Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh
GA
Sraith L
2023/2833
20.12.2023
RIALACHÁN (AE) 2023/2833 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Nollaig 2023
lena mbunaítear clár maidir le doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm (Thunnus thynnus) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 640/2010
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
Is é ceann de chuspóirí an chomhbheartais iascaigh, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a áirithiú go ndéanfar acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú ar bhealach ina soláthrófar tairbhí inbhuanaithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta.
(2)
Is Páirtí Conarthach é an tAontas i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige, ar Coinbhinsiún é a formheasadh le Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle (4), sa Chomhaontú maidir le cur chun feidhme na bhforálacha den Choinbhinsiún sin a bhaineann le caomhnú agus bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mórimirceach, ar Comhaontú é a daingníodh le Cinneadh 98/414/CE ón gComhairle (5), agus sa Chomhaontú chun comhlíonadh beart caomhnaithe idirnáisiúnta agus beart bainistíochta idirnáisiúnta ag soithí iascaireachta ar an mórmhuir a chur chun cinn, ar Comhaontú é ar glacadh leis le Cinneadh 96/428/CE ón gComhairle (6). Faoi chuimsiú na n-oibleagáidí idirnáisiúnta sin, glacann an tAontas páirt sna hiarrachtaí atá á ndéanamh chun bainistiú inbhuanaithe stoc éisc mórimirceach a áirithiú.
(3)
De bhun Chinneadh 86/238/CEE ón gComhairle (7), is Páirtí Conarthach é an tAontas sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (‘an Coinbhinsiún’). Leis an gCoinbhinsiún, déantar foráil maidir le creat don chomhar réigiúnach maidir le caomhnú agus bainistiú tuinníní agus speiceas atá cosúil le tuinníní san Aigéan Atlantach agus sna farraigí máguaird trí bhíthin an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (‘ICCAT’), agus déantar foráil maidir le glacadh moltaí is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin, ar moltaí iad a thagann chun bheith ina gceangal ar na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún, ar Pháirtithe comhoibritheacha neamhchonarthacha, ar eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha agus ar eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha iascaireachta (‘CPCanna’).
(4)
Le Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), cuireadh chun feidhme, i ndlí an Aontais, Moladh 09-11 ó ICCAT lena leasaítear Moladh 08-12 lena dtugtar isteach clár maidir le doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm.
(5)
Mar chuid de na bearta chun stoic tuinníní gorma a rialú, chun feabhas a chur ar cháilíocht agus iontaofacht sonraí staidrimh agus chun an iascaireacht neamhdhleathach a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, ghlac ICCAT Moltaí 18-13 agus 21-19 ar chlár de chuid ICCAT maidir le doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm, lena dtugtar isteach cur chun feidhme na scéime maidir le doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm, Moltaí 10-11 ar chlár leictreonach maidir le doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm (r-DGTG) agus 22-16 ar chur i bhfeidhm an chórais r-DGTG, lena bhforbraítear agus lena neartaítear cur chun feidhme na scéime maidir le doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm trí chóras éigeantach r-DGTG a thabhairt isteach, agus Moladh 22-08 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir. Chuir CPCanna agus na Ballstáit tús le cur chun feidhme páirteach an chórais r-DGTG i mí an Mheithimh 2016. Tá sé á chur chun feidhme go hiomlán ó mhí Eanáir 2017 agus tá sé in úsáid ag na Ballstáit.
(6)
Bunaítear leis an gCoinbhinsiún an Béarla, an Fhraincis agus an Spáinnis mar theangacha oifigiúla ICCAT. Chun gur féidir le hoibreoirí a ngníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a dhéanamh go héifeachtach agus chun bacainní cumarsáide leis na húdaráis inniúla a sheachaint, ba cheart an doiciméad um ghabháil an tuinnín ghoirm (‘DGTG’) agus an deimhniú um athonnmhairiú an tuinnín ghoirm (‘BFTRC’) a thíolacadh i gceann de theangacha oifigiúla ICCAT.
(7)
Leasaíonn na CPCanna forálacha áirithe de na Moltaí ó ICCAT go minic agus is dóigh go leasófar tuilleadh iad sa todhchaí. Dá bhrí sin, chun leasuithe amach anseo ar na Moltaí ó ICCAT a chur chun feidhme go tapa i ndlí an Aontais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas: úsáid éigeantach na r-DGTGanna agus na DGTGanna; rialacha maidir leis na DGTGanna grúpáilte; bailíochtú an DGTG agus an r-DGTG; agus sprioc-am an mhaolaithe d’fhaisnéis chlibeála maidir leis an íosmhéid tagartha caomhnaithe faoi Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9); gabhálacha agus gníomhaíochtaí trádála ina dhiaidh sin a thaifeadadh agus a bhailíochtú sa chóras r-DGTG; faisnéis faoi bhailíochtú agus faoi phointí teagmhála; úsáid DGTGanna páipéir agus r-DGTGanna clóite; dátaí tuairiscithe; tagairtí do na hiarscríbhinní a ghabhann leis na Moltaí ó ICCAT agus do na hIarscríbhinní comhfhreagracha a ghabhann leis an Rialachán seo; agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (10). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú gníomhartha tarmligthe.
(8)
Le reachtaíocht an Aontais, níor cheart ach na Moltaí ó ICCAT a chur chun feidhme i ndlí an Aontais chun iascairí an Aontais agus iascairí tríú tír a chur ar comhchéim agus chun a áirithiú go nglacann gach duine leis na rialacha agus go gcuireann siad chun feidhme go hiomlán iad.
(9)
Ní dochar na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear sa Rialachán seo do chur chun feidhme athruithe a dhéanfar amach anseo ar na Moltaí ó ICCAT i ndlí an Aontais tríd an ngnáthnós imeachta reachtach.
(10)
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 a aisghairm, toisc go ndéantar bearta nua ICCAT don chlár maidir le doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm a chur chun feidhme i ndlí an Aontais leis an Rialachán seo.
(11)
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus thug an Maoirseoir barúlacha foirmiúla an 17 Bealtaine 2022.
(12)
Nuair a phróiseáiltear sonraí pearsanta i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus ag Rialachán (AE) 2018/1725, agus ba cheart a áirithiú go n-urramaítear i gcónaí agus ar gach leibhéal na hoibleagáidí a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta. Tá údaráis na mBallstát lena meas mar rialaitheoir mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (7), de Rialachán (AE) 2016/679 maidir le próiseáil na sonraí pearsanta a bhailíonn siad de bhun an Rialacháin seo. Tá an Coimisiún lena mheas mar rialaitheoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil na sonraí pearsanta a bhailíonn sé de bhun an Rialacháin seo,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leis an Rialachán seo, bunaítear clár de chuid an Aontais maidir le doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm, chun go gcuirfear chun feidhme an scéim maidir le doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm a ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT), agus bunaítear úsáid éigeantach an chórais leictreonaigh DGTG (r-DGTG), d’fhonn tionscnamh gach tuinnín ghoirm arna ghabháil a shainaithint, chun tacú le cur chun feidhme bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT.
2. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le trádáil intíre, onnmhairiú, allmhairiú agus athonnmhairiú codanna éisc seachas an fheoil, amhail cloigne, súile, eochraí, putóga agus eireabaill.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘DGTG’ doiciméad um ghabháil an tuinnín ghoirm, a bhforáiltear dá fhormáid in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Moladh 18-13 ó ICCAT agus a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;
(2)
ciallaíonn ‘tuinnín gorm’ iasc den speiceas Thunnus thynnus a thagann faoi réim chóid ábhartha na hAinmníochta Comhcheangailte d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (13);
(3)
ciallaíonn ‘an Coinbhinsiún’ an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú;
(4)
ciallaíonn ‘limistéar an Choinbhinsiúin’ an limistéar geografach, mar a leagtar amach in Airteagal I den Choinbhinsiún, a chumhdaítear faoi bhearta ICCAT;
(5)
ciallaíonn ‘trádáil intíre’:
(a)
trádáil, i mBallstát amháin nó idir dhá Bhallstát nó níos mó, i dtuinníní gorma arna ngabháil i limistéar an Choinbhinsiúin ag soitheach gabhála nó gaiste de chuid an Aontais, ar tuinníní gorma iad a thugtar i dtír i gcríoch an Aontais; agus
(b)
trádáil, i mBallstát amháin nó idir dhá Bhallstát nó níos mó, i dtuinníní gorma feirme arna ngabháil i limistéar an Choinbhinsiúin ag soitheach gabhála nó gaiste de chuid an Aontais, ar tuinníní gorma iad a chuirtear i gcaighean i bhfeirm atá bunaithe i gcríoch an Aontais;
(6)
ciallaíonn ‘allmhairiú’ tuinníní gorma a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, lena n-áirítear chun iad a chur i gcaighean, iad a ramhrú, feirmeoireacht a dhéanamh orthu nó iad a thrasloingsiú, ar tuinníní gorma iad arna ngabháil i limistéar an Choinbhinsiúin ag soitheach gabhála nó gaiste de chuid tríú tír;
(7)
ciallaíonn ‘onnmhairiú’ aon ghluaiseacht tuinníní gorma chuig tríú tír i gcás tuinníní gorma arna ngabháil i limistéar an Choinbhinsiúin ag soitheach gabhála nó gaiste de chuid an Aontais, lena n-áirítear aon ghluaiseacht ó chríoch an Aontais, ó thríú tíortha nó ó mheánna;
(8)
ciallaíonn ‘athonnmhairiú’ aon ghluaiseacht tuinníní gorma ó chríoch an Aontais i gcás tuinníní gorma a allmhairíodh isteach i gcríoch an Aontais roimhe sin;
(9)
ciallaíonn ‘Ballstát an ghaiste’ an Ballstát ina bhfuil an gaiste bunaithe;
(10)
ciallaíonn ‘an Ballstát feirme’ an Ballstát ina bhfuil an fheirm bunaithe;
(11)
ciallaíonn ‘CPCanna’ Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún agus páirtithe comhoibritheacha neamhchonarthacha, eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha nó eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha iascaireachta.
