Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh
GA
Sraith C
C/2026/374
16.1.2026
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(C/2026/374)
Tar éis an fhoilsithe seo, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air i dtríú tír, freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo, i gcomhréir le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
SONRAÍOCHT TÁIRGE LE hAGHAIDH SAINEARRA TRAIDISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT
‘Fleur de sel / Flor de sal / Solvni cvet’
Uimh. AE: TSG-GN-02620 — 14.7.2020
Ballstát nó Tríú Tír: An Ghuine
1. Ainm (nó ainmneacha) le clárú
‘Fleur de sel / Flor de sal / Solvni cvet’
2. Cineál an táirge
Aicme 2.10. Salann
3. An foras le clárú a dhéanamh
3.1. Cé acu de na nithe seo a leanas is fíor i leith an táirge
☒
is toradh é ar mhodh táirgthe, ar mhodh próiseála nó ar mhodh comhdhéanaimh a fhreagraíonn do chleachtas traidisiúnta maidir leis an táirge sin nó leis an táirge bia sin
☐
táirgtear é ó amhábhair nó ó chomhábhair arb iad a úsáidtear go traidisiúnta
Is táirge é ‘Fleur de sel / Flor de sal / Solvni cvet’ (dá ngairtear ‘Fleur de sel’ anseo feasta) a eascraíonn as modh traidisiúnta táirgthe i loig shalainn. Is éard atá in ‘Fleur de sel’ criostail mhíne phirimidiúla, iad briosc agus ar snámh, a chruthaítear ar dhromchla an tsáile sna linnte criostalúcháin a úsáidtear chun salann ar mionscála a bhuain. Bailítear de láimh é le huirlis speisialta, agus ní mór é sin a dhéanamh ar dhromchla an tsáile sna linnte criostalúcháin sin.
Cruthaítear an salann ar snámh sin, atá mín agus éadrom go nádúrtha, i ndálaí meitéareolaíocha an-sonrach (gaoth éadrom, grian agus gan aon bhogthaise) ar dhromchla na linnte criostalúcháin i sáile sonrach a úsáidtear chun salann ceardaíochta a tháirgeadh. Tagann na criostail phirimidiúla le chéile chun crústaí tanaí a chruthú ar dhromchla an tsáile, a chlúdaíonn an dromchla ar fad nó cuid de.
Tá an t-eolas agus na traidisiúin a bhaineann leis an ngníomhaíocht sin curtha ar aghaidh ó ghlúin go glúin le cúpla céad anuas agus tá siad ina gcuid d’fhéiniúlacht chultúrtha agus stairiúil roinnt pobal cósta san Eoraip agus pobal a bhaineann úsáid as fuaráin sáile faoi láthair. I gcaitheamh na gcéadta blianta, mhúnlaigh an ghníomhaíocht sin timpeallachtaí an chósta go háirithe. Trí loig salainn thraidisiúnta a thógáil, chruthaigh táirgeoirí salainn gnáthóga nach bhfuil cosúil le haon ghnáthóg eile, a thacaíonn go huathúil leis an mbithéagsúlacht, rud a fhágann go bhfuil táirgeadh salainn an-agra-éiceolaíoch.
Ó bhí deireadh an 20ú céad ann, mar gheall ar rannchuidiú eacnamaíoch an táirge sin, is féidir formhór na láithreán loig salainn ceardaíochta a choinneáil ar bun agus a fhorbairt san Aontas Eorpach, rud a fhágann gur féidir éiceachórais uathúla a chaomhnú agus gur féidir le glúin nua táirgeoirí iad féin a bhunú.
Sa Ghuine, amhail sna codanna éagsúla den Aontas ina dtáirgtear í, fágann ‘Fleur de sel’ gur féidir tacú le forbairt inbhuanaithe áitiúil i limistéir leochaileacha.
