páirtithe sa Choinbhinsiún bearta reachtacha agus bearta eile chun cionta coiriúla a bhunú a bhaineann le breabaireacht, míleithreasú agus sciúradh airgid agus go gcuimhneoidh siad ar bhearta reachtacha nó bearta eile a dhéanamh chun gníomhartha breise a choiriúlú, amhail, drochúsáid oifige, mangaireacht tionchair agus saibhriú aindleathach. I gcomhréir leis na gealltanais sa dearbhú polaitiúil a glacadh ag seisiún speisialta Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe 2021 i gcoinne an éillithe dar teideal Our common commitment to effectively addressing challenges and implementing measures to prevent and combat corruption and strengthen international cooperation [Ár ngealltanas comhchoiteann d’aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar dhúshláin agus bearta a chur chun feidhme chun éilliú a chosc agus a chomhrac agus chun comhar idirnáisiúnta a neartú], ba cheart don Aontas, a mhéid is féidir, dul thar íoscheanglais UNCAC agus bearta breise a leagan síos chun an t-éilliú a chosc agus a chomhrac. Leis an Treoir seo tarraingítear ar na barúlacha agus na dea-chleachtais a thagann as an Sásra um an Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme UNCAC.
(10)
Agus an éabhlóid ar bhagairtí éillithe, na hoibleagáidí dlíthiúla atá ar an Aontas agus ar na Ballstáit faoin dlí idirnáisiúnta agus forbairt na gcreataí dlíthiúla náisiúnta á gcur san áireamh, ba cheart an sainmhíniú ar chionta éillithe a chomhfhogasú tuilleadh ar fud na mBallstát uile chun go gcumhdófar iompar éillitheach leis ar bhealach níos cuimsithí.
(11)
Chun saoirse ó phionóis a sheachaint i gcás cionta éillithe san earnáil phoiblí, ba cheart raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach seo a bheith dea-shainithe. Ar gcéad dul síos, le coincheap an oifigigh phoiblí ba cheart daoine a oibríonn in eagraíochtaí idirnáisiúnta a chumhdach freisin, lena n-áirítear institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais agus na cúirteanna idirnáisiúnta. Ar an dara dul síos, ós rud é go bhfeidhmíonn a lán eintiteas nó daoine feidhmeanna poiblí gan oifig fhoirmiúil a bheith acu, ba cheart a chumhdach le coincheap an oifigigh phoiblí na hoifigigh ábhartha uile, pé acu ceaptha, tofa nó fostaithe ar bhonn conartha, agus oifig riaracháin nó bhreithiúnach fhoirmiúil a bheith ina seilbh acu, chomh maith leis na daoine uile a sholáthraíonn seirbhís phoiblí, agus dár dílsíodh údarás poiblí nó atá faoi réir rialú nó maoirseacht údarás poiblí i ndáil le feidhm seirbhíse poiblí den chineál sin a dhéanamh, fiú mura bhfuil siad i seilbh oifig fhoirmiúil. Chun críocha na Treorach seo, leis an sainmhíniú ar oifigeach poiblí, ba cheart cumhdach a dhéanamh freisin ar dhaoine a fheidhmíonn feidhmeanna seirbhíse poiblí i bhfiontair atá faoi úinéireacht an Stáit agus faoi rialú an Stáit agus i bhfondúireachtaí bainistíochta sócmhainní agus i gcuideachtaí faoi úinéireacht phríobháideach a fheidhmíonn feidhmeanna seirbhíse poiblí agus sna daoine dlítheanacha arna mbunú nó arna gcoinneáil ar bun acu. Aon duine atá i seilbh oifig reachtach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, déanfar é a chomhshamhlú ina oifigeach náisiúnta chun críocha na Treorach seo i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
(12)
Ba cheart a thuiscint gur daoine a fheidhmíonn príomhfheidhmeanna feidhmiúcháin, riaracháin, reachtacha nó breithiúnacha iad oifigigh ardleibhéil. Is féidir a áireamh ar na feidhmeanna sin páirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt nó feidhmiú feidhmeanna rialtais, beartais a chinneadh agus a chur chun feidhme, dlíthe a fhorfheidhmiú, reachtaíocht a mholadh nó a chur chun feidhme, fodhlíthe nó foraitheanta normatacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme, cinntí a dhéanamh maidir le caiteachas rialtais agus cinntí a dhéanamh maidir le daoine aonair a cheapadh chuig príomhfheidhmeanna feidhmiúcháin, riaracháin, reachtacha nó breithiúnacha, chomh maith le cinneadh a dhéanamh maidir le cásanna cúirte. Is féidir a áireamh ar oifigigh ardleibhéil oifigigh náisiúnta, mar shampla, cinn rialtais láir agus réigiúnaigh, comhaltaí de rialtas láir agus réigiúnach, leas-airí, rúnaithe stáit, príomhchomhairleoirí polaitiúla, cinn agus comhaltaí d’oifig phríobháideach nó de chomh-aireacht aire nuair a bhunaítear iad, comhaltaí seomraí parlaiminte, comhaltaí de chúirteanna bunreachtúla agus uachtaracha, an príomh-ionchúisitheoir, agus comhaltaí d’uasfhorais iniúchóireachta chomh maith le comhaltaí Choláiste na gCoimisinéirí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus Pharlaimint na hEorpa.
(13)
Is gá an creat dlíthiúil a neartú chun breabaireacht a chomhrac agus chun a áirithiú go mbeidh uirlisí éifeachtacha comhréireacha ag na húdaráis forfheidhmithe dlí agus na húdaráis ionchúisimh. I gcomhthéacs breabaireacht oifigeach poiblí, is féidir idirdhealú a dhéanamh idir dhá chineál breabaireachta. Tarlaíonn breabaireacht ghníomhach san earnáil phoiblí i gcás ina ngeallann, ina dtairgeann nó ina dtugann duine buntáiste míchuí d’aon chineál chun tionchar a imirt ar oifigeach poiblí. Tarlaíonn breabaireacht éighníomhach san earnáil phoiblí i gcás ina n-iarrann nó ina bhfaigheann oifigeach poiblí an buntáiste míchuí sin, nó ina nglacann sé leis an tairiscint nó an gealltanas ina leith chun gníomhú nó chun staonadh ó ghníomhú ar bhealach áirithe. Is féidir le buntáistí a bheith inláimhsithe nó doláimhsithe, agus i bhfoirm airgid nó neamhairgid. Ní mheastar go bhfuil buntáiste míchuí i gcás, mar shampla, ina gceadaítear é de réir an dlí nó de réir rialacha riaracháin nó i gcás bronntanais íosta nó i gcás bronntanais ar luach an-íseal. Leis an Treoir seo, ba cheart rialacha íosta a bhunú freisin maidir le breabaireacht agus cineálacha eile éillithe san earnáil phríobháideach i gcás ina n-áirítear ar na híospartaigh láithreacha cuideachtaí a bhfuil tionchar éagórach orthu agus i gcás inar féidir an tsaoriomaíocht a laghdú le gach breab. Cuireann cion na breabaireachta san earnáil phoiblí le cionta an éillithe éighníomhaigh agus ghníomhaigh a shainmhínítear in Airteagail 2 agus 3 den Choinbhinsiún um chomhrac an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann agus níor cheart é a léirmhíniú ná a chur i bhfeidhm ar bhealach atá níos boige ná na forálacha sin den Choinbhinsiún.
(14)
Féadfaidh iompar a sháraíonn dualgais ghairmiúla stiúrthóirí nó oibrithe eintiteas earnála príobháidí le linn gníomhaíochtaí eacnamaíocha, airgeadais nó gnó dochar a dhéanamh do leasanna cuideachta de chuid na hearnála príobháidí, agus féadfaidh sé freisin a bheith ina chúis le saobhadh iomaíochta i ndáil le ceannach earraí nó seirbhísí tráchtála chun dochair d’iomaitheoirí ionchasacha agus don phobal i gcoitinne araon. Is é is aidhm do choiriúlú na breabaireachta san earnáil phríobháideach an dá chineál díobhála a dhíspreagadh. Ba cheart don choiriúlú sin rannchuidiú le cosc a chur ar thríú páirtithe cur isteach ar iompar cothrom gnó trí bhuntáiste míchuí a ghealladh, a thairiscint nó a thabhairt do stiúrthóirí nó d’oibrithe eintiteas san earnáil phríobháideach ionas go ngníomhóidh siad, nó go staonfaidh siad ó ghníomhú, de shárú ar a ndualgais (breabaireacht ghníomhach san earnáil phríobháideach). Ba cheart a chumhdach leis an gcion freisin stiúrthóirí agus oibrithe eintiteas de chuid na hearnála príobháidí a iarrann nó a fhaigheann aon bhuntáiste míchuí, nó a ghlacann leis an tairiscint nó leis an ngealltanas ina leith, chun gníomhú, nó chun staonadh ó ghníomhú, de shárú ar a ndualgais (breabaireacht éighníomhach san earnáil phríobháideach).
(15)
Chun a áirithiú nach ndéanann oifigigh phoiblí dochar d’aon ghnó do leasanna airgeadais an eintitis phoiblí nó phríobháidigh lena mbaineann trí chistí a úsáid chun críoch eile seachas na críocha dár ceapadh iad, ba cheart rialacha a leagan síos maidir leis an gcion i ndáil le míleithreasú maoine arna dhéanamh ag oifigigh phoiblí a gcuirtear bainistíocht na maoine sin ar a n-iontaoibh. Chun go mbeidh míleithreasú ina chion coiriúil, ba cheart buntáiste don oifigeach poiblí nó do thríú páirtí nó damáiste do leasanna airgeadais an eintitis phoiblí nó phríobháidigh lena mbaineann a bheith mar thoradh air. Chun cur chuige cuimsitheach a ghlacadh i leith chomhraic an éillithe, moltar do na Ballstáit míleithreasú san earnáil phríobháideach a choiriúlú chomh maith. Níor cheart do na Ballstáit an cion a shainiú mar chion lena gceanglaítear go suífí damáiste agus buntáiste araon.
(16)
Is féidir leis an tionchar a imrítear ar chinnteoirí poiblí d’fhonn buntáiste míchuí a fháil cur isteach go mór ar fheidhmiú cuí riarachán poiblí. Chun dul i ngleic go leordhóthanach leis, ba cheart dhá chás éagsúla a chumhdach leis na gnéithe a chuimsítear i gcion na mangaireachta tionchair, nuair a dhéantar d’aon ghnó é. Ar an gcéad dul síos, ba cheart a chumhdach leis an gcion aon bhuntáiste míchuí a bheith á ghealladh, á thairiscint nó á thabhairt, arb é is aidhm dó tionchar míchuí a imirt d’fhonn buntáiste neamhdhlite a fháil ó oifigeach poiblí. Ar an dara dul síos, ba cheart a chumhdach leis iarraidh nó fáil aon bhuntáiste mhíchuí, nó glacadh le tairiscint nó gealltanas ina leith, chun tionchar míchuí a imirt, d’fhonn buntáiste míchuí a fháil ó oifigeach poiblí. Ba cheart iompar den chineál sin a bheith ina chion coiriúil gan beann ar cé acu is tionchar maíte nó fíorthionchar é agus cé acu a imríodh nó nár imríodh an tionchar agus cé acu a bhí nó nach raibh an toradh a bhí beartaithe mar thoradh ar an tionchar. Leis an gcion níor cheart feidhmiú dlisteanach foirmeacha aitheanta d’ionadaíocht leasa nó dhlíthiúil a chumhdach, lenar féidir féachaint le tionchar dlisteanach a imirt ar chinnteoireacht phoiblí ach nach mbaineann malartú míchuí buntáistí leo. Is minic a dhéantar na foirmeacha ionadaíochta leasa sin, abhcóideacht mar shampla, i dtimpeallacht rialáilte ionas nach bhféadfaidh siad teacht chun bheith ina dtairseacha don éilliú de dheasca easpa trédhearcachta. Agus rialacha breise dea-fheidhmiúla a bheith i bhfeidhm maidir le coinbhleachtaí leasa a nochtadh, maidir le ‘doirse imrothlacha’ nó maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla, is féidir cuidiú freisin chun doiléire a sheachaint agus tionchar míchuí a chosc. Chun críocha an chiona maidir le mangaireacht tionchair, áirítear leis an mbuntáiste míchuí chun tionchar míchuí a fheidhmiú luach saothair as na cineálacha ionadaíochta sin i gcás ina ndéantar na gníomhaíochtaí sin ar bhealach a gcumhdaíonn eilimintí eile an chiona, lena n-áirítear mar gheall ar shárú ábhartha ar na rialacha is infheidhme.