CAIBIDIL II
DOICIMÉAD UM GHABHÁIL AN TUINNÍN GHOIRM
Airteagal 3
Forálacha ginearálta
1. Bainfear úsáid as an gcóras r-DGTG chun tuinníní gorma a ghabháil, a thabhairt i dtír, a aistriú, lena n-áirítear a aistriú laistigh den fheirm agus idir feirmeacha, a thrasloingsiú, a chur i gcaighean, a shaothrú, a thrádáil ar bhonn intíre, a allmhairiú, a onnmhairiú nó a athonnmhairiú. Féadfar DGTGanna páipéir a úsáid in imthosca eisceachtúla dá bhforáiltear in Airteagal 11.
2. Comhlánófar DGTG i gceann de theangacha oifigiúla ICCAT (Béarla, Fraincis nó Spáinnis), do gach tuinnín gorm a ghabhtar le soitheach iascaireachta nó le gaiste, a aistrítear, a thugtar i dtír nó a thrasloingsítear ag calafoirt le soitheach iascaireachta nó le gaiste, nó a chuirtear i gcaighean nó a shaothraítear le feirmeacha.
3. Beidh DGTG arna bhailíochtú ag an údarás inniúil ag gabháil le gach luchtóg tuinníní gorma arna trádáil ar bhonn intíre, arna hallmhairiú isteach i gcríoch an Aontais, nó arna honnmhairiú nó arna hathonnmhairiú ó chríoch an Aontais, seachas i gcásanna ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(4), agus, de réir mar is infheidhme, beidh dearbhú aistrithe ICCAT nó deimhniú bailíochtaithe um athonnmhairiú an tuinnín ghoirm (‘BFTRC’) ag gabháil léi freisin. Ní bheidh ag gach luchtóg tuinníní gorma ach táirgí tuinnín ghoirm a bhfuil an chuma chéanna orthu agus arb é a dtionscnamh an limistéar geografach ábhartha céanna agus an soitheach iascaireachta céanna, nó an grúpa soithí iascaireachta céanna, nó an gaiste céanna.
4. Beidh toirmeasc ar thuinníní gorma a thabhairt i dtír, a aistriú, a thrasloingsiú, a chur i gcaighean, a sheachadadh, a shaothrú, a thrádáil ar bhonn intíre, a allmhairiú, a onnmhairiú nó a athonnmhairiú gan DGTG agus BFTRC comhlánaithe agus, i gcás inarb infheidhme, gan DGTG agus BFTRC bailíochtaithe aon uair is gá.
5. Beidh uimhir aitheantais doiciméid uathúil ag gach DGTG. Is leis an mBallstát brataí nó le Ballstát an ghaiste amháin a bhainfidh na huimhreacha aitheantais doiciméid.
6. Tráth a gcuirtear i gcaighean iad agus ar choinníoll go gcuirtear gach iasc sa chaighean feirmeoireachta céanna an lá céanna, féadfar DGTGanna ábhartha a ghrúpáil mar ‘DGTG grúpáilte’ le huimhir nua DGTG sna cásanna seo a leanas:
(a)
gabhálacha iomadúla arna ndéanamh ag an soitheach céanna;
(b)
gabhálacha arna ndéanamh ag comhoibríochtaí iascaireachta.
7. Cuirfear an DGTG grúpáilte in ionad gach DGTG bhunaidh ghaolmhair agus beidh liosta de na huimhreacha DGTG uile lena mbaineann ag gabháil leis. Cuirfear cóipeanna de na DGTGanna lena mbaineann ar fáil d’údaráis rialaithe na mBallstát nó d’údaráis rialaithe CPCanna, arna iarraidh sin.
8. Tuinníní gorma a ghabhtar mar fhoghabhálacha ag soithí nach bhfuil údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar thuinníní gorma go gníomhach de bhun Rialachán (AE) 2023/2053, féadfar iad a thrádáil. Déanfaidh údaráis na mBallstát, údaráis chalafoirt agus féinchlárúchán údaraithe ag máistir nó ionadaí an tsoithigh rochtain mháistir nó ionadaí an tsoithigh ar an gcóras r-DGTG a éascú, lena n-áirítear trí bhíthin a gcláruimhreach náisiúnta. Ní cheanglófar ar Bhallstáit bhrataí na soithí lena mbaineann liosta de shoithí den sórt sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
9. Tuinníní gorma a fhaigheann bás le linn na n-oibríochtaí aistrithe, tarraingthe nó cur i gcaighean a chumhdaítear le hAirteagail 40 go 55 de Rialachán (AE) 2023/2053, féadfaidh ionadaithe an tsoithigh peas-saighne, an tsoithigh coimhdeachta, an ghaiste agus/nó na feirme iad a thrádáil, i gcás inarb infheidhme.
10. Tuinníní gorma a shaothraítear in iascach spóirt agus áineasa, a dtoirmeasctar iad a dhíol, ní bheidh siad faoi réir an Rialacháin seo agus, dá bhrí sin, ní cheanglófar iad a thaifeadadh sa chóras r-DGTG.
Airteagal 4
Bailíochtú
1. Déanfaidh máistrí soithí gabhála, oibreoirí gaistí, oibreoirí feirme, díoltóirí agus onnmhaireoirí, nó a n-ionadaithe údaraithe, an DGTG a chomhlánú tríd an bhfaisnéis riachtanach a sholáthar agus iarrfaidh siad go ndéanfar é a bhailíochtú i gcomhréir le mír 2 i leith gach tuinnín ghoirm a rinne siad a ghabháil, a thabhairt i dtír, a chur i gcaighean, a shaothrú, a thrasloingsiú, a thrádáil ar bhonn intíre nó a onnmhairiú.
2. Déanfaidh údarás inniúil Bhallstát brataí an tsoithigh nó Bhallstát brataí an ghaiste nó an Bhallstáit feirme a rinne an tuinnín gorm a ghabháil nó a shaothrú, nó údarás inniúil Bhallstát bunaíochta an díoltóra nó an onnmhaireora a rinne an tuinnín gorm a thrádáil ar bhonn intíre nó a onnmhairiú, an DGTG a bhailíochtú.
3. Ní dhéanfaidh na Ballstáit an DGTG a bhailíochtú do tháirgí tuinnín ghoirm ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)
fíoraíodh go bhfuil an fhaisnéis go léir atá sa DGTG cruinn;
(b)
tá méideanna carntha na gabhála laistigh dá gcuótaí nó laistigh de theorainneacha gabhála na bliana bainistíochta ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na cuótaí aonair arna gcionroinnt ar shoithí gabhála nó ar ghaistí; agus
(c)
comhlíonann na táirgí forálacha ábhartha eile uile bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT.
4. Ní cheanglófar bailíochtú a dhéanamh faoi mhír 2 den Airteagal seo i gcás ina bhfuil clibeáil déanta, i gcomhréir le hAirteagal 6(4), ag an mBallstát brataí nó ag Ballstát an ghaiste ina ndearnadh iascaireacht orthu ar gach tuinnín gorm atá ar fáil lena dhíol.
5. I gcás inar lú ná tona méadrach amháin nó inar lú ná trí iasc cainníochtaí na dtuinníní gorma arna ngabháil agus arna dtabhairt i dtír, féadfar an logleabhar nó an nóta díolacháin a úsáid mar DGTG sealadach, go dtí go ndéanfar an DGTG a bhailíochtú laistigh de 7 lá óna dtabhairt i dtír agus sula ndéanfar onnmhairiú.
6. De réir mar is iomchuí, beidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Moladh 18-13 ó ICCAT agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo san áireamh in DGTG bailíochtaithe. Leagtar amach treoracha le haghaidh eisiúint, uimhriú, chomhlánú agus bhailíochtú an DGTG in Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Moladh 18-13 ó ICCAT agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.
7. Faisnéis faoin gceannaitheoir atá sa roinn dar teideal faisnéis trádála, cuirfear isteach í sa chóras r-DGTG roimh an mbailíochtú. Déanfar an roinn dar teideal faisnéis trádála atá in r-DGTG a bhailíochtú roimh an onnmhairiú.
