Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh
GA
Sraith L
2024/1789
15.7.2024
RIALACHÁN (AE) 2024/1789 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Meitheamh 2024
maidir leis na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, gás nádúrtha agus hidrigine, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011, (AE) 2017/1938 agus (AE) 2019/942 agus (AE) 2022/869 agus Cinneadh (AE) 2017/684 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (athmhúnlú)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a leasú go suntasach roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh ar an Rialachán, ba cheart é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.
(2)
Is é is aidhm don mhargadh inmheánach do ghás nádúrtha, atá á chur chun feidhme de réir a chéile ó 1999 ar aghaidh, fíor-rogha, deiseanna nua gnó agus tuilleadh trádála trasteorann a thabhairt do na tomhaltóirí uile san Aontas, cibé acu is saoránaigh nó gnólachtaí iad, chun éifeachtúlacht a mhéadú, chun praghsanna iomaíocha agus caighdeáin níos airde seirbhíse a bhaint amach agus chun rannchuidiú le slándáil an tsoláthair agus leis an inbhuanaitheacht.
(3)
Trí bhíthin Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), tá an tAontas tiomanta d’astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Is gá rialacha an mhargaidh inmheánaigh do bhreoslaí gásacha a ailíniú leis an Rialachán sin. Sa chomhthéacs sin, tá sé leagtha amach ag an Aontas conas a mhargaí fuinnimh a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear i ndáil le dícharbónú na margaí do ghás i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Iúil 2020 dar teideal ‘Powering a climate-neutral economy: An EU Strategy for Energy System Integration’ [Geilleagar aeráidneodrach a chumhachtú: Straitéis Eorpach um Lánpháirtiú Córas Fuinnimh] agus ‘A hydrogen strategy for a climate-neutral Europe’ [Straitéis hidrigine um Eoraip aeráidneodrach], agus i rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2020 maidir le cur chuige cuimsitheach Eorpach i leith stóráil fuinnimh (6). Leis an Rialachán seo, ba cheart rannchuidiú le baint amach chuspóir an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus ag an am céanna slándáil an tsoláthair agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh do ghás nádúrtha agus hidrigin a áirithiú.
(4)
Comhlánaíonn an Rialachán seo ionstraimí beartais agus reachtacha gaolmhara de chuid an Aontais, go háirithe na cinn a mholtar de bhun theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘European Green Deal’ [An Comhaontú Glas don Eoraip], amhail Rialacháin (AE) 2023/857 (7), (AE) 2023/957 (8), (AE) 2023/1805 (9) agus (AE) 2023/2405 (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha (AE) 2023/959 (11), (AE) 2023/1791 (12) agus (AE) 2023/2413 (13) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a bhfuil sé d’aidhm acu dícharbónú gheilleagar an Aontais a dhreasú agus a áirithiú go bhfanfaidh sé ar chonair i dtreo Aontas a bheidh aeráidneodrach faoi 2050, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119. Is é príomhchuspóir an Rialacháin seo an t-aistriú sin i dtreo na haeráidneodrachta a chumasú agus a éascú trí bhorradh margaidh do hidrigin agus margadh éifeachtúil do ghás nádúrtha a áirithiú.
(5)
Is é is aidhm don Rialachán seo teacht isteach gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin agus hidrigine ar an gcóras fuinnimh a éascú, ionas gur féidir aistriú ón ngás iontaise, agus gur féidir ról tábhachtach a bheith ag an ngás in-athnuaite agus ag an ngás ísealcharbóin agus ag hidrigin i ndáil le cuspóirí aeráide 2030 an Aontais agus an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Is é is aidhm don Rialachán seo freisin creat rialála a chur ar bun, lena gcuirtear ar a gcumas do na rannpháirtithe uile sa mhargadh aistriú ón ngás iontaise agus a ngníomhaíochtaí a phleanáil chun éifeachtaí glasála a sheachaint agus is é is aidhm dó céimniú amach tráthúil agus de réir a chéile an gháis iontaise a áirithiú, go háirithe sna hearnálacha ábhartha tionsclaíochta uile agus chun críoch téimh.
(6)
Aithnítear i Straitéis Hidrigine an Aontais, ós rud é go bhfuil acmhainneacht éagsúil ag na Ballstáit maidir le hidrigin in-athnuaite a tháirgeadh, go bhfuil buntáistí suntasacha ó thaobh na hiomaíochta, na hinacmhainneachta agus slándáil soláthair de ag baint le margadh inmheánach oscailte agus iomaíoch ina bhfuil trádáil trasteorann gan bhac. Thairis sin, cuirtear i bhfáth i Straitéis Hidrigine an Aontais go n-éascófaí iontráil táirgeoirí nua trí aistriú i dtreo margadh leachtach ina bhfuil an trádáil hidrigine bunaithe ar thráchtearraí agus go mbeadh sé tairbheach do chomhtháthú níos doimhne le hiompróirí fuinnimh eile agus go gcruthófaí comharthaí praghais inmharthana le haghaidh cinntí infheistíochta agus cinntí oibríochtúla. Dá bhrí sin, leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart teacht chun cinn margaí do hidrigin, trádáil hidrigine bunaithe ar thráchtearraí agus moil trádála leachtacha a éascú. Ba cheart do na Ballstáit deireadh a chur le haon bhacainní míchuí, lena n-áirítear taraifí díréireacha ag pointí idirnaisc. Agus aitheantas á thabhairt do na héagsúlachtaí bunúsacha, ba cheart na rialacha atá ann cheana lenar cumasaíodh oibríochtaí tráchtála éifeachtúla agus trádáil a forbraíodh do na margaí don leictreachas agus gás nádúrtha, a mheas freisin i ndáil le margadh do hidrigin. Cé go leagtar síos leis an Rialachán seo na prionsabail ghinearálta is infheidhme d’oibriú an mhargaidh do hidrigin, is iomchuí céim forbartha an mhargaidh sin a chur san áireamh agus na prionsabail sin á gcur i bhfeidhm.
(7)
Is príomhghné den bheartas um aistriú cóir é tacú leis na réigiúin ar mór a lorg guail agus carbóin i gcéimniú amach breoslaí iontaise agus fuinneamh in-athnuaite a chéimniú isteach. Ní mór an tacaíocht sin a shaothrú go comhsheasmhach leis an gcreat dlíthiúil ábhartha, go háirithe an Ciste um Aistriú Cóir, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), lena gceadaítear cistiú teicneolaíochtaí le haghaidh fuinneamh in-athnuaite. Tá ról lárnach ag an gCoimisiún maidir le tacaíocht den sórt sin a áirithiú do bheartais náisiúnta atá dírithe ar an acmhainn giniúna agus mianadóireachta guail agus breoslaí iontaise soladacha eile atá ann cheana a laghdú de réir a chéile. Leis an bpróiseas sin, tá gá le cistiú chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar sóisialta agus eacnamaíoch, lena n-áirítear athsciliú an lucht saothair chun críche aistrithe chuig fuinneamh glan sna réigiúin a ndéantar athrú struchtúrach orthu. Ní mór don tacaíocht do réigiúin ar mór a lorg guail agus carbóin spriocanna, raonta feidhme agus critéir shonracha gach cláir cistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais a chur san áireamh. Ní chuirtear cistiú ar fáil leis an gCiste um Aistriú Cóir do theicneolaíochtaí nach teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite iad.
(8)
Le Treoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) foráiltear go bhféadfaidh oibreoir córais chomhcheangailte a bheith ann. Dá bhrí sin, ní éilíonn na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo modhnú ar eagrú na gcóras náisiúnta atá i gcomhréir le forálacha ábhartha na Treorach sin.
(9)
Is gá na critéir a shonrú lena ndéantar na taraifí rochtana gréasáin a chinneadh, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad go hiomlán prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus riachtanais an mhargaidh inmheánaigh atá ag feidhmiú go cuí, chun go gcuirfear san áireamh ina iomláine an gá atá le sláine an chórais agus go léireofar na costais iarbhír a thabhaítear, a mhéid a fhreagraíonn na costais sin do chostais oibreora gréasáin atá éifeachtúil agus inchomparáide go struchtúrach agus a mhéid atá na costais trédhearcach, agus, ag an am céanna, an toradh iomchuí ar infheistíochtaí á áireamh iontu, agus comhtháthú gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin a chumasú. Comhlánaítear na rialacha maidir le taraifí rochtana gréasáin a leagtar síos sa Rialachán seo le tuilleadh rialacha maidir le taraifí rochtana gréasáin, go háirithe sna cóid ghréasáin agus treoirlínte a glacadh de bhun an Rialacháin seo, i Rialacháin (AE) 2022/869 (16) agus (AE) 2024/1787 (17) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus i dTreoir (AE) 2023/1791.
(10)
Go ginearálta, is é is éifeachtúla an bonneagar a mhaoiniú trí bhíthin ioncam a fhaightear ó úsáideoirí an bhonneagair sin agus tras-fhóirdheontais a sheachaint. Thairis sin, bheadh tras-fhóirdheontais, i gcás sócmhainní rialáilte, ar neamhréir le prionsabal ginearálta na dtaraifí costas-léiritheacha. I gcásanna eisceachtúla, d’fhéadfadh tras-fhóirdheontais buntáistí sochaíocha a thabhairt, go háirithe le linn na gcéimeanna is luaithe d’fhorbairt ghréasáin i gcás ina bhfuil acmhainn áirithithe íseal i gcomparáid leis an acmhainn theicniúil agus i gcás ina bhfuil éiginnteacht shuntasach ann maidir le cé huair a thiocfaidh an t-éileamh ar acmhainn a bheidh ann amach anseo. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh tras-fhóirdheontais rannchuidiú le taraifí réasúnta agus intuartha d’úsáideoirí gréasán luatha agus leis an riosca a bhaint d’infheistíochtaí arna ndéanamh ag oibreoirí gréasáin, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le timpeallacht infheistíochta a thacaíonn le cuspóirí décharbónáite an Aontais. Mar rogha malartach ar na taraifí gréasáin níos airde a bhfuiltear ag dréim leo, a chaithfí a mhuirearú ar úsáideoirí gréasáin hidrigine luatha murach sin, ba cheart d’oibreoirí gréasáin hidrigine a bheith in ann costais forbartha gréasáin a leathadh thar thréimhse ama trína ligean do na Ballstáit foráil a dhéanamh don fhéidearthacht go n-íocfadh úsáideoirí amach anseo cuid de na costais tosaigh, trí bhíthin leithdháileadh idir-ama costas. Ba cheart don údarás rialála an leithdháileadh idir-ama costas sin agus a mhodheolaíocht fholuiteach agus gnéithe foluiteacha a fhormheas. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann bearta a dhéanamh a ghabhfadh le sásra den sórt sin lena gcumhdófaí riosca airgeadais na n-oibreoirí gréasáin hidrigine, amhail ráthaíocht Stáit, ar choinníoll go gcomhlíonann siad Airteagal 107 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). I gcás nach mbeidh sé inmharthana gréasáin a mhaoiniú trí tharaifí rochtana ar an ngréasán arna n-íoc ag úsáideoirí gréasáin, ba cheart an t-údarás rialála a bheith in ann aistrithe airgeadais a cheadú idir seirbhísí rialála ar leithligh ó ghréasáin gáis nádúrtha agus hidrigine, faoi réir coinníollacha áirithe. Níor cheart a mheas gur tras-fhóirdheontais iad costais a bhaineann le staidéir indéantachta a mhéid a bhaineann le hathrú cuspóra na ngréasán gáis nádúrtha go gréasáin hidrigine. Níor cheart d’úsáideoirí gréasáin i mBallstáit eile tras-fhóirdheontais a mhaoiniú agus, dá bhrí sin, is iomchuí maoiniú a bhailiú do thras-fhóirdheontais ó phointí scoir chuig custaiméirí deiridh laistigh den Bhallstát céanna, agus ó na pointí sin amháin. Thairis sin, ós rud é gurb eisceachtúil na tras-fhóirdheontais, ba cheart a áirithiú go bhfuil siad comhréireach, trédhearcach, teoranta ó thaobh ama de agus suite faoi mhaoirseacht rialála, faoi réir fógra a thabhairt don Choimisiún agus do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) arna bunú le Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).
(11)
Ní mór úsáid socruithe margadh-bhunaithe, amhail ceantanna, chun taraifí a chinneadh Treoir (AE) 2024/1788 agus Rialachán (AE) 2017/459 ón gCoimisiún (20) a chomhlíonadh.
(12)
Is gá sraith íosta chomhchoiteann seirbhísí rochtana tríú páirtí chun comhchaighdeán íosta rochtana a sholáthar i gcleachtas ar fud an Aontais, chun a áirithiú go bhfuil na seirbhísí rochtana tríú páirtí comhoiriúnach go leor agus chun na buntáistí a fhabhraíonn ó mhargadh inmheánach atá ag feidhmiú go cuí a lamháil chun gás nádúrtha a shaothrú.
(13)
Ba cheart socruithe maidir le rochtain tríú páirtithe a bheith bunaithe ar na prionsabail a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba dhíol sásaimh d’Fhóram Eorpach XXIV um Rialáil Gáis (Fóram Mhaidrid) i mí Dheireadh Fómhair 2013 eagrú na gcóras iontrála-scoir, lenar féidir gás nádúrtha a leithdháileadh saor in aisce ar bhonn acmhainn dhocht. Dá bhrí sin, ba cheart sainmhíniú a thabhairt isteach ar chóras iontrála-scoir, rud a chuideodh le cothrom iomaíochta a bhaint amach do ghás in-athnuaite agus do ghás ísealcharbóin atá nasctha leis an leibhéal tarchuir nó dáileacháin. Ba cheart socrú taraife na n-oibreoirí córais dáileacháin agus na n-oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine agus eagrú an leithdháilte acmhainne idir na leibhéil tarchuir agus dáileacháin do ghás nádúrtha agus hidrigine a fhágáil faoi na húdaráis rialála ar bhonn na bprionsabal a leagtar síos i dTreoir (AU) 2024/1788.
(14)
Ba cheart rochtain ar an gcóras iontrála-scoir a bheith bunaithe go ginearálta ar acmhainneacht dhocht. Ba cheart ceangal a bheith ar oibreoirí gréasáin comhoibriú ar bhealach lena n-uasmhéadófaí an tairiscint d’acmhainn dhocht, rud a chuirfeadh ar chumas úsáideoirí gréasáin an gás nádúrtha atá ag iontráil nó ag scoradh ar bhonn acmhainn dhocht a leithdháileadh go héasca ar aon phointe iontrála nó scoir sa chóras iontrála-scoir céanna.
(15)
Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann comhtháthú réigiúnach iomlán nó páirteach a bhunú i gcás ina ndéantar dhá neas-chóras iontrála-scoir nó níos mó a chumasc. Ba cheart a bheith in ann criosanna éagsúla cothromúcháin a chuimsiú le comhtháthú réigiúnach páirteach mar chéim thábhachtach i dtreo margaí ilroinnte do ghás nádúrtha a chomhtháthú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh go ghás nádúrtha a fheabhsú.
(16)
I gcás ina ndéantar margadh réigiúnach a chomhtháthú, ba cheart do na hoibreoirí córais tarchuir lena mbaineann agus do na húdaráis rialála aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhfuil tionchar trasteorann acu, amhail struchtúir taraifí, córas cothromúcháin, an acmhainn ar na pointí trasteorann atá fágtha, pleananna infheistíochta agus comhlíonadh chúraimí na n-oibreoirí córais tarchuir agus na n-údarás rialála.
(17)
Ba cheart acmhainn choinníollach a thairiscint nuair nach bhfuil oibreoirí gréasáin in ann acmhainn dhocht a thairiscint, agus sa chás sin amháin. Ba cheart d’oibreoirí gréasáin na coinníollacha maidir le hacmhainn choinníollach a shainiú ar bhonn srianta oibríochtúla ar bhealach trédhearcach soiléir. Ba cheart don údarás rialála na coinníollacha a fhormheas agus a áirithiú go bhfuil teorainn le líon na dtáirgí acmhainne coinníollaí chun ilroinnt an mhargaidh do ghás nádúrtha a sheachaint agus chun a áirithiú go gcomhlíontar an prionsabal maidir le rochtain éifeachtúil tríú páirtí a sholáthar.
(18)
Ba cheart leibhéal dóthanach a bhaint amach maidir le hacmhainn idirnaisc trasteorann gáis nádúrtha agus go gcothófaí comhtháthú margaidh chun an margadh inmheánach do ghás nádúrtha a chomhlánú.
(19)
Is é is aidhm don Rialachán seo tacú le bithmheatán inbhuanaithe a tháirgeadh san Aontas. I ndoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 18 Bealtaine 2022 dar teideal ‘Implementing the Repower EU Action Plan: Investment needs, hydrogen accelerator and achieving the bio-methane targets’ [Plean gníomhaíochta RepowerEU a chur chun feidhme: Riachtanais infheistíochta, luasaire hidrigine agus na spriocanna bithmheatáin a bhaint amach], a ghabh le teachaireacht ón gCoimisiúin an 18 Bealtaine 2022 dar teideal ‘Plean REPowerEU’, mhol an Coimisiún táirgeadh bithmheatáin inbhuanaithe san Aontas a mhéadú go suntasach suas le 35 bcm in aghaidh na bliana faoi 2030.
(20)
Fónann an mhapáil chomhordaithe chun bithghás agus bithmheatán a chur in úsáid mar uirlis do na Ballstáit chun rannchuidiú an bhithmheatáin lena gconair mheasta ó 2021 go 2030 a chinneadh, lena n-áirítear an tomhaltas deiridh fuinnimh iomlán a bhfuiltear ag dréim leis agus an toilleadh shuiteáilte iomlán atá beartaithe, dá bhforáiltear ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide. I gcás ina bhfuil conair náisiúnta le haghaidh bithgháis agus bithmheatáin bunaithe ag na Ballstáit, ba cheart dóibh beartais agus bearta faoina bhforbairt a shonrú ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, amhail straitéisí náisiúnta a ghlacadh maidir le bithghás agus bithmheatán inbhuanaithe nó spriocanna náisiúnta a shocrú maidir le táirgeadh nó tomhaltas bliantúil bithmheatáin, arna sloinneadh i ndearbhthoirteanna nó mar chéatadán de thoirt an gháis nádúrtha arna thomhailt ag custaiméirí atá nasctha leis an ngréasán gáis nádúrtha. Chun an méid sin a éascú, chuir an Coimisiún acmhainneacht shuntasach bithmheatáin ar fáil do na Ballstáit, anailís ar a n-acmhainneacht náisiúnta, chomh maith le moltaí maidir leis an gcaoi is fearr chun leas a bhaint as an acmhainneacht sin. Thairis sin, de bhun Airteagal 25(2), pointe (b), de Threoir (AE) 2018/2001, féadfaidh na Ballstáit bithghás a chuirtear isteach sa bhonneagar náisiúnta tarchurtha agus dáilte gáis a chur san áireamh maidir le spriocanna na hearnála iompair dá dtagraítear in Airteagal 25(1) den Treoir sin.
(21)
Tá gá le comhar agus comhordú méadaithe idir oibreoirí córais tarchuir agus, i gcás inarb ábhartha, oibreoirí córais dáileacháin, chun cóid ghréasáin a chruthú lena soláthrófar agus lena mbainisteofar rochtain éifeachtach agus thrédhearcach ar na gréasáin tarchuir thar theorainneacha, agus chun pleanáil atá comhordaithe agus réamhbhreathnaitheach go leor agus forás fónta teicniúil a áirithiú don chóras gáis nádúrtha san Aontas, lena n-áirítear acmhainn idirnaisc a chruthú, agus aird cuí á tabhairt don chomhshaol. Ba cheart na cóid ghréasáin sin a bheith i gcomhréir leis na creat-treoirlínte, ar de chineál neamhcheangailteach iad agus a d’fhorbair ACER. Ba cheart ról a bheith ag ACER maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtchóid ghréasáin ar bhonn na bhfíoras, lena n-áirítear athbhreithniú i dtaobh an gcomhlíonann siad na creat-treoirlínte, agus ba cheart é a chur ar a chumas a mholadh don Choimisiún na cóid ghréasáin a ghlacadh. Ba cheart do ACER measúnú a dhéanamh ar leasuithe atá beartaithe ar na cóid ghréasáin agus ba cheart é a chur ar a chumas a mholadh don Choimisiún na cóid ghréasáin a ghlacadh. Ba cheart d’oibreoirí córas tarchuir a ngréasáin a oibriú i gcomhréir leis na cóid ghréasáin sin.
(22)
Chun go n-áiritheofar bainistiú optamach an ghréasáin tarchurtha gáis nádúrtha san Aontas, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (‘ENTSO don Ghás’). Chun ionadaíocht chothrom ar Bhallstáit bheaga, neamh-idirnasctha nó iargúlta a áirithiú, chomh maith le hoibreoirí córais tarchurtha gáis nádúrtha, ba cheart na hoibreoirí córais gáis nádúrtha sin a bhaineann tairbhe as maolú ar Airteagal 60 de Threoir (AE) 2024/1788 de bhun Airteagal 86 den Treoir sin a bheith incháilithe le bheith ina gcomhaltaí de ENTSO don Ghás. Féadfaidh an Coimisiún, agus reachtanna ENTSO don Ghás á bhformheas aige, féachaint lena áirithiú go ndéanfar idirdhealú iomchuí ar chearta ballraíochta a léireoidh stádas éagsúil na gcomhaltaí. Ba cheart do ENTSO don Ghás a chuid cúraimí a chur i gcrích i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais atá infheidhme maidir le cinntí ENTSO don Ghás. Ba cheart cúraimí ENTSO don Ghás a bheith sainithe ar bhealach soiléir agus ba cheart a áirithiú lena mhodhanna oibre éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cineál ionadaíoch ENTSO don Ghás. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh ENTSO don Ghás agus Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine (ENNOH) cóid ghréasáin a fhorbairt go comhpháirteach i gcás saincheisteanna trasearnála. Níl sé beartaithe go ngabhfadh na cóid ghréasáin a ullmhaíonn ENTSO don Ghás ionad na rialacha teicniúla náisiúnta riachtanacha is infheidhme maidir le saincheisteanna nach saincheisteanna trasteorann iad. De bhrí go bhféadfar dul chun cinn níos éifeachtaí a dhéanamh trí chur chuige ar an leibhéal réigiúnach, ba cheart d’oibreoirí córais tarchurtha struchtúir réigiúnacha a chur ar bun laistigh den struchtúr comhair foriomlán agus a áirithiú, ag an am céanna, go bhfuil na torthaí ar an leibhéal réigiúnach comhoiriúnach le cóid ghréasáin agus le pleananna forbartha gréasáin neamhcheangailteacha 10 mbliana ar leibhéal an Aontais. Maidir le comhar laistigh de struchtúir réigiúnacha den sórt sin, glactar leis go bhfuil díchuachadh éifeachtach á dhéanamh amhail idir gníomhaíochtaí gréasáin agus gníomhaíochtaí táirgthe agus soláthair. In éagmais díchuachadh den sórt sin, tá riosca iompraíocht fhrithiomaíochta ann mar gheall ar chomhar réigiúnach idir oibreoirí córais tarchuir. Ba cheart do na Ballstáit an comhar ar leibhéal réigiúnach a chur chun cinn mar aon le faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na hoibreachtaí gréasáin ar an leibhéal sin. Ba cheart an comhar ar an leibhéal réigiúnach a bheith comhoiriúnach leis an dul chun cinn i dtreo margaí inmheánacha do ghás nádúrtha agus hidrigine atá iomaíoch agus éifeachtúil.
(23)
Chun breis trédhearcachta a áirithiú maidir le forbairt an ghréasáin tarchurtha gáis nádúrtha san Aontas, ba cheart do ENTSO don Ghás plean forbartha gréasáin uile-Aontais neamhcheangailteach 10 mbliana do ghás nádúrtha (‘plean forbartha gréasáin uile-Aontais do ghás nádúrtha’) a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a uasdátú go rialta, ar bhonn cás comhpháirteach agus ar bhonn na samhla idirnasctha. Ba cheart an plean forbartha gréasáin uile-Aontais do ghás nádúrtha a fhorbairt tar éis próiseas trédhearcach lena mbaineann comhairliúchán poiblí fóinteach, lena n-áirítear rannpháirtíocht comhlachtaí eolaíocha neamhspleácha, agus ba cheart dó a bheith bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus eolaíocha. Chuige sin, féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide ionchur a sholáthar maidir leis na cásanna don phlean forbartha gréasáin uile-Aontais do ghás nádúrtha de bhun Rialachán (AE) 2022/869. Ba cheart gréasáin inmharthana tarchurtha gáis nádúrtha agus na hidirnaisc réigiúnacha is gá, atá ábhartha ó thaobh tráchtála nó slándáil soláthair de, a áireamh ar phlean forbartha gréasáin uile-Aontais sin do ghás nádúrtha. Leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais do ghás nádúrtha, ba cheart bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus comhtháthú an chórais fuinnimh a chur chun cinn, agus ba cheart rannchuidiú le húsáid stuama agus réasúnach acmhainní nádúrtha agus le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach.
(24)
Chun iomaíocht a fheabhsú trí mhargadh mórdhíola leachtach do ghás nádúrtha, tá sé ríthábhachtach go bhféadfaí gás nádúrtha a thrádáil go neamhspleách ar an suíomh atá aige sa chóras. An t-aon slí chun é seo a dhéanamh is ea trí shaoirse a thabhairt d’úsáideoirí gréasáin acmhainn iontrála sa chóras agus acmhainn scoir as an gcóras a chur in áirithint go neamhspleách ar a chéile, agus sa chaoi sin iompar gáis nádúrtha a chruthú trí chriosanna seachas trí chonairí conarthacha. Chun saoirse na hacmhainne áirithinte neamhspleáiche ag pointí iontrála agus scoir a áirithiú, níor cheart, dá bhrí sin, taraifí arna socrú do phointe iontrála amháin a bheith bainteach leis an taraif arna socrú do phointe scoir amháin, ach ba cheart ina ionad sin iad a thairiscint i dtaca leis na pointí sin ar leithligh agus níor cheart an muirear iontrála agus scoir a chuachadh sa taraif i bpraghas aonair.
(25)
Cé go ndéantar, le Rialachán (AE) Uimh. 312/2014 ón gCoimisiún (21), foráil maidir le rialacha i dtaca le rialacha teicniúla a chur ar bun lena bhforbraítear córas cothromúcháin, fágtar roghanna éagsúla maidir le dearadh gach córas cothromúcháin a chuirtear i bhfeidhm i gcóras sonrach iontrála-scoir. Mar thoradh ar an meascán roghanna arna ndéanamh, bíonn córas cothromúcháin sonrach ann atá infheidhme maidir le córas sonrach iontrála-scoir, a léiríonn críocha na mBallstát den chuid is mó faoi láthair.
(26)
Ba cheart an fhreagracht a bheith ar úsáideoirí gréasáin a n-ionchuir a chothromú le hais a n-aistarraingtí le hardáin trádála a bhunaítear chun an trádáil sa ghás nádúrtha idir úsáideoirí an ghréasáin a éascú ar bhealach níos fearr. Chun rochtain chomhionann ar an margadh do ghás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin a áirithiú, ba cheart, a mhéid is féidir, leibhéal an chórais dáileacháin a chumhdach sa chrios cothromúcháin freisin. Ba cheart an pointe trádála fíorúil a úsáid chun gás nádúrtha a mhalartú idir cuntais chothromúcháin úsáideoirí gréasáin.
(27)
Ní chiallaíonn tagairtí do chonarthaí comhchuibhithe iompair i gcomhthéacs na rochtana neamh-idirdhealaithí ar an líonra d’oibreoirí córais tarchuir gur gá gurb ionann téarmaí agus coinníollacha na gconarthaí iompair atá ag oibreoir córais ar leith i mBallstát amháin agus téarmaí agus coinníollacha oibreora eile córais sa Bhallstát sin nó i mBallstát eile, mura rud é go leagtar síos íoscheanglais nach mór iad a chomhlíonadh sna conarthaí iompair uile.
(28)
Tá gá le rochtain chomhionann ar fhaisnéis maidir le stádas fisiceach agus le héifeachtúlacht an chórais ionas go mbeidh rannpháirtithe uile sa mhargadh in ann staid fhoriomlán an éilimh agus an tsoláthair a mheasúnú agus go mbeidh siad in ann na cúiseanna leis na hathruithe ar an bpraghas mórdhíola a shainaithint. Áirítear leis sin, faisnéis níos cruinne ar sholáthar agus ar éileamh, ar acmhainn an ghréasáin, ar shreabha agus ar chothabháil, ar cothromú agus ar infhaighteacht agus úsáid stórála. Mar gheall ar an tábhacht a bhaineann leis an bhfaisnéis sin d’fheidhmiú an mhargaidh, is gá maolú ar na srianta atá ann cheana maidir le foilsiú ar chúiseanna rúndachta.
(29)
Maidir le ceanglais rúndachta i leith faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de, tá siad ábhartha go háirithe i gcás ina mbaineann siad le sonraí de chineál straitéiseach ó thaobh tráchtála de don ghnóthas lena mbaineann, i gcás nach bhfuil ach aon úsáideoir aonair amháin ann do shaoráid stórála gáis nádúrtha, nó i gcás ina mbaineann sonraí le pointí scoir laistigh de chóras nó d’fhochóras nach bhfuil nasctha le córas tarchuir nó dáileacháin eile ach atá nasctha le custaiméir deiridh tráchtála aonair, i gcás ina nochtfadh foilsiú sonraí den sórt sin faisnéis rúnda maidir le próiseas táirgthe an chustaiméara sin.
(30)
D’fhonn muinín sa mhargadh a fheabhsú, ní foláir do rannpháirtithe sa mhargadh a bheith cinnte go bhféadfar iad siúd a ghabhann d’iompraíocht mhí-úsáideach a chur faoi réir pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha. Ba cheart an inniúlacht a thabhairt do na húdaráis inniúla chun líomhaintí maidir le drochúsáid mhargaidh a fhiosrú go héifeachtach. Chun na críche sin, is gá rochtain a bheith ag na húdaráis inniúla ar shonraí ina bhfuil faisnéis maidir le cinntí oibríochtúla a ghlacann gnóthais soláthair. I margadh an gháis nádúrtha, déantar na cinntí sin go léir a chur in iúl do na hoibreoirí córais i bhfoirm forchoimeádas acmhainne, ainmniúchán agus sreabha réadaithe, Ba cheart d’oibreoirí córais faisnéis i dtaca leis sin a choimeád ar fáil do na húdaráis inniúla, agus rochtain éasca a bheith ag na húdaráis sin uirthi, go ceann tréimhse socraithe. Ina theannta sin, ba cheart do na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar chomhlíonadh na rialacha ar thaobh na n-oibreoirí córais.
(31)
Ní leor an rochtain atá ann ar shaoráidí stórála gáis nádúrtha agus ar shaoráidí gáis nádúrtha leachtaithe (GNL), i roinnt Ballstát, agus is gá, dá bhrí sin, cur chun feidhme na rialacha atá ann cheana a fheabhsú a mhéid a bhaineann le trédhearcacht agus cuspóirí an Phlean REPowerEU. Ba cheart a chur san áireamh leis an bhfeabhsú sin acmhainneacht agus glacadh gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin maidir leis na saoráidí sin ar an margadh inmheánach.
(32)
Is sásraí tábhachtacha iad córais chothromúcháin neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha do ghás nádúrtha a oibríonn oibreoirí córais tarchuir, go háirithe maidir le hiontrálaithe nua sa mhargadh a bhféadfadh níos mó deacrachta a bheith acu a bpunann fhoriomlán díolacháin a chothromú ná mar atá ag gnóthais atá bunaithe cheana laistigh de mhargadh ábhartha. Is gá, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos chun a áirithiú go n-oibreoidh oibreoirí córais tarchuir sásraí den sórt sin ar dhóigh atá comhoiriúnach le coinníollacha rochtana ar an ngréasán atá neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach agus éifeachtach.
(33)
Ba cheart do na húdaráis rialála comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, mar aon leis na cóid ghréasáin agus na dtreoirlínte arna nglacadh dá bhun.
(34)
Sna treoirlínte a leagtar síos in iarscríbhinn, déantar rialacha níos mionsonraithe a bhunú. I gcás inarb iomchuí, ba cheart na rialacha sin a fhorbairt le himeacht ama, agus na héagsúlachtaí idir na córais náisiúnta gáis nádúrtha á gcur san áireamh mar aon lena bhforbairt.
(35)
Le linn leasú ar na treoirlínte a leagtar síos san iarscríbhinn a mholadh, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go rachfaí i gcomhairle roimh ré leis na páirtithe ábhartha uile lena mbaineann na treoirlínte sin, a ndéanann a heagraíochtaí gairmiúla ionadaíocht orthu, agus leis na Ballstáit laistigh d’Fhóram Mhaidrid.
(36)
Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit agus ar na húdaráis náisiúnta inniúla, arna iarraidh sin, faisnéis ábhartha a sholáthar don Choimisiún. Ba cheart a áirithiú san iarraidh ar an bhfaisnéis na cúiseanna a bhfuil an fhaisnéis riachtanach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme. Ba cheart don Choimisiún déileáil le faisnéis den sórt sin mar fhaisnéis rúnda.
(37)
Beidh an Rialachán seo agus na cóid ghréasáin agus na treoirlínte a ghlacfar dá bhun gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta an Aontais.
(38)
Ba cheart do na Ballstáit agus do Chomhpháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh comhoibriú go dlúth ar chúrsaí uile a bhaineann le réigiún comhtháite trádála gáis nádúrtha a fhorbairt agus níor cheart dóibh aon bheart a dhéanamh a chuirfeadh comhtháthú breise na margaí gáis nádúrtha, ná slándáil soláthair na mBallstát agus na gComhpháirtithe Conarthacha i mbaol.
(39)
Leis an aistriú fuinnimh agus comhtháthú leanúnach an mhargaidh do ghás nádúrtha, éilítear tuilleadh trédhearcachta maidir le hioncam ceadaithe nó sprioc-ioncam an oibreora córais tarchuir. Tá roinnt cinntí a bhaineann le gréasáin gáis nádúrtha le bheith bunaithe de réir na faisnéise sin. Mar shampla, tá gá le níos mó trédhearcachta ná mar atá ann faoi láthair chun sócmhainní tarchuir a aistriú ó oibreoir gréasáin gáis nádúrtha chuig oibreoir gréasáin hidrigine nó chun sásra um chúiteamh idir oibreoirí córais tarchuir (ITC) a chur chun feidhme. Ina theannta sin, tá gá le soiléireacht maidir leis an éileamh ar ghás nádúrtha agus na réamh-mheastacháin chostais araon le haghaidh na measúnuithe ar fhorbairt na dtaraifí go fadtéarmach. Is dóchúil go n-éascóidh an trédhearcacht maidir le hioncam ceadaithe réamh-mheastacháin chostais. Ba cheart do na húdaráis rialála, go sonrach, faisnéis a sholáthar go tráthrialta faoin modheolaíocht a úsáidtear chun ioncam na n-oibreoirí córais tarchuir a ríomh, luach a mbonn sócmhainní rialála agus a dímheas le himeacht ama, luach an chaiteachais oibríochtúil, costas an chaipitil a chuirtear i bhfeidhm ar oibreoirí córais tarchuir, agus na dreasachtaí agus na préimheanna a chuirtear i bhfeidhm, chomh maith le forbairt fhadtéarmach na dtaraifí tarchuir ar bhonn na n-athruithe a bhfuiltear ag dréim leo ar ioncam ceadaithe nó ar sprioc-ioncam na n-oibreoirí córais tarchuir agus ar an éileamh ar ghás nádúrtha. Chun comhoibriú cuí an phróisis a áirithiú maidir le sonraí a bhailiú agus a léiriú le haghaidh staidéar comparáide éifeachtúlachta trédhearcach agus inatáirgthe ar oibreoirí córais tarchuir, ba cheart do ACER dul i gcomhairle leis na hoibreoirí córais tarchuir agus le ENTSO don Ghás.
(40)
Is costais sheasta den chuid is mó é caiteachas na n-oibreoirí córais tarchuir. Tá a samhail ghnó agus na creataí rialála náisiúnta atá ann faoi láthair bunaithe ar an toimhde go n-úsáidfear go fadtéarmach a ngréasáin lena mbaineann tréimhsí fada dímheasa: ó 30 go 60 bliain. I gcomhthéacs an aistrithe fuinnimh, ba cheart na húdaráis rialála a bheith in ann an t-éileamh ar ghás nádúrtha a réamh-mheas chun na socruithe rialála a mhodhnú in am trátha agus chun cosc a chur ar an gcás ina mbeadh aisghabháil costas na n-oibreoirí córais tarchuir trí tharaifí ina bagairt ar inacmhainneacht gáis nádúrtha le haghaidh tomhaltóirí mar gheall ar chóimheas méadaitheach costas socraithe leis an éileamh ar ghás nádúrtha. I gcás inar gá, d’fhéadfaí, mar shampla, próifíl dímheasa nó íocaíocht na sócmhainní tarchuir a mhodhnú.
(41)
Ba cheart trédhearcacht ioncam ceadaithe nó sprioc-ioncam na n-oibreoirí córais tarchuir a mhéadú chun gur féidir le húsáideoirí gréasáin tagarmharcáil agus measúnú a dhéanamh. Chomh maith leis sin, ba cheart trédhearcacht a mhéadú chun an comhar trasteorann agus cur ar bun ITC idir oibreoirí córais tarchuir a éascú ar mhaithe le comhtháthú réigiúnach nó ar mhaithe le lascainí taraife do ghás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin a chur chun feidhme, mar a leagtar síos sa Rialachán seo.
(42)
Chun úsáid a bhaint as na láithreacha is buntáistí go heacnamaíoch do ghás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin a tháirgeadh, ba cheart d’úsáideoirí gréasáin tairbhe a bhaint as lascainí i dtaraifí atá acmhainnbhunaithe. D’fhéadfaí a áireamh ar na lascainí sin lascaine san instealladh ó shaoráidí táirgthe gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin, lascaine i dtaraifí ag pointí iontrála ó shaoráidí stórála gáis nádúrtha agus chuig a bpointí scoir, agus lascaine sna taraifí trasteorann ag pointí idirnaisc idir na Ballstáit. Ba cheart do na húdaráis rialála a bheith in ann cinneadh a dhéanamh gan na lascainí a chur i bhfeidhm ar na taraifí sin in imthosca áirithe. I gcás ina dtagann athrú ar luach lascainí nach lascainí trasteorann iad, ba cheart don údarás rialála an leas idir úsáideoirí gréasáin agus oibreoirí gréasáin a chothromú, agus creataí cobhsaí airgeadais á gcur san áireamh a dearadh go sonrach le haghaidh infheistíochtaí atá ann cheana, go háirithe le haghaidh saoráidí táirgthe fuinnimh in-athnuaite. I gcás inar féidir, ba cheart táscairí nó coinníollacha chun an lascaine a athrú a chur ar fáil go leordhóthanach sula ndéanfar aon chinneadh an lascaine a athrú. Níor cheart go ndéanfadh an lascaine sin difear don mhodheolaíocht ghinearálta maidir le taraifí a shocrú, ach ba cheart í a chur ar fáil ex post maidir leis an taraif ábhartha. Chun tairbhe a bhaint as an lascaine, ba cheart d’úsáideoirí gréasáin an fhaisnéis is gá a chur faoi bhráid an oibreora córais tarchuir ar bhonn deimhniú inbhuanaitheachta atá cláraithe i mbunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 31a de Threoir (AE) 2018/2001.
(43)
Ba cheart déileáil le laghduithe ar ioncam ó chur i bhfeidhm na lascainí mar laghduithe ginearálta ar ioncam, mar shampla laghduithe de bharr díolacháin acmhainne laghdaithe, agus níor mhór iad a aisghabháil ar bhealach tráthúil trí tharaifí, mar shampla trí na taraifí sonracha a mhéadú i gcomhréir leis na rialacha ginearálta a leagtar síos sa Rialachán seo.
(44)
Chun an éifeachtúlacht a mhéadú sna gréasáin dáilte gáis nádúrtha san Aontas agus chun an dlúthchomhar le hoibreoirí córais tarchuir agus le ENTSO don Ghás a áirithiú, agus chun an éifeachtúlacht a mhéadú sna gréasáin dáilte hidrigine san Aontas agus chun an dlúthchomhar le hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine agus le ENNOH a áirithiú, ba cheart foráil a dhéanamh d’eintiteas Eorpach d’oibreoirí córais dáileacháin (‘eintiteas AE do OCDanna’). Ba cheart d’eintiteas AE do OCDanna oibreoirí córais dáilte gáis nádúrtha a chur san áireamh chomh maith agus ba cheart a bheith in ann oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine a áireamh ann. Ba cheart cúraimí eintiteas AE do OCDanna a shainiú ar bhealach soiléir agus ba cheart éifeachtúlacht, trédhearcacht agus ionadaíocht a áirithiú ina mhodhanna oibre i measc oibreoirí córais tarchuir an Aontais agus oibreoirí gréasáin hidrigine an Aontais. Ba cheart an tsaoirse a bheith ag eintiteas AE do OCDanna a reachtanna agus a rialacha nós imeachta a bhunú agus na héagsúlachtaí idir earnálacha an gháis nádúrtha, na hidrigine agus an leictreachais á gcur san áireamh. Ba cheart d’eintiteas AE do OCDanna comhoibriú go dlúth le ENTSO don Ghás agus le ENNOH maidir leis na cóid ghréasáin a ullmhú agus a chur chun feidhme, i gcás inarb infheidhme, agus ba cheart dó oibriú chun treoir a thabhairt maidir le comhtháthú, inter alia, ar ghiniúint dháilte agus réimsí eile a bhaineann le bainistiú na ngréasán dáileacháin.
(45)
Tá ról tábhachtach ag oibreoirí córais dáileacháin maidir le gás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin a chomhtháthú sa chóras, mar shampla, tá thart ar leath den acmhainn táirgthe bithmheatáin nasctha leis an eangach dáileacháin. Chun rannpháirtíocht an gháis sin ar mhargadh an mhórdhíola a éascú, ba cheart rochtain ar an bpointe trádála fíorúil a bheith ag saoráidí táirgthe atá nasctha leis an eangach dáileacháin i ngach Ballstát. Ina theannta sin, de bhun an Rialacháin seo, ba cheart d’oibreoirí córais dáileacháin agus d’oibreoirí córais tarchuir oibriú le chéile chun sreafaí cúl treo ón dáileadh go dtí an gréasán tarchuir a chumasú nó chun comhtháthú an chórais dáileacháin a áirithiú trí mhodhanna malartacha, arb ionann an éifeachtacht leo, chun comhtháthú margaidh gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin a éascú.
(46)
Féadfaidh an sásra um chomhiomlánú éilimh agus an ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha agus an sásra chun tacú le forbairt margaidh hidrigine ról lárnach a bheith acu maidir le cuspóirí bheartas fuinnimh an Aontais a bhaint amach: trédhearcacht margaidh, an dícharbónú, an t-éagsúlú agus slándáil an tsoláthair.
(47)
Leis an sásra um chomhiomlánú éilimh agus an ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha agus an sásra chun tacú le forbairt margaidh hidrigine, rannchuidítear le haontacht mhargadh fuinnimh an Aontais tríd an trédhearcacht a fheabhsú, chomh maith le hinfheictheacht an éilimh ar fhoinsí fuinnimh ar fud na mBallstát le haghaidh soláthróirí lena mbaineann a áirithiú.
(48)
Féadfaidh comhiomlánú éilimh do ghás nádúrtha feabhas a chur ar an bhfor-rochtain idirnáisiúnta a dhéantar i leith soláthróirí gáis nádúrtha, cibé acu is soláthróirí píblíne nó GNL iad, rud atá fíor-riachtanach chun cuidiú le cuspóirí bheartas fuinnimh an Aontais agus aontacht mhargadh fuinnimh an Aontais a bhaint amach. Go háirithe, trí chomhordú i bhfad níos láidre leis na Ballstáit agus ina measc maidir le tríú tíortha trí bhíthin an tsásra um chomhiomlánú éilimh agus an ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha, agus an sásra chun tacú le forbairt margaidh na hidrigine, d’áiritheofaí go mbainfí úsáid níos éifeachtaí as ualach comhchoiteann an Aontais.
(49)
Is féidir le comhiomlánú éilimh do ghás nádúrtha rannchuidiú le cuspóirí dícharbónaithe an Aontais trí chaighdeáin chomhshaoil a ionchorprú sa chomhiomlánú éilimh agus i mbailiú na dtairiscintí. Féadfar cuidiú leis na cuspóirí sin a bhaint amach freisin tríd an sásra chun tacú le forbairt margaidh na hidrigine a sheoladh.
(50)
Ba cheart roinnt céimeanna a chuimsiú sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus an ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha a bhunaítear faoin Rialachán seo, ag tosú le gnóthais gáis nádúrtha nó gnóthais a ídíonn gás nádúrtha atá bunaithe san Aontas agus cumasaithe chun a n-éileamh ar ghás nádúrtha a chomhiomlánú trí sholáthraí seirbhíse, arna chonrú ag an gCoimisiún. Chuirfeadh sé sin ar a gcumas do sholáthróirí gáis nádúrtha tairiscintí a dhéanamh ar bhonn toirteanna móra comhiomlánaithe, seachas go leor tairiscintí níos lú a dhéanamh do cheannaitheoirí a théann i dteagmháil leo ar bhonn aonair. Bhaileodh an soláthraí seirbhíse na tairiscintí soláthair ansin agus dhéanfadh sé iad a mheaitseáil le toirteanna an gháis nádúrtha a chomhiomlánaíodh roimhe sin. Ba cheart gur ar bhonn deonach a dhéanfaí caibidlíocht agus tabhairt i gcrích na gconarthaí chun gás nádúrtha a cheannach tar éis comhiomlánú éilimh.
(51)
Le comhiomlánú éilimh, is féidir rochtain níos cothroime a áirithiú do ghnóthais ar fud na mBallstát ar fhoinsí gáis nádúrtha nua nó breise agus a bheith ina chúis le coinníollacha conarthacha iomaíocha maidir le gás nádúrtha a cheannach ó na Ballstáit agus ó thríú tíortha, rud a rachadh chun tairbhe do chustaiméirí deiridh. Le comhiomlánú éilimh, ba cheart leanúint de thacaíocht a thabhairt do na gnóthais sin freisin nár cheannaigh gás nádúrtha ach ó sholáthróir amháin roimhe sin nó go príomha ó sholáthróir amháin agus cabhrú leo soláthairtí gáis nádúrtha a fháil ó sholáthróirí nó soláthraithe gáis nádúrtha malartacha i ndálaí buntáisteacha. D’fhéadfadh comhiomlánú éilimh feabhas a chur ar sheasamh na ngnóthas sin ar na margaí GNL domhanda.
(52)
Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go n-eagróidh soláthraithe seirbhíse a gcúraimí mar a leagtar síos sa Rialachán seo agus cuspóirí an tsásra agus sainiúlachtaí an gháis nádúrtha á gcur san áireamh. Go háirithe, agus tairiscintí soláthair gáis nádúrtha á leithdháileadh ar ghnóthais a dhéanann an t-éileamh a chomhiomlánú, ba cheart do na soláthraithe seirbhíse modhanna a chur i bhfeidhm nach ndéanfadh idirdhealú idir rannpháirtithe beaga agus móra. Mar shampla, ba cheart do na soláthraithe seirbhíse tairiscintí soláthair gáis nádúrtha a leithdháileadh i gcomhréir leis na toirteanna a dhearbhaigh gnóthais aonair mar éileamh. D’fhéadfadh sé sin a bheith ábhartha i gcás nach gcumhdaíonn an soláthar an t-éileamh ar ghás nádúrtha i margadh fuinnimh an Aontais go leordhóthanach. Ba cheart don Choimisiún na ceanglais ábhartha is infheidhme maidir le cúraimí na soláthraithe seirbhíse a shonrú sna sonraíochtaí tairisceana ábhartha.
(53)
Ba cheart don Choimisiún conradh a dhéanamh i ndáil leis na seirbhísí riachtanacha soláthraithe seirbhíse trí na nósanna imeachta ábhartha soláthair faoi Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) chun na sásraí a bhunaítear faoin Rialachán seo a chur chun feidhme. Chun leasanna bunúsacha slándála nó slándáil soláthair an Aontais nó Ballstáit a choimirciú, ba cheart na seirbhísí a fháil ó sholáthraithe seirbhíse atá bunaithe san Aontas.
(54)
Ba cheart an próiseas chun an t-éileamh ar ghás nádúrtha a chomhiomlánú a bheith curtha i gcrích ag soláthraí seirbhíse iomchuí. Is próiseas casta é an t-éileamh a chomhiomlánú agus gás nádúrtha a cheannach, agus ní mór gnéithe éagsúla a chur san áireamh leis, ar gnéithe iad nach bhfuil teoranta do phraghsanna, ach lena n-áirítear toirteanna, pointí seachadta agus paraiméadair eile freisin. I bhfianaise thábhacht na seirbhísí a bhaineann le comhiomlánú éilimh gáis nádúrtha agus an tsásra chun tacú le forbairt margaidh na hidrigine don trédhearcacht, don éagsúlú, don dícharbónú, agus do shlándáil sholáthar an Aontais, go háirithe i gcás meath ar staid na slándála soláthair, ba cheart gnóthais a eisiamh ó bheith ina sholáthraí seirbhíse um chomhiomlánú éilimh do ghás nádúrtha nó ina sholáthraí seirbhíse le haghaidh an tsásra chun tacú le forbairt margaidh na hidrigine, ar gnóthais iad atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 29 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) nó Airteagal 215 CFAE, nó atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag aon duine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlacht atá faoi réir na mbeart sriantach sin de chuid an Aontais, nó ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir aon duine, eintiteas nó chomhlacht. Ba cheart don Choimisiún na ceanglais is infheidhme maidir leis na soláthraithe seirbhíse a shonrú sna sonraíochtaí tairisceana.
(55)
Féadfaidh tomhaltóirí tionsclaíocha a úsáideann gás nádúrtha go dian ina bpróisis táirgthe, amhail táirgeoirí leasachán, cruach, ceirmigh nó gloine, tairbhe a bhaint freisin as comhiomlánú éilimh trína chur ar a gcumas a n-éileamh a chomhthiomsú, conradh a dhéanamh i leith soláthairtí gáis nádúrtha agus GNL, agus iad a struchtúrú de réir a riachtanas sonrach. Ba cheart rialacha trédhearcacha a bheith ag an bpróiseas chun an comhiomlánú éilimh a eagrú maidir le conas a bheith páirteach ann agus ba cheart a oscailteacht a áirithiú.
(56)
Ba cheart an sásra um chomhiomlánú éilimh agus an ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha, agus an sásra chun tacú le forbairt margaidh na hidrigine a bheith oscailte do ghnóthais atá bunaithe san Aontas agus, i bhfianaise an dlúth-ailínithe le acquis fuinnimh an Aontais agus leis an margadh inmheánach fuinnimh, do ghnóthais a bunaíodh i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh, ar choinníoll go bhfuil na bearta nó na socruithe riachtanacha i bhfeidhm.
(57)
Mar sin féin, chun céimniú amach a dhéanamh ar spleáchais reatha an Aontais ar ghás nádúrtha nó hidrigin nó chun spleáchais nua a sheachaint, ar gás nádúrtha é nó ar hidrigin í arna soláthar ag gnóthais ó thríú tíortha atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais, agus chun leasanna bunúsacha slándála a chosaint, an sásra um chomhiomlánú éilimh agus an ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha agus an sásra chun tacú le forbairt margaidh na hidrigine, níor cheart iad a bheith oscailte do ghnóthais atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 29 CAE nó Airteagal 215 CFAE, nó atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá faoi réir na mbeart sriantach sin de chuid an Aontais, nó ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir an duine, eintitis nó an chomhlachta sin. Dá bhrí sin, ba cheart na gnóthais sin a eisiamh ó bheith rannpháirteach sa dá shásra, go háirithe mar sholáthróir nó mar cheannaitheoir.
(58)
Chun páirt éifeachtach a ghlacadh sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha agus chun comhaontuithe gáis nádúrtha a thabhairt i gcrích le soláthróirí, tá gnóthais in ann cuibhreannais a chruthú nó cineálacha eile comhair a dhéanamh chun coinníollacha áirithe an cheannacháin a chaibidliú go comhpháirteach, amhail toirteanna, coinníollacha seachadta na bpointí ceannaigh agus an t-am, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i ndlí an Aontais. Ba cheart do ghnóthais atá ag gabháil do cheannach comhpháirteach a áirithiú, áfach, go bhfuil an fhaisnéis a mhalartaítear go díreach nó go hindíreach teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach chun an cuspóir a dtugtar faoi a bhaint amach. Ba cheart ceannacháin chomhpháirteacha faoin Rialachán seo a chur ar bun agus a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais, go háirithe Airteagail 101 agus 102 CFAE.
(59)
Tá sé ríthábhachtach faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chosaint nuair a chuirtear faisnéis ar fáil don Choimisiún, don Bhord Stiúrtha, do ghrúpaí comhordúcháin, do ghrúpaí saineolaithe nó do na soláthraithe seirbhíse. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún ionstraimí éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun an fhaisnéis sin a chosaint ar aon rioscaí rochtana neamhúdaraithe agus rioscaí cibearshlándála. Aon sonraí pearsanta a d’fhéadfaí a phróiseáil mar chuid den sásra um chomhiomlánú éilimh agus den cheannach chomhpháirteach gáis nádúrtha agus an sásra chun tacú le forbairt margaidh hidrigine, ba cheart iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 (23) agus (AE) 2018/1725 (24) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(60)
Mar gheall ar chogadh gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin ó mhí Feabhra 2022 i leith, le tacaíocht ón mBealarúis, agus laghduithe, arna n-úsáid mar arm, ar sholáthairtí gáis nádúrtha agus cúbláil na margaí trí shuaití d’aon ghnó ar shreafaí gáis nádúrtha, tugadh leochaileachtaí agus spleáchais chun solais san Aontas agus sna Ballstáit, ar léir go bhféadfadh tionchar díreach agus tromchúiseach a bheith acu ar a leasanna bunúsacha slándála agus ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh. Ag an am céanna, níor tháinig ach méadú beag ar fhoinsí malartacha soláthair gáis ón margadh domhanda GNL in 2022 agus 2023. Tá coinne leis nach mbeidh acmhainn mhór nua leachtaithe GNL ar líne go dtí go mbeidh 2025 ann. Dá bhrí sin, tá na margaí domhanda gáis nádúrtha fós an-dian agus meastar go bhfanfaidh siad mar sin ar feadh tréimhse áirithe, rud a fhágfaidh go mbeidh staid leochaileach leanúnach ann don Aontas agus dá Bhallstáit. I bhfianaise an mhéid sin, is iomchuí bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an leochaileacht leanúnach sin.