3.2. Cé acu is fíor nó nach fíor iad na nithe seo a leanas i leith an ainm
☒
tá sé in úsáid go traidisiúnta chun tagairt a dhéanamh don táirge sonrach
☐
aithníonn sé carachtar traidisiúnta nó carachtar sonrach an táirge
Baineann saintréithe ‘Fleur de sel’ leis an modh traidisiúnta a úsáidtear chun é a tháirgeadh sa Ghuine agus san Aontas araon. Tá an modh sin bunaithe ar shreafaí uisce agus leibhéil sna linnte tiúchana a rialáil ionas gur féidir sáile tiubhaithe a tháirgeadh trí ghalú nádúrtha arna thiomáint ag an ngrian agus ag an ngaoth. Nuair a bhíonn an sáile an-tiubhaithe agus nuair a bhíonn dálaí aeráide fabhrach, is féidir dhá chineál criostalaithe tarlú:
—
ar dhromchla an uisce, áit a dtarlaíonn galú, forbraíonn cineál an-sonrach criostail atá sobhriste agus a bhfuil cruth pirimide inbhéartaithe cuasaí air: ‘Fleur de sel’. Ní tharlaíonn sé sin ach amháin i gcás dálaí meitéareolaíocha sonracha (gaoth éadrom, grian agus gan aon bhogthaise).
—
ar an ngrinneall, áit a mbíonn an t-uisce is sáithithe le salann, forbraíonn criostail chiúbacha: salann garbh.
Tá dlúthbhaint ag an táirge sin le stair na log salainn, arna gcruthú agus arna saothrú ar bhealach traidisiúnta ó bhí an chéad mhílaois ar a laghad ann i roinnt tíortha Eorpacha. Tá baint ag ‘Fleur de sel’ a fháil le modh sonrach táirgthe salainn sna loig shalainn sin. Tá tagairtí scríofa do ‘Fleur de sel’ a théann siar go ré na Rómhánach; mar shampla, luaigh an t-údar Rómhánach Plinias Mór an táirge ina leabhar Naturalis Historia.
Tá an t-ainm ‘Fleur de sel’ aitheanta sa Fhraincis ó bhí 1732 ann trí shaothar foclóireachta an fhoclóra Trévoux (2).
4. Tuairisc
4.1. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm faoi phointe 1 maidir leis, lena n-áirítear a phríomhthréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíocha nó orgánaileipteacha lena léirítear saintréith shonrach an táirge (Airteagal 7(2) den Rialachán seo)
4.1.1. 4.1 - Tuairisc ar an táirge
Is cineál sonrach salainn é ‘Fleur de sel’ a chriostalaíonn ar dhromchla an tsáile a chruthaítear i loig shalainn trí ghalú nádúrtha uisce farraige nó uisce as fuarán atá salanda go nádúrtha. Ní mór ‘Fleur de sel’, ar salann ar snámh é, a bhuain de láimh ar dhromchla an tsáile sna linnte criostalúcháin. Tá ‘Fleur de sel’ réidh le tomhailt a luaithe a bhuantar é; ní dhéantar é a mhínghlanadh ná a ní agus ní chuirtear aon bhreiseán leis.
Saintréithe ‘Fleur de sel’
D’fhéadfadh saintréithe gráinní ‘Fleur de sel’ a bheith éagsúil ag brath ar dhálaí ithreach agus aeráide agus ar am agus áit na buainte.
Tá ‘Fleur de sel’ comhdhéanta de chriostail mhíne phirimidiúla, iad briosc agus ar snámh, a fhoirmíonn ar dhromchla an tsáile i linnte criostalúcháin nuair a bhíonn dálaí an atmaisféir fabhrach (gaoth éadrom, grian agus gan aon bhogthaise).
Tá struchtúr an-bhriosc ag criostail phirimidiúla ‘Fleur de sel’ i gcomparáid le salann garbh, a fhorbraíonn mar chriostail chiúbacha.
Tuaslagann ‘Fleur de sel’ go héasca, agus fágann an tsaintréith sin gur féidir é a ionsú i mbianna ar bhealach éagsúil agus a úsáid i mbianna a ullmhaíodh cheana.
Tagann gráinní ‘Fleur de sel’ i méideanna éagsúla, a athraíonn go mór ag brath ar na dálaí meitéareolaíochta laistigh de chúpla uair an chloig ina bhfoirmíonn agus ina bhforbraíonn sé.
Mar sin féin, is é an rud a fhágann go bhfuil ‘Fleur de sel’ sonrach ná a dhlús toirte, nach mór a bheith níos lú ná 0,82 kg/lítear nó cothrom leis.
Bíonn dath bán ar ‘Fleur de sel’ ina mbíonn imireacha idir buí agus bándearga a eascraíonn as miocrorgánaigh a bheith ann agus a thréigeann le himeacht ama.