8. Ní dhéanfar onnmhairiú ó na Ballstáit ach amháin má tá an trádáil a bhí idir na Ballstáit roimhe sin taifeadta mar is ceart. Beidh gá fós le bailíochtú a dhéanamh ar onnmhairiú den sórt sin sa chóras r-DGTG i gcomhréir le míreanna 1 go 5.
Airteagal 5
Gabhálacha agus gníomhaíochtaí trádála ina dhiaidh sin sa chóras r-DGTG a thaifeadadh agus a bhailíochtú
1. Tar éis gabhálacha agus an chéad ghníomhaíocht trádála sa chóras r-DGTG a thaifeadadh agus a bhailíochtú i gcomhréir le hAirteagal 4, déanfar faisnéis faoi dhíolacháin inmheánacha tuinníní gorma laistigh de Bhallstát amháin a thaifeadadh sa chóras r-DGTG. Ní cheanglófar na díolacháin inmheánacha sin a bhailíochtú.
2. Tar éis gabhálacha agus an chéad ghníomhaíocht trádála sa chóras r-DGTG a thaifeadadh agus a bhailíochtú, déanfaidh an díoltóir an trádáil intíre idir na Ballstáit a chomhlánú sa chóras r-DGTG i gcomhréir le hAirteagal 4.
3. Déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 4(2) bailíochtú ar thrádáil intíre idir na Ballstáit a bhaineann le foirmeacha táirge atá ‘geolbhaithe agus glanta’ (GG), ‘cóirithe’ (DR), agus ‘cruinn’ (RD). Mar sin féin, de mhaolú ar Airteagal 4, ní cheanglófar bailíochtú a dhéanamh:
(a)
i gcás ina ndéantar trádáil intíre tuinníní gorma i bhfoirmeacha táirge ‘filléid’ (FL) nó ‘foirmeacha eile, sonraithe’ (OT) a liostaítear sa r-DGTG;
(b)
i gcás ina ndéantar an táirge FL nó OT dá dtagraítear faoi phointe (a) a phacáistiú don iompar, agus sa chás sin scríobhfar an uimhir r-DGTG lena mbaineann go soléite agus go doscriosta ar an taobh amuigh d’aon phacáiste ina bhfuil aon chuid den tuinnín seachas i gcás táirgí díolmhaithe a shonraítear in Airteagal 1(2).
I gcás táirgí FL nó OT, ní dhéanfar trádáil intíre ina dhiaidh sin chuig Ballstát eile ach amháin nuair a dhéanfar an fhaisnéis trádála ón mBallstát roimhe sin a thaifeadadh sa chóras r-DGTG.
4. Beidh feidhm ag an maolú dá bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo go dtí an 31 Nollaig 2024. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil maidir le cur chun feidhme an mhaolaithe sin. Áireofar sa tuarascáil sin faisnéis faoin bhfíorúchán a dhéanann na Ballstáit dá bhforáiltear in Airteagal 9, faisnéis faoi thorthaí an fhíorúcháin sin agus sonraí faoi na hócáidí trádála lena mbaineann, lena n-áirítear faisnéis staidrimh ábhartha, amhail an méid tuinníní gorma agus líon na ngníomhaíochtaí trádála lena mbaineann an maolú sin.
5. Déanfar trádáil tuinníní gorma beo lena n-áirítear gach ócáid trádála chuig feirmeacha tuinníní gorma agus ó na feirmeacha sin a thaifeadadh agus a bhailíochtú sa chóras r-DGTG i gcomhréir leis an Rialachán seo, mura sonraítear a mhalairt.
6. De mhaolú ar Airteagal 3(3), féadfar bailíochtú ranna 2 (gabháil) agus 3 (trádáil bheo) sa chóras r-DGTG a chomhlánú an tráth céanna.
7. Féadfar leasú agus athbhailíochtú ranna 2 (gabháil) agus 3 (trádáil bheo) sa chóras r-DGTG, mar a cheanglaítear le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) 2023/2053, agus le hIarscríbhinn XI a ghabhann leis, a bhaineann le húsáid córas ceamaraí steiréascópacha, a chomhlánú tar éis na hoibríochta cur i gcaighean.
Airteagal 6
Clibeáil
1. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar a soithí gabhála nó ar a ngaistí clib a ghreamú ar gach tuinnín gorm tráth a mbeidh sé á mharú, más féidir, ach in aon chás tráth nach déanaí ná an tabhairt i dtír (‘clár clibeála’). Beidh uimhreacha uathúla a bhaineann go sonrach leis an mBallstát ar na clibeanna agus beidh na clibeanna crioscaíldíonach. Beidh uimhreacha na gclibeanna nasctha leis an r-DGTG.
2. Seolfaidh na Ballstáit lena mbaineann achoimre ar chur chun feidhme an chláir clibeála chuig an gCoimisiún faoin 30 Aibreán gach bliain i leith na bliana roimhe sin. Seolfar aon athrú a dhéantar ina dhiaidh sin ar chlár clibeála chuig an gCoimisiún chomh maith. Cuirfidh an Coimisiún na hachoimrí ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.
3. Ní údarófar clibeanna a úsáid faoin Airteagal seo ach nuair a bheidh méideanna carnacha na ngabhálacha laistigh de chuótaí a mBallstát nó laistigh de na teorainneacha gabhála dóibh do gach bliain bainistíochta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na cuótaí aonair arna gcionroinnt ar shoithí nó gaistí.
4. Chun críocha Airteagal 4(4), i gcláir clibeála tráchtála an Bhallstáit brataí don soitheach nó don ghaiste a shaothraigh na tuinníní gorma faoina ndéantar an t-iasc a chlibeáil, forálfar ar a laghad don mhéid seo a leanas:
(a)
go ndéanfar gach tuinnín gorm sa r-DGTG lena mbaineann a chlibeáil go leithleach;
(b)
an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an gclib:
(i)
aitheantas an tsoithigh gabhála nó an ghaiste;
(ii)
dáta gabhála nó tabhairt i dtír;
(iii)
limistéar saothraithe an éisc sa loingsiú;
(iv)
an trealamh a úsáidtear chun an t-iasc a ghabháil;
(v)
cineál an táirge agus meáchan aonair an tuinnín ghoirm chlibeáilte;
(vi)
i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoin onnmhaireoir agus faoin allmhaireoir; agus
(vii)
i gcás inarb infheidhme, an pointe onnmhairiúcháin.
5. De mhaolú ar mhír 4, pointe (b) (v), den Airteagal seo, i gcás an iascaigh sin atá faoi réir na maoluithe i ndáil le híosmhéid tagartha caomhnaithe faoi Rialachán (AE) 2023/2053, féadfaidh na Ballstáit, ina ionad sin, go dtí an 31 Nollaig 2024, garmheáchan iasc aonair laistigh den ghabháil a sholáthar a luaithe a dhíluchtaítear é, ar meáchan é a chinnfear trí bhíthin sampláil ionadaíoch.
6. I gcás ina gcuireann na Ballstáit an maolú dá bhforáiltear i mír 5 den Airteagal seo i bhfeidhm, cuirfidh siad tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 5(4) maidir le cur chun feidhme an mhaolaithe sin.
7. Déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an gclár clibeála an fhaisnéis maidir le héisc chlibeáilte a thiomsú.
8. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis faoi éisc chlibeáilte a fhaightear ó na Ballstáit a thiomsú agus a tharchur chuig ICCAT i bhfoirm thuarascáil cur chun feidhme an Aontais.
CAIBIDIL III
DEIMHNIÚ UM ATHONNMHAIRIÚ AN TUINNÍN GHOIRM
Airteagal 7
Forálacha ginearálta
1. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh BFTRC bailíochtaithe ag gabháil le gach luchtóg tuinníní gorma a athonnmhairítear óna chríoch féin.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcásanna ina ndéantar tuinníní gorma a allmhairiú beo.
3. Déanfaidh an t-oibreoir atá freagrach as an athonnmhairiú an BFTRC a chomhlánú i gceann de theangacha oifigiúla ICCAT (Béarla, Fraincis nó Spáinnis) agus iarrfaidh sé go ndéanfar é a bhailíochtú i gcomhair na luchtóige tuinníní gorma atá le hathonnmhairiú. Beidh cóip den DGTG bailíochtaithe nó de na DGTGanna bailíochtaithe a bhaineann le táirgí tuinnín ghoirm a allmhairíodh roimhe sin ag gabháil leis an BFTRC comhlánaithe.
Airteagal 8
Athonnmhairiú a bhailíochtú
1. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit a n-athonnmhairítear an luchtóg óna chríoch an BFTRC a bhailíochtú.
2. Déanfaidh an t-údarás inniúil an BFTRC a bhailíochtú do gach táirge tuinnín ghoirm, ar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
suitear go bhfuil an fhaisnéis go léir atá sa BFTRC cruinn;
(b)
glacadh leis an DGTG bailíochtaithe comhfhreagrach nó na DGTGanna bailíochtaithe comhfhreagracha i gcás allmhairiú na dtáirgí arna ndearbhú ar an BFTRC;
(c)
is iad na táirgí atá le hathonnmhairiú, ina n-iomláine nó go páirteach, an táirge céanna atá luaite ar an DGTG bailíochtaithe nó na DGTGanna bailíochtaithe; agus
(d)
tá cóip den DGTG nó de na DGTGanna i gceangal leis an BFTRC atá le bailíochtú.