(61)
Is ionstraim thábhachtach é an sásra um chomhiomlánú éilimh agus an ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha chun éagsúlú soláthairtí gáis nádúrtha a eagrú agus chun an spleáchas ar ghás nádúrtha na Rúise a chéimniú amach in go leor Ballstát, i gcomhréir le teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Márta 2022 dar teideal ‘REPowerEU: Comhghníomhaíocht Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláinte agus níos inbhuanaithe’ (‘REPowerEU’). Chun leasanna bunúsacha slándála an Aontais agus leasanna bunúsacha slándála Ballstáit dá chuid a chosaint, agus ar mhaithe le slándáil an tsoláthair a choimirciú, agus chun go bhféadfar spleáchas gáis nádúrtha a chéimniú amach go héifeachtach agus go mear, níor cheart soláthairtí gáis nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise ná na Bealarúise ná soláthairtí GNL ó shaoráidí GNL atá lonnaithe i gCónaidhm na Rúise ná sa Bhealarúis a thairiscint tríd an sásra um chomhiomlánú éilimh agus an ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha go dtí an 31 Nollaig 2025. I ndiaidh an dáta sin, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann a chinneadh soláthairtí gáis nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó na Bealarúise, nó soláthairtí GNL ó shaoráidí GNL atá lonnaithe i gCónaidhm na Rúise nó sa Bhealarúis, a eisiamh go sealadach ar feadh tréimhse suas le bliain amháin, a fhéadfar a athnuachan má tá údar leis, i gcás inar gá sin chun leasanna bunúsacha slándála nó slándáil soláthair an Aontais nó Ballstáit a chosaint. Níor cheart go gcuirfeadh aon teorainneacha den sórt sin isteach go míchuí ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh do ghás nádúrtha, agus ar shreafaí trasteorann gáis nádúrtha idir na Ballstáit, níor cheart dóibh an bonn a bhaint de shlándáil soláthair an Aontais nó de shlándáil soláthair Ballstáit dá chuid, ba cheart dóibh prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh a urramú, agus ba cheart iad a dhéanamh i gcomhréir le cearta agus oibleagáidí an Aontais nó na mBallstát i ndáil le tríú tíortha.
(62)
Ba cheart don Choimisiún na bearta iomchuí atá ar fáil a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh sé éifeachtach soláthairtí gáis nádúrtha nó GNL de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó na Bealarúise, agus soláthairtí GNL ó shaoráidí GNL atá lonnaithe i gCónaidhm na Rúise nó sa Bhealarúis, a eisiamh ón sásra um chomhiomlánú éilimh agus an ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha. I ndáil leis sin, ba cheart don Choimisiún iarraidh ar an soláthraí seirbhíse ábhartha na fíoruithe is gá a dhéanamh. D’fhéadfadh na fíoruithe sin a bheith i bhfoirm, inter alia, iarraidh ó sholáthróirí nó táirgeoirí gáis nádúrtha atá rannpháirteach sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus an ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha chun na doiciméid loingseoireachta ábhartha a sholáthar nuair atá na soláthairtí á seachadadh, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil. Thairis sin, ba cheart a iarraidh ar rannpháirtithe sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus an ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha dearbhú a thabhairt, i gcás inarb infheidhme, i ndáil le comhlíonadh a n-oibleagáide gan gás nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise nó ón mBealarúis, nó soláthairtí GNL ó shaoráidí GNL atá lonnaithe i gCónaidhm na Rúise nó sa Bhealarúis, a thairiscint ná a sholáthar.
(63)
Ba cheart go bhfaigheadh an Coimisiún cúnamh ó Bhord Stiúrtha a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún agus é mar aidhm leis sin comhordú agus malartú faisnéise a éascú i ndáil le comhiomlánú éilimh an gháis nádúrtha Ba cheart rannpháirtíocht na mBallstát a bheith deonach agus braitheann sí go háirithe ar chlár oibre chruinnithe an Bhoird Stiúrtha.
(64)
Is iompróir fuinnimh í an hidrigin a bhfuil gnéithe aici atá éagsúil ón ngás nádúrtha ó thaobh cáilíochta, modhanna iompair agus patrúin éilimh de. Tá bearna shuntasach fós ann idir na costais a bhaineann le táirgeadh hidrigine in-athnuaite agus ísealcharbóin agus an praghas margaidh ar roghanna malartacha nach bhfuil chomh hinbhuanaithe céanna, rud a d’fhéadfadh idirghabháil phoiblí a éileamh chun dreasachtaí a sholáthar go dtí go mbeidh leictrealóirí agus teicneolaíochtaí agus ionchuir hidrigine ghaolmhara eile iomaíoch go leor.
(65)
Mar sin féin, tá acmhainneacht láidir táirgthe hidrigine in-athnuaite agus ísealcharbóin ag an Aontas. I ndáil leis sin, sheol an Coimisiún tionscnamh an Bhainc Eorpaigh Hidrigine i mí an Mhárta 2023. Déanann an Banc Eorpach Hidrigine cur síos ar roinnt gníomhaíochtaí, trína ndéanann an Coimisiún cruthú margaidh hidrigine de chuid an Aontais a éascú, soláthairtí ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta iontaofa a chumasú, agus faisnéis maidir le forbairt mhargadh hidrigine an Aontais agus maidir le cistiú do thionscadail hidrigine a bhailiú agus a scaipeadh. Déantar na gníomhaíochtaí sin faoi chuimsiú na n-ionstraimí dlíthiúla ábhartha atá ann cheana, amhail Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25). Leis na huirlisí deonacha a chuirtear i bhfeidhm maidir le hidrigin faoi chuimsiú an Bhainc Eorpaigh Hidrigine, go háirithe an sásra chun tacú le forbairt margaidh na hidrigine, ba cheart go ndíreofaí ar dhlús a chur le méadú tháirgeadh hidrigine agus fhorbairt margaidh an Aontais, lena n-áirítear trí thrédhearcacht an éilimh, an tsoláthair, na sreafaí agus na bpraghsanna hidrigine a mhéadú agus trí ról comhordúcháin a bheith acu, táirgeoirí agus tomhaltóirí a nascadh agus cumasc leis na hionstraimí airgeadais atá ann cheana a éascú.
(66)
I gcomhthéacs na hoibre arna déanamh faoin mBanc Eorpach Hidrigine, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an sásra a bhunú chun tacú le forbairt margaidh na hidrigine, agus béim á leagan ar tháirgeadh atá bunaithe san Aontas. I bhfianaise shaintréithe na hidrigine agus mhargadh na hidrigine, ba cheart an sásra sin a bhunú ar feadh tréimhse theoranta chun na huirlisí is éifeachtaí a shainaithint chun éileamh agus soláthar hidrigine san Aontas a shainaithint agus chun na socruithe margaidh agus bonneagair is fearr a fhiosrú.
(67)
Ba cheart rochtain ar fhaisnéis do sholáthróirí agus do cheannaitheoirí i gcomhthéacs an tsásra chun tacú le forbairt margaidh na hidrigine a bheith faoi réir thoiliú na ngnóthas sin agus chomhlíonadh dhlí iomaíochta an Aontais.
(68)
Ba cheart don Choimisiún féin a bheith in ann an sásra a chur chun feidhme chun tacú leis an bhforbairt margaidh hidrigine nó ba cheart dó a bheith in ann é sin a dhéanamh trí na soláthraithe seirbhíse ábhartha. Má chinneann an Coimisiún sásra den sórt sin a chur chun feidhme trí sholáthraí seirbhíse, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo maidir leis na conarthaí le soláthraithe seirbhíse, na critéir chun soláthraithe seirbhíse a roghnú, agus cúraimí na soláthraithe seirbhíse.
(69)
D’fhéadfadh uirlisí a bheadh dírithe ar thrédhearcacht, ar infheictheacht na forbartha margaidh agus ar mheasúnú deonach ar éileamh a bheith sa sásra chun tacú le forbairt margaidh na hidrigine. Ba cheart go gcuirfí an sásra sin chun feidhme faoin mBanc Eorpach Hidrigine. Ba cheart don Bhanc Eorpach Hidrigine comhordú a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le soláthar, éileamh, sreafaí agus praghsanna hidrigine chun muinín a neartú i margadh na hidrigine atá ag forbairt agus chun an t-éileamh méadaitheach i gcás táirgeoirí hidrigine agus ceannaitheoirí hidrigine a dhéanamh níos feiceálaí. Ba cheart aibíocht agus leachtacht an mhargaidh hidrigine chomh maith le hinfhaighteacht an bhonneagair a chur san áireamh sa sásra chun tacú le forbairt margaidh na hidrigine.
(70)
Má bhunaíonn an Coimisiún grúpa comhordúcháin le haghaidh ábhair a bhaineann leis an sásra chun tacú le forbairt margaidh na hidrigine, ba cheart grúpa comhordúcháin den sórt sin a dhíriú go sonrach ar hidrigin.
(71)
Ba cheart iarrachtaí an Aontais, arb é is aidhm dóibh soláthairtí gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise a chéimniú amach, agus spleáchas nua ar sholáthairtí gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise a sheachaint agus leasanna bunúsacha slándála an Aontais agus na mBallstát a chosaint, a léiriú freisin i gcomhthéacs an tsásra chun tacú leis an bhforbairt margaidh hidrigine freisin agus, chomh maith leis sin, i bhfianaise soláthairtí fuinnimh a bheith in úsáid mar arm ag Cónaidhm na Rúise, rud a léirítear leis an laghdú ar sholáthairtí gáis nádúrtha agus le suaithí i sreafaí gáis nádúrtha. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an gCoimisiún, dá bhrí sin, cinneadh a dhéanamh maidir le srian a chur le gníomhaíochtaí i ndáil leis an measúnú ar thairiscintí a mhéid a bhaineann le soláthairtí hidrigine de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó na Bealarúise laistigh den sásra chun tacú le forbairt margaidh na hidrigine trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme. Níor cheart an cinneadh sin a dhéanamh ach amháin i gcás inar gá chun leasanna bunúsacha slándála n Aontais agus na mBallstát a chosaint agus ba cheart é a bheith bunaithe ar na prionsabail chéanna is infheidhme maidir le rannpháirtíocht sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus an ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha, ach é a oiriúnú do na gníomhaíochtaí a dhéantar tríd an sásra chun tacú le forbairt margaidh na hidrigine. Go háirithe, ba cheart an amlíne chun cinneadh den sórt sin a ghlacadh agus a mheasúnú roimh ré a choigeartú do sheoladh beartaithe oibriú an tsásra.
(72)
Sula rachaidh an sásra chun tacú leis an bhforbairt margaidh hidrigine in éag agus tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2029, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar fheidhmíocht an tsásra sin agus, go háirithe, ar a rannchuidiú le forbairt an mhargaidh hidrigine san Aontas. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann togra reachtach a thíolacadh chun sásra le haghaidh comhiomlánú deonach éilimh agus an ceannach comhpháirteach hidrigine.
(73)
Le comhtháthú toirteanna méadaitheacha gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin i gcóras gáis nádúrtha an Aontais, athrófar cáilíocht an gháis nádúrtha a iompraítear agus a ídítear san Aontas. Chun sreabhadh trasteorann gáis nádúrtha gan bhac a áirithiú, idir-inoibritheacht na margaí a choinneáil ar bun agus comhtháthú margaidh a chumasú, tá gá an trédhearcacht a mhéadú maidir le cáilíocht an gháis agus maidir le costais a bhainistithe, is gá foráil a dhéanamh do chur chuige comhchuibhithe maidir le róil agus freagrachtaí na n-údarás rialála agus na n-oibreoirí córais agus an comhordú trasteorann a threisiú. Agus cur chuige comhchuibhithe á áirithiú le haghaidh pointí idirnaisc trasteorann maidir le cáilíocht an gháis, ba cheart solúbthacht na mBallstát a choinneáil ar bun maidir le caighdeáin cháilíochta gáis a chur i bhfeidhm ina gcórais náisiúnta gáis nádúrtha.
(74)
Ba cheart go mbeadh cumasc na hidrigine sa chóras gáis nádúrtha ina réiteach rogha deireanaí, toisc nach bhfuil sé chomh héifeachtúil i gcomparáid le húsáid hidrigine ina foirm íon agus go laghdaítear luach na hidrigine leis. Tá tionchar aige sin freisin ar oibriú an bhonneagair gáis nádúrtha, ar fheidhmeanna ar leibhéal na n-úsáideoirí deiridh, agus ar idir-inoibritheacht na gcóras trasteorann. Ba cheart tús áite a thabhairt do tháirgeadh agus d’úsáid hidrigine ina foirm íon agus ina hiompar sa chóras tiomnaithe hidrigine. Ba cheart gach iarracht a dhéanamh úsáid hidrigine a sheachaint i gcás feidhmeanna a bhfuil roghanna eile ann ina leith atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de. Ba cheart go gcaomhnófaí an ceart atá ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le cumasc hidrigine a chur i bhfeidhm ina gcórais náisiúnta gáis nádúrtha. San am céanna, mhaolófaí an riosca deighilte margaidh le cur chuige comhchuibhithe maidir le hidrigin a chumasc isteach sa chóras gáis nádúrtha agus é sin i bhfoirm caidhp atá ceadaithe ar fud an Aontais ag pointí idirnaisc trasteorann idir Ballstáit, i gcás ina gceanglófaí ar oibreoirí córais tarchuir glacadh le gás nádúrtha ina mbeadh an leibhéal hidrigine cumasctha faoi bhun na caidhpe. Ba cheart saorchead a bheith ag neas-chórais tarchuir i gcónaí teacht ar chomhaontú maidir le leibhéil cumaisc hidrigine níos airde nó níos ísle le haghaidh pointí idirnaisc trasteorann. Agus na comhaontuithe sin á mbreithniú acu, ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhairle leis na Ballstáit eile más dócha go ndéanfaidh an beart difear dóibh agus an staid sna Ballstáit sin a chur san áireamh.
(75)
Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh próiseas láidir comhordaithe trasteorann agus réitithe díospóidí ann idir na hoibreoirí córais tarchuir maidir le cáilíocht an gháis, lena n-áirítear bithmheatán agus cumaisc hidrigine, ionas go n-éascófar iompar éifeachtúil an gháis nádúrtha ar fud na gcóras gáis nádúrtha laistigh den Aontas agus ar an gcaoi sin bogadh i dtreo comhtháthú níos fearr sa mhargadh inmheánach. Le ceanglais trédhearcachta fheabhsaithe maidir le paraiméadair cáilíochta gáis, lena n-áirítear maidir le holl-luach calrach, Innéacs Wobbe agus cion ocsaigine, agus cumaisc hidrigine agus a bhforbairt le himeacht ama in éineacht le hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe, ba cheart cur le feidhmiú cuí margaidh inmheánaigh do ghás nádúrtha atá oscailte agus éifeachtúil.
(76)
Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a sonraíochtaí bunaidh cáilíochta gáis a úsáid i gcás ina gcinnfidh a n-údaráis rialála nó ACER srian trasteorann a choinneáil ar bun de bharr difríochtaí i leibhéil nó i gcleachtais cumaisc hidrigine. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an bhféidearthacht srian trasteorann den sórt sin a choinneáil ar bun sna Ballstáit ag a bhfuil pointe idirnaisc aonair nó ina n-iontráiltear toirteanna gáis nádúrtha trí phointe idirnaisc aonair den chuid is mó. Chun sreafaí trasteorann gan bhac a áirithiú agus sláine an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh a chaomhnú, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht do na húdaráis rialála lena mbaineann agus do ACER, i gcás inarb ábhartha, an próiseas comhchoiteann um réiteach díospóidí a atosú ar bhonn atrátha, chun na forbairtí a tharla i margaí do ghás nádúrtha agus teicneolaíochtaí a léiriú.
(77)
Tá rialacha maidir le hidir-inoibritheacht agus malartú sonraí le haghaidh an chórais gáis nádúrtha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2015/703 ón gCoimisiún (26) fíor-riachtanach, go háirithe i ndáil le comhaontuithe idirnaisc, lena n-áirítear rialacha maidir le rialú sreafa, prionsabail tomhais le haghaidh cainníocht agus cáilíocht gáis nádúrtha, rialacha maidir leis an bpróiseas meaitseála agus maidir le cainníochtaí gáis nádúrtha a leithdháileadh, nósanna imeachta cumarsáide i gcás imthosca eisceachtúla; tacar comhchoiteann aonad, cáilíocht an gháis, lena n-áirítear rialacha maidir le srianta trádála trasteorann a bhainistiú i ngeall ar dhifríochtaí i gcáilíocht an gháis agus i ngeall ar dhifríochtaí i gcleachtais bholaithe, san fhaireachán gearrthéarmach agus fadtéarmach ar cháilíocht an gháis agus i soláthar faisnéise; malartú sonraí agus tuairisciú ar cháilíocht an gháis; an trédhearcacht, an chumarsáid, an soláthar faisnéise agus comhar idir rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh.
(78)
Chun go n-áiritheofar bainistiú optamach ghréasán hidrigine an Aontais agus chun go mbeifear in ann hidrigin a thrádáil agus a sholáthar thar theorainneacha san Aontas, ba cheart ENNOH a bhunú. Ba cheart cúraimí ENNOH a dhéanamh i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais. Ba cheart cúraimí ENNOH a shainiú ar bhealach soiléir agus ba cheart a áirithiú lena mhodhanna oibre éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cineál ionadaíoch ENNOH. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh ENTSO don Ghás agus ENNOH cóid ghréasáin a fhorbairt go comhpháirteach maidir le saincheisteanna trasearnála.
(79)
Chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht in ENNOH ar na Ballstáit uile atá i mbun gréasáin tarchurtha hidrigine a fhorbairt, ba cheart dóibh, de mhaolú ar an rial ginearálta maidir le comhaltas ENNOH a leagtar síos sa Rialachán, a bheith in ann oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine a ainmniú a bhaineann tairbhe as maolú ar Airteagal 68 de Threoir (AE) 2024/1788 mar chomhalta de ENNOH, ar choinníoll go bhfuil an t-oibreoir bunaithe i mBallstát nach bhfuil aon oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine eile ina chomhalta de ENNOH. Na Ballstáit nach bhfuil oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine tiomnaithe acu go fóill ach a bhfuil sé beartaithe acu gréasán tarchurtha hidrigine a fhorbairt i gcomhréir lena bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ba cheart dóibh a bheith in ann eintiteas a ainmniú mar chomhpháirtí comhlachaithe laistigh de ENNOH a bheidh le cur ar an eolas faoin obair a dhéantar ag ENNOH, agus, dá réir sin, a bheith in ann freastal ar chruinnithe tionóil, boird agus coiste agus páirt a ghlacadh i meithleacha, go dtí go mbeidh a n-oibreoirí gréasáin hidrigine ina gcomhaltaí de ENNOH. Chuige sin, is féidir leis na Ballstáit an t-ionadaí ó chomhlachas náisiúnta atá tiomnaithe do chúrsaí hidrigine a tharmligean.
(80)
Chun an trédhearcacht a áirithiú maidir le forbairt an ghréasáin hidrigine san Aontas, ba cheart do ENNOH plean forbartha gréasáin uile-Aontais neamhcheangailteach 10 mbliana le haghaidh hidrigine a bhunú, a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta (‘an plean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine’) a bheidh dírithe ar riachtanais na margaí hidrigine atá ag forbairt. Ba cheart gréasáin inmharthana iompair hidrigine agus na hidirnaisc riachtanacha, atá ábhartha ó thaobh na tráchtála de, a áireamh sa phlean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine. Ba cheart do ENNOH a bheith rannpháirteach i bhforbairt na measúnaithe costais is tairbhe ar fud an chórais fuinnimh – lena n-áirítear an margadh fuinnimh idirnasctha agus an tsamhail ghréasáin, lena n-áirítear an bonneagar iompair leictreachais, gáis nádúrtha agus hidrigine chomh maith le stóráil, GNL agus leictrealóirí –, cásanna na bpleananna forbartha gréasáin 10 mbliana agus an tuarascáil maidir le sainaithint na mbearnaí sa bonneagar mar a leagtar síos in Airteagail 11, 12 agus 13 de Rialachán (AE) 2022/869 chun liostaí an Aontais maidir le tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa a fhorbairt. Chun na críche sin, ba cheart do ENNOH comhoibriú go dlúth leis an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (‘ENTSO don Leictreachas’) agus le ENTSO don Ghás chun comhtháthú córas a éascú.
(81)
Chun comhtháthú córas fuinnimh a éascú, leas a bhaint as sineirgí agus tacú le héifeachtúlacht fhoriomlán an chórais, ba cheart do ENNOH, do ENTSO don Leictreachas agus do ENTSO don Ghás oibriú i ndlúthchomhar le chéile i bpleanáil gréasán comhtháite ar leibhéal an Aontais. Ba cheart go gcumhdófaí leis an gcomhar sin ullmhúchán na gcásanna comhpháirteacha do leictreachas, hidrigin agus gás nádúrtha, na tuarascálacha comhordaithe maidir le bearna sa bhonneagar, na dréacht-mhodheolaíochtaí comhsheasmhacha le haghaidh anailís costais is tairbhe ar fud an chórais fuinnimh agus an tsamhail chomhtháite de bhun Airteagail 11, 12 agus 13 de Rialachán (AE) 2022/869. Chun go mbeidh an comhar sin éifeachtúil, ba cheart do ENNOH, do ENTSO don Leictreachas agus do ENTSO don Ghás meithleacha comhchoiteanna a bhunú lena n-ullmhófaí na táirgí insoláthartha sin. Le linn na hidirthréimhse go dtí an 1 Eanáir 2027, ba cheart do ENTSO don Ghás plean forbartha gréasáin uile-Aontais 2026 a fhorbairt le haghaidh hidrigine. Chun na críche sin, ba cheart do ENTSO don Ghás páirt iomlán a thabhairt d’oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine agus do ENNOH a luaithe a bhunófar ENNOH. Ba cheart dhá chaibidil ar leith a bheith i bplean forbartha gréasáin uile-Aontais 2026 le haghaidh hidrigine, ceann amháin le haghaidh hidrigine agus ceann eile le haghaidh gás nádúrtha. Ba cheart do ENNOH plean forbartha gréasáin uile-Aontais 2028 le haghaidh hidrigine a fhorbairt i gcomhréir le pleanáil gréasán comhtháite uile-Aontais de bhun an Rialacháin seo.
(82)
Tá leas ag rannpháirtithe uile sa mhargadh sna cúraimí a dhéanann ENNOH. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh próiseas comhairliúcháin éifeachtach ann. Ar an iomlán, ba cheart do ENNOH a thaithí oibre le pleanáil, forbairt agus oibriú bonneagair a lorg, a fhorbairt agus a chomhtháthú i gcomhar le rannpháirtithe ábhartha eile sa mhargadh agus a gcomhlachais.
(83)
Ós rud é go bhféadfaí dul chun cinn níos éifeachtaí a dhéanamh trí chur chuige ar an leibhéal réigiúnach, ba cheart d’oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine struchtúir réigiúnacha a chur ar bun laistigh den struchtúr comhair foriomlán, agus go n-áireofaí ag an am céanna go mbeadh na torthaí ar an leibhéal réigiúnach comhoiriúnach le cóid ghréasáin agus le pleananna forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine. Ba cheart do na Ballstáit an comhar ar an leibhéal réigiúnach a chur chun cinn mar aon le faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht an ghréasáin ar an leibhéal sin.
(84)
Tá gá le ceanglais trédhearcachta chun a áirithiú gur féidir muinín as na margaí hidrigine atá ag teacht chun cinn san Aontas a fhorbairt i measc rannpháirtithe sa mhargadh. Tá gá le rochtain chomhionann ar fhaisnéis maidir le stádas fisiceach agus feidhmiú an chórais hidrigine ionas go mbeidh rannpháirtithe sa mhargadh in ann staid fhoriomlán an éilimh agus an tsoláthair a mheasúnú agus na cúiseanna le forbairtí ar an bpraghas margaidh a shainaithint. Ba cheart faisnéis a nochtadh i gcónaí ar bhealach atá fóinteach, inrochtana go héasca agus neamh-idirdhealaitheach.
(85)
Ba cheart do ENNOH ardán lárnach gréasánbhunaithe a bhunú chun na sonraí uile atá ábhartha do rannpháirtithe sa mhargadh a chur ar fáil ionas go bhfaighidh siad rochtain éifeachtach ar an ngréasán hidrigine.
(86)
Leis na coinníollacha le haghaidh rochtana ar ghréasáin hidrigine ag luathchéim fhorbairt an mhargaidh do hidrigin, ba cheart oibriú éifeachtúil, an neamh-idirdhealú agus an trédhearcacht a áirithiú le haghaidh úsáideoirí gréasáin hidrigine mar aon le dóthain solúbthachta a fhágáil d’oibreoirí gréasáin hidrigine san am céanna. Trí theorainn a chur le huastréimhse na gconarthaí acmhainne, ba cheart an riosca a mhaolú maidir le plódú conarthach agus cnapaireacht acmhainne.
(87)
Ba cheart coinníollacha ginearálta maidir le deonú rochtana tríú páirtí ar shaoráidí stórála hidrigine agus ar chríochfoirt hidrigine a leagan síos sa Rialachán seo chun rochtain neamh-idirdhealaitheach agus an trédhearcacht a áirithiú le haghaidh úsáideoirí gréasáin hidrigine.
(88)
Ba cheart d’oibreoirí gréasáin hidrigine comhoibriú le chéile chun cóid ghréasáin a fhorbairt chun críche rochtain thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach ar na gréasáin hidrigine thar theorainneacha a sholáthar agus a bhainistiú agus chun forbairt chomhordaithe an ghréasáin hidrigine san Aontas a áirithiú, lena n-áirítear acmhainn idirnaisc a chruthú. Ba cheart don Choimisiún an chéad liosta tosaíochta a bhunú chun réimsí a shainaithint atá le cur san áireamh i bhforbairt na gcód gréasáin hidrigine bliain amháin tar éis bhunú ENNOH dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ba cheart na cóid ghréasáin a bheith i gcomhréir leis na creat-treoirlínte arna bhforbairt ag ACER. Ba cheart ról a bheith ag ACER maidir le hathbhreithniú, ar bhonn na bhfíoras, a dhéanamh ar na dréachtchóid ghréasáin, lena n-áirítear athbhreithniú i dtaobh an gcomhlíonann siad na creat-treoirlínte, agus ba cheart é a chur ar a chumas a mholadh don Choimisiún iad a ghlacadh. Ba cheart do ACER measúnú a dhéanamh ar na leasuithe atá beartaithe ar na cóid ghréasáin agus ba cheart é a chur ar a chumas a mholadh don Choimisiún iad a ghlacadh. Ba cheart d’oibreoirí gréasáin hidrigine a ngréasáin hidrigine a oibriú i gcomhréir leis na cóid ghréasáin sin.
(89)
Níl sé beartaithe go ngabhfadh na cóid ghréasáin a ullmhaíonn ENNOH ionad na rialacha náisiúnta is gá maidir le saincheisteanna nach saincheisteanna trasteorann iad.
(90)
Is féidir cáilíocht na hidrigine a iompraítear agus a ídítear san Aontas a bheith éagsúil ag brath ar a teicneolaíocht táirgthe agus a sainiúlachtaí iompair. Dá bhrí sin, ba cheart an sreabhadh trasteorann hidrigine agus comhtháthú an mhargaidh a bheith mar thoradh ar chur chuige comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais maidir le bainistiú cáilíochta hidrigine ag idirnascairí trasteorann.
(91)
I gcás ina measann an t-údarás rialála gur gá sin, d’fhéadfadh oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine a bheith freagrach as cáilíocht hidrigine a bhainistiú ina ngréasáin féin, faoi chuimsiú na gcaighdeán cáilíochta hidrigine is infheidhme, chun cáilíocht hidrigine iontaofa agus chobhsaí a áirithiú le haghaidh tomhaltóirí deiridh.
(92)
Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh próiseas láidir comhordaithe trasteorann agus réitithe díospóidí ann idir oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine chun iompar hidrigine a éascú ar fud gréasán tarchurtha hidrigine laistigh den Aontas agus ar an gcaoi sin bogadh i dtreo comhtháthú níos fearr sa mhargadh inmheánach. Le ceanglais fheabhsaithe trédhearcachta maidir le paraiméadair cáilíochta hidrigine agus maidir lena bhforbairt le himeacht ama in éineacht le hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe, ba cheart cur le feidhmiú cuí margaidh inmheánaigh do hidrigin atá oscailte agus éifeachtúil.
(93)
Chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú nó chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i ndáil le heilimintí neamhriachtanacha de réimsí sonracha áirithe atá bunriachtanach don chomhtháthú margaidh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le treoirlínte a sholáthar lena leagtar amach mionsonraí an nós imeachta atá le leanúint ag na hoibreoirí córais tarchuir nó ag na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine, na leibhéil lascaine a athrú chun míchothromaíochtaí struchtúracha ioncaim a mhaolú d’oibreoirí córais tarchuir, sainmhíniú ar an limistéar geografach a chumhdaítear le gach struchtúr comhair réigiúnaigh a bhunú, agus na struchtúir comhair réigiúnaigh atá ann cheana á gcur san áireamh, cóid ghréasáin agus treoirlínte do ghás nádúrtha agus hidrigine a bhunú, treoirlínte a leagtar síos in iarscríbhinn a leasú agus treoirlínte a leagan síos maidir le bonneagar nua gáis nádúrtha agus hidrigine. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (27). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin atá ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(94)
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 291 CFAE a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28).
(95)
Ba cheart cóid ghréasáin agus treoirlínte a chur i bhfeidhm maidir le pointí iontrála ó thríú tíortha agus pointí scoir chuig tríú tíortha. D’fhéadfadh imthosca sonracha, lena n-áirítear socruithe conarthacha fadtéarmacha atá ann cheana nó deacrachtaí dlíthiúla maidir le nós imeachta um réiteach díospóidí a bhunú le hoibreoirí gréasáin tarchuir nó soláthróirí gáis nádúrtha atá bunaithe i dtríú tíortha, cur i bhfeidhm éifeachtach a chosc sa ghearrthéarma. I gcás ina mbeidh údar cuí leis ar bhonn cúiseanna oibiachtúla, ba cheart go mbeadh na húdaráis rialála in ann iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar mhaolú ar chur i bhfeidhm na gcód gréasáin nó na dtreoirlínte, nó forálacha sonracha díobh, nach féidir a chur chun feidhme ag pointí iontrála ó thríú tíortha ná ag pointí scoir chuig tríú tíortha. Ba cheart maoluithe den sórt sin a bheith teoranta ó thaobh ama de, ar feadh na híostréimhse is gá chun deireadh a chur leis na bacainní atá ann cheana maidir le cur i bhfeidhm na gcód gréasáin nó na dtreoirlínte.
(96)
Chun oibriú éifeachtúil ghréasáin hidrigine na hEorpa a áirithiú, ba cheart d’oibreoirí gréasáin hidrigine a bheith freagrach as oibriú, cothabháil agus forbairt an ghréasáin iompair hidrigine i ndlúthchomhar le hoibreoirí gréasáin hidrigine eile mar aon le hoibreoirí córais eile a bhfuil a ngréasáin nasctha leo, lena n-áirítear comhtháthú córas fuinnimh a éascú.
(97)
Is chun leasa fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh é caighdeáin a bheith ann arna gcomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais. A luaithe a fhoilseofar an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, le comhlíonadh an chaighdeáin ba cheart comhréireacht a thoimhdiú leis na ceanglais chomhfhreagracha a leagtar síos sa bheart cur chun feidhme a glacadh de bhun an Rialacháin seo, cé gur cheart bealaí eile a cheadú chun an chomhréireacht sin a léiriú. I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), is féidir leis an gCoimisiún Eorpach iarraidh ar eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin Eorpacha agus caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt. Ba cheart go mbeadh sé ar cheann de phríomhróil na gcaighdeán comhchuibhithe cabhrú le hoibreoirí i ndáil le cur i bhfeidhm na mbeart cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo agus faoi Threoir (AE) 2024/1788.
(98)
Is é creat caighdeánaithe reatha an Aontais, atá bunaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, an creat mar réamhshocrú chun caighdeáin a mhionléiriú lena ndéantar foráil maidir le toimhde comhréireachta le ceanglais ábhartha an Rialacháin seo nó a leagtar amach i ngníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe sonracha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart caighdeáin Eorpacha a bheith faoi thionchar an mhargaidh agus ba cheart leas an phobail a chur san áireamh iontu, chomh maith leis na cuspóirí beartais a luaitear go soiléir san iarraidh ón gCoimisiún ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú chun caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú, laistigh de spriocdháta socraithe agus ar bhonn comhthola. In éagmais tagairtí ábhartha do chaighdeáin chomhchuibhithe, áfach, nó i gcás ina bhfuil bac curtha ar phróiseas an chaighdeánaithe nó ina bhfuil moill ar chaighdeáin chomhchuibhithe iomchuí a bhunú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann sonraíochtaí coiteanna a bhunú, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme, le haghaidh cheanglais an Rialacháin seo, ar choinníoll go n-urramaíonn sé ról agus feidhmeanna na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú go cuí. Ba cheart an rogha sin a thuiscint mar réiteach cúltaca eisceachtúil chun oibreoirí a éascú bearta ábhartha a chur i bhfeidhm faoi ghníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo agus Threoir (AE) 2024/1788. Más é castacht theicniúil an chaighdeáin lena mbaineann is cúis le moill ar chaighdeáin chomhchuibhithe a bhunú, ba cheart don Choimisiún é sin a mheas sula mbeartaíonn sé sonraíochtaí coiteanna a bhunú.
(99)
Chun ceanglais cháilíochta úsáideoirí deiridh hidrigine a chur san áireamh go hiomlán, ba cheart go gcuirfí san áireamh sna sonraíochtaí teicniúla agus sna caighdeáin theicniúla maidir le cáilíocht na hidrigine sa ghréasán hidrigine, na caighdeáin atá ann cheana lena leagtar amach ceanglais úsáideoirí deiridh den sórt sin, mar shampla caighdeán EN 17124.
(100)
Ba cheart d’oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine acmhainn leordhóthanach trasteorann a thógáil chun hidrigin a iompar lena bhfreastalófaí ar na héilimh uile ar acmhainn den sórt sin, ar éilimh iad atá réasúnta ó thaobh na heacnamaíochta de agus atá indéanta go teicniúil, agus ar an gcaoi sin comhtháthú margaidh a chumasú.
(101)
I bhfianaise acmhainneacht na hidrigine mar iompróir fuinnimh agus i bhfianaise na féidearthachta go rachaidh na Ballstáit i mbun trádála sa hidrigin le tríú tíortha, is gá a shoiléiriú, i ndáil leis na hoibleagáidí maidir le fógra a thabhairt i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2017/684 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) le haghaidh comhaontuithe idir-rialtasacha i réimse an fhuinnimh a bhaineann le gás nádúrtha, go bhfuil feidhm acu freisin i dtaca le comhaontuithe idir-rialtasacha a bhaineann le hidrigin, lena n-áirítear comhdhúile hidrigine amhail amóinia agus iompróirí hidrigine orgánaí leachtacha. Ba cheart, dá bhrí sin, an Cinneadh sin a leasú dá réir sin.
(102)
Ba cheart infheistíochtaí i mórbhonneagar nua a chur chun cinn go tréan agus feidhmiú cuí na margaí inmheánacha do ghás nádúrtha agus do hidrigin a áirithiú an ag am céanna. Chun éifeacht dhearfach na dtionscadal bonneagair díolmhaithe ar iomaíocht agus ar shlándáil an tsoláthair a fheabhsú, ba cheart leas an mhargaidh a thástáil le linn chéim phleanála an tionscadail agus ba cheart rialacha maidir le bainistiú ar phlódú a chur chun feidhme. I gcás ina bhfuil bonneagar lonnaithe ar chríoch níos mó ná Ballstát amháin agus, in imthosca áirithe, ba cheart do ACER déileáil leis an iarraidh ar dhíolúine, mar rogha dheiridh, chun impleachtaí trasteorann na díolúine a chur san áireamh ar bhealach níos fearr agus chun láimhseáil riaracháin na hiarrata sin a éascú. Thairis sin, i bhfianaise na próifíle riosca eisceachtúla a bhaineann leis na mórthionscadail nua sin atá díolmhaithe a thógáil, ba cheart go mbeadh sé indéanta maoluithe iomlána nó páirteacha a dheonú go sealadach do ghnóthais a bhfuil leasanna soláthair agus táirgthe acu i ndáil leis na rialacha maidir le díchuachadh le haghaidh na dtionscadal lena mbaineann. Ba cheart feidhm a bheith ag an bhféidearthacht go mbeadh maoluithe sealadacha ann, ar chúiseanna a bhaineann le slándáil an tsoláthair, go háirithe maidir le píblínte nua laistigh den Aontas a iompraíonn gás nádúrtha ó thríú tíortha isteach san Aontas. Maidir le díolúintí agus maoluithe arna ndeonú de bhun Threoracha 2003/55/CE (31) agus 2009/73/CE (32) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart go leanfadh siad d’fheidhm a bheith acu ar feadh na tréimhse dár deonaíodh iad leis an díolúine nó leis an maolú ábhartha.
(103)
Mar thoradh ar an ngéarú ar fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin ó mhí Feabhra 2022 i leith, tá laghdú tagtha ar sholáthairtí gáis nádúrtha ón tír sin, agus úsáideadh na hacmhainní ó dhíolacháin gáis nádúrtha chun cogadh na Rúise ag teorainn an Aontais a mhaoiniú. Go háirithe, tá stop curtha le sreafaí píblíne gáis nádúrtha ón Rúis tríd an mBealarúis agus le píblíne Nord Stream 1 agus tá laghdú leanúnach tagtha ar sholáthairtí gáis nádúrtha tríd an Úcráin, rud a chuireann slándáil an tsoláthair fuinnimh go mór i mbaol san Aontas ina iomláine. Leis na laghduithe sin, arna n-úsáid mar arm, ar sholáthairtí gáis nádúrtha agus cúbláil na margaí trí shuaití d’aon ghnó ar shreafaí gáis nádúrtha, tugadh leochaileachtaí agus spleáchais san Aontas agus sna Ballstáit chun solais ar léir go bhféadfadh tionchar díreach agus tromchúiseach a bheith acu ar a leasanna bunúsacha slándála idirnáisiúnta. Léiríodh le fianaise roimhe seo freisin gur féidir gás nadúrtha a úsáid chun margaí fuinnimh a úsáid mar arm agus chun iad a chúbláil, mar shampla tríd an acmhainn i mbonneagar gáis nádúrtha a thaisceadh, rud a théann chun dochair do leasanna bunúsacha slándála idirnáisiúnta an Aontais. Chun tionchar na dteagmhas sin a mhaolú, sa chomhthéacs reatha agus amach anseo araon, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, ar bhonn eisceachtúil, bearta comhréireacha a dhéanamh chun teorainn shealadach a chur le tairiscintí tosaigh ar an acmhainn arna déanamh ag aon úsáideoir gréasáin aonair ag pointí iontrála agus ag críochfoirt GNL le haghaidh seachadtaí ó Chónaidhm na Rúise agus ón mBealarúis, i gcás inar gá chun a leasanna bunúsacha slándála agus leasanna slándála an Aontais a chosaint, agus an gá atá le slándáil an tsoláthair san Aontas a áirithiú á chur san áireamh freisin. Ba cheart go mbeadh sé indéanta na bearta sealadacha sin a athnuachan i gcás ina mbeidh údar cuí leis sin. Níor cheart feidhm a bheith ag an bhféidearthacht sin ach amháin maidir le Cónaidhm na Rúise agus leis an mBealarúis, d’fhonn a chur ar chumas na mBallstát freagairt ar aon bhagairt ar a leasanna bunúsacha slándála agus ar leasanna slándála an Aontais a eascraíonn as an staid le bearta leormhaithe, lena n-áirítear trína spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a chéimniú amach, inter alia trí ghníomhaíocht luath a dhéanamh i gcomhréir le cuspóirí REPowerEU. Níor cheart aon teorainneacha den sórt sin a bheith ag teacht salach ar oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais nó na mBallstát agus ba cheart iad a bheith i gcomhréir le hAirteagal XXI den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil. Sula gcuirfidh siad aon teorainneacha den sórt sin i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus, a mhéid is dócha go mbeidh tionchar ag an teorannú orthu, le Ballstáit eile, le Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh, leis na Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, agus an staid sna Ballstáit sin agus sna tríú tíortha sin a chur san áireamh, go háirithe a mhéid a bhaineann le slándáil an tsoláthair. Ba cheart do na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag a mbeart ar Bhallstáit eile agus ba cheart dóibh, go háirithe, prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh a urramú, lena n-áirítear d’fhonn slándáil an tsoláthair a áirithiú, agus oiriúnacht agus raon feidhme aon teorainn atá beartaithe á measúnú acu.
(104)
Tá athrú suntasach ag teacht ar earnáil fuinnimh na hEorpa i dtreo geilleagar dícharbónaithe an-éifeachtúil bunaithe ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, agus slándáil an tsoláthair agus an t-iomaíochas á n-áirithiú san am céanna. Cé go bhfuil an chibearshlándáil san fho-earnáil leictreachais ag déanamh dul chun cinn cheana féin i dtaca le cód gréasáin maidir le sreabhadh leictreachais trasteorann, tá gá le rialacha éigeantacha earnáilsonracha don fho-earnáil gáis nádúrtha chun slándáil chóras fuinnimh an Aontais a áirithiú.
(105)
Mar fhreagairt ar na méaduithe suntasacha a tháinig ar phraghsanna fuinnimh agus uile-Aontais a chonacthas i bhfómhar 2021 agus an tionchar diúltach a bhí acu, sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal ‘Tackling rising energy prices: a toolbox for action and support’ [Ag dul i ngleic le praghsanna fuinnimh méadaitheacha: bosca uirlisí don ghníomhaíocht agus don tacaíocht] leagadh béim ar a thábhachtaí atá margadh inmheánach fuinnimh a fheidhmíonn go cuí agus comhordú níos fearr ar shlándáil an tsoláthair thar theorainneacha ar mhaithe le hathléimneacht i gcoinne suaití amach anseo. An 20-21 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí lena n-iarrtar ar an gCoimisiún bearta a mheas go pras lena méadaítear athléimneacht chóras fuinnimh an Aontais agus mhargadh inmheánach an fhuinnimh, lena n-áirítear bearta lena bhfeabhsaítear shlándáil an tsoláthair. Mar fhreagairt ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, thíolaic an Coimisiún REPowerEU an 8 Márta 2022 chun spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a chéimniú amach agus chun dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan. Chun rannchuidiú le freagairt chomhsheasmhach thráthúil ar an ngéarchéim sin agus ar ghéarchéimeanna nua a d’fhéadfadh a bheith ann ar leibhéal an Aontais, ba cheart rialacha sonracha a thabhairt isteach sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) chun feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an athléimneacht, go háirithe maidir le rialacha dlúthpháirtíochta. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/1938 a leasú dá réir.
(106)
Mar a léiríodh in ionsamhlúcháin uile-Aontais in 2017, 2021 agus 2022, tá comhar réigiúnach agus bearta dlúthpháirtíochta bunriachtanach chun athléimneacht an Aontais a áirithiú i gcás meath tromchúiseach ar staid an tsoláthair. Le bearta dlúthpháirtíochta is infheidhme i gcás éigeandála, ba cheart soláthar na gcustaiméirí dlúthpháirtíochta atá faoi chosaint a áirithiú, amhail teaghlaigh thar theorainneacha. Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun na forálacha a bhaineann leis an sásra dlúthpháirtíochta a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí na Ballstáit lena mbaineann ag teacht ar chomhaontú faoi shocruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais. Ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar mhionsonraí na socruithe sin ina gcuid pleananna éigeandála. I gcás na mBallstát nár chomhaontaigh comhaontuithe déthaobhacha, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha réamhshocraithe an Rialacháin seo chun dlúthpháirtíocht éifeachtach den sórt sin a áirithiú.
(107)
Dá bhrí sin, d’fhéadfadh na bearta dlúthpháirtíochta sin a bheith ina gcúis le hoibleagáid a bheith ar Bhallstát cúiteamh a íoc leo siúd a ndéanann na bearta dá chuid difear dóibh. Chun a áirithiú go bhfuil an cúiteamh a íocann an Ballstát a bhfuil dlúthpháirtíocht á hiarraidh aige leis an mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht cothrom agus réasúnach, ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis rialála agus ag ACER, mar údaráis neamhspleácha, an méid cúitimh a iarrtar agus a íoctar a iniúchadh agus, más gá, ceartú a iarraidh, agus leibhéal na gcostas indíreach a tharla de bharr sholáthar na dlúthpháirtíochta á chur san áireamh go háirithe ar bhonn bearta nach bearta margadhbhunaithe iad. Leis an gcomhar nuabhunaithe idir na Ballstáit atá nasctha go hindíreach agus a bhaineann úsáid as bearta margadhbhunaithe de bhun an Rialacháin seo, cuidítear le costais a d’fhéadfadh a bheith suntasach a laghdú, ar costais iad a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus bearta níos costasaí nach bearta margadhbhunaithe iad á n-úsáid acu.
(108)
Ba cheart soláthar rannchuidithe deonacha gáis nádúrtha trí úsáid a bhaint as bearta margadhbhunaithe le Ballstáit a bhfuil nasc indíreach acu a thabhairt isteach i Rialachán (AE) 2017/1938, go háirithe chun go seachnófaí go mbeadh ar na Ballstáit atá nasctha go díreach bearta nach bearta margadhbhunaithe iad a úsáid i gcás ina bhféadfadh Ballstát eile nach bhfuil nasctha go díreach toirteanna gáis nádúrtha a sholáthar le haghaidh dlúthpháirtíochta trí bhearta margadhbhunaithe a úsáid. Tá cineál deonach na mbeart margadhbhunaithe agus rannchuidiú an gháis nádúrtha atá mar thoradh air sin gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát measúnú a dhéanamh agus léiriú a thabhairt go tráthúil i dtaobh an féidir le bearta margadhbhunaithe an gás nádúrtha arna iarraidh a sholáthar agus an chaoi ar féidir leis na bearta sin an gás nádúrtha arna iarraidh a sholáthar. Tá sé i gceist le sásra den sórt sin costas indíreach agus foriomlán na dlúthpháirtíochta a laghdú, trí cheart cúitimh ar bhearta nach bearta margadhbhunaithe iad agus atá níos costasaí a sheachaint. Leis an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit atá nasctha go hindíreach, scaiptear an t-ualach ar fud níos mó Ballstát agus éascaítear rochtain na mBallstát nach bhfuil saoráidí GNL acu ar sholáthar domhanda GNL.
(109)
Maidir leis an gcur chuige rioscabhunaithe chun measúnú a dhéanamh ar shlándáil an tsoláthair gáis agus chun bearta coisctheacha agus maolúcháin a bhunú, ba cheart a áireamh air cásanna ina scrúdaítear an tionchar a bheadh ag laghdú ar an éileamh ar ghás nádúrtha trí choigilteas fuinnimh nó trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear sna hionsamhlúcháin uile-Aontais de chásanna suaite soláthair agus bonneagair gáis nádúrtha de bhun an Rialacháin seo. Trí scrúdú a dhéanamh ar choigilteas fuinnimh agus cásanna éifeachtúlachta fuinnimh, áirithítear go seasfaidh ionsamhlúchán uile-Aontais, chomh maith leis na measúnuithe riosca agus bearta coisctheacha náisiúnta agus comhchoiteanna ina dhiaidh sin, an aimsir agus go mbeidh siad comhoiriúnach le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus le cuspóirí an Aontais maidir le haeráidneodracht a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119, agus go rannchuideoidh siad le céimniú amach spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise. Leis an Rialachán seo freisin, cuirtear ar chumas na mBallstát an tomhaltas gáis neamhriachtanach ag custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú chun tuilleadh coigiltis gáis nádúrtha a éascú, go háirithe le linn géarchéime.
(110)
Tá na rioscaí do shlándáil an tsoláthair gáis mar thoradh ar fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin a thug údar cuí leis na leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/1938 a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34) fós ann. Ina theannta sin, ba cheart rioscaí forlíontacha a mheas, amhail suaitheadh breise ar bhonneagair chriticiúla, tar éis gníomhartha sabaitéireachta i gcoinne phíblínte Nord Stream i mí Mheán Fómhair 2022 agus an suaitheadh ar phíblíne Balticconnector i mí Dheireadh Fómhair 2023, agus meath ar an timpeallacht gheopholaitiúil agus ar thimpeallacht na bagartha i réigiúin soláthair, mar shampla leis an ngéarchéim sa Mheánoirthear. Dá bhrí sin, tá togra reachtach le bheith ag gabháil leis an tuarascáil atá le tíolacadh ag an gCoimisiún faoin 28 Feabhra 2025, i gcás inar gá, chun Rialachán (AE) 2017/1938 a leasú.
(111)
Tá forálacha áirithe den Rialachán seo ag tógáil ar na bearta géarchéime a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle (35) mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ar ghéarchéim an tsoláthair gáis nádúrtha ina dhiaidh sin. Cé gur tugadh aghaidh le Rialachán (AE) 2022/2576 ar ghéarchéim soláthair gáis nádúrtha a bhí tromchúiseach agus láithreach, lena n-áirítear trí mhaolú ar an gcreat buan a bhí ann cheana, tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo gnéithe buana de mhargadh an gháis nádúrtha a dhéanamh de roinnt de na bearta géarchéime. Baineann sé sin, go háirithe, leis an sásra um chomhiomlánú éilimh agus an ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha, le bearta chun feabhas a chur ar úsáid saoráidí GNL agus le stóráil gáis nádúrtha, chomh maith le bearta dlúthpháirtíochta breise i gcás éigeandáil gáis nádúrtha. Mar sin féin, tá am ag teastáil chun na gnéithe buana sin de mhargadh an gháis nádúrtha a chur chun feidhme, inter alia mar gheall ar na nósanna imeachta tairisceana is gá le haghaidh an bhuansásra um chomhiomlánú éilimh agus an ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha, ar nósanna imeachta iad nach dtabharfar i gcrích roimh dheireadh 2024. Ina theannta sin, meastar go mairfidh na rioscaí a bhaineann le soláthar gáis nádúrtha le linn 2024 san Aontas. Dá bhrí sin, chun an chéim ullmhúcháin a bhaineann leis na bearta sin a chur san áireamh go leordhóthanach agus d’fhonn forluí leis na bearta a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2022/2576 a sheachaint, níor cheart feidhm a bheith ag forálacha ábhartha an Rialacháin seo ach ón 1 Eanáir 2025. Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le soláthraí seirbhíse a bhunú agus a roghnú chun cúraimí a dhéanamh faoin sásra um chomhiomlánú éilimh agus an ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun a áirithiú go mbeidh an sásra oibríochtúil ón dáta a rachaidh Rialachán (AE) 2022/2576 in éag.
(112)
Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36) agus Rialacháin (AE) 2019/942 agus (AE) 2022/869 a leasú dá réir.
(113)
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha córa a leagan síos maidir le coinníollacha rochtana ar ghréasáin tarchurtha gáis nádúrtha, saoráidí stórála agus GNL agus na bearta a leagan síos i ndáil leis an sásra um chomhiomlánú éilimh agus an ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha agus an sásra chun tacú le forbairt margaidh na hidrigine, a bhaint amach go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí gníomhaíochta den sórt sin, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leis an Rialachán seo:
(a)
bunaítear rialacha neamh-idirdhealaitheacha maidir le coinníollacha rochtana ar chórais gáis nádúrtha agus hidrigine agus saintréithe speisialta na margaí náisiúnta agus réigiúnacha á gcur san áireamh, d’fhonn feidhmiú cuí na margaí inmheánacha do ghás nádúrtha agus hidrigine a áirithiú agus d’fhonn rannchuidiú le solúbthacht an chórais fuinnimh; agus
(b)
éascaítear teacht chun cinn agus oibriú margaí do ghás nádúrtha agus hidrigine, ar margaí iad atá trédhearcach, a fheidhmíonn go cuí agus ag a bhfuil ardleibhéal slándáil soláthair, agus soláthraítear sásraí trína ndéantar na rialacha rochtana gréasáin le haghaidh malartuithe trasteorann i dtaobh gás nádúrtha agus hidrigine a chomhchuibhiú.
Áireofar an méid seo a leanas ar na cuspóirí dá dtagraítear sa chéad mhír:
(a)
prionsabail chomhchuibhithe a shocrú i gcomhair taraifí, nó le haghaidh na modheolaíochtaí is bonn le taraifí a ríomh, le haghaidh rochtain ar an ngréasán gáis nádúrtha seachas saoráidí stórála gáis nádúrtha,
(b)
seirbhísí rochtana tríú páirtí agus prionsabail chomhchuibhithe le haghaidh leithdháileadh acmhainne agus bainistiú ar phlódú a bhunú,
(c)
ceanglais trédhearcachta, rialacha cothromúcháin agus muirir i leith éagothroime a bhunú, agus trádáil acmhainne a éascú.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo, cé is moite d’Airteagal 34(5) de, ach amháin maidir leis na saoráidí stórála gáis nádúrtha agus saoráidí stórála hidrigine dá dtagraítear in Airteagal 33(3) nó (4) nó Airteagal 37 de Threoir (AE) 2024/1788.