(17)
Tá an baol ann go mbainfidh feidhmiú neamhdhleathach feidhmeanna poiblí an bonn de mhuinín an phobail, den smacht reachta agus den chothroime eacnamaíoch agus d’fhéadfadh sé dochar tromchúiseach a dhéanamh do leas an phobail. Chun an dochar sin a chosc, ba cheart do na Ballstáit sáruithe tromchúiseacha ar an dlí a shainaithint, bídís ina ngníomhartha nó ina n-easnaimh, nó iad araon. D’fhéadfaí a áireamh ar na sáruithe tromchúiseacha sin, mar shampla, sárú ar fhorálacha reachtacha nó rialála atá ceaptha saor-rochtain agus conarthaí ar théarmaí comhionanna a ráthú d’iarrthóirí, nó mífheidhmiú an dlí ag breithiúna nó eadránaithe d’aon ghnó. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cur i bhfeidhm an chiona maidir le feidhmiú neamhdhleathach feidhmeanna poiblí a theorannú do chatagóirí áirithe oifigeach poiblí. Agus na sáruithe tromchúiseacha ábhartha ar an dlí á sainaithint acu, d’fhéadfadh na Ballstáit aird a thabhairt ar ábhair áirithe, lena n-áirítear an ndéantar iompar chun buntáiste míchuí a fháil don oifigeach atá i gceist nó do thríú páirtí nó an ndéantar é chun damáiste a dhéanamh do chearta nó leasanna dlisteanacha duine.
(18)
Tá bac an cheartais ina chion coiriúil a dhéantar mar thaca leis an éilliú, i measc cionta eile. Aithnítear é sin i ndlí coiriúil na mBallstát. Dá bhrí sin is gá bac an cheartais a choiriúlú, a chumhdaíonn feidhmiú fórsa fhisiciúil, bagairtí nó imeaglú, nó fianaise bhréige a spreagadh. Gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh cur isteach ar fhianaise a thabhairt nó fianaise a thabhairt ar aird, nó ar fheidhmiú dualgas oifigiúil ag oifigigh bhreithiúnacha nó forfheidhmithe dlí, ba cheart dóibh teacht faoi raon feidhme an chiona seo freisin. I gcomhréir le UNCAC, níl feidhm ag an Treoir seo ach amháin maidir le bac an cheartais in imeachtaí a bhaineann le cion éillithe. Agus an Treoir seo á trasuí, níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit cion sonrach a shuí maidir le bac an cheartais a bhaineann le cionta éillithe mar a bhunaítear i gCaibidil II den Treoir seo, i gcás ina n-áirítear ina ndlí náisiúnta foráil ghinearálta lena ndéantar bac an cheartais a choiriúlú, ar foráil í is infheidhme maidir le gach cion, lena n-áirítear éilliú. Tá sé de shaoirse i gcónaí ag na Ballstáit an t-iompar sin a choiriúlú trí roinnt cionta coiriúla ar an leibhéal náisiúnta.
(19)
Is é is cúis leis an éilliú buntáistí eacnamaíocha míchuí agus buntáistí eile a shaothrú. Chun laghdú a dhéanamh ar an dreasacht do dhaoine aonair agus eagraíochtaí coiriúla chun gníomhartha coiriúla nua a dhéanamh agus chun daoine aonair a dhíspreagadh ó thoiliú le teacht chun bheith ina n-úinéirí maoine bréige, ba cheart saibhriú le cionta éillithe a choiriúlú. Leis sin ba cheart, faoi seach, ceilt maoine a fuarthas go haindleathach a dhéanamh níos casta agus laghdú a dhéanamh ar scaipeadh an éillithe mar aon leis an damáiste a dhéantar don tsochaí. Leis an trédhearcacht, cuidítear leis na húdaráis inniúla saibhriú aindleathach féideartha a bhrath. Mar shampla, i ndlínsí ina gceanglaítear ar oifigigh phoiblí a sócmhainní a dhearbhú ag eatraimh thráthrialta, lena n-áirítear agus iad ag dul i mbun dualgas agus iad á gcur i gcrích acu, is féidir leis na húdaráis measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhfhreagraíonn nó nach gcomhfhreagraíonn na sócmhainní dearbhaithe d’ioncaim dhearbhaithe.
(20)
Ba cheart do na Ballstáit bearta a ghlacadh chun an méid seo a leanas a shainiú mar chion coiriúil inphionóis: fíorchineál, foinse, suíomh, diúscairt, gluaiseacht na maoine, cearta ina leith nó úinéireacht na maoine a cheilt nó a chur i mbréagriocht d’aon ghnó, i gcás inarb eol go ndíorthaítear an mhaoin sin ó chionta breabaireachta a dhéanamh san earnáil phoiblí nó phríobháideach, míleithreasú, mangaireacht tionchair, bac ar cheartas, nó gríosú, cabhrú agus neartú, agus iarracht déanamh amhlaidh, mar a leagtar amach sa Treoir seo.
(21)
Is féidir le maoiniú polaitiúil neamhdhleathach a bheith ina mhodh chun cinnteoirí a spreagadh le cinntí a dhéanamh a d’fhéadfadh a bheith chun leas an mhaoinitheora. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar ghníomhaíocht iomchuí a dhéanamh in aghaidh cineálacha maoinithe pholaitiúil neamhdhleathaigh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, agus rialacha cuntasachta agus trédhearcachta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus saoirsí bunúsacha an mhargaidh inmheánaigh agus cearta toghchánacha shaoránaigh an Aontais á n-urramú go hiomlán ag an am céanna. Cé nach rialaítear é leis an Treoir seo, d’fhéadfadh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar mhaoiniú polaitiúil neamhdhleathach den chineál sin a choiriúlú i gcás inar bagairt é ar dhaonlathas na mBallstát agus ar dhaonlathas an Aontais.
(22)
Ba cheart a chumhdach le cion coiriúil an tsaibhrithe ó chionta éillithe iompar oifigigh phoiblí a fhaigheann, a shealbhaíonn nó a úsáideann maoin is eol don oifigeach poiblí a bheith díorthaithe ó chionta éillithe arna ndéanamh ag oifigeach poiblí eile. Tá cionta an tsaibhrithe ó chionta éillithe agus ó chionta an cheilte gan dochar do Threoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus go háirithe Airteagal 3(5) agus aithris 11 di maidir le ‘féinsciúradh’, i gcás inarb infheidhme. Agus é á mheas cé acu atá nó nach bhfuil an mhaoin díorthaithe ó aon chineál rannpháirtíochta coiriúla i gcion éillithe agus cé acu a bhí nó nach raibh eolas ag an duine air sin, ba cheart imthosca sonracha an cháis a chur san áireamh, mar shampla, an fíoras go bhfuil luach na maoine díréireach le hioncam dleathach an duine atá cúisithe agus gur tharla an ghníomhaíocht choiriúil agus éadáil na maoine laistigh den tréimhse ama chéanna. Níor cheart é a bheith riachtanach eolas ar na heilimintí fíorasacha uile nó ar na himthosca uile a bhaineann leis an rannpháirtíocht choiriúil, lena n-áirítear céannacht dhéantóir na coire, a shuíomh. Sa bhreis air sin, is féidir na fáltais ó chionta éillithe a choigistiú ar bhonn Threoir (AE) 2024/1260 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Áirítear sa Treoir sin freisin forálacha maidir le cineálacha eile coigistíochta, lena n-áirítear, faoi choinníollacha áirithe, coigistiú fáltas, nó maoine eile a gcomhfhreagraíonn a luach d’fháltais, a d’aistrigh duine atá faoi amhras nó atá cúisithe chuig tríú páirtithe, nó a fuair tríú páirtithe ó dhuine atá faoi amhras nó atá cúisithe, i gcás ina raibh a fhios ag na tríú páirtithe ábhartha, nó inar cheart gurbh eol dóibh, gurbh é cuspóir an aistrithe nó na héadála coigistiú a sheachaint.
(23)
Chun an t-éilliú a dhíspreagadh ar fud an Aontais, ba cheart do na Ballstáit íoschineálacha agus íosleibhéil pionós coiriúil agus neamhchoiriúil a leagan síos le haghaidh na gcionta coiriúla a shainmhínítear sa Treoir seo. Ba cheart na huasleibhéil phríosúnachta agus na pionóis eile a bheith ard go leor chun ciontóirí féideartha a dhíspreagadh agus chun léiriú a thabhairt ar dhíobhálacht an éillithe. An tráth céanna, ba cheart na leibhéil sin a bheith comhréireach le tromchúis gach ciona éillithe agus a bheith comhsheasmhach le leibhéil na bpionós coiriúil a leagtar síos i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar pionóis a fhorfheidhmiú a mhéid is gá chun déanamh na gcionta sin a dhíspreagadh. Má bhunaítear sa dlí náisiúnta an cás ina bhféadfaí daoine, a chiontaítear in aon cheann de na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo, a chur ar fionraí nó pianbhreith choinníollach a chur orthu, iad a scaoileadh saor go luath, a scaoileadh saor ar parúl nó pardún a thabhairt dóibh, ba cheart do na húdaráis bhreithiúnacha a bheith in ann tromchúis na gcionta coiriúla lena mbaineann a chur san áireamh i measc tosca eile.
(24)
Níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm cuí éifeachtach na mbeart nó na bpionós araíonachta seachas iad sin atá de chineál coiriúil, mar shampla, pionóis riaracháin. Pionóis nach ionann iad agus pionóis choiriúla, a fhorchuirtear ar an duine céanna don iompar céanna, is féidir iad a chur san áireamh agus pianbhreith á cur ar an duine sin as cion coiriúil a shainmhínítear sa Treoir seo. Ba cheart lánurraim a thabhairt don phrionsabal go dtoirmeasctar duine a thriail nó a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla le haghaidh an chiona choiriúil chéanna (ne bis in idem).
(25)
Moltar do na Ballstáit a chur ar a gcumas dá n-údaráis inniúla pionóis nó bearta a fhorchur, sa bhreis ar phríosúnacht nó mar mhalairt uirthi, nach gá gur de chineál coiriúil iad, ar nós eisiamh ó nósanna imeachta tairisceana nó cosc sealadach ar sheasamh i dtoghchán d’oifig phoiblí. Tá éifeacht athchomhairleach ghinearálta leis na bearta sin agus d’fhéadfaidís atitimeachas ciontóirí ciontaithe a laghdú. Ba cheart do na Ballstáit cuimhneamh freisin ar nósanna imeachta a bhunú chun go ndéanfar oifigeach poiblí, ar cuireadh cion coiriúil ina leith dá dtagraítear sa Treoir seo, a chur ar fionraí nó a athshannadh go sealadach, agus é á choinneáil i gcuimhne gur gá urraim a thabhairt do phrionsabal thoimhde na neamhchiontachta agus don cheart chun leigheas éifeachtach a fháil.
(26)
Chun feabhas a chur ar fhreagairt an cheartais choiriúil ar chionta a bhaineann leis an éilliú agus chun déanamh na gcionta sin a dhíspreagadh, ba cheart an córas pionós i gcoinne daoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha a shoiléiriú agus a thabhairt i gcomhréir le hionstraimí eile de dhlí coiriúil an Aontais. Faoi Threoracha 2009/81/CE (8), 2014/23/AE (9), 2014/24/AE (10) agus 2014/25/AE (11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is foras é ciontú in éilliú, trí bhreithiúnas críochnaitheach, le heisiamh ó pháirt a ghlacadh i nós imeachta soláthair nó i nós imeachta um dhámhachtain lamháltais. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh freisin, mar chuid de na pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla nó de na bearta coiriúla nó neamhchoiriúla is féidir a fhorchur ar dhaoine dlítheanacha agus ar dhaoine nádúrtha, daoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha mar sin a eisiamh ó nósanna imeachta tairisceana nó ó lamháltais, chun nósanna imeachta soláthair agus nósanna imeachta dámhachtana lamháltais atá faoi bhun thairseacha na dTreoracha ábhartha a chumhdach freisin.
(27)
Níor cheart do dhaoine dlítheanacha a bheith in ann freagracht a sheachaint trí idirghabhálaithe a úsáid, lena n-áirítear daoine dlítheanacha gaolmhara, chun breab a thairiscint, a ghealladh nó a thabhairt d’oifigeach poiblí thar a gceann. Thairis sin, ba cheart fíneálacha ar dhaoine dlítheanacha a ríomh agus a láimhdeachas domhanda á chur san áireamh nó bunaithe ar uasmhéideanna seasta. Tá réitigh neamhthrialach á gcur i bhfeidhm i gcomhthéacs cionta éillithe agus is minic a bhreathnaítear orthu mar bhealach pragmatach agus éifeachtúil chun cásanna a réiteach a mbeadh méid suntasach ama agus acmhainní ag teastáil ina leith chun imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh sula dtiocfaidís chun cúirte murach an réiteach neamhthrialach. Mar sin féin, d’fhéadfadh roinnt dúshlán a bheith ag baint le réitigh neamhthrialach freisin, agus moltar do na Ballstáit na dúshláin sin a chur san áireamh.
(28)
Cé nach bhfuil aon oibleagáid ann pianbhreitheanna a mhéadú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an breitheamh nó an chúirt in ann na himthosca géaraitheacha a leagtar amach sa Treoir seo a chur san áireamh, mar a chuirtear chun feidhme sa dlí náisiúnta, agus pianbhreith á cur ar chiontóirí. Tá sé i gcónaí de rogha ag an mbreitheamh nó ag an gcúirt a chinneadh ar cheart an phianbhreith a mhéadú mar gheall ar na himthosca géaraitheacha sonracha, agus na himthosca sonracha i ngach cás aonair á gcur san áireamh. Níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le himthosca géaraitheacha i gcás ina ndéantar foráil leis an dlí náisiúnta go bhfuil na cionta coiriúla a shainítear i gCinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle (12) inphionóis mar chionta coiriúla ar leithligh agus d’fhéadfadh pionóis níos déine a bheith mar thoradh air sin.