3. Áiritheofar leis an BFTRC bailíochtaithe an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Moladh 22-16 ó ICCAT, in Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Moladh 18-13 ó ICCAT, agus in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann leis an Rialachán seo.
CAIBIDIL IV
FÍORÚCHÁN
Airteagal 9
Fíorúchán
1. Áiritheoidh na Ballstáit go sainaithneoidh a n-údaráis inniúla gach luchtóg tuinníní gorma arna tabhairt i dtír, arna trádáil ar bhonn tíre nó arna hallmhairiú ina gcríoch, nó arna honnmhairiú nó arna hathonnmhairiú óna gcríoch, iarrfaidh siad DGTG bailíochtaithe nó DGTGanna bailíochtaithe agus doiciméid ábhartha gach luchtóige tuinníní gorma agus déanfaidh siad scrúdú orthu.
2. Féadfaidh na húdaráis inniúla scrúdú a dhéanamh ar inneachar na luchtóige chun an fhaisnéis atá sa DGTG agus i ndoiciméid ghaolmhara a fhíorú. I gcás inar gá, déanfaidh na húdaráis inniúla fíorúcháin in éineacht leis na hoibreoirí lena mbaineann.
3. Má bhíonn amhras ann, de thoradh scrúduithe nó fíorúcháin a dhéantar de bhun mhíreanna 1 agus 2, maidir leis an bhfaisnéis atá in DGTG, rachaidh an Ballstát inar tharla an t-allmhairiú deiridh agus an Ballstát nó CPC a ndearna a údaráis inniúla bailíochtú ar an DGTG nó na DGTGanna nó ar na BFTRCanna i gcomhar lena chéile chun amhras den sórt sin a dhíchur.
4. Má dhéanann Ballstát luchtóg nach bhfuil DGTG ag gabháil léi a shainaithint, tabharfaidh sé fógra faoi na torthaí don Bhallstát a thrádáil an luchtóg ar bhonn intíre, nó do CPC an onnmhairithe agus, i gcás inarb eol sin, don Ballstát brataí nó don CPC brataí.
5. Ní scaoilfidh na Ballstáit leis an luchtóg le haghaidh trádáil intíre, allmhairithe nó onnmhairithe, nó, i gcás tuinníní gorma beo arna gcur chuig feirmeacha, ní ghlacfaidh siad leis an dearbhú aistrithe go dtí go ndéanfar na scrúduithe nó na fíorúcháin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 agus go dtí go ndearbhófar, leis na scrúduithe nó na fíorúcháin sin, go bhfuil ceanglais an Rialacháin seo agus aon dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais á gcomhlíonadh leis an luchtóg tuinníní gorma.
6. Toirmeascfar trádáil intíre, allmhairiú, onnmhairiú nó athonnmhairiú tuinníní gorma i gcás ina gcinneann Ballstát, tar éis dó na scrúduithe nó na fíorúcháin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a dhéanamh agus i gcomhar leis na húdaráis bhailíochtúcháin lena mbaineann, gur neamhbhailí é an DGTG comhfhreagrach nó an BFTRC comhfhreagrach.
CAIBIDIL V
SONRAÍ A THARCHUR
Airteagal 10
Clárú sa chóras r-DGTG, fógra a thabhairt agus faisnéis a fhíorú
1. Beidh na Ballstáit freagrach as a áirithiú go bhfuil a gcuid úsáideoirí cláraithe sa chóras r-DGTG.
2. I gcás ina ndéanann Ballstát DGTGanna a bhailíochtú i leith soithí gabhála a bhfuil a bhratach ar foluain acu, a ghaistí nó a fheirmeacha, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi údaráis bhailíochtaithe an rialtais nó faoi dhaoine aonair údaraithe nó institiúidí údaraithe eile atá freagrach as DGTGanna nó BFTRCanna a bhailíochtú nó a fhíorú gach uair a dhéantar athrú ar an bhfaisnéis seo a leanas:
(a)
ainm agus seoladh iomlán na heagraíochta bailíochtúcháin;
(b)
ainm agus teideal na n-oifigeach bailíochtúcháin ar tugadh cumhacht aonair dóibh;
(c)
foirm shamplach de dhoiciméad;
(d)
léiriú samplach de stampa nó séala; agus
(e)
de réir mar is iomchuí, samplaí de chlibeanna.
3. Cuirfear in iúl leis an bhfógra dá bhforáiltear i mír 2 an dáta óna mbeidh feidhm ag an athrú. Seolfar cóip d’fhorálacha dlí náisiúnta arna nglacadh chun an clár maidir le doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm a chur chun feidhme in éineacht leis an gcéad fhógra, lena n-áirítear nósanna imeachta maidir le daoine aonair neamhrialtasacha nó eagraíochtaí neamhrialtasacha a údarú. Déanfar mionsonraí cothrom le dáta maidir leis na húdaráis bhailíochtúcháin agus na forálacha náisiúnta a chur in iúl don Choimisiún go tráthúil.
4. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, trí mheán leictreonach, faoi na pointí teagmhála, go háirithe ainm agus seoladh iomlán na heagraíochta nó na n-eagraíochtaí, ar cheart iad a chur ar an eolas má thagann ceisteanna chun cinn maidir le DGTGanna nó BFTRCanna.
5. Tabharfaidh an Coimisiún fógra gan mhoill do Rúnaíocht ICCAT faoin bhfaisnéis dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 4.
6. Fíoróidh na Ballstáit an fhaisnéis a bhaineann leis na húdaráis bhailíochtúcháin ar tugadh fógra fúthu do ICCAT agus a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Rúnaíocht ICCAT a mbeidh rochtain ag an bpobal air chun cuidiú lena n-údaráis bailíochtú DGTGanna agus BFTRCanna a fhíorú.
Airteagal 11
DGTGanna páipéir nó r-DGTGanna clóite
1. Féadfar DGTGanna páipéir nó r-DGTGanna clóite a úsáid sna cásanna seo a leanas:
(a)
cainníochtaí na dtuinníní gorma a thugtar i dtír ar lú ná tona méadrach amháin nó ar lú ná trí iasc iad. Déanfar r-DGTGanna de r-DGTGanna páipéir den sórt sin laistigh de thréimhse 7 lá oibre tar éis iad a thabhairt i dtír nó roimh an onnmhairiú, cibé acu is túisce;
(b)
tuinníní gorma a ghabhtar roimh an 1 Eanáir 2017;
(c)
mar chúltaca sa chorrchás go mbeadh deacrachtaí teicniúla leis an gcóras a chuirfeadh cosc ar Bhallstát an córas r-DGTG a úsáid, agus na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Moladh 22-16 ó ICCAT á leanúint. Má bhíonn moilleanna ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh, amhail na sonraí is gá a sholáthar chun a áirithiú gur féidir úsáideoirí a chlárú sa chóras r-DGTG nó cúinsí eile is féidir a sheachaint, ní mheasfar gur deacrachtaí teicniúla inghlactha iad;
(d)
trádáil i dtuinníní an Aigéin Chiúin;
(e)
trádáil idir an tAontas agus neamh-CPCanna i gcás nach féidir rochtain a fháil ar an gcóras r-DGTG trí Rúnaíocht ICCAT nó nach bhfuil sé tráthúil go leor lena áirithiú nach mbeidh moill mhíchuí ar an trádáil nó nach gcuirfear isteach go míchuí uirthi.
2. Ní dhéanfaidh Ballstát ná CPCanna agairt ar úsáid DGTG páipéir dá dtagraítear i mír 1 mar chúis le moill a chur ar loingsiú tuinnín ghoirm a onnmhairiú nó diúltú do loingsiú tuinnín ghoirm a onnmhairiú, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann an DGTG páipéir an Rialachán seo. Le r-DGTGanna clóite a ndéantar bailíochtú orthu sa chóras r-DGTG, sásófar an riachtanas dearbhaithe dá bhforáiltear in Airteagal 3(3).
3. Ní dhéanfaidh na Ballstáit brataí nó Ballstáit an ghaiste foirmeacha DGTG a sholáthar ach amháin do shoithí gabhála agus do ghaistí a údaraítear chun iascaireacht a dhéanamh ar an tuinnín gorm i limistéar an Choinbhinsiúin, lena n-áirítear tuinnín gorm arna ghabháil mar fhoghabháil. Ní bheidh foirmeacha den sórt sin inaistrithe.
4. Leanfaidh cóipeanna páipéir de r-DGTGanna gach cuid de luchtóga deighilte nó den táirge próiseáilte, agus uimhir dhoiciméid uathúil an r-DGTG á húsáid chun iad a nascadh.