Féadfaidh na Ballstáit eintiteas nó comhlacht a bhunú i gcomhréir le Treoir (EU) 2024/1788,chun ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna a leagtar de ghnáth ar an oibreoir córais tarchuir nó ar an oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine a chur i gcrích, agus beidh an t-eintiteas nó an comhlacht sin faoi réir cheanglais an Rialacháin seo. Beidh an t-eintiteas nó an comhlacht sin faoi réir deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán seo agus beidh sé faoi réir ainmniúcháin de bhun Airteagal 71 de Threoir (AE) 2024/1788.
Airteagal 2
Sainmhínithe
1. Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘bonn sócmhainní rialála’ sócmhainní gréasáin oibreora córais tarchuir, oibreora córais dáileacháin, oibreora gréasáin tarchurtha hidrigine agus oibreora gréasáin dáilte hidrigine arna n-úsáid chun seirbhísí gréasáin rialáilte a sholáthar agus a chuirtear san áireamh agus ioncam seirbhíse a bhaineann leis an ngréasán á ríomh;
(2)
ciallaíonn ‘tarchur’ tarchur mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (17), de Threoir (AE) 2024/1788;
(3)
ciallaíonn ‘conradh iompair’ conradh a chuir an t-oibreoir córais tarchuir nó an t-oibreoir gréasáin hidrigine i gcrích le húsáideoir gréasáin d’fhonn seirbhísí iompair do ghás nádúrtha nó hidrigine a chur ar fáil;
(4)
ciallaíonn ‘acmhainn’ an sreabhadh uasta, arna shloinneadh i méadair chiúbacha in aghaidh an aonaid ama nó in aonad fuinnimh in aghaidh an aonaid ama, arb é an sreabhadh é a bhfuil an t-úsáideoir gréasáin i dteideal é a bheith aige nó aici i gcomhréir le forálacha an chonartha iompair;
(5)
ciallaíonn ‘acmhainn neamhúsáidte’ acmhainn dhocht a fuair úsáideoir gréasáin faoi chonradh iompair ach nár ainmnigh an t-úsáideoir roimh an spriocdháta a sonraíodh sa chonradh;
(6)
ciallaíonn ‘bainistiú ar phlódú’ bainistiú phunann acmhainne an oibreora córais tarchuir d’fhonn an úsáid optamach agus an úsáid uasta a bhaint as an acmhainn theicniúil agus brath tráthúil a dhéanamh ar na pointí plódúcháin agus sáithiúcháin amach anseo;
(7)
ciallaíonn ‘margadh tánaisteach’ margadh na hacmhainne a ndéantar trádáil uirthi seachas ar an margadh príomha;
(8)
ciallaíonn ‘ainmniúchán’ an tuairisciú a dhéanann an t-úsáideoir gréasáin chuig an oibreoir córais tarchuir maidir leis an sreabhadh iarbhír ar mian le húsáideoir gréasáin a instealladh isteach sa chóras nó a bhaint uaidh, sula ndéanfar instealladh den sórt sin nó an tarraingt siar sin;
(9)
ciallaíonn ‘ath-ainmniúchán’ an tuairisciú ar ainmniúchán ceartaithe, i ndiaidh ainmniúcháin;
(10)
ciallaíonn ‘sláine an chórais’ aon staid ina bhfanann brú agus cáilíocht an gháis nádúrtha nó na hidrigine laistigh de na teorainneacha íosta agus uasta, ionas go ráthaítear iompar an gháis nádúrtha nó na hidrigine ón taobh teicniúil;
(11)
ciallaíonn ‘tréimhse chothromúcháin’ an tréimhse ina bhfuil aistarraingt méid gáis nádúrtha nó hidrigine, arna shloinneadh in aonaid fuinnimh, le fritháireamh ag gach úsáideoir gréasáin tríd an oiread céanna gáis nádúrtha nó hidrigine a instealladh i gcomhréir leis an gcód gréasáin;
(12)
ciallaíonn ‘úsáideoir gréasáin’ úsáideoir gréasáin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (60), de Threoir (AE) 2024/1788;
(13)
ciallaíonn ‘seirbhísí in-idirbhriste’ seirbhísí a thairgeann an t-oibreoir córais tarchuir nó, i gcás inarb infheidhme, an t-oibreoir córais dáileacháin, nó an t-oibreoir gréasáin hidrigine i dtaca le hacmhainn in-idirbhriste;
(14)
ciallaíonn ‘acmhainn in-idirbhriste’ acmhainn tarchurtha gáis nádúrtha nó hidrigine a fhéadfaidh an t-oibreoir córais tarchuir nó, i gcás inarb infheidhme, an t-oibreoir córais dáileacháin, nó an t-oibreoir gréasáin hidrigine, a idirbhriseadh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa chonradh iompair;
(15)
ciallaíonn ‘seirbhísí fadtéarmacha’ seirbhísí a thairgeann an t-oibreoir córais tarchuir nó, i gcás inarb infheidhme, an t-oibreoir córais dáileacháin, nó an t-oibreoir gréasáin hidrigine ar bliain amháin nó níos faide a ré;
(16)
ciallaíonn ‘seirbhísí gearrthéarmacha’ seirbhísí a thairgeann an t-oibreoir córais tarchuir nó, i gcás inarb infheidhme, an t-oibreoir córais dáileacháin, nó an t-oibreoir gréasáin hidrigine ar giorra a ré ná bliain amháin;
(17)
ciallaíonn ‘acmhainn dhocht’ acmhainn tarchurtha agus dáilte gáis nádúrtha agus hidrigine ar ina leith, de réir conartha, a ráthaíonn an t-oibreoir córais tarchuir nó, i gcás inarb infheidhme, an t-oibreoir córais dáileacháin, nó an t-oibreoir gréasáin hidrigine go bhfuil sí do-idirbhriste;
(18)
ciallaíonn ‘seirbhísí dochta’ seirbhísí a thairgeann an t-oibreoir córais tarchuir nó, i gcás inarb infheidhme, an t-oibreoir córais dáileacháin, nó an t-oibreoir gréasáin hidrigine i dtaca le hacmhainn dhocht;
(19)
ciallaíonn ‘acmhainn theicniúil’ an acmhainn dhocht uasta ar féidir a thairiscint do na húsáideoirí gréasáin, agus sláine an chórais agus riachtanais oibríochtúla oibreoir an chórais tarchuir nó, i gcás inarb infheidhme, an t-oibreoir córais dáileacháin, nó an t-oibreoir gréasáin hidrigine á gcur san áireamh;
(20)
ciallaíonn ‘acmhainn chonarthach’ an acmhainn a leithdháileadh d’úsáideoir gréasáin trí bhíthin conartha iompair;
(21)
ciallaíonn ‘acmhainn atá ar fáil’ an chuid den acmhainn theicniúil nach bhfuil leithdháilte agus atá ar fáil i gcónaí ag an gcóras ag tráth áirithe;
(22)
ciallaíonn ‘plódú conarthach’ staid inar mó leibhéal na hacmhainne doichte ná an acmhainn theicniúil;
(23)
ciallaíonn ‘margadh príomha’ margadh na hacmhainne a dhéanann an t-oibreoir córais tarchuir nó, i gcás inarb infheidhme, an t-oibreoir córais dáileacháin, nó an t-oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine a thrádáil go díreach;
(24)
ciallaíonn ‘plódú fisiceach’ staid inar mó leibhéal an éilimh ar sheachadtaí iarbhír ná an acmhainn theicniúil ag tráth áirithe;
(25)
ciallaíonn ‘acmhainn saoráide GNL’ acmhainn a bheadh ag críochfort GNL do leachtú gáis nádúrtha nó d’allmhairiú, do dhí-ualú, do sheirbhísí coimhdeacha, do stóráil shealadach agus d’athghású GNL;
(26)
ciallaíonn ‘spás’ an toirt gáis nádúrtha nó hidrigine atá úsáideoir saoráide stórála i dteideal a úsáid chun gás nádúrtha nó hidrigine a stóráil;
(27)
ciallaíonn ‘inseachadtacht’ an ráta ag a bhfuil úsáideoir na saoráide stórála i dteideal gás nádúrtha nó hidrigin a aistarraingt as an tsaoráid stórála gáis nádúrtha nó as an tsaoráid stórála hidrigine;
(28)
ciallaíonn ‘in-instealltacht’ an ráta ag a bhfuil úsáideoir na saoráide stórála i dteideal gás nádúrtha nó hidrigin a instealladh isteach sa tsaoráid stórála gáis nádúrtha nó sa tsaoráid stórála hidrigine;
(29)
ciallaíonn ‘acmhainn stórála’ aon teaglaim spáis, in-instealltachta agus inseachadachta;
(30)
ciallaíonn ‘córas iontrála-scoir’ córas iontrála-scoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (57), de Threoir (AE) 2024/1788;
(31)
ciallaíonn ‘crios cothromúcháin’ crios cothromúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (58), de Threoir (AE) 2024/1788;
(32)
ciallaíonn ‘pointe trádála fíorúil’ pointe trádála fíorúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (59), de Threoir (AE) 2024/1788;
(33)
ciallaíonn ‘pointe iontrála’ pointe iontrála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (61), de Threoir (AE) 2024/1788;
(34)
ciallaíonn ‘pointe scoir’ pointe scoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (62), de Threoir (AE) 2024/1788;
(35)
ciallaíonn ‘acmhainn choinníollach’ acmhainn dhocht lena mbaineann coinníollacha trédhearcacha agus réamhshainithe maidir le rochtain a sholáthar amach as agus isteach sa phointe trádála fíorúil nó in-leithdháilteacht theoranta;
(36)
ciallaíonn ‘in-leithdháilteacht’ teaglaim lánroghnach aon acmhainn iontrála agus aon acmhainn scoir nó a mhalairt;
(37)
ciallaíonn ‘ioncam ceadaithe’ suim an ioncaim ó sheirbhísí tarchuir agus seirbhísí neamhtharchuir le haghaidh soláthar seirbhísí ag an oibreoir córais tarchuir ar feadh tréimhse shonrach ama laistigh de thréimhse rialála ar leith ar ioncam é a bhfuil an t-oibreoir córais tarchuir sin i dteideal a fháil faoi chóras caidhpe neamhphraghais agus a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 78(7), pointe (a), de Treoir (AE) 2024/1788;
(38)
ciallaíonn ‘sprioc-ioncam’ suim an ioncaim a bhfuiltear ag dréim léi ó sheirbhísí tarchuir arna ríomh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 17(1) agus suim an ioncaim ó sheirbhísí neamh-tharchuir a bhfuiltear ag dréim léi le haghaidh soláthar seirbhísí ag an oibreoir córais tarchuir ar feadh tréimhse shonrach ama laistigh de thréimhse rialála ar leith faoi chóras caidhpe praghais;
(39)
ciallaíonn ‘bonneagar nua’ bonneagar nár críochnaíodh faoin 4 Lúnasa 2003;
(40)
ciallaíonn ‘gás nádúrtha’ gás nádúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2024/1788;
(41)
ciallaíonn ‘gás in-athnuaite’ gás in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir (AE) 2024/1788;
(42)
ciallaíonn ‘córas gáis nádúrtha’ córas gáis nádúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Threoir (AE) 2024/1788;
(43)
ciallaíonn ‘córas hidrigine’ córas hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2024/1788;
(44)
ciallaíonn ‘saoráid stórála hidrigine’ saoráid stórála hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Threoir (AE) 2024/1788;
(45)
ciallaíonn ‘oibreoir stórála hidrigine’ oibreoir stórála hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (6) de Threoir (AE) 2024/1788;
(46)
ciallaíonn ‘críochfort hidrigine’ críochfort hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), den Treoir maidir le Gás(AE) 2024/1788;
(47)
ciallaíonn ‘oibreoir críochfoirt hidrigine’ oibreoir críochfoirt hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Threoir (AE) 2024/1788;
(48)
ciallaíonn ‘cáilíocht hidrigine’ cáilíocht hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Threoir (AE) 2024/1788;
(49)
ciallaíonn ‘hidrigin ísealcharbóin’ hidrigin ísealcharbóin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11) de Threoir (AE) 2024/1788;
(50)
ciallaíonn ‘gás ísealcharbóin’ gás ísealcharbóin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Threoir (AE) 2024/1788;
(51)
ciallaíonn ‘oibreoir córais tarchuir’ oibreoir córais tarchuir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Threoir (AE) 2024/1788;
(52)
ciallaíonn ‘gréasán píblínte réamhtheachtach’ gréasán píblínte réamhtheachtach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (16), de Threoir (AE) 2024/1788;
(53)
ciallaíonn ‘dáileadh’ dáileadh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (19), de Threoir (AE) 2024/1788;
(54)
ciallaíonn ‘oibreoir córais dáileacháin’ oibreoir córais dáileacháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (20) de Threoir (AE) 2024/1788;
(55)
ciallaíonn ‘gréasán hidrigine’ gréasán hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (21), de Threoir (AE) 2024/1788;
(56)
ciallaíonn ‘iompar hidrigine’ iompar hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (22), de Threoir (AE) 2024/1788;
(57)
ciallaíonn ‘gréasán tarchurtha hidrigine’ gréasán tarchurtha hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (23), de Threoir (AE) 2024/1788;
(58)
ciallaíonn ‘gréasán dáilte hidrigine’ gréasán dáilte hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24), de Threoir (AE) 2024/1788;
(59)
ciallaíonn ‘oibreoir gréasáin hidrigine’ oibreoir gréasáin hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (25), de Threoir (AE) 2024/1788;
(60)
ciallaíonn ‘oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine’ oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (26), de Threoir (AE) 2024/1788;
(61)
ciallaíonn ‘oibreoir gréasáin dáilte hidrigine’ oibreoir gréasáin dáilte hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (27), de Threoir (AE) 2024/1788;
(62)
ciallaíonn ‘soláthar’ soláthar mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (28), de Threoir (AE)2024/1788;
(63)
ciallaíonn ‘saoráid stórála gáis nádúrtha’ saoráid stórála gáis nádúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (31), de Threoir (AE) 2024/1788;
(64)
ciallaíonn ‘oibreoir córais stórála gáis nádúrtha’ oibreoir córais stórála gáis nádúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (32), de Threoir (AE) 2024/1788;
(65)
ciallaíonn ‘saoráid GNL’ saoráid GNL mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (33), de Threoir (AE) 2024/1788;
(66)
ciallaíonn ‘oibreoir córais GNL’ oibreoir córais GNL mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (34) de Threoir (AE) 2024/1788;
(67)
ciallaíonn ‘córas’ córas mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (35), de Threoir (AE)2024/1788;
(68)
ciallaíonn ‘seirbhísí coimhdeacha’ seirbhísí coimhdeacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (36) de Threoir (AE) 2024/1788;
(69)
ciallaíonn ‘idirnascaire’ idirnascaire mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (39), de Treoir maidir le Gás (AE)2024/1788;
(70)
ciallaíonn ‘idirnascaire hidrigine’ idirnascaire hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (40), de Threoir (AE) 2024/1788;
(71)
ciallaíonn ‘úsáideoir córais’ úsáideoir córais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (46), de Threoir (AE) 2024/1788;
(72)
ciallaíonn ‘custaiméir’ custaiméir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (47), de Threoir (AE)2024/1788;
(73)
ciallaíonn ‘custaiméir deiridh’ custaiméir deiridh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (50) de Threoir (AE) 2024/1788;
(74)
ciallaíonn ‘custaiméir mórdhíola’ custaiméir mórdhíola mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (51), de Threoir (AE) 2024/1788;
(75)
ciallaíonn ‘rialú’ rialú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (55), de Threoir (AE)2024/1788;
(76)
ciallaíonn ‘conradh fadtéarmach’ conradh fadtéarmach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (56) de Threoir (AE) 2024/…+;
(77)
ciallaíonn ‘pointe idirnaisc’ pointe idirnaisc mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (63), de Threoir (AE) 2024/1788;
(78)
ciallaíonn ‘pointe idirnaisc fíorúil’ pointe idirnaisc fíorúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (64), de Threoir (AE) 2024/1788;
(79)
ciallaíonn ‘rannpháirtí sa mhargadh’ rannpháirtí sa mhargadh mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (65) de Threoir (AE) 2024/1788;
(80)
ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ idir-inoibritheacht mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (71), de Threoir (AE) 2024/1788;
(81)
ciallaíonn ‘bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’ bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37);
(82)
ciallaíonn ‘athrú cuspóra’ athrú cuspóra mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán (AE) 2022/869;
(83)
ciallaíonn ‘gnóthas atá comhtháite go hingearach’ gnóthas atá comhtháite go hingearach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (43), de Threoir (AE) 2024/1788.
2. Tá feidhm de réir analaí ag na sainmhínithe i mír 1, pointí (4) go (24), i ndáil le tarchur maidir le saoráidí stórála agus GNL.
CAIBIDIL II
RIALACHA GINEARÁLTA IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS NA CÓRAIS GÁIS NÁDÚRTHA AGUS HIDRIGINE
Roinn 1
Rialacha ginearálta maidir le heagrú na margaí agus rochtain ar an mbonneagar
Airteagal 3
Prionsabail Ghinearálta
Áiritheoidh na Ballstáit, údaráis rialála arna n-ainmniú de bhun Airteagal 76 de Threoir (AE) 2024/1788 (‘na húdaráis rialála’), oibreoirí córais gáis nádúrtha, nó oibreoirí córais hidrigine agus oibreoirí tarmligthe amhail bainisteoirí limistéir margaidh nó oibreoirí ardáin áirithinte go ndéanfar margaí do ghás nádúrtha agus hidrigine a oibriú i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
(a)
bunófar praghsanna do ghás nádúrtha agus hidrigine ar bhonn éilimh agus soláthair;
(b)
comhoibreoidh oibreoirí córais tarchuir agus oibreoirí córais dáileacháin, agus oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine agus oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine chun an tsaoirse a sholáthar d’úsáideoirí gréasáin acmhainn iontrála agus scoir a chur in áirithint go neamhspleách; déanfar gás nádúrtha agus, ó 2033 ar aghaidh, hidrigin, a iompar trí bhíthin an chórais iontrála-scoir, seachas conairí conarthacha;
(c)
déanfar taraifí a ghearrtar ag na pointí iontrála agus scoir sa chóras gáis nádúrtha agus sa chóras hidrigine a struchtúrú ar bhealach lena rannchuideofar le comhtháthú margaidh, agus slándáil an tsoláthair á feabhsú agus an t-idirnasc idir gréasáin gáis nádúrtha agus idir gréasáin hidrigine á chur chun cinn;
(d)
déanfaidh gnóthais atá gníomhach sa chóras iontrála-scoir céanna gás nádúrtha agus, ó 2033 ar aghaidh, hidrigin, a mhalartú ag an bpointe trádála fíorúil; beidh rochtain chomhionann ag táirgeoirí gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin ar an bpointe trádála fíorúil, gan beann ar iad a bheith nasctha leis an gcóras dáileacháin nó leis an gcóras tarchuir; féadfar gás nádúrtha agus, ó 2033 ar aghaidh, hidrigin a mhalartú go fisiciúil ag pointí iontrála ó thríú tíortha nó ag pointí scoir chuig tríú tíortha;
(e)
beidh úsáideoirí gréasáin freagrach as a bpunanna cothromúcháin a chothromú chun íoslaghdú a dhéanamh ar an ngá atá ann d’oibreoirí córais tarchuir agus oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine tabhairt faoi ghníomhaíochtaí cothromúcháin;
(f)
déanfar gníomhaíochtaí cothromúcháin ar bhonn táirgí caighdeánaithe i gcomhréir leis an gcód gréasáin maidir le cothromú arna bhunú de bhun an Rialacháin seo agus déanfar iad ar ardán trádála nó trí bhíthin seirbhísí cothromúcháin i gcomhréir leis an gcód gréasáin sin;
(g)
le rialacha margaidh, seachnófar gníomhaíochtaí lena gcuirtear cosc ar phraghasmhúnlú ar bhonn éilimh agus soláthair do ghás nádúrtha agus hidrigine;
(h)
le rialacha margaidh, áiritheofar cur chuige sna margaí do ghás nádúrtha agus hidrigine a bheidh dírithe ar an tomhaltóir agus fuinneamhéifeachtúil;
(i)
le rialacha margaidh, déanfar an trádáil leachtach do ghás nádúrtha agus hidrigine a chothú agus a fheidhmiú, agus praghasmhúnlú agus trédhearcacht praghsanna á gcothú;
(j)
le rialacha margaidh, cumasófar dícharbónú na gcóras gáis nádúrtha agus na gcóras hidrigine, lena n-áirítear trí chomhtháthú isteach sna margaí do ghás nádúrtha agus hidrigine ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chumasú agus trí dhreasachtaí a sholáthar maidir le coigilteas agus éifeachtúlacht fuinnimh, laghdú ar éileamh, solúbthacht éilimh agus comhtháthú córais fuinnimh agus baint amach spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a éascú;
(k)
le rialacha margaidh, soláthrófar dreasachtaí infheistíochta iomchuí, go háirithe le haghaidh infheistíochtaí fadtéarmacha i gcóras dícharbónaithe agus inbhuanaithe do ghás nádúrtha agus hidrigine, le haghaidh stóráil fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh, laghdú ar éileamh agus freagairt don éileamh chun freastal ar riachtanais margaidh agus ar riachtanais comhtháthaithe córais, agus déanfar iomaíocht chóir agus slándáil an tsoláthair a éascú, agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á chur chun feidhme chun dreasachtaí infheistíochta as a dtagann sócmhainní tréigthe a sheachaint;
(l)
leis na rialacha maidir le pleanáil gréasáin, díreofar, i gcás inarb iomchuí, ar úsáid hidrigine le haghaidh earnálacha ar deacair iad a dhícharbónú, agus acmhainneacht laghdaithe gás ceaptha teasa á cur san áireamh, spreagfar bearta chun an t-éileamh ar ghás iontaise a laghdú, agus rannchuideofar le húsáid stuama agus réasúnach acmhainní nádúrtha agus le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach;
(m)
cuirfear deireadh le bacainní ar shreafaí gáis nádúrtha agus hidrigine trasteorann, más ann dóibh, idir córais iontrála-scoir;
(n)
le rialacha margaidh, éascófar an comhar agus an comhtháthú réigiúnach.
Airteagal 4
Uas-scálú ar ghás in-athnuaite agus ar ghás ísealcharbóin i réigiúin ar mór a lorg guail agus carbóin
Tacóidh an Coimisiún le teacht isteach gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin, go háirithe hidrigin agus bithmheatán, ar chóras fuinnimh an Aontais, go háirithe i réigiúin ar mór a lorg guail agus carbóin, agus é mar aidhm aige sciar an gháis in-athnuaite a mhéadú go háirithe i bpróisis thionsclaíocha, i dtéamh ceantair agus i stóráil fuinnimh agus, ar an gcaoi sin, dlús a chur le céimniú amach breoslaí iontaise soladacha in earnálacha tionsclaíocha agus téimh ceantair. Tacóidh an Coimisiún freisin le breoslaí iontaise a thiontú go hidrigin agus bithmheatán in-athnuaite agus ísealcharbóin, chomh maith le lucht saothair a chruthú atá réidh don hidrigin.
Airteagal 5
Scaradh bonn sócmhainní rialála
1. I gcás ina soláthraíonn oibreoir córais tarchuir, oibreoir córais dáileacháin nó oibreoir gréasáin hidrigine seirbhísí rialáilte do ghás nádúrtha, hidrigine nó leictreachais, comhlíonfaidh sé an ceanglas maidir le díchuachadh cuntas mar a leagtar síos in Airteagal 75 de Threoir (AE) 2024/1788 agus in Airteagal 56 de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38) agus beidh bonn sócmhainní rialála ar leithligh aige le haghaidh sócmhainní gáis nádúrtha, hidrigine nó leictreachais. Leis an mbonn sócmhainní rialála ar leithligh sin áiritheofar:
(a)
nach féidir ioncam seirbhísí a fhaightear ó sholáthar seirbhísí rialáilte ar leith a úsáid ach amháin le haghaidh aisghabháil an chaipitil agus an chaiteachais oibríochtúil a bhaineann leis na sócmhainní a chuimsítear sa bhonn sócmhainní rialála ar ar soláthraíodh na seirbhísí rialáilte;
(b)
nuair a aistrítear sócmhainní chuig bonn sócmhainní rialála difriúil, go mbunófar a luach, faoi réir iniúchadh agus formheas ag an údarás rialála agus gurb amhlaidh nach dtarlóidh tras-fhóirdheontais.
2. Ní dhéanfaidh Ballstát aistrithe airgeadais a cheadú idir seirbhísí rialáilte ar seirbhísí ar leithligh iad de réir bhrí mhír 1.
3. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú d’oibreoirí gréasáin hidrigine aisghabháil na gcostas gréasáin hidrigine a leathadh trí tharaifí rochtana gréasáin le himeacht ama chun a áirithiú go ranníocfaidh úsáideoirí amach anseo go cuí le costais forbartha tosaigh gréasáin hidrigine. Beidh leithdháileadh idir-ama costas den sórt sin agus a mhodheolaíocht fholuiteach faoi réir fhormheas an údaráis rialála. Féadfaidh na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm, amhail ráthaíocht Stáit, chun riosca airgeadais na n-oibreoirí gréasáin hidrigine a chumhdach, ar riosca é a bhaineann leis an mbearna aisghabhála costas tosaigh a eascraíonn as leithdháileadh idir-ama costas a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go gcomhlíonann na bearta sin Airteagal 107 CFAE.
4. De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh Ballstát aistrithe airgeadais a cheadú idir seirbhísí rialáilte, ar seirbhísí rialáilte ar leithligh iad de réir bhrí mhír 1, ar choinníoll go bhfuil sé suite ag an údarás rialála nach bhfuil sé inmharthana gréasáin a mhaoiniú trí tharaifí rochtana gréasáin arna n-íoc ag a úsáideoirí gréasáin amháin. Déanfaidh an t-údarás rialála inter alia luach na n-aistrithe airgeadais réamh-mheasta, an tras-fhóirdheonú a thiocfaidh as sin idir úsáideoirí na ngréasán faoi seach agus cost-éifeachtúlacht na n-aistrithe airgeadais sin a mheas ina mheasúnú.
Beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas maidir le haistriú airgeadais de réir bhrí na míre seo:
(a)
go mbailítear an t-ioncam uile is gá le haghaidh an aistrithe airgeadais mar mhuirear tiomnaithe;
(b)
nach mbailítear an muirear tiomnaithe ach amháin ó phointí scoir chuig custaiméirí deiridh atá lonnaithe laistigh de na Ballstáit chéanna ina bhfuil tairbhí an aistrithe airgeadais;
(c)
go ndéanann an t-údarás rialála an muirear tiomnaithe agus an t-aistriú airgeadais nó na modheolaíochtaí is bonn lena ríomh a fhormheas roimh a dteacht i bhfeidhm;
(d)
go bhfoilsítear an muirear tiomnaithe formheasta agus an t-aistriú airgeadais formheasta agus na modheolaíochtaí, i gcás ina ndéantar modheolaíochtaí a fhormheas, tráth nach déanaí ná 30 lá roimh dháta a gcur chun feidhme;
(e)
go bhfuil fógra tugtha ag an mBallstát don Choimisiún agus do ACER gur cheadaigh sé aistrithe airgeadais.
5. Féadfaidh an t-údarás rialála aistriú airgeadais agus muirear tiomnaithe dá dtagraítear i mír 4 a fhormheas, ar choinníoll:
(a)
go ngearrtar taraifí rochtana gréasáin ar úsáideoirí an bhoinn sócmhainní rialála a bhaineann tairbhe as aistriú airgeadais;
(b)
maidir le suim na n-aistrithe airgeadais agus an ioncaim seirbhísí arna bailiú trí tharaifí rochtana gréasáin, nach mó í ná an t-ioncam ceadaithe ná an sprioc-ioncam;
(c)
go bhformheastar aistriú airgeadais ar feadh tréimhse ama teoranta, agus nach faide an tréimhse sin ná aon trian den thréimhse dímheasa atá fágtha den bhonneagar lena mbaineann.
6. Faoin 5 Lúnasa 2025, eiseoidh ACER moltaí d'oibreoirí córais tarchuir, oibreoirí córais dáileacháin, oibreoirí gréasáin hidrigine agus údaráis rialála maidir leis na modheolaíochtaí chun an leithdháileadh idir-ama costas a shocrú.
Déanfaidh ACER na moltaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thabhairt cothrom le dáta gach 2 bhliain ar a laghad.
Féadfaidh ACER moltaí a eisiúint chun oibreoirí córais tarchuir, oibreoirí córais dáileacháin, oibreoirí gréasáin hidrigine agus údarás rialála maidir leis na modheolaíochtaí le haghaidh na nithe seo a leanas:
(a)
cinneadh luach na sócmhainní a aistrítear chuig bonn sócmhainní rialála eile agus ceann scríbe aon bhrabús agus caillteanas a d’fhéadfadh tarlú dá bharr sin;
(b)
ríomh mhéid agus fhad uasta agus aistrithe airgeadais agus an mhuirir thiomanta;
(c)
na critéir chun ranníocaíochtaí a leithdháileadh ar an muirear tiomanta idir na custaiméirí deiridh a mbaineann an bonn sócmhainní rialála leo.
Airteagal 6
Seirbhísí rochtana tríú páirtithe a bhaineann le hoibreoirí córais tarchuir
1. Déanfaidh oibreoirí córais tarchuir an méid seo a leanas:
(a)
acmhainn agus seirbhísí ar bhonn neamh-idirdhealaitheach a thairiscint do na húsáideoirí gréasáin uile;
(b)
acmhainn atá docht agus in-idirbhriste araon a sholáthar; léireofar i bpraghas na hacmhainne in-idirbhriste an dóchúlacht go dtarlóidh idirbhriseadh;
(c)
acmhainn fhadtéarmach agus ghearrthéarmach a thairiscint d'úsáideoirí gréasáin.
Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (a), i gcás ina mbeidh an tseirbhís chéanna á tairiscint ag oibreoir córais tarchuir do chustaiméirí éagsúla, déanfaidh sé amhlaidh faoi théarmaí agus faoi choinníollacha conarthacha coibhéiseacha, agus conarthaí comhchuibhithe iompair á n-úsáid aige nó cód coiteann gréasáin arna fhormheas ag an údarás rialála i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 78 nó 79 de Threoir (AE) 2024/1788.
2. Faoin 5 Lúnasa 2025, déanfaidh an Coimisiún:
(a)
meastóireacht ar an tionchar a bheidh ag córas taraifí ar an gcóras gáis nádúrtha a fhágann nach ngearrfar aon taraifí ar rochtain ar chórais tarchuir ag pointí idirnaisc idir na Ballstáit, nó ag pointí idirnaisc le tríú tíortha a nascann a gcórais dhá Bhallstát nó níos mó; agus
(b)
tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Féadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní a shainaithnítear sa mheastóireacht.
3. Ní bheidh de thoradh ar chonarthaí iompair a síníodh agus dátaí tosaithe neamhchaighdeánacha acu nó ar giorra a ré ná ré conartha chaighdeánaigh bhliantúil iompair, go mbeidh taraifí ann atá níos airde nó níos ísle go treallach ar taraifí iad nach léiríonn luach margaidh na seirbhíse, i gcomhréir leis an bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 17(1).
4. I gcás ina nascfaidh dhá phointe idirnaisc nó níos mó an dá chóras iontrála-scoir chóngaracha chéanna, déanfaidh na hoibreoirí córais tarchuir lena mbaineann an acmhainneacht a bheidh ar fáil ag na pointí idirnaisc a thairiscint ag aon phointe idirnaisc fíorúil amháin. Déanfar aon acmhainn chonarthach ag na pointí idirnaisc, gan beann ar an dáta dul in éag, a aistriú chuig an bpointe idirnaisc fíorúil.
Ní dhéanfar pointe idirnaisc fíorúil a bhunú ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tá an toilleadh teicniúil iomlán ag na pointí fíorúla idirnaisc cothrom le suim na dtoilltí teicniúla ag gach ceann de na pointí idirnaisc a bheidh ag rannchuidiú leis na pointí idirnaisc fíorúla nó níos airde ná í;
(b)
leis an bpointe idirnaisc, éascaítear úsáid eacnamaíoch agus éifeachtúil an chórais lena n-áirítear na rialacha a leagtar amach in Airteagail 10 agus 11.
5. I gcás inarb iomchuí, féadfar seirbhísí rochtana tríú páirtithe a dheonú, faoi réir ráthaíochtaí iomchuí ó úsáideoirí gréasáin maidir le creidmheasacht na n-úsáideoirí sin. Ní bheidh na ráthaíochtaí sin ina mbacainní míchuí ar iontráil sa mhargadh agus beidh siad neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach agus comhréireach.
6. Beidh rochtain ag oibreoirí córais tarchuir, más gá sin, chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh lena n-áirítear i ndáil le tarchur trasteorann, ar ghréasán oibreoirí córais tarchuir eile.
7. Beidh mír 1 go mír 6 gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit bearta comhréireacha a dhéanamh chun srian sealadach a chur ar sholáthairtí gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise agus ón mBealarúis, ar feadh téarma seasta, a fhéadfar a athnuachan má tá údar leis, trí thairiscintí tosaigh ar acmhainn arna ndéanamh ag aon úsáideoir gréasáin aonair ag pointí iontrála ó Chónaidhm na Rúise nó ón mBealarúis a theorannú ar feadh téarma seasta i gcás inar gá sin chun a leasanna bunúsacha slándála agus leasanna slándála an Aontais a chosaint, agus ar choinníoll:
(a)
nach gcuireann na bearta sin isteach go míchuí ar fheidhmiú cuí mhargadh inmheánach an gháis nádúrtha agus ar shreabha trasteorann gáis nádúrtha idir na Ballstáit, agus nach mbaineann siad an bonn de shlándáil an tsoláthair san Aontas nó i mBallstát;
(b)
go n-urramaítear leis na bearta sin prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh;
(c)
go nglactar na bearta sin i gcomhréir le cearta agus oibleagáidí an Aontais agus na mBallstát maidir le tríú tíortha.
Agus an gá atá le slándáil sholáthar an Aontais a áirithiú á chur i gcuntas, féadfaidh bearta arna nglacadh ag na Ballstáit de bhun na chéad fhomhíre a bheith dírithe ar sholáthairtí gáis nádúrtha a éagsúlú d’fhonn deireadh a chur de réir a chéile leis an spleáchas ar ghás nádúrtha na Rúise, i gcás inar féidir a léiriú go bhfuil gá leis na bearta sin chun a leasanna bunúsacha slándála agus leasanna slándála an Aontais a chosaint.
Sula ndéanfar cinneadh ar bheart dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún agus, a mhéid is dócha go ndéanfaidh an beart difear dóibh, le Ballstáit eile, Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh, tríú tíortha is Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an aird is mó is féidir ar an staid sna Ballstáit sin agus sna tríú tíortha sin agus aon ábhair imní arna gcur in iúl ina leith sin ag na Ballstáit sin, ag na tríú tíortha sin nó ag an gCoimisiún.
Airteagal 7
Seirbhísí rochtana tríú páirtithe a bhaineann le hoibreoirí gréasáin hidrigine
1. Tairgfidh oibreoirí gréasáin hidrigine a seirbhísí ar bhonn neamh-idirdhealaitheach do gach úsáideoir gréasáin, faoi réir téarmaí agus coinníollacha conarthacha coibhéiseacha le haghaidh na seirbhíse céanna. Foilseoidh oibreoirí gréasáin hidrigine na téarmaí conarthacha agus na taraifí a mhuirearaítear ar rochtain gréasáin agus, más infheidhme, muirir chomhardúcháin, ar a suíomh gréasáin.
2. Cuirfear uasmhéid acmhainne gréasáin hidrigine ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh, agus sláine an chórais chomh maith le hoibriú éifeachtúil slán an ghréasáin á gcur i gcuntas.
3. Is é 20 bliain an fad uasta le haghaidh conarthaí acmhainne i dtaca le bonneagar arna thógáil roimh an 1 Eanáir 2028 agus 15 bliana i dtaca le bonneagar arna thógáil an dáta sin nó ina dhiaidh. Beidh an ceart ag údaráis rialála chun fad uasta níos giorra a fhorchur más gá chun feidhmiú an mhargaidh hidrigine a áirithiú, chun an iomaíocht a chaomhnú agus chun an comhtháthú trasteorann a áirithiú sa todhchaí. Nuair a bheidh cinneadh á ghlacadh acu ar uastréimhse níos giorra a fhorchur, cuirfidh na húdaráis rialála i gcuntas, inter alia, gealltanas ó úsáideoirí gréasáin maoiniú gréasáin a dhaingniú, impleachtaí diúltacha ar phleanáil agus féidearthachtaí athmhaoinithe.
4. Cuirfidh oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha um bainistiú ar phlódú chun feidhme agus déanfaidh sé iad a fhoilsiú, ar nósanna imeachta iad lena n-éascaítear malartuithe trasteorann hidrigine chomh maith ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.
5. Déanfaidh oibreoirí gréasáin hidrigine measúnú rialta ar an éileamh atá sa mhargadh ar infheistíochtaí nua, agus slándáil an tsoláthair agus éifeachtúlacht úsáid deiridh hidrigine á gcur i gcuntas.
6. Ón 1 Eanáir 2033, is mar chórais iontrála-scoir a eagrófar gréasán hidrigine.
7. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan mír 6 a chur i bhfeidhm maidir le gréasáin hidrigine a thairbhíonn de mhaolú de bhun Airteagal 52 Treoir (AE) 2024/1788 agus nach bhfuil nasctha le gréasán hidrigine eile.
8. Ón 1 Eanáir 2033, nó i gcás ina gcinnfidh Ballstát rochtain rialáilte tríú páirtí ar ghréasáin hidrigine a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 35 de Threoir (AE) 2024/1788 roimh an 1 Eanáir 2033, beidh feidhm ag Airteagal 17 den Rialachán seo maidir le taraifí le haghaidh rochtain ar ghréasáin hidrigine agus beidh feidhm maidir le hoibreoirí gréasáin hidrigine ag na hoibleagáidí ar oibreoirí córais tarchuir a leagtar amach in Airteagal 17(1), (2), (4) agus (5) den Rialachán seo. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 18 ná Airteagal 19 den Rialachán seo maidir le gréasáin hidrigine: Ní bheidh feidhm ag na hAirteagail sin ach amháin maidir le gréasáin gáis nádúrtha.
Rachaidh údaráis rialála i gcomhairle le húdaráis rialála na mBallstát atá nasctha go díreach agus leis na geallsealbhóirí ábhartha sula ndéanfaidh siad cinneadh ar an modheolaíocht chun taraifí rochtana ar an ngréasán hidrigine a shocrú i gcás na bpointí iontrála agus scoir ag pointí idirnaisc trasteorann idir na Ballstáit sin atá nasctha go díreach, lena n-áirítear i gcás aon phointí idirnaisc fíorúla. Cuirfidh na húdaráis rialála an mhodheolaíocht taraife shamhlaithe faoi bhráid ACER freisin. De mhaolú ar Airteagal 17, féadfaidh na húdaráis rialála a chinneadh gan aon taraifí rochtana ar an ngréasán hidrigine a ghearradh nó, nuair a leithdháiltear toilleadh trí cheantanna, na praghsanna cúltaca a shocrú ag nialas.
Agus an mhodheolaíocht á cinneadh chun taraifí rochtana gréasáin hidrigine a shocrú ag pointe idirnaisc idir Ballstáit, cuirfidh na húdaráis rialála lena mbaineann na prionsabail taraife dá dtagraítear in Airteagal 17(1), (2), (4) agus (5) i bhfeidhm agus cuirfidh siad toradh na gcomhairliúchán dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo i gcuntas, go háirithe toradh na gcomhairliúchán le húdaráis rialála na mBallstát atá nasctha go díreach, agus tionchar na dtaraifí roghnaithe um rochtain ar an ngréasán ar thrádáil trasteorann agus ar fheidhmiú an mhargaidh sna Ballstáit atá nasctha go díreach.
Féadfaidh údaráis rialála na mBallstát atá nasctha go díreach a iarraidh ar ACER tuairim fhíorasach a sholáthar ar an modheolaíocht chun taraifí rochtana ar an ngréasán hidrigine a shocrú nó praghsanna cúltaca a sholáthar do na pointí iontrála agus scoir ag pointí idirnaisc trasteorann idir na Ballstáit sin, i gcomhréir le hAirteagal 6(5) de Rialachán (AE) 2019/942. Cuirfidh ACER an Coimisiún ar an eolas dá réir sin, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 6(6) de Rialachán (AE) 2019/942. Agus tuairim fhíorasach á tabhairt aige, déanfaidh ACER a mheasúnú agus aird chuí á tabhairt aige ar na prionsabail taraife dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus (2) den Airteagal seo.
Déanfar mionsonraí breise is gá chun an mhír seo a chur chun feidhme, go háirithe an nós imeachta comhairliúcháin trasteorann nó tuairim a iarraidh ar ACER, a shocrú i gcód gréasán a bhunaítear de bhun Airteagal 72(1).
9. Ón 1 Eanáir 2033, comhlíonfaidh oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine na ceanglais maidir le hoibreoirí córais tarchuir de bhun Airteagail 5, 10 agus 13 agus a seirbhísí á dtairiscint acu, agus foilseoidh siad taraifí le haghaidh gach pointe gréasáin ar ardán ar líne arna oibriú ag Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine (ENNOH). Go dtí go nglacfar le cód gréasáin maidir le leithdháileadh acmhainne i gcás gréasáin tarchurtha hidrigine de bhun Airteagal 72(1), pointe (d) agus go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, féadfar an foilsiú sin a dhéanamh trí naisc chuig foilsiú taraifí ar shuíomhanna gréasáin oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine.
Airteagal 8
Seirbhísí rochtana tríú páirtí a bhaineann le saoráidí stórála gáis nádúrtha, críochfoirt hidrigine, saoráidí GNL agus saoráidí stórála hidrigine
1. Déanfaidh oibreoirí córais GNL, oibreoirí críochfoirt hidrigine, oibreoirí stórála hidrigine agus oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha an méid seo a leanas:
(a)
seirbhísí a thairiscint ar bhonn neamh-idirdhealaitheach do gach aon úsáideoir gréasáin a dhéanfaidh freastal ar éileamh an mhargaidh; go háirithe i gcás ina dtairgfidh oibreoir córais GNL, oibreoir críochfoirt hidrigine, oibreoir stórála hidrigine nó oibreoir córais stórála gáis nádúrtha an tseirbhís chéanna do chustaiméirí éagsúla, déanfaidh sé amhlaidh de réir téarmaí agus coinníollacha conarthacha coibhéiseacha;
(b)
seirbhísí a thairiscint atá comhoiriúnach le húsáid córais iompair gáis nádúrtha agus hidrigine agus rochtain a éascú trí chomhoibriú leis an oibreoir córais tarchuir nó leis an oibreoir gréasáin hidrigine; agus
(c)
aon fhaisnéis ábhartha a phoibliú, go háirithe sonraí maidir le húsáid agus maidir le hinfhaighteacht seirbhísí, i dtréimhse ama atá comhoiriúnach le riachtanais réasúnta tráchtála úsáideoirí saoráidí GNL, saoráidí stórála gáis nádúrtha, críochfort hidrigine nó saoráidí stórála hidrigine, atá faoi réir faireachán ar an bpoibliú sin ag an údarás rialála.
2. Déanfaidh gach oibreoir córais stórála gáis nádúrtha agus gach oibreoir stórála hidrigine an méid seo a leanas:
(a)
seirbhísí rochtana atá docht agus in-idirbhriste araon a sholáthar do thríú páirtithe; léireofar i bpraghas na hacmhainne in-idirbhriste an dóchúlacht go dtarlóidh idirbhriseadh;
(b)
seirbhísí fadtéarmacha agus seirbhísí gearrthéarmacha a thairiscint d’úsáideoirí na saoráidí stórála;
(c)
seirbhísí cuachta agus seirbhísí díchuachta acmhainne stórála a thairiscint d’úsáideoirí na saoráidí stórála.
3. Tairgfidh gach oibreoir córais GNL d’úsáideoirí saoráide GNL seirbhísí cuachta agus seirbhísí díchuachta araon laistigh den tsaoráid GNL ag brath ar na riachtanais a léiríonn úsáideoirí na saoráide GNL.
4. Ní bheidh taraifí níos airde go treallach mar thoradh ar chonarthaí saoráidí stórála GNL agus gáis nádúrtha agus ar chonarthaí saoráide stórála hidrigine agus críochfoirt hidrigine i gcás ina síneofar iad:
(a)
lasmuigh de bhliain gháis a bhfuil dátaí tosaigh neamhchaighdeánacha aici; nó
(b)
ar feadh ré is giorra ná conradh caighdeánach ar bhonn bliantúil.
5. I gcás inarb iomchuí, féadfar seirbhísí rochtana tríú páirtithe a dheonú, faoi réir ráthaíochtaí iomchuí ó úsáideoirí gréasáin maidir le creidmheasacht na n-úsáideoirí sin. Ní bheidh na ráthaíochtaí sin ina mbacainní míchuí ar iontráil sa mhargadh agus beidh siad neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach agus comhréireach.
6. Beidh údar maith, agus é bunaithe ar shrianta teicniúla, leis na teorainneacha conarthacha ar an íosmhéid is gá d’acmhainn saoráide GNL nó críochfort hidrigine agus d'acmhainn stórála gáis nádúrtha nó hidrigine, agus ceadóidh siad d’úsáideoirí stórála atá níos lú rochtain a fháil ar sheirbhísí stórála.
7. Beidh mír 1 go mír 6 gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit bearta comhréireacha a dhéanamh chun srian sealadach a chur ar sholáthairtí GNL ó Chónaidhm na Rúise agus ón mBealarúis, ar feadh téarma seasta, a fhéadfar a athnuachan má tá údar leis, trí thairiscintí tosaigh arna ndéanamh ag aon úsáideoir gréasáin aonair nó trí sholáthar d’acmhainn saoráide GNL arna ndéanamh ag aon úsáideoir gréasáin aonair i gcás seachadtaí ó Chónaidhm na Rúise nó ón mBealarúis a theorannú, i gcás inar gá sin chun a leasanna bunúsacha slándála agus leasanna slándála an Aontais a chosaint, agus ar choinníoll:
(a)
nach gcuireann na bearta sin isteach go míchuí ar fheidhmiú cuí mhargadh inmheánach an gháis nádúrtha agus ar shreabha trasteorann gáis nádúrtha idir na Ballstáit, agus nach mbaineann siad an bonn de shlándáil an tsoláthair san Aontas nó i mBallstát;
(b)
go n-urramaítear leis na bearta sin prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh;
(c)
go nglactar na bearta sin i gcomhréir le cearta agus oibleagáidí an Aontais agus na mBallstát maidir le tríú tíortha.
Agus an gá atá le slándáil sholáthar an Aontais a áirithiú á chur i gcuntas, féadfaidh bearta arna nglacadh ag na Ballstáit de bhun na chéad fhomhíre a bheith dírithe ar sholáthairtí GNL a éagsúlú d’fhonn deireadh a chur de réir a chéile leis an spleáchas ar ghás nádúrtha na Rúise, i gcás inar féidir a léiriú go bhfuil gá leis na bearta sin chun a leasanna bunúsacha slándála agus leasanna slándála an Aontais a chosaint.
Sula ndéanfar cinneadh ar bheart dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún agus, a mhéid is dócha go ndéanfaidh an beart difear dóibh, le Ballstáit eile, Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh, tríú tíortha is Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an aird is mó is féidir ar an staid sna Ballstáit sin agus sna tríú tíortha sin agus aon ábhair imní arna gcur in iúl ina leith sin ag na Ballstáit sin, ag na tríú tíortha sin nó ag an gCoimisiún.
Airteagal 9
Measúnú ar éileamh an mhargaidh maidir le gás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin ag oibreoirí córais GNL agus oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha
Déanfaidh oibreoirí córais GNL agus oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha, gach 2 bhliain ar a laghad, measúnú ar an éileamh ar infheistíochtaí nua sa mhargadh lena bhféadfaí gás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin, lena n-áirítear comhdhúile hidrigine, amhail amóinia agus iompróirí leachtacha hidrigine orgánaí, a úsáid sna saoráidí. Cuirfidh na hoibreoirí sin na húdaráis rialála ábhartha ar an eolas faoi thoradh an mheasúnaithe ar éileamh an mhargaidh. Agus infheistíochtaí nua á bpleanáil acu, déanfaidh oibreoirí córais GNL agus oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha measúnú ar éileamh an mhargaidh i bhfianaise úsáid gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin a éascú ina saoráidí agus cuirfidh siad slándáil an tsoláthair i gcuntas. Cuirfidh oibreoirí córais GNL agus oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha ar fáil go poiblí aon phleananna maidir le hinfheistíochtaí nua lena bhféadfaí gás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin a úsáid ina saoráidí.
Airteagal 10
Prionsabail maidir le sásraí do leithdháileadh acmhainne agus nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú a bhaineann le hoibreoirí córais tarchuir
1. Déanfar an acmhainn uasta ag na pointí ábhartha uile dá dtagraítear in Airteagal 33(3) a chur ar fáil do na rannpháirtithe sa mhargadh, agus sláine an chórais agus oibriú éifeachtúil an ghréasáin á gcur san áireamh.
2. Déanfaidh an t-oibreoir córais tarchuir sásraí neamh-idirdhealaitheacha, trédhearcacha leithdháilte acmhainne a chur chun feidhme agus foilseoidh sé iad agus maidir leis na sásraí sin:
(a)
cuirfidh siad comharthaí iomchuí eacnamaíocha ar fáil i gcás úsáid éifeachtúil uasta na hacmhainne teicniúla agus éascóidh siad infheistíochtaí i mbonneagar nua agus i réitigh mhalartacha ar thaobh an éilimh nach dteastaíonn infheistíochtaí i mbonneagar nua agus éascóidh siad malartuithe trasteorann sa ghás nádúrtha;
(b)
beidh siad comhoiriúnach le sásraí an mhargaidh, lena n-áirítear spotmhargaí agus moil trádála, agus beidh siad solúbtha agus beidh ar a gcumas, an tráth céanna, iad féin a chur in oiriúint d'imthosca margaidh atá i mbun forbartha; agus
(c)
beidh siad comhoiriúnach le córais na mBallstát um rochtain ar ghréasáin.
3. Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchuir chun feidhme agus foilseoidh sé nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha um bainistiú ar phlódú ar nósanna imeachta iad a éascóidh malartuithe trasteorann sa ghás nádúrtha ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus a bheidh bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:
(a)
i gcás plódú conarthach, tairgfidh an t-oibreoir córais tarchuir an acmhainn neamhúsáidte ar an margadh príomha ar bhonn lá roimh ré agus ar bhonn in-idirbhriste ar a laghad; agus
(b)
féadfaidh úsáideoirí gréasáin an acmhainn chonarthach gan úsáid atá acu a athdhíol nó a fholigean ar an margadh tánaisteach.
Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (a), féadfaidh Ballstát a cheangal go dtabharfaidh úsáideoirí gréasáin fógra nó faisnéis don oibreoir córais tarchuir.
4. Déanfaidh oibreoirí córais tarchuir measúnú go rialta ar an éileamh atá sa mhargadh ar infheistíochtaí nua agus an cás comhchoiteann á chur i gcuntas de réir mar a forbraíodh don phlean forbartha gréasáin 10 mbliana de bhun Airteagal 55 de Threoir (AE) 2024/1788 chomh maith le slándáil an tsoláthair.
Airteagal 11
Prionsabail maidir le sásraí leithdháilte acmhainne agus nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú a bhaineann le saoráidí stórála gáis nádúrtha, críochfoirt hidrigine, saoráidí stórála hidrigine agus saoráidí GNL
1. Cuirfear an t-uasmhéid acmhainne saoráide stórála gáis nádúrtha, saoráide GNL, saoráide stórála hidrigine nó críochfort hidrigine ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh, agus sláine agus oibriú an chórais á gcur i gcuntas.
2. Cuirfidh oibreoirí córais GNL, oibreoirí stórála hidrigine, oibreoirí críochfoirt hidrigine agus oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha chun feidhme agus foilseoidh siad sásraí neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha leithdháilte acmhainne, agus maidir leis na sásraí sin:
(a)
cuirfidh siad comharthaí iomchuí eacnamaíocha ar fáil maidir le húsáid éifeachtúil uasta na hacmhainne agus éascóidh siad infheistíochtaí i mbonneagar nua;
(b)
beidh siad comhoiriúnach le sásraí an mhargaidh, lena n-áirítear spotmhargaí agus moil trádála, agus beidh siad solúbtha agus beidh ar a gcumas, an tráth céanna, iad féin a chur in oiriúint d'imthosca margaidh atá i mbun forbartha; agus
(c)
beidh siad comhoiriúnach leis na córais idirnasctha um rochtain ar ghréasáin.
3. Áireofar bearta i gconarthaí GNL le haghaidh críochfort GNL, críochfort hidrigine, saoráidí stórála hidrigine agus saoráidí stórála gáis nádúrtha chun cnapaireacht acmhainne a chosc, trí na prionsabail seo a leanas a chur i gcuntas, a bhfuil feidhm le bheith acu i gcás plódú conarthach:
(a)
tairgfidh an t-oibreoir córais acmhainn neamhúsáidte ar an margadh príomha gan mhoill, agus, i gcás saoráidí stórála gáis nádúrtha, tairgfidh siad an acmhainn sin ar bhonn lá roimh ré agus ar bhonn in-idirbhriste ar a laghad;
(b)
féadfaidh úsáideoirí a n-acmhainn chonarthach a athdhíol ar an margadh tánaisteach.