Tugann na saintréithe sin uigeacht bhog bhlasta agus saintréith aramatach uathúil do ‘Fleur de sel’.
Le blianta beaga anuas, a bhuí le míne nádúrtha a chriostal agus a bhunsaintréithe uathúla, tá an-suim chócaireachta in ‘Fleur de sel’ ar bhoird ar fud an domhain. Úsáidtear é toisc go dtugann sé blas níos cuimsithí a mhaireann níos faide sa bhéal ná salann clasaiceach. Dá bhrí sin, tugann méid níos lú ‘Fleur de sel’ blas goirt atá suntasach ach nach mbíonn ró-dhian. Ós rud é go dtuaslagann ‘Fleur de sel’ go han-éasca ar bhianna, is fearr le daoine a bhfuil meas acu ar bhlas an tsalainn é a chur lena bpláta ag an nóiméad deireanach.
4.2. Tuairisc ar mhodh táirgthe an táirge lena mbaineann an t-ainm faoi phointe 1 maidir leis agus ar modh táirthe é nach mór do na táirgeoirí a leanúint lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cineál agus saintréithe na n-amhábhar nó na gcomhábhar a úsáidtear, agus an modh ina n-ullmhaítear an táirge (Airteagal 7(2) den Rialachán seo)
Loig shalainn, bainistiú uisce agus rialú tiúchana
Chun ‘Fleur de sel’ a fháil, líonann táirgeoirí linnte le huisce farraige nó uisce as fuarán atá salanda go nádúrtha. Le linn próiseas bainistithe galaithe nádúrtha, is éard atá i gceist le táirgeadh ‘Fleur de sel’ céimeanna seicheamhacha mar atá an dlúthú, an sáithiú agus an criostalú. Bainistíonn táirgeoirí cúrsaíocht mhall sáile idir na linnte chun a áirithiú go gclaochlaíonn an t-uisce farraige nó an t-uisce salanda as fuarán ina sháile a bhuí le galú nádúrtha arb iad an ghrian agus an ghaoth is cúis leis. Criostalaíonn an salann a luaithe a shroicheann an tiúchan 250 go 260 g/lítear.
Cé go n-athraíonn an líon linnte leantacha a úsáidtear le haghaidh tiúchana ag brath ar shuíomh geografach na log salainn agus ar na dálaí galaithe áitiúla, is sa linn criostalúcháin a tháirgtear an dá chineál salainn – salann garbh agus ‘Fleur de sel’. Uaireanta, nuair a bhíonn dálaí galaithe go háirithe láidir, d’fhéadfadh roinnt criostalaithe tarlú sna linnte taobh thuas de na linnte criostalúcháin.
Is gá an sáile a bhainistiú go cúramach gach lá chun ‘Fleur de sel’ a fháil agus ní mór do tháirgeoirí a bheith in ann gluaiseacht agus cáilíocht an uisce a rialú go beacht.
Criostalú ‘Fleur de sel’
Nuair a bhíonn dálaí meitéareolaíochta nádúrtha fabhrach, déanann táirgeoirí maoirseacht ar dhá chineál criostalaithe clóiríde sóidiam sna linnte criostalúcháin:
—
Eascraíonn salann garbh as criostalú a tharlaíonn faoi uisce, sa sáile, agus na criostail socraithe ar ghrinneall na linne criostalúcháin. Bíonn na criostail ciúbach agus is féidir le meallta ciúbanna teacht chun cinn.
—
Níos annaimhe, i gcás dálaí meitéareolaíocha an-sonrach (gaoth éadrom, grian agus gan aon bhogthaise), criostalaíonn ‘Fleur de sel’ ar dhromchla an tsáile. Tagann cruth pirimide inbhéartaithe cuasaí ar na criostail agus bíonn siad ar snámh ar an dromchla.
Chun ‘Fleur de sel’ a tháirgeadh, coinníonn táirgeoirí doimhneacht leordhóthanach uisce ar bun sa linn chriostalúcháin. Go deimhin, ní mór sraith éadomhain uisce níos mó ná 1 cm a bheith ann ionas gur féidir le ‘Fleur de sel’ snámh gan bhac ar dhromchla an tsáile, rud a fhágann gur féidir é a idirdhealú ón salann garbh. Bíonn cruthú ‘Fleur de sel’ agus a chothromaíocht ar dhromchla an tsáile sobhriste agus éadrom.