Airteagal 12
Doiciméid bhailíochtaithe pháipéir a sheoladh agus a chaomhnú
1. Seachas i gcásanna ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(4), seolfaidh na Ballstáit cóip de gach DGTG bailíochtaithe nó BFTRC bailíochtaithe chucu seo a leanas:
(a)
an Coimisiún;
(b)
údaráis inniúla an Bhallstáit nó an CPC ina ndéanfar an tuinnín gorm a thrádáil ar bhonn intíre, a aistriú go caighean nó a allmhairiú; agus
(c)
Rúnaíocht ICCAT.
2. Seolfaidh na Ballstáit na doiciméid faoi mar a fhoráiltear i mír 1 chomh luath agus is féidir agus ar aon chuma laistigh de 5 lá oibre ón dáta a dhéantar an bailíochtú, nó sula mbeidh deireadh tagtha leis an iompar i gcás ina measfar nach mó ná 5 lá oibre a mhairfidh ré an iompair.
3. Coimeádfaidh na Ballstáit cóipeanna de na doiciméid arna n-eisiúint nó arna bhfáil ar feadh 2 bhliain ar a laghad.
Airteagal 13
Tuarascáil bhliantúil
1. Faoin 15 Lúnasa gach bliain, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil a sholáthar don Choimisiún ina mbeidh an fhaisnéis a thuairiscítear in Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Moladh 18-13 ó ICCAT, lena gcumhdófar an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig sa bhliain roimhe sin.
2. Bainfear leas as tuarascálacha a gineadh ón gcóras r-DGTG chun ceanglais tuairiscithe bhliantúil dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh. Soláthróidh na Ballstáit ina dtuarascáil bhliantúil freisin gnéithe a thuairiscítear in Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Moladh 18-13 ó ICCAT nach féidir a ghiniúint ón gcóras r-DGTG.
3. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil an Aontais a tharraingt suas bunaithe ar an bhfaisnéis arna fáil ó na Ballstáit i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 agus seolfaidh sé í chuig rúnaíocht ICCAT faoin 15 Meán Fómhair gach bliain.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 14
An nós imeachta maidir le leasuithe
1. Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 15, lena leasaítear an Rialachán seo chun é a oiriúnú do bhearta arna nglacadh ag ICCAT lena gceanglaítear an tAontas agus a Bhallstáit i ndáil leis an méid seo a leanas:
(a)
úsáid éigeantach r-DGTGanna agus DGTGanna de bhun Airteagal 3(1) agus (2);
(b)
rialacha maidir le DGTGanna grúpáilte de bhun Airteagal 3(6);
(c)
an DGTG agus an r-DGTG a bhailíochtú de bhun Airteagal 4;
(d)
gabhálacha agus na gníomhaíochtaí trádála ina dhiaidh sin a thaifeadadh agus a bhailíochtú sa chóras r-DGTG de bhun Airteagal 5;
(e)
sprioc-am an mhaolaithe dá dtagraítear in Airteagal 5(4) agus Airteagal 6(5);
(f)
faisnéis faoi bhailíochtú agus faoi phointí teagmhála de bhun Airteagal 10(2);
(g)
DGTGanna páipéir nó r-DGTGanna clóite a úsáid de bhun Airteagal 11(1);
(h)
dátaí tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 5(4), Airteagal 6(2) agus Airteagal 13(1) agus (3);
(i)
tagairtí d’Iarscríbhinní a ghabhann le Moltaí ó ICCAT dá bhforáiltear in Airteagal 2(1), Airteagal 4(6), Airteagal 8(3), Airteagal 11(1), pointe (c), agus Airteagal 13(1) agus (3) agus do na hIarscríbhinní comhfhreagracha a ghabhann leis an Rialachán seo;
(j)
na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Beidh leasuithe a dhéantar de bhun mhír 1 teoranta go docht do chur chun feidhme na leasuithe ar Mholtaí ó ICCAT i ndlí an Aontais.
Airteagal 15
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 14 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 9 Eanáir 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 14 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 16
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 640/2010.
Airteagal 17
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Nollaig 2023.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. NAVARRO RÍOS
(1) IO C 123, 9.4.2021, lch. 72.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2023.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(4) Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige agus Chomhaontú an 28 Iúil 1994 a bhaineann le cur chun feidhme Chuid XI de (IO L 179, 23.6.1998, lch. 1).
(5) Cinneadh 98/414/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 1998 maidir leis an gComhphobal Eorpach do dhaingniú an Chomhaontaithe a bhaineann le forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Mara an 10 Nollaig 1982 a chur chun feidhme i ndáil le caomhnú agus bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mórimirceach (IO L 189, 3.7.1998, lch. 14).
(6) Cinneadh 96/428/CE ón gComhairle an 25 Meitheamh 1996 maidir le glacadh an Chomhphobail leis an gComhaontú chun comhlíonadh beart caomhnaithe agus bainistíochta idirnáisiúnta ag soithí iascaireachta ar an mórmhuir a chur chun cinn (IO L 177, 16.7.1996, lch. 24).
(7) Cinneadh 86/238/CEE ón gComhairle an 9 Meitheamh 1986 maidir le haontachas an Chomhphobail leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh, arna leasú leis an bPrótacal atá i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach Chomhdháil Lánchumhachtaigh na Stát is Páirtithe sa Choinbhinsiún a síníodh i bPáras an 10 Iúil 1984 (IO L 162, 18.6.1986, lch. 33).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 lena mbunaítear clár maidir le doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm Thunnus thynnus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle (IO L 194, 24.7.2010, lch. 1).
(9) Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107 agus (AE) 2019/833, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627.(IO L 238, 27.9.2023, lch. 1).
(10) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(11) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(12) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(13) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Na sonraí atá le háireamh sa doiciméad um ghabháil an tuinnín ghoirm (DGTG)
1.
Uimhir dhoiciméad ICCAT um ghabháil an tuinnín ghoirm
2.
Faisnéis faoin ngabháil
Ainm an tsoithigh gabhála nó ainm an ghaiste;
Ainm na soithí eile (i gcás comhoibríochtaí iascaireachta (COInna))
Bratach
Taifeaduimhir ICCAT
Cuóta aonair
Cuóta a úsáidtear le haghaidh an DGTG seo
Dáta, limistéar na gabhála agus an trealamh a úsáideadh
Líon na n-iasc, meáchan iomlán agus meánmheáchan (1)
Taifeaduimhir ICCAT COInna (más infheidhme)
Uimhir na clibe (más infheidhme)
Bailíochtú ag an rialtas
Ainm an údaráis agus ainm an tsínitheora, teideal, síniú, séala agus dáta
3.
Faisnéis trádála don trádáil in iasc beo
Tuairisc ar an táirge
Faisnéis faoin onnmhaireoir/faoin díoltóir
Tuairisc ar an modh iompair
Bailíochtú ag an rialtas
Ainm an údaráis agus ainm an tsínitheora, teideal, síniú, séala agus dáta
Allmhaireoir/ceannaitheoir
4.
Faisnéis faoin aistriú
Tuairisc ar an soitheach tarraingthe
Uimhir dhearbhú aistrithe ICCAT,
Ainm agus bratach an tsoithigh
Taifeaduimhir ICCAT
Líon na n-iasc a fuair bás agus iad á n-aistriú
Meáchan iomlán na n-iasc marbh (kg)
Tuairisc ar an gcaighean tarraingthe
Uimhir an chaighin
5.
Faisnéis faoin trasloingsiú
Tuairisc ar an soitheach iompair
Ainm, bratach, taifeaduimhir ICCAT, dáta, ainm an chalafoirt, stát an chalafoirt, suíomh
Tuairisc ar an táirge
(F/FR; RD/GG/DR/FL/OT)
Meáchan iomlán (GLAN)
Bailíochtú ag an rialtas
Ainm an údaráis agus ainm an tsínitheora, teideal, síniú, séala agus dáta
6.
Faisnéis faoi fheirmeoireacht
Tuairisc ar an tsaoráid feirmeoireachta
Ainm, CPC, taifeaduimhir ICCAT ar shaoráidí feirmeoireachta tuinnín ghoirm (FFB) agus suíomh na feirme
Rannpháirteach sa chlár samplála náisiúnta (tá nó níl)
Tuairisc ar an gcaighean
An dáta ar cuireadh na héisc i gcaighean, uimhir an chaighin
Tuairisc ar an iasc
Meastacháin ar líon na n-iasc, ar an meáchan iomlán agus ar an meánmheáchan (2)
Faisnéis faoi Bhreathnadóir Réigiúnach ICCAT
Ainm, uimhir ICCAT, síniú
Meastachán ar chomhdhéanamh na méideanna ( 30 kg)
Bailíochtú ag an rialtas
Ainm an údaráis agus ainm an tsínitheora, teideal, síniú, séala agus dáta
7.
Faisnéis faoin saothrú
Tuairisc ar an saothrú
Dáta an tsaothraithe
Líon na n-iasc, meáchan iomlán (slánaithe), agus meánmheáchan
Uimhir na clibe (más infheidhme)
Faisnéis faoi Bhreathnadóir Réigiúnach ICCAT
Ainm, uimhir ICCAT, síniú
Bailíochtú ag an rialtas
Ainm an údaráis agus ainm an tsínitheora, teideal, síniú, séala agus dáta
8.