(29)
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an breitheamh nó an chúirt in ann na himthosca maolaitheacha a leagtar amach sa Treoir seo a chur san áireamh, mar a chuirtear chun feidhme sa dlí náisiúnta, agus pianbhreith á cur ar chiontóirí. Faoi réir rogha bhreithiúnach, leis na himthosca sin ba cheart na cásanna sin a chumhdach ina soláthraíonn ciontóirí faisnéis nó ina dtéann siad i gcomhar ar bhealach eile leis na húdaráis. Ar an gcaoi chéanna, i gcás ina bhfuil rialuithe inmheánacha, eitic agus cláir chomhlíontachta atá fíor, éifeachtach agus measúnaithe go cuí curtha chun feidhme ag daoine dlítheanacha, ba cheart é a bheith indéanta a mheas gur imthosca maolaitheacha iad na gníomhaíochtaí sin agus smachtbhannaí á gcur i bhfeidhm maidir leis na daoine dlítheanacha sin. Ba cheart cuimhneamh ar phionóis níos ísle freisin i gcás, tar éis cion a bheith braite, ina nochtfaidh duine dlítheanach faisnéis go mear agus ina ndéanfaidh sé bearta feabhais. In aon chás, tá sé i gcónaí de rogha ag an mbreitheamh nó ag an gcúirt méid iarbhír an phionóis a chinneadh de bharr na n-imthosca maolaitheacha sonracha, agus na himthosca sonracha i ngach cás aonair á gcur san áireamh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an fíoras gur chun dea-chuma a chur ar chúrsaí atá na cláir chomhlíontachta ann ag an duine dlítheanach, agus nach bhfuil iontu ach cur i gcéill.
(30)
Is féidir díolúine nó cosaint dlí a bheith ag comhaltaí parlaiminte agus oifigigh phoiblí eile ar imscrúdú nó ionchúiseamh, rud a chuidíonn lena neamhspleáchas a neartú trína gcosaint ar ghearáin gan bhunús, go háirithe maidir le tuairimí a chur in iúl nó vótaí a chaitheamh le linn dóibh a bheith ag feidhmiú a bhfeidhmeanna. Mar sin féin, is féidir leis na díolúintí sin cur isteach ar imscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach na gcionta coiriúla, lena n-áirítear trí dhifear a dhéanamh do bhrath agus imscrúdú nó ionchúiseamh daoine eile nach bhfuil díolúine acu agus a bhféadfadh páirt a bheith glactha sa chion acu. Dá bhrí sin, ba cheart cothromaíocht iomchuí a bheith ann idir, ar thaobh amháin, aon díolúine nó pribhléid dhlínsiúil a thugtar d’oifigigh phoiblí le haghaidh gníomhartha a dhéantar i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, agus, ar an taobh eile, an fhéidearthacht a bhaineann le cionta éillithe a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a bhreithniú go héifeachtach. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir pribhléidí maidir le himscrúdú agus ionchúiseamh, agus díolúine uathu, a dheonaítear d’oifigigh náisiúnta le haghaidh na gcionta dá dtagraítear sa Treoir seo, a bhaint. Mar sin féin, níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit a mbunreachtanna náisiúnta nó a bprionsabail bhunreachtúla a athrú agus an Treoir seo á trasuí acu. Agus an Treoir seo á trasuí sa dlí náisiúnta, agus an dlí náisiúnta lena ndéantar an Treoir seo a thrasuí á chur i bhfeidhm freisin, cuirtear na pribhléidí agus an díolúine sin, lena n-áirítear urraim do shaoirse shainordú an chomhalta, san áireamh go hiomlán. Níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh d’fheidhmiú dlisteanach foirmeacha aitheanta d’ionadaíocht leasa ar féidir leo féachaint le tionchar dlisteanach a imirt ar chinnteoireacht phoiblí ach nach mbaineann malartú míchuí buntáistí leo. Tá ionadaíocht leasa tábhachtach chun beartas a chruthú a dtacaíonn an tsochaí shibhialta leis agus ar féidir leis rannchuidiú go dlisteanach leis an earnáil phoiblí.
(31)
Gan dochar do bhunú a gcóras breithiúnach náisiúnta, ba cheart cumhachtaí lánroghnacha faoin dlí náisiúnta gan daoine a ionchúiseamh i leith cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo a fheidhmiú i gcomhréir le rialacha agus critéir shoiléire. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na rialacha sin an gá atá ann, go ginearálta, le pionóis choiriúla éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha ar chionta éillithe a chur san áireamh agus éifeachtacht an phróisis bhreithiúnaigh a áirithiú.
(32)
Ní dochar an Treoir seo do rialacha ginearálta agus do phrionsabail ghinearálta an dlí náisiúnta choiriúil maidir le pianbhreitheanna a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú i gcomhréir leis na himthosca nithiúla i ngach cás aonair.
(33)
I bhfianaise, go háirithe, soghluaisteacht déantóirí coire áirithe agus na bhfáltas a eascraíonn as gníomhaíochtaí coiriúla, mar aon leis na himscrúduithe trasteorann casta a cheanglaítear chun an t-éilliú a chomhrac, ba cheart do na Ballstáit uile a ndlínse a bhunú chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann an choir sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach, lena n-áirítear i gcás ina ndéanfar an cion go hiomlán nó go páirteach ina gcríoch. Mar chuid den oibleagáid sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbunófar dlínse freisin i staideanna ina ndéantar cion trí bhíthin córas faisnéise a úsáidtear ar a gcríoch, cé acu atá nó nach bhfuil an teicneolaíocht sin bunaithe ina gcríoch.
(34)
Chun a áirithiú go mbeidh am leordhóthanach ag na húdaráis inniúla chun imscrúduithe agus ionchúisimh chasta a dhéanamh, leis an Treoir seo déantar foráil maidir le híostréimhse theorann lena gcumasaítear cionta éillithe a bhrath, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a bhreithniú ar feadh tréimhse leordhóthanach tar éis dhéanamh na gcionta sin, gan difear a dhéanamh do na Ballstáit sin nach leagann tréimhsí teorann síos le haghaidh imscrúdú, ionchúisimh ná forfheidhmiú.
(35)
Féadann sé a bheith deacair cionta éillithe a shainaithint agus a imscrúdú, ós rud é go ndéantar faoi cheilt iad den chuid is mó. Dá réir sin, tá sciar suntasach de choireacht éillithe ann nach mbraitear fós agus tá na páirtithe coiriúla in ann tairbhiú d’fháltais a n-éillithe. Dá fhad a thógann sé chun cion éillithe a bhrath, is ea is deacra atá sé fianaise a nochtadh. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh uirlisí imscrúdaitheacha iomchuí ag na húdaráis forfheidhmithe dlí agus ag na húdaráis inniúla chun fianaise ábhartha ar chionta éillithe a bhailiú, ar cionta iad a mbíonn tionchar acu ar níos mó ná Ballstát amháin go minic. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit oiliúint leordhóthanach a leithdháileadh, i ndlúthchomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), lena n-áirítear oiliúint ar úsáid uirlisí imscrúdaitheacha chun gur féidir imeachtaí a dhéanamh agus fáltais éillithe a shainaithint agus a chainníochtú i gcomhthéacs aisghabháil agus coigistiú sócmhainní. Ina theannta sin, leis an Treoir seo éascaítear bailiú na faisnéise agus na fianaise trí imthosca maolaitheacha a leagan amach le haghaidh ciontóirí a chuidíonn leis na húdaráis. Ba cheart an oiliúint i bhforfheidhmiú an dlí agus na húdaráis bhreithiúnacha a bheith bainteach le himscrúdú coiriúil agus imeachtaí coiriúla maidir le cionta a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.
(36)
I gcás daoine a thuairiscíonn faisnéis d’údaráis inniúla maidir le cásanna éillithe a bhí ann, atá ar siúl nó atá beartaithe, tar éis dóibh an fhaisnéis sin a fháil i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair, tá baol ann go ndéanfar frithbheart ina n-aghaidh sa chomhthéacs sin. Is féidir le tuarascálacha sceithirí eolais mar sin forfheidhmiú a neartú trí chur ar chumas na n-údarás inniúil éilliú a chosc, a bhrath agus a ionchúiseamh go héifeachtach. I bhfianaise go bhfuil sé chun leas an phobail institiúidí poiblí agus príobháideacha a chosaint ar na gníomhartha sin, agus trédhearcacht, dea-rialachas agus cuntasacht a fheabhsú, is gá a áirithiú go mbeidh socruithe éifeachtacha i bhfeidhm chun a chur ar a gcumas do sceithirí eolais cainéil rúnda a úsáid, chun foláireamh a thabhairt do na húdaráis inniúla agus iad a chosaint ar fhrithbheartaíocht. Maidir le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), tá feidhm aici maidir le tuairiscí ar sháruithe lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus mar a shonraítear tuilleadh i mbearta ábhartha de chuid an Aontais, agus dá réir sin, tá feidhm aici maidir le tuairisciú na gcionta coiriúla uile a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). A mhéid a bhaineann leis na cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo, ba cheart Treoir (AE) 2019/1937 a bheith infheidhme maidir le tuairisciú na gcionta sin agus cosaint na ndaoine a thuairiscíonn na cionta sin faoi na coinníollacha a bhunaítear inti. Taobh amuigh de na hoibleagáidí a eascraíonn as Treoir (AE) 2019/1937, ba cheart do na húdaráis náisiúnta inniúla a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine a sholáthraíonn fianaise nó a théann i gcomhar ar bhealach eile le himscrúduithe coiriúla ar an gcosaint is gá, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
(37)
Ós rud é go mbíonn tionchar diúltach ag cionta éillithe ar an bpobal i gcoitinne agus nach féidir leis an bpobal ionadaíocht a dhéanamh dó féin mar íospartach in imeachtaí coiriúla go ginearálta, ar mhaithe le forfheidhmiú éifeachtach, ba cheart an deis a bheith ag daoine den phobal lena mbaineann gníomhú thar ceann an leasa ghinearálta i gcásanna éillithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus faoi réir na rialacha nós imeachta ábhartha. Leis an Treoir seo, ní chuirtear de cheangal ar na Ballstáit cearta nua nós imeachta a thabhairt isteach do dhaoine den phobal lena mbaineann. Mar sin féin, nuair is ann do na cearta nós imeachta sin do dhaoine den phobal lena mbaineann i mBallstát i gcásanna coibhéiseacha a bhaineann le cionta coiriúla seachas iad siúd dá bhforáiltear de bhun na Treorach seo, mar shampla an ceart a bheith rannpháirteach sna himeachtaí mar pháirtí sibhialta, ba cheart na cearta nós imeachta sin a dheonú freisin do dhaoine den phobal lena mbaineann sna himeachtaí a bhaineann leis na cionta éillithe a shainítear sa Treoir seo. Tá cearta daoine den phobal lena mbaineann gan dochar do chearta íospartach mar a leagtar amach i dTreoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Ba cheart ‘daoine den phobal lena mbaineann’ agus ‘íospartaigh’ fanacht ina dhá gcoincheap ar leith agus níor cheart a cheangal ar na Ballstáit cearta íospartach a chur i bhfeidhm maidir le daoine den phobal lena mbaineann. Leis an Treoir seo, ní cheanglaítear ar na Ballstáit na cearta nós imeachta in imeachtaí coiriúla a dheonaíonn siad do chatagóirí daoine seachas daoine den phobal lena mbaineann a dheonú don phobal lena mbaineann.
(38)
Leis an Treoir seo, ceanglaítear ar na Ballstáit straitéis náisiúnta a ghlacadh agus a fhoilsiú maidir leis an éilliú a chosc agus a chomhrac. Moltar do na Ballstáit an straitéis náisiúnta a fhorbairt i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta, le comhlachtaí nó aonaid eagraíochtúla atá in aghaidh an éillithe, le saineolaithe neamhspleácha, le taighdeoirí agus le páirtithe leasmhara eile. Ba cheart riachtanais, sainiúlachtaí agus dúshláin na mBallstát a chur san áireamh sa straitéis náisiúnta.
(39)
Tá eagraíochtaí neamhspleácha na sochaí sibhialta ríthábhachtach le haghaidh fheidhmiú cuí an daonlathais, agus tá príomhról acu maidir le seasamh leis na comhluachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe. Gníomhaíonn siad mar fhorais faire fhíor-riachtanacha, a tharraingíonn aird ar bhagairtí ar an smacht reachta, a rannchuidíonn lena fhágáil go mbíonn na cumhachtaí sin cuntasach, agus a áirithíonn urraim do chearta bunúsacha. Ba cheart do na Ballstáit rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i ngníomhaíochtaí in aghaidh an éillithe a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí.