Ní féidir Fleur de sel a tháirgeadh ach amháin i gcás ina dtagann dálaí meitéareolaíocha an-sonrach le chéile: gaoth éadrom, an ghrian agus gan aon bhogthaise. Is féidir le cuilithíní a chruthaítear nuair a bhíonn an ghaoth róláidir, le haer tais nó le gluaiseachtaí míchúramacha nuair a dhéantar buaint a bheith ina gcúis le ‘Fleur de sel’ dul faoi uisce agus dá bhrí sin a shaintréith shonrach a chailleadh. Dá bhrí sin, is salann neamhchoitianta é.
Buaint ‘Fleur de sel’
Tá na modhanna chun ‘Fleur de sel’ agus salann garbh a bhuain an-difriúil.
Chun saintréithe ‘Fleur de Sel’ a chaomhnú, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh táirgeoirí é a bhuain sula dtéann sé go grinneall na linnte. Seachas sin, leanann sé de bheith criostalaithe, cailleann sé a chruth pirimide agus bíonn sé ina shalann garbh.
Is féidir an salann garbh a fhorbraíonn ar ghrinneall na linnte a bhuain tráth ar bith den lá. Os a choinne sin, a luaithe a cheadaíonn na dálaí meitéareolaíochta é a chruthú, ní mór ‘Fleur de sel’ a bhuain go gairid tar éis chruthú na gcriostal, agus laistigh de 24 uair an chloig ar a dhéanaí. Le linn na tréimhse sin, áfach, is leor gaoth láidir, bogthaise mhór nó báisteach chun an ‘Fleur de sel’ a chur faoi uisce nó a thuaslagadh sna linnte. Nuair a théann ‘Fleur de sel’ faoi uisce sa sáile cailleann sé a charachtar sonrach agus ní ‘Fleur de sel’ é a thuilleadh.
Bailítear ‘Fleur de sel’ trí úsáid a bhaint as modh traidisiúnta seanbhunaithe. Déanann táirgeoirí an dromchla a scimeáil go héadrom de láimh gan tadhall a dhéanamh le grinneall na linne. Chun é sin a dhéanamh, úsáideann siad uirlisí speisialta i bhfoirm céaslaí nó scimíní, a d’fhéadfadh a bheith cuartha agus pollta, a bhíonn ceangailte de hanla fada. Is cineál ‘scríobaire’ nó ‘léiche’ é. Ar an mbealach sin, buanann táirgeoirí criostail uile ‘Fleur de sel’ a bhíonn ar snámh sna linnte agus cuireann siad i gcoimeádán speisialta iad.
Céimeanna iarbhuainte le haghaidh ‘Fleur de sel’
Tar éis a bhuainte, draenálann ‘Fleur de sel’ go nádúrtha san áit ina n-eastósctar é. Féadfar an cion taise atá fágtha ann a ísliú trí thriomú indíreach, gan aon teagmháil le lasair, chun go mbeidh sé níos éasca é a phacáistiú.
Sórtáiltear ‘Fleur de sel’ de láimh le linn na gcéimeanna iarbhuainte éagsúla chun aon earra coimhthíoch a bhaint.
Oibríochtaí iarbhuainte toirmiscthe
Tar éis a bhuainte, ní fhéadfar ‘Fleur de sel’ a chur faoi aon níochán, mínghlanadh ná meilt agus ní fhéadfar aon bhreiseán a chur leis.
4.3. Tuairisc ar na príomheilimintí lena mbunaítear saintréith thraidisiúnta an táirge (Airteagal 7(2) den Rialachán seo)
San Eoraip, téann stair bhuaint ‘Fleur de sel’ siar go dtí an chianaois. Tá dlúthbhaint aige le stair na log salainn a bhainistítear ar bhealach ceardaíochta ó chomh fada siar le hImpireacht na Róimhe. ‘Tá an t-ainm sin aitheanta sa Fhraincis ó bhí 1732 ann trí shaothar foclóireachta an fhoclóra Trévoux (3) .’ Fiú má bhí salann garbh agus má tá sé fós ar an bpríomhtháirge log salainn i dtéarmaí toirte, bailíodh ‘Fleur de sel’ riamh.