(c)
faoin an 5 Feabhra 2026, áiritheoidh oibreoirí córais GNL, oibreoirí críochfoirt hidrigine, oibreoirí stórála hidrigine agus oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha, ina n-aonar nó i gcomhpháirt le hoibreoirí eile den sórt sin, go mbeidh ardán áirithinte trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach ar fáil d’úsáideoirí saoráidí GNL, críochfort hidrigine, saoráidí stórála hidrigine agus saoráidí stórála gáis nádúrtha chun lamháil do na húsáideoirí sin a n-acmhainn chonarthach a athdhíol ar an margadh tánaisteach de bhun phointe (b).
Airteagal 12
Trádáil i gcearta acmhainne
Glacfaidh gach oibreoir córais tarchuir, oibreoir córais stórála gáis nádúrtha, oibreoir córais GNL, oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine, oibreoir críochfoirt hidrigine agus oibreoir stórála hidrigine bearta réasúnta chun a lamháil go dtrádáiltear na cearta acmhainne faoi shaoirse agus chun an trádáil sin a éascú ar shlí thrédhearcach neamh-idirdhealaitheach. Déanfaidh gach oibreoir den sórt sin conarthaí, agus nósanna imeachta comhchuibhithe i gcás iompair, saoráidí GNL, críochfoirt hidrigine, saoráidí stórála gáis nádúrtha agus saoráidí stórála hidrigine a fhorbairt ar an margadh príomha chun trádáil thánaisteach acmhainne a éascú agus tabharfaidh sé aitheantas d’aistriú na gceart acmhainne príomha i gcás ina dtabharfaidh úsáideoirí an chórais fógra dóibh faoi.
Tabharfar fógra do na húdaráis rialála faoi na conarthaí agus na nósanna imeachta comhchuibhithe.
Airteagal 13
Rialacha comhardúcháin agus muirir i leith éagothroime
1. Déanfar na rialacha comhardúcháin a cheapadh ar bhealach cóir, neamh-idirdhealaitheach agus beidh siad bunaithe ar chritéir oibiachtúla. Léireoidh na rialacha comhardúcháin fíor-riachtanais an chórais, agus na hacmhainní atá ar fáil ag an oibreoir córais tarchuir á gcur i gcuntas. Beidh na rialacha comhardúcháin bunaithe ar an margadh.
2. Chun go n-éascófar d’úsáideoirí gréasáin bearta ceartaitheacha a dhéanamh go tráthúil, soláthróidh an t-oibreoir córais tarchuir faisnéis leordhóthanach, thráthúil, iontaofa ar líne maidir le stádas comhardúcháin na n-úsáideoirí gréasáin.
Léireoidh an fhaisnéis a sholáthrófar an leibhéal faisnéise atá ar fáil don oibreoir córais tarchuir agus an tréimhse shocraíochta dá ríomhtar muirir i leith éagothroime.
Ní ghearrfar aon mhuirear ar sholáthar faisnéise de bhun na míre seo.
3. Beidh na muirir i leith éagothroime costas-léiritheach, a oiread is féidir, agus an tráth céanna beidh dreasachtaí ann d'úsáideoirí gréasáin a n-ionchur agus a n-aistarraingt gáis nádúrtha a chomhardú. Seachnóidh siad an tras-fhóirdheonú idir úsáideoirí gréasáin agus ní chuirfidh siad bac ar iontrálaithe nua sa mhargadh.
Maidir le haon mhodheolaíocht chun muirir i leith éagothroime, chomh maith leis na luachanna deiridh, a ríomh, poibleoidh na húdaráis rialála nó an t-oibreoir córais tarchuir iad, de réir mar is iomchuí.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córais tarchuir a ndícheall chun comhchuibhiú a dhéanamh ar na réimis chomhardúcháin agus chun sruthlíniú a dhéanamh ar struchtúir agus ar leibhéil na muirear comhardúcháin chun an trádáil sa ghás nádúrtha a dhéantar ag an bpointe trádála fíorúil a éascú.
Airteagal 14
Deimhniúchán oibreoirí córais tarchuir agus oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine
1. Scrúdóidh an Coimisiún aon fhógra faoi chinneadh ar dheimhniúchán oibreora córas tarchuir nó oibreora gréasáin tarchurtha hidrigine mar a leagtar síos é in Airteagal 71(6) de Threoir (AE) 2024/1788 a luaithe a gheobhaidh sé é. Laistigh de 50 lá oibre ón dáta a bhfaighidh sé an fógra sin, eiseoidh an Coimisiún a thuairim chun an údaráis rialála náisiúnta ábhartha i dtaobh a chomhoiriúnacht le hAirteagal 71(2) nó Airteagal 72 agus Airteagal 60 de Threoir (AE) 2024/1788 i gcás oibreoirí córais tarchuir nó Airteagal 68 den Treoir sin i gcás oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine, de réir mar is infheidhme.
Nuair a bheidh an tuairim dá dtagraítear sa chéad fhomhír á hullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ACER a thuairim a thabhairt ar chinneadh an údaráis rialála. I gcás den sórt sin, déanfar an tréimhse 50 lá oibre dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhadú 50 lá oibre eile.
In éagmais tuairime ón gCoimisiún laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, measfar nach bhfuil aon agóid ag an gCoimisiún i gcoinne chinneadh an údaráis rialála.
2. Laistigh de thréimhse 50 lá oibre ó thuairim ón gCoimisiún a fháil de bhun mhír 1, glacfaidh an t-údarás rialála a chinneadh críochnaitheach maidir le deimhniúchán an oibreora córais tarchuir nó an oibreora gréasáin tarchurtha hidrigine, agus an aird is mó is féidir á tabhairt ar an tuairim sin. Foilseofar cinneadh an údaráis rialála agus tuairim an Choimisiúin in éineacht lena chéile.
3. Féadfaidh na húdaráis rialála nó an Coimisiún, tráth ar bith le linn an nós imeachta, a iarraidh ar oibreoir córais tarchuir, oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine nó ar ghnóthas a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna giniúna nó soláthair, aon fhaisnéis a sholáthar atá ábhartha le comhlíonadh a gcúraimí faoin Airteagal seo.
4. Déanfaidh na húdaráis rialála agus an Coimisiún rúndacht aon fhaisnéise íogaire tráchtála a chaomhnú.
5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí threoirlínte a sholáthar lena leagtar amach mionsonraí an nós imeachta a bheidh le leanúint chun míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.
6. I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún fógra faoi chinneadh ar dheimhniúchán oibreora córais tarchuir faoi Airteagal 60(9) de Threoir (AE) 2024/1788, déanfaidh sé cinneadh a bhaineann le deimhniúchán. Comhlíonfaidh an t-údarás rialála cinneadh an Choimisiúin.
Airteagal 15
Deimhniúchán oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gach oibreoir córais stórála gáis nádúrtha, lena n-áirítear aon oibreoir córais stórála gáis nádúrtha atá faoi rialú oibreoir córais tarchuir, deimhnithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo, ag an údarás rialála nó ag údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann de bhun Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (i gceachtar de na cásanna dá ngairtear ‘an t-údarás deimhniúcháin’).
Tá feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le hoibreoirí córais stórála gáis nádúrtha arna rialú ag oibreoirí córais tarchuir atá deimhnithe de bhun Threoir 2009/73/CE nó Threoir (AE) 2024/1788.
2. Faoin 1 Feabhra 2023 nó laistigh de 150 lá oibre ón dáta a bhfaighfear fógra de bhun mhír 9, eiseoidh an t-údarás deimhniúcháin dréachtchinneadh deimhniúcháin i leith oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha a oibríonn saoráidí stórála gáis nádúrtha faoi thalamh a bhfuil acmhainn breis is 3,5 TWh acu i gcás, gan beann ar líon na n-oibreoirí córais stórála, inar líonadh iomlán na saoráidí stórála, an 31 Márta 2021 agus an 31 Márta 2022 go leibhéal a bhí níos lú ná 30 % dá n-acmhainn uasta ar an meán.
Maidir le hoibreoirí córais stórála gáis nádúrtha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an t-údarás deimhniúcháin a ndícheall dréachtchinneadh deimhniúcháin a eisiúint faoin 1 Samhain 2022.
Maidir le oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha cé is moite díobh siúd dá dtagraítear sa chéad fhomhír, eiseoidh an t-údarás deimhniúcháin dréachtchinneadh deimhniúcháin faoin 2 Eanáir 2024 nó laistigh de 18 mí ón dáta a bhfaightear an fógra de bhun mhír 8 nó 9.
3. Agus breithniú á dhéanamh ar an riosca do shlándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas, cuirfidh an t-údarás deimhniúcháin i gcuntas aon riosca maidir le slándáil an tsoláthair gáis nádúrtha ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, nó réigiúnach mar aon le haon mhaolú ar an riosca sin a eascraíonn, inter alia, as an méid seo a leanas:
(a)
úinéireacht, soláthar nó aon chaidreamh tráchtála eile a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh do dhreasachtaí agus do chumas an oibreora córais stórála gáis nádúrtha an tsaoráid stórála gáis nádúrtha faoi thalamh a líonadh;
(b)
cearta agus oibleagáidí an Aontais maidir le tríú tír a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear aon chomhaontú arna thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó, agus an tAontas ina pháirtí ann, lena dtéitear i ngleic le saincheist shlándáil an tsoláthair fuinnimh;
(c)
cearta agus oibleagáidí na mBallstát lena mbaineann maidir le tríú tír a eascraíonn faoi chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích le Ballstáit lena mbaineann le tríú tír amháin nó níos mó, a mhéid a chomhlíontar dlí an Aontais leis na comhaontuithe sin; nó
(d)
aon fhíorais shonracha nó imthosca sonracha eile a bhaineann leis an gcás.
4. Má chinneann an t-údarás deimhniúcháin go bhféadfadh duine a rialaíonn go díreach nó go hindíreach an t-oibreoir córais stórála gáis nádúrtha nó a fheidhmíonn aon cheart go díreach nó go hindíreach air, slándáil an tsoláthair fuinnimh, nó leasanna slándála riachtanacha an Aontais nó aon Bhallstáit a chur i mbaol, diúltóidh an t-údarás deimhniúcháin don deimhniúchán. Ina ionad sin, féadfaidh an t-údarás deimhniúcháin cinneadh deimhniúcháin a eisiúint faoi réir coinníollacha, lena n-áirithítear maolú leordhóthanach na rioscaí a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar líonadh na saoráidí stórála gáis nádúrtha faoi thalamh, ar choinníoll gur féidir a n-inoibritheacht a áirithiú go hiomlán trí chur chun feidhme agus trí fhaireachán éifeachtach. Féadfar a áireamh ar na coinníollacha sin, go háirithe, ceanglas ar an úinéir nó ar an oibreoir córais stórála gáis nádúrtha bainistiú an chórais stórála a aistriú.
5. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás deimhniúcháin nach féidir rioscaí an tsoláthair gáis nádúrtha a mhaolú faoi choinníollacha de bhun mhír 4, lena n-áirítear trína cheangal ar an úinéir córais stórála gáis nádúrtha nó ar an oibreoir córais stórála gáis nádúrtha bainistiú an chórais stórála gáis nádúrtha a aistriú, agus mar sin go ndiúltaíonn sé an deimhniúchán, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
(a)
ceangal a chur ar an úinéir córais stórála gáis nádúrtha nó ar an oibreoir córais stórála gáis nádúrtha nó ar aon duine a mheasann sé a d’fhéadfadh slándáil an tsoláthair fuinnimh nó leasanna slándála riachtanacha an Aontais nó aon Bhallstáit a chur i mbaol an scairsheilbh nó na cearta atá aige ar úinéireacht an chórais stórála gáis nádúrtha nó ar úinéireacht an oibreora córais stórála gáis nádúrtha a dhiúscairt agus teorainn ama a leagan síos don diúscairt sin;
(b)
i gcás inarb iomchuí, bearta idirlinne a ordú chun a áirithiú nach féidir le duine den sórt sin aon rialú nó ceart a fheidhmiú ar úinéir an chórais stórála gáis nádúrtha nó ar oibreoir an chórais stórála gáis nádúrtha sin go dtí go ndéanfar an scairsheilbh nó na cearta a dhiúscairt; agus
(c)
foráil a dhéanamh maidir leis na bearta cúiteacha iomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
6. Tabharfaidh an t-údarás deimhniúcháin fógra faoina dhréachtchinneadh deimhniúcháin don Choimisiún gan mhoill, in éineacht leis an bhfaisnéis ábhartha uile.
Eiseoidh an Coimisiún tuairim ar an dréachtchinneadh deimhniúcháin chun an údaráis deimhniúcháin laistigh de 25 lá oibre ón bhfógra sin a fháil. Tabharfaidh an t-údarás deimhniúcháin an aird is mó is féidir ar an tuairim ón gCoimisiún.
7. Glacfaidh an t-údarás deimhniúcháin a chinneadh deimhniúcháin laistigh de 25 lá oibre ón tuairim ón gCoimisiún a fháil.
8. Sula gcuirfear saoráid stórála gáis nádúrtha nuathógtha faoi thalamh i bhfeidhm, déanfar an t-oibreoir córais stórála gáis nádúrtha a dheimhniú i gcomhréir le míreanna 1 go 7. Tabharfaidh an t-oibreoir córais stórála gáis nádúrtha fógra don údarás deimhniúcháin go bhfuil sé beartaithe aige an tsaoráid stórála gáis nádúrtha a chur i bhfeidhm.
9. Tabharfaidh oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha fógra don údarás deimhniúcháin ábhartha faoi aon idirbheart pleanáilte a d’éileodh athmheasúnú ar chomhlíonadh na gceanglas deimhniúcháin a leagtar amach i míreanna 1 go 4.
10. Déanfaidh na húdaráis deimhniúcháin faireachán ar oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha ar bhonn leanúnach a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas deimhniúcháin a leagtar amach i míreanna 1 go 4. Athosclóidh siad nós imeachta deimhniúcháin chun athmheasúnú a dhéanamh ar an gcomhlíonadh in aon cheann de na himthosca seo a leanas:
(a)
ar fhógra a fháil ón oibreoir córais stórála gáis nádúrtha de bhun mhír 8 nó 9;
(b)
ar a dtionscnamh féin i gcás ina bhfuil siad ar an eolas go bhféadfadh sé go mbeadh neamhchomhlíonadh na gceanglas i míreanna 1, 2 agus 3 mar thoradh ar athrú atá beartaithe ar na cearta nó ar an tionchar ar oibreoir córais stórála gáis nádúrtha;
(c)
ar iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún.
11. Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go leanfar d’oibriú na saoráidí stórála gáis nádúrtha faoi thalamh ar a gcríocha faoi seach. Ní fhéadfaidh na saoráidí stórála gáis nádúrtha faoi thalamh sin scor d’oibríochtaí ach amháin i gcás nach gcomhlíontar ceanglais theicniúla agus sábháilteachta nó i gcás ina gcinnfidh an t-údarás deimhniúcháin tar éis measúnú a dhéanamh agus tuairim Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (‘ENTSO don Ghás’) á cur i gcuntas, nach lagódh scor den sórt sin slándáil an tsoláthair gáis nádúrtha ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta.
Déanfar bearta cúiteacha iomchuí, i gcás inarb iomchuí, mura gceadaítear scor na n-oibríochtaí.
12. Féadfaidh an Coimisiún treoir a eisiúint a bhaineann le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.
13. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na codanna de shaoráidí GNL a úsáidtear le haghaidh stórála.
Airteagal 16
Comhar na n-oibreoirí córais tarchuir
1. Comhoibreoidh oibreoirí córais tarchuir le hoibreoirí córais tarchuir agus bonneagair eile chun cothabháil a ngréasán faoi seach a chomhordú chun aon chur isteach ar sheirbhísí tarchuir a íoslaghdú d’úsáideoirí gréasáin agus d’oibreoirí córais tarchuir i gceantair eile.
2. Oibreoidh oibreoirí córais tarchuir i gcomhar le chéile agus le hoibreoirí bonneagair eile chun an acmhainn theicniúil a uasmhéadú laistigh den chóras iontrála-scoir agus an tomhaltas fuinnimh chun an córas gáis nádúrtha a oibriú a íosmhéadú a mhéid is féidir.
Roinn 2
An rochtain ghréasáin
Airteagal 17
Taraifí chun rochtain a fháil ar ghréasáin
1. Maidir le taraifí, nó na modheolaíochtaí a úsáidtear chun iad a ríomh, arna gcur i bhfeidhm ag na hoibreoirí córais tarchuir agus arna bhformheas ag na húdaráis rialála de bhun Airteagal 78(7) de Threoir (AE) 2024/1788, chomh maith leis na taraifí arna bhfoilsiú de bhun Airteagal 31(1) den Treoir sin, beidh siad trédhearcach, cuirfear i gcuntas iontu an gá atá le sláine an chórais agus lena fheabhsú agus léireoidh siad na costais iarbhír a thabhaítear, a mhéid a fhreagraíonn na costais sin do chostais oibreora gréasáin atá éifeachtúil agus inchomparáide ó thaobh struchtúir de, agus a mhéid atá na costais sin trédhearcach, agus toradh iomchuí san áireamh ar infheistíochtaí. Maidir leis na taraifí, nó na modheolaíochtaí a úsáidfear chun iad a ríomh, cuirfear i bhfeidhm ar shlí neamh-idirdhealaitheach iad.
Maidir le taraifí, féadfar iad a chinneadh freisin trí shocruithe margadhbhunaithe amhail ceantanna, ar choinníoll go mbeidh na socruithe sin agus an t-ioncam a eascróidh astu formheasta ag an údarás rialála.
Maidir le taraifí, nó na modheolaíochtaí a úsáidfear chun iad a ríomh, éascóidh siad trádáil agus iomaíocht éifeachtúil sa ghás nádúrtha, agus ag an am céanna seachnóidh siad cros-fhóirdheontais idir úsáideoirí gréasáin agus soláthróidh siad dreasachtaí don infheistíocht agus an idir-inoibritheacht a chothabháil nó a chruthú do ghréasáin tarchuir.
Beidh na taraifí le haghaidh úsáideoirí gréasáin neamh-idirdhealaitheach agus socrófar iad go leithleach le haghaidh gach pointe iontrála sa chóras tarchuir agus gach pointe amach as. Maidir le pointí iontrála agus scoir, formheasfaidh na húdaráis rialála na sásraí chun costais a leithdháileadh agus an mhodheolaíocht chun rátaí a shocrú. Áiritheoidh na húdaráis rialála nach ndéanfar taraifí gréasáin a ríomh ar bhonn conairí conartha.
2. Maidir le taraifí ar rochtain ar ghréasáin, ní srianfaidh siad leachtacht an mhargaidh ná ní dhéanfaidh siad saobhadh ar an trádáil thar theorainneacha córas éagsúil tarchuir. I gcás, d’ainneoin Aireagal 78(7) de Threoir (AE) 2024/1788, ina gcuirfeadh difríochtaí i struchtúir taraifí isteach ar thrádáil thar chórais tarchuir, déanfaidh oibreoirí córais tarchuir, i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, cóineasú struchtúir taraife agus prionsabal muirir a shaothrú go gníomhach.
3. Go dtí an 31 Nollaig 2025, féadfaidh an t-údarás rialála lascaine suas le 100 % a chur i bhfeidhm ar tharaifí tarchuir acmhainnbhunaithe agus ar tharaifí dáileacháin ag pointí iontrála ó shaoráidí stórála gáis nádúrtha faoi thalamh agus ag pointí scoir chucu, agus ag pointí iontrála ó shaoráidí GNL, mura n-úsáidtear saoráid den sórt sin atá nasctha le níos mó ná gréasán tarchuir nó dáileacháin amháin, agus a mhéid a úsáidfear an tsaoráid sin, chun dul in iomaíocht le pointe idirnaisc.
Ón 1 Eanáir 2026, féadfaidh an t-údarás rialála lascaine suas le 100 % a chur i bhfeidhm ar tharaifí tarchuir agus dáileacháin acmhainnbhunaithe ag pointí iontrála ó shaoráidí stórála gáis nádúrtha faoi thalamh agus ag pointí scoir chucu agus ag pointí iontrála ó shaoráidí GNL chun slándáil an tsoláthair a mhéadú. Athscrúdóidh an t-údarás rialála an lascaine taraife sin agus a rannchuidiú le slándáil an tsoláthair le linn gach tréimhse rialála, faoi chuimsiú an chomhairliúcháin thréimhsiúil a rinneadh de bhun an chóid gréasáin arna ghlacadh de bhun Airteagal 71(2), an chéad fhomhír, pointe (d).
4. Féadfaidh údaráis rialála neaschórais iontrála-scoir a chumasc d’fhonn cumasú a dhéanamh ar chomhtháthú réigiúnach iomlán nó páirteach ina bhféadfar taraifí a dhíothú ag na pointí idirnaisc idir na córais iontrála-scoir lena mbaineann. Tar éis comhairliúcháin phoiblí a rinne na húdaráis rialála nó na hoibreoirí córais tarchuir, féadfaidh na húdaráis rialála formheas a dhéanamh ar tharaif choiteann agus ar shásra um chúiteamh éifeachtach idir na hoibreoirí córais tarchuir chun costais a athdháileadh a eascraíonn as díothú na bpointí idirnaisc.
5. Féadfaidh Ballstáit ag a bhfuil níos mó ná córas iontrála-scoir idirnasctha amháin, nó níos mó ná oibreoir gréasáin amháin laistigh d’aon chóras iontrála-scoir amháin, taraif aonfhoirmeach gréasáin a chur chun feidhme agus é mar aidhm acu cothroime iomaíochta a chruthú d’úsáideoirí gréasáin, ar choinníoll go mbeidh plean gréasáin formheasta agus go gcuirfear sásra cúitimh chun feidhme idir na hoibreoirí gréasáin.
Airteagal 18
Lascainí taraife ar ghás in-athnuaite agus ar ghás ísealcharbóin
1. Agus taraifí á socrú, cuirfear lascaine taraife ar ghás in-athnuaite agus ar ghás ísealcharbóin i bhfeidhm maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)
pointí iontrála ó shaoráidí táirgthe gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin.
(b)
taraifí tarchuir acmhainnbhunaithe ag pointí iontrála ó shaoráidí stórála gáis nádúrtha agus ag pointí scoir chucu, mura bhfuil saoráid stórála den sórt sin nasctha le níos mó ná gréasán tarchuir nó dáileacháin amháin agus go bhfuil sé in iomaíocht le pointe idirnaisc.
Socrófar an lascaine de bhun na chéad fhomhíre, pointe (a), ag 100 % maidir leis na taraifí ábhartha bunaithe ar chumas chun an t-instealladh de ghás in-athnuaite a mhéadú níos mó agus lascaine 75 % do ghás ísealcharbóin.
Socrófar an lascaine de bhun na chéad fhomhíre, pointe (b), ag 100 % sna Ballstáit inar instealladh an gás in-athnuaite nó an gás ísealcharbóin sa chóras den chéad uair.
2. Féadtar mionsonraí na lascainí a dheonaítear i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo a leagan síos sa chód gréasáin maidir le struchtúir tharaife dá dtagraítear in Airteagal 71(2), an chéad fhomhír, pointe (d).
3. Faoin 5 Lúnasa 2029 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athscrúdú ar leibhéil na lascainí a leagtar síos i míreanna 1 agus 4. Eiseoidh an Coimisiún tuarascáil ina mbeidh forbhreathnú ar na lascainí a chur chun feidhme agus measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil leibhéal na lascainí sin leordhóthanach go fóill i bhfianaise na n-athruithe is déanaí ar an margadh. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun an Rialachán seo a leasú trí leibhéil na lascainí a leagtar síos i míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo a athrú.
4. Ón 5 Lúnasa 2025, gheobhaidh úsáideoirí gréasáin lascaine 100 % ar an taraif acmhainnbhunaithe ón oibreoir córais tarchuir ag pointí idirnaisc idir na Ballstáit, i gcás gás in-athnuaite agus 75 % i gcás gás ísealcharbóin, tar éis cruthúnas inbhuanaitheachta a sholáthar don oibreoir córais tarchuir lena mbaineann, ar bhonn deimhniú inbhuanaitheachta bailí a gheofar le haghaidh gás in-athnuaite de bhun Airteagal 29 agus Airteagal 30 de Threoir (AE) 2018/2001 agus atá cláraithe i mbunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 31a den Treoir sin, agus le haghaidh gás ísealcharbóin ar bhonn deimhniú bailí a gheofar de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2024/1788.
Maidir leis na lascainí dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
ní cheanglófar ar oibreoirí córais tarchuir gan an lascaine a chur ar fáil ach amháin i gcás na slí is giorra is féidir i dtéarmaí na dtrasnuithe teorann idir an áit inar taifeadadh den chéad uair an cruthúnas sonrach ar an dearbhú inbhuanaitheachta i mbunachar sonraí an Aontais, ar bhonn deimhniú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus an áit ar cealaíodh é de bhrí gur measadh é a bheith ídithe, ar choinníoll nach bhfuil aon phréimhcheant féideartha clúdaithe ag an lascaine;
(b)
soláthróidh oibreoirí córais tarchuir don údarás rialála ábhartha faisnéis ar thoirteanna iarbhír agus ionchais gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin agus an éifeacht a bheidh ag cur i bhfeidhm na lascaine taraife ar a n-ioncam agus déanfaidh na húdaráis rialála faireachán agus measúnú ar thionchar na lascaine ar chobhsaíocht taraife;
(c)
a luaithe a laghdófar ioncam oibreora córais tarchuir le 10 % mar gheall ar an lascaine a chur i bhfeidhm, déanfaidh na hoibreoirí córais tarchuir a bheidh i gceist agus na hoibreoirí córais tarchuir comharsanacha sásra cúitimh idir-oibreoirí-córais-tarchuir a chaibidil.
(d)
socrófar i gcód gréasáin a bhunaítear de bhun Airteagal 71 sonraí breise is gá chun an lascaine ar ghás in-athnuaite agus ar ghás ísealcharbóin a chur chun feidhme amhail ríomh na hacmhainne incháilithe a bhfuil feidhm ag an lascaine maidir léi agus na próisis is gá.
Comhaontóidh na hoibreoirí córais tarchuir lena mbaineann ar shásra cúitimh idir oibreoirí córais tarchuir laistigh de 3 bliana ón uair a laghdófar an t-ioncam atá acu ó tharaifí sonracha 10 % dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (c), den mhír seo. I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú laistigh den tréimhse sin tiocfaidh na húdaráis rialála ábhartha ar chinneadh comhpháirteach ar shásra cúitimh idir oibreoirí córais tarchuir laistigh de 2 bhliain bhreise. D’éagmais comhaontú idir na húdaráis rialála beidh feidhm ag Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/942. I gcás nach féidir leis na húdaráis rialála teacht ar chomhaontú laistigh de 2 bhliain, nó ar iarraidh chomhpháirteach uathu, glacfaidh ACER cinneadh aonair i gcomhréir le hAirteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942.
5. De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 4 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis rialála a chinneadh gan lascainí a chur i bhfeidhm nó lascainí a leagan síos is ísle ná na lascainí a leagtar síos i míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo, ar choinníoll go bhfuil an maolú sin i gcomhréir le prionsabail ghinearálta na dtaraifí mar a leagtar amach in Airteagal 17 iad agus go háirithe prionsabal an léirithe costais, i gcás ina gcomhlíontar ceann de na critéir seo a leanas:
(a)
is gá an maolú chun an córas tarchuir a oibriú go héifeachtúil, chun creat airgeadais cobhsaí a áirithiú don infheistíocht láithreach nó chun tras-fhóirdheontais mhíchuí, saobhadh ar thrádáil trasteorann nó sásra cúitimh neamhéifeachtach idir-oibreoirí-córais-tarchuir a sheachaint;
(b)
ní gá lascainí a leagtar síos i míreanna 1 agus 5 a chur i bhfeidhm i ngeall ar a mhéid atá soláthar céimneach an gháis in-athnuaite agus an gháis ísealcharbóin á gcur chun cinn sa Bhallstát lena mbaineann nó i ngeall ar shásraí tacaíochta malartacha a bheith ann chun úsáid gáis in-athnuaite nó gáis ísealcharbóin a mhéadú.
Airteagal 19
Ioncam oibreoirí córais tarchuir
1. Ón 5 Lúnasa 2025, áiritheoidh an t-údarás rialála ábhartha trédhearcacht na modheolaíochtaí, na bparaiméadar agus na luachanna a úsáidtear chun ioncam ceadaithe nó sprioc-ioncam oibreoirí córais tarchuir a chinneadh. Foilseoidh an t-údarás rialála an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, nó ceanglóidh sé ar an oibreoir córais tarchuir ábhartha an foilsiú sin a dhéanamh faoi réir cosaint sonraí a mheasann an t-údarás rialála ábhartha a bheith íogair ó thaobh na tráchtála de. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i bhformáid atá inrochtana go héasca, in-íoslódáilte agus inléite amháin, agus a mhéid is féidir, i dteanga amháin nó níos mó a thuigtear go coiteann.
2. Beidh costais an oibreora córais tarchuir faoi réir ag comparáid éifeachtúlachta idir oibreoirí córais tarchuir. Déanfaidh ACER an chomparáid éifeachtúlachta sin. Faoin 5 Lúnasa 2027 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh ACER staidéar ina ndéanfar comparáid idir éifeachtúlacht chostais oibreoirí córais tarchuir, faoi réir cosaint sonraí a mheasann ACER a bheith íogair ó thaobh na tráchtála de. Cuirfidh na húdaráis rialála ábhartha agus na hoibreoirí córais tarchuir na sonraí uile is gá le haghaidh na comparáide sin ar fáil do ACER. Nuair a bheidh ioncam ceadaithe nó sprioc-ioncam na n-oibreoirí córais tarchuir á shocrú go tréimhsiúil ag na húdaráis rialála ábhartha, cuirfidh siad an chomparáid sin agus na himthosca náisiúnta sin i gcuntas.
3. Déanfaidh na húdaráis rialála ábhartha measúnú ar fhorbairt fhadtéarmach na dtaraifí tarchuir ar bhonn na n-athruithe ionchasacha ar an ioncam ceadaithe nó sprioc-ioncam agus ar an éileamh ar ghás nádúrtha laistigh den tréimhse rialála ábhartha, agus, i gcás ina mbeidh sé ar fáil, go dtí 2050. Chun an measúnú sin a dhéanamh cuirfidh an t-údarás rialála san áireamh an fhaisnéis faoin straitéis a dtugtar tuairisc uirthi i bplean comhtháite fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit lena mbaineann agus na cásanna ina bhfothacaítear an plean forbartha gréasáin arna fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 55 de Threoir (AE) 2024/1788.
Roinn 3
Oibriú chóras na gcríochfort tarchuir, stórála gáis nádúrtha, GNL agus hidrigine
Airteagal 20
Acmhainn dhocht do ghás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin chuig an gcóras tarchuir
1. Áiritheoidh na hoibreoirí córais tarchuir go mbeidh ann d’acmhainn dhocht le haghaidh na rochtana ag saoráidí táirgthe gás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin ar a n-eangach. Chun na críche sin, forbróidh na hoibreoirí córais tarchuir i gcomhar leis na hoibreoirí córais dáileacháin nósanna imeachta agus socruithe, lena n-áirítear infheistíochtaí, chun sreabhadh cúltreo a áirithiú ón ngréasán leithdháilte go dtí an gréasán tarchuir. Léireofar mórinfheistíochtaí sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana de bhun Airteagal 55(2), pointe (a), de Threoir (AE) 2024/1788.
2. Beidh mír 1 gan dochar don fhéidearthacht atá ann do na hoibreoirí córais tarchuir roghanna atá malartach ar infheistíochtaí cúltreo a fhorbairt, amhail réitigh eangaí cliste nó nasc le hoibreoirí córais eile, lena n-áirítear nascadh díreach saoráidí táirgthe gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin leis an ngréasán tarchuir. Féadfar rochtain ar acmhainn dhocht a theorannú d’acmhainneachtaí a thairiscint atá faoi réir teorainneacha oibríochtúla, chun sábháilteacht bonneagair agus éifeachtúlacht eacnamaíoch a áirithiú. Beidh an t-údarás rialála freagrach as athbhreithniú agus formheas a dhéanamh ar choinníollacha na n-oibreoirí córais tarchuir i gcás acmhainn choinníollach agus áiritheoidh sé go ndéanfaidh oibreoirí córais tarchuir aon teorainneacha in acmhainn dhocht nó aon teorainneacha oibríochtúla a thabhairt isteach ar bhonn nósanna imeachta trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus nach gcruthóidh na teorainneacha sin bacainní míchuí ar dhul isteach sa mhargadh. I gcás ina seasfaidh an tsaoráid táirgthe na costais a bhaineann leis an acmhainn dhocht a áirithiú, ní bheidh feidhm le haon srian.
Airteagal 21
Comhar trasteorann maidir le cáilíocht gáis sa chóras gáis nádúrtha
1. Oibreoidh oibreoirí córais tarchuir i gcomhar le chéile chun srianta ar shreafaí trasteorann a sheachaint de dheasca difríochtaí cáilíochta gáis ag pointí idirnaisc idir na Ballstáit. Agus iad ag comhoibriú amhlaidh, cuirfidh oibreoirí córais tarchuir saintréithe suiteálacha na gcustaiméirí gáis nádúrtha deiridh i gcuntas.
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le cumaisc hidrigine i gcás inar mó ná 2 % de réir toirte an cion hidrigine a chumasctar isteach sa chóras gáis nádúrtha.
2. Áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfear sonraíochtaí teicniúla éagsúla, lena n-áirítear paraiméadair cáilíochta gáis, amhail cion ocsaigine agus cumasc hidrigine sa chóras gáis nádúrtha, chun srian a chur ar shreafaí gáis nádúrtha trasteorann. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cumaisc hidrigine sa chóras gáis nádúrtha ailínithe leis na sonraíochtaí teicniúla is inghlactha ag custaiméirí.
3. I gcás nach féidir leis na hoibreoirí córais tarchuir lena mbaineann, ina ngnáthoibríochtaí, srian ar shreafaí trasteorann de dheasca difríochtaí cáilíochtaí gáis a sheachaint, cuirfidh siad é sin in iúl do na húdaráis rialála lena mbaineann gan mhoill. San fhaisnéis sin beidh tuairisc agus na cúiseanna is údar le haon bhearta a rinne oibreoirí córais tarchuir cheana féin.
4. Comhaontóidh na húdaráis rialála lena mbaineann i gcomhpháirt, laistigh de 6 mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a fháil, cé acu a aithneoidh siad an srian.
5. Maidir le srianta ar shreafaí trasteorann arb é is cúis leo difríochtaí i gcumasc hidrigine sa chóras gáis nádúrtha agus a aithnítear de bhun mhír 4, glacfaidh oibreoirí córais tarchuir le sreafaí gáis nádúrtha ina bhfuil cion hidrigine ag pointí idirnaisc idir na Ballstáit sa chóras gáis nádúrtha faoi réir mhíreanna 6 go 13, agus tar éis an nós imeachta a leagtar síos iontu a chríochnú.
6. I gcás ina dtugann na húdaráis rialála lena mbaineann aitheantas don srian de bhun mhír 4, iarrfaidh siad ar na hoibreoirí córais tarchuir lena mbaineann na gníomhartha seo a leanas a dhéanamh in ord, laistigh 12 mhí ón srian a aithint dá dtagraítear sa mhír sin:
(a)
chun dul i gcomhar chun roghanna féideartha go teicniúil a fhorbairt chun an srian sainaitheanta a bhaint, gan na sonraíochtaí cáilíochta gáis, ina n-áireofar gealltanais sreafa agus cóireáil gáis nádúrtha, a athrú, agus faisnéis arna soláthar ag custaiméirí deiridh atá nasctha go díreach le córas gáis nádúrtha an oibreora córais tarchuir lena mbaineann nó le aon gheallsealbhóir eile a bhféadfadh an próiseas sin difear a dhéanamh dóibh á cur i gcuntas;
(b)
chun measúnú costais is tairbhe ar na roghanna atá féideartha go teicniúil a dhéanamh i gcomhpháirt chun réitigh atá éifeachtúil go heacnamaíoch a shainiú, lena sonrófar miondealú ar na costais agus na tairbhí idir na catagóirí éagsúla páirtithe a ndéanfar difear dóibh;
(c)
chun meastachán a dhéanamh ar an méid ama a thógfar chun gach rogha fhéideartha a chur chun feidhme;
(d)
chun comhairliúchán poiblí a sheoladh, go háirithe leis na custaiméirí deiridh dá ndéantar difear agus atá nasctha leis an gcóras gáis nádúrtha, maidir le réitigh fhéideartha shainaitheanta agus torthaí an chomhairliúcháin sin a chur san áireamh;
(e)
chun togra comhpháirteach, ar bhonn na hanailíse costas is tairbhe agus ar an gcomhairliúchán poiblí, chun réitigh lena mbaintear an srian aitheanta, lena n-áirítear an tráthchlár chun é a chur chun feidhme, a chur faoi bhráid na n-údaráis rialála lena mbaineann lena fhormheas agus faoi bhráid údaráis náisiúnta rialála gach Ballstáit lena mbaineann mar eolas.
7. I gcás nach dtagann na hoibreoirí córais tarchuir lena mbaineann ar chomhaontú togra comhpháirteach a chur isteach de bhun mhír 6, pointe (e), cuirfidh gach oibreoir córais tarchuir a údarás rialála ar an eolas gan mhoill.
8. Déanfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann cinneadh comhpháirteach comhordaithe chun an srian aitheanta a bhaint, agus, san am céanna, agus an anailís costais is tairbhe arna hullmhú ag na hoibreoirí córais tarchuir lena mbaineann agus torthaí an chomhairliúcháin phoiblí á gcur i gcuntas arna sheoladh de bhun mhír 6, pointe (d), den Airteagal seo laistigh de 6 mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a fháil i gcomhréir le hAirteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942.
9. De mhaolú ar mhír 8 den Airteagal seo, i gcás srianta ar shreafaí trasteorann de bharr difríochtaí i gcumasc hidrigine sa chóras gáis nádúrtha, féadfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann a dhearbhú i gcomhpháirt nach ndéanfar aon ghníomhaíocht bhreise chun na srianta sin a bhaint. Déanfar an cinneadh comhpháirteach comhordaithe laistigh de 6 mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a fháil i gcomhréir le Airteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942 agus cuirfear i gcuntas ann an anailís costais is tairbhe agus torthaí an chomhairliúcháin phoiblí arna dhéanamh de bhun mhír 6, pointe (d), den Airteagal seo. Déanfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann athbhreithniú ar chinneadh chun an srian aitheanta a choinneáil de bhun na míre seo gach 4 bliana.
10. Sa chinneadh comhpháirteach comhordaithe a dhéanfaidh na húdaráis lena mbaineann dá dtagraítear i mír 8, áireofar cinneadh ar leithdháileadh na gcostas infheistíochta a bheidh le seasamh ag gach oibreoir córais tarchuir a thiocfaidh as cur chun feidhme an réitigh chomhaontaithe, chomh maith lena gcur san áireamh in ioncam ceadaithe nó sprioc-ioncam na n-oibreoirí córais tarchuir, agus costais agus tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil an réitigh sna Ballstáit lena mbaineann agus ar na hiarmhairtí ó thaobh taraifí de á gcur i gcuntas.
11. Féadfaidh ACER moltaí a eisiúint chun na n-údarás rialála maidir le mionsonraí na gcinntí leithdháilte costais sin dá dtagraítear i mír 10.
12. I gcás nach féidir leis na húdaráis rialála lena mbaineann teacht ar chomhaontú dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, déanfaidh ACER cinneadh maidir leis an srian, i gcomhréir le hAirteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942. I gcás ina dtugann ACER aitheantas don srian, iarrfaidh sé ar na hoibreoirí córais tarchuir lena mbaineann na gníomhartha dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a dhéanamh, laistigh de 12 mhí, in ord.
13. I gcás nach féidir leis na húdaráis rialála lena mbaineann teacht ar chinneadh comhordaithe dá dtagraítear i míreanna 8 agus 10 den Airteagal seo, cinnfidh ACER ar an réiteach chun an srian a bhaint agus ar leithdháileadh na gcostas infheistíochta a bheidh le seasamh ag gach oibreoir córais tarchuir as an réiteach comhaontaithe a chur chun feidhme nó a lua nár cheart aon ghníomhaíocht bhreise a dhéanamh de bhun mhír 9 den Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942. Déanfaidh ACER athbhreithniú gach 4 bliana ar aon chinneadh an srian aitheanta de bhun na míre seo a choinneáil.
14. Déanfar mionsonraí breise is gá chun an Airteagal seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear mionsonraí ar an anailís costas is tairbhe, a leagan síos i gcód gréasáin a bhunaítear de bhun Airteagal 71(2).
Airteagal 22
Toimhde chomhréireacht na gcleachtas le caighdeáin chomhchuibhithe don ghás nádúrtha
Toimhdeofar go bhfuil cleachtais atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe, nó le codanna díobh, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 71(2), an chéad fhomhír, pointe (a).
Airteagal 23
Sonraíochtaí comhchoiteanna i gcás bithmheatáin
1. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí comhchoiteanna chun comhtháthú costéifeachtach a dhéanamh ar thoirteanna móra bithmheatáin sa chóras gáis nádúrtha láithreach lena n-áirítear ag pointí idirnaisc trasteorann, nó féadfaidh sé na sonraíochtaí sin a bhunú i gcód gréasáin de bhun Airteagal 71(2), an chéad fhomhír, pointe (a), más rud é:
(a)
nach gcumhdaítear na ceanglais sin le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, a bhfuil na tagairtí díobh foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
(b)
go bhfuil iarrtha ag an gCoimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú do na ceanglais sin agus ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:
(i)
níl glactha ag aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh ón gCoimisiún,
(ii)
feiceann an Coimisiún go bhfuil moill mhíchuí le glacadh na gcaighdeán comhchuibhithe iarrtha;
(iii)
tá caighdeán seachadta ag eagraíocht Eorpach um chaighdeánú nach bhfreagraíonn go hiomlán don iarraidh ón gCoimisiúin; nó
(c)
tá cinneadh déanta ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 chun na caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna díobh lena gcumhdaítear na ceanglais sin a choinneáil le srian nó na tagairtí do na caighdeáin sin nó do chodanna díobh a tharraingt siar.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 81(3).
2. Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme lena mbunaítear na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 á n-ullmhú go luath, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi dhlí earnála ábhartha an Aontais, agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile. Ar bhonn an chomhairliúcháin sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.
3. Measfar cleachtais atá i gcomhréir le sonraíochtaí coiteanna nó codanna díobh a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 71(2), an chéad fhomhír, pointe (a), a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le sonraíochtaí coiteanna den sórt sin nó le codanna díobh.
4. I gcás ina nglacann eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina moltar don Choimisiún é chun a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Nuair a fhoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, aisghairfidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó na codanna díobh lena gcumhdaítear na ceanglais chéanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
5. Agus na sonraíochtaí coiteanna á socrú de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh an Coimisiún an aird is mó is féidir na ceanglais sábháilteachta is gá chun an córas gáis nádúrtha a oibriú go sábháilte, go háirithe maidir le hoibriú sábháilte na saoráidí stórála gáis nádúrtha ar fud an Aontais.
Airteagal 24
Gréasán Eorpach na n-oibreoirí córais tarchuir don ghás
Comhoibreoidh na hoibreoirí córais tarchuir uile ar leibhéal an Aontais trí ENTSO don Ghás chun comhlánú agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh don ghás nádúrtha agus trádáil trasteorann a chur chun cinn agus chun bainistiú optamach, oibríocht chomhordaithe agus forás fónta teicniúil an ghréasáin tarchuir Eorpaigh don ghás nádúrtha a áirithiú.
Airteagal 25
Eagrú ENTSO don Ghás
1. Déanfaidh ENTSO don Ghás, as a stuaim féin nó ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón gCoimisiún nó ACER aon dréachtleasú ar reachtanna, liosta comhaltaí, nó rialacha nós imeachta a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid an Choimisiún agus ACER, lena n-áirítear na rialacha nós imeachta ar chomhairliúchán le geallsealbhóirí eile.
2. Laistigh de 4 mhí de na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a fháil, déanfaidh ACER, tar éis dó dul i gcomhairle go foirmiúil le heagraíochtaí atá ionadaíoch ar na geallsealbhóirí uile, go háirithe úsáideoirí an chórais, lena n-áirítear custaiméirí, tuairim a sholáthar don Choimisiún ar an dréachtleasú ar na reachtanna, ar liosta na gcomhaltaí agus ar rialacha nós imeachta ENTSO don Ghás.
3. Eiseoidh an Coimisiún tuairim ar an dréachtleasú ar na reachtanna, ar liosta na gcomhaltaí agus ar rialacha nós imeachta ENTSO don Ghás, agus tuairim ACER dá dtagraítear i mír 2 á cur i gcuntas, laistigh de 3 mhí ón dáta a bhfaighfear an tuairim sin.
4. Laistigh de 3 mhí den tuairim fhabhrach a fháil ón gCoimisiún, déanfaidh ENTSO don Ghás reachtanna, liosta na gcomhaltaí agus nósanna imeachta athbhreithnithe ENTSO don Ghás a ghlacadh agus a fhoilsiú.
Airteagal 26
Cúraimí ENTSO don Ghás
1. Mionléireoidh ENTSO don Ghás cóid ghréasáin sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 71(1) agus (2), ar iarraidh ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 71(9).
Déanfar an cód gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 71(2), an chéad fhomhír, pointe (d), a fhorbairt i gcomhpháirt le ENNOH.
2. Féadfaidh ENTSO don Ghás cóid ghréasáin a tharraingt suas sna réimsí a leagtar amach in Airteagal 71(1) agus (2) d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 24 a bhaint amach, i gcás nach mbainfidh na cóid sin le réimsí a chumhdaítear leis an iarraidh a dhíreoidh an Coimisiún chuige. Cuirfear na cóid ghréasáin sin faoi bhráid ACER le go dtabharfaidh sé tuairim ina leith. Cuirfidh ENTSO don Ghás an tuairim sin i gcuntas go cuí.
3. Glacfaidh ENTSO don Ghás na nithe seo a leanas:
(a)
uirlisí coiteanna d’oibriú an ghréasáin, lena áirithiú go ndéanfar an comhordú ar oibriú an ghréasáin i ngnáthdhálaí agus i ndálaí éigeandála, lena n-áirítear scála coiteann chun teagmhais a aicmiú agus pleananna taighde;
(b)
plean forbartha gréasáin neamhcheangailteach 10 mbliana uile-Aontais le haghaidh gás nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 32 (an plean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh gás nádúrtha), lena n-áirítear tuar Eorpach ar leordhóthanacht soláthair, gach 2 bhliain;
(c)
moltaí maidir le comhordú an chomhair theicniúil idir oibreoirí córais tarchuir san Aontas agus oibreoirí córais tarchuir i dtríú tíortha;
(d)
moltaí d’oibreoirí córais tarchuir maidir lena gcomhar teicniúil le hoibreoirí córais dáileacháin agus le hoibreoirí gréasáin hidrigine;
(e)
clár oibre bliantúil;
(f)
tuarascáil bhliantúil;
(g)
tuar bliantúil ar leordhóthanacht soláthair an tsamhraidh agus an gheimhridh;
(h)
tuarascáil um fhaireachán cáilíochta gáis faoin 1 Eanáir 2025 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, lena n-áirítear forbairtí ar pharaiméadair cáilíochta gáis, forbairtí ar leibhéal agus ar thoirt na hidrigine a chumasctar sa chóras gáis nádúrtha, tuartha i gcás fhorbairt ionchasach na bparaiméadar cáilíochta gáis agus thoirt na hidrigine a chumasctar sa chóras gáis náisiúnta, an tionchar atá ag hidrigin a chumasc ar shreafaí trasteorann chomh maith le faisnéis ar chásanna a bhaineann le difríochtaí i sonraíochtaí cáilíochta gáis agus i sonraíochtaí i ndáil le leibhéil cumaisc agus an chaoi a socraítear na cásanna sin d’fhonn ceanglais cháilíochta feidhmeanna éagsúla úsáide deiridh a chomhlíonadh;
(i)
tuarascáil bhliantúil lena n-áirítear cainníocht an gháis in-athnuaite agus an gháis ísealcharbóin a instealladh isteach sa chóras gáis nádúrtha.
Cumhdófar freisin leis an tuarascáil um fhaireachán cáilíochtaí gáis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (h) an fhorbairt le haghaidh na limistéar a liostaítear sa phointe sin, a mhéid is ábhartha don ghréasán leithdháilte, ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag eintiteas Eorpach d’oibreoirí córais dáileacháin (‘eintiteas AE do OCDanna’) arna bhunú de bhun Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (39).
4. Cumhdófar leis an tuar Eorpach ar leordhóthanacht soláthair dá dtagraítear i mír 3, pointe (b), leordhóthanacht foriomlán an chórais gáis nádúrtha chun freastal ar éilimh reatha agus ar éilimh bheartaithe ar ghás nádúrtha don tréimhse 5 bliana atá le teacht chomh maith leis an tréimhse idir 5 bliana agus 10 mbliana ó dháta an tuair sin. Déanfaidh an tuar Eorpach ar leordhóthanacht soláthair forbairt ar na tuartha náisiúnta ar leordhóthanacht soláthair a ullmhaíonn gach oibreoir córais tarchuir ar leith. Forálfar go sonrach sa tuar Eorpach ar leordhóthanacht soláthair d’fhaireachán ar an dul chun cinn maidir le táirgeadh bliantúil bithmheatáin inbhuanaithe.
I gcás ina léirítear sa tuar Eorpach ar leordhóthanacht soláthair agus sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide críochnaitheacha nuashonraithe nach bhfuil an táirgeadh bliantúil ag dul chun cinn go leordhóthanach nó nach bhfuil an t-tomhaltas gáis nádúrtha ag laghdú go leordhóthanach i bhfianaise na hacmhainneachta atá ar fáil, féadfaidh an Coimisiún moltaí a eisiúint do na Ballstáit, más gá chun cuspóirí an Aontais Fuinnimh a bhaint amach, de bhun Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1999.
Cuimseofar samhaltú an ghréasáin chomhtháthaithe, lena n-áirítear gréasáin hidrigine, forbairt cásanna, tuar Eorpach ar leordhóthanacht soláthair agus measúnú ar sheasmhacht an chórais sa phlean forbartha uile-Aontais le haghaidh gás nádúrtha. Cuirfear bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus comhtháthú an chórais fuinnimh chun cinn leis an bplean sin.
5. Is é a bheidh sa chlár oibre bliantúil dá dtagraítear i mír 3, pointe (e) liosta de na cóid ghréasáin atá le hullmhú agus tuairisc orthu, plean maidir le comhordú oibriú an ghréasáin agus liosta gníomhaíochtaí taighde agus forbartha, a dhéanfar i gcaitheamh na bliana sin, mar aon le féilire táscach.
6. Déanfar na cóid ghréasáin a fhorbairt maidir le saincheisteanna a bhaineann le gréasáin trasteorann agus saincheisteanna a bhaineann le comhtháthú an mhargaidh agus beidh siad gan dochar do cheart na mBallstát cóid ghréasáin náisiúnta a bhunú nach ndéanann difear don trádáil trasteorann.
7. Déanfaidh ENTSO don Ghás faireachán agus anailís ar chur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 71(13) nó Airteagal 74, agus ar a n-éifeacht ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme agus arb é is aidhm dóibh comhtháthú an mhargaidh a éascú. Déanfaidh ENTSO don Ghás a fhionnachtana a thuairisciú do ACER agus déanfaidh sé torthaí na hanailíse a chur san áireamh sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 3, pointe (f), den Airteagal seo.
8. Déanfaidh ENTSO don Ghás an fhaisnéis uile a chur ar fáil a éilíonn ACER chun a cúraimí a chomhlíonadh faoi Airteagal 27(1).
9. Déanfaidh ACER athbhreithniú ar na pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana náisiúnta d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá siad i gcomhréir leis an bplean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais le haghaidh gás nádúrtha. Má shainaithníonn ACER neamhréireachtaí idir plean forbartha gréasáin 10 mbliana náisiúnta agus an plean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais le haghaidh gás nádúrtha, molfaidh sé go ndéanfar an plean forbartha gréasáin náisiúnta nó an plean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais le haghaidh gás nádúrtha a leasú de réir mar is cuí. Má chuirtear le plean forbartha gréasáin náisiúnta 10 mbliana den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 55 de Threoir (AE) 2024/1788, molfaidh ACER don údarás rialála inniúil ábhartha an plean forbartha gréasáin 10 mbliana náisiúnta a leasú i gcomhréir le hAirteagal 55(5) den Treoir sin agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún.
10. Arna iarraidh sin don Choimisiún, tabharfaidh ENTSO don Ghás a thuairimí don Choimisiún maidir le glacadh na dtreoirlínte de réir mar a leagtar síos in Airteagal 74;
11. Comhoibreoidh ENTSO don Ghás le Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (‘ENTSO don Leictreachas’) agus le ENNOH.
Airteagal 27
Faireachán ACER ar ENTSO don Ghás
1. Déanfaidh ACER faireachán ar fhorghníomhú chúraimí ENTSO don Ghás dá dtagraítear in Airteagal 26(1), (2) agus (3) agus déanfaidh sé a thorthaí a thuairisciú don Choimisiún.
Déanfaidh ACER faireachán ar an mbealach a ndéanann ENTSO don Ghás na cóid ghréasáin arna dtarraingt suas de bhun Airteagal 26(2) agus na cóid ghréasáin arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 71(1) go (12), ach nach bhfuil glactha ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 71(13), a chur chun feidhme. I gcás ina mainneoidh ENTSO don Ghás na cóid ghréasáin sin a chur chun feidhme, iarrfaidh ACER ar ENTSO don Ghás míniú cuí-réasúnaithe a thabhairt faoin gcúis ar mhainnigh sí déanamh amhlaidh. Cuirfidh ACER an míniú sin in iúl don Choimisiún agus tabharfaidh sé a thuairim ina leith.