Faisnéis trádála
Tuairisc ar an táirge
(F/FR; RD/GG/DR/FL/OT)
Meáchan iomlán (GLAN)
Faisnéis faoin onnmhaireoir/faoin díoltóir
An pointe onnmhairiúcháin nó imeachta
Ainm agus seoladh na cuideachta onnmhairiúcháin, síniú agus dáta
An stát is ceann scríbe
Tuairisc ar an modh iompair (tá doiciméid ábhartha le cur i gceangal leis an tuairisc)
Bailíochtú ag an rialtas
Ainm an údaráis agus ainm an tsínitheora, teideal, síniú, séala agus dáta
Faisnéis faoin allmhaireoir/faoin gceannaitheoir
An pointe allmhairiúcháin nó an ceann scríbe
Ainm agus seoladh na cuideachta allmhairiúcháin, síniú agus dáta an tsínithe
(1) Déanfar an meáchan a thuairisciú i dtéarmaí meáchain shlánaithe, i gcás ina bhfuil sé ar fáil. Mura n-úsáidtear an meáchan slánaithe, sonraigh an cineál táirge atá i gceist (e.g. GG) faoin roinn ‘Meáchan Iomlán’ agus ‘Meánmheáchan’ ar an bhfoirm.
(2) Déanfar an meáchan a thuairisciú i dtéarmaí meáchain shlánaithe, i gcás ina bhfuil sé ar fáil. Mura n-úsáidtear an meáchan slánaithe, sonraigh an cineál táirge atá i gceist (e.g. GG) faoin roinn ‘Meáchan Iomlán’ agus ‘Meánmheáchan’ ar an bhfoirm.
IARSCRÍBHINN II
Doiciméad ICCAT um ghabháil an tuinnín ghoirm
IARSCRÍBHINN III
Treoracha le haghaidh eisiúint, uimhriú, chomhlánú agus bhailíochtú an doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm (DGTG)
1. PRIONSABAIL GHINEARÁLTA
(1)
TeangaÚsáidfear teanga oifigiúil de chuid ICCAT (Béarla, Fraincis agus Spáinnis) chun an DGTG a chomhlánú.
(2)
UimhriúForbróidh na Ballstáit córas uimhrithe uathúil do DGTGanna trí úsáid a bhaint as a gcód tíre ICCAT nó as a gcód ISO i gcomhcheangal le huimhir 8 ndigit, a léireoidh dhá dhigit di bliain na gabhála.
Mar shampla: CA-09-123456 (Seasann CA do Cheanada).
I gcás loingsithe scoilte nó táirgí próiseáilte, déanfar cóipeanna den DGTG bunaidh a uimhriú trí uimhir dhá dhigit a chur le huimhir an DGTG bhunaidh.
Mar shampla: CA-09-123456-01, CA-09-123456-02, CA-09-123456-03.
Beidh an t-uimhriú seicheamhach agus, más féidir, clóite. Déanfar sraithuimhreacha DGTGanna bána arna n-eisiúint a thaifeadadh faoi ainm an fhaighteora.
I gcás ina dtáirgtear DGTG grúpáilte, iarrfaidh oibreoir na feirme nó ionadaí údaraithe an oibreora sin uimhir DGTG nua ar an mBallstát feirme. Beidh ‘G’ mar atá in ‘CA-09-123456- G’ san uimhir le haghaidh DGTGanna grúpáilte.
2. FAISNÉIS FAOIN nGABHÁIL
(1)
Comhlánú(a)
Prionsabail ghinearálta:
Tá an roinn seo infheidhme maidir le gach gabháil tuinnín ghoirm.
Tá máistir an tsoithigh gabhála nó oibreoir an ghaiste nó a n-ionadaí údaraithe nó ionadaí údaraithe an Bhallstáit brataí nó ionadaí údaraithe Bhallstát an ghaiste freagrach as an roinn dar teideal FAISNÉIS FAOIN nGABHÁIL a chomhlánú agus as an iarraidh ar bhailíochtú na roinne sin.
Déanfar an roinn dar teideal FAISNÉIS FAOIN nGABHÁIL a chomhlánú tráth nach déanaí ná deireadh an aistrithe, an trasloingsithe nó na hoibríochta tabhairt i dtír.
Nóta: i gcás COI idir brataí éagsúla, táirgfear DGTG amháin do gach bratach. Sa chás sin, léireoidh gach DGTG an fhaisnéis chéanna sa roinn dar teideal FAISNÉIS FAOIN SOITHEACH/GAISTE maidir leis an soitheach a rinne an ghabháil iarbhír agus maidir leis na soithí iascaireachta eile go léir a bhí páirteach sa COI sin, ach léireofar sa roinn dar teideal TUAIRISC AR AN nGABHÁIL an fhaisnéis faoin ngabháil a luaitear le gach bratach bunaithe ar scála cionroinnte an COI.
I gcás gabhálacha de thionscnamh COI amháin ina bhfuil soithí den bhratach chéanna, déanfaidh máistir an tsoithigh gabhála a rinne gabhálacha den sórt sin iarbhír, nó a ionadaí údaraithe nó ionadaí údaraithe an Bhallstáit brataí, an fhoirm DGTG a chomhlánú thar ceann na soithí uile atá rannpháirteach in COI den sórt sin.
(b)
Treoracha sonracha:
‘AINM AN tSOITHIGH GABHÁLA/AINM AN GHAISTE’: liostaigh ainm an tsoithigh gabhála a rinne na gabhálacha iarbhír.
‘AINM NA SOITHÍ IASCAIREACHTA EILE’: níl sé infheidhme ach amháin maidir le COInna, liostaigh na soithí iascaireachta eile atá rannpháirteach.
‘BRATACH’: cuir in iúl an Ballstát brataí nó Ballstát an ghaiste.
‘TAIFEADUIMHIR ICCAT’: cuir in iúl uimhir ICCAT an tsoithigh gabhála nó an ghaiste atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar an tuinnín gorm i limistéar an Choinbhinsiúin. Níl an fhaisnéis sin infheidhme maidir le soithí gabhála a dhéanann iascaireacht ar an tuinnín gorm mar fhoghabháil. I gcás COI, liostaigh Taifeaduimhreacha ICCAT an tsoithigh a rinne an ghabháil iarbhír agus na soithí eile atá rannpháirteach sa COI sin.
‘CUÓTA AONAIR’: cuir in iúl méid an chuóta aonair arna thabhairt do gach soitheach.
‘CUÓTA A ÚSÁIDTEAR LE hAGHAIDH AN DGTG SEO’: cuir in iúl an méid gabhála a luaitear leis an DGTG seo.
‘TREALAMH’: cuir in iúl an trealamh iascaireachta trí úsáid a bhaint as na cóid seo a leanas:
BB
Bád baoite
GILL
Eangach gheolbhaí
HAND
Dorú láimhe
HARP
Harpún
LL
Spiléir
MWT
Trál meánuisce
PS
Peaslíon saighne
RR
Slat agus spól
SPHL
Dorú láimhe spóirt
SPOR
Iascach spóirt neamhaicmithe
SURF
Iascach dromchla neamhaicmithe
TL
Líne faoi aire
TRAP
Gaiste
TROL
Dorú trálála
UNCL
Modhanna neamhshonraithe
OT
Cineál eile
‘LÍON na nIASC’: i gcás COI ina bhfuil soithí den bhratach chéanna, cuir in iúl líon iomlán na n-iasc a gabhadh in oibríocht den sórt sin. I gcás COI idir bratacha éagsúla, cuir in iúl líon na n-iasc a luaitear le gach bratach i gcomhréir leis an scála cionroinnte.
‘MEÁCHAN IOMLÁN’: cuir in iúl an meáchan iomlán slánaithe i gcileagraim. Mura n-úsáidtear meáchan slánaithe tráth na gabhála, cuir in iúl an cineál táirge (e.g. GG). I gcás COI idir bratacha éagsúla, cuir in iúl an meáchan slánaithe a luaitear leis an mbratach sin i gcomhréir leis an scála cionroinnte.
‘LIMISTÉAR’: cuir in iúl an Mheánmhuir, an tAtlantach thiar, an tAtlantach thoir nó an tAigéan Ciúin.
‘Uimhir na CLIBE (más infheidhme)’: féadfar línte breise a chur isteach chun liostú gach uimhreach clibe a cheadú de réir éisc aonair.
(2)
BailíochtúBeidh an Ballstát brataí nó Ballstát an ghaiste freagrach as an roinn dar teideal FAISNÉIS FAOIN nGABHÁIL a bhailíochtú mura rud é go ndéantar an tuinnín gorm a chlibeáil i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo.
3. FAISNÉIS TRÁDÁLA DON TRÁDÁIL IN IASC BEO
(1)
Comhlánú(a)
Prionsabail ghinearálta:
Níl an roinn seo infheidhme ach amháin maidir le honnmhairiú tuinníní gorma atá beo.
Beidh máistir an tsoithigh gabhála nó a ionadaí údaraithe nó ionadaí údaraithe an Bhallstáit brataí freagrach as an roinn dar teideal FAISNÉIS TRÁDÁLA DON TRÁDÁIL IN IASC BEO a chomhlánú agus as an iarraidh ar bhailíochtú na roinne sin.