(40)
Tá iolrachas sna meáin agus saoirse na meán ina bpríomhchumasóirí le haghaidh an smachta reachta, na cuntasachta daonlathaí, an chomhionannais agus chomhrac an éillithe. Maidir leis na meáin neamhspleácha agus iolraíocha, go háirithe an iriseoireacht iniúchach, tá ról tábhachtach acu maidir le grinnscrúdú a dhéanamh ar ghnóthaí poiblí, sáruithe éillithe agus ionracais féideartha a bhrath, feasacht a mhúscailt agus ionracas a chur chun cinn. Tá oibleagáid ar na Ballstáit timpeallacht chumasúcháin a ráthú le haghaidh iriseoirí, a sábháilteacht a chosaint agus saoirse na meán agus iolrachas sna meáin a chur chun cinn go réamhghníomhach. Leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe eile sna meáin san Aontas Eorpach an 16 Meán Fómhair 2021, agus an Moladh ón gCoimisiún maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (‘Cúiseanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail’), an 27 Aibreán 2022 chomh maith le Treoir (AE) 2024/1069 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), áirítear coimircí agus caighdeáin thábhachtacha chun a áirithiú gur féidir le hiriseoirí, cosantóirí chearta an duine agus daoine eile a ról a fheidhmiú gan bhac.
(41)
Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na cionta coiriúla a shainítear sa Treoir seo, is gá d’údaráis inniúla sna Ballstáit sonraí staidrimh cruinne, comhsheasmhacha agus inchomparáide a bhailiú maidir leis na cionta sin. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil córas leordhóthanach i bhfeidhm chun sonraí staidrimh atá ann cheana maidir leis na cionta a shainítear sa Treoir seo a thaifeadadh, a tháirgeadh agus a tharchur. Tá sé tábhachtach go n-úsáidfidh na Ballstáit na sonraí staidrimh sin chun anailís a dhéanamh ar scála agus ar threochtaí na gcionta a bhaineann leis an éilliú, agus chun faisnéis a chur ar fáil do shaoránaigh. Ba cheart do na Ballstáit sonraí staidrimh ábhartha a fhoilsiú maidir le himeachtaí a bhaineann le cionta éillithe, arna mbaint as sonraí atá ann cheana ar leibhéal láraithe nó díláraithe laistigh den Bhallstát ina iomláine. Is féidir leis an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar na sonraí sin agus úsáid a bhaint astu i gcomhthéacs fhaireachán, chur chun feidhme agus mheastóireacht na Treorach seo, chomh maith le cur i bhfeidhm aon cheann de na hionstraimí sa Bhosca Uirlisí maidir leis an Smacht Reachta, mar shampla an Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta.
(42)
Chun an t-éilliú a chomhrac go héifeachtach, tá ríthábhacht leis an malartú faisnéise éifeachtúil idir na húdaráis inniúla atá freagrach as cionta éillithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla forfheidhmithe dlí trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Líonra Europol um Malartú Slán Faisnéise (SIENA) ar bhealach éifeachtach agus tráthúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais. Ba cheart don Treoir seo, arb é is aidhm di sainmhínithe coiteanna ar chionta éillithe a leagan síos, fónamh mar thagarmharc le haghaidh malartú faisnéise agus comhair idir na húdaráis náisiúnta inniúla faoi Rialacháin (AE) Uimh. 603/2013 (17), (AE) 2018/1240 (18) agus (AE) 2018/1862 (19) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha (AE) 2016/681 (20), (AE) 2019/1153 (21) agus (AE) 2023/977 (22) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Cinneadh 2008/633/CGB (23) ón gComhairle.
(43)
Is ábhar imní trasearnálach é an t-éilliú, agus tá leochaileachtaí, chomh maith leis an mbealach is iomchuí chun dul i ngleic leo éagsúil ó earnáil go hearnáil. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit, laistigh d’eatraimh iomchuí, measúnú a dhéanamh chun na hearnálacha nó na slite beatha is mó atá i mbaol an éillithe a shainaithint agus bearta a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na príomhrioscaí sna hearnálacha nó sna slite beatha a shainaithnítear, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí múscailte feasachta a eagrú go tráthrialta, de réir mar is iomchuí, a bheidh oiriúnaithe do shainiúlachtaí na n-earnálacha nó na slite beatha a shainaithnítear. D’fhéadfadh na Ballstáit a bhfuil straitéisí náisiúnta leathana i bhfeidhm acu in aghaidh an éillithe a roghnú freisin aghaidh a thabhairt ar a measúnuithe riosca sna straitéisí sin, fad a dhéantar measúnú ar na rioscaí agus a dhéantar athbhreithniú tráthrialta ar na bearta. Mar shampla, mar a luaitear sa tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 23 Eanáir 2019, dar teideal ‘Investor Citizenship and Residence schemes in the European Union’ [Scéimeanna Saoránachta agus Cónaithe d’Infheisteoirí san Aontas Eorpach], tá scéimeanna cónaithe d’infheisteoirí i measc na n-earnálacha lena mbaineann ardrioscaí éillithe agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a áireamh sna measúnuithe ar na hearnálacha is mó atá i mbaol an éillithe agus sna seisiúin oiliúna atá le déanamh ag na Ballstáit dá bhforáiltear leis an Treoir seo.
(44)
Chun foráil a dhéanamh maidir le leibhéal coibhéiseach cosanta idir leasanna airgeadais an Aontais agus na leasanna airgeadais náisiúnta, ba cheart forálacha Threoir (AE) 2017/1371 a ailíniú le forálacha na Treorach seo. Chuige sin, na rialacha is infheidhme maidir le cionta coiriúla lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a mhéid a bhaineann le pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla, imthosca géaraitheacha agus maolaitheacha agus tréimhsí teorann, ba cheart iad a bheith coibhéiseach leo sin a leagtar síos leis an Treoir seo.
(45)
Le cur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart leibhéal cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú atá coibhéiseach le cosaint na leasanna airgeadais náisiúnta.
(46)
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, is é sin rialacha íosta comhchoiteanna a bhunú maidir le sainmhínithe ar chionta coiriúla i réimse an éillithe i ngach Ballstát agus infhaighteacht pionós coiriúil atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach i leith na gcionta sin, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr scála agus éifeachtaí na Treorach, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(47)
Maidir leis an éifeacht athchomhairleach a bheartaítear le pionóis an dlí choiriúil a chur i bhfeidhm, tá gá le réamhchúram ar leith maidir le cearta bunúsacha. Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Treoir seo agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus go háirithe an ceart chun saoirse agus slándála, sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse chun slí bheatha a roghnú agus an ceart chun obair a dhéanamh, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosaint a fháil, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, mar aon le prionsabal ne bis in idem.
(48)
I gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), thug an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tuairim uaidh an 21 Meitheamh 2023.
(49)
I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn, i litir dar dháta an 10 Iúil 2023, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo.
(50)
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm. Leanfaidh Cinneadh Réime 2003/568/CGB de bheith ina cheangal ar an Danmhairg agus d’fheidhm a bheith aige maidir léi,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leis an Treoir seo bunaítear rialacha íosta maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla agus neamhchoiriúla i réimse an éillithe, mar aon le bearta chun an t-éilliú a chosc agus a chomhrac ar bhealach níos fearr.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘maoin’ cistí nó sócmhainní de chineál ar bith, lena n-áirítear cripteashócmhainní, bídís corprach nó neamhchorprach, sochorraithe nó dochorraithe, inláimhsithe nó doláimhsithe, agus doiciméid dlí nó ionstraimí dlí i bhfoirm ar bith, lena n-áirítear foirm leictreonach nó foirm dhigiteach, lena bhfianaítear teideal ar na cistí nó na sócmhainní sin, nó leas iontu;
(2)
ciallaíonn ‘oifigeach poiblí’:
(a)
oifigeach de chuid an Aontais nó oifigeach náisiúnta de chuid Ballstáit nó tríú tír;
(b)
aon duine eile dá sanntar agus a fheidhmíonn feidhm seirbhíse poiblí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear na feidhmeanna arna sainordú ag nó faoi údarás údaráis phoiblí sna Ballstáit nó i dtríú tíortha;
(c)
duine dá sanntar agus a fheidhmíonn feidhm seirbhíse poiblí le haghaidh eagraíocht idirnáisiúnta nó le haghaidh cúirt idirnáisiúnta;
(3)
ciallaíonn ‘oifigeach de chuid an Aontais’ duine:
(a)
arb oifigeach nó seirbhíseach eile é nó í atá fostaithe ag an Aontas faoi chonradh de réir bhrí Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (25) (‘na Rialacháin Foirne’); nó
(b)
a dtugann Ballstát nó aon chomhlacht poiblí nó príobháideach ar iasacht é nó í don Aontas, agus a chuireann feidhmeanna i gcrích atá coibhéiseach leo siúd a dhéanann oifigigh nó seirbhísigh eile de chuid an Aontais.
Déanfar comhaltaí institiúide, comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais agus foireann na gcomhlachtaí sin a chomhshamhlú le hoifigigh de chuid an Aontais, a mhéid nach bhfuil feidhm ag na Rialacháin Foirne maidir leo;
(4)
ciallaíonn ‘oifigeach náisiúnta’ aon duine atá i seilbh oifig feidhmiúcháin, riaracháin nó bhreithiúnach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, pé acu atá ceaptha nó tofa, nó atá fostaithe ar bhonn conartha, nó buan nó sealadach, atá íoctha nó neamhíoctha, gan beann ar shinsearacht an duine sin.
Aon duine atá i seilbh oifig reachtach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, déanfar é nó í a chomhshamhlú ina oifigeach náisiúnta nó ina hoifigeach náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
(5)
ciallaíonn ‘eadránaí’ aon duine a n-iarrtar air nó uirthi cinneadh atá ceangailteach ó thaobh dlí a dhéanamh i ndíospóidí a chuireann na páirtithe sa chomhaontú eadrána isteach i gcás ina leagtar stádas an eadránaí amach sa dlí náisiúnta;
(6)
ciallaíonn ‘giúróir’ aon duine atá ag gníomhú mar chomhalta de chomhlacht atá freagrach as cinneadh a dhéanamh maidir le ciontacht duine atá cúisithe faoi chuimsiú trialach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
(7)
ciallaíonn ‘sárú dualgais’ ar a laghad aon iompar ar sárú ar dhualgas reachtúil é nó ar sárú ar rialacháin ghairmiúla nó ar threoracha gairmiúla é, ag a bhfuil feidhm laistigh de ghnólacht duine a stiúrann eintiteas san earnáil phríobháideach nó a oibríonn dó in aon cháil;
(8)
ciallaíonn ‘duine dlítheanach’ aon eintiteas a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige faoin dlí náisiúnta is infheidhme, ach amháin Stáit nó comhlachtaí poiblí i bhfeidhmiú údarás an Stáit agus eagraíochtaí poiblí idirnáisiúnta;
(9)
ciallaíonn ‘oifigeach ardleibhéil’ oifigeach poiblí a gcuirtear príomhfheidhmeanna feidhmiúcháin, riaracháin, reachtacha nó breithiúnacha de chúram air nó uirthi i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; d’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh leis sin: cinn rialtais láir agus réigiúnaigh, comhaltaí de rialtas láir agus réigiúnach, leas-airí, rúnaithe stáit, príomhchomhairleoirí polaitiúla, cinn agus comhaltaí d’oifig phríobháideach nó de chomh-aireacht aire nuair a bhunaítear iad, comhaltaí seomraí parlaiminte, comhaltaí de chúirteanna bunreachtúla agus uachtaracha, príomh-ionchúisitheoir, agus comhaltaí d’uasfhorais iniúchóireachta chomh maith le comhaltaí Choláiste na gCoimisinéirí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus Pharlaimint na hEorpa.
Tuigfear forálacha na Treorach seo maidir le hoifigigh ardleibhéil gan dochar do dhíolúintí agus pribhléidí arna mbunú faoi bhunreachtanna náisiúnta nó dlíthe náisiúnta.
CAIBIDIL II
CIONTA ÉILLITHE
Airteagal 3
Breabaireacht san earnáil phoiblí
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina ndéantar d’aon ghnó é, go measfar gur cion coiriúil é an t-iompar seo a leanas:
(a)
buntáiste míchuí d’aon chineál a ghealladh, a thairiscint nó a thabhairt, go díreach nó trí idirghabhálaí, d’oifigeach poiblí le haghaidh an oifigigh sin nó le haghaidh tríú páirtí, chun go ngníomhóidh an t-oifigeach sin nó go staonfaidh sé ó ghníomhú i bhfeidhmiú fheidhmeanna an oifigigh sin (breabaireacht ghníomhach san earnáil phoiblí);
(b)
buntáiste míchuí d’aon chineál a bheith iarrtha nó faighte ag oifigeach poiblí, go díreach nó trí idirghabhálaí, nó glacadh le tairiscint nó gealladh an bhuntáiste sin le haghaidh an oifigigh sin nó tríú páirtí, chun go ngníomhóidh an t-oifigeach poiblí nó go staonfaidh sé ó ghníomhú i bhfeidhmiú fheidhmeanna an oifigigh sin (breabaireacht éighníomhach san earnáil phoiblí).
