Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh
GA
Sraith C
C/2026/393
16.1.2026
Fógra le haghaidh duine agus eintiteas áirithe a chumhdaítear leis na bearta sriantacha dá bhforáiltear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
(C/2026/393)
Dírítear an fhaisnéis seo a leanas ar na daoine seo a leanas: Dmitry Viktorovich ISLAMOV (484), Evgeny Alexeyevich PERVYSHOV (548), Aleksandr Mikhaylovich STRELYUKHIN (625), Alexander Evseyevich KHINSHTEIN (632), Dmitry Anatolievich KHUBEZOV (634), Nikolay Petrovich TOKAREV (672), Alexander MIKHEEV (883), Alexander SHOKHIN (884), Andrey RYUMIN (885), Armen Gasparyan (886), Artyom Grigoryevich Sheynin (887), Konstantin ERNST (889), Igor YURIEVICH KOROTCHENKO (898), Oleg DOBRODEEV (900), Igor Yurievich ANTIPOV (934), Dmitry Sergeevich SIDOROV (964), Eduard KHUDAYNATOV (1173), Pavel PRIGOZHIN (1174), Sergey Evgenievich TSIVILEV (1222), Anton Viktorovich KOLTSOV (1235), Anton Robertovich TITSKIY (1237), Evgeniy Alexandrovich SOLNTSEV (1244), Alexander Konstantinovich KOSTOMAROV (1245), Sergey Nikolayevich LUKIN (1303), Rodion Valeryevich MIROSHNIK (1802), Sergey KOGOGIN (1939), LLC NOVELCO (412), JSC Compel (472), PJSC TransContainer (474), ANO TV Novosti (158), LLC Avaland System Integration (303), LLC Vostochnaya Stevedoring Company (427), LLC RBA Management (473), ar daoine nó ar eintitis iad atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
Tá an Chomhairle ag brath ar na bearta sriantacha i gcoinne na ndaoine agus na n-eintiteas thuasluaite a choinneáil ar bun bunaithe ar ráitis leasaithe ar chúiseanna agus/nó ar fhianaise thacaíochta bhreise.
Cuirtear in iúl leis seo do na daoine agus do na heintitis sin lena mbaineann go bhféadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle maidir le faisnéis a bhaineann lena n-ainmniú a choinneáil ar bun a fháil, roimh 30 Eanáir 2026 , ag an seoladh seo a leanas:
Comhairle an Aontais Eorpaigh
An Ardrúnaíocht
RELEX.1 Horizontal and Global Affairs
Rue de la Loi/Wetstraat 175
1048 Bruxelles/Brussel
BELGIQUE/BELGIË
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/393/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)
Top