Bailíodh na criostail mhíne sin de ‘Fleur de sel’ ar dtús le haghaidh úsáid phearsanta na dtáirgeoirí; úsáideadh an salann bán mín sin go nádúrtha ansin chun críocha éagsúla i mbia áitiúil (go háirithe chun iasc agus im a shailleadh).
Níor tháinig aon athrú ar an teicníc bhuainte leis na céadta blianta, agus déantar í de láimh agus ar an dromchla i gcónaí, cibé acu sa Chróit, sa Spáinn, sa Fhrainc, sa Phortaingéil nó sa tSlóivéin. Ó táirgeadh den chéad uair sa Ghuine é, rinne táirgeoirí áitiúla cinnte de go leanadh an teicníc thraidisiúnta sin ionas go mbeadh siad in ann táirge de cháilíocht uathúil a bhuain, ar táirge é atá éagsúil le salann garbh.
In imeacht na mblianta, b’fhearr le margaí sonracha áirithe san Eoraip, amhail iascaireacht sairdíní, ‘Fleur de sel’ a úsáid seachas cineálacha eile salainn chun a dtáirgí a leasú, rud a sholáthair asraon suntasach margaidh do ‘Fleur de sel’ ón 16ú céad go dtí na 1930í. Sa lá atá inniu ann tá cáil ar ‘Fleur de sel’ ar fud an domhain agus, mar gheall ar a airíonna uathúla, baineann na cócairí is tábhachtaí úsáid fhorleathan as agus cuireann siad i láthair é.
Baineann saintréithe ‘Fleur de sel’ leis an modh traidisiúnta (bainistiú uisce agus buaint dromchla de láimh) a úsáidtear chun é a tháirgeadh.
Is iad na heilimintí seo a leanas saintréithe an tsaineolais thraidisiúnta a úsáidtear sa Ghuine agus san Aontas araon agus léirítear é trí úsáid a bhaint as stór focal sainiúil a bhaineann go sonrach le gach láithreán táirgthe:
—
✓ Feabhas comhbheartaithe i gcaitheamh na gcéadta blianta ar na teicnící tógála le haghaidh loig salainn agus struchtúr log salainn agus ar na teicnící táirgthe agus bailithe.
—
✓ Rialú leibhéil an uisce sna linnte: tarlaíonn sé sin go nádúrtha (i gcás ina bhfuil raon taoide mór ann) nó déantar é trí phumpáil, chun na linnte a líonadh agus chun na loig shalainn a fholmhú araon. Tiomáintear cúrsaíocht inmheánach uisce sáile ó linn amháin go linn eile trí dhomhantarraingt nó trí phumpáil.
—
✓ Córas táirgthe sáile a úsáid bunaithe ar ghalú nádúrtha.
—
✓ Le struchtúr na log salainn, déantar gníomhaíocht na gaoithe agus na gréine a bharrfheabhsú sa phróiseas nádúrtha galaithe.
—
✓ Coigeartuithe ar an uisce: tuarann táirgeoirí cad iad na dálaí meitéareolaíochta a bheidh ann agus coigeartaíonn siad sreabhadh an uisce sáile isteach sna linnte éagsúla chun an táirgeadh a bharrfheabhsú.
—
✓ Séasúracht agus cineál randamach na buainte: ina loig shalainn, faigheann táirgeoirí sáile an-tiubhaithe agus tarlaíonn criostalú má bhíonn na dálaí galaithe go maith ar feadh roinnt laethanta. Dá bhrí sin, is féidir le cruthú ‘Fleur de sel’ tarlú go laethúil ach fanann sé randamach agus braitheann sé ar dhálaí meitéareolaíocha.
—
✓ An nasc le salann garbh: tá dlúthbhaint idir táirgeadh ‘Fleur de sel’ agus táirgeadh salainn ghairbh. Táirgtear an dá cheann sa log salainn céanna le linn na tréimhse céanna.
—
✓ Táirgeadh ‘Fleur de sel’ i sraith sáile sáithithe: tá sé ríthábhachtach sraith leordhóthanach uisce 1 cm ar a laghad a choinneáil sna linnte criostalúcháin ionas gur féidir ‘Fleur de sel’ a chruthú agus a bhuaint ar an dromchla nuair is féidir sin de réir na ndálaí meitéareolaíocha. Fágann sé sin freisin gur féidir an próiseas nádúrtha tiúchana a choinneáil leanúnach.