Chun críocha an Airteagail seo, measfar gur oifigigh phoiblí iad eadránaithe agus giúróirí.
Airteagal 4
Breabaireacht san earnáil phríobháideach
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina ndéantar d’aon ghnó é agus le linn gníomhaíochtaí eacnamaíocha, airgeadais nó gnó nó tráchtála, go measfar gur cion coiriúil é an t-iompar seo a leanas:
(a)
buntáiste míchuí d’aon chineál a ghealladh, a thairiscint nó a thabhairt, go díreach nó trí idirghabhálaí, do dhuine a stiúrann nó a oibríonn in aon cháil in eintiteas de chuid na hearnála príobháidí, le haghaidh an duine sin nó le haghaidh tríú páirtí, chun go ngníomhóidh an duine sin nó go staonfaidh sé ó ghníomhú, de shárú ar dhualgais an duine sin (breabaireacht ghníomhach san earnáil phríobháideach);
(b)
buntáiste míchuí d’aon chineál a bheith iarrtha nó faighte ag duine a stiúrann nó a oibríonn in aon cháil in eintiteas de chuid na hearnála príobháidí, go díreach nó trí idirghabhálaí, nó glacadh le tairiscint nó gealladh an bhuntáiste sin don duine sin nó do thríú páirtí, chun go ngníomhóidh an duine sin nó go staonfaidh sé nó sí ó ghníomhú, de shárú ar dhualgais an duine sin (breabaireacht éighníomhach san earnáil phríobháideach).
Airteagal 5
Míleithreasú
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina ndéantar d’aon ghnó é, gur cion coiriúil é maoin a bheith á déanamh, á heisíoc, á leithreasú nó á húsáid ag oifigeach poiblí a bhfuil a bainistíocht curtha ar iontaoibh an oifigigh phoiblí sin go díreach nó go hindíreach agus sin contrártha don chríoch a bhí beartaithe di, chun sochair don oifigeach poiblí sin nó chun sochair do dhuine nó eintiteas eile, nuair a dhéanann sé díobháil do leasanna airgeadais an eintitis phoiblí nó phríobháidigh lena mbaineann.
2. Féadfaidh na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh lena áirithiú, i gcás ina ndéantar d’aon ghnó é, gur cion coiriúil é aon mhaoin a dhéanamh, a eisíoc, a leithreasú nó a úsáid, le linn gníomhaíochtaí eacnamaíocha, gníomhaíochtaí airgeadais, nó gníomhaíochtaí gnó nó tráchtála, ag duine a stiúrann eintiteas de chuid na hearnála príobháidí nó a oibríonn in aon cháil in eintiteas de chuid na hearnála príobháidí, a bhfuil a bainistíocht curtha ar iontaoibh an duine sin go díreach nó go hindíreach agus sin contrártha don chríoch a bhí beartaithe di chun sochair don duine sin nó chun sochair do dhuine nó eintiteas eile, nuair a dhéanann sé díobháil do leasanna airgeadais an eintitis phoiblí nó phríobháidigh lena mbaineann.
Airteagal 6
Mangaireacht tionchair
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina ndéantar d’aon ghnó é, go measfar gur cion coiriúil é an t-iompar seo a leanas:
(a)
buntáiste míchuí d’aon chineál a ghealladh, a thairiscint nó a thabhairt, go díreach nó trí idirghabhálaí, d’aon duine chun tionchar míchuí a imirt ar ghníomhaíocht nó neamhghníomh arna déanamh nó arna dhéanamh ag oifigeach poiblí i bhfeidhmiú fheidhmeanna an oifigigh sin d’fhonn buntáiste míchuí a fháil ó oifigeach poiblí;
(b)
buntáiste míchuí d’aon chineál a bheith iarrtha nó faighte, go díreach nó trí idirghabhálaí, nó glacadh le tairiscint nó gealladh an bhuntáiste sin arna dhéanamh ag aon duine chun tionchar míchuí a imirt ar ghníomhaíocht nó neamhghníomh arna déanamh nó arna dhéanamh ag oifigeach poiblí i bhfeidhmiú fheidhmeanna an oifigigh sin d’fhonn buntáiste míchuí a fháil ó oifigeach poiblí.
Chun críocha an Airteagail seo, measfar gur oifigigh phoiblí iad eadránaithe agus giúróirí.
2. Chun go measfar gur cion coiriúil é an t-iompar dá dtagraítear i mír 1, beidh sé neamhábhartha cé acu a imrítear nó nach n-imrítear an tionchar nó cé acu a leanann nó nach leanann na torthaí beartaithe as an tionchar a maíodh.
Airteagal 7
Feidhmiú neamhdhleathach feidhmeanna poiblí
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina ndéantar d’aon ghnó iad, gur cionta coiriúla iad ar a laghad sáruithe tromchúiseacha áirithe ar an dlí i bhfeidhmiú oifigigh phoiblí nó mainneachtain oifigigh phoiblí gníomh a dhéanamh i bhfeidhmiú fheidhmeanna an oifigigh sin. Féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm an Airteagail seo a theorannú do chatagóirí áirithe oifigeach poiblí.
Airteagal 8
Bac an cheartais
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina ndéantar d’aon ghnó é, go measfar gur cion coiriúil nó gur cionta coiriúla é an t-iompar seo a leanas:
(a)
fórsa fisiciúil, bagairtí nó imeaglú a úsáid, go díreach nó trí idirghabhálaí, nó buntáiste míchuí a ghealladh, a thairiscint nó a thabhairt chun fianaise bhréige a spreagadh nó chun cur isteach ar fhianaise a thabhairt nó fianaise a thabhairt ar aird in imeacht i ndáil le haon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6, 9 agus 11 a dhéanamh;
(b)
fórsa fisiciúil, bagairtí nó imeaglú a úsáid, go díreach nó trí idirghabhálaí, chun cur isteach ar fheidhmiú dualgas oifigiúil ag duine atá i seilbh oifig bhreithiúnach nó ag comhalta de na húdaráis forfheidhmithe dlí, i ndáil le haon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6, 9 agus 11 a dhéanamh.
Airteagal 9
Saibhriú ó chionta éillithe
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go measfar gur cion coiriúil é éadáil, sealbhú nó úsáid maoine d’aon ghnó ag oifigeach poiblí arb eol dó nó di go bhfuil an mhaoin sin díorthaithe ó dhéanamh, tráth a fála, ag oifigeach poiblí eile, aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6, 8 agus 11.
Airteagal 10
Ceilt
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go measfar gur cion coiriúil é fíorchineál na maoine, a foinse, a suíomh, a bail, a gluaiseacht nó a húinéireacht nó aon cheart ina leith a cheilt nó a chur i mbréagriocht d’aon ghnó, i gcás inarb eol gur gnóthaíodh an mhaoin sin ó aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6, 8 agus 11 a dhéanamh.
Airteagal 11
Gríosú, cabhrú agus neartú, agus iarracht a dhéanamh
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go measfar gur cion coiriúil é cion coiriúil dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 agus 8 go 10 a ghríosú.
2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go measfar gur cion coiriúil é cabhrú agus neartú le haon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 agus 8 go 10.
3. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis mar chion coiriúil iarracht a dhéanamh ar chion coiriúil dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 a dhéanamh, agus breithneoidh siad na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú gurb inphionóis mar chion coiriúil iarracht a dhéanamh ar cheann amháin ar a laghad de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 a dhéanamh.
Airteagal 12
Pionóis agus bearta le haghaidh daoine nádúrtha
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar pionóis choiriúla éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur i leith na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 11.
2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú:
(a)
go mbeidh an cion coiriúil dá dtagraítear in Airteagal 3, i gcás ina sáraíonn an ghníomhaíocht atá le déanamh ag an oifigeach nó an staonadh ó ghníomhú atá le déanamh aige nó aici dualgais an oifigigh sin, inphionóis le téarma uasta príosúnachta 5 bliana ar a laghad;
(b)
go mbeidh na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus in Airteagail 9 agus 10 inphionóis le téarma uasta príosúnachta 4 bliana ar a laghad;
(c)
go mbeidh na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, i gcás nach sáraíonn an ghníomhaíocht atá le déanamh ag an oifigeach nó an staonadh ó ghníomhú atá le déanamh aige nó aici dualgais an oifigigh sin, agus in Airteagail 4 agus 6, inphionóis le téarma uasta príosúnachta 3 bliana ar a laghad.
3. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach cion coiriúil é an t-iompar dá dtuairiscítear in Airteagal 5 i gcás inar lú ná EUR 10 000 an buntáiste nó an damáiste lena mbaineann. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar an tairseach dar luach EUR 10 000 nó níos mó a bhaint amach trí iompar atá nasctha agus atá den chineál céanna, mar gheall ar iompar dá dtagraítear in Airteagal 5, a chur le chéile, i gcás inarb é an ciontóir céanna a rinne an t-iompar sin.
4. Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfaidh daoine nádúrtha a bhfuil na cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 agus 8 go 11 déanta acu a bheith faoi réir pionóis nó bearta breise coiriúla nó neamhchoiriúla atá comhréireach le tromchúis an iompair. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh sna pionóis agus sna bearta sin:
(a)
fíneálacha;
(b)
cur as oifig phoiblí, cur ar fionraí, agus athshannadh uaithi;
(c)
dícháiliú ón méid seo a leanas:
(i)
a bheith i seilbh oifig phoiblí,
(ii)
feidhm seirbhíse poiblí a fheidhmiú,
(iii)
a bheith i seilbh oifige i nduine dlítheanach atá faoi úinéireacht iomlán nó pháirteach an Bhallstáit sin,
(iv)
gníomhaíochtaí gnó a chleachtadh as ar eascair an cion ábhartha nó lenar cumasaíodh an cion ábhartha;
(d)
cosc sealadach ar sheasamh i dtoghchán d’oifig phoiblí;
(e)
aistarraingt ceadanna agus údaruithe chun gníomhaíochtaí a shaothrú as ar eascair an cion ábhartha nó lenar cumasaíodh an cion ábhartha;
(f)
eisiamh ó rochtain ar chistiú poiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais, lamháltais agus ceadúnais;
(g)
i gcás ina bhfuil leas an phobail i gceist, foilsiú an chinnidh bhreithiúnaigh ina iomláine, nó cuid de, ar cinneadh é a bhaineann leis an gcion coiriúil a rinneadh agus na pionóis nó na bearta a forchuireadh, gan dochar do rialacha maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta.
Airteagal 13
Dliteanas daoine dlítheanacha
1. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i leith cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 agus 8 go 11 i gcás ina ndearna aon duine a bhfuil post ceannaireachta aige nó aici laistigh den duine dlítheanach lena mbaineann, ag gníomhú dó nó di ina aonar nó ina haonar nó mar chuid d’orgán de chuid an duine dhlítheanaigh sin, na cionta sin chun tairbhe don duine dlítheanach sin, bunaithe ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
(a)
cumhacht ionadaíocht a dhéanamh don duine dlítheanach;
(b)
údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh; nó
(c)
údarás chun smacht a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.
2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur féidir daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i gcás ina bhfuil duine atá faoina údarás in ann aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 agus 8 go 11 a dhéanamh chun tairbhe an duine dhlítheanaigh sin mar thoradh ar easpa maoirseachta nó rialaithe de chuid duine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
3. Ní chuirfidh dliteanas daoine dlítheanacha faoi mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo cosc ar imeachtaí coiriúla in aghaidh daoine nádúrtha a dhéanann na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 go 6 agus 8 go 11, a ghríosaíonn iad nó atá ina gcúlpháirtithe sna cionta sin.
Airteagal 14
Pionóis agus bearta le haghaidh daoine nádúrtha
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar pionóis nó bearta coiriúla nó neamhchoiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a ghearradh ar dhuine dlítheanach atá faoi dhliteanas de bhun Airteagal 13(1) nó (2).
2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go n-áireofar ar na pionóis nó na bearta le haghaidh daoine dlítheanacha atá faoi dhliteanas de bhun Airteagal 13(1) nó (2) i leith na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 agus 8 go 11 fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla, agus beidh méid na bhfíneálacha sin comhréireach le tromchúis an iompair agus le himthosca aonair agus airgeadais agus imthosca eile an duine dhlítheanaigh lena mbaineann, agus féadfar pionóis nó bearta coiriúla nó neamhchoiriúla eile a áireamh iontu atá comhréireach le tromchúis an iompair, lena n-áirítear iad seo a leanas:
(a)
eisiamh ó theidlíocht i leith sochair phoiblí nó cúnamh poiblí;
(b)
eisiamh ó rochtain ar chistiú poiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais, lamháltais agus ceadúnais;
(c)
dícháiliú sealadach nó buan ó fheidhmiú gníomhaíochtaí gnó;
(d)
aistarraingt ceadanna agus údaruithe chun gníomhaíochtaí a shaothrú as ar eascair an cion ábhartha nó lenar cumasaíodh an cion ábhartha;
(e)
an fhéidearthacht le haghaidh údaráis phoiblí chun conradh a neamhniú nó a chealú, ar sa chomhthéacs sin a rinneadh an cion;
(f)
cur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach;
(g)
foirceannadh breithiúnach;
(h)
bunaíochtaí a dhúnadh a úsáidtear chun an cion a dhéanamh; agus
(i)
i gcás ina bhfuil leas an phobail ann, foilsiú an chinnidh bhreithiúnaigh ina iomláine, nó cuid de, ar cinneadh é a bhaineann leis an gcion coiriúil a rinneadh agus na pionóis nó na bearta a forchuireadh, gan dochar do rialacha maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta.
3. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh ar a laghad duine dlítheanach atá faoi dhliteanas de bhun Airteagal 13(1) i leith na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 agus 9, inphionóis le fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla, a mbeidh a méid comhréireach le tromchúis an iompair agus le himthosca aonair agus airgeadais agus imthosca eile an duine dhlítheanaigh lena mbaineann. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach lú uasleibhéal na bhfíneálacha sin ná an méid seo a leanas:
(a)
le haghaidh na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 5:
(i)
5 % de láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh, sa bhliain ghnó roimh an mbliain ghnó ina ndearnadh an cion, nó sa bhliain ghnó roimh bhliain ghnó an chinnidh an fhíneáil a ghearradh; nó de rogha air sin
(ii)
méid a chomhfhreagraíonn do EUR 40 000 000;
(b)
le haghaidh na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 6, 8 agus 9:
(i)
3 % de láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh, sa bhliain ghnó roimh an mbliain ghnó ina ndearnadh an cion, nó sa bhliain ghnó roimh bhliain nua an chinnidh an fhíneáil a ghearradh; nó de rogha air sin
(ii)
méid a chomhfhreagraíonn do EUR 24 000 000.
Féadfaidh na Ballstáit rialacha a bhunú le haghaidh cásanna nach féidir méid na fíneála a chinneadh ar bhonn láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh sa bhliain ghnó roimh an mbliain ghnó ina ndearnadh an cion, nó sa bhliain ghnó roimh bhliain ghnó an chinnidh an fhíneáil a ghearradh.
Airteagal 15
Imthosca géaraitheacha
1. A mhéid nach cuid é cheana de na heilimintí a chomhdhéanann na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 agus 9, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i ndáil leis na cionta coiriúla ábhartha dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 agus 9 go 11, go measfar gur imthoisc ghéaraitheach í an imthoisc ina ndearnadh na cionta faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/841/CGB.
2. A mhéid nach bhfuil na himthosca seo a leanas mar chuid de na heilimintí a chomhdhéanann na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 agus 9 cheana, féadfaidh na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú, i ndáil leis na cionta ábhartha dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 agus 9 go 11gur féidir ceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a mheas mar imthoisc ghéaraitheach:
(a)
is oifigeach ardleibhéil an ciontóir;
(b)
ciontaíodh an ciontóir cheana le breithiúnas críochnaitheach i gcionta den chineál céanna leo siúd dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 agus 9 go 11;
(c)
fuair an ciontóir sochar substaintiúil nó rinne an cion damáiste substaintiúil, a mhéid is féidir an sochar nó an damáiste sin a chinneadh;
(d)
feidhmíonn an ciontóir feidhmeanna imscrúdaithe, ionchúisimh nó breithnithe;
(e)
bhain an ciontóir leas as staid leochaileach an duine a bhí bainteach leis an gcion a dhéanamh;
(f)
is eintiteas faoi oibleagáid an ciontóir de réir bhrí Airteagal 2 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), nó is fostaí de chuid eintiteas faoi oibleagáid é nó í, nó tá an chumhacht aige nó aici, cibé acu go haonarach nó mar chuid d’orgán den eintiteas faoi oibleagáid, chun ionadaíocht a dhéanamh don eintiteas sin, nó tá an t-údarás aige nó aici cinntí a dhéanamh thar ceann an eintitis sin nó rialú a fheidhmiú laistigh den eintiteas faoi oibleagáid, agus tá an cion déanta aige nó aici i bhfeidhmiú a ghníomhaíochtaí gairmiúla nó a gníomhaíochtaí gairmiúla.
Airteagal 16
Imthosca maolaitheacha
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i ndáil leis na cionta ábhartha dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 agus 8 go 11, gur féidir ceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a mheas mar imthoisc mhaolaitheach:
(a)
soláthraíonn an ciontóir faisnéis do na húdaráis inniúla nach mbeidís in ann a fháil ar shlí eile, lena gcuidítear leo na ciontóirí eile a shainaithint nó a thabhairt faoi réim an cheartais;
(b)
soláthraíonn an ciontóir faisnéis do na húdaráis inniúla nach mbeidís in ann a fháil ar shlí eile, lena gcuidítear leo fianaise a fháil;
(c)
i gcás ina bhfuil duine dlítheanach faoi dhliteanas i leith aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 agus 8 go 11, agus, ach amháin más foras chun dliteanas a eisiamh é, tá rialuithe inmheánacha éifeachtacha, feasacht eitice agus cláir chomhlíontachta curtha chun feidhme aige chun éilliú a chosc sula ndéantar an cion nó ina dhiaidh sin;
(d)
i gcás ina bhfuil duine dlítheanach faoi dhliteanas i leith aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 agus 8 go 11 agus, tar éis do chion a bheith braite, rinne sé an cion a nochtadh go mear agus go deonach do na húdaráis inniúla agus rinne sé bearta feabhais.
Is maidir le daoine dlítheanacha, agus maidir leosan amháin, atá na himthosca maolaitheacha dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) infheidhme.
Airteagal 17
Pribhléidí maidir le himscrúdú agus ionchúiseamh cionta éillithe agus díolúine óna n-imscrúdú agus óna n-ionchúiseamh
Mura dtagann sé salach ar a mbunreachtanna, ar a bprionsabail bhunreachtúla ná ar a ndlíthe, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar deireadh a chur le pribhléidí nó díolúine maidir le himscrúdú agus ionchúiseamh a dheonaítear d’oifigigh náisiúnta, le haghaidh na gcionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo.
Airteagal 18
Dlínse
1. Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a dhlínse féin a bhunú ar na cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo sna cásanna seo a leanas:
(a)
is laistigh dá chríoch a rinneadh an cion ina iomláine nó go páirteach;
(b)
is náisiúnach dá chuid é an ciontóir.
2. Cuirfidh Ballstát an Coimisiún ar an eolas i gcás ina gcinneann sé a dhlínse a leathnú chuig ceann amháin nó níos mó de na cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo a rinneadh lasmuigh dá chríoch, sna cásanna seo a leanas:
(a)
tá gnáthchónaí ar an gciontóir ina chríoch;
(b)
rinneadh an cion i gcoinne duine dá chuid náisiúnach nó gnáthchónaitheoirí;
(c)
rinneadh an cion chun tairbhe duine dhlítheanaigh atá bunaithe ina chríoch;
(d)
rinneadh an cion chun tairbhe duine dhlítheanaigh i leith aon ghnó a dhéantar ina iomláine nó go páirteach ar a chríoch.
3. I gcás ina dtiocfaidh cion coiriúil dá dtagraítear sa Treoir seo faoi réim dlínse níos mó ná Ballstát amháin, rachaidh na Ballstáit sin i gcomhar chun a chinneadh cén Ballstát a sheolfaidh na himeachtaí coiriúla. Déanfar an t-ábhar, i gcás inarb iomchuí, a chur faoi bhráid Eurojust i gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Chinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle (27).
4. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú nach mbeidh feidhmiú a ndlínse faoi réir an choinníll nach féidir ionchúiseamh a thionscnamh ach tar éis séanadh ón Stát ina ndearnadh an cion coiriúil nó tar éis tuarascáil arna déanamh sa Stát ina ndearnadh an cion coiriúil.
Airteagal 19
Tréimhsí teorann
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá le foráil a dhéanamh do thréimhse theorann lena gcumasaítear na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 agus 8 go 11 a imscrúdú, a ionchúiseamh, a thriail agus a bhreithniú ar feadh tréimhse leordhóthanach ama ón uair a dhéantar na cionta coiriúla sin, ionas go bhféadfar dul i ngleic go héifeachtach leis na cionta coiriúla sin. Is mar seo a leanas a bheidh an tréimhse theorann sin:
(a)
8 mbliana ar a laghad ón tráth a dhéantar cion coiriúil is inphionóis le téarma uasta príosúnachta 4 bliana ar a laghad;
(b)
5 bliana ar a laghad ón tráth a dhéantar cion coiriúil is inphionóis le téarma uasta príosúnachta 3 bliana ar a laghad.
2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun foráil a dhéanamh maidir le tréimhse theorann lena bhféadfar pionóis arna bhforchur tar éis ciontú críochnaitheach sna cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 agus 8 go 11 a fhorfheidhmiú ar feadh tréimhse leordhóthanach ama tar éis an chiontaithe sin. Is mar seo a leanas a bheidh an tréimhse theorann sin:
(a)
10 mbliana ar a laghad ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh sna cásanna seo a leanas:
(i)
pionós príosúnachta is faide ná aon bhliain amháin, nó de rogha air sin
(ii)
pionós príosúnachta le haghaidh cion coiriúil is inphionóis le téarma uasta príosúnachta 4 bliana ar a laghad;
(b)
5 bliana ar a laghad ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh sna cásanna seo a leanas:
(i)
pionós príosúnachta ar feadh tréimhse suas le haon bhliain amháin, nó de rogha air sin
(ii)
pionós príosúnachta le haghaidh cion coiriúil is inphionóis le téarma uasta príosúnachta 3 bliana ar a laghad.
3. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit tréimhse theorann níos giorra a leagan síos, ar choinníoll gur féidir briseadh isteach ar an tréimhse theorann sin nó í a chur ar fionraí i gcás gníomhaíochtaí sonraithe. Ní bheidh an tréimhse sin níos giorra ná:
(a)
5 bliana le haghaidh cionta coiriúla is inphionóis le téarma uasta príosúnachta 4 bliana ar a laghad;
(b)
3 bliana le haghaidh cionta coiriúla is inphionóis le téarma uasta príosúnachta 3 bliana ar a laghad;
4. De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit tréimhse theorann níos giorra a leagan síos, ar choinníoll gur féidir briseadh isteach ar an tréimhse theorann sin nó í a chur ar fionraí i gcás gníomhaíochtaí sonraithe. Ní bheidh an tréimhse sin níos giorra ná:
(a)
5 bliana ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh sna cásanna seo a leanas:
(i)
pionós príosúnachta is faide ná aon bhliain amháin, nó de rogha air sin
(ii)
pionós príosúnachta le haghaidh cion coiriúil is inphionóis le téarma uasta príosúnachta 4 bliana ar a laghad;
(b)
3 bliana ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh sna cásanna seo a leanas:
(i)
pionós príosúnachta ar feadh tréimhse suas le haon bhliain amháin, nó de rogha air sin
(ii)
pionós príosúnachta le haghaidh cion coiriúil is inphionóis le téarma uasta príosúnachta 3 bliana ar a laghad.
CAIBIDIL III
COSC, TUAIRISCIÚ AGUS IMSCRÚDÚ
Airteagal 20
An t-éilliú a chosc
1. Déanfaidh na Ballstáit gníomhaíocht iomchuí, mar shampla feachtais faisnéise agus múscailte feasachta, chun feasacht a mhúscailt i measc an phobail agus san earnáil phríobháideach maidir le tionchar agus díobhálacht an éillithe agus é mar chuspóir acu líon foriomlán na gcionta éillithe mar aon le riosca an éillithe a laghdú.
2. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun ardleibhéal ionracais, trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú sa riarachán poiblí agus sa chinnteoireacht phoiblí d’fhonn an t-éilliú a chosc. Cuirfidh na Ballstáit cultúr seirbhíse poiblí chun cinn bunaithe ar na prionsabail sin, lena n-áiritheofar go leanfaidh oifigigh agus riaracháin náisiúnta d’fhorbairt a dhéanamh ar a n-acmhainneacht caighdeáin ghairmiúla leordhóthanacha a chaomhnú agus ar a bhfeasacht ar chásanna coinbhleachta leasa agus ar na rioscaí éillithe.
3. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go mbeidh uirlisí coisctheacha i bhfeidhm. Féadfar a áireamh ar na huirlisí sin, mar shampla, rochtain iomchuí ar fhaisnéis a bhaineann le leas an phobail, rialacha chun coinbhleachtaí leasanna san earnáil phoiblí a nochtadh agus a bhainistiú, bearta chun trédhearcacht a áirithiú i gcistiú iarrthóireachtaí d’oifigigh phoiblí thofa agus do pháirtithe polaitiúla, rialacha maidir le dearbhuithe sócmhainní agus fíorú na ndearbhuithe sin, dearbhuithe maidir le leasanna ó oifigigh náisiúnta arna n-ainmniú leis an dlí náisiúnta agus rialáil cásanna ‘dorais imrothlaigh’ lena mbaineann na hoifigigh sin, rialacha maidir le mainneachtain sócmhainní nó leasanna substaintiúla a thuairisciú, agus rialacha lena rialaítear an idirghníomhaíocht idir an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta ar fáil chun an t-éilliú a chosc san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon, agus go mbeidh siad in oiriúint do rioscaí sonracha réimse gníomhaíochta. Leis na bearta sin áireofar ar a laghad gníomhaíochtaí chun an t-ionracas a neartú agus deiseanna le haghaidh an éillithe a chosc i measc:
(a)
oifigigh ardleibhéil;
(b)
údaráis forfheidhmithe dlí agus bhreithiúnacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann lena gceapachán agus lena n-iompar.