Déanfaidh ACER faireachán agus anailís ar chur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte arna nglacadh ag an gCoimisiún de réir mar a leagtar síos in Airteagail 70, 71, 73 agus 74, agus ar a n-éifeacht ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme, arb é is aidhm dóibh comhtháthú an mhargaidh agus an chórais fuinnimh a éascú, agus ar neamh-idirdhealú, ar iomaíocht éifeachtach agus ar fheidhmiú cuí an mhargaidh, agus tíolacfaidh sí tuarascáil don Choimisiún.
2. Déanfaidh ENTSO don Ghás an dréachtphlean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh gás nádúrtha, an dréachtchlár oibre bliantúil, lena n-áirítear an fhaisnéis maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin, agus na doiciméid eile dá dtagraítear in Airteagal 26(3), a chur faoi bhráid ACER chun a thuairim a fháil.
Laistigh de thréimhse 2 mhí ón dáta a bhfaighfear é, tabharfaidh ACER tuairim chuí-réasúnaithe, chomh maith le moltaí, do ENTSO don Ghás agus don Choimisiún, i gcás ina measfaidh sé nach rannchuideoidh an dréachtchlár oibre bliantúil nó an dréachtphlean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh gás nádúrtha arna thíolacadh ag ENTSO don Ghás le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach nó le feidhmiú cuí an mhargaidh nó le leibhéal sásúil idirnaisc trasteorann a bheidh oscailte do rochtain ag tríú páirtithe. Cuirfidh ENTSO don Ghás tuairim agus moltaí ACER i gcuntas go cuí.
Airteagal 28
Údaráis rialála
Agus a ndualgais faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, áiritheoidh na húdaráis rialála go gcomhlíonfar an Rialachán seo, na cóid ghréasáin agus na treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagail 70 go 74.
I gcás inarb iomchuí, rachaidh siad i gcomhar lena chéile, leis an gCoimisiún agus le ACER de bhun Chaibidil V de Threoir (AE) 2024/1788.
Airteagal 29
Cúraimí ENTSO don Ghás
1. Agus é ag ullmhú na gcód gréasáin, an dréachtphlean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh gás nádúrtha agus an chláir oibre bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 26(1), (2) agus (3), seolfaidh ENTSO don Ghás próiseas comhairliúcháin phoiblí forleathan, ag céim luath agus ar bhealach trédhearcach agus oscailte, ina n-áireofar na rannpháirtithe ábhartha go léir sa mhargadh, agus, go háirithe, na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí uile, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(1). Áireofar sa chomhairliúchán sin na húdaráis rialála agus údaráis náisiúnta eile, gnóthais soláthair agus táirgthe, úsáideoirí gréasáin, lena n-áirítear custaiméirí, oibreoirí córais dáileacháin, lena n-áirítear comhlachais tionsclaíocha ábhartha agus comhlachtaí teicniúla agus grúpaí de gheallsealbhóirí. Foilseoidh ENTSO don Ghás dréachtaí de na cóid ghréasáin, den phlean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh gás nádúrtha agus den chlár oibre bliantúil le haghaidh barúlacha ó na geallsealbhóirí agus tabharfaidh sé dóthain ama dóibh páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin go héifeachtach. Is é is aidhm don chomhairliúchán sin tuairimí agus tograí na ngeallsealbhóirí ábhartha uile a shainaithint i rith an phróisis cinnteoireachta.
2. Poibleofar na doiciméid agus na miontuairiscí uile a bhaineann leis na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 1.
3. Sula nglacfaidh sé an clár oibre bliantúil agus na cóid ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 26(1), (2) agus (3), tabharfaidh ENTSO don Ghás le fios conas a rinneadh na barúlacha a fuarthas le linn an chomhairliúcháin a chur san áireamh. I gcás nach mbeidh barúlacha curtha i gcuntas, tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis sin.
Airteagal 30
Costaisí ENTSO don Ghás
Seasfaidh na hoibreoirí córais tarchuir na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí ENTSO don Ghás dá dtagraítear in Airteagail 24, 25, 26, 70 agus 71 den Rialachán seo agus in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2022/869, agus cuirfear na costais sin i gcuntas le linn na taraifí a bheith á ríomh. Ní fhormheasfaidh na húdaráis rialála na costais sin ar choinníoll go bhfuil siad réasúnta agus iomchuí.
Airteagal 31
Comhar réigiúnach idir na hoibreoirí córais tarchuir
1. Bunóidh na hoibreoirí córais tarchuir comhar réigiúnach laistigh de ENTSO don Ghás d’fhonn rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 26(1), (2) agus (3).
2. Cuirfidh oibreoirí córais tarchuir socruithe oibríochtúla chun cinn d’fhonn an bainistiú is fearr ar an ngréasán a áirithiú agus déanfaidh siad forbairt malartuithe fuinnimh, leithdháileadh comhordaithe acmhainne trasteorann trí réitigh neamh-idirdhealaitheacha margadhbhunaithe, agus aird chuí á tabhairt ar thuillteanais shonracha na gceantanna intuigthe do leithdháileadh gearrthéarmach, agus comhtháthú na sásraí um chomhardú a chur chun cinn.
3. Chun na cuspóirí a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a bhaint amach, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an sainmhíniú ar an limistéar geografach atá cumhdaithe ag gach struchtúr comhair réigiúnaigh a bhunú, agus na struchtúir comhair réigiúnaigh atá ann cheana á gcur i gcuntas. Ceadófar do gach Ballstát comhar a chur chun cinn i níos mó ná limistéar geografach amháin.
Chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharraingt suas, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ACER agus le ENTSO don Ghás.
Airteagal 32
Plean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh gás nádúrtha
Gach 2 bhliain, glacfaidh agus foilseoidh ENTSO don Ghás plean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh gás nádúrtha. Cuimseofar samhaltú an ghréasáin chomhtháthaithe, forbairt cásanna, tuar Eorpach ar leordhóthanacht soláthair agus measúnú ar stóinseacht an chórais sa phlean forbartha uile-Aontais le haghaidh gás nádúrtha, lena n-áirítear bonneagar atá le díchoimisiúnú.
Beidh an méid seo a leanas i gceist leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh gás nádúrtha, go háirithe:
(a)
cuirfidh sé le pleananna infheistíochta náisiúnta agus Caibidil IV de Rialachán (AE) 2022/869;
(b)
i réimse na n-idirnasc trasteorann, cuirfidh sé freisin le riachtanais réasúnacha na n-úsáideoirí gréasáin éagsúla agus déanfaidh sé gealltanais fhadtéarmacha ó infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 55(7) de Threoir (AE) 2024/1788; agus
(c)
sainaithneoidh sé bearnaí san infheistíocht, go háirithe maidir le hacmhainní trasteorann.
Maidir leis an dara mír, pointe (c), féadfar athbhreithniú a chur mar iarscríbhinn leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh gás nádúrtha, is é sin, athbhreithniú ar na bacainní atá ar mhéadú acmhainn trasteorann an ghréasáin agus a eascraíonn as nósanna imeachta nó cleachtais formheasta éagsúla.
Airteagal 33
Ceanglais trédhearcachta a bhaineann le hoibreoirí na gcóras tarchuir
1. Poibleoidh oibreoir an chórais tarchuir faisnéis mhionsonraithe maidir leis an acmhainn agus na seirbhísí a bheidh á dtairiscint aige agus maidir leis na coinníollacha ábhartha a chuirfear i bhfeidhm, i dteannta na faisnéise teicniúla is gá le go mbeidh rochtain éifeachtach ar ghréasáin ag úsáideoirí gréasáin.
2. Chun go n-áiritheofar go mbeidh taraifí trédhearcacha, oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha ann agus chun go n-éascófar úsáid éifeachtúil ghréasán an gháis nádúrtha, foilseoidh oibreoirí na gcóras tarchuir nó na húdaráis rialála ábhartha faisnéis atá réasúnta mionsonraithe agus atá mionsonraithe go leordhóthanach maidir le díorthú taraife, modheolaíocht taraife agus struchtúr taraife.
3. Maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn siad, poibleoidh gach oibreoir an chórais tarchuir faisnéis faoi na hacmhainní teicniúla, faoi na hacmhainní conarthacha agus faoi na hacmhainní atá ar fáil, ar bhonn uimhriúil do na pointí ábhartha uile, lena n-áirítear na pointí iontrála agus na pointí scoir, ar bhonn rialta atrátha agus ar bhealach caighdeánaithe agus furasta a úsáid i gcomhréir leis na treoirlínte a leagtar síos in Iarscríbhinn I.
4. Maidir le pointí ábhartha an chórais tarchuir a bhfuil an fhaisnéis ina leith le poibliú, formheasfaidh na húdaráis inniúla iad tar éis dul i gcomhairle le húsáideoirí gréasáin.
5. Maidir leis an bhfaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo a thabhairt, nochtfaidh oibreoir an chórais tarchuir i gcónaí í ar bhealach atá ciallmhar, atá soiléir ar dhóigh fóinteach, inchainníochtaithe, inrochtana go héasca agus neamh-idirdhealaitheach.
6. Poibleoidh oibreoir an chórais tarchuir faisnéis ex ante agus ex post a bhaineann le soláthar agus le héileamh, ar bhonn ainmniúchán agus leithdháiltí, réamhaisnéisí agus sreafaí réadaithe isteach sa chóras agus amach as an gcóras. Áiritheoidh an t-údarás rialála go gcuirfear an fhaisnéis sin go léir ar fáil don phobal. Léireoidh leibhéal mionsonraithe na faisnéise a phoibleofar an fhaisnéis atá ar fáil d’oibreoir an chórais tarchuir.
Poibleoidh oibreoir an chórais tarchuir na bearta a glacadh chomh maith leis na costais a tabhaíodh agus an t-ioncam a gineadh chun an córas a chomhardú.
Déanfaidh na rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann na sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo a sholáthar d’oibreoir an chórais tarchuir.
7. Poibleoidh na hoibreoirí córais tarchuir faisnéis mhionsonraithe maidir le cáilíocht an gháis nádúrtha a iompraítear ina ngréasáin, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibreoirí gréasáin, de bhun Airteagail 16 agus 17 de Rialachán (AE) 2015/703.
Airteagal 34
Ceanglais trédhearcachta a bhaineann le saoráidí stórais gáis nádúrtha agus hidrigine, saoráidí GNL agus críochfoirt hidrigine
1. Poibleoidh oibreoirí córais GNL, oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha, oibreoirí críochfoirt hidrigine agus oibreoirí stórála hidrigine faisnéis mhionsonraithe a bhaineann leis na seirbhísí uile a sholáthraíonn siad agus leis na coinníollacha ábhartha a chuirtear i bhfeidhm, mar aon leis an bhfaisnéis theicniúil is gá d’úsáideoirí saoráidí GNL, saoráidí stórála gáis nádúrtha, saoráidí stórála hidrigine agus críochfort hidrigine chun rochtain éifeachtach a fháil ar shaoráidí GNL, saoráidí stórála gáis nádúrtha, saoráidí stórála hidrigine agus críochfoirt hidrigine. Féadfaidh na húdaráis rialála a iarraidh ar na hoibreoirí sin aon fhaisnéis bhreise ábhartha le haghaidh úsáideoirí córais a phoibliú.
2. Déanfaidh oibreoirí córais GNL ionstraimí soláimhsithe a sholáthar chun taraifí a ríomh le haghaidh na seirbhísí.
3. Poibleoidh oibreoirí córais GNL, oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha, oibreoirí críochfoirt hidrigine agus oibreoirí stórála hidrigine, i leith na seirbhísí arna soláthar aige, faisnéis maidir le saoráid GNL, saoráid stórála gáis nádúrtha, saoráid stórála hidrigine agus acmhainní críochfoirt hidrigine ar bhonn uimhriúil, ar bhonn rialta agus atrátha agus i slí chaighdeánaithe atá furasta le húsáid.
4. Nochtfaidh oibreoirí córais GNL, oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha, oibreoirí críochfoirt hidrigine agus oibreoirí stórála hidrigine an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo ar bhealach atá fóinteach, soiléir ar dhóigh inchainníochtaithe, inrochtana go héasca agus neamh-idirdhealaitheach.
5. Poibleoidh oibreoirí córais GNL, oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha, oibreoirí críochfoirt hidrigine agus oibreoirí stórála hidrigine méid an gháis nádúrtha nó na hidrigine i ngach saoráid GNL, saoráid stórála gáis nádúrtha, saoráid stórála hidrigine agus críochfort hidrigine, nó grúpa saoráidí stórála má chomhfhreagraíonn sé sin don chaoi a soláthraítear an rochtain d’úsáideoirí córais, an t-insreabhadh agus an t-eis-sreabhadh, agus an tsaoráid GNL, an tsaoráid stórála gáis nádúrtha, an tsaoráid stórála hidrigine agus na acmhainní críochfoirt hidrigine atá ar fáil, lena n-áirítear na saoráidí sin atá díolmhaithe ó rochtain do thríú páirtí. Cuirfear an fhaisnéis sin in iúl freisin d’oibreoir an chórais tarchuir nó chuig an oibreoir gréasáin hidrigine le haghaidh stóráil hidrigine agus críochfort, agus poibleoidh an t-oibreoir sin ar leibhéal comhiomlánaithe i gcomhair gach córais nó gach fochórais ar leith mar a shainmhínítear leis na pointí ábhartha. Déanfar an fhaisnéis a uasdátú go laethúil ar a laghad.
I gcás inar úsáideoir saoráid stórála gáis nádúrtha nó hidrigine an t-aon úsáideoir amháin a úsáideann saoráid stórála gáis nádúrtha nó saoráid stórála hidrigine, féadfaidh úsáideoir an chórais stórála gáis nádúrtha nó hidrigine iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an údaráis rialála go ndéileálfar faoi rún leis na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás rialála go bhfuil údar maith leis an iarraidh sin, go háirithe agus an gá atá le leas dlisteanach chosaint na rún gnó á chur i gcuntas, a mbeadh tionchar diúltach ag gabháil lena nochtadh ar straitéis tráchtála fhoriomlán úsáideoir na stórála, a chomhardú leis an gcuspóir atá ann margaí inmheánacha iomaíocha a chruthú don ghás nádúrtha agus don hidrigin, féadfaidh sé a cheadú nach bpoibleoidh oibreoir an chórais stórála gáis nádúrtha ná oibreoir stórála hidrigine na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, go ceann ré nach faide ná bliain.
Beidh feidhm ag an dara fomhír gan dochar do na hoibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, mura rud é go bhfuil na sonraí comhiomlánaithe comhionann le sonraí leithleacha an chórais stórála gáis nádúrtha nó hidrigine a bhfuil formheas tugtha i leith a neamhphoibliú ag an údarás rialála.
6. D’fhonn taraifí trédhearcacha, oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha a áirithiú agus d'fhonn úsáid éifeachtúil an bhonneagair a éascú, déanfaidh oibreoirí córais GNL, oibreoirí córais stórála gás nádúrtha, oibreoirí críochfoirt hidrigine agus oibreoirí stórála hidrigine nó na húdaráis rialála ábhartha faisnéis a phoibliú atá mionsonraithe go leor maidir le díorthú taraife, na modheolaíochtaí taraife agus na struchtúir taraife le haghaidh bonneagair a thagann faoi réim rochtana rialaithe ag tríú páirtí. Déanfaidh saoráidí GNL ar deonaíodh díolúine dóibh, de bhun Airteagal 78 den Rialachán seo, Airteagal 22 de Threoir 2003/55/CE agus Airteagal 36 de Threoir 2009/73/CE, agus oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha faoin gcóras rochtana tríú páirtí arna chaibidliú, taraifí le haghaidh bonneagair a phoibliú d’fhonn leibhéal leordhóthanach trédhearcachta a áirithiú.
Foilseoidh oibreoirí córais GNL agus oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha ar bhealach trédhearcach, leanúnach agus soláimhsithe an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun an Airteagail seo ar ardán Eorpach aonair a choinneoidh na hoibreoirí sin ar bun.
Airteagal 35
Taifid arna gcoimeád ag oibreoirí córais
Déanfaidh oibreoirí na gcóras tarchuir, oibreoirí na gcóras stórála gáis nádúrtha agus oibreoirí na gcóras GNL an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagail 33 agus 34, agus i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I a choimeád ar fáil, go ceann tréimhse 5 bliana, do na húdaráis náisiúnta, lena n-áirítear na húdaráis rialála agus na húdaráis iomaíochta náisiúnta, agus an Coimisiún.
Roinn 4
Oibriú an chórais dáileacháin
Airteagal 36
Acmhainn dhocht le haghaidh gás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin chuig an gcóras dáileacháin
1. Áiritheoidh na hoibreoirí córais dáileacháin go mbeidh ann d’acmhainn dhocht le haghaidh na rochtana ag saoráidí táirgthe gás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin ar a n-eangach. Chun na críche sin, déanfaidh na hoibreoirí córais dáileacháin, i gcomhar eatarthu féin agus leis na hoibreoirí córais tarchuir, nósanna imeachta agus socruithe a fhorbairt, lena n-áirítear infheistíochtaí, chun sreabhadh cúltreo a áirithiú ón ngréasán dáileacháin go dtí an gréasán tarchuir. Léireofar na mórinfheistíochtaí sa ghréasán tarchurtha gáis nádúrtha a eascraíonn as an ngá atá le hacmhainní breise sa ghréasán dáileacháin, sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana i gcomhréir le hAirteagal 55(2), pointe (a), de Threoir (AE) 2024/1788.
2. Beidh mír 1 gan dochar don deis atá ag oibreoirí córais dáileacháin roghanna atá malartach ar infheistíochtaí cúltreo a fhorbairt, amhail réitigh eangaí cliste nó nasc le hoibreoirí córais eile. Féadfar rochtain ar acmhainn dhocht a theorannú d’acmhainní atá faoi réir srianta oibríochtúla, d’fhonn sábháilteacht bonneagair agus éifeachtúlacht eacnamaíoch a áirithiú. Áiritheoidh an t-údarás rialála go ndéanfaidh oibreoirí córais dáileacháin aon srianta in acmhainn dhocht nó aon srianta oibríochtúla a thabhairt isteach ar bhonn nósanna imeachta trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus nach gcruthóidh na srianta sin bacainní míchuí ar dhul isteach sa mhargadh. I gcás ina seasann an tsaoráid táirgthe na costais a bhaineann leis an acmhainn dhocht a áirithiú, ní bheidh feidhm ag aon teorainn.
Airteagal 37
An comhar idir na hoibreoirí córais dáileacháin agus na hoibreoirí córais tarchuir
Oibreoidh oibreoirí córais dáileacháin i gcomhar le hoibreoirí córais dáileacháin eile agus oibreoirí córais tarchuir chun comhordú a dhéanamh ar chothabháil, forbairt córais, idirnaisc nua, díchoimisiúnú agus oibriú an chórais chun sláine an chórais a áirithiú, d’fhonn an acmhainn a uasmhéadú agus úsáid an gháis breosla a íoslaghdú.
Airteagal 38
Ceanglais trédhearcachta a bhaineann le hoibreoirí córais dáileacháin
I gcás ina bhfuil oibreoirí córais dáileacháin freagrach as cáilíocht an gháis ina ngréasáin a bhainistiú, poibleoidh siad faisnéis mhionsonraithe maidir le cáilíocht an gháis nádúrtha a iompraítear ar a ngréasáin, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibreoirí gréasáin, de bhun Airteagail 16 agus 17 de Rialachán (AE) 2015/703.
Airteagal 39
An t-eintiteas Eorpach d’oibreoirí córais dáileacháin
Chun comhlánú agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh sa ghás nádúrtha a chur chun cinn, comhoibriú i bhforbairt an mhargaidh hidrigine agus bainistiú optamach agus oibriú comhordaithe córas dáileacháin agus tarchuir a chur chun cinn, oibreoidh oibreoirí córais dáileacháin a bhfuil córas gáis nádúrtha á oibriú acu i gcomhar le chéile ar leibhéal an Aontais trí bhíthin eintiteas AE do OCDanna, agus féadfaidh oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine a bhfuil margadh hidrigine á oibriú acu déanamh amhlaidh.
Féadfaidh na comhaltaí cláraithe páirt dhíreach a ghlacadh in eintiteas AE do OCDanna nó féadfaidh comhlachas náisiúnta, arna ainmniú ag Ballstát nó ag comhlachas ar leibhéal an Aontais, ionadaíocht a dhéanamh orthu.
Seasfaidh na hoibreoirí córais dáileacháin agus na hoibreoirí gréasáin dáilte hidrigine is comhaltaí cláraithe na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí eintiteas AE do OCDanna agus cuirfear na costais sin i gcuntas le linn na taraifí a bheith á ríomh. Formheasfaidh na húdaráis rialála costais ar choinníoll `go bhfuil siad réasúnta agus comhréireach agus tabharfaidh siad cúiseanna i gcásanna nach bhformheastar iad.
Airteagal 40
Athruithe ar na príomhrialacha agus na nósanna imeachta i gcomhair eintiteas AE do OCDanna
1. Beidh feidhm ag na príomhrialacha agus ag na nósanna imeachta le haghaidh eintiteas AE do OCDanna de bhun Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2019/943, freisin maidir leis na hoibreoirí córais dáileacháin a bhfuil córas gáis nádúrtha á n-oibriú acu agus maidir leis na hoibreoirí córais dáilte hidrigine.
2. Beidh san áireamh ar an nGrúpa Comhairleora Straitéisigh dá dtagraítear in Airteagal 54(2), pointe (f), de Rialachán (AE) 2019/943, ionadaithe ar chomhlachtaí a dhéanann ionadaíocht ar oibreoirí córais dáileacháin Eorpacha a dhéanann córas gáis nádúrtha a oibriú nó oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine Eorpacha.
3. Faoin 5 Lúnasa 2025, cuirfidh eintiteas AE do OCDanna chuig an gCoimisiún agus chuig ACER dréacht-reachtanna nuashonraithe, lena n-áirítear cód iompair, liosta comhaltaí cláraithe, dréachtrialacha nuashonraithe maidir le nós imeachta, lena n-áirítear rialacha maidir le nósanna imeachta le haghaidh an chomhairliúcháin le ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus geallsealbhóirí eile, agus dréachtrialacha nuashonraithe airgeadais.
Leis na dréacht-rialacha nós imeachta nuashonraithe eintiteas AE do OCDanna, áiritheofar ionadaíocht chóir chothrom ar oibreoirí uile córais dáileacháin a bheidh rannpháirteach, lena n-áirítear na hoibreoirí sin a bhfuil córais gáis nádúrtha acu nó á n-oibriú acu, agus na hoibreoirí gréasáin dáilte hidrigine.
4. Laistigh de 4 mhí ón lá a bhfaightear na doiciméid a chuirtear isteach de bhun mhír 3, tabharfaidh ACER tuairim don Choimisiún tar éis dó dul i gcomhairle le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí uile, úsáideoirí córais dáileacháin go háirithe, lena n-áirítear custaiméirí.
5. Laistigh de 3 mhí ón lá a bhfaightear an tuairim ó ACER, eiseoidh an Coimisiún tuairim ar na doiciméid a chuirtear isteach de bhun mhír 3, agus tuairim ACER dá dtagraítear i mír 4 á cur i gcuntas.
6. Laistigh de 3 mhí ón lá a bhfaightear an tuairim fhabhrach ón gCoimisiún, déanfaidh na hoibreoirí córais dáileacháin a reachtanna leasaithe, rialacha nós imeachta agus rialacha airgeadais nuashonraithe eintiteas AE do OCDanna a ghlacadh agus a fhoilsiú.
7. Cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin agus ACER na doiciméid sin dá dtagraítear i mír 3 i gcás ina ndéantar iad a athrú nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil. Féadfaidh an Coimisiún agus ACER tuairim a eisiúint i gcomhréir leis an bpróiseas a leagtar síos i míreanna 3, 4 agus 5.
Airteagal 41
Cúraimí breise eintiteas AE do OCDanna
1. Déanfaidh eintiteas AE do OCDanna na cúraimí a liostaítear in Airteagal 55(1), pointí (a) go (e), de Rialachán (AE) 2019/943 agus déanfaidh sé na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 55(2), pointí (c), (d) agus (e), den Rialachán sin freisin maidir le córais dáileacháin le haghaidh gréasáin dáilte gáis nádúrtha nó hidrigine.
2. De bhreis ar na cúraimí a liostaítear in Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) 2019/943, glacfaidh eintiteas AE do OCDanna páirt i bhforbairt na gcód gréasáin arb ábhartha iad d’oibriú agus do phleanáil na n-eangach dáileacháin agus oibriú comhordaithe na ngréasán tarchuir agus dáileacháin de bhun an Rialacháin seo agus rannchuideoidh siad le maolú astaíochta idirleata meatáin ón gcóras gáis nádúrtha.
Agus é rannpháirteach i bhforbairt na gcód gréasáin nua de bhun Airteagal 71 den Rialachán seo, comhlíonfaidh eintiteas AE do OCDanna na ceanglais maidir le comhairliúchán a leagtar síos in Airteagal 56 de Rialachán (AE) 2019/943.
3. De bhreis ar na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 55(2) de Rialachán (AE) 2019/943, déanfaidh eintiteas AE do OCDanna an méid seo a leanas:
(a)
rachaidh sé i gcomhar le ENTSO don Ghás agus le ENNOH maidir le faireachán ar chur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte, arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, agus arb ábhartha iad d’oibriú agus do phleanáil na n-eangach dáileacháin le haghaidh gás nádúrtha agus hidrigine agus d’oibriú comhordaithe na ngréasán tarchuir agus na ngréasán dáileacháin agus na ngréasán tarchurtha hidrigine agus na ngréasán dáilte hidrigine;
(b)
rachaidh sé i gcomhar le ENTSO don Ghás agus le ENNOH, agus glacfaidh sé dea-chleachtais maidir le hoibriú agus pleanáil chomhordaithe na gcóras tarchuir agus dáileacháin agus na ngréasán tarchurtha agus dáilte hidrigine lena n-áirítear saincheisteanna amhail an malartú sonraí idir na hoibreoirí agus comhordú na n-acmhainní fuinnimh dáilte;
(c)
oibreoidh sé ar dhea-chleachtais a shainaithint le haghaidh cur chun feidhme thorthaí na measúnuithe de bhun Airteagal 23(1b) de Threoir (AE) 2018/2001 agus Airteagal 25 de Threoir (AE) 2023/1791 agus an comhoibriú idir oibreoirí córais dáileacháin leictreachais, oibreoirí córais dáilte gáis nádúrtha, oibreoirí gréasán dáilte hidrigine agus oibreoirí córas téimh agus fuaraithe ceantair lena n-áirítear chun críche measúnúcháin de bhun Airteagal 24(8) de Threoir (AE) 2018/2001, lena n-áirítear moltaí maidir le suiteáil iomchuí leictrealóirí d’fhonn a áirithiú go n-úsáidfear dramhtheas sa ghréasán téimh ceantair.
4. Soláthróidh eintiteas AE do OCDanna ionchur do ENTSO do Ghás le haghaidh a thuarascála ar an gcáilíocht gáis maidir leis na córais dáileacháin i gcás ina bhfuil oibreoirí córais dáileacháin freagrach as an gcáilíocht gáis a bhainistiú, dá dtagraítear in Airteagal 26(3).
5. Soláthróidh eintiteas AE do OCDanna ionchur do ENNOH, le haghaidh na tuarascála tuarascáil um fhaireachán cáilíochta hidrigine atá le glacadh de bhun Airteagal 59(1), pointe (j), den Rialachán seo maidir leis na gréasáin dáilte hidrigine i gcás ina bhfuil oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine freagrach as an gcáilíocht hidrigine a bhainistiú de bhun Airteagal 50 de Threoir (AE) 2024/1788.
Roinn 5
Comhiomlánú éilimh agus an ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha, agus sásra chun tacú leis an bhforbairt margaidh hidrigine
Airteagal 42
Sásra le haghaidh comhiomlánú éilimh agus an ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha
Bunóidh an Coimisiún sásra le haghaidh comhiomlánú deonach éilimh agus an ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha de bhun Airteagail 43 go 49.
Airteagal 43
Conradh le soláthraí seirbhíse
1. De mhaolú ar Airteagal 176 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, féadfaidh an Coimisiún conradh a dhéanamh le seirbhísí riachtanacha eintitis nó eintiteas atá bunaithe san Aontas trí na nósanna imeachta ábhartha soláthair faoi Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, chun an cuspóir a leagtar síos in Airteagal 42 den Rialachán seo a chur chun feidhme.
2. I gcás ina roghnaíonn an Coimisiún soláthraí seirbhíse, déanfaidh sé amhlaidh ar bhonn critéar a chosnaíonn sláine an mhargaidh inmheánaigh, a áirithíonn iomaíocht agus slándáil an tsoláthair, agus a chomhlíonann Airteagal 44. Sonróidh an Coimisiún na ceanglais is infheidhme maidir leis an soláthraí seirbhíse sna sonraíochtaí tairisceana ábhartha.
Airteagal 44
Critéir chun an soláthraí seirbhíse a roghnú
1. Roghnóidh an Coimisiún an soláthraí seirbhíse as measc eintiteas a chomhlíonann na critéir incháilitheachta seo a leanas:
(a)
beidh an soláthraí seirbhíse bunaithe i gcríoch Ballstáit agus beidh a shuíomh oibríochtúil aige i gcríoch Ballstáit;
(b)
ní bheidh an soláthraí seirbhíse agus a fhochonraitheoirí:
(i)
faoi réir bhearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 29 CAE nó Airteagal 215 CFAE, arb é atá iontu toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil nó a aistriú nó maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar dóibh go díreach nó go hindíreach, nó reo sócmhainní; ná
(ii)
faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach sin de chuid an Aontais, nó ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir na ndaoine sin, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin.
2. Gan dochar d’oibleagáidí díchill chuí eile, cuirfear oibleagáidí conarthacha i bhfeidhm idir an Coimisiún agus na soláthraithe seirbhíse chun a áirithiú nach gcuirfidh na soláthraithe seirbhíse, agus iad i mbun a gcuid cúraimí faoi Airteagal 45, aon chiste ná aon acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí nó chun tairbhe na ndaoine, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin más rud é go bhfuil siad:
(a)
faoi réir bhearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 29 CAE nó Airteagal 215 CFAE, arb é atá iontu toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil nó a aistriú nó maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar dóibh go díreach nó go hindíreach, nó reo sócmhainní; nó
(b)
faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach sin de chuid an Aontais, nó ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir na ndaoine sin, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin.
3. Ní bheidh an soláthraí seirbhíse mar chuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach, seachas eintiteas arna dhíchuachadh i gcomhréir le Caibidil IX de Threoir (AE) 2024/1788.
Airteagal 45
Cúraimí an tsoláthraí seirbhíse
1. Eagróidh an soláthraí seirbhíse na cúraimí a bhaineann le comhiomlánú éilimh agus an ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha. Féadfaidh an soláthraí seirbhíse na gnéithe seo a leanas a chur chun feidhme go háirithe, ach ní bheidh sé teoranta dóibh sin:
(a)
an t-éileamh ó ghnóthais gáis nádúrtha agus ó ghnóthais a ídíonn gás nádúrtha a mheasúnú agus a chomhiomlánú;
(b)
tairiscintí a bhailiú ó sholáthróirí gáis nádúrtha nó ó tháirgeoirí chun na tairiscintí sin a mheaitseáil leis an gcomhiomlánú éilimh;
(c)
tairiscintí soláthair a leithdháileadh ar rannpháirtithe i gcomhiomlánú éilimh, agus dáileadh comhréireach idir rannpháirtithe níos lú agus níos mó á chur i gcuntas ag brath ar thoirteanna an éilimh a chuirtear isteach;
(d)
aon seirbhísí coimhdeacha gaolmhara a sholáthar, lena n-áirítear seirbhísí chun conarthaí a thabhairt i gcrích chun ceannach gás nádúrtha a éascú.
Airteagal 46
Rannpháirtíocht sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha
1. Beidh rannpháirtíocht sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha ar fáil do ghnóthais gáis nádúrtha agus do ghnóthais a ídíonn gás nádúrtha atá bunaithe san Aontas ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Cuirfear bac ar na gnóthais sin páirt a ghlacadh mar sholáthróirí, mar tháirgeoirí agus mar cheannaitheoirí, má tá siad:
(a)
faoi réir bhearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 29 CAE nó Airteagal 215 CFAE, arb é atá iontu toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil nó a aistriú nó maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar dóibh go díreach nó go hindíreach, nó reo sócmhainní; nó
(b)
faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach sin an Aontais, nó ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir na ndaoine sin, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin.
2. Cuirfear oibleagáidí conarthacha i bhfeidhm chun a áirithiú nach gcuirfear aon chistí ná acmhainní eacnamaíocha ar fáil, go díreach ná go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí, nó chun a dtairbhe, má tá siad:
(a)
faoi réir bhearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 29 CAE nó Airteagal 215 CFAE, arb é atá iontu toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil nó a aistriú nó maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar dóibh go díreach nó go hindíreach, nó reo sócmhainní; nó
(b)
faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach sin an Aontais, nó ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir na ndaoine sin, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin.
3. Féadfaidh gnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás nádúrtha atá bunaithe i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh páirt a ghlacadh sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha ar choinníoll go mbeidh na bearta nó na socruithe is gá i bhfeidhm chun a gcuid rannpháirtíochta sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha a cheadú de bhun na Roinne seo.
4. Féadfaidh gnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás nádúrtha a ghlacann páirt i gcomhiomlánú éilimh, ar bhonn trédhearcach, gnéithe de choinníollacha an chonartha ceannaigh a chomhordú nó conarthaí comhcheannaigh a úsáid chun coinníollacha níos fearr a bhaint amach lena soláthróirí, ar choinníoll go gcomhlíonann siad dlí an Aontais, lena n-áirítear dlí iomaíochta an Aontais, go háirithe Airteagail 101 agus 102 CFAE.
5. Rannpháirtithe sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha, tuairisceoidh siad don Choimisiún nó don soláthraí seirbhíse ábhartha, de réir mar is iomchuí, na gnéithe seo a leanas de na conarthaí arna dtabhairt i gcrích:
(a)
toirt;
(b)
contrapháirtithe;
(c)
ré.
6. Féadfaidh rannpháirtithe sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha tuairisciú don Choimisiún nó don soláthraí seirbhíse ábhartha, de réir mar is iomchuí, mura ndearnadh conradh soláthair a thabhairt i gcrích mar thoradh ar mheaitseáil agus ar thairiscint.
7. Áiritheoidh faighteoir na faisnéise a thuairiscítear faoi mhíreanna 5 agus 6 go mbeidh rochtain ar fhaisnéis rúnda teoranta go docht don soláthraí seirbhíse agus do sheirbhísí an Choimisiúin a bhfuil sé fíor-riachtanach an fhaisnéis a bheith ar fáil dóibh. Déanfar faisnéis den sórt sin a láimhseáil leis an rúndacht chuí.
Airteagal 47
Teorannú sealadach le rannpháirtíocht sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha
1. Chun leasanna slándála bunriachtanacha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, agus ar mhaithe le slándáil an tsoláthair a choimirciú, ní thairgfear soláthairtí gáis nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise ná na Bealarúise ná soláthairtí GNL ó shaoráidí GNL atá lonnaithe i gCónaidhm na Rúise ná sa Bhealarúis tríd an sásra um chomhiomlánú éilimh agus an ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha go dtí an 31 Nollaig 2025.
2. Beidh feidhm ag an eisiamh dá dtagraítear i mír 1 maidir le soláthairtí uile GNL de thionscnamh aon saoráide GNL atá lonnaithe i gCónaidhm na Rúise nó sa Bhealarúis agus maidir le soláthairtí gáis nádúrtha a thagann isteach sna Ballstáit nó i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh trí na pointí iontrála seo a leanas:
(a)
Greifswald;
(b)
Lubmin II;
(c)
Imatra;
(d)
Narva;
(e)
Värska;
(f)
Luhamaa;
(g)
Šakiai;
(h)
Kotlovka;
(i)
Kondratki;
(j)
Wysokoje;
(k)
Tieterowka;
(l)
Mozyr;
(m)
Kobryń;
(n)
Sudzha (RU)/(UA);
(o)
Belgorod (RU)/(UA);
(p)
Valuyki (RU)/(UA);
(q)
Serebryanka (RU)/(UA);
(r)
Pisarevka (RU)/(UA);
(s)
Sokhranovka (RU)/(UA);
(t)
Prokhorovka (RU)/(UA);
(u)
Platovo (RU)/(UA);
(v)
Strandzha 2 (BG)/Malkoclar (TR).
Airteagal 48
An fhéidearthacht rannpháirtíocht sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha a theorannú
1. Ón 1 Eanáir 2026, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, gás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó na Bealarúise, nó soláthairtí GNL ó shaoráidí GNL atá lonnaithe i gCónaidhm na Rúise nó sa Bhealarúis, a eisiamh go sealadach ó bheith rannpháirteach sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha, i gcás inar gá sin chun leasanna slándála fíor-riachtanacha nó slándáil soláthair an Aontais nó Ballstáit a chosaint, ar choinníoll:
(a)
nach gcuireann na bearta isteach go míchuí ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh do ghás nádúrtha agus ar shreabha trasteorann gáis nádúrtha idir na Ballstáit, agus nach mbaineann siad an bonn de shlándáil an tsoláthair san Aontas nó i mBallstát;
(b)
go n-urramaítear leis na bearta sin prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh;
(c)
go nglactar na bearta sin i gcomhréir le cearta agus oibleagáidí an Aontais nó na mBallstát maidir le tríú tíortha.
2. In am trátha roimh an gcéad bhabhta tairisceana in 2026, déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil na coinníollacha uile a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh d’fhonn cinneadh a dhéanamh maidir le haon bhearta dá dtagraítear inti. Beidh aon chinneadh den sórt sin bailí ar feadh tréimhse suas le bliain amháin agus féadfar é a athnuachan má tá údar leis.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú leanúnach ar cibé acu atá na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh agus coinneoidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go cuí faoina measúnuithe, lena n-áirítear an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.
3. Agus an gá atá le slándáil sholáthar an Aontais a áirithiú á chur i gcuntas, féadfaidh na bearta arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun mhír 1 a bheith dírithe ar sholáthairtí gáis nádúrtha nó GNL a éagsúlú d’fhonn an spleáchas ar ghás nádúrtha na Rúise a laghdú, i gcás inar féidir a léiriú go bhfuil gá leis na bearta sin chun leasanna bunúsacha slándála an Aontais agus na mBallstát a chosaint.
4. Beidh liosta de na nithe seo a leanas sna cinntí dá dtagraítear i mír 1:
(a)
na pointí iontrála uile ó Chónaidhm na Rúise nó ón mBealarúis nó ó thríú tíortha eile a fhónann mar thíortha idirthurais nach n-úsáidfear chun soláthairtí gáis nádúrtha a sheachadadh faoi réir comhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach; agus
(b)
gach saoráid GNL atá lonnaithe i gCónaidhm na Rúise nó sa Bhealarúis.
Cuirfidh soláthróirí gáis nádúrtha nó táirgeoirí atá rannpháirteach sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha gealltanas ar fáil maidir le comhlíonadh Airteagal 47 agus na cinntí arna nglacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo.
5. Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Airteagail seo agus Airteagal 47 a áirithiú agus féadfaidh sé a cheangal ar sholáthróirí nó táirgeoirí gáis nádúrtha atá rannpháirteach sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha an fhaisnéis uile is gá chun cabhrú leis an gcúram sin, lena n-áirítear na doiciméid loingseoireachta ábhartha a chur faoi bhráid na gceannaitheoirí agus na soláthairtí gáis nádúrtha á seachadadh, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil.
Airteagal 49
An Bord Stiúrtha
1. Chun comhordú agus malartú faisnéise a éascú i ndáil leis an sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha, tabharfaidh Bord Stiúrtha cúnamh don Choimisiún.
2. Beidh an Bord Stiúrtha comhdhéanta d’ionadaithe ó gach Ballstát agus ionadaí amháin ón gCoimisiún. Is ar bhonn deonach a bheidh rannpháirtíocht na mBallstát agus d’fhéadfadh sí a bheith ag brath go háirithe ar chlár oibre chruinnithe an Bhoird Stiúrtha. Féadfaidh ionadaithe Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh páirt a ghlacadh sa Bhord Stiúrtha ar chuireadh ón gCoimisiún maidir leis na hábhair leasa fhrithpháirtigh uile. Is é an Coimisiún a bheidh ina chathaoirleach ar an mBord Stiúrtha.
Airteagal 50
Ráthaíochtaí
Féadfaidh na Ballstáit, maidir le rannpháirtithe atá bunaithe ina gcríocha, nó geallsealbhóirí ábhartha eile tacaíocht leachtachta a sholáthar, lena n-áirítear ráthaíochtaí, do rannpháirtithe sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha, i gcomhréir leis na rialacha Státchabhrach i gcás inarb infheidhme, go háirithe i gcás inar fhógair údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha ceann de na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2017/1938.
Airteagal 51
Tuairisciú
Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil go tráthrialta don Bhord Stiúrtha agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú an tsásra um chomhiomlánú éilimh agus an cheannaigh chomhpháirtigh gáis nádúrtha.
Áireofar na nithe seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis a sholáthrófar sa tuarascáil:
(a)
faisnéis maidir le líon na ngnóthas gáis nádúrtha agus toirteanna gáis nádúrtha atá rannpháirteach sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha;
(b)
faisnéis maidir le líon na gconarthaí arna dtabhairt i gcrích agus na toirteanna gáis nádúrtha faoi seach a tháinig as sin a bhfuil conradh déanta leis an Aontas agus seachadta ar an Aontas;
(c)
tuairisc ar na rialacha is infheidhme i mbabhtaí tairisceana maidir le rannpháirtithe i gcomhiomlánú éilimh agus soláthróirí nó táirgeoirí gáis nádúrtha;
(d)
forbhreathnú ar chostas foriomlán an tsásra um chomhiomlánú éilimh agus an cheannaigh chomhpháirtigh gáis nádúrtha, lena n-áirítear na speansais arna dtabhú don soláthraí seirbhíse;
(e)
aon mhórfhorbairt ar fheidhmiú an tsásra um chomhiomlánú éilimh agus an cheannaigh chomhpháirtigh gáis nádúrtha.
Airteagal 52
Sásra chun tacú le forbairt margaidh hidrigine
1. Féadfaidh an Coimisiún sásra a bhunú chun tacú leis an bhforbairt margaidh hidrigine lena n-áirítear na gnéithe a shonraítear i mír 2 a bheidh le cur chun feidhme faoi ghníomhaíochtaí an Bhainc Eorpaigh Hidrigine. Féadfaidh an sásra deonach sin a bheith i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2029.
2. Féadfaidh an Coimisiún conradh a dhéanamh leis an soláthraí seirbhíse ábhartha, agus an nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 43 agus 44 á chur i bhfeidhm trí analach díreach, chun na gnéithe seo a leanas go háirithe a chur chun feidhme, ach gan a bheith teoranta dóibh sin:
(a)
bailiú agus próiseáil sonraí margaidh, mar shampla, ar infhaighteacht bonneagair nó forbairt sreafaí agus praghsanna hidrigine, chun trédhearcacht na forbartha margaidh hidrigine a mhéadú;
(b)
éileamh ó cheannaitheoirí a bhailiú agus a mheasúnú;
(c)
tairiscintí ar hidrigin a bhailiú ó sholáthraithe;
(d)
rochtain ar fhaisnéis ábhartha agus riachtanach arna bailiú de bhun na míre seo ag soláthraithe agus ag ceannaitheoirí, faoi réir a dtoilithe agus de bhun rialacha iomaíochta an Aontais.
3. Chun rannchuidiú leis na cuspóirí dícharbónaithe a leagtar síos sa Rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht leachtachta a áirithiú, lena n-áirítear ráthaíochtaí, le haghaidh hidrigine faoi ghníomhaíochtaí an Bhainc Eorpaigh Hidrigine agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le Státchabhair i gcás inarb infheidhme.
4. Féadfaidh an grúpa comhordúcháin ábhartha, ar leithligh ó ghrúpaí saineolaithe atá tiomnaithe do ghás nádúrtha, comhordú agus malartú faisnéise i ndáil leis an sásra dá dtagraítear i mír 1 a éascú.
I gcás hidrigine, bunófar an grúpa comhordúcháin sin agus cuirfidh sé a ghníomhaíochtaí i gcrích faoi ghníomhaíochtaí an Bhainc Eorpaigh Hidrigine.
5. Sula rachaidh an sásra dá dtagraítear i mír 1 in éag, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar fheidhmíocht an tsásra sin. Go háirithe, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar rannchuidiú an tsásra sin le forbairt an mhargaidh hidrigine san Aontas.
I gcás inarb iomchuí, féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil leis an measúnú sin chun sásra um chomhiomlánú éilimh agus an ceannach comhpháirteach hidrigine a fhorbairt ar bhonn deonach.
Airteagal 53
Rannpháirtíocht sa sásra chun tacú leis an bhforbairt margaidh hidrigine
1. Beidh rannpháirtíocht sa sásra chun tacú leis an bhforbairt margaidh hidrigine oscailte do ghnóthais hidrigine agus do ghnóthais a ídíonn hidrigin atá bunaithe san Aontas ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Cuirfear bac ar na gnóthais sin páirt a ghlacadh mar sholáthróirí agus mar cheannaitheoirí má tá siad:
(a)
faoi réir bhearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 29 CAE nó Airteagal 215 CFAE, arb é atá iontu toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil nó a aistriú nó maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar dóibh go díreach nó go hindíreach, nó reo sócmhainní; nó
(b)
faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach sin an Aontais, nó ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir na ndaoine sin, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin.
2. Cuirfear oibleagáidí conarthacha i bhfeidhm chun a áirithiú nach gcuirfear aon chistí ná acmhainní eacnamaíocha ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí, nó chun a dtairbhe, má tá siad:
(a)
faoi réir bhearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 29 CAE nó Airteagal 215 CFAE, arb é atá iontu toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil nó a aistriú nó maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar dóibh go díreach nó go hindíreach, nó reo sócmhainní; nó
(b)
faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach sin an Aontais, nó ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir na ndaoine sin, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin.
3. Féadfaidh gnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn hidrigin atá bunaithe i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh páirt a ghlacadh sa sásra chun tacú leis an bhforbairt margaidh hidrigine ar choinníoll go mbeidh na bearta nó na socruithe is gá i bhfeidhm chun a gcuid rannpháirtíochta sa sásra chun tacú leis an bhforbairt margaidh hidrigine a cheadú de bhun an Airteagail seo agus de bhun Airteagal 52 agus 54.
Airteagal 54
An fhéidearthacht an rannpháirtíocht sa sásra chun tacú leis an bhforbairt margaidh hidrigine a theorannú
1. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, tairiscintí soláthairtí hidrigine de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó na Bealarúise a eisiamh go sealadach ó bhailiú tríd an sásra chun tacú leis an bhforbairt margaidh hidrigine, i gcás inar gá chun leasanna slándála riachtanacha nó slándáil soláthair an Aontais nó Ballstáit a chosaint, ar choinníoll:
(a)
nach gcuireann na bearta sin isteach go míchuí ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh hidrigine agus nach mbaineann siad an bonn de shlándáil an tsoláthair san Aontas nó i mBallstát;
(b)
go n-urramaítear leis na bearta sin prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh;
(c)
go nglactar na bearta sin i gcomhréir le cearta agus oibleagáidí an Aontais nó na mBallstát maidir le tríú tíortha.
2. In am trátha roimh chéad bhailiú na dtairiscintí, déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil na coinníollacha uile a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh d’fhonn cinneadh a dhéanamh maidir le haon bhearta dá dtagraítear inti. Beidh aon chinneadh den sórt sin bailí ar feadh tréimhse suas le bliain amháin agus féadfar é a athnuachan, má tá údar cuí leis.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú leanúnach ar cibé acu atá na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh agus coinneoidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go cuí faoina measúnuithe, lena n-áirítear an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.
3. Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Airteagail seo a áirithiú.
CAIBIDIL III
RIALACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS NA GRÉASÁIN HIDRIGINE
Airteagal 55
Comhordú trasteorann maidir le cáilíocht hidrigine
1. Oibreoidh oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine i gcomhar le chéile chun srianta ar shreafaí trasteorann hidrigine a sheachaint mar gheall ar dhifríochtaí maidir le cáilíocht hidrigine d’fhonn ceanglais cháilíochta feidhmeanna úsáide deiridh éagsúla a chomhlíonadh i gcomhréir leis na caighdeáin cáilíochta hidrigine is infheidhme.
2. I gcás nach féidir leis na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine lena mbaineann srian ar shreafaí trasteorann de dheasca difríochtaí cáilíochta hidrigine a sheachaint ina n-oibríochtaí caighdeánacha, cuirfidh siad na húdaráis rialála lena mbaineann ar an eolas gan mhoill. San fhaisnéis sin beidh tuairisc agus na cúiseanna is údar le haon bhearta a rinne na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine cheana féin.
3. Tiocfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann ar chomhaontú go comhpháirteach, laistigh de 6 mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a fháil, cé acu a aithneoidh siad an srian.
4. I gcás ina dtugann na húdaráis rialála lena mbaineann aitheantas don srian de bhun mhír 3, iarrfaidh siad ar na hoibreoirí córais tarchurtha hidrigine lena mbaineann na gníomhartha seo a leanas a dhéanamh ceann i ndiaidh a chéile, laistigh de 12 mhí ón uair a thugtar an t-aitheantas don srian dá dtagraítear sa mhír sin:
(a)
chun oibriú i gcomhar le chéile agus roghanna is indéanta go teicniúil a fhorbairt d’fhonn an srian sainaitheanta a bhaint;
(b)
chun measúnú costais is tairbhe ar na roghanna atá féideartha go teicniúil a dhéanamh go comhpháirteach chun réitigh atá éifeachtúil go heacnamaíoch a shainmhíniú, lena sonrófar miondealú ar na costais agus na tairbhí idir na catagóirí éagsúla páirtithe a ndéanfar difear dóibh;
(c)
chun meastachán a dhéanamh ar an méid ama a thógfar chun gach rogha fhéideartha a chur chun feidhme;
(d)
chun comhairliúchán poiblí a sheoladh maidir le réitigh fhéideartha shainaitheanta agus torthaí an chomhairliúcháin sin a chur san áireamh;
(e)
chun togra comhpháirteach, ar bhonn na hanailíse costais is tairbhe agus thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí, le haghaidh réitigh lena mbaintear an srian aitheanta, lena n-áirítear an tráthchlár chun é a chur chun feidhme, a chur faoi bhráid na n-údarás rialála lena mbaineann lena fhormheas agus faoi bhráid údaráis náisiúnta rialála gach Ballstáit lena mbaineann mar eolas.
5. I gcás nach dtagann na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine lena mbaineann ar chomhaontú togra comhpháirteach a chur isteach de bhun mhír 4, pointe (e), cuirfidh gach oibreoir gréasáin tarchuir a údarás rialála ar an eolas gan mhoill.
6. Déanfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann cinneadh comhpháirteach comhordaithe chun an srian aitheanta a bhaint, agus an anailís costais is tairbhe a rinne na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine lena mbaineann agus torthaí an chomhairliúcháin phoiblí a rinneadh de bhun mhír 4, pointe (d), den Airteagal seo á gcur i gcuntas, laistigh de 6 mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a fháil, i gcomhréir le hAirteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942.
7. Sa chinneadh comhpháirteach comhordaithe a dhéanfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann dá dtagraítear i mír 6, áireofar cinneadh maidir le leithdháileadh na gcostas infheistíochta a bheidh le seasamh ag gach oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine a thiocfaidh as cur chun feidhme an réitigh chomhaontaithe, chomh maith lena gcur san áireamh i dtaraifí tar éis an 1 Eanáir 2033, agus costais agus tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil an réitigh sa Bhallstát lena mbaineann á gcur i gcuntas.
8. Féadfaidh ACER moltaí a eisiúint do na húdaráis rialála maidir le mionsonraí na gcinntí leithdháilte costais sin dá dtagraítear i mír 7.
9. I gás nach féidir leis na húdaráis rialála lena mbaineann teacht ar chomhaontú dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh ACER cinneadh maidir leis an srian, i gcomhréir le hAirteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942. I gcás ina dtugann ACER aitheantas don srian, iarrfaidh sé ar na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine lena mbaineann na gníomhartha dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a dhéanamh, laistigh de 12 mhí, ceann i ndiaidh a chéile.
10. I gcás nach féidir leis na húdaráis rialála lena mbaineann teacht ar chinneadh comhordaithe dá dtagraítear i míreanna 6 agus 7 den Airteagal seo, déanfaidh ACER cinneadh maidir leis an réiteach chun an srian a bhaint agus maidir le leithdháileadh na gcostas infheistíochta a bheidh le tabhú ag gach oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine le haghaidh chur chun feidhme an réitigh chomhaontaithe, i gcomhréir le hAirteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942.
11. Maidir le mionsonraí breise is gá chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear mionsonraí ar shonraíocht cáilíochta hidrigine chomhchoiteann cheangailteach le haghaidh idirnascairí hidrigine trasteorann, measúnuithe costais is tairbhe chun srianta ar shreafaí trasteorann a bhaint a thagann as difríochtaí cáilíochta hidrigine, rialacha idir-inoibritheachta maidir le bonneagar hidrigine trasteorann, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar chomhaontaithe idirnasctha, aonaid, malartú sonraí, cumarsáid agus soláthar faisnéise idir rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh, déanfar an méid sin a leagan síos i gcód gréasáin arna bhunú de bhun Airteagal 72(1), pointe (b).