Déanfar an roinn dar teideal FAISNÉIS TRÁDÁLA DON TRÁDÁIL IN IASC BEO a chomhlánú roimh an gcéad oibríocht aistrithe, i.e. aistriú na n-iasc ó eangach na soithí gabhála chuig an gcaighean iompair.
Nóta: i gcás ina bhfaigheann cainníocht éisc bás le linn na hoibríochta aistrithe agus ina ndéantar iad a thrádáil ar bhonn intíre nó a onnmhairiú, déanfar an DGTG bunaidh (ina bhfuil an roinn dar teideal FAISNÉIS FAOIN nGABHÁIL comhlánaithe) a chóipeáil maidir leis na héisc, agus déanfaidh máistir an tsoithigh gabhála nó a ionadaí údaraithe nó ionadaí údaraithe an Bhallstáit brataí an roinn dar teideal FAISNÉIS TRÁDÁLA den DGTG cóipeáilte a chomhlánú agus a tharchur chuig an gceannaitheoir intíre/allmhaireoir. Le bailíochtú na cóipe sin ag an rialtas, áiritheofar gur cóip bhailí í agus go ndearna údaráis an Bhallstáit í a thaifeadadh. Gan bailíochtú údaraithe ag an rialtas a bheith déanta, beidh aon chóip de DGTG ar neamhní.
I gcás COI ina bhfuil soithí ón mBallstát céanna, beidh máistir an tsoithigh gabhála a rinne na gabhálacha iarbhír, nó a ionadaí údaraithe nó ionadaí údaraithe an Bhallstáit brataí, freagrach as an gcomhlánú.
(b)
Treoracha sonracha:
‘CRIOS’: cuir in iúl limistéar an aistrithe - an Mheánmhuir, an tAtlantach thiar, an tAtlantach thoir nó an tAigéan Ciúin.
‘AN POINTE ONNMHAIRIÚCHÁIN/IMEACHTA’: cuir in iúl an Ballstát nó ainm CPC an chreasa iascaigh inar aistríodh an tuinnín gorm nó, seachas sin, cuir in iúl ‘an mhórmhuir’.
‘TUAIRISC AR AN MODH IOMPAIR’: cuir i gceangal aon doiciméad ábhartha lena ndeimhnítear an trádáil.
(2)
BailíochtúNí dhéanfaidh an Ballstát brataí doiciméid a bhailíochtú, ar doiciméid iad nach bhfuil an roinn dar teideal FAISNÉIS FAOIN nGABHÁIL comhlánaithe iontu.
4. FAISNÉIS FAOIN AISTRIÚ
(1)
Comhlánú(a)
Prionsabail ghinearálta:
Níl an roinn seo infheidhme ach amháin maidir le tuinníní gorma atá beo.
Tá máistir an tsoithigh gabhála nó a ionadaí údaraithe nó ionadaí údaraithe an Bhallstáit brataí freagrach as an roinn dar teideal FAISNÉIS FAOIN AISTRIÚ a chomhlánú. I gcás COI ina bhfuil soithí ón mBallstát céanna, beidh máistir an tsoithigh gabhála a rinne na gabhálacha iarbhír, nó a ionadaí údaraithe nó ionadaí údaraithe an Bhallstáit brataí, freagrach as an gcomhlánú.
Déanfar an roinn dar teideal FAISNÉIS FAOIN AISTRIÚ a chomhlánú tráth nach déanaí ná deireadh na chéad oibríochta aistrithe, i.e. aistriú na n-iasc ó eangach na soithí gabhála chuig an gcaighean iompair.
Ag deireadh na hoibríochta aistrithe, déanfaidh máistir an tsoithigh gabhála (nó máistir an tsoithigh gabhála a rinne na gabhálacha iarbhír i gcás COI ina bhfuil soithí ón mBallstát céanna) an DGTG (agus na ranna a bhaineann le FAISNÉIS FAOIN nGABHÁIL, FAISNÉIS TRÁDÁLA DON TRÁDÁIL IN IASC BEO agus le FAISNÉIS FAOIN AISTRIÚ comhlánaithe agus, i gcás inarb infheidhme, bailíochtaithe) a sholáthar do mháistir an tsoithigh tuga.
Beidh an DGTG comhlánaithe ag gabháil le haistriú na n-iasc agus iad á n-iompar chuig an bhfeirm, lena n-áirítear tuinníní gorma beo a aistriú ón gcaighean iompair go dtí caighean iompair eile nó tuinníní gorma marbha a aistriú ón gcaighean iompair chuig soitheach coimhdeachta.
Nóta: i gcás ina bhfaigheann roinnt iasc bás le linn na hoibríochta aistrithe, déanfar an DGTG bunaidh (agus na ranna dar teideal FAISNÉIS FAOIN nGABHÁIL, FAISNÉIS TRÁDÁLA DON TRÁDÁIL IN IASC BEO agus FAISNÉIS FAOIN AISTRIÚ comhlánaithe agus, i gcás inarb infheidhme, bailíochtaithe) a chóipeáil, agus déanfaidh an díoltóir intíre/an onnmhaireoir nó ionadaí údaraithe an díoltóra sin/an onnmhaireora sin nó ionadaí údaraithe an Bhallstáit brataí an roinn dar teideal FAISNÉIS TRÁDÁLA den DGTG cóipeáilte a chomhlánú agus a tharchur chuig an gceannaitheoir intíre/chuig an allmhaireoir intíre. Le bailíochtú na cóipe sin ag an rialtas, áiritheofar gur cóip bhailí í agus go ndearna údaráis an Bhallstáit í a thaifeadadh. Gan bailíochtú údaraithe ag an rialtas a bheith déanta, beidh aon chóip de DGTG ar neamhní.
(b)
Treoracha sonracha:
‘LÍON NA nIASC A FUAIR BÁS AGUS IAD Á nAISTRIÚ’ agus ‘MEÁCHAN IOMLÁN NA nIASC MARBH’: an fhaisnéis arna comhlánú (más infheidhme) ag máistir an tsoithigh tuga.
‘Uimhir an CHAIGHIN’: cuir in iúl uimhir gach caighin i gcás ina bhfuil níos mó ná caighean amháin ag soitheach tuga.
(2)
BailíochtúNí gá an roinn seo a bhailíochtú.
5. FAISNÉIS FAOIN TRASLOINSIÚ
(1)
Comhlánú(a)
Prionsabail ghinearálta:
Níl an roinn seo infheidhme ach amháin maidir le tuinníní gorma atá marbh.
Tá máistir an tsoithigh gabhála trasloingsithe nó ionadaí údaraithe an mháistir sin nó ionadaí údaraithe an Bhallstáit brataí freagrach as an roinn dar teideal FAISNÉIS FAOIN TRASLOINGSIÚ a chomhlánú agus as an iarraidh ar bhailíochtú na roinne sin.
Déanfar an roinn dar teideal FAISNÉIS FAOIN TRASLOINSIÚ a chomhlánú ag deireadh na hoibríochta trasloingsithe.
(b)
Treoracha sonracha:
‘DÁTA’: cuir in iúl an dáta a dhéantar an trasloingsiú.
‘AINM AN CHALAFOIRT’: cuir in iúl calafort ainmnithe an trasloingsithe.
‘STÁT AN CHALAFOIRT’: cuir in iúl Ballstát nó CPC chalafort ainmnithe an trasloingsithe.
(2)
BailíochtúNí dhéanfaidh an Ballstát brataí doiciméid a bhailíochtú i gcás nach bhfuil an roinn dar teideal FAISNÉIS FAOIN nGABHÁIL comhlánaithe agus bailíochtaithe.
6. FAISNÉIS FAOIN bhFEIRMEOIREACHT
(1)
Comhlánú(a)
Prionsabail ghinearálta:
Níl an roinn seo infheidhme ach amháin maidir le tuinníní gorma beo atá curtha i gcaighean.
Déanfaidh máistir an tsoithigh tuga an DGTG (agus na ranna dar teideal FAISNÉIS FAOIN nGABHÁIL, FAISNÉIS TRÁDÁLA DON TRÁDÁIL IN IASC BEO agus FAISNÉIS FAOIN AISTRIÚ comhlánaithe agus, i gcás inarb infheidhme, bailíochtaithe) a sholáthar don oibreoir feirme tráth a gcuirtear an t-iasc i gcaighean.
Beidh oibreoir na feirme nó ionadaí údaraithe an oibreora sin nó ionadaí údaraithe de chuid an Bhallstáit feirme freagrach as an roinn dar teideal FAISNÉIS FAOIN bhFEIRMEOIREACHT a chomhlánú agus as an iarraidh ar bhailíochtú na roinne sin.
Déanfar an roinn dar teideal FAISNÉIS FAOIN bhFEIRMEOIREACHT a chomhlánú ag deireadh na hoibríochta cur i gcaighean.
(b)
Treoracha sonracha:
‘Uimh. an CHAIGHIN’: cuir in iúl uimhir gach caighin.