—
✓ Buaint ‘Fleur de sel’ de láimh ar dhromchla an tsáile: Buantar ‘Fleur de sel’ de láimh go heisiach ar dhromchla an tsáile trí úsáid a bhaint as uirlisí speisialta. Má théann ‘Fleur de sel’ faoi uisce sa linn cailleann sé a shaintréith shonrach agus ní ‘Fleur de sel’ é a thuilleadh.
—
✓ Gan aon phróiseáil a dhéanamh tar éis na buainte: Ní dhéantar aon níochán, mínghlanadh ná meilt ar ‘Fleur de sel’ agus ní chuirtear aon bhreiseán leis.
Tá tuairisc ar an bpróiseas táirgeachta seanbhunaithe, traidisiúnta agus uathúil le haghaidh ‘Fleur de sel’ san iliomad doiciméad, leabhar agus saothar ealaíne. Tá seantagairtí eolaíocha áirithe le fáil sna foilseacháin Eorpacha seo a leanas:
—
✓ Sa Phortaingéil, i bhfoilseachán ó 1877, Museu Technologico, Revista das Indústrias Portuguezas e Estrangeiras e dos Princípios Scientíficos em que as mesmas se fundam, tugtar tuairisc bheacht ar a mhodh táirgthe agus ar a cháilíocht: ‘Tá “Fleur de sel” mín, íon, bán agus gléigeal. Tagann sé ó chriostail a fhoirmíonn ar dhromchla an tsáile. Is mar gheall nach dtéann na criostail sin go grinneall na linnte criostalúcháin a mbíonn siad iontach mín agus íon. Is beag oibrí salainn a dhíolann é; tugann cuid acu é do chairde. Dá mbuanfaí go rialta é, d’fhéadfaí é a dhíol ar phraghas an-ard mar go mbeadh sé iontach maith in ionad salann scagtha.’
—
✓ Sa Fhrainc, i bhfoilseachán ó 1885, Les Ouvriers des deux mondes - études sur les travaux, la vie domestique et la condition morale des populations ouvrières des diverses contrées , tá tuairisc bheacht ann: ‘Go deimhin, ar leithligh ón salann i gcriostail chiúbacha nó i gcriostail chrannóige, tagann dath beagán liath ar an siolta agus a titeann sé go grinneall na linne criostalúcháin, foirmíonn bláthanna criostalta de shalann bán ar laethanta áirithe ar dhromchla an uisce agus ar an dromchla sin amháin. Ansin bearrann an buainteoir salainn na bláthanna sin a bheag nó a mhór, bláthanna a bhfuil sí in ann coimeád.’
—
✓ Léiríonn an iliomad pictiúr cineál stairiúil agus traidisiúnta bhuaint ‘Fleur de sel’, amhail péintéireacht Eugène Feyen in 1870 ‘La récolte de sel à Saillé’ (bailiúchán príobháideach) agus péintéireacht Mathurin Méheut in 1941 ‘Ramasseuses de sel à Guérande’ ina léirítear ‘Fleur de sel’ atá á bhuaint ar an dromchla agus úsáid á baint as lousse, ainm na huirlise adhmaid a d’úsáideadh oibrithe salainn in Guérande na Fraince, agus ciseán a úsáideadh chun é a iompar (bailiúchán Musée d’Orsay).
Anuas air sin, códaíodh an modh táirgthe agus buainte sonrach sin le haghaidh ‘Fleur de sel’ le rialacháin náisiúnta i roinnt Ballstát den Aontas Eorpach, go háirithe sa Spáinn le Foraithne Ríoga Uimh. 1634/2011 an 14 Samhain 2011, sa Phortaingéil le hOrdú Uimh. 72/2008 ón Aireacht Gnóthaí Eacnamaíocha, Nuálaíochta, Talmhaíochta, Forbartha Tuaithe agus Iascaigh an 23 Eanáir 2008 agus sa Chróit le Rialachán Uimh. 1904 ón Aireacht Talmhaíochta, Iascaigh agus Forbartha Tuaithe an 22 Iúil 2011.
(1) Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).
(2) G. Buron, Hommes de sel, Skol Vreizh (eagarthóir), 2000.
(3) G. Buron, Hommes de sel, Skol Vreizh (eagarthóir), 2000.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/374/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)
Top