5. Dá bhrí sin, déanfaidh na Ballstáit measúnú, laistigh d’eatraimh iomchuí, chun na hearnálacha nó na slite beatha is mó atá i mbaol an éillithe a shainaithint agus bearta a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na príomhrioscaí sna hearnálacha nó sna slite beatha a shainaithnítear.
6. De thoradh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 5, eagróidh na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, gníomhaíochtaí múscailte feasachta tráthrialta a bheidh oiriúnaithe do shainiúlachtaí na n-earnálacha nó na slite beatha a shainaithnítear, lena n-áirítear maidir le heitic.
7. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na Ballstáit bearta chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, an lucht léinn, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí pobalbhunaithe i ngníomhaíochtaí frithéillithe a chur chun cinn.
Airteagal 21
Straitéisí náisiúnta
Gan dochar do bheartais atá ann cheana, déanfaidh gach Ballstát straitéis náisiúnta a ghlacadh agus a fhoilsiú maidir leis an éilliú a chosc agus a chomhrac, lena mbunófar cuspóirí, tosaíochtaí agus bearta comhfhreagracha agus na modhanna chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go ndéanfar an straitéis náisiúnta sin a fhorbairt i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta, na comhlachtaí nó na haonaid ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 22, saineolaithe neamhspleácha, taighdeoirí agus páirtithe leasmhara eile, agus go gcuirfear riachtanais, sainiúlachtaí agus dúshláin na mBallstát san áireamh.
Airteagal 22
Comhlachtaí nó aonaid eagraíochtúla in aghaidh an éillithe
1. Chun comhrac an éillithe a chur chun cinn ar bhonn comhchoiteann, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ceann amháin nó níos mó de chomhlachtaí nó d’aonaid eagraíochtúla a bhfuil sé de chúram orthu an t-éilliú a chosc i bhfeidhm agus go bhfuil an saineolas is gá acu chun an t-éilliú a chomhrac. Féadfar na cúraimí seo a leanas a áireamh ar chúraimí na gcomhlachtaí nó na n-aonad eagraíochtúil sin, de réir mar is iomchuí:
(a)
measúnú ar dhearbhuithe sócmhainní oifigeach náisiúnta, mar atá ainmnithe leis an dlí náisiúnta;
(b)
faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha trédhearcachta is infheidhme maidir le hoifigigh náisiúnta agus eintitis phoiblí;
(c)
faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na bhforálacha reachtúla agus na rialacha a bhaineann le coinbhleachtaí leasa san earnáil phoiblí;
(d)
na hearnálacha nó na gairmeacha is mó atá i mbaol an éillithe a shainaithint;
(e)
comhar le húdaráis inniúla, le comhlachtaí nó le haonaid eagraíochtúla a bhfuil sé de chúram orthu an t-éilliú a chur faoi chois.
2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh ceann amháin nó níos mó de chomhlachtaí nó d’aonaid eagraíochtúla a bhfuil sé de chúram orthu an t-éilliú a chur faoi chois agus a imscrúdú i bhfeidhm.
3. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an méid seo a áirithiú maidir leis na comhlachtaí, nó leis na haonaid eagraíochtúla dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2:
(a)
oibreoidh siad gan cur isteach míchuí;
(b)
beidh cur amach ag an bpobal orthu;
(c)
i gcás inarb ábhartha, déanfaidh siad cinntí nó moltaí i gcomhréir le nósanna imeachta trédhearcacha arna mbunú le dlí, le rialacháin nó le forálacha riaracháin;
(d)
tabharfaidh siad tuairisc ar a bpríomhghníomhaíochtaí agus ar a dtorthaí.
Airteagal 23
Acmhainní
Chun comhlíonadh éifeachtach a bhfeidhmeanna a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach seo, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh líon leordhóthanach foirne cáilithe, mar aon leis na hacmhainní airgeadais, teicniúla agus teicneolaíocha is gá, ag na comhlachtaí nó aonaid eagraíochtúla a bhfuil sé de chúram orthu an t-éilliú a chosc agus a chur faoi chois.
Airteagal 24
Oiliúint
1. Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun oiliúint atá cothrom le dáta a chur ar fáil chun go mbeidh na hoifigigh náisiúnta dá chuid in ann foirmeacha éagsúla éillithe agus rioscaí éillithe ar féidir leo tarlú i bhfeidhmiú a ndualgas a shainaithint agus freagairt ar bhealach tráthúil agus iomchuí ar aon ghníomhaíocht amhrasach.
2. Gan dochar do neamhspleáchas na mbreithiúna agus do na difríochtaí in eagrú na mbreithiúna ar fud an Aontais, déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun oiliúint speisialaithe agus cothrom le dáta a chur ar fáil d’údaráis forfheidhmithe dlí agus do na húdaráis bhreithiúnacha a gcuirtear imscrúduithe coiriúla agus imeachtaí coiriúla i leith cionta a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo ar a gcúram.
Airteagal 25
Cosaint daoine a thuairiscíonn cionta nó a thugann cúnamh maidir leis na cionta sin a imscrúdú
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh Treoir (AE) 2019/1937 infheidhme maidir le tuairisciú na gcionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 11 den Treoir seo agus maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn na cionta sin, faoi na coinníollacha a bhunaítear iontu.
2. Le cois na mbeart dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go mbeidh rochtain ag duine ar bith a thuairiscíonn cionta dá dtagraítear sa Treoir seo, a sholáthraíonn fianaise nó a théann i gcomhar leis na húdaráis inniúla, ar chosaint, ar thacaíocht agus ar bhearta cúnaimh i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
Airteagal 26
Uirlisí imscrúdaitheacha
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh uirlisí imscrúdaitheacha éifeachtacha agus comhréireacha ar fáil chun na cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo a imscrúdú nó a ionchúiseamh. I gcás inarb iomchuí, áireofar sna huirlisí sin uirlisí imscrúdaitheacha speisialta, mar shampla na huirlisí sin a úsáidtear chun an choireacht eagraithe a chomhrac nó i gcásanna eile coireachta tromchúisí.
Airteagal 27
Reo agus coigistiú
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun go bhféadfar ionstraimeachtaí agus fáltais ó na cionta coiriúla dá dtagraítear i gCaibidil II den Treoir seo a rianú, a shainaithint, a reo agus a choigistiú.
Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) ina ceangal orthu na bearta dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo i gcomhréir leis an Treoir sin.
Airteagal 28
Malartú faisnéise
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go n-úsáidfear Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA), feidhmchlár de chuid Europol, chun faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla forfheidhmithe dlí i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir (AE) 2023/977.
Airteagal 29
Cearta íospartach
Gan dochar do Threoir 2012/29/AE, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun na cearta ábhartha faoin dlí is infheidhme a chur i bhfeidhm maidir le híospartaigh na gcionta faoin Treoir seo, lena n-áirítear daoine dlítheanacha, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
Airteagal 30
Cearta don phobal lena mbaineann páirt a ghlacadh sna himeachtaí
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cearta iomchuí nós imeachta ag daoine a ndéanann na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 9 den Treoir seo difear dóibh nó ar dócha go ndéanfaidh siad difear dóibh agus daoine a bhfuil leas leordhóthanach acu nó a mhaíonn dochar do cheart, chomh maith le heagraíochtaí neamhrialtasacha atá rannpháirteach i gcomhrac an éillithe agus a chomhlíonann ceanglais faoin dlí náisiúnta, in imeachtaí a bhaineann leis na cionta sin, i gcás inarb ann do na cearta nós imeachta sin don phobal lena mbaineann sa Bhallstát in imeachtaí a bhaineann le cionta coiriúla eile, mar shampla mar pháirtí sibhialta.
Airteagal 31
Oifigeach poiblí a chur ar fionraí nó a athshannadh
Breithneoidh na Ballstáit nósanna imeachta coiriúla nó riaracháin nó imeachtaí araíonachta a bhunú faoina bhféadfaidh an t-údarás inniúil, i gcás inarb iomchuí, oifigeach poiblí a gcuirtear cion coiriúil dá dtagraítear sa Treoir seo ina leith a chur ar fionraí nó a athshannadh go sealadach, agus urraim chuí á tabhairt do phrionsabal thoimhde na neamhchiontachta.
CAIBIDIL IV
COMHORDU AGUS COMHAR
Airteagal 32
Comhar idir na Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais
I gcás ina meastar gur de chineál trasteorann iad na cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann breithniú ar an bhfaisnéis a bhaineann leis na cionta sin a tharchur chuig institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí inniúla iomchuí de chuid an Aontais.
Gan dochar do na rialacha maidir le comhar trasteorann agus cúnamh dlí frithpháirteach in ábhair choiriúla, rachaidh na Ballstáit, Europol, Eurojust, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus an Coimisiún i gcomhar le chéile, faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, sa chomhrac ar na cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo. Chuige sin, soláthróidh Eurojust, i gcás inarb iomchuí, an cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a theastaíonn ó na húdaráis náisiúnta chun comhordú a n-imscrúduithe a éascú. Féadfaidh an Coimisiún agus OLAF, i gcás inarb iomchuí, cúnamh a thabhairt.
Airteagal 33
Tacaíocht ón gCoimisiún le haghaidh na mBallstát agus a n-údarás inniúil
1. Ullmhóidh an Coimisiún forléargas ar rioscaí earnála a bhaineann leis an éilliú san Aontas agus éascóidh sé malartú faisnéise i measc na mBallstát agus saineolaithe ar fud an Aontais.
2. Áireofar an méid seo a leanas i measc chúraimí an Choimisiúin, trí líonra an Aontais in aghaidh an éillithe:
(a)
comhar agus malartú dea-chleachtas a éascú i measc cleachtóirí, ionadaithe na sochaí sibhialta, saineolaithe, taighdeoirí agus páirtithe leasmhara eile de chuid na mBallstát;
(b)
arna iarraidh sin, tacú leis na páirtithe leasmhara ar fad, agus go háirithe leis na Ballstáit, agus iad i mbun a ngníomhaíochtaí, trí dhea-chleachtais, ábhair threoracha neamhcheangailteacha agus modheolaíochtaí a fhorbairt.
3. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis na hacmhainní airgeadais atá ar fáil ar leibhéal an Aontais do na Ballstáit chun an t-éilliú a chomhrac, lena n-áirítear cláir frithéillithe an Aontais le tríú tíortha.
Airteagal 34
Bailiú sonraí agus staidreamh
1. Beidh córas i bhfeidhm ag na Ballstáit chun sonraí staidrimh anaithnidithe maidir leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 11 den Treoir seo a thaifeadadh, a tháirgeadh agus a sholáthar.
2. San áireamh sna sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, beidh ar a laghad na sonraí seo a leanas atá ann cheana, ach fáil a bheith orthu ar an leibhéal lárnach:
(a)
líon na gcionta coiriúla arna gclárú agus arna mbreithniú ag na Ballstáit;
(b)
líon na gcásanna cúirte arna ndíbhe, lena n-áirítear líon na gcásanna a díbheadh ar fhorais dhul in éag na tréimhse teorann don chion coiriúil lena mbaineann;
(c)
líon na réiteach neamhthrialach i gcásanna a bhaineann leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 11, nuair is ann do na sásraí sin i mBallstát ag aon chéim de na himeachtaí ábhartha;
(d)
an líon daoine nádúrtha a bhfuil sonraíocht acu, nuair atá sí ar fáil, maidir le líon na n-oifigeach poiblí agus na n-oifigeach ardleibhéil:
(i)
a ionchúisíodh,
(ii)
a ciontaíodh,
(iii)
a fíneáladh;
(e)
líon na ndaoine dlítheanacha:
(i)
a ionchúisíodh,
(ii)
a ciontaíodh,
(iii)
a fíneáladh;
(f)
cineálacha agus leibhéil na bpionós arna bhforchur le haghaidh na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 11;
(g)
líon na bpardún a bhaineann le ciontuithe maidir le hAirteagail 3, 4, 5 agus 6.
3. Déanfaidh na Ballstáit, ar bhonn bliantúil agus nuair is féidir faoin 1 Meitheamh, ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig, na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 2 a fhoilsiú, i bhformáid mheaisín-inléite atá inrochtana go héasca agus inchomparáide, le haghaidh na bliana roimhe sin agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas maidir leis sin.