Airteagal 56
An comhar idir oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine agus oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine
Oibreoidh oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine i gcomhar le hoibreoirí gréasáin dáilte hidrigine eile agus oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine chun comhordú a dhéanamh ar chothabháil, forbairt gréasáin hidrigine, idirnaisc nua, díchoimisiúnú agus oibriú an chórais hidrigine chun sláine an chórais hidrigine a áirithiú, d’fhonn an acmhainn a uasmhéadú agus tomhaltas fuinnimh a íoslaghdú chun an córas hidrigine a oibriú.
Airteagal 57
Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin don Hidrigin
1. Oibreoidh oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine i gcomhar le chéile ar leibhéal an Aontais trí ENNHO chun forbairt agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh do hidrigin agus trádáil trasteorann a chur chun cinn agus chun bainistiú optamach, oibríocht chomhordaithe agus forás fónta teicniúil an ghréasáin tarchuir Eorpaigh hidrigine a áirithiú.
2. Oibreoidh ENNOH i ndlúthchomhar le ENTSO don Leictreachas agus le ENTSO don Ghás i ndáil le sineirgí a shainaithint agus comhtháthú córas a chothú ar fud iompróirí fuinnimh chun éifeachtúlacht fhoriomlán an chórais fuinnimh a éascú.
3. Beidh ENNOH comhdhéanta d’oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine arna ndeimhniú de bhun Airteagal 71 de Threoir (AE) 2024/1788.
Beidh oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine incháilithe le bheith ina gcomhaltaí de ENNOH ó thús an nós imeachta deimhniúcháin arna dhéanamh ag an údarás rialála, faoi réir an mhéid seo a leanas:
(a)
deimhniú dearfach ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán seo agus le hAirteagal 71 de Threoir (AE) 2024/1788 arna dhéanamh laistigh de 24 mhí tar éis bheith ina chomhalta de ENNOH; agus
(b)
tionscadail bonneagair hidrigine a fhorbairt ar a laghad le cinneadh infheistíochta deiridh laistigh de 4 bliana ó bheith ina chomhalta de ENNOH.
Mura nglacfar an cinneadh deimhniúcháin críochnaitheach dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (a), laistigh de 24 mhí tar éis bheith ina chomhalta de ENNOH nó mura ndearnadh an cinneadh infheistíochta deiridh dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (b), laistigh de 4 bliana tar éis bheith ina chomhalta de ENNOH, rachaidh comhaltas ENNOH an oibreora gréasáin tarchurtha hidrigine in éag.
4. De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, beidh oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine a bhaineann tairbhe as maolú ar Airteagal 68 de Threoir (AE) 2024/1788 incháilithe le bheith ina chomhalta de ENNOH i gcás ina mbeidh sé bunaithe, ar choinníoll go bhfuil an t-oibreoir bunaithe i mBallstát nach bhfuil aon oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine eile ina chomhalta de ENNOH ann de bhun mhír 3 den Airteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine den sórt sin a ainmniú agus cuirfidh siad aon ainmniúchán den sórt sin faoi bhráid ENNOH, an Choimisiúin agus ACER. Féadfaidh na Ballstáit ainmniúchán den chineál sin a chúlghairm tráth ar bith. I gcás nach bhfuil cinneadh infheistíochta deiridh déanta ag oibreoir gréasáin hidrigine maidir le tionscadal bonneagair hidrigine laistigh de cheithre bliana tar éis bheith ina chomhalta de ENNOH, rachaidh an comhaltas an oibreora sin in éag.
5. Féadfaidh na Ballstáit nár ainmnigh oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine, ach a bhfuil sé beartaithe acu gréasán tarchurtha hidrigine a fhorbairt i gcomhréir lena bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, eintiteas a ainmniú mar chomhpháirtí comhlachaithe laistigh de ENNOH. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann ainmniúchán de bhun na míre seo faoi bhráid ENNOH, an Choimisiúin agus ACER. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann ainmniúchán den chineál sin a chúlghairm tráth ar bith. Rachaidh an t-ainmniúchán sin in éag nuair a thosaíonn oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine atá bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann de bheith ina chomhalta de ENNOH.
6. Agus a fheidhmeanna á ndéanamh aige faoi dhlí an Aontais Eorpaigh, gníomhóidh ENNOH d’fhonn margadh inmheánach don hidrigin a fheidhmíonn go cuí agus atá comhtháite a bhunú, agus rannchuideoidh sé le gnóthú éifeachtúil agus inbhuanaithe na gcuspóirí a leagtar síos sa chreat beartais maidir le haeráid agus fuinneamh, go háirithe trí rannchuidiú le comhtháthú éifeachtúil a dhéanamh ar hidrigin a tháirgtear as foinsí fuinnimh in-athnuaite agus le héifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus slándáil córais hidrigine á caomhnú san am céanna. Beidh acmhainní daonna agus airgeadais leormhaithe ag ENNOH chun a dhualgais a chomhlíonadh.
7. Faoin 1 Meán Fómhair 2024, déanfaidh na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta ENNOH a bheidh le bunú, lena n-áirítear rialacha nós imeachta a bhaineann leis an gcomhairliúchán le geallsealbhóirí, a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus ACER.
8. Déanfaidh na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta ENNOH, a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus ACER.
9. Laistigh de 4 mhí ón lá a bhfaighfear na dréachta dá dtagraítear i mír 7 agus na dréachtleasuithe ar na reachtanna, liosta comhaltaí nó rialacha nós imeachta dá dtagraítear i mír 8, agus tar éis dó dul i gcomhairle go foirmiúil le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí uile, go háirithe úsáideoirí an chórais hidrigine, lena n-áirítear custaiméirí, soláthróidh ACER tuairim don Choimisiún maidir leis na dréachta nó na dréachtleasuithe sin ar na reachtanna, liosta comhaltaí nó rialacha nós imeachta.
10. Eiseoidh an Coimisiún tuairim ar na dréachta agus na dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus na dréacht-rialacha nós imeachta, agus tuairim ACER á cur i gcuntas dá dtagraítear i mír 9 laistigh de 3 mhí ón lá a bhfaighfear an tuairim ó ACER.
11. Laistigh de 3 mhí ón lá a bhfaighfear an tuairim fhabhrach ón gCoimisiún, déanfaidh na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine na reachtanna, liosta na gcomhaltaí agus rialacha nós imeachta de chuid ENNOH a ghlacadh agus a fhoilsiú.
12. Cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin agus ACER na doiciméid sin dá dtagraítear i mír 7 i gcás ina ndéantar iad a athrú nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó ACER a fháil. Eiseoidh an Coimisiún agus ACER a dtuairimí i gcomhréir le míreanna 9, 10 agus 11.
Airteagal 58
Aistriú chuig ENNOH
Go dtí go mbunófar ENNOH, beidh ENTSO don Ghás freagrach as pleananna forbartha gréasáin uile-Aontais a fhorbairt do ghás nádúrtha agus hidrigin dá dtagraítear in Airteagail 32 agus 60. Agus an cúram sin á dhéanamh aige, áiritheoidh ENTSO don Ghás, maidir leis na rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear rannpháirtithe sa mhargadh hidrigine, go ndéanfar comhairliúchán leo agus go gcuimseofar iad.
Airteagal 59
Cúraimí ENNOH
1. Beidh na cúramaí seo a leanas ag ENNOH:
(a)
na cóid ghréasáin a fhorbairt sna réimsí a liostaítear in Airteagal 72 d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 57 a bhaint amach;
(b)
na cóid ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 72(1), pointe (f), a fhorbairt i gcomhpháirt le ENTSO don Ghás;
(c)
gach 2 bhliain, plean forbartha gréasán neamhcheangailteach 10 mbliana uile-Aontais le haghaidh hidrigine dá dtagraítear in Airteagal 60 (plean forbartha gréasán uile-Aontais le haghaidh hidrigine), lena n-áirítear tuar Eorpach ar leordhóthanacht soláthair, a ghlacadh agus a fhoilsiú;
(d)
oibriú i gcomhar le ENTSO don Leictreachas, le ENTSO don Ghás agus le heintiteas AE do OCDanna;
(e)
moltaí a fhorbairt d’oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine maidir lena gcomhar teicniúil le hoibreoirí gréasáin dáilte hidrigine agus le hoibreoirí córais tarchuir agus oibreoirí córais dáileacháin san Aontas;
(f)
moltaí maidir le comhordú an chomhair theicniúil idir oibreoirí gréasáin san Aontas agus oibreoirí gréasáin hidrigine tríú tíortha a fhorbairt;
(g)
clár oibre bliantúil a ghlacadh;
(h)
tuarascáil bhliantúil a ghlacadh;
(i)
tuar bliantúil a ghlacadh maidir leis an soláthar hidrigine lena gcumhdófar na Ballstáit ina n-úsáidtear hidrigin chun leictreachas a ghiniúint;
(j)
tuarascáil um fhaireachán cáilíochta hidrigine a ghlacadh faoin 15 Bealtaine 2026 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, lena n-áirítear forbairtí agus tuartha maidir leis na forbairtí ionchasacha ar pharaiméadair cáilíochta hidrigine, chomh maith le faisnéis ar chásanna a bhaineann le difríochtaí idir sonraíochtaí cáilíochta hidrigine agus ar an gcaoi ar socraíodh na cásanna sin;
(k)
cibearshlándáil agus cosaint sonraí a chur chun cinn i gcomhar le húdaráis ábhartha agus le heintitis rialáilte;
(l)
dea-chleachtais a fhorbairt agus a chur chun cinn maidir le sceitheadh hidrigine a bhrath, faireachán a dhéanamh air, agus é a laghdú.
2. Déanfaidh ENNOH monatóireacht agus anailís ar chur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagail 72, 73 agus 74, agus ar an tionchar a bheidh acu ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme arb éard is aidhm dóibh forbairt agus comhtháthú an mhargaidh hidrigine a éascú. Déanfaidh ENNOH a fhionnachtana a thuairisciú do ACER agus déanfaidh sé torthaí na hanailíse a chur san áireamh sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 1, pointe (h), den Airteagal seo.
3. Foilseoidh ENNOH miontuairiscí a chuid cruinnithe tionóil, boird agus coiste, agus cuirfidh sé faisnéis ar fáil don phobal ar bhonn rialta faoina chinnteoireacht agus faoina ghníomhaíochtaí.
4. Is é a bheidh sa chlár oibre bliantúil dá dtagraítear i mír 1, pointe (g), liosta de na cóid ghréasáin atá le hullmhú agus tuairisc orthu, plean maidir le comhordú oibriú an ghréasáin hidrigine agus liosta gníomhaíochtaí taighde agus forbartha, a dhéanfar le linn na bliana sin, mar aon le féilire táscach.
5. Cuirfidh ENNOH an fhaisnéis a éilíonn ACER ar fáil do ACER chun a cúraimí a chomhlíonadh de bhun Airteagal 64. Chun go mbeidh ENNOH in ann an ceanglas sin a chomhlíonadh, déanfaidh na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine an fhaisnéis is gá a chur ar fáil do ENNOH.
6. Arna iarraidh sin don Choimisiún, tabharfaidh ENNOH a thuairimí don Choimisiún maidir le glacadh na dtreoirlínte de réir mar a leagtar síos in Airteagal 74.
Airteagal 60
Plean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine
1. Cuimseofar samhaltú an ghréasáin chomhtháthaithe hidrigine, forbairt cásanna, tuar Eorpach ar leordhóthanacht soláthair agus measúnú ar stóinseacht an chórais sa phlean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine.
Leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine, déanfar an méid seo a leanas, go háirithe:
(a)
cur leis na pleananna maidir le forbairt gréasáin tarchurtha hidrigine náisiúnta mar a leagtar amach in Airteagal 55 den Treoir (AE) 2024/1788 agus Caibidil IV de Rialachán (AE) 2022/869;
(b)
maidir le hidirnaisc thrasteorann, cuirfear freisin le riachtanais réasúnacha na n-úsáideoirí gréasáin éagsúla agus déanfar gealltanais fhadtéarmacha ó infheisteoirí a chomhtháthú dá dtagraítear in Airteagal 55(7) de Threoir (AE) 2024/1788; agus
(c)
sainaithneofar bearnaí infheistíochta, go háirithe maidir leis na hacmhainní trasteorann is gá, chun na conairí tosaíochta le haghaidh hidrigine agus leictrealóirí dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I, a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/869 a chur chun feidhme.
Maidir leis an dara fomhír, pointe (c), féadfar athbhreithniú a chur mar iarscríbhinn leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine, is é sin, athbhreithniú ar na bacainní atá ar mhéadú acmhainn trasteorann an ghréasáin agus a eascraíonn as nósanna imeachta nó cleachtais formheasta éagsúla. Féadfaidh plean cuimsitheach a bheith ag gabháil leis an athbhreithniú sin, i gcás inarb iomchuí, chun bacainní den sórt sin a bhaint agus chun dlús a chur le cur chun feidhme na gconairí tosaíochta le haghaidh hidrigine agus leictrealóirí.
2. Tabharfaidh ACER tuairim i dtaca leis na pleananna forbartha gréasáin tarchurtha hidrigine náisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá siad i gcomhréir leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine. Má shainaithníonn ACER neamhréireachtaí idir plean forbartha gréasáin tarchurtha hidrigine náisiúnta agus an plean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine, molfaidh sí go ndéanfar an plean forbartha gréasáin tarchurtha hidrigine náisiúnta nó an plean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine a leasú de réir mar is iomchuí.
3. Agus an plean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine á fhorbairt, oibreoidh ENNOH i gcomhar le ENTSO don Leictreachas agus le ENTSO don Ghás, go háirithe i dtaobh fhorbairt an mheasúnaithe costais is tairbhe ar an gcóras fuinnimh ar fad agus ar an margadh fuinnimh idirnasctha agus an tsamhail ghréasáin, lena n-áirítear an bonneagar iompair leictreachais, gáis nádúrtha agus hidrigine chomh maith le stóráil gáis nádúrtha, stóráil hidrigine, críochfoirt hidrigine agus GNL agus leictrealóirí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2022/869, cásanna na bpleananna forbartha gréasáin 10 mbliana dá dtagraítear in Airteagal 12 den Rialachán sin, agus sainaithint bearnaí sa bhonneagar dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán sin.
Airteagal 61
Pleanáil gréasáin chomhtháite ar leibhéal an Aontais
1. Le linn na hidirthréimhse go dtí an 1 Eanáir 2027, forbróidh ENTSO don Ghás plean forbartha gréasáin uile-Aontais 2026 le haghaidh hidrigine, le rannpháirtíocht iomlán na n-oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine agus in éineacht le ENNOH a luaithe a bhunófar é. Beidh dhá chaibidil ar leith i bplean forbartha gréasáin uile-Aontais 2026 le haghaidh hidrigine, ceann amháin le haghaidh hidrigine agus ceann eile le haghaidh gás nádúrtha. Aistreoidh ENTSO don Ghás an fhaisnéis uile chuig ENNOH gan mhoill, lena n-áirítear sonraí agus anailísí a bhailigh sé le linn ullmhú na bpleananna forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine faoin 1 Eanáir 2027.
2. Forbróidh ENNOH plean forbartha gréasáin 2028 uile-Aontais le haghaidh hidrigine de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 60.
3. Oibreoidh ENNOH, i ndlúthchomhar le ENTSO don Leictreachas agus ENTSO don Ghás chun pleananna comhtháite uile-Aontais maidir le forbairt gréasáin a fhorbairt de bhun Airteagail 32 agus 60 den Rialachán seo agus de bhun Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2019/943 faoi seach. Áireofar sa chomhar sin an méid seo a leanas go háirithe:
(a)
forbróidh ENNOH, i gcomhar le ENTSO don Leictreachas agus ENTSO don Ghás, tacar aonair cásanna comhpháirteacha le haghaidh na bpleananna forbartha gréasáin 10 mbliana de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2022/869;
(b)
déanfaidh ENNOH, ENTSO don Leictreachas agus ENTSO don Ghás, ag obair dóibh le chéile, tuarascálacha maidir le bearnaí sa bhonneagar a fhorbairt faoi chuimsiú na bpleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2022/869;
(c)
laistigh de 6 mhí ó fhormheas na tuarascála maidir le cásanna comhpháirteacha de bhun Airteagal 12(6) de Rialachán (AE) 2022/869 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, foilseoidh ENNOH na tuarascálacha maidir le bearnaí sa bhonneagar arna bhforbairt laistigh de chreat na bpleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais;
(d)
dréachtóidh ENNOH dréacht-mhodheolaíocht earnála aonair le haghaidh anailíse costais is tairbhe hidrigine ar fud an chórais fuinnimh agus samhail chomhsheasmhach chomhtháite chéimnitheach in éineacht le ENTSO don Leictreachas agus ENTSO don Ghás de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2022/869, a bheidh comhsheasmhach leis na modheolaíochtaí a d’fhorbair ENTSO don Leictreachas agus ENTSO don Ghás araon de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2022/869 agus soláthróidh sé trédhearcacht maidir leis na réitigh is costéifeachtúla ar fud iompróirí fuinnimh, lena n-áirítear réitigh nach bhfuil bunaithe ar bhonneagar;
(e)
cuirfear na modheolaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo i bhfeidhm chun gach plean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine ina dhiaidh sin a ullmhú arna fhorbairt ag ENNOH de bhun Airteagal 60 den Rialachán seo;
(f)
forbróidh ENNOH na cásanna comhpháirteacha, na tuarascálacha maidir le bearnaí sa bhonneagar, an dréacht-mhodheolaíocht earnála aonair agus an tsamhail chomhtháite i gcomhréir le hAirteagail 11, 12 agus 13 de Rialachán (AE) 2022/869;
(g)
i gcás inar gá cinntí a dhéanamh chun éifeachtúlacht córais a áirithiú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2023/1791 thar iompróirí fuinnimh, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh dlúthchomhar ann idir ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH;
(h)
comhoibreoidh ENNOH, ENTSO don Leictreachas agus ENTSO don Ghás ar bhealach éifeachtúil, cuimsitheach agus trédhearcach, éascóidh siad cinntí a dhéanamh de chomhthoil agus forbróidh siad na socruithe oibre is gá chun an comhar sin a chumasú agus chun a n-ionadaíocht chothrom a áirithiú.
Féadfaidh ENNOH, in éineacht le ENTSO don Leictreachas agus ENTSO don Ghás, meithleacha a bhunú chun a oibleagáidí a chomhlíonadh de bhun na chéad fomhíre, pointí (a), (b) agus (d) agus áiritheoidh siad ionadaíocht chothrom chomhionann ar earnáil na hidrigine, earnáil an leictreachais agus earnáil an gháis sna meithleacha.
Airteagal 62
Costais ENNOH
Is iad na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine a sheasfaidh na costais a bhaineann le feidhmiú cúramaí ENNOH dá dtagraítear in Airteagal 59 den Rialachán seo, agus cuirfear na costais sin san áireamh le linn taraifí a ríomh. Formheasfaidh na húdaráis rialála na costais sin ar choinníoll go bhfuil siad réasúnta agus iomchuí.
Airteagal 63
Comhairliúcháin arna ndéanamh ag ENNOH
1. Agus é ag ullmhú na dtograí de bhun na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 59, seolfaidh ENNOH próiseas comhairliúcháin poiblí forleathan, ar chéim luath agus ar bhealach trédhearcach oscailte, ina n-áireofar na rannpháirtithe ábhartha go léir sa mhargadh, agus, go háirithe, na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí uile, i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 57. Cuirfear barúlacha geallsealbhóirí san áireamh sa phróiseas comhairliúcháin sula nglacfar go críochnaitheach leis an togra, d’fhonn tuairimí agus moltaí na ngeallsealbhóirí ábhartha uile a shainaithint le linn an phróisis cinnteoireachta. Áireofar sa chomhairliúchán sin na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile, táirgeoirí, úsáideoirí gréasáin, lena n-áirítear custaiméirí, comhlachtaí teicniúla agus ardáin na ngeallsealbhóirí.
2. Cuirfear na doiciméid agus na miontuairiscí uile a bhaineann leis na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don phobal.
3. Sula nglacfaidh sé na moltaí dá dtagraítear in Airteagal 59, tabharfaidh ENNOH le fios conas a rinneadh na barúlacha a fuarthas le linn an chomhairliúcháin a chur san áireamh. I gcás nach mbeidh barúlacha curtha san áireamh, tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis sin.
Airteagal 64
Faireachán ACER ar ENNOH
1. Déanfaidh ACER faireachán ar fhorghníomhú chúraimí ENNOH dá dtagraítear in Airteagal 59 agus tíolacfaidh sí a torthaí don Choimisiún.
2. Déanfaidh ACER faireachán ar chur chun feidhme cód gréasáin ag ENNOH agus treoirlínte arna nglacadh ag an gCoimisiún mar a leagtar síos in Airteagail 72, 73 agus 74. I gcás ina mainneoidh ENNOH na cóid ghréasáin nó na treoirlínte sin a chur chun feidhme, iarrfaidh ACER ar ENNOH míniú cuí-réasúnaithe a thabhairt faoin gcúis ar mhainnigh sí déanamh amhlaidh. Cuirfidh ACER an míniú sin in iúl don Choimisiún agus tabharfaidh sé a thuairim ina leith.
3. Déanfaidh ENNOH an dréachtphlean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine, an dréachtchlár oibre bliantúil, lena n-áirítear an fhaisnéis maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin agus na doiciméid eile dá dtagraítear in Airteagal 59 a chur faoi bhráid ACER chun a thuairim a fháil.
Laistigh de thréimhse 2 mhí ón dáta a gheofar é, tabharfaidh ACER tuairim chuí-réasúnaithe, chomh maith le moltaí, do ENNOH agus don Choimisiún, i gcás ina measfaidh sé nach rannchuideoidh an dréachtchlár oibre bliantúil nó an dréachtphlean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine arna thíolacadh ag ENNOH le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach nó le feidhmiú cuí an mhargaidh nó le leibhéal sásúil idirnaisc trasteorann. Tabharfaidh ENNOH aird chuí ar thuairim agus ar mholtaí ACER.
Airteagal 65
Comhar réigiúnach idir na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine
1. Bunóidh na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine comhar réigiúnach laistigh de ENNOH chun rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 59.
2. Cuirfidh oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine socruithe oibríochtúla chun cinn chun bainistiú optamach an ghréasáin a áirithiú agus áiritheoidh siad idir-inoibritheacht córais hidrigine idirnasctha an Aontais chun an comhar tráchtála agus oibríochtúil idir na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine comharsanacha a éascú.
Airteagal 66
Ceanglais trédhearcachta a bhaineann le hoibreoirí gréasáin hidrigine
1. Poibleoidh an t-oibreoir gréasáin hidrigine faisnéis mhionsonraithe maidir leis na seirbhísí a bhíonn á dtairiscint aige agus maidir leis na coinníollacha ábhartha a chuirfear i bhfeidhm, i dteannta na faisnéise teicniúla is gá le go mbeidh úsáideoirí gréasáin hidrigine in ann rochtain éifeachtach ar ghréasáin a fháil.
2. Chun go n-áiritheofar go mbeidh taraifí trédhearcacha oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha ann agus chun go n-éascófar úsáid éifeachtúil an ghréasáin hidrigine ón 1 Eanáir 2031, foilseoidh oibreoirí gréasáin hidrigine nó na húdaráis rialála ábhartha faisnéis iomlán maidir le díorthú, modheolaíocht agus struchtúr taraife.
3. Cuirfidh na hoibreoirí gréasáin hidrigine faisnéis mhionsonraithe ar fáil don phobal maidir leis an hidrigin a iompraítear ina ngréasáin, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’úsáideoirí gréasáin.
4. Maidir le pointí ábhartha gréasáin hidrigine a bhfuil an fhaisnéis ina leith le poibliú, formheasfaidh na húdaráis inniúla iad tar éis dul i gcomhairle le húsáideoirí gréasáin hidrigine.
5. Maidir leis an bhfaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo a thabhairt, nochtfaidh na hoibreoirí gréasáin hidrigine i gcónaí í ar bhealach atá fóinteach, soiléir ar dhóigh inchainníochtaithe, inrochtana go héasca agus neamh-idirdhealaitheach.
6. Cuirfidh na hoibreoirí gréasáin hidrigine faisnéis soláthair agus éilimh ex ante agus ex post ar fáil don phobal, lena n-áirítear tuar tréimhsiúil agus faisnéis thaifeadta. Áiritheoidh an t-údarás rialála go gcuirfear an fhaisnéis sin go léir ar fáil don phobal. Léireoidh leibhéal mionsonraithe na faisnéise a chuirfear ar fáil don phobal an fhaisnéis atá ar fáil don oibreoir gréasáin hidrigine.
7. Déanfaidh na rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann na sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo a sholáthar don oibreoir gréasáin hidrigine.
8. Maidir le mionsonraí breise is gá chun na ceanglais trédhearcachta ar oibreoirí gréasáin hidrigine a chur chun feidhme, lena n-áirítear mionsonraí breise ar ábhar, minicíocht agus foirm an tsoláthair faisnéise ag oibreoirí gréasáin hidrigine, leagfar síos na mionsonraí sin i gcód gréasáin a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 72(2).
Airteagal 67
Coimeád taifead sa chóras hidrigine
Déanfaidh oibreoirí gréasáin hidrigine, oibreoirí stórála hidrigine agus oibreoirí críochfoirt hidrigine an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagail 34 agus 66 agus i bpointe 4 d’Iarscríbhinn I a choimeád ar fáil, go ceann tréimhse 5 bliana, do na húdaráis náisiúnta, lena n-áirítear na húdaráis rialála agus na húdaráis iomaíochta náisiúnta, agus an Coimisiún.
Airteagal 68
Toimhde comhréireachta cleachtas le caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh hidrigine
Toimhdeofar go bhfuil cleachtais atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe, nó le codanna díobh, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 72(1), pointe (b).
Airteagal 69
Sonraíochtaí comhchoiteanna le haghaidh hidrigine
1. Féadfaidh an Coimisiún sonraíochtaí comhchoiteanna a leagan síos i gcód gréasáin de bhun Airteagal 72(1), pointe (b), den Rialachán seo nó féadfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí comhchoiteanna maidir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 50 de Threoir (AE) 2024/1788, sna cásanna seo a leanas:
(a)
mura gcumhdaítear na ceanglais sin le caighdeáin chomhchuibhithe, nó le codanna díobh, a bhfuil na tagairtí díobh foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
(b)
go bhfuil sé iarrtha ag an gCoimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú do na ceanglais sin agus ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:
(i)
nár ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú an iarraidh ón gCoimisiún,
(ii)
go bhfeiceann an Coimisiún go bhfuil moill mhíchuí le glacadh na gcaighdeán comhchuibhithe iarrtha;
(iii)
go bhfuil caighdeán seachadta ag eagraíocht Eorpach um chaighdeánú nach bhfreagraíonn go hiomlán don iarraidh ón gCoimisiúin; nó
(c)
go bhfuil cinneadh déanta ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 chun na caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna díobh lena gcumhdaítear na ceanglais sin a choinneáil ar bun le srian nó na tagairtí do na caighdeáin sin, nó do chodanna díobh, a tharraingt siar.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 81(3).
2. Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme lena mbunaítear na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 á ullmhú go luath, baileoidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi dhlí earnála ábhartha an Aontais, agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile. Ar bhonn an chomhairliúcháin sin, ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.
3. Measfar cleachtais atá i gcomhréir le sonraíochtaí coiteanna nó codanna díobh a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 72(1), pointe (b), a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le sonraíochtaí coiteanna den sórt sin nó le codanna díobh.
4. I gcás ina nglacann eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina moltar don Choimisiún é chun a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Nuair a fhoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, aisghairfidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó na codanna díobh lena gcumhdaítear na ceanglais céanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
CAIBIDIL IV
CÓID GHRÉASÁIN AGUS TREOIRLÍNTE
Airteagal 70
Cóid ghréasáin agus treoirlínte a ghlacadh
1. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis na cumhachtuithe a leagtar síos in Airteagal 71 go hAirteagal 74, gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a ghlacadh. Féadfar gníomhartha den sórt sin a ghlacadh mar chóid ghréasáin ar bhonn téacs na dtograí arna bhforbairt ag ENTSO don Ghás nó ag ENNOH, nó, i gcás ina bhforáiltear sa liosta tosaíochta a bhunaítear de bhun Airteagal 71(3), ag an eintiteas AE d’OCDanna, agus i gcás inarb ábhartha i gcomhar frithpháirteach le ENTSO don Ghás, ENNOH agus ACER, de bhun an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 71, 72 agus 73, nó mar threoirlínte de bhun an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 74.
2. Leis na cóid ghréasáin agus na treoirlínte, déanfar an méid seo a leanas:
(a)
soláthrófar iontu an leibhéal íosta comhchuibhithe is gá chun spriocanna an Rialacháin seo a bhaint amach;
(b)
cuirfear sonraíochtaí réigiúnacha san áireamh, i gcás inarb iomchuí;
(c)
ní rachfar thar a bhfuil riachtanach chun críocha phointe (a); agus
(d)
beidh feidhm acu maidir leis na pointí idirnaisc uile laistigh den Aontas agus pointí iontrála ó thríú tíortha agus pointí scoir chucu ón 5 Lúnasa 2026.
3. Go dtí an 5 Feabhra 2026, féadfaidh údaráis rialála iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar mhaolú ar chur i bhfeidhm na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte dá dtagraítear i mír 1 ag pointí iontrála ó thríú tíortha agus ag pointí scoir chuig tríú tíortha de bhun mhír 2, pointe (d). Cuirfear an iarraidh ar mhaolú faoi bhráid an Choimisiúin agus ACER an tráth céanna. Laistigh de 3 mhí ón dáta a fhaightear an iarraidh ar mhaolú, tabharfaidh ACER tuairim réasúnaithe don Choimisiún.
Glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an iarraidh ar mhaolú, agus tuairim réasúnaithe ACER á cur san áireamh aige agus tar éis dó a mheas an ndearna an t-údarás rialála an méid seo a leanas:
(a)
go bhfuil sé taispeánta aige nach féidir cód líonra nó treoirlíne, nó eilimint shonrach de na gníomhartha sin, a chur chun feidhme go héifeachtach ag pointí iontrála ó thríú tíortha ná ag pointí scoir chuig tríú tíortha; i gcás pointí idirnaisc le tríú tíortha a bhfuil sé d’oibleagáid orthu oiriúnú d’acquis fuinnimh an Aontais, lena n-áirítear an Rialachán seo, de bhun comhaontú arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus na tríú tíortha sin, ach i gcás nach mbeidh an cur i bhfeidhm nó an cur chun feidhme curtha i gcrích, sonrófar san iarraidh ar mhaolú na forálacha den Rialachán seo nár cuireadh i bhfeidhm nó nár cuireadh chun feidhme go héifeachtach sa tríú tír nó na rialacha teicniúla nó easpa rialacha teicniúla sa tríú tír sin a chuireann bac ar chur i bhfeidhm fhorálacha sonracha an chóid gréasáin ábhartha nó na treoirlíne ábhartha;
(b)
go bhfuil míniú tugtha ar na bearta a rinneadh chun na bacainní ar chur i bhfeidhm fhorálacha sonracha an chóid gréasáin nó na treoirlíne ábhartha a mhaolú;
(c)
go bhfuil sé léirithe nach ndéanann na bearta sin dochar d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh do ghás nádúrtha, ná do shlándáil an tsoláthair san Aontas nó i mBallstát.
Beidh an maolú teoranta do na forálacha sonracha nach féidir a chur chun feidhme go héifeachtach agus déanfar é a dheonú ar feadh tréimhse theoranta ama.
Airteagal 71
Cóid ghréasáin a bhunú do ghás nádúrtha
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chóid ghréasáin a bhunú sna réimsí seo a leanas:
(a)
rialacha maidir le slándáil agus iontaofacht gréasáin lena n-áirítear rialacha maidir le slándáil gréasáin oibríochtúil chomh maith le rialacha iontaofachta lena n-áirithítear cáilíocht seirbhíse an ghréasáin;
(b)
rialacha maidir le nasc gréasáin lena n-áirítear rialacha maidir le nascadh leis na saoráidí táirgthe gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin, agus nósanna imeachta le haghaidh iarrataí ar nascadh;
(c)
nósanna imeachta oibríochtúla i gcás éigeandála lena n-áirítear na pleananna cosanta córais, na pleananna don athbhunú, idirghníomhaíochtaí an mhargaidh, malartú faisnéise agus uirlisí agus saoráidí cumarsáide;
(d)
rialacha trádála a bhaineann le soláthar teicniúil agus oibríochtúil seirbhísí rochtana ar an ngréasán agus le cothromúchán córais;
(e)
éifeachtúlacht fuinnimh na ngréasán gáis nádúrtha agus na gcomhpháirteanna chomh maith le héifeachtúlacht fuinnimh maidir le pleanáil gréasáin agus infheistíochtaí lena gcumasaítear an réiteach is éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de, de réir peirspictíocht córais;
(f)
gnéithe cibearshlándála na sreafaí gáis nádúrtha trasteorann, lena n-áirítear rialacha maidir le híoscheanglais choiteanna, pleanáil, faireachán, tuairisciú agus bainistiú géarchéime.
2. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear cóid ghréasáin sna réimsí seo a leanas:
(a)
rialacha idir-inoibritheachta maidir leis an gcóras gáis nádúrtha, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21 den Rialachán seo agus Airteagail 10, 39 agus 44 de Threoir (AE) 2024/1788, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar chomhaontuithe idirnaisc, rialacha maidir le rialú sreafa agus prionsabail tomhais maidir le cainníocht gáis nádúrtha agus cáilíocht gháis, rialacha leithdháilte agus meaitseála, tacair chomhchoiteanna aonad, malartú sonraí, cáilíocht an gháis, lena n-áirítear rialacha maidir le srianta trádála trasteorann a bhainistiú i ngeall ar dhifríochtaí i gcáilíocht an gháis nó i gcleachtais bholaithe nó i ngeall ar dhifríochtaí sa toirt hidrigine a chumasctar sa chóras gáis náisiúnta, measúnuithe costais is tairbhe ar dheireadh a chur le srianta ar shreafaí trasteorann, aicmiú Innéacs Wobbe, bearta maolaithe, leibhéil íosta ghlactha le paraiméadair cháilíochta gáis is ábhartha chun sreabhadh trasteorann meatáin gan bac a áirithiú, mar shampla cion ocsaigine, faireachán gearrthéarmach agus fhadtéarmach ar an gcáilíocht gáis, soláthar faisnéise agus an comhar idir rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh, tuairisciú ar an gcáilíocht gáis, trédhearcacht, nósanna imeachta cumarsáide lena n-áirítear in imthosca eisceachtúla;
(b)
rialacha maidir le leithdháileadh acmhainne agus bainistiú ar phlódú lena gcuirtear chun feidhme Airteagail 8 go 11 den Rialachán seo agus Airteagal 31 de Threoir (AE) 2024/1788, lena n-áirítear rialacha maidir le comhoibriú i nósanna imeachta cothabhála agus ríomh acmhainne lena ndéantar difear do leithdháileadh acmhainne, caighdeánú táirgí agus aonad acmhainne lena n-áirítear cuachadh, an mhodheolaíocht leithdháilte lena n-áirítear algartaim ceant, seicheamh agus nós imeachta le haghaidh acmhainn atá ann cheana, acmhainn incriminteach, dhocht agus in-idirbhriste, ardáin áirithinte acmhainne, scéimeanna ró-éilimh nó athcheannaigh, scéimeanna ‘mura n-úsáidfear í caillfear í’ gearrthéarmacha nó fadtéarmacha agus aon scéim bainistithe ar phlódú lena gcuirtear cosc ar chnapaireacht acmhainne;
(c)
rialacha maidir le cothromúchán lena n-áirítear rialacha gréasánbhunaithe maidir le nósanna imeachta ainmniúcháin, rialacha maidir le muirir i leith éagothroime, próisis réitigh a bhaineann leis an muirear i leith éagothroime laethúil agus rialacha maidir le cothromúchán oibríochtúil idir córais oibreoirí na gcóras tarchuir lena gcuirtear chun feidhme Airteagail 8 go 11 den Rialachán seo agus Airteagal 39(5) de Threoir (AE) 2024/1788;
(d)
rialacha maidir le struchtúir taraife tarchuir comhchuibhithe lena gcuirtear chun feidhme Airteagail 17 agus 18 den Rialachán seo agus Airteagal 78(7) de Threoir (AE) 2024/1788, lena n-áirítear rialacha maidir le cur chun feidhme modheolaíochta praghsála tagartha, na ceanglais ghaolmhara maidir le comhairliúchán agus foilsiú lena n-áirítear maidir leis an ioncam ceadaithe nó sprioc-ioncam chomh maith le ríomh praghsanna cúltaca ar tháirgí acmhainne caighdeánacha, lascainí le haghaidh chríochfort GNL agus stórála, nósanna imeachta le haghaidh cur chun feidhme lascaine i ngás in-athnuaite agus i ngás ísealcharbóin a chur ar fáil, lena n-áirítear prionsabail chomhchoiteanna le haghaidh sásraí cúitimh d’oibreoirí córais idir-tharchurtha de bhun Airteagal 17(4) agus Airteagal 18 den Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí;
(e)
rialacha maidir le luach na sócmhainní a aistríodh agus an mhuirir thiomanta a chinneadh;
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 81(3).
3. Tar éis dó dul i gcomhairle le ACER, ENTSO don Ghás, ENNOH, eintiteas AE do OCDanna agus leis na geallsealbhóirí ábhartha eile, bunóidh an Coimisiún liosta tosaíochta, gach 3 bliana, lena sainaithneofar na réimsí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 mar réimsí a bheidh le cur san áireamh i bhforbairt na gcód gréasáin.
I gcás ina mbíonn baint dhíreach ag ábhar an chóid gréasáin le hoibriú an chórais dáileacháin agus nach mbíonn príomh-bhaint aige leis an gcóras tarchuir, féadfaidh an Coimisiún a éileamh ar an eintiteas AE do OCDanna, i gcomhar leis an ENTSO don Ghás, coiste dréachtaithe a thionól agus togra maidir le cód gréasáin a chur faoi bhráid ACER.
4. Iarrfaidh an Coimisiún ar ACER creat-treoirlínte neamhcheangailteacha a chur faoina bhráid, laistigh de thréimhse réasúnta nach faide ná 6 mhí ón iarraidh a fháil ón gCoimisiún, ina leagfar amach prionsabail shoiléire agus oibiachtúla maidir le forbairt cód gréasáin a bhaineann leis na réimsí arna sainaithint sa liosta tosaíochta. Féadfar dálaí a chuimsiú san iarraidh sin ón gCoimisiún a dtabharfar aghaidh orthu sna creat-treoirlínte. Rannchuideoidh na creat-treoirlínte sin le comhtháthú an mhargaidh, le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach agus le feidhmiú cuí an mhargaidh. Ar iarraidh réasúnaithe ó ACER, féadfaidh an Coimisiún an tréimhse maidir le creat-treoirlínte a chur isteach a fhadú.
5. Rachaidh ACER i gcomhairle le ENTSO don Ghás, le ENNOH, le heintiteas AE do OCDanna, agus leis na geallsealbhóirí ábhartha eile maidir leis na creat-treoirlínte, ar feadh tréimhse nach giorra ná dhá mhí, ar bhealach oscailte agus trédhearcach.
6. Déanfaidh ACER creat-treoirlínte a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi mhír 4.
7. Má mheasann an Coimisiún nach rannchuidíonn na creat-treoirlínte le comhtháthú an mhargaidh, neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtach ná feidhmiú cuí an mhargaidh, féadfaidh sé a iarraidh ar ACER athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat-treoirlíne laistigh de thréimhse réasúnach agus í a chur faoi bhráid an Choimisiúin athuair.
8. Má mhainníonn ACER creat-treoirlínte a chur faoi bhráid an Choimisiúin nó í a chur faoina bhráid athuair laistigh den tréimhse arna socrú ag an gCoimisiún faoi mhír 4 nó faoi mhír 7, déanfaidh an Coimisiún na creat-treoirlínte lena mbaineann a fhorbairt.
9. Iarrfaidh an Coimisiún ar ENTSO don Ghás nó, i gcás ina bhforáiltear maidir leis sin sa liosta tosaíochta dá dtagraítear i mír 3, ar eintiteas AE do OCDanna i gcomhar le ENTSO don Ghás, togra maidir le cód gréasáin i gcomhréir leis na creat-treoirlínte ábhartha a chur faoi bhráid ACER laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná 12 mhí ón iarraidh a fháil ón gCoimisiúin.
10. Déanfaidh ENTSO don Ghás, nó, i gcás dá bhforáiltear sin sa liosta tosaíochta dá dtagraítear i mír 3, eintiteas AE do OCDanna, i gcomhar le ENTSO don Ghás, coiste dréachtaithe a thionól chun cúnamh a thabhairt dó i bpróiseas forbartha na gcód gréasáin. Ar an gcoiste dréachtaithe sin, beidh ionadaithe ar ACER, ar ENTSO don Ghás, ar ENNOH, i gcás inarb iomchuí ar eintiteas AE do OCDanna, mar aon le líon teoranta de na geallsealbhóirí sin is mó lena mbaineann. Déanfaidh ENTSO don Ghás nó, i gcás dá bhforáiltear sa liosta tosaíochta dá dtagraítear i mír 3, eintiteas AE do OCDanna, i gcomhar le ENTSO don Ghás moltaí a tharraingt suas maidir le cóid ghréasáin sna réimsí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 arna iarraidh sin ag an gCoimisiún de bhun mhír 9.
11. Déanfaidh ACER athbhreithniú ar an togra le haghaidh cód gréasáin chun a áirithiú go gcomhlíonann sé an chreat-treoirlíne ábhartha agus go rannchuidíonn sé le comhtháthú an mhargaidh, neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtach agus feidhmiú cuí an mhargaidh, agus tíolacfaidh sí leagan athbhreithnithe den chód gréasáin don Choimisiún laistigh de 6 mhí ón lá a gheofar an togra. Sa togra a chuirfidh sí faoi bhráid an Choimisiúin, cuirfidh ACER san áireamh na tuairimí a fuarthas ó gach páirtí agus an togra le haghaidh cód gréasáin á dhréachtú faoi stiúir ENTSO don Ghás nó eintiteas AE do OCDanna, agus rachaidh sí i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha maidir leis an togra athbhreithnithe le haghaidh cód gréasáin a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin.
12. I gcás ENTSO don Ghás nó eintitis AE do OCDanna a bheith tar éis mainneachtain cód gréasáin a fhorbairt laistigh den tréimhse ama a bheidh socraithe ag an gCoimisiún de bhun mhír 9, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar ACER dréachtchód gréasáin a ullmhú ar bhonn na gcreat-treoirlínte ábhartha. Féadfaidh ACER comhairliúchán eile a sheoladh chun dréachtchód gréasáin a ullmhú de bhun na míre seo. Déanfaidh ACER dréachtchód gréasáin, arna ullmhú de bhun na míre seo, a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus féadfaidh sí a mholadh go nglacfar é.
13. I gcás inar mhainnigh ENTSO don Ghás nó eintitis AE do OCDanna cód gréasáin a fhorbairt, nó inar mhainnigh ACER dréachtchód gréasáin a fhorbairt dá dtagraítear i mír 12, féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, nó ar bhonn togra ó ACER faoi mhír 11, cód gréasáin amháin nó níos mó a ghlacadh sna réimsí a liostaítear i míreanna 1 agus 2.
14. I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún cód gréasáin a ghlacadh ar a thionscnamh féin dá dtagraítear i mír 13, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ACER, le ENTSO don Ghás agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile maidir leis an dréachtchód gréasáin ar feadh tréimhse nach giorra ná 2 mhí.
15. Beidh an tAirteagal seo gan dochar do cheart an Choimisiúin na treoirlínte a ghlacadh agus a leasú de réir mar a leagtar síos in Airteagal 74. Beidh sé gan dochar don fhéidearthacht atá ag ENTSO don Ghás treoir neamhcheangailteach a fhorbairt sna réimsí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo sa chás nach mbaineann treoir den chineál sin le réimsí a chumhdaítear le hiarraidh a chuirfear chuig ENTSO don Ghás ón gCoimisiún. Cuirfidh ENTSO don Ghás aon treoir den chineál sin faoi bhráid ACER ionas go dtabharfaidh sí tuairim ina leith agus tabharfaidh sé aird chuí ar an tuairim sin.
Airteagal 72
Cóid ghréasáin a bhunú le haghaidh hidrigine
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chóid ghréasáin a bhunú sna réimsí seo a leanas:
(a)
éifeachtúlacht fuinnimh maidir leis na gréasáin hidrigine agus na comhpháirteanna chomh maith le héifeachtúlacht fuinnimh maidir le pleanáil gréasáin agus infheistíochtaí lena gcumasaítear an réiteach is éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de, de réir peirspictíocht córais;
(b)
rialacha idir-inoibritheachta le haghaidh an ghréasáin hidrigine, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar na comhaontuithe idirnasctha, aonaid, malartú sonraí, trédhearcacht, cumarsáid, soláthar faisnéise agus comhar idir rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh chomh maith le cáilíocht hidrigine, lena n-áirítear sonraíochtaí comhchoiteanna ag pointí idirnaisc agus caighdeánú, bolú, measúnuithe costais is tairbhe ar dheireadh a chur le srianta ar shreabhadh trasteorann i ngeall ar dhifríochtaí cáilíochta hidrigine agus tuairisciú ar an gcáilíocht hidrigine;
(c)
rialacha le haghaidh an chórais cúitimh airgeadais don bhonneagar hidrigine trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 59 de Threoir (AE) 2024/1788;
(d)
rialacha maidir le leithdháileadh acmhainne agus bainistiú ar phlódú lena n-áirítear rialacha maidir le comhoibriú maidir le nósanna imeachta cothabhála agus ríomh acmhainne lena ndéantar difear do leithdháileadh acmhainne, caighdeánú táirgí agus aonad acmhainne lena n-áirítear cuachadh, an mhodheolaíocht leithdháilte lena n-áirítear algartaim ceant, seicheamh agus nós imeachta le haghaidh acmhainn atá ann cheana, acmhainn incriminteach, dhocht agus in-idirbhriste, ardáin áirithinte acmhainne, scéimeanna ró-éilimh nó athcheannaigh, scéimeanna ‘mura n-úsáidfear í caillfear í’ gearrthéarmacha nó fadtéarmacha nó aon scéim bainistithe eile ar phlódú lena gcuirtear cosc ar chnapaireacht acmhainne;
(e)
rialacha maidir le struchtúir tharaife chomhchuibhithe ar rochtain ar ghréasán hidrigine, lena n-áirítear taraifí ag pointí idirnaisc dá dtagraítear in Airteagal 7(8), rialacha maidir le cur i bhfeidhm modheolaíochta praghsála tagartha, na ceanglais ghaolmhara a bhaineann le comhairliúchán agus foilsiú, lena n-áirítear ioncam ceadaithe nó sprioc-ioncam, chomh maith le ríomh praghsanna cúltaca ar tháirgí acmhainne caighdeánacha agus ioncam ceadaithe;
(f)
rialacha maidir le luach na sócmhainní a aistríodh agus an mhuirir thiomanta a chinneadh;
(g)
rialacha maidir le leithdháileadh na gcostas idir-ama a chinneadh;
(h)
rialacha maidir le cothromúchán lena n-áirítear rialacha gréasánbhunaithe maidir le nós imeachta ainmniúcháin, rialacha maidir le muirir i leith éagothroime agus rialacha maidir le cothromúchán oibríochtúil idir gréasáin oibreoirí gréasáin hidrigine, muirir i leith éagothroime, próisis réitigh a bhaineann leis an muirear i leith éagothroime laethúil agus leis an gcothromúchán idir gréasáin hidrigine ghréasáin na n-oibreoirí;
(i)
gnéithe cibearshlándála na sreafaí hidrigine trasteorann, lena n-áirítear rialacha maidir le híoscheanglais choiteanna, pleanáil, faireachán, tuairisciú agus bainistiú géarchéime.
2. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh trí chóid ghréasáin a bhunú i réimse rialacha trédhearcachta lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 66, lena n-áirítear mionsonraí breise maidir le hábhar, minicíocht agus foirm an tsoláthair faisnéise a dhéanann oibreoirí gréasáin hidrigine agus lena gcuirtear chun feidhme phointe 4 d’Iarscríbhinn I, lena n-áirítear mionsonraí fhormáid agus ábhar na faisnéise is gá d’úsáideoirí gréasáin chun rochtain éifeachtach a fháil ar an ngréasán, faisnéis a bheidh le foilsiú ag pointí ábhartha, agus mionsonraí na sceideal ama.
Maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 81(2).
3. Tar éis dó dul i gcomhairle le ACER, le ENNOH agus, i gcás inarb ábhartha, le ENTSO don Ghás nó le heintiteas AE do OCDanna, chomh maith le geallsealbhóirí ábhartha eile, bunóidh an Coimisiún liosta tosaíochta gach 3 bliana, lena sainaithneofar na réimsí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo mar réimsí a bheidh le háireamh i bhforbairt na gcód gréasáin. Bunóidh an Coimisiún an chéad liosta tosaíochta chun cóid ghréasáin hidrigine a fhorbairt laistigh de bhliain amháin ó bhunú ENNOH mar a leagtar amach in Airteagal 57.
4. Iarrfaidh an Coimisiún ar ACER creat-treoirlínte neamhcheangailteacha a chur faoina bhráid, laistigh de thréimhse réasúnta nach faide ná 6 mhí ón iarraidh a fháil ón gCoimisiún, ina leagfar amach prionsabail shoiléire agus oibiachtúla maidir le forbairt cód gréasáin a bhaineann leis na réimsí arna sainaithint sa liosta tosaíochta. Féadfar dálaí a chuimsiú san iarraidh sin ón gCoimisiún a dtabharfar aghaidh orthu sa chreat-treoirlíne. Rannchuideoidh na creat-treoirlínte sin le comhtháthú an mhargaidh, neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtach agus feidhmiú cuí an mhargaidh. Ar iarraidh réasúnaithe ó ACER, féadfaidh an Coimisiún an tréimhse maidir le creat-treoirlínte a chur isteach a fhadú.
5. Rachaidh ACER i gcomhairle le ENNOH agus, i gcás inarb ábhartha, le ENTSO don Ghás, chomh maith le geallsealbhóirí ábhartha eile maidir leis an gcreat-treoirlíne, ar feadh tréimhse nach giorra ná 2 mhí, ar bhealach oscailte agus trédhearcach.
6. Déanfaidh ACER creat-treoirlínte a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi mhír 4.
7. Má mheasann an Coimisiún nach rannchuidíonn na creat-treoirlínte le comhtháthú an mhargaidh, neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtach ná feidhmiú cuí an mhargaidh, féadfaidh sé a iarraidh ar ACER athbhreithniú a dhéanamh ar na creat-treoirlínte laistigh de thréimhse réasúnach agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin athuair.
8. Má mhainníonn ACER creat-treoirlínte a chur faoi bhráid an Choimisiúin nó iad a chur faoina bhráid athuair laistigh den tréimhse arna socrú ag an gCoimisiún faoi mhír 4 nó faoi mhír 7, déanfaidh an Coimisiún na creat-treoirlínte atá i gceist a fhorbairt.
9. Iarrfaidh an Coimisiún ar ENNOH togra a sheoladh chuig ACER, laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná 12 mhí ón iarraidh a fháil ón gCoimisiúin, le haghaidh cód gréasáin i gcomhréir leis na creat-treoirlínte ábhartha.
10. Tionólfaidh ENNOH coiste dréachtaithe chun cúnamh a thabhairt dó i bpróiseas forbartha na gcód gréasáin. Ar an gcoiste dréachtaithe sin, beidh ionadaithe ar ACER, ar ENTSO don Ghás, ar ENTSO don Leictreachas agus, i gcás inarb iomchuí, ar eintiteas AE do OCDanna, mar aon le líon teoranta de na geallsealbhóirí is mó a ndéantar difear dóibh. Forbróidh ENNOH tograí le haghaidh cóid ghréasáin sna réimsí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.
11. Déanfaidh ACER athbhreithniú ar an togra le haghaidh cód ghréasáin chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na creat-treoirlínte ábhartha agus go rannchuidíonn sé le comhtháthú an mhargaidh, neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtach agus feidhmiú cuí an mhargaidh, agus tíolacfaidh sí leagan athbhreithnithe den chód gréasáin don Choimisiún laistigh de 6 mhí ón togra a fháil. Cuirfidh ACER san áireamh, sa togra a chuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin, na tuairimí a fuarthas ó gach páirtí agus an togra le haghaidh cód ghréasáin á dhréachtú faoi stiúir ENNOH agus rachaidh sé i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha maidir leis an leagan athbhreithnithe den togra le haghaidh cód gréasáin a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin.
12. I gcás ENNOH a bheith tar éis mainneachtain cód gréasáin a fhorbairt laistigh den thréimhse a bheidh socraithe ag an gCoimisiún de bhun mhír 9, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ACER dréachtchód gréasáin a ullmhú ar bhonn na gcreat-treoirlínte ábhartha. Féadfaidh ACER dul i mbun tuilleadh comhairliúcháin chun críocha dréachtchód gréasáin a ullmhú de bhun na míre seo. Déanfaidh ACER dréachtchód gréasáin, arna ullmhú de bhun na míre seo, a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus féadfaidh sí a mholadh go nglacfar é.
13. I gcás nár éirigh le ENNOH cód gréasáin a fhorbairt, nó nár éirigh le ACER dréachtchód gréasáin a fhorbairt dá dtagraítear i mír 12, féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, nó ar bhonn togra ó ACER de bhun mhír 11, cód gréasáin amháin nó níos mó a ghlacadh sna réimsí a liostaítear i míreanna 1 agus 2.
14. I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún cód gréasáin a ghlacadh ar a thionscnamh féin dá dtagraítear i mír 13, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ACER, le ENNOH, le ENTSO don Ghás agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile maidir leis an dréachtchód gréasáin ar feadh tréimhse nach giorra ná dhá mhí.
