Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh
GA
Sraith L
2026/123
16.1.2026
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/123 ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Eanáir 2026
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2024/386 lena mbunaítear bearta sriantacha ina gcoinne iad siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/386 ón gComhairle an 19 Eanáir 2024 lena mbunaítear bearta sriantacha ina gcoinne iad siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne (1), nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin, agus go háirithe Airteagal 13(1) agus (4) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
An 19 Eanáir 2024, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/386.
(2)
I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2024/386, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar na bearta sriantacha i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí, eintiteas agus comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. Chinn an Chomhairle gur cheart iontráil le haghaidh duine aonair éagtha amháin a scriosadh agus ba cheart an iontráil le haghaidh duine aonair amháin a thabhairt cothrom le dáta.
(3)
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2024/386 a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/386 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Eanáir 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. RAOUNA
(1) IO L, 2024/386, 19.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/386/oj.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/386 mar a leanas:
(1)
faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 1:
Ainm
Faisnéis aitheantais
Ráiteas ar chúiseanna
Dáta an liostaithe
‘1.
Abdelbasit Elhassan Mohamed Khair HAMZA
Dáta breithe: 28.8.1955
Áit bhreithe: an tSúdáin
Náisiúntacht: Súdánach
Uimhir an phas: B00018729 (an tSúdáin)
Inscne: fireann
Is maoinitheoir de chuid Hamas atá lonnaithe sa tSúdáin é Abdelbasit Hamza Elhassan Mohamed Khair Hamza a bhainistíonn cuideachtaí i bpunann infheistíochta Hamas. Chuir Hamza cistí ar fáil do Hamas trí líonra cuideachtaí, lena n-áirítear, go háirithe, Al Rowad Real Estate Development agus Al Zawaya Group for Development and Investment. Ar an gcaoi sin, bíonn Abdelbasit Hamza rannpháirteach i maoiniú Hamas.
19.1.2024.’
(2)
faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’, scriostar an iontráil seo a leanas:
11.
Ismail Barhoum.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/123/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)
Top