CAIBIDIL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 35
Ionadú Chinneadh Réime 2003/568/CGB agus an Choinbhinsiúin um chomhrac an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann
1. Cuirtear an Treoir seo in ionad Chinneadh Réime 2003/568/CGB maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát sin maidir leis an dáta chun an Cinneadh Réime sin a thrasuí sa dlí náisiúnta.
Maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, déanfar tagairtí do Chinneadh Réime 2003/568/CGB a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Go háirithe, déanfar tagairtí d’Airteagal 2 de Chinneadh Réime 2003/568/CGB a fhorléiriú mar thagairtí do Chaibidil II den Treoir seo.
2. Déantar an Coinbhinsiún um chomhrac an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann a ionadú maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu.
Maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, déanfar tagairtí don Choinbhinsiún sin a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Go háirithe, déanfar tagairtí d’Airteagal 3 den Choinbhinsiún um chomhrac an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann a fhorléiriú mar thagairtí de Chaibidil II den treoir seo.
Airteagal 36
Leasuithe ar Threoir (AE) 2017/1371
Leasaítear Treoir (AE) 2017/1371 mar a leanas:
(1)
in Airteagal 2(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:
‘(c)
ciallaíonn “oifigeach ardleibhéil” oifigeach ardleibhéil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 9, de Threoir (AE) 2026/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).
(*1) Treoir (AE) 2026/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2026 maidir leis an éilliú a chomhrac, a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle agus an Choinbhinsiúin um chomhrac an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2026/1021, 11.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2026/1021/oj).’;"
(2)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(2):
‘2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur cionta coiriúla a bheidh i mbreabaireacht éighníomhach agus ghníomhach san earnáil phoiblí, nuair a dhéantar go hintinneach iad.
(a)
Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn “breabaireacht éighníomhach san earnáil phoiblí” gníomh oifigigh phoiblí a iarrann nó a fhaigheann, go díreach nó trí idirghabhálaí, buntáistí de chineál ar bith, dó féin nó do thríú páirtí, nó a ghlacann le gealltanas den bhuntáiste sin, chun gníomh a dhéanamh nó staonadh ó ghníomh a dhéanamh i gcomhréir lena dhualgas nó i bhfeidhmiú a fheidhmeanna ar dhóigh a dhéanann dochar, nó ar dóigh di dochar a dhéanamh, do leasanna airgeadais an Aontais.
(b)
Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn “éilliú gníomhach san earnáil phoiblí” gníomh duine a gheallann, a thairgeann nó a thugann, go díreach nó trí idirghabhálaí, buntáiste de chineál ar bith d’oifigeach poiblí dó féin nó do thríú páirtí chun gníomh a dhéanamh nó staonadh ó ghníomh a dhéanamh i gcomhréir lena dhualgas nó i bhfeidhmiú a fheidhmeanna ar dhóigh a dhéanann dochar, nó ar dóigh di dochar a dhéanamh, do leasanna airgeadais an Aontais.’
(3)
leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4(1) agus (3) inphionóis le téarma uasta príosúnachta 4 bliana ar a laghad nuair a bhaineann damáiste suntasach nó buntáiste suntasach leis na cionta coiriúla sin.
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás nach sáraíonn an ghníomhaíocht atá le déanamh ag an oifigeach nó an staonadh ó ghníomhú atá le déanamh aige nó aici dualgais an oifigigh sin, go mbeidh na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 4(2) inphionóis le téarma uasta príosúnachta 4 bliana ar a laghad i gcás ina mbaineann damáiste suntasach nó buntáiste suntasach leis na cionta coiriúla sin.
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina sáraíonn an ghníomhaíocht atá le déanamh ag an oifigeach nó an staonadh ó ghníomhú atá le déanamh aige nó aici dualgais an oifigigh sin, go mbeidh na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 4(2) inphionóis le téarma uasta príosúnachta 5 bliana ar a laghad i gcás ina mbaineann damáiste suntasach nó buntáiste suntasach leis na cionta coiriúla sin.
Toimhdeofar go bhfuil an damáiste nó buntáiste a eascraíonn as na cionta coiriúla dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c) d’Airteagal 3(2) agus in Airteagal 4 suntasach nuair is mó ná EUR 100 000 a bhaineann leis an damáiste nó an buntáiste.
Toimhdeofar go bhfuil an damáiste nó buntáiste a eascraíonn as na cionta coiriúla dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 3(2) agus faoi réir Airteagal 2(2) suntasach.
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin maidir le téarma uasta príosúnachta 4 bliana ar a laghad in imthosca tromchúiseacha eile arna sainmhíniú ina ndlí náisiúnta.’
(b)
cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 4:
‘4. I gcás ina mbaineann damáiste is lú ná EUR 10 000 nó ina mbaineann buntáiste is lú ná EUR 10 000 le cion coiriúil dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c) d’Airteagal 3(2) nó in Airteagal 4(1) agus (3), féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis seachas pionóis choiriúla.’
(c)
cuirtear an mhír seo a leanas léi:
‘6. Gan dochar do mhíreanna 1 go 5 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar daoine nádúrtha a rinne na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5 den Treoir seo, a chur faoi réir pionós nó bearta breise coiriúla nó neamhchoiriúla, ar a bhféadfaí iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 12(4) de Threoir (AE) 2026/1021, a áireamh’
;(4)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:
‘Airteagal 8
Imthosca géaraitheacha agus maolaitheacha
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go measfar gur imthoisc ghéaraitheach atá i gceist i gcás ina ndéantar cion coiriúil dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 nó 5 den Treoir seo in eagraíocht choiriúil mar a shainmhínítear i gCinneadh Réime 2008/841/CGB.
Féadfaidh na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir ceann amháin nó níos mó de na himthosca dá dtagraítear in Airteagail 15 agus 16 de Threoir (AE) 2026/1021, i gcomhréir le forálacha ábhartha an dlí náisiúnta, a mheas mar imthosca géaraitheacha agus maolaitheacha, i ndáil leis na cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo.’
;(5)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:
‘Airteagal 9
Pionóis do dhaoine dlítheanacha
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla nó bearta coiriúla nó neamhchoiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur ar dhuine dlítheanach a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 6.
2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go n-áireofar ar na pionóis nó na bearta le haghaidh daoine dlítheanacha atá faoi dhliteanas de bhun Airteagal 6 den Treoir seo fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla, agus beidh méid na bhfíneálacha sin comhréireach le tromchúis an iompair agus le himthosca aonair agus airgeadais agus imthosca eile an duine dhlítheanaigh lena mbaineann, agus féadfar pionóis nó bearta coiriúla nó neamhchoiriúla eile a áireamh orthu atá comhréireach le tromchúis an iompair, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Threoir (AE) 2026/1021.
A mhéid atá daoine dlítheanacha faoi dhliteanas de bhun Airteagal 6(1) den Treoir seo, i leith na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (3) den Treoir seo, tá feidhm ag Airteagal 14(3) de Threoir (AE) 2026/1021’
;(6)
leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2, 3 agus 4:
‘2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun go mbeifear in ann cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 4(1) agus Airteagal 5 is inphionóis le téarma uasta príosúnachta 4 bliana ar a laghad a imscrúdú, a ionchúiseamh, a thriail agus a bhreithniú ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ón uair a rinneadh an cion coiriúil.
3. De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit tréimhse theorann a bhunú atá níos giorra ná 5 bliana, ach nach bhfuil níos giorra ná 3 bliana, ar choinníoll gur féidir briseadh isteach ar an tréimhse theorann sin nó í a chur ar fionraí i gcás gníomhartha sonraithe.
4. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun go mbeifear in ann cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (3) is inphionóis le téarma uasta príosúnachta 4 bliana ar a laghad a imscrúdú, a ionchúiseamh, a thriail agus a bhreithniú ar feadh tréimhse 8 mbliana ar a laghad ón uair a rinneadh an cion coiriúil.’
;(b)
cuirtear na míreanna seo a leanas leis:
‘5. De mhaolú ar mhír 4, féadfaidh na Ballstáit tréimhse theorann a bhunú atá níos giorra ná 8 mbliana, ach nach bhfuil níos giorra ná 5 bliana, ar choinníoll gur féidir briseadh isteach ar an tréimhse theorann sin nó í a chur ar fionraí i gcás gníomhaíochtaí sonraithe.
6. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun foráil a dhéanamh maidir le tréimhse theorann 5 bliana ar a laghad ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh i gcion coiriúil dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 4(1) agus Airteagal 5 lena gcumasaítear forfheidhmiú na bpionós seo a leanas a forchuireadh tar éis an chiontaithe sin:
(a)
pionós príosúnachta is faide ná aon bhliain amháin; nó de rogha air sin
(b)
pionós príosúnachta le haghaidh cion coiriúil is inphionóis le téarma uasta príosúnachta 4 bliana ar a laghad.
7. De mhaolú ar mhír 6, féadfaidh na Ballstáit tréimhse theorann atá níos giorra ná 5 bliana, ach nach bhfuil níos giorra ná 3 bliana, a bhunú, ar choinníoll go bhféadfar cur isteach ar an tréimhse theorann sin nó í a chur ar fionraí i gcás gníomhaíochtaí sonraithe.
8. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun foráil a dhéanamh maidir le tréimhse theorann 10 mbliana ar a laghad ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh i gcion coiriúil dá dtagraítear in Airteagail 4(2) agus (3) lena gcumasaítear forfheidhmiú na bpionós seo a leanas a forchuireadh tar éis an chiontaithe sin:
(a)
pionós príosúnachta is faide ná aon bhliain amháin, nó de rogha air sin
(b)
pionós príosúnachta le haghaidh cion coiriúil is inphionóis le téarma uasta príosúnachta 4 bliana ar a laghad.
9. De mhaolú ar mhír 8, féadfaidh na Ballstáit tréimhse theorann a bhunú atá níos giorra ná 10 mbliana, ach nach bhfuil níos giorra ná 5 bliana, ar choinníoll gur féidir briseadh isteach ar an tréimhse nó í a chur ar fionraí i gcás gníomhaíochtaí sonraithe.’.
Airteagal 37
Trasuí
1. Tabharfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá i bhfeidhm chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin 1 Meitheamh 2028.
Mar sin féin, maidir leis an oibleagáid faoi Airteagal 20(5) agus Airteagal 21, déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha reachtaíochta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoi 1 Meitheamh 2029.
2. Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar na tagairtí sin.
3. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 38
Meastóireacht agus tuairisciú
1. Faoin 1 Meitheamh 2030, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh.
2. Faoin 1 Meitheamh 2032, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina ndéanfar measúnú ar bhreisluach na Treorach seo maidir leis an éilliú a chomhrac, lena n-áirítear measúnú ar Airteagal 7 agus ar a cur chun feidhme ag na Ballstáit. Leis an tuarascáil sin cumhdófar tionchar na Treorach seo freisin ar chearta agus saoirsí bunúsacha. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, déanfaidh an Coimisiún, más gá, cinneadh maidir leis na gníomhaíochtaí leantacha iomchuí a dhéanfar.
Airteagal 39
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 40
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna déanamh in Strasbourg, an 29 Aibreán 2026.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. RAOUNA
(1) IO C, C/2024/886, 6.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/886/oj.
(2) IO C, C/2024/1048, 9.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1048/oj.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Aibreán 2026.
(4) Cinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir leis an éilliú a chomhrac san earnáil phríobháideach (IO L 192, 31.7.2003, lch. 54, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_framw/2003/568/oj).
(5) Coinbhinsiún arna tharraingt suas ar bhonn Airteagal K.3 (2) (c) den Chonradh ar an Aontas Eorpach um chomhrac an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann (IO C 195, 25.6.1997, lch. 2).
(6) Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil (IO L 284, 12.11.2018, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/1673/oj).
(7) Treoir (AE) 2024/1260 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní (IO L, 2024/1260, 2.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1260/oj).
(8) Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/81/oj).
(9) Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/23/oj).
(10) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/24/oj).
(11) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/25/oj).
(12) Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_framw/2008/841/oj).
(13) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1937/oj).
(14) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/1371/oj).
(15) Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/29/oj).
(16) Treoir (AE) 2024/1069 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar éilimh atá go follasach gan bhunús nó ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha (‘Cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí’) (IO L, 2024/1069, 16.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1069/oj).
(17) Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú ‘Eurodac’ chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/603/oj).
(18) Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1240/oj).
(19) Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1862/oj).
(20) Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí maidir le taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (IO L 119, 4.5.2016, lch. 132, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/681/oj).
(21) Treoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle (IO L 186, 11.7.2019, lch. 122, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1153/oj).
(22) Treoir (AE) 2023/977 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle (IO L 134, 22.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/977/oj).
(23) Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le húdaráis ainmnithe na mBallstát agus Europol rochtain a fháil ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) chun é a cheadú chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú (IO L 218, 13.8.2008, lch. 129, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/633/oj).
(24) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(25) Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1968/259(1)/oj).
(26) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/849/oj).
(27) Cinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinbhleachtaí i bhfeidhmiú dlínse in imeachtaí coiriúla a chosc agus a shocrú (IO L 328, 15.12.2009, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_framw/2009/948/oj).
(28) Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO L 127, 29.4.2014, lch. 39 ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/42/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2026/1021/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)
Top