15. Beidh an tAirteagal seo gan dochar do cheart an Choimisiúin na treoirlínte a ghlacadh agus a leasú de réir mar a leagtar síos in Airteagal 74. Beidh sé gan dochar don deis atá ag ENNOH treoir neamhcheangailteach a fhorbairt sna réimsí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo sa chás nach mbaineann treoir den chineál sin le réimsí a chumhdaítear le hiarraidh a chuirfear chuig ENNOH ón gCoimisiún. Cuirfidh ENNOH aon treoir den chineál sin faoi bhráid ACER ionas go dtabharfaidh sí tuairim ina leith agus tabharfaidh sé aird chuí ar an tuairim sin.
Airteagal 73
Leasuithe ar chóid ghréasáin
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na cóid ghréasáin a leasú laistigh de na réimsí a liostaítear in Airteagal 71(1) agus (2) agus in Airteagal 72(1) agus (2) i gcomhréir leis an nós imeachta ábhartha a leagtar amach sna hAirteagail sin.
2. Féadfaidh daoine ar dóigh dóibh leas a bheith acu in aon chód gréasáin a ghlacfar de bhun Airteagal 70, 71, 72 agus an Airteagail seo, lena n-áirítear ENTSO don Ghás, ENNOH, an t-eintiteas AE do OCDanna, údaráis rialála, oibreoirí córais tarchuir, oibreoirí córais dáileacháin, úsáideoirí córas agus tomhaltóirí, dréachtleasuithe ar aon chód gréasáin a mholadh do ACER. Ar a tionscnamh féin, féadfaidh ACER leasuithe a mholadh freisin.
3. Féadfaidh ACER tograí réasúnaithe le haghaidh leasuithe a chur chuig an gCoimisiún, á mhíniú conas atá na tograí sin i gcomhréir le cuspóirí na gcód gréasáin a leagtar amach in Airteagal 70 den Rialachán seo. I gcás ina measann sí go bhfuil togra le haghaidh leasaithe inghlactha, agus i gcás leasuithe dá tionscnamh féin, rachaidh ACER i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/942.
Airteagal 74
Treoirlínte
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún treoirlínte ceangailteacha a ghlacadh sna réimsí a liostaítear san Airteagal seo.
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún treoirlínte a glacadh sna réimsí sin ina bhféadfaí na gníomhartha sin a fhorbairt freisin de réir nós imeachta na gcód gréasáin de bhun Airteagail 71 agus 72. Glacfar na treoirlínte sin i bhfoirm gníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme, ag brath ar an gcumhacht ábhartha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí threoirlínte a bhunú sna réimsí seo a leanas:
(a)
sonraí maidir leis na seirbhísí rochtana tríú páirtithe, lena n-áirítear cineál, ré agus ceanglais eile na seirbhísí sin, i gcomhréir le hAirteagail 6, 7 agus 8;
(b)
sonraí maidir leis na prionsabail is bun leis na sásraí maidir le leithdháileadh acmhainne agus sonraí maidir le cur i bhfeidhm nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú i gcás plódú conarthach, i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 11;
(c)
sonraí maidir le soláthar faisnéise agus sainmhíniú ar an bhfaisnéis theicniúil a bhfuil gá ag úsáideoirí gréasán léi chun rochtain éifeachtach a fháil ar an gcóras agus sainmhíniú ar na pointí ábhartha go léir a bhaineann le ceanglais trédhearcachta, lena n-áirítear an fhaisnéis is gá a fhoilsiú ag na pointí ábhartha go léir agus an sceideal ama a leanfar agus an fhaisnéis sin á foilsiú, i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 34;
(d)
sonraí maidir leis an modheolaíocht i leith taraifí i ndáil le trádáil trasteorann gáis nádúrtha, i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 18.
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun na treoirlínte a leagtar síos in Iarscríbhinn I seo a leasú, d’fhonn an méid seo a shonrú:
(a)
na sonraí maidir leis an bhfaisnéis atá le foilsiú faoin modheolaíocht a úsáidtear chun ioncam rialáilte an oibreora córais tarchuir a shocrú, i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 34;
(b)
na sonraí maidir le prionsabail na sásraí leithdháilte acmhainne agus nósanna imeachta bainistithe plódaithe lena gcuirtear Airteagail 10 agus 11 chun feidhme;
(c)
na sonraí maidir leis an bhfaisnéis theicniúil is gá le go mbeidh úsáideoirí gréasáin in ann rochtain éifeachtach a fháil ar an gcóras gáis nádúrtha lena gcuirtear Airteagal 33(1) chun feidhme;
(d)
na sonraí maidir le sainmhíniú na bpointí ábhartha uile, an fhaisnéis atá le foilsiú agus an sceideal ama le haghaidh ceanglais trédhearcachta lena gcuirtear Airteagal 33 chun feidhme;
(e)
na sonraí maidir le formáid agus ábhar na faisnéise teicniúla faoi rochtain ar líonra a bheidh le foilsiú ag oibreoirí gréasán hidrigine lena gcuirtear Airteagal 66 chun feidhme.
5. Agus treoirlínte á leasú, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leo seo a leanas:
(a)
ACER, ENTSO don Ghás agus an t-eintiteas AE do OCDanna agus, i gcás inarb ábhartha, geallsealbhóirí eile le haghaidh treoirlínte a bhaineann le gás nádúrtha;
(b)
ACER, ENNOH don Ghás agus an t-eintiteas AE do OCDanna agus, i gcás inarb ábhartha, geallsealbhóirí eile do threoirlínte a bhaineann le hidrigin.
Airteagal 75
Ceart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le bearta níos mionsonraithe
Beidh an Rialachán seo gan dochar do chearta na mBallstát bearta a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach ar bearta iad ina bhfuil forálacha níos mionsonraithe ná na forálacha a leagtar amach sa Rialachán seo, sna treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 74 nó sna cóid ghréasáin dá dtagraítear in Airteagail 70 go 73, ar choinníoll go gcomhlíontar dlí an Aontais leis na bearta sin.
Airteagal 76
Faisnéis a sholáthar agus rúndacht
1. Déanfaidh na Ballstáit agus na húdaráis rialála, arna iarraidh sin, an fhaisnéis go léir is gá chun críocha an Rialachán seo a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear na treoirlínte agus na cóid ghréasáin arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, a sholáthar don Choimisiún.
2. Socróidh an Coimisiún teorainn ama réasúnach chun faisnéis a sholáthar, agus castacht na faisnéise is gá agus an phráinn a bhaineann léi á gcur san áireamh.
3. Más rud é nach soláthraíonn an Ballstát nó an t-údarás rialála lena mbaineann an fhaisnéis sin laistigh den teorainn ama a shocraíonn an Coimisiún, féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis uile is gá chun críche an Rialacháin seo a chur chun feidhme a iarraidh go díreach ar na gnóthais lena mbaineann.
Agus iarraidh ar fhaisnéis á seoladh aige chuig gnóthas, seolfaidh an Coimisiún cóip den iarraidh, an tráth céanna, chuig an mBallstát nó chuig an údarás rialála lena mbaineann de chuid an Bhallstáit a bhfuil ceannoifig an ghnóthais suite ina chríoch.
4. Ina iarraidh ar fhaisnéis, luafaidh an Coimisiún bonn dlíthiúil na hiarrata sin, an teorainn ama ar laistigh di is gá an fhaisnéis a chur ar fáil, cuspóir na hiarrata, agus na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 77(2) mar gheall ar fhaisnéis a sholáthar atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach.
5. Déanfaidh úinéirí na ngnóthas nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha, na daoine nádúrtha a bhfuil údarú acu a bheith ina n-ionadaithe do na gnóthais faoin dlí nó faoina n-ionstraim chorpraithe, an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar. I gcás ina ndéanfaidh dlíodóirí atá údaraithe go cuí chun gníomhú amhlaidh an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant, beidh freagracht iomlán fós ar an gcliant i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
6. I gcás nach soláthraíonn gnóthas an fhaisnéis a iarrtar laistigh den teorainn ama a shocraíonn an Coimisiún nó i gcás ina soláthraíonn sé faisnéis neamhiomlán, féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, a cheangal go soláthrófar an fhaisnéis. Sonrófar, leis an gcinneadh sin, an fhaisnéis atá á hiarraidh agus socrófar teorainn ama réasúnta ar féidir an fhaisnéis a sholáthar laistigh di. Sonrófar ann na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 77(2). Sonrófar ann freisin, an ceart chun an cinneadh a chur a chur faoi bhráid Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú.
Déanfaidh an Coimisiún, an tráth céanna, cóip dá chinneadh a sheoladh chuig an mBallstát ina bhfuil cónaí ar an duine nó ina bhfuil ceannoifig an ghnóthais suite nó chuig údarás rialála an Bhallstáit sin.
7. Ní úsáidfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 ach amháin chun críocha forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme.
Ní nochtfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis ar faisnéis í de chineál a chumhdaítear faoi oibleagáid na rúndachta gairmiúla a gheofar de bhun an Rialacháin seo.
Airteagal 77
Pionóis
1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos, na cóid gréasáin agus treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal 70 go 74, agus na treoirlínte arna leagan síos in Iarscríbhinn I agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na forálacha sin chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
2. Féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, fíneálacha nach mó ná 1 % de láimhdeachas iomlán na bliana gnó roimhe sin a fhorchur ar ghnóthais i gcás ina ndéanfaidh na gnóthais sin, d’aon ghnó nó go faillíoch, faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar mar fhreagairt ar iarraidh ar fhaisnéis arna déanamh de bhun Airteagal 76(4) nó i gcás ina mainneoidh siad faisnéis a sholáthar laistigh den teorainn ama arna socrú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 76(6), an chéad fhomhír. Agus méid fíneála á shocrú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tromchúis mainneachtain an ghnóthais na cóid ghréasáin agus na treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagail 70 go 74 agus na treoirlínte a leagtar síos in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.
3. Ní pionóis de chineál dlí choiriúil a bheidh sna pionóis dá bhforáiltear de bhun mhír 1 agus ní cinntí de chineál dlí choiriúil a bheidh in aon cheann de na cinntí a ghlacfar de bhun mhír 2.
CAIBIDIL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 78
Bonneagar nua gáis nádúrtha agus hidrigine
1. Féadfar mórbhonneagar nua gáis nádúrtha, eadhon idirnascairí, saoráidí GNL agus gáis nádúrtha agus saoráidí stórála, arna iarraidh sin, a dhíolmhú, ar feadh tréimhse socraithe, ó chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo, seachas ó Airteagal 34(5) agus (6), agus ó chur i bhfeidhm Airteagal 31(1), Airteagal 32, Airteagal 33, Airteagal 60, Airteagal 78(7) agus (9) agus Airteagal 79(1) de Threoir (AE) 2024/1788.
Féadfar mórbhonneagar nua hidrigine, eadhon idirnascairí, críochfoirt hidrigine agus saoráidí stórála hidrigine faoi thalamh, arna iarraidh sin, a dhíolmhú, ar feadh tréimhse socraithe, ó chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo, seachas ó Airteagail 34(5) agus (6), agus ó chur i bhfeidhm Airteagail 35, 36, 37 agus 68 de Threoir (AE) 2024/1788.
Beidh aon díolúine den sórt sin faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
feabhsaíonn an infheistíocht an iomaíocht sa soláthar gáis nádúrtha nó sa soláthar hidrigine agus feabhsaíonn sí slándáil an tsoláthair;
(b)
rannchuidíonn an infheistíocht leis an dícharbónú agus le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus cinneadh í trí bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm;
(c)
tá an leibhéal riosca a bhaineann leis an infheistíocht de chineál a fhágann nach ndéanfar an infheistíocht mura dtugtar díolúine;
(d)
tá an bonneagar faoi úinéireacht duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh atá ar leithligh, ar a laghad i dtéarmaí a fhoirme dlíthiúla, ó na hoibreoirí córais ar ina gcórais a thógfar an bonneagar sin;
(e)
gearrfar muirir ar úsáideoirí an bhonneagair sin;
(f)
ní dhéanann an díolúine dochar don iomaíocht sna margaí ábhartha ar dócha go ndéanfadh an infheistíocht difear dóibh, d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh comhtháite do ghás nádúrtha nó hidrigine, d’fheidhmiú cuí na gcóras rialáilte lena mbaineann, don dícharbónú nó do shlándáil soláthair an Aontais;
(g)
níl cúnamh airgeadais ón Aontas faighte ag an mbonneagar le haghaidh oibreacha faoi Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40);
Déanfar na coinníollacha dá dtagraítear sa tríú fomhír a mheasúnú agus prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh á chur san áireamh. Déanfaidh údaráis inniúla náisiúnta an staid i mBallstáit eile a ndéantar difear dóibh a chur san áireamh agus na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann a chothromú leis na héifeachtaí tairbheacha ar a gcríoch.
2. Beidh feidhm ag an díolúine dá dtagraítear i mír 1 chomh maith maidir le méaduithe nach beag ar acmhainn i mbonneagar atá ann cheana agus ar mhodhnuithe ar an mbonneagar sin lena gcumasaítear an fhorbairt ar fhoinsí nua gáis in-athnuaite agus ar sholáthar gáis ísealcharbóin.
3. Féadfaidh an t-údarás rialála, ar bhonn cás ar chás, cinneadh a dhéanamh maidir leis an díolúine dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.
Sula nglacfar an cinneadh maidir leis an díolúine, rachaidh an t-údarás rialála, nó, i gcás inarb iomchuí, údarás inniúil de chuid an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhairle:
(a)
le húdaráis rialála náisiúnta na mBallstát ar dócha a ndéanfaidh an bonneagar nua difear dá margaí; agus
(b)
údaráis ábhartha na dtríú tíortha, i gcás ina bhfuil an bonneagar lena mbaineann nasctha le gréasán an Aontais faoi dhlínse Ballstáit, agus go dtagann sé as nó go gcríochnaíonn sé i dtríú tír amháin nó níos mó.
I gcás ina ndeachthas i gcomhairle le húdaráis tríú tíortha, agus sa chás nach bhfreagraíonn siad don chomhairliúchán laistigh de thréimhse réasúnta nó faoin spriocdháta a leagtar síos nach faide ná 3 mhí é, féadfaidh an t-údarás rialála lena mbaineann an cinneadh is gá a ghlacadh.
4. I gcás ina bhfuil an bonneagar lena mbaineann lonnaithe i gcríoch níos mó ná Ballstáit amháin, féadfaidh ACER tuairim chomhairleach a chur chuig údaráis rialála na mBallstát i gceist laistigh de 2 mhí ón dáta a fuair an t-údarás deireadh de na húdaráis sin an iarraidh ar dhíolúine. Féadfar tuairim chomhairleach den sórt sin a úsáid mar bhunús le tuairim na n-údarás rialála.
I gcás ina dtiocfaidh na húdaráis rialála go léir lena mbaineann ar chomhaontú i leith na hiarrata ar dhíolúine laistigh de 6 mhí ón dáta a fuair an t-údarás deireanach de na húdaráis rialála í, cuirfidh siad a gcinneadh in iúl do ACER. I gcás inar líne tharchuir idir Ballstát agus tríú tír an bonneagar lena mbaineann, féadfaidh údarás rialála, nó, i gcás inarb iomchuí, údarás inniúil eile de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an chéad phointe idirnaisc chuig gréasán an Bhallstáit eile, dul i gcomhairle le húdarás ábhartha an tríú tír sin sula nglacfar cinneadh maidir leis an díolmhú, d’fhonn a áirithiú, maidir leis an mbonneagar lena mbaineann, go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm go comhsheasmhach i gcríoch an Bhallstáit agus, i gcás inarb infheidhme, in uiscí teorann an Bhallstáit sin. I gcás ina ndeachthas i gcomhairle le húdarás an tríú tír, agus sa chás nach bhfreagraíonn sé don chomhairliúchán laistigh de thréimhse réasúnta nó faoin spriocdháta nach faide ná 3 mhí é, féadfaidh an t-údarás rialála lena mbaineann an cinneadh is gá a ghlacadh.
Feidhmeoidh ACER, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/942, na cúraimí a leagfar de bhun an Airteagail seo ar údaráis rialála na mBallstát lena mbaineann:
(a)
i gcás nach mbeidh na húdaráis rialála go léir lena mbaineann in ann teacht ar chomhaontú laistigh de thréimhse 6 mhí ón dáta a fuair an t-údarás deireanach de na húdaráis rialála sin an iarraidh ar dhíolúine; nó
(b)
arna iarraidh sin go comhpháirteach do na húdaráis rialála lena mbaineann.
Féadfaidh na húdaráis rialála go léir lena mbaineann a iarraidh, go comhpháirteach, go gcuirfear síneadh suas le 3 mhí leis an tréimhse dá dtagraítear sa tríú fomhír, pointe (a).
5. Sula nglacfaidh ACER cinneadh, rachaidh sí i gcomhairle leis na húdaráis rialála ábhartha agus leis na hiarratasóirí.
6. Féadfar a chumhdach le díolúine acmhainne iomlán nó cuid d’acmhainn an bhonneagair nua, nó acmhainn iomlán nó cuid d’acmhainn an bhonneagair atá ann cheana le méadú suntasach acmhainne.
Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh díolúine a dheonú, breithneofar, ar bhonn cás ar chás, an gá atá le coinníollacha a fhorchur maidir le ré na díolúine agus maidir le rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an mbonneagar. Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh na gcoinníollacha sin, cuirfear san áireamh, go háirithe, an acmhainn bhreise a bheidh le tógáil nó an modhnú ar an acmhainn atá ann cheana, tréimhse réamh-mheasta an tionscadail agus dálaí náisiúnta.
Sula ndeonóidh sé díolúine, déanfaidh an t-údarás rialála cinneadh faoi na rialacha agus na sásraí maidir le hacmhainn a bhainistiú agus a leithdháileadh. Ceanglófar sna rialacha go n-iarrfar ar gach úsáideoir ionchasach de chuid an bhonneagair a spéis a léiriú in acmhainn ar conradh sula ndéanfar leithdháileadh acmhainne sa bhonneagar nua, lena n-áirítear dá úsáid féin. Ceanglóidh an t-údarás rialála go n-áireofar i rialacha um bainistiú ar phlódú an oibleagáid maidir le hacmhainn neamhúsáidte a thairiscint ar an margadh, agus ceanglóidh sé go mbeidh úsáideoirí an bhonneagair i dteideal a n-acmhainne conarthaí a thrádáil ar an margadh tánaisteach. Agus measúnú á dhéanamh aige ar na critéir dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (c) agus (f), cuirfidh an t-údarás rialála san áireamh torthaí an nós imeachta sin um leithdháileadh acmhainne.
Déanfar an cinneadh i leith díolúine, lena n-áirítear aon choinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír, a fhoilsiú agus beidh cúis chuí leis.
7. Agus anailís á déanamh maidir leis an ionchas go bhfeabhsódh mórbhonneagar nua slándáil an tsoláthair de bhun mhír 1, pointe (a), den Airteagal seo, déanfaidh an t-údarás inniúil breith ar an méid a mheastar go bhfeabhsóidh an bonneagar nua comhlíontacht a n-oibleagáidí ag na Ballstáit faoi Rialachán (AE) 2017/1938, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta araon.
8. I gcás ina bhfuil údarás seachas an t-údarás rialála inniúil ar cinntí díolúine a ghlacadh, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go gcuirfidh a n-údarás rialála nó ACER, de réir mar a bheidh, tuairim faoin iarraidh ar dhíolúine faoi bhráid an údaráis inniúil sin sa Bhallstát lena mbaineann, sula nglacfar an cinneadh foirmiúil maidir le díolúine. Foilseofar an tuairim sin in éineacht leis an gcinneadh.
9. Déanfaidh an t-údarás inniúil cóip de gach iarraidh ar dhíolúine a tharchur chuig an gCoimisiún, gan mhoill, tar éis an iarraidh sin a fháil. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don Choimisiún, gan mhoill, faoin gcinneadh maidir le díolúine i dteannta na faisnéise ábhartha uile. Féadfar an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin i bhfoirm chomhiomlán, ionas go mbeidh an Coimisiún in ann measúnú a dhéanamh ar an gcinneadh maidir le díolúine, agus beidh an méid seo a leanas ann, go háirithe:
(a)
na cúiseanna mionsonraithe ar ar a mbonn a dheonaigh nó a dhiúltaigh an t-údarás rialála, nó an Ballstát, an díolúine, mar aon le tagairt don phointe nó na pointí ábhartha de mhír 1 ina leagtar amach na coinníollacha ar a bhfuil an cinneadh sin bunaithe, lena n-áirítear an fhaisnéis airgeadais lena dtugtar údar leis an ngá atá leis an díolúine;
(b)
an anailís arna déanamh ar an iarmhairt ar iomaíocht agus ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh mar thoradh ar an díolúine a dheonú;
(c)
na cúiseanna atá le fad thréimhse na díolúine agus an sciar d’acmhainn iomlán an bhonneagair a bhfuil an díolúine á deonú ina leith;
(d)
i gcás ina mbaineann an díolúine le hidirnascaire, toradh an chomhairliúcháin leis na húdaráis rialála lena mbaineann;
(e)
an méid a rannchuidíonn an bonneagar le héagsúlú an tsoláthair gáis.
10. Laistigh de 50 lá oibre ón lá tar éis an dáta a bhfaighfear an fógra faoi mhír 9, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena n-iarrfar ar na comhlachtaí a thugann fógra leasú a dhéanamh ar an gcinneadh chun díolúine a dheonú, nó an cinneadh sin a tharraingt siar. Sula nglacfaidh sé an cinneadh maidir leis an díolúine, féadfaidh an Coimisiún tuairim a lorg ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide arna bhunú faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41) i dtaobh an rannchuidíonn an díolúine le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach. Féadfar an tréimhse sin a fhadú go ceann tréimhse bhreise 50 lá oibre i gcás ina mbeidh faisnéis bhreise á lorg ag an gCoimisiún. Tosóidh an tréimhse bhreise sin ar an lá tar éis an dáta a gheofar an fhaisnéis iomlán. Féadfar an tréimhse tosaigh a fhadú freisin le toiliú an Choimisiúin agus na gcomhlachtaí a thugann fógra araon.
Más rud é nach soláthrófar an fhaisnéis arna hiarraidh laistigh den tréimhse a leagtar síos san iarraidh, measfar go mbeidh an fógra tarraingthe siar mura rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, gur cuireadh síneadh ama leis an tréimhse le toiliú an Choimisiúin agus an údaráis rialála araon, nó gur chuir an t-údarás rialála an Coimisiún ar an eolas, i ráiteas cuí-réasúnaithe, go measann sé go bhfuil an fógra curtha i gcrích.
An cinneadh ón gCoimisiún maidir leis an gcinneadh i dtaobh díolúine a leasú nó a tharraingt siar, comhlíonfaidh an t-údarás rialála é laistigh de thréimhse aon mhí amháin agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.
Caomhnóidh an Coimisiún rúndacht aon fhaisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de.
I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le díolúine a fhormheas, tiocfaidh deireadh le héifeacht an fhormheasta sin:
(a)
2 bhliain tar éis a ghlactha i gcás nach mbeidh an obair thógála tosaithe faoin dáta sin;
(b)
tar éis 5 bliana ó dháta a ghlactha i gcás nach mbeidh an bonneagar ag feidhmiú faoi dáta sin, is é sin mura gcinneann an Coimisiún gurb ann d’aon mhoill mar gheall ar chonstaicí nach raibh aon neart orthu ag an duine ar deonaíodh an díolúine dó.
11. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí threoirlínte a leagan amach chun na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm agus chun an nós imeachta a bheidh le leanúint chun míreanna 3, 6, 8 agus 9 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.
Airteagal 79
Maoluithe
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le córais tarchurtha gáis nádúrtha atá suite i mBallstáit, ar feadh ré na maoluithe arna ndeonú de bhun Airteagal 86 de Threoir (AE) 2024/1788.
Airteagal 80
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 14(5), Airteagal 18(3), Airteagal 31(3), Airteagal 71(1), Airteagal 72(1), Airteagal 74(3) agus (4) agus Airteagal 78(11) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 4 Lúnasa 2024.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14(5), Airteagal 18(3), Airteagal 31(3), Airteagal 71(2), Airteagal 72(2), Airteagal 74(3) agus (4) agus Airteagal 78(11) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 14(5), Airteagal 18(3), Airteagal 31(3), Airteagal 71(2), Airteagal 72(2), Airteagal 74(3) nó (4), nó Airteagal 78(11) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 81
An nós imeachta coiste
1. Déanfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 91 de Threoir (AE)2024/1788 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 82
Athbhreithniú agus tuairisciú
1. Faoin 31 Nollaig 2030, athbhreithneoidh an Coimisiún an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha.
2. Faoin 5 Lúnasa 2029, féadfaidh an Coimisiún tuarascáil a ullmhú ina ndéanfar measúnú ar conas comhtháthú córais níos láidre a chumasú agus leas a bhaint as sineirgí breise ar fud earnáil na hidrigine, earnáil an leictreachais agus earnáil an gháis nádúrtha, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbeadh comhar feabhsaithe ann idir ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH, nó go ndéanfaí iad a chomhtháthú. Beidh tograí reachtacha iomchuí ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.
Airteagal 83
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 mar a leanas:
(1)
in Airteagal 2, pointe (1)(b) agus pointí (4) agus (5), Airteagal 3(3) agus (4), pointe (c), Airteagal 4(1), agus Airteagal 8(5), in ionad an téarma ‘leictreachas nó gás nádúrtha’, cuirtear an téarma ‘leictreachas, hidrigin nó gás nádúrtha’;
(2)
in Airteagal 6(2), pointí (a) agus (b), in ionad an téarma ‘margaí leictreachais agus gáis’, cuirtear an téarma ‘margaí leictreachais, hidrigine agus gáis nádúrtha’.
Airteagal 84
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/1938
Leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 mar a leanas:
(1)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:
‘Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, bunaítear forálacha a bhfuil sé mar aidhm acu slándáil an tsoláthair gáis san Aontas a choimirciú trí dhea-fheidhmiú leanúnach an mhargaidh inmheánaigh don ghás a áirithiú, trína cheadú gur féidir bearta eisceachtúla a chur chun feidhme nuair nach féidir leis an margadh na soláthairtí gáis a bhfuil gá leo a sholáthar a thuilleadh, lena n-áirítear beart dlúthpháirtíochta a dhéanfar mar rogha dheiridh, agus trí fhoráil a dhéanamh maidir le freagrachtaí maidir le gníomhaíocht choisctheach agus maidir le freagairt a thabhairt ar shuaitheadh nithiúil soláthair gáis araon a shainiú go soiléir agus iad a leithdháileadh orthu go soiléir i measc gnóthas gáis nádúrtha, na mBallstát agus an Aontais. Leis an Rialachán seo, bunaítear freisin sásraí trédhearcacha, de mheon na dlúthpháirtíochta, i dtaca le comhordú a dhéanamh ar an bpleanáil le haghaidh éigeandálaí ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais’
;(2)
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a)
scriostar pointe (1);
(b)
cuirtear an pointe seo a leanas leis:
‘(32)
ciallaíonn “gás” gás nádúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2024/1788 (*1).(*1) Treoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le comhrialacha do na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, gás nádúrtha agus hidrigine, lena leasaítear Treoir (AE) 2023/1791 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/73/CE (IO L, 2024/1788, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1788/oj.)’;"
(3)
leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Faoin 1 Samhain 2026, déanfaidh ENTSOG ionsamhlúchán uile-Aontais de chásanna ina bhféadfaí suaitheadh soláthair gáis agus bonneagair a bheith ann, lena n-áirítear cásanna ina bhféadfaí foinsí aonair soláthair a shuaitheadh go faidréiseach. San ionsamhlúchán, déanfar na conairí soláthair gáis éigeandála a shainaithint agus a mheasúnú agus luafar na Ballstáit is féidir leo réiteach a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a sainaithníodh, lena n-áirítear i ndáil le stóráil gáis agus GNL, chomh maith le cásanna ina ndéantar scrúdú ar an tionchar a bheadh ag laghdú ar an éileamh ar ghás trí bhearta coigilte fuinnimh nó bearta éifeachtúlachta fuinnimh. Is é ENTSOG i gcomhar le GCG a dhéanfaidh na cásanna eiseamláireacha suaitheadh soláthair gáis agus bonneagair agus an mhodheolaíocht don ionsamhlúchán a shainmhíniú. Áiritheoidh ENTSOG leibhéal iomchuí trédhearcachta agus rochtana ar na toimhdí samhaltaithe a úsáidtear ina chásanna eiseamláireacha. Déanfar an t-ionsamhlúchán uile-Aontais de chásanna eiseamláireacha suaitheadh soláthair gáis agus bonneagair a athdhéanamh gach 4 bliana go dtí, de bharr na n-imthosca, gur gá é a dhéanamh ar bhonn níos minice.’
;(b)
I mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
‘(e)
rioscaí a chur i gcuntas a bhaineann le rialú ar bhonneagar atá ábhartha do shlándáil an tsoláthair gáis a mhéid a bhféadfadh, inter alia, rioscaí tearcinfheistíochta, lagú an éagsúlaithe, mí-úsáid an bhonneagair atá ann faoi láthair, lena n-áirítear cnapaireacht acmhainne stórála, nó sárú ar dhlí an Aontais a bheith i gceist leo;’
;
(4)
leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
(a)
scriostar mír 1;
(b)
i mír 3, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:
‘Beidh sna caibidlí réigiúnacha bearta iomchuí agus éifeachtacha trasteorann, lena n-áirítear i ndáil le stóráil gáis agus GNL, faoi réir comhaontú idir na Ballstáit sin a dhéanfaidh na bearta ón ngrúpa riosca céanna nó ó na grúpaí riosca céanna a ndéanann an beart difear dóibh a chur chun feidhme ar bhonn an ionsamhlúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus ar bhonn an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn.’
;(5)
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:
‘Airteagal 8a
Bearta maidir leis an gcibearshlándáil
1. Agus na pleananna gníomhaíochta coiscthí agus na pleananna éigeandála á mbunú, déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí a bhaineann leis an gcibearshlándáil a bhreithniú.
2. Tugtar de chumhacht don Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha earnáilsonracha le haghaidh gnéithe cibearshlándála na sreafaí gáis trasteorann a bhunú, lena n-áirítear rialacha maidir le ceanglais íosta chomhchoiteanna, pleanáil, faireachán, tuarascáil agus bainistiú géarchéime.
3. Chun críche na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhréachtú, oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an nGníomhaireacht, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), le ENTSOG agus le líon teoranta príomhpháirtithe leasmhara lena mbaineann, chomh maith le heintitis ag a bhfuil inniúlachtaí atá ann cheana sa chibearshlándáil, laistigh dá sainordú féin, amhail Lárionaid Oibríochta Slándála (SOCanna) atá ábhartha d’eintitis rialáilte, agus foirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí (CSIRTanna), dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).
(*2) Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).’;"
(6)
leasaítear Airteagal 9, mír 1, mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
‘(e)
bearta coisctheacha eile arna gceapadh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí arna sainaithint sa mheasúnú riosca amhail mar shampla, na cinn a bhaineann leis an ngá feabhas a chur ar na hidirnaisc idir Ballstáit chomharsanacha, chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú a thuilleadh, cnapaireacht acmhainne a chosc, agus chun an t-éileamh ar ghás a laghdú agus leis an bhféidearthacht bealaí gáis agus foinsí soláthair gáis a éagsúlú, mar aon le húsáid réigiúnach acmhainne stórála agus GNL atá ann cheana, más iomchuí, ionas go ndéanfar an soláthar gáis a choimeád ar bun do gach custaiméir a mhéid is féidir;’
;
(b)
cuirtear an pointe seo a leanas leis:
‘(l)
faisnéis ar bhearta a bhaineann leis an gcibearshlándáil, dá dtagraítear in Airteagal 8a.’
;
(7)
in Airteagal 11, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘7a. De mhaolú ar Airteagal 6(1), (2) agus (3), Airteagal 6b(1), an tríú fomhír, pointe (a), Airteagal 6c(2), an dara fomhír, pointe (b), agus Airteagal 10(1), pointe (l), féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, ar bhonn eisceachtúil, bearta sealadacha a ghlacadh chun tomhaltas neamhriachtanach gáis ag custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú, go háirithe i gcás ina ndearbhaítear ceann de na leibhéil ghéarchéime de bhun mhír 1 den Airteagal seo nó éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais de bhun Airteagal 12. Beidh bearta sealadacha den sórt sin teoranta do thomhaltas neamhriachtanach gáis agus cuirfear na heilimintí seo a leanas san áireamh iontu:
(a)
tionchar an tsuaite ar shlabhraí soláthair atá criticiúil don tsochaí;
(b)
na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann i mBallstáit eile, go háirithe ar shlabhraí soláthair na n-earnálacha iartheachtacha atá criticiúil don tsochaí;
(c)
an damáiste fadtéarmach a d’fhéadfadh a bheith ann do shuiteálacha tionsclaíocha;
(d)
na féidearthachtaí maidir le tomhaltas a laghdú agus táirgí ionadacha a úsáid san Aontas.
Ní fhéadfar bearta eisceachtúla den sórt sin a dhéanamh ach amháin tar éis measúnú arna dhéanamh ag údaráis inniúla maidir leis na coinníollacha chun na toirteanna neamhriachtanacha gáis sin a chinneadh.
Mar thoradh ar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, seachnófar an laghdú ar thomhaltas neamhriachtanach gáis ag custaiméirí leochaileacha, mar a shainmhíníonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir (AE) 2024/1788.’
;(8)
in Airteagal 12(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Laistigh de 3 lá tar éis fógra a thabhairt faoi iarraidh an Choimisiúin, modhnóidh an Ballstáit nó an t-údarás inniúil a ghníomhaíocht agus cuirfidh sé fógra don Choimisiún ina leith sin nó cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na cúiseanna a n-easaontaíonn sé leis an iarraidh. Sa dara cás, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de 3 lá tar éis dó bheith curtha ar an eolas, a iarraidh a leasú nó a tharraingt siar nó féadfaidh sé an Ballstát nó an t-údarás inniúil agus, i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil gá leis, GCG a thionól chun an tsaincheist a bhreithniú. Leagfaidh an Coimisiún amach na cúiseanna mionsonraithe a bheidh aige maidir le haon mhodhnuithe ar an ngníomhaíocht a iarraidh. Modhnóidh an Ballstát nó an t-údarás inniúil a ghníomhaíocht nó déanfaidh sé beart chun a áirithiú go gcomhlíonfar mír 5 a mhéid is féidir go teicniúil agus go sábháilte ar mhaithe le sláine an chórais gáis. Cuirfidh an Ballstát nó an t-údarás inniúil an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a glacadh.’
;(9)
leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3, 4 agus 5:
‘3. Déanfar beart dlúthpháirtíochta mar rogha dheiridh agus beidh feidhm aige ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas i leith an Bhallstáit iarrthaigh:
(a)
dhearbhaigh sé stádas éigeandála faoi Airteagal 11;
(b)
ní raibh sé in ann an t-easnamh sa soláthar gáis dá custaiméirí atá faoi chosaint a chumhdach d’ainneoin chur i bhfeidhm an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 11(3) nó i gcás ina bhfuil bearta sealadacha déanta ag Ballstát chun tomhaltas neamhriachtanach ag custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 11(7a), na toirteanna bunriachtanacha tomhaltais gáis dá chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht;
(c)
na bearta margadhbhunaithe (bearta deonacha) ar fad, na bearta neamh-mhargadhbhunaithe ar fad (bearta éigeantacha) agus bearta eile atá ina phlean éigeandála a bheith ídithe aige;
(d)
thug sé fógra faoi iarraidh shainráite don Choimisiún agus d’údaráis inniúla na mBallstát go léir lena mbaineann lena bhfuil nasc aige go díreach nó, de bhun mhír 2, trí thríú tír, agus tuairisc ar na bearta a cuireadh chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo in éineacht leis an iarraidh.
3a. Beidh na Ballstáit a bhfuil sé d’oibleagáid orthu dlúthpháirtíocht a sholáthar de bhun mhír 1 i dteideal na soláthairtí a bhaint den tairiscint dlúthpháirtíochta dá chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht nó, i gcás ina bhfuil bearta sealadacha déanta ag Ballstát chun tomhaltas neamhriachtanach gáis ag custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 11(7a), na soláthairtí de na toirteanna riachtanacha tomhaltais gáis dá chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht.
4. Déanfaidh na Ballstáit a fhaigheann iarraidh ar bheart dlúthpháirtíochta tairiscintí ar bhonn bearta deonacha atá dírithe ar an éileamh, a mhéid agus a fhad is féidir, roimh dhul i muinín bearta nach bhfuil margadhbhunaithe.
I gcás nach leor na bearta margadhbhunaithe don Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht chun an t-easnamh sa soláthar gáis do chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht sa Bhallstát iarrthach a chumhdach, féadfaidh an Ballstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht bearta nach bhfuil margadhbhunaithe a thabhairt isteach d’fhonn na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 a chomhlíonadh.
5. Má tá níos mó ná Ballstát amháin ann a d’fhéadfadh an dlúthpháirtíocht a sholáthar do Bhallstát iarrthach, déanfaidh an Ballstát iarrthach an tairiscint is buntáistí a lorg ar bhonn costas, luas seachadta, iontaofacht, agus éagsúlú na soláthairtí gáis, tar éis dó dul i gcomhairle le gach Ballstát a gceanglaítear air an dlúthpháirtíocht a sholáthar. I gcás nach leor na tairiscintí margadhbhunaithe atá ar fáil chun an t-easnamh sa soláthar gáis do na custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht a chumhdach sa Bhallstát iarrthach nó, i gcás ina bhfuil bearta sealadacha déanta ag an mBallstát iarrthach chun tomhaltas neamhriachtanach gáis ag custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 11(7a), nó chun an t-easnamh i soláthar gáis na dtoirteanna fíor-riachtanacha tomhaltais gáis dá chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht a chumhdach, beidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit a gceanglaítear orthu dlúthpháirtíocht a sholáthar bearta nach bhfuil margadhbhunaithe a ghníomhachtú.’
;(b)
leasaítear mír 8 mar a leanas:
(i)
sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘Soláthrófar an dlúthpháirtíocht faoin Rialachán seo ar bhonn cúitimh. Íocfaidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht go pras, nó áiritheoidh sé go n-íocfar go pras, cúiteamh cóir leis an mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht.
I gcás inar tháinig dhá Bhallstát ar chomhaontú maidir leis na socruithe teicniúla agus dlíthiúla is gá de bhun mhír 10 (comhaontú dlúthpháirtíochta), cumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad leis an gcúiteamh cóir sin:’
;(ii)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara agus an tríú fomhír:
‘San áireamh leis an gcúiteamh cóir de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír, beidh, inter alia, na costais réasúnta uile a thabhaíonn an Ballstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht ón oibleagáid chun cúiteamh a íoc de bhua na gceart bunúsach a ráthaítear le dlí an Aontais agus de bhua na n-oibleagáidí idirnáisiúnta infheidhme agus an tAirteagal seo á chur chun feidhme, mar aon le costais bhreise réasúnta a thabhaítear agus cúiteamh á íoc de bhun na rialacha náisiúnta cúitimh.
Glacfaidh na mBallstáit na bearta is gá, go háirithe na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais de bhun mhír 10, chun an chéad, an dara agus an tríú fomhír den mhír seo a chur chun feidhme. Le bearta den sórt sin, féadfar foráil a dhéanamh do na socruithe praiticiúla maidir le híocaíocht phras.’
;(c)
cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:
‘8a. I gcás nár tháinig dhá Bhallstát ar chomhaontú maidir leis na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá de bhun mhír 10 trí bhíthin comhaontú dlúthpháirtíochta, beidh an seachadadh gáis de bhun na hoibleagáide a leagtar síos i mír 1 i gcás éigeandála faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa mhír seo.
Ní rachaidh an cúiteamh as an mbeart dlúthpháirtíochta thar chostais réasúnacha. Mura gcomhaontóidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht agus an Ballstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht a mhalairt, beidh an méid seo a leanas san áireamh sa chúiteamh:
(a)
an praghas ar ghás sa Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht;
(b)
na costais stórála agus iompair;
(c)
costais dlíthíochta le haghaidh imeachtaí breithiúnacha nó eadrána gaolmhara ina bhfuil an Ballstát a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht páirteach;
(d)
costais indíreacha eile nach gcumhdaítear leis an bpraghas ar ghás, cosúil le haisíocaíocht damáistí airgeadais nó damáistí eile a eascraíonn as sceitheadh éigeantach ualaigh dhocht custaiméirí a bhaineann le soláthar dlúthpháirtíochta.
Mura gcomhaontóidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht agus an Ballstát atá ag soláthar na dlúthpháirtíochta ar phraghas eile, beidh praghas an gháis a sholáthraítear don Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht ag freagairt do phraghas an mhargaidh lá roimh ré sa Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht an lá roimh an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht nó an praghas margaidh lá roimh ré comhfhreagrach ag an malartú is gaire inrochtana, ag an bpointe trádála fíorúil malairte inrochtana is gaire, nó ag mol comhaontaithe an lá roimh an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht. Cúiteamh ar na toirteanna gáis a sheachadtar i gcomhthéacs iarrata dlúthpháirtíochta, déanfaidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht é a íoc go díreach leis an mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht nó leis an eintiteas a shonraíonn an dá Bhallstát ina bhfreagra ar an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht agus an dearbhú maidir leis an bhfáltas agus leis an toirt atá le glacadh.
Déanfaidh an Ballstát a bhfuil an iarraidh ar bheart dlúthpháirtíochta dírithe air an beart dlúthpháirtíochta a sholáthar a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an t-am seachadta a sonraíodh don iarraidh. Féadfaidh Ballstát diúltú dlúthpháirtíocht a sholáthar do Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht ar choinníoll go léiríonn an Ballstát a ndéantar an iarraidh air an méid seo a leanas:
(a)
nach bhfuil dóthain gáis aige i gcomhair na dtoirteanna atá le soláthar do na custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht; nó
(b)
nach bhfuil acmhainn idirnaisc leordhóthanach ar fáil aige, mar a leagtar amach in Airteagal 13(7), nó go bhfuil sreafaí gáis srianta trí thríú tír.
Beidh diúltú den sórt sin teoranta go docht do na toirteanna gáis a ndéanann ceann amháin nó an dá cheann de na srianta dá dtagraítear sa cheathrú fomhír difear dóibh.
Sa bhreis ar na rialacha réamhshocraithe dá bhforáiltear sa mhír seo, féadfaidh na Ballstáit socruithe teicniúla agus an comhordú ar sholáthar na dlúthpháirtíochta a chomhaontú. Beidh an mhír seo gan dochar do shocruithe atá ann cheana maidir le hoibriú sábháilte iontaofa an chórais gáis.
8b. I gcás nár chomhaontaigh dhá Bhallstát na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá de bhun mhír 10 trí bhíthin comhaontú dlúthpháirtíochta, déanfaidh an Ballstát a iarrann na bearta dlúthpháirtíochta a chur i bhfeidhm iarraidh ar dhlúthpháirtíocht a eisiúint do Bhallstát eile, ina léireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:
(a)
sonraí teagmhála údarás inniúil an Bhallstáit;
(b)
i gcás inarb ábhartha, sonraí teagmhála oibreoirí córais tarchuir ábhartha an Bhallstáit;
(c)
i gcás inarb ábhartha, sonraí teagmhála an tríú páirtí atá ag gníomhú thar ceann an Bhallstáit;
(d)
tréimhse seachadta lena n-áirítear uainiú an chéad seachadta fhéideartha agus fad measta na seachadtaí;
(e)
na pointí seachadta agus idirnaisc;
(f)
toirt an gháis in kWh do gach pointe idirnaisc;
(g)
caighdeán an gháis.
Seolfar an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht go comhuaineach chuig na Ballstáit a d’fhéadfadh a bheith in ann bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar, chuig an gCoimisiún agus chuig na bainisteoirí géarchéime arna n-ainmniú de bhun Airteagal 10(1), pointe (g).
Seolfaidh na Ballstáit a fhaigheann iarraidh dlúthpháirtíochta freagra ina léireofar na sonraí teagmhála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), agus an toirt agus an cháilíocht is féidir a sholáthar do na pointí idirnaisc ag an am a iarrtar dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (d) go (g). Mura leor an toirt is féidir a sholáthar trí bhearta deonacha, léireofar sa fhreagairt an toirt a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar chiorrú féideartha, ar scaoileadh stoc straitéiseach nó ar chur i bhfeidhm beart eile.
Déanfar iarrataí ar dhlúthpháirtíocht a chur isteach 48 uair an chloig ar a laghad roimh an am seachadta sonraithe do ghás.
Beidh éifeacht ag an bhfreagairt ar iarrataí ar dhlúthpháirtíocht laistigh de 18 uair an chloig. Beidh éifeacht ag an dearbhú maidir leis an toirt atá le glacadh ag an mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht laistigh de 6 huaire an chloig tar éis an tairiscint dlúthpháirtíochta a fháil agus ar a laghad 24 uair an chloig roimh an am seachadta gáis atá sonraithe. Féadfar an iarraidh a chur isteach ar feadh tréimhse lae nó roinnt laethanta, agus beidh an freagra ag teacht leis an bhfad a iarradh. I gcás ina bhfuil roinnt Ballstát ag soláthar na dlúthpháirtíochta agus ina bhfuil socruithe déthaobhacha dlúthpháirtíochta i bhfeidhm ag ceann amháin nó níos mó acu, ba cheart tosaíocht a bheith ag na socruithe sin idir na Ballstáit a bhfuil comhaontú déthaobhach acu. Ní bheidh na rialacha réamhshocraithe dá bhforáiltear sa mhír seo infheidhme ach amháin i ndáil leis na Ballstáit eile a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht.
Féadfaidh an Coimisiún cur chun feidhme dlúthpháirtíochta a éascú, go háirithe trí bhíthin teimpléid atá inrochtana ar ardán slán ar líne chun gur féidir iarrataí agus tairiscintí a tharchur i bhfíor-am.
8c. I gcás inar soláthraíodh beart dlúthpháirtíochta i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, beidh méid deiridh an chúitimh chóir a d’íoc an Ballstát iarrthach faoi réir rialú ex post ag údaráis rialála náisiúnta an Bhallstáit is soláthraí agus an Bhallstáit iarrthaigh, laistigh de 3 mhí ó dheireadh na héigeandála.
I gcás nach dtagann na húdaráis rialála náisiúnta ar chomhaontú maidir le ríomh mhéid deiridh an chúitimh chóir, cuirfidh siad na húdaráis inniúla ábhartha, an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill. Sa chás sin, nó ar iarraidh chomhpháirteach ó na húdaráis rialála náisiúnta, déanfaidh an Ghníomhaireacht leibhéal iomchuí an chúitimh chóir as na costais indíreacha mar thoradh ar an dlúthpháirtíocht a sholáthar a ríomh agus tabharfaidh sí tuairim fhíorasach laistigh de thrí 3 ó dháta an tarchuir chuig an nGníomhaireacht. Sula ndéanfar tuairim fhíorasach den sórt sin a sholáthar, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha agus leis húdaráis inniúla ábhartha.
Féadfar síneadh 2 mhí sa bhreis a chur leis an tréimhse 3 mhí sin dá dtagraítear sa dara fomhír má iarrann an Ghníomhaireacht tuilleadh faisnéise. Tosóidh an tréimhse bhreise sin ar an lá tar éis an fhaisnéis iomlán a fháil. Rachfar i gcomhairle leis an mBallstát iarrthach agus tabharfaidh sé a thuairim ar thabhairt i gcrích an rialaithe ex post. Tar éis an Chomhairliúcháin leis an mBallstát iarrthach, tá an t-údarás a dhéanann an rialú ex post sin i dteideal ceartú ar mhéid an chúitimh a cheangal, agus tuairim an Bhallstáit iarrthaigh á tabhairt san áireamh. Déanfar conclúidí an rialaithe ex post sin a tharchur chuig an gCoimisiún, a chuirfidh san áireamh iad ina thuarascáil ar an éigeandáil de bhun Airteagal 14(3).’
;(d)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 10 agus 11:
‘10. Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go soláthrófar gás do chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht sa Bhallstát iarrthach i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 agus déanfaidh siad a ndícheall teacht ar chomhaontú maidir le socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais. Déanfar na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais a chomhaontú idir na Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu lena chéile nó, i gcomhréir le mír 2, a bhfuil nasc eatarthu trí thríú tír, agus tuairisceofar iad sna pleananna éigeandála faoi seach a bheidh acu. Féadfar na heilimintí seo a leanas, i measc nithe eile, a chuimsiú sna socruithe sin:
(a)
sábháilteacht oibríochtúil na líonraí;
(b)
cur i bhfeidhm praghsanna gáis agus an mhodheolaíocht chun iad a shocrú, agus aird á tabhairt ar an tionchar ar fheidhmiú an mhargaidh;
(c)
idirnaisc a úsáid, lena n-áirítear acmhainn dhéthreoch agus gás a stóráil faoi thalamh;
(d)
na toirteanna gáis nó an mhodheolaíocht chun iad a shocrú;
(e)
catagóirí na gcostas a chaithfear a chumhdach trí chúiteamh cothrom, pras, a bhféadfaí damáistí do thionsclaíocht chiorraithe a bheith ar áireamh ann;
(f)
léiriú ar conas a d’fhéadfaí an cúiteamh cóir a ríomh.
Beidh ar áireamh sa socrú airgeadais a chomhaontaítear idir na Ballstáit sula n-iarrtar an dlúthpháirtíocht forálacha lenar féidir an cúiteamh cóir a ríomh i leith na gcostas ábhartha réasúnta uile, ar a laghad, a thabhaítear agus dlúthpháirtíocht á soláthar agus gealltanas go n-íocfar an cúiteamh sin.
Soláthrófar, le sásra cúitimh ar bith, dreasachtaí chun páirt a ghlacadh i réitigh mhargadhbhunaithe amhail ceantanna agus sásraí maidir le freagairt ar éileamh. Ní chruthófar dreasachtaí saobha leis, lena n-áirítear i dtéarmaí airgeadais, do rannpháirtithe sa mhargadh chun a gcuid gníomhaíochta a chur siar go dtí go gcuirtear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe i bhfeidhm. Déanfar gach sásra cúitimh, nó achoimre orthu ar a laghad, a áireamh sna pleananna éigeandála.
I gcás ina dtiocfaidh costais réasúnacha nua shuntasacha chun cinn, mar thoradh ar imeachtaí breithiúnacha de bhun mhír 8, an dara fomhír, pointe (c), tar éis an rialú ex post a thabhairt i gcrích, cuirfidh an Ballstát is soláthraí an Ballstát iarrthach ar an eolas láithreach. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, an Ghníomhaireacht, rialú ex post nua de bhun mhír 8c. Tá toradh an rialaithe nua ex post sin gan dochar don oibleagáid atá ar Bhallstát is soláthraí cúiteamh a thabhairt do chustaiméirí faoin dlí náisiúnta agus don cheart atá acu cúiteamh cóir a fháil.
11. Fad a fhéadfaidh Ballstát tomhaltas gáis a chuid custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht a chumhdach óna tháirgeacht féin, ní mheasfar é a bheith riachtanach socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais a thabhairt i gcrích le Ballstáit lena bhfuil nasc díreach aige nó, i gcomhréir le mír 2, trí thríú tír, ar mhaithe leis an dlúthpháirtíocht a fháil. Ní dhéanfaidh an méid sin difear d’oibleagáid an Bhallstáit ábhartha an dlúthpháirtíocht a sholáthar do Bhallstáit eile de bhun an Airteagail seo.’
;(e)
scriostar míreanna 12, 13 agus 14;
(f)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 15:
‘15. Scoirfidh na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo d’fheidhm a bheith acu díreach tar éis deireadh na héigeandála a fhógairt nó trátha dhéanann an Coimisiún a chinneadh, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 11(8), an chéad fhomhír, nach bhfuil údar leis an bhfógra éigeandála, nó nach bhfuil údar leis a thuilleadh.’
;(10)
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:
‘Airteagal 13a
Comhar idir na Ballstáit a bhfuil nasc indíreach acu agus a úsáideann bearta margadhbhunaithe (bearta deonacha)
1. Gan dochar do phrionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh, beidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás ina rannchuideoidh na Ballstáit atá nasctha go hindíreach trí Bhallstát eile agus a bhfuil iarraidh ar ranníocaíocht dheonach faighte acu de bhun mhír 2 den Airteagal seo leis na toirteanna gáis arna n-iarraidh a sholáthar de bhun Airteagal 13(1) nó (2), agus úsáid á baint acu as bearta deonacha dá dtagraítear in Airteagal 13(3), pointe (c).
2. Féadfaidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht faoi Airteagal 13 iarraidh ar ranníocaíocht dheonach a sheoladh ar bhonn bearta margadhbhunaithe go comhuaineach chuig Ballstát amháin eile nó níos mó atá nasctha go hindíreach chun an tairiscint nó an teaglaim is buntáistí de thairiscintí a lorg, ar bhonn chostas, luas seachadta, iontaofacht agus éagsúlú na soláthairtí gáis de bhun Airteagal 13(4).
Déanfar iarrataí de bhun na chéad fhomhíre den Airteagal seo a chur faoi bhráid na mBallstát a bhfuil nasc indíreach acu agus a d’fhéadfadh a bheith in ann toirteanna gáis a sholáthar ar bhonn bearta deonacha, chuig an gCoimisiún agus chuig na bainisteoirí géarchéime arna n-ainmniú de bhun Airteagal 10(1), pointe (g), 48 uair an chloig ar a laghad roimh an am seachadta gáis atá sonraithe. Áireofar sna hiarrataí sin ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 13(8b).