‘FAISNÉIS FAOI BHREATHNADÓIR RÉIGIÚNACH ICCAT’: Cuir in iúl ainm, uimhir ICCAT agus síniú.
(2)
BailíochtúBeidh an Ballstát feirme freagrach as bailíochtú a dhéanamh ar an roinn dar teideal FAISNÉIS FAOIN bhFEIRMEOIREACHT.
Ní dhéanfaidh an Ballstát feirme DGTGanna a bhailíochtú i gcás nach bhfuil na ranna dar teideal FAISNÉIS FAOIN nGABHÁIL, FAISNÉIS TRÁDÁLA DON TRÁDÁIL IN IASC BEO agus FAISNÉIS FAOIN AISTRIÚ comhlánaithe agus, i gcás inarb infheidhme, bailíochtaithe.
7. FAISNÉIS FAOIN SAOTHRÚ
(1)
Comhlánú(a)
Prionsabail ghinearálta:
Níl an roinn seo infheidhme ach amháin maidir le tuinníní feirme atá marbh.
Beidh oibreoir na feirme nó ionadaí údaraithe an oibreora sin nó ionadaí údaraithe de chuid an Bhallstáit feirme freagrach as an roinn dar teideal FAISNÉIS FAOIN SAOTHRÚ a chomhlánú agus as an iarraidh ar bhailíochtú na roinne sin.
Déanfar an roinn dar teideal FAISNÉIS FAOIN SAOTHRÚ a chomhlánú ag deireadh na n-oibríochtaí saothraithe.
(b)
Treoracha sonracha:
‘Uimhir na CLIBE (más infheidhme)’: féadfar línte breise a chur isteach chun liostú gach uimhreach clibe a cheadú de réir éisc aonair.
‘FAISNÉIS FAOI BHREATHNADÓIR RÉIGIÚNACH ICCAT’: cuir in iúl ainm, uimhir ICCAT agus síniú.
(2)
BailíochtúBeidh an Ballstát feirme freagrach as an roinn dar teideal FAISNÉIS FAOIN SAOTHRÚ a bhailíochtú.
Ní dhéanfaidh an Ballstát feirme DGTGanna a bhailíochtú i gcás nach bhfuil na ranna dar teideal FAISNÉIS FAOIN nGABHÁIL, FAISNÉIS TRÁDÁLA DON TRÁDÁIL IN IASC BEO, FAISNÉIS FAOIN AISTRIÚ agus FAISNÉIS FAOIN bhFEIRMEOIREACHT comhlánaithe agus, i gcás inarb infheidhme, bailíochtaithe.
8. FAISNÉIS TRÁDÁLA
(1)
Comhlánú(a)
Prionsabail ghinearálta:
Tá feidhm ag an roinn seo maidir le tuinníní gorma atá marbh.
Beidh an díoltóir intíre nó an t-onnmhaireoir nó a n-ionadaí údaraithe nó ionadaí údaraithe de chuid Bhallstát an díoltóra/an onnmhaireora freagrach as an roinn dar teideal FAISNÉIS TRÁDÁLA a chomhlánú agus as an iarraidh ar bhailíochtú na roinne sin.
Déanfar an roinn dar teideal FAISNÉIS TRÁDÁLA a chomhlánú sula ndéanfar na héisc a thrádáil ar bhonn intíre nó a onnmhairiú.
(b)
Treoracha sonracha:
‘TUAIRISC AR AN MODH IOMPAIR’: cuir i gceangal aon doiciméad ábhartha lena ndeimhnítear an trádáil.
(2)
BailíochtúBeidh Ballstát an díoltóra/an onnmhaireora freagrach as an roinn dar teideal FAISNÉIS TRÁDÁLA a bhailíochtú mura rud é go ndéantar an tuinnín gorm a chlibeáil i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo.
Nóta: i gcásanna ina n-eascraíonn trádáil intíre nó onnmhairiú níos mó ná uair amháin as DGTG aonair, déanfaidh Ballstát an díoltóra intíre nó an onnmhaireora cóip den BCD bunaidh a bhailíochtú agus úsáidfear í agus glacfar léi mar DGTG bunaidh. Le bailíochtú na cóipe sin ag an rialtas, áiritheofar gur cóip bhailí í agus go ndearna údaráis an Bhallstáit é a thaifeadadh. Gan bailíochtú údaraithe ag an rialtas a bheith déanta, beidh aon chóip de DGTG ar neamhní.
I gcásanna athonnmhairiúcháin, úsáidfear an DEIMHNIÚ ATHONNMHAIRIÚCHÁIN (Iarscríbhinn V) chun gluaiseachtaí breise a rianú, ar deimhniú é a bhainfidh leis an bhfaisnéis faoin ngabháil in DGTG bunaidh na gabhála trí uimhir an DGTG bhunaidh.
Nuair a ghabhann Ballstát nó CPC tuinníní gorma trí úsáid a bhaint as an gcóras clibeála, nuair a onnmhairítear iad chuig tír eile agus iad marbh, agus nuair a athonnmhairítear iad chuig tír eile, ní gá an DGTG a ghabhann leis an DEIMHNIÚ ATHONNMHAIRIÚCHÁIN a bhailíochtú. Déanfar an DEIMHNIÚ ATHONNMHAIRIÚCHÁIN a bhailíochtú, áfach.
Tar éis é allmhairiú, féadfar an tuinnín gorm a roinnt i roinnt píosaí agus féadfar na píosaí sin a onnmhairiú ina dhiaidh sin. Deimhneoidh an Ballstát athonnmhairiúcháin nó an CPC athonnmhairiúcháin go bhfuil an píosa athonnmhairithe mar chuid den iasc bunaidh lena ngabhann an DGTG.
IARSCRÍBHINN IV
Deimhniú ICCAT um athonnmhairiú an tuinnín ghoirm
Roinn 1: Uimhir an deimhnithe um athonnmhairiú tuinnín ghoirm
Roinn 2: An roinn athonnmhairiúcháin
An tír/an t-eintiteas/an t-eintiteas iascaireachta athonnmhairiúcháin
An pointe athonnmhairiúcháin
Roinn 3: Tuairisc ar an tuinnín gorm a allmhairíodh
Meáchan glan (kg)
Uimhir DGTG (nó r-DGTG) agus dáta nó dátaí allmhairiúcháin
Roinn 4: Tuairisc ar an tuinnín gorm atá le hathonnmhairiú
Meáchan glan (kg)
Uimhir an DGTG (nó an r-DGTG) chomhfhreagraigh
An stát is ceann scríbe
Roinn 6: Bailíochtú ag an rialtas
IARSCRÍBHINN V
Deimhniú ICCAT um athonnmhairiú an tuinnín ghoirm
1.
UIMHIR AN DOICIMÉID
DEIMHNIÚ ICCAT UM ATHONNMHAIRIÚ AN TUINNÍN GHOIRM
2.
AN ROINN ATHONNMHAIRIÚCHÁIN:
AN TÍR/AN tEINTITEAS/AN tEINTITEAS IASCAIREACHTA ATHONNMHAIRIÚCHÁIN
AN POINTE ATHONNMHAIRIÚCHÁIN
3.
TUAIRISC AR AN TUINNÍN GORM A ALLMHAIRÍODH
Cineál táirge
Meáchan Glan
CPC na Brataí
Dáta an allmhairiúcháin
DGTG
F/FR RD/GG/DR/FL/OT
(kg)
Uimh.
4.
TUAIRISC AR AN TUINNÍN GORM ATÁ LE hATHONNMHAIRIÚ
Cineál táirge
Meáchan Glan
Uimh. an DGTG chomhfhreagraigh
F/FR RD/GG/DR/FL/OT
(kg)
F = Úr, FR = Reoite, RD = Cruinn, GG = Geolbhaigh bainte agus Glanta, DR = Cóirithe, FL = Filléad, OT = Eile (Déan cur síos ar an gcineál táirge:)
AN STÁT IS CEANN SCRÍBE:
5.
RÁITEAS ÓN ATHONNMHAIREOIR:
Deimhním go bhfuil an fhaisnéis thuasluaite iomlán, fíor agus ceart de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim.
Ainm
Seoladh
Síniú
Dáta
6.
BAILÍOCHTÚ AG AN RIALTAS:
Bailíochtaím go bhfuil an fhaisnéis thuasluaite iomlán, fíor agus ceart de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim.
Ainm & Teideal
Síniú
Dáta
Séala an Rialtais
7.
ROINN MAIDIR LE hALLMHAIRIÚ
RÁITEAS ÓN ALLMHAIREOIR
Deimhním go bhfuil an fhaisnéis thuasluaite iomlán, fíor agus ceart de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim.
Deimhniúchán an Allmhaireora
Ainm
Seoladh
Síniú
Dáta
Pointe deiridh allmhairiúcháin: Cathair
Stát/Cúige
CPC
NÓTA: Tá an fhoirm seo le comhlánú i gceann de theangacha oifigiúla ICCAT (Béarla, Fraincis nó Spáinnis). Soláthraítear gach leagan teanga eile den fhoirm seo chun críche faisnéise, agus chun na críche sin amháin.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2833/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)
Top