Na Ballstáit a gheobhaidh an iarraidh de bhun na chéad fhomhíre den Airteagal seo, tabharfaidh siad freagra don Bhallstát iarrthach, agus cuirfidh siad an Coimisiún agus na bainisteoirí géarchéime arna n-ainmniú de bhun Airteagal 10(1), pointe (g), ar an eolas laistigh de 18 n-uair an chloig, agus cuirfidh siad in iúl an féidir leo tairiscint a dhéanamh le haghaidh toirteanna gáis ar bhonn bearta deonacha. Áireofar sa fhreagra ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13(8a). Féadfaidh na Ballstáit freagairt trína léiriú nach bhfuil siad in ann rannchuidiú le bearta margadhbhunaithe a úsáid.
3. Nuair nach sroicheann suim na dtoirteanna gáis a tháinig as na tairiscintí de bhun Airteagal 13(1) agus (2) agus na dtairiscintí de bhun an Airteagail seo na toirteanna a cheanglaítear, roghnófar go huathoibríoch tairiscintí de bhun an Airteagail seo.
Nuair is mó suim na dtoirteanna gáis de thoradh na dtairiscintí de bhun Airteagal 13(1) agus (2) agus na dtairiscintí de bhun an Airteagail seo ná na toirteanna a éilítear, cuirfear tairiscintí de bhun an Airteagail seo san áireamh le linn roghnú na dtairiscintí de bhun Airteagal 13(4), agus déanfaidh an Ballstát iarrthach, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit uile lena mbaineann, an tairiscint is buntáistí, nó meascán de thairiscintí i measc tairiscintí de bhun Airteagal 13 nó an Airteagail seo, a lorg ar bhonn costais, luas seachadta, iontaofachta agus éagsúlaithe. I gcás ina roghnaíonn na Ballstáit iarrthacha ranníocaíochtaí faoin Airteagal seo, laghdófar an iarraidh de bhun Airteagal 13(1) agus (2) dá réir sin.
Cuirfidh an Ballstát iarrthach in iúl do na Ballstáit lena mbaineann cé na toirteanna a roghnaigh sé laistigh de 6 huaire an chloig tar éis dó an tairiscint a fháil agus ar a laghad 24 uair an chloig roimh an am seachadta gáis atá luaite.
4. I gcás ina soláthraíonn Ballstát atá nasctha go hindíreach ranníocaíocht dheonach ar bhonn bearta margadhbhunaithe don Bhallstát iarrthach de bhun mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo, ní rachaidh cúiteamh cóir thar chostais réasúnacha agus féadfar na costais dá dtagraítear in Airteagal 13(8a), an dara fomhír, a áireamh leis. Beidh méid deiridh an chúitimh chóir faoi réir an tsásra rialaithe ex post a thuairiscítear in Airteagal 13(8c).
5. Comhoibreoidh oibreoirí córais tarchuir na mBallstát lena mbaineann agus malartóidh siad faisnéis trí úsáid a bhaint as an gCóras ReCo don Ghás arna bhunú ag ENTSOG de bhun Airteagal 3(6), chun an acmhainn idirnaisc atá ar fáil a shainaithint laistigh de 6 huaire an chloig tar éis iarraidh a fháil ó Bhallstát nó ón gCoimisiún. Cuirfidh ENTSOG an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ar an eolas dá réir.’
;(11)
in Airteagal 14(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Tar éis éigeandála, déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1, a luaithe is féidir agus, ar a dhéanaí, 6 seachtaine tar éis deireadh a bheith curtha leis an éigeandáil, measúnú mionsonraithe a sholáthar don Choimisiún gan mhoill ar an éigeandáil agus ar éifeachtacht na mbeart a cuireadh chun feidhme, lena n-áirítear measúnú ar an tionchar eacnamaíoch a bhí ag an éigeandáil, ar an tionchar ar earnáil an leictreachais agus ar an gcúnamh a soláthraíodh don Aontas agus dá Bhallstát nó a fuarthas uathu. I gcás inarb ábhartha, cuimseofar leis an measúnú sin tuairisc mhionsonraithe ar na tosca arbh iad ba chúis leis an sásra dá dtagraítear in Airteagal 13 a ghníomhachtú agus na coinníollacha faoina bhfuarthas na soláthairtí gáis a bhí in easnamh, lena n-áirítear an praghas agus an cúiteamh airgeadais a íocadh agus, i gás inarb ábhartha, na cúiseanna nár glacadh le tairiscintí dlúthpháirtíochta nó nach ndearnadh gás a sholáthar. Cuirfear an measúnú sin ar fáil do GCG agus léireofar é sna nuashonruithe ar na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus ar na pleananna éigeandála.’
;(12)
in Airteagal 17a, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘2. Áireofar freisin sa tuarascáil a bheidh le cur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Feabhra 2025 measúnú ginearálta ar chur i bhfeidhm Airteagail 6a go 6d, Airteagal 7(1) agus (4), pointe (g), Airteagal 13, Airteagal 13a, Airteagal 16(3), Airteagal 17a, Airteagal 18a, Airteagal 20(4), agus Iarscríbhinní Ia agus Ib. Beidh togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil i gcás inarb iomchuí.’
;(13)
leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
(a)
i mír 2, cuirtear an abairt seo a leanas isteach tar éis na chéad abairte:
‘Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 4 Lúnasa 2024.’
;(b)
i mír 3, cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad abairte:
‘3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(8), Airteagal 7(5), Airteagal 8(5) agus Airteagal 8a(2) a chúlghairm aon tráth.’
;(c)
i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 3(8), Airteagal 7(5), Airteagal 8(5) nó Airteagal 8a(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfadh siad aon agóid.’
;(14)
leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:
(a)
i roinn 5, an chéad fhomhír, pointe (a), an dara fomhír, cuirtear isteach an fleasc seo a leanas tar éis an dara fleasc ‘bearta chun bealaí gáis agus foinsí soláthair a éagsúlú,’;
‘—
bearta chun bac a chur le cnapaireacht acmhainne,’
;
(b)
i roinn 11.3, an chéad fhomhír pointe (a), an dara fomhír, cuirtear isteach an fleasc seo a leanas tar éis an dara fleasc ‘bearta chun bealaí gáis agus foinsí soláthair a éagsúlú,’:
‘—
bearta chun bac a chur le cnapaireacht acmhainne;’.
Airteagal 85
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/942
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/942 mar a leanas:
(1)
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a)
tuairimí agus moltaí a eisiúint a dhíreofar chuig oibreoirí córais tarchuir, ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine (ENNOH), eintiteas AE do OCDanna, na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha agus oibreoirí ainmnithe sa mhargadh leictreachais agus eintitis a bhunaíonn oibreoirí córais tarchuir do ghás nádúrtha, oibreoirí córais GNL, oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha nó oibreoirí stórála hidrigine nó oibreoirí gréasáin hidrigine;’
;
(2)
in Airteagal 3(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Arna iarraidh sin do ACER, déanfaidh na húdaráis rialála, ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, na lárionaid comhordaithe, eintiteas AE do OCDanna, na hoibreoirí córais tarchurtha gáis nádúrtha, oibreoirí gréasáin hidrigine, na hoibreoirí margaidh leictreachais ainmnithe, agus eintitis arna mbunú ag oibreoirí córais tarchuir do ghás nádúrtha, oibreoirí córais GNL, oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha nó oibreoirí stórála hidrigine nó oibreoirí críochfoirt hidrigine, déanfaidh siad an fhaisnéis a chur ar fáil do ACER ar an leibhéal céanna sonraíochta chun críche cúraimí ACER a dhéanamh faoin Rialachán seo, murar iarr ACER an fhaisnéis sin agus mura bhfuair sí cheana í.’
;(3)
leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:
‘1. Déanfaidh ACER tuairim a thabhairt don Choimisiún maidir le dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta ENTSO don Leictreachas, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialachán (AE) 2019/943, agus maidir le dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta ENTSO don Ghás, i gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Rialachán (EU) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) agus maidir le ENNOH i gcomhréir le hAirteagal 57(9) de Rialachán (AE) 2024/1789 agus maidir le dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta eititeas AE do OCDanna i gcomhréir le hAirteagal 53(3) de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 40(4) de Rialachán (AE) 2024/1789.
2. Déanfaidh ACER faireachán ar fhorghníomhú chúraimí ENTSO don Leictreachas i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/943, ar fhorghníomhú chúraimí ENTSO don Ghás i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (CE) (EU) 2024/1789 agus ar fhorghníomhú chúraimí ENNOH i gcomhréir le hAirteagal 64 de Rialachán (EU) 2024/1789 agus ar fhorghníomhú chúraimí eintiteas AE do OCDanna arna leagan amach in Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2019/943 agus in Airteagal 41 de Rialachán (EU) 2024/1789.
3. Féadfaidh ACER tuairim a chur ar fáil:
(a)
do ENTSO don Leictreachas i gcomhréir le hAirteagal 30(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/943 agus do ENTSO don Ghás i gcomhréir le Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2024/1789, do ENNOH i gcomhréir le hAirteagal 59(1) den Rialachán sin maidir le cóid ghréasáin;
(b)
do ENTSO don Leictreachas i gcomhréir le hAirteagal 32(2) de Rialachán (AE) 2019/943 agus do ENTSO don Ghás i gcomhréir le Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2024/1789 agus do ENNOH i gcomhréir le hAirteagal 60(2) de Rialachán (AE) 2024/1789 maidir leis an dréachtphlean forbartha gréasáin uile-Aontais agus maidir le doiciméid ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 26(3) agus Airteagal 59(1) de Rialachán (AE) 2024/1789, agus cuspóirí an neamh-idirdhealaithe, na hiomaíochta éifeachtaí agus fheidhmiú cuí agus slán na margaí inmheánacha don leictreachas, don hidrigin agus don ghás nádúrtha á gcur i gcuntas;
(c)
d’eintiteas AE do OCDanna maidir leis an dréachtchlár oibre bliantúil agus le doiciméid ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagal 55(2) de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 41(3) de Rialachán (AE) 2024/1789, agus na cuspóirí a bhaineann le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach agus le feidhmiú cuí agus slán an mhargaidh inmheánaigh do leictreachas, hidrigin agus gás nádúrtha á gcur i gcuntas.
(*3) Rialachán (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir leis na margaí inmheánacha i gcomhair gás in-athnuaite, gás nádúrtha agus hidrigin, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011, (AE) 2017/1938, (AE) 2019/942 agus (AE) 2022/869 agus Cinneadh (AE) 2017/684 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L, 2024/1789, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1789/oj).’;"
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6, 7 agus 8:
‘6. Comhordóidh na húdaráis rialála ábhartha chun a shainaithint go comhpháirteach an ndéanann ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, eintiteas AE do OCDanna nó lárionaid comhordúcháin réigiúnacha a n-oibleagáidí a neamhchomhlíonadh faoi dhlí an Aontais agus gníomhóidh siad go hiomchuí i gcomhréir le hAirteagal 59(1) pointe (c), agus Airteagal 62(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2019/944 nó le hAirteagal 78(1), pointe (e) de Threoir (EU) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**).
Arna iarraidh sin d’údarás rialála amháin nó níos mó nó ar a tionscnamh féin, déanfaidh ACER tuairim réasúnaithe chomh maith le moladh a eisiúint chuig ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, eintiteas AE do OCDanna nó na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha maidir le comhlíonadh a n-oibleagáidí.
7. I gcás ina sainaithneofar cás i dtuairim réasúnaithe ó ACER ina bhféadfadh sé nár chomhlíon ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, eintiteas AE do OCDanna nó lárionad comhordúcháin réigiúnach a gcuid oibleagáidí faoi seach, déanfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann cinntí comhordaithe d’aon toil lena suífear neamhchomhlíonadh le hoibleagáidí ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, tiocfaidh siad ar chomhaontú ar na bearta a bheidh le déanamh ag ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, eintiteas AE do OCDanna nó lárionad comhordúcháin réigiúnach chun an neamhchomhlíonadh sin a réiteach. I gcás nach n-éiríonn leis na húdaráis náisiúnta rialála cinntí comhordaithe den sórt sin a dhéanamh d’aon toil laistigh de 4 mhí ó dháta eisiúna tuairim réasúnaithe ACER, cuirfear an cás faoi bhráid ACER lena chinneadh, de bhun Airteagal 6(10).
8. Mura mbeidh an sárú atá déanta ag ENTSO don Leictreachas, ENSO don Ghás, ENNOH, eintiteas AE do OCDanna nó lárionad comhordúcháin réigiúnach, a sainaithníodh de bhun mhír 6 nó 7 den Airteagal seo, leigheasta laistigh de 3 mhí, nó i gcás nach bhfuil gníomhaíocht déanta ag an údarás rialála sa Bhallstát ina bhfuil a shuíomh ag an eintiteas chun comhlíonadh a áirithiú, eiseoidh ACER moladh don údarás rialála go ndéanfaí gníomhaíocht, i gcomhréir le hAirteagal 59(1), pointe (c), agus Airteagal 62(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2019/944 nó le hAirteagal 78(1), pointe (f) de Threoir (EU) 2024/1788, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, eintiteas AE do OCDanna nó an lárionad comhordúcháin réigiúnach a n-oibleagáidí, agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas.
(**) Treoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le comhrialacha do na margaí inmheánacha sa ghás in-athnuaite, sa ghás nádúrtha agus sa hidrigin, lena leasaítear Treoir (AE) 2023/1791 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/73/CE (IO L, 2024/1788, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1788/oj.).’;"
(4)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1):
‘1. Glacfaidh ACER páirt i bhforbairt cód gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagail 71 agus 72 de Rialachán (AE) 2024/1789 agus i bhforbairt treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 61(6) de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 74(5) de Rialachán (AE) 2024/1789. Déanfaidh sé na nithe seo a leanas go háirithe:
(a)
dréacht-chreat treoirlínte neamhcheangailteacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi Airteagal 59(4) de Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi Airteagal 71(4) nó Airteagal 72(4) de Rialachán (AE) 2024/1789. Athbhreithneoidh ACER na creat-treoirlínte a agus cuirfidh sí faoi bhráid an Choimisiúin athuair iad i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi Airteagal 59(7) de Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi Airteagal 71(7) nó Airteagal 72(7) de Rialachán (AE) 2024/1789;
(b)
an cód gréasáin a athbhreithniú i gcomhréir le Airteagal 59(11) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 71(11) nó Airteagal 72(11) de Rialachán (AE) 2024/1789. Ina athbhreithniú, cuirfidh ACER san áireamh na tuairimí a sholáthair gach páirtí lena mbaineann agus an cód gréasáin athbhreithnithe á dhréachtú faoi stiúir ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH nó eintiteas AE do OCDanna, agus rachaidh sí i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha maidir leis an leagan a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin. Chuige sin, féadfaidh ACER, i gcás inarb iomchuí, an coiste dréachtaithe a bunaíodh faoi na cóid ghréasáin a úsáid. Tuairisceoidh ACER don Choimisiún ar thoradh na gcomhairliúchán. Ina dhiaidh sin, cuirfidh ACER an cód gréasáin athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le Airteagal 59(11) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 71(11) nó Airteagal 72(11) de Rialachán (AE) 2024/1789. I gcás nár fhorbair ENTSO don Leictreachas nó ENTSO don Ghás nó eintiteas AE do OCDanna cód gréasáin, déanfaidh ACER dréachtchód gréasáin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi Airteagal 59(12) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 71(12) nó Airteagal 72(12) de Rialachán (AE) 2024/1789;
(c)
tuairim chuí-réasúnaithe a sholáthar don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 27(1) nó Airteagal 64(2) de Rialachán (AE) 2024/1789 maidir le ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH nó eintiteas AE do OCDanna, gur mhainnigh siad cód gréasáin arna tharraingt suas faoi Airteagal 30(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 26(1) nó Airteagal 59(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1789 nó cód gréasáin arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 59(3) go (12) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 71(3) go (12) nó Airteagal 72(3) go (12) de Rialachán (AE) 2024/1789 ach nach bhfuil glactha ag an gCoimisiún faoi Airteagal 59(13) de Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi Airteagal 71(13) nó Airteagal 72(13) de Rialachán (AE) 2024/1789.
(d)
faireachán agus anailís ar chur chun feidhme na gcód gréasáin arna nglacadh ag an gCoimisiúin i gcomhréir le Airteagal 59 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagail 71 agus 72 de Rialachán (AE) 2024/1789 agus na dtreoirlínte arna nglacadh i gcomhréir le Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 74 de Rialachán (AE) 2024/1789, agus ar a n-éifeacht ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme, arb é is aidhm dóibh comhtháthú an mhargaidh a éascú, agus ar neamh-idirdhealú, ar iomaíocht éifeachtach agus ar fheidhmiú cuí an mhargaidh, agus tíolacfaidh sí tuarascáil don Choimisiún.’
;(5)
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Faoin 5 Iúil 2022 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le neamhspleáchas na n-údarás rialála, de bhun Airteagal 57(7) de Threoir (AE) 2019/944 agus Airteagal 76(6) de Threoir (AE) 2024/1788’
;(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5. Arna iarraidh sin d’aon údarás rialála amháin nó níos mó nó don Choimisiún, tabharfaidh ACER tuairim fhíorasach i dtaobh an gcomhlíonann cinneadh a rinne údarás rialála na cóid gréasán agus na treoirlínte dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/943, i Rialachán (EU)2024/1789, i dTreoir (AE) 2019/944 nó i dTreoir (EU) 2024/1788, nó an gcomhlíonann sé forálacha ábhartha eile de chuid na rialachán nó na dtreoracha sin, nó in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/1938.’
;(c)
cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:
‘9a. Eiseoidh ACER moltaí chuig oibreoirí córais tarchuir, oibreoirí córais dáileacháin, oibreoirí gréasáin hidrigine agus údaráis rialála, maidir leis na modheolaíochtaí chun leithdháileadh idir-ama costas a shocrú de bhun Airteagal 5(6), an chéad fhomhír, de Rialachán (EU) 2024/1789.
Féadfaidh ACER moltaí a eisiúint d’oibreoirí córais tarchuir, d’oibreoirí córas dáileacháin, d’oibreoirí gréasáin hidrigine agus d’údaráis rialála, maidir leis na boinn sócmhainní rialála de bhun Airteagal 5(6), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2024/1789.
9b. Féadfaidh ACER moltaí a eisiúint chuig údaráis rialála maidir le leithdháileadh costas réitigh ar shrianta ar shreafaí trasteorann i ngeall ar dhifríochtaí sa ghás de bhun Airteagal 21(11) de Rialachán (AE) 2024/1789.
9c. Féadfaidh ACER moltaí a eisiúint chuig údaráis rialála maidir le leithdháileadh costas réitigh ar shrianta ar shreafaí trasteorann i ngeall ar dhifríochtaí i gcáilíocht hidrigine de bhun Airteagal 55(8) de Rialachán (AE) 2024/1789.
9d. Foilseoidh ACER tuarascálacha faireacháin ar phlódú ag pointí idirnaisc de bhun phointí 2.2.1(2) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (EU) 2024/1789.’
;(d)
leasaítear mír 10 mar a leanas:
(i)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Beidh ACER inniúil chun cinntí aonair a ghlacadh maidir le saincheisteanna rialála a bhfuil éifeacht acu ar thrádáil trasteorann nó ar shlándáil na gcóras trasteorann lena gceanglaítear cinneadh comhpháirteach ó dhá údarás rialála ar a laghad, i gcás gur tugadh na hinniúlachtaí sin do na húdaráis rialála faoi cheann amháin de na gníomhartha dlí seo a leanas:
(a)
gníomh reachtach de chuid an Aontais arna ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach;
(b)
cóid ghréasáin agus treoirlínte dá dtagraítear in Airteagail 59 go 61 de Rialachán (AE) 2019/943 arna nglacadh roimh an 4 Iúil 2019 agus athbhreithnithe ina dhiaidh sin ar na cóid ghréasáin agus na treoirlínte sin;
(c)
cóid ghréasáin agus treoirlínte dá dtagraítear in Airteagail 59 go 61 de Rialachán (AE) 2019/943 arna nglacadh mar ghníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011;
(d)
treoirlínte de bhun Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (EU) 2024/1789; nó
(e)
cóid ghréasáin agus treoirlínte dá dtagraítear in Airteagail 71 go 74 de Rialachán (EU) 2024/1789.’
;(ii)
sa dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a)
i gcás nach n-éiríonn leis na húdaráis inniúla rialála teacht ar chomhaontú laistigh de 6 mhí tar éis an cás a tharchur chuig an údarás deiridh de na húdaráis rialála sin, nó laistigh de 4 mhí i ndáil le cásanna faoi Airteagal 4(7) den Rialachán seo nó faoi Airteagal 59(1), pointe (c) nó Airteagal 62(1), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/944 nó Airteagal 78(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2024/1788;’
;
(iii)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír agus an ceathrú mír:
‘Féadfaidh na húdaráis rialála inniúla a iarraidh go comhpháirteach go ndéanfar an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír den mhír seo a fhadú go ceann tréimhse suas go 6 mhí, ach amháin i ndáil le cásanna faoi Airteagal 4(7) den Rialachán seo nó faoi Airteagal 59(1), pointe (c) nó Airteagal 62(1), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/944 nó Airteagal 78(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2024/1788.
I gcás ina mbeidh na hinniúlachtaí chun saincheisteanna trasteorann a chinneadh dá dtagraítear sa chéad fomhír den mhír seo tugtha do na húdaráis rialála i gcóid ghréasáin nua nó i dtreoirlínte nua dá dtagraítear in Airteagail 59 go 61 de Rialachán (AE) 2019/943 arna nglacadh mar ghníomhartha tarmligthe tar éis an 4 Iúil 2019, ní bheidh ACER inniúil ach ar bhonn deonach de bhun phointe (b) den dara fomhír den mhír seo, agus é sin ar iarraidh a fháil ó 60 % ar a laghad de na húdaráis rialála ábhartha. I gcás nach bhfuil baint ach ag dhá údarás inniúla leis, féadfaidh ceann ar bith acu an cás a tharchur chuig ACER.’
;(e)
i mír 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a)
eiseoidh sé cinneadh laistigh de 6 mhí ó dháta an tarchuir, nó laistigh de 4 mhí ó dháta an tarchuir i ndáil le cásanna de bhun Airteagal 4(7) den Rialachán seo nó de bhun Airteagal (59)(1), pointe (c), nó Airteagal 62(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2019/944 nó Airteagal 78(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2024/1788 agus’
;
(6)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(1):
‘1. Agus a cúraimí á ndéanamh aici, go háirithe sa phróiseas chun creat-treoirlínte a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagail 71 agus 72 de Rialachán (AE) 2024/1789 agus le linn leasuithe ar chóid ghréasáin a mholadh faoi Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi Airteagal 73 de Rialachán (AE) 2024/1789 Rachaidh ACER i gcomhairle go forleathan, ag céim luath, le rannpháirtithe sa mhargadh, le hoibreoirí córais tarchuir, le hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine, le tomhaltóirí, le húsáideoirí deiridh agus, i gcás inarb ábhartha, le húdaráis iomaíochta, gan dochar dá n-inniúlacht faoi seach, ar bhealach oscailte agus trédhearcach, go háirithe nuair a bhaineann a cúraimí le hoibreoirí córas tarchuir agus le hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine.’
;(7)
leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Déanfaidh ACER, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear na húdaráis rialála, agus gan dochar d’inniúlachtaí na n-údarás iomaíochta, faireachán ar na margaí mórdhíola agus miondíola sa leictreachas agus sa ghás nádúrtha, go háirithe ar leibhéil agus ar mhúnlú praghsanna miondíola agus mórdhíola, chun a éascú gur féidir leis na húdaráis ábhartha iompraíocht fhrithiomaíoch, éagórach nó neamhthrédhearcach a d’fhéadfadh a bheith ag oibreoirí margaidh a shainaithint, agus maidir le comhlíonadh chearta na dtomhaltóirí a leagtar síos i dTreoir (AE) 2019/944 agus i dTreoir (AE) 2024/1788, ar thionchar na bhforbairtí margaidh ar chustaiméirí teaghlaigh, ar rochtain ar na gréasáin lena n-áirítear rochtain ar leictreachas a tháirgtear ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, ar an dul chun cinn a dhéantar i dtaca le hidirnascairí, ar bhacainní féideartha roimh thrádáil trasteorann, lena n-áirítear an tionchar atá ag hidrigin a chumasc sa chóras gáis nádúrtha agus ag bacainní ar an sreabhadh meatáin trasteorann, ar bhacainní rialála d’iontrálaithe nua sa mhargadh agus do pháirtithe níos lú sa mhargadh, lena n-áirítear pobail fuinnimh do shaoránaigh agus pobail fuinnimh in-athnuaite, ar idirghabhálacha Stáit a chuireann cosc ar phraghsanna a bheith ina léiriú ar an teirce iarbhír, amhail mar a leagtar amach in Airteagal 10(4) de Rialachán (AE) 2019/943, ar fheidhmíocht an Bhallstáit i réimse shlándáil an tsoláthair leictreachais ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe Eorpaigh ar leordhóthanacht acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán sin, go háirithe ag cur san áireamh an mheastóireacht ex post dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2019/941.
Déanfaidh ACER, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún na Ballstáit agus na húdaráis náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear na húdaráis rialála, agus gan dochar d’inniúlachtaí na n-údarás iomaíochta, faireachán ar na margaí hidrigine, go háirithe ar thionchar na bhforbairtí margaidh ar chustaiméirí hidrigine, ar an rochtain ar an ngréasán hidrigine, lena n-áirítear rochtain ar an ngréasán hidrigine a tháirgtear ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, ar an dul chun cinn a dhéanfar i leith na n-idirnascairí agus bacainní ar thrádáil a d’fhéadfadh a bheith ann.’
;(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Gach bliain, foilseoidh ACER tuarascáil ar thorthaí an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 1. Sa tuarascáil sin, sainaithneofar aon bhacainní ar chomhlánú na margaí inmheánacha do leictreachas, gás nádúrtha hidrigin.’
;(c)
cuirtear na míreanna seo a leanas leis:
‘6. foilseoidh ACER staidéir ina ndéanfar comparáid idir éifeachtúlacht costas na n-oibreoirí córais tarchuir san Aontas de bhun Airteagal 19(2) den Rialachán (AE) 2024/1789.
7. cuirfidh ACER tuairimí isteach lena bhforálfar maidir le formáid chomhchuibhithe le haghaidh foilsiú faisnéise teicniúla maidir le rochtain ar ghréasáin tarchurtha hidrigine agus foilseoidh sé tuarascáil faireacháin ar phlódú ag pointí idirnaisc de bhun na dtreoirlínte a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1789.’.
Airteagal 86
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2022/869
Leasaítear Rialachán (AE) 2022/869 mar a leanas:
(1)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 11, 12 agus 13:
‘Airteagal 11
Anailís costais is tairbhe uile-chórais ar fhuinneamh
1. Déanfaidh ENTSO don Leictreachas agus Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine (ENNOH) dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) dréacht-mhodheolaíochtaí comhsheasmhacha aon earnála a dhréachtú, lena n-áirítear an gréasán fuinnimh agus an tsamhail mhargaidh dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo, i gcomhair anailís chomhchuibhithe costais is tairbhe uile-chórais ar fhuinneamh ar leibhéal an Aontais le haghaidh tionscadal ar liosta an Aontais a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(a), (b), (d) agus (f) agus i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Déanfar na modheolaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a tharraingt suas i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Iarscríbhinn V, beidh siad bunaithe ar thoimhdí coiteanna lena bhféadfar tionscadail a chur i gcomparáid, agus beidh siad comhsheasmhach le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, chomh maith leis na rialacha agus na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
Cuirfear na modheolaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i bhfeidhm maidir le hullmhú gach plean 10 mbliana uile-Aontais maidir le forbairt gréasáin ina dhiaidh sin arna fhorbairt ag ENTSO don Leictreachas de bhun Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2019/943 nó ag ENNOH de bhun Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2024/1789.
Faoin 24 Aibreán 2023, foilseoidh ENTSO don Leictreachas a dhréacht-mhodheolaíocht chomhsheasmhach earnála aonair agus cuirfidh sé faoi bhráid na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta í, tar éis dó ionchur a bhailiú ó na geallsealbhóirí ábhartha le linn an phróisis comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Aon mhodheolaíocht le haghaidh anailís costais is tairbhe uile-chórais ar hidrigin arna forbairt ag ENTSO don Ghás faoin 1 Meán Fómhair 2024, déanfar í a fhormheas i gcomhréir leis an bpróiseas a leagtar síos san Airteagal seo. Faoin 1 Nollaig 2025, foilseoidh ENNOH a dhréacht-mhodheolaíocht chomhsheasmhach earnála aonair agus cuirfidh sé faoi bhráid na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta í, tar éis dó ionchur a bhailiú ó na geallsealbhóirí ábhartha le linn an phróisis comhairliúcháin de bhun Airteagal 61(3), pointe (d), de Rialachán (AE) 2024/1789.
2. Sula gcuirfidh siad a gcuid dréacht-mhodheolaíochtaí faoi seach faoi bhráid na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta i gcomhréir le mír 1, foilseoidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH réamh-dhréacht-mhodheolaíochtaí agus seolfaidh siad próiseas forleathan comhairliúcháin agus lorgóidh siad moltaí ó na Ballstáit agus, ar a laghad, ó na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí ábhartha ar fad, lena n-áirítear an t-eintiteas Eorpach d’oibreoirí córais dáileacháin arna bhunú de bhun Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) 2019/943 (“eintiteas AE do OCDanna”), comhlachais a bhfuil baint acu leis na margaí leictreachais, gáis nádúrtha agus hidrigine, geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú, gabháil agus stóráil carbóin agus gabháil agus úsáid carbóin, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha ar éileamh, eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí fuinnimh, ionadaithe na sochaí sibhialta agus, i gcás ina meastar é a bheith iomchuí, na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile.
Laistigh de 3 mhí ó fhoilsiú na réamh-dhréacht-mhodheolaíochtaí tosaigh faoin gcéad fhomhír, féadfaidh aon gheallsealbhóir dá dtagraítear san fhomhír sin moladh a thíolacadh.
Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a bunaíodh faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5), ar a thionscnamh féin, tuairim a thíolacadh maidir leis na dréacht-mhodheolaíochtaí.
I gcás inarb infheidhme, déanfaidh na Ballstáit, agus geallsealbhóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a moltaí a thíolacadh agus a chur ar fáil go poiblí agus déanfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a thuairim a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta agus a chur ar fáil go poiblí agus, de réir mar is infheidhme, a chur faoi bhráid ENTSO don Leictreachas nó ENNOH.
Beidh an próiseas comhairliúcháin oscailte, tráthúil agus trédhearcach. Ullmhóidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH tuarascáil maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí í.
I gcás nach ndearna ENTSO don Leictreachas agus ENNOH na moltaí ó na Ballstáit nó ó na geallsealbhóirí, agus na moltaí ó na húdaráis náisiúnta, nó an tuairim ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, a chur san áireamh, nó nár chuir siad san áireamh ach go páirteach iad, tabharfaidh siad na cúiseanna leis.
3. Laistigh de 3 mhí tar éis na dréacht-mhodheolaíochtaí a fháil in éineacht leis an ionchur a fuarthas sa phróiseas comhairliúcháin agus sa tuarascáil maidir leis an gcomhairliúchán, cuirfidh an Ghníomhaireacht tuairim ar fáil do ENTSO don Leictreachas agus do ENNOH. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra faoina tuairim do ENTSO don Leictreachas, do ENNOH, do na Ballstáit, agus don Choimisiún agus foilseoidh sí ar a suíomh gréasáin í.
4. Laistigh de 3 mhí tar éis na dréacht-mhodheolaíochtaí a fháil, féadfaidh na Ballstáit a dtuairimí a thabhairt do ENTSO don Leictreachas agus do ENNOH agus don Choimisiún. Chun comhairliúchán a éascú, féadfaidh an Coimisiún cruinnithe sonracha de na Grúpaí a eagrú chun na dréacht-mhodheolaíochtaí a phlé.
5. Laistigh de 3 mhí tar éis na tuairimí ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a fháil, leasóidh ENTSO don Leictreachas agus ENTSO don Ghás a modheolaíochtaí faoi seach chun na tuairimí ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit a chur san áireamh go hiomlán agus cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin iad, in éineacht leis an tuairim ón nGníomhaireacht, lena bhformheas. Eiseoidh an Coimisiún a chinneadh laistigh de 3 mhí ón uair a dhéanfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH, faoi seach, na modheolaíochtaí a thíolacadh.
6. Laistigh de 2 sheachtain tar éis an fhormheasa ón gCoimisiún i gcomhréir le mír 5, foilseoidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH a gcuid modheolaíochtaí faoi seach ar a suíomhanna gréasáin. I bhfoirm ata cruinn go leor faoi réir srianta faoin dlí náisiúnta agus faoi réir comhaontuithe rúndachta ábhartha foilseoidh siad na sonraí ionchuir comhfhreagracha agus sonraí ábhartha eile maidir leis an ngréasán, maidir le lód na sreibhe, agus maidir leis an margadh, a fhoilsiú. Áiritheoidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht go ndéanfar na sonraí a gheobhaidh siadsan, agus a gheobhaidh aon pháirtí a dhéanfaidh obair anailíse ar bhonn na sonraí sin thar a gceann, a láimhseáil go rúnda.
7. Déanfar na modheolaíochtaí a nuashonrú agus a fheabhsú go tráthrialta, de réir an nóis imeachta a thuairiscítear i míreanna 1 go 6. Go háirithe, leasófar iad tar éis an gréasán fuinnimh agus an tsamhail mhargaidh dá dtagraítear i mír 10 a thíolacadh. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, ar a tionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó na húdaráis rialála náisiúnta nó ó na geallsealbhóirí, agus tar éis di dul i gcomhairle go foirmiúil leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí ábhartha uile dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, agus leis an gCoimisiún, féadfaidh sí na nuashonruithe agus feabhsúcháin den sórt sin a iarraidh, agus cúiseanna leis sin agus tráthchlár á dtabhairt. Foilseoidh an Ghníomhaireacht na hiarrataí arna ndéanamh ag na húdaráis rialála náisiúnta nó na geallsealbhóirí agus na doiciméid ábhartha go léir nach bhfuil íogair ó thaobh na tráchtála de as a dtiocfaidh iarraidh ón nGníomhaireacht ar nuashonrú nó ar fheabhsúchán.
8. I gcás tionscadail a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(c) agus (e) agus i bpointí (2), (4) agus (5) d’Iarscríbhinn II, áiritheoidh an Coimisiún go bhforbrófar modheolaíochtaí le haghaidh anailís chomhchuibhithe uile-chórais chostais is tairbhe ar fhuinneamh ar leibhéal an Aontais. Beidh na modheolaíochtaí sin comhoiriúnach, ó thaobh tairbhí agus costas de, leis na modheolaíochtaí arna bhforbairt ag ENTSO don Leictreachas agus ag ENNOH. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, le tacaíocht ó na húdaráis rialála náisiúnta, comhsheasmhacht na modheolaíochtaí sin leis na modheolaíochtaí arna bhforbairt ag ENTSO don Leictreachas agus ENNOH a chur chun cinn. Forbrófar na modheolaíochtaí ar bhealach trédhearcach, lena n-áirítear trí dhul i gcomhairle go forleathan leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.
9. Gach 3 bliana, bunóidh agus foilseoidh an Ghníomhaireacht sraith táscairí agus luachanna tagartha comhfhreagracha chun costais infheistíochta aonaid a chur i gcomparáid le haghaidh thionscadail inchomparáide na gcatagóirí bonneagair fuinnimh a áirítear in Iarscríbhinn II. Déanfaidh na tionscnóirí tionscadail na sonraí arna n-iarraidh a sholáthar do na húdaráis rialála náisiúnta agus don Ghníomhaireacht.
Foilseoidh an Ghníomhaireacht na chéad táscairí le haghaidh na gcatagóirí bonneagair a leagtar amach i bpointí (1), (2) agus (3) d’Iarscríbhinn II, faoin 24 Aibreán 2023, sa mhéid go mbeidh sonraí ar fáil chun táscairí stóinsithe agus luachanna tagartha stóinsithe a ríomh. Féadfaidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH na luachanna tagartha sin a úsáid i gcomhair na n-anailísí costais is tairbhe arna ndéanamh le haghaidh pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais iardain.
Foilseoidh an Ghníomhaireacht na chéad táscairí le haghaidh na gcatagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointí (4) agus (5) d’Iarscríbhinn II, faoin 24 Aibreán 2025.
10. Faoin 31 Deireadh Fómhair 2025, tar éis próiseas forleathan comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí sin dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, déanfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH samhail chomhsheasmhach, arna comhtháthú de réir a chéile, a fhágfaidh comhsheasmhacht a bheith ann idir modheolaíochtaí earnála aonair ar bhonn toimhdí coiteanna lena n-áirítear bonneagar tarchurtha leictreachais, gáis nádúrtha agus hidrigine chomh maith le saoráidí stórála gáis nádúrtha, gás nádúrtha leachtaithe agus leictrealóirí, lena gcumhdófar na conairí agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I arna dtarraingt suas i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Iarscríbhinn V, a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta go comhpháirteach.
11. Leis an tsamhail dá dtagraítear i mír 10, cumhdófar, ar a laghad, na hidirnaisc idir na hearnálacha ábhartha ag gach céim den phleanáil bonneagair, go sonrach cásanna, teicneolaíochtaí agus réiteach spásúil, sainaithint bearnaí sa bhonneagar go háirithe maidir le hacmhainn thrasteorann, agus measúnú tionscadal.
12. Tar éis don Choimisiún an tsamhail dá dtagraítear i mír 10 a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 1 go 5, áireofar í sna modheolaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, a leasófar dá réir.
13. Gach 5 bliana ar a laghad, ag tosú ó fhormheas na samhla i gcomhréir le mír 10, agus níos minice i gcás inar gá, déanfar an tsamhail agus na modheolaíochtaí costais is tairbhe earnála aonair comhsheasmhacha a nuashonrú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 7.
14. Go dtí an 1 Eanáir 2027, beidh feidhm ag an Airteagal seo faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2024/1789.
Airteagal 12
Cásanna le haghaidh na bPleananna Deich mBliana maidir le Forbairt Gréasáin
1. Faoin 24 Eanáir 2023, déanfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis di próiseas comhairliúcháin forleathan a chur i gcrích lena mbainfidh an Coimisiún, na Ballstáit, ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, eintiteas AE do OCDanna agus ar a laghad na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar chomhlachais a bhfuil baint acu leis na margaí leictreachais, gáis nádúrtha agus hidrigine, geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú, gabháil agus stóráil carbóin, agus gabháil agus úsáid carbóin, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha ar éileamh, eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí fuinnimh agus ionadaithe na sochaí sibhialta, na creat-treoirlínte le haghaidh na gcásanna comhpháirteacha a bheidh le forbairt ag ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH a fhoilsiú. Déanfar na creat-treoirlínte sin a nuashonrú go tráthrialta de réir mar is gá. Beidh ENNOH rannpháirteach freisin sa phróiseas comhairliúcháin i leith aon nuashonrú ar na creat-treoirlínte.
Sna creat-treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír, bunófar critéir maidir le cásanna a fhorbairt ar bhealach trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus stóinsithe agus dea-chleachtais i réimse an mheasúnaithe ar bhonneagair agus na pleanála maidir le forbairt gréasáin á gcur i gcuntas. Beidh sé d’aidhm freisin ag na creat-treoirlínte a áirithiú go mbeidh na cásanna foluiteacha i leith ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH i gcomhréir go hiomlán le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus le spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050 agus déanfar cásanna sin an Choimisiúin is déanaí a bheidh ar fáil, agus freisin, nuair is ábhartha, na pleananna fuinnimh agus aeráide náisiúnta, a chur i gcuntas iontu.
Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ar a thionscnamh féin, ionchur a sholáthar i dtaca le conas a áirithiú go ndéanfaidh cásanna spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus cuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050 a chomhlíonadh. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht aird chuí ar an ionchur sin sna creat-treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
I gcás nach ndearna na Ballstáit, ó na geallsealbhóirí agus ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a chur san áireamh, nó nár chuir sí san áireamh ach go páirteach iad, tabharfaidh sí na cúiseanna leis.
2. Leanfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH creat-treoirlínte na Gníomhaireachta agus na cásanna comhpháirteacha a bheidh le húsáid i gcomhair na bpleananna 10 mbliana uile-Aontais le haghaidh forbairt gréasáin á bhforbairt acu.
Áireofar dearcadh fadtéarmach go dtí 2050 sna cásanna comhpháirteacha freisin agus áireofar céimeanna idirghabhálacha iontu de réir mar is iomchuí.
3. Tabharfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH cuireadh do na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí ábhartha ar fad, lena n-áirítear eintiteas AE do OCDanna, comhlachais a bhfuil baint acu leis na margaí leictreachais, gáis nádúrtha agus hidrigine, geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú, gabháil agus stóráil carbóin, agus gabháil agus úsáid carbóin, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha ar éileamh, eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí fuinnimh agus ionadaithe na sochaí sibhialta, páirt a ghlacadh sa phróiseas forbartha cásanna, go háirithe maidir le príomhghnéithe amhail toimhdí agus conas a léirítear i sonraí na gcásanna iad.
4. Foilseoidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH an dréacht-tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha agus cuirfidh siad faoi bhráid na Gníomhaireachta, na mBallstát agus an Choimisiúin í chun a dtuairim a fháil ina leith.
Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ar a thionscnamh féin, tuairim a thabhairt ar an tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha.
5. Laistigh de 3 mhí tar éis an dréacht-tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha a fháil in éineacht leis an ionchur a bheidh faighte sa phróiseas comhairliúcháin agus tuarascáil ar conas a bheidh sé curtha i gcuntas, déanfaidh an Ghníomhaireacht a tuairim ar a mhéid a chomhlíonann na cásanna na creat-treoirlínte dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, lena n-áirítear moltaí a d’fhéadfaí a dhéanamh i dtaobh leasuithe, a chur faoi bhráid ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, na mBallstát agus an Choimisiúin.
Laistigh den teorainn ama chéanna, féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ar a thionscnamh féin, tuairim a thabhairt ar chomhoiriúnacht na gcásanna le spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus cuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050.
6. Laistigh de 3 mhí tar éis an tuairim dá dtagraítear i mír 5 a fháil, déanfaidh an Coimisiún, agus na tuairimí ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit á gcur i gcuntas aige, an dréacht-tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha a fhormheas nó iarrfaidh sé ar ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH í a leasú.
Tabharfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH cúiseanna trína míneofar conas a bheidh aghaidh tugtha ar aon iarraidh ón gCoimisiún ar leasuithe.
I gcás nach bhformheasfaidh an Coimisiún an tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha, tabharfaidh sé tuairim réasúnaithe do ENTSO don Leictreachas, do ENTSO don Ghás agus do ENNOH ina leith sin.
7. Laistigh de 2 sheachtain ón uair a fhormheasfar an tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha i gcomhréir le mír 6, foilseoidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH ar a suíomhanna gréasáin í. Foilseoidh siad freisin na sonraí ionchuir agus aischuir comhfhreagracha i bhfoirm atá soiléir agus cruinn go leor go bhféadfaidh tríú páirtí na torthaí a athchruthú, agus an dlí náisiúnta agus comhaontuithe rúndachta agus faisnéis íogair ábhartha á gcur i gcuntas go cuí.
8. Go dtí an 1 Eanáir 2027, beidh feidhm ag an Airteagal seo faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2024/1789.
Airteagal 13
Bearnaí sa bhonneagar a shainaithint
1. Laistigh de 6 mhí ón uair a fhormheasfar an tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha de bhun Airteagal 12(6) agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, foilseoidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH na tuarascálacha ar bhearnaí sa bhonneagar arna gcur i dtoll a chéile faoi chreat na bpleananna 10 mbliana uile-Aontais le haghaidh forbairt gréasáin.
Agus measúnú á dhéanamh acu ar na bearnaí sa bhonneagar, déanfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH a n-anailís a bhunú ar na cásanna arna mbunú faoi Airteagal 12, cuirfidh siad bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme agus breithneoidh siad, ar bhonn tosaíochta, na roghanna malartacha ábhartha uile ar bhonneagar nua. Agus réitigh bhonneagair nua á mbreithniú, déanfar na costais ábhartha go léir, lena n-áirítear treisithe gréasáin, a chur i gcuntas sa mheasúnú ar bhearnaí sa bhonneagar.
Sa mheasúnú ar bhearnaí sa bhonneagar, díreofar go háirithe ar na bearnaí sin sa bhonneagar a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus do chomhlíonadh chuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050.
Sula bhfoilseoidh siad a dtuarascálacha faoi seach, seolfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH próiseas comhairliúcháin forleathan lena mbainfidh na geallsealbhóirí ábhartha ar fad, lena n-áirítear eintiteas AE do OCDanna, comhlachais a bhfuil baint acu leis na margaí leictreachais, gáis nádúrtha agus hidrigine, geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú, gabháil agus stóráil carbóin, agus gabháil agus úsáid carbóin, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha ar éileamh, eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí fuinnimh, ionadaithe na sochaí sibhialta, an Ghníomhaireacht agus ionadaithe uile na mBallstát atá páirteach sna conairí tosaíochta ábhartha maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
2. Déanfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH a ndréacht-tuarascálacha faoi seach ar bhearnaí sa bhonneagar a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta, an Choimisiúin agus na mBallstát chun a dtuairim a fháil ina leith.
3. Laistigh de 3 mhí tar éis an tuarascáil ar bhearnaí sa bhonneagar a fháil in éineacht leis an ionchur a bheidh faighte sa phróiseas comhairliúcháin agus tuarascáil ar conas a bheidh sé curtha i gcuntas, déanfaidh an Ghníomhaireacht a tuairim a chur faoi bhráid ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás nó ENNOH, an Choimisiúin agus na mBallstát agus cuirfidh sí ar fáil go poiblí í.
4. Laistigh de 3 mhí tar éis an tuairim ón nGníomhaireacht dá dtagraítear i mír 3 a fháil, déanfaidh an Coimisiún, agus an tuairim ón nGníomhaireacht á cur i gcuntas aige agus le hionchur ó na Ballstáit, a thuairim a dhréachtú agus a chur faoi bhráid ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás nó ENNOH.
5. Déanfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH a dtuarascálacha ar bhearnaí sa bhonneagar a oiriúnú agus aird chuí á tabhairt acu ar an tuairim ón nGníomhaireacht agus i gcomhréir leis na tuairimí ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí iad.
6. Go dtí an 1 Eanáir 2027, beidh feidhm ag an Airteagal seo faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2024/1789.
(*4) Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir leis na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, gás nádúrtha agus hidrigine, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011, (AE) 2017/1938, (AE) 2019/942 agus (AE) 2022/869 agus Cinneadh (AE) 2017/684 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L, 2024/1789, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1789/oj.)"
(*5) Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (IO L 126, 21.5.2009, lch. 13).’;"
(2)
in Airteagal 31, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘5. Sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, tuigfear go gciallaíonn aon tagairt do “ENTSO don Ghás”“ENTSO don Ghás agus ENNOH” chun críche na bhforálacha idirthréimhseacha de bhun Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2024/1789. Ón 1 Eanáir 2027, tuigfear go gciallaíonn aon tagairt do “ENTSO don Ghás”“ENNOH”.’.
Airteagal 87
Leasú ar Chinneadh (AE) 2017/684
Na hoibleagáidí maidir le fógra a thabhairt le haghaidh comhaontuithe idir-rialtasacha i réimse an fhuinnimh a bhaineann le gás nádúrtha mar a leagtar síos i gCinneadh (AE) 2017/684, forléireofar iad mar oibleagáidí a chuimsíonn comhaontuithe a bhaineann le hidrigin, lena n-áirítear comhdhúile hidrigine amhail amóinia agus iompróirí hidrigine orgánaí leachtaí.
Airteagal 88
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 715/2009. Déanfar tagairtí arna ndéanamh don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 89
Teacht i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 5 Feabhra 2025.
2. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo:
(a)
Beidh feidhm ag Airteagal 11(3), pointe (b), Airteagal 34(6) agus Airteagal 84 ón 1 Eanáir 2025:
(b)
Beidh feidhm ag Roinn 5 ón 1 Eanáir 2025, seachas Airteagail 42, 43, 44, 52, 53 agus 54, a mbeidh feidhm acu ón 4 Lúnasa 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
(1) IO C 323, 26.8.2022, lch. 101.
(2) IO C 498, 30.12.2022, lch 83.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 36).
(5) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(6) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2020 maidir le cur chuige cuimsitheach Eorpach i leith stóráil fuinnimh (2019/2189(INI)) (IO C 371, 15.9.2021, lch. 58).
(7) Rialachán (AE) 2023/857 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus Rialachán (AE) 2018/1999 (IO L 111, 26.4.2023, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) 2023/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 chun foráil a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí loingseoireachta muirí a áireamh i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais agus maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa breise agus astaíochtaí ó chineálacha breise long (IO L 130, 16.5.2023, lch. 105).
(9) Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 234, 22.9.2023, lch. 48).
(10) Rialachán (AE) 2023/2405 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le cothrom na Féinne a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe (ReFuelEU Aviation) (IO L, 2023/2405, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2405/oj).
(11) Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134).
(12) Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1).
(13) Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (IO L, 2023/2413, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj).
(14) Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).
(15) Treoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le comhrialacha do na margaí inmheánacha sa ghás in-athnuaite, sa ghás nádúrtha agus sa hidrigin, lena leasaítear Treoir (AE) 2023/1791 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/73/CE (IO L, 2024/1788, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1788/oj).
(16) Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45).
(17) Rialachán (AE) 2024/1787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942 (IO L, 2024/1787, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1787/oj ).
(18) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(19) Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22).
(20) Rialachán (AE) 2017/459 ón gCoimisiún an 16 Márta 2017 lena mbunaítear cód gréasáin maidir le sásraí leithdháilte acmhainneachta i gcórais tarchuir gáis agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 984/2013 (IO L 72, 17.3.2017, lch. 1).
(21) Rialachán ón gCoimisiún (AE) Uimh. 312/2014 an 26 Márta 2014 lena mbunaítear an Cód Gréasáin maidir le Cothromú Gáis de Gréasáin Tarchuir (IO L 91, 27.3.2014, lch. 15).
(22) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(23) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(24) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(25) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(26) Rialachán ón gCoimisiún (AE) 2015/703 an 30 Aibreán 2015 lena mbunaítear cód gréasáin maidir le hidir-inoibritheacht agus rialacha maidir le malartú sonraí (IO L 113, 1.5.2015, lch. 13).
(27) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(28) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(29) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.).
(30) Cinneadh (AE) 2017/684 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le sásra a bhunú chun eolas a mhalartú i ndáil le comhaontuithe idir-rialtasacha agus ionstraimí neamhcheangailteacha idir na Ballstáit agus tríú tíortha i réimse an fhuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 994/2012/AE (IO L 99, 12.4.2017, lch. 1).
(31) Treoir 2003/55/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 98/30/CE (IO L 176, 15.7.2003, lch. 57).
(32) Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).
(33) Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).
(34) Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis (IO L 173, 30.6.2022, lch. 17).
(35) Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha (IO L 335, 29.12.2022, lch. 1).
(36) Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 326, 8.12.2011, lch. 1).
(37) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(38) Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).
(39) Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).
(40) Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014 (IO L 249, 14.7.2021, lch. 38).
(41) Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (IO L 126, 21.5.2009, lch. 13).
IARSCRÍBHINN I
Treoirlínte
1. An fhaisnéis atá le foilsiú faoin modheolaíocht a úsáidtear chun ioncam rialáilte an oibreora córais tarchuir a shocrú
Déanfaidh an t-údarás rialála nó an t-oibreoir córais tarchuir, de réir mar a chinnfidh an t-údarás rialála, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 1 go 5 a fhoilsiú roimh an tréimhse taraifí.
Soláthrófar an fhaisnéis sin ar leithligh le haghaidh gníomhaíochtaí tarchuir i gcás ina bhfuil an t-oibreoir córais tarchuir ina chuid d’eintiteas tráchtála nó sealbhaíochta níos mó.
1.
An t-eintiteas atá freagrach as na gnéithe éagsúla den mhodheolaíocht a ríomh, a shocrú agus a fhormheas.2.
Tuairisc ar an modheolaíocht, lena n-áirítear tuairisc orthu seo a leanas ar a laghad:(a)
an mhodheolaíocht fhoriomlán, amhail caidhp-ioncam, modheolaíocht hibrideach, costas plus nó tagarmharcáil taraifí;
(b)
an mhodheolaíocht chun an bonn sócmhainní rialála (RAB) a shocrú, lena n-áirítear:
(i)
an mhodheolaíocht chun luach tosaigh (oscailte) na sócmhainní a chinneadh, mar a chuirtear i bhfeidhm ag tús na tréimhse rialála ábhartha agus nuair a ionchorpraítear sócmhainní nua in RAB;
(ii)
an mhodheolaíocht chun sócmhainní a athluacháil;
(iii)
mínithe ar an éabhlóid ar luach na sócmhainní;
(iv)
láimhseáil na sócmhainní díchoimisiúnaithe;
(v)
an mhodheolaíocht dímheasa a chuirtear i bhfeidhm maidir le RAB, lena n-áirítear aon athrú a dhéantar ar na luachanna.
(c)
an mhodheolaíocht chun an costas caipitil a shocrú;
(d)
an mhodheolaíocht chun an caiteachas iomlán (TOTEX) a chinneadh, nó, más infheidhme, chun an caiteachas oibríochtúil (OPEX) agus an caiteachas caipitiúil (CAPEX) a chinneadh;
(e)
an mhodheolaíocht chun an éifeachtúlacht costais a chinneadh, más infheidhme;
(f)
an mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm chun an boilsciú a shocrú;
(g)
an mhodheolaíocht chun préimheanna agus dreasachtaí a chinneadh, más infheidhme;
(h)
na costais neamh-inrialaithe;
(i)
seirbhísí a sholáthraítear laistigh den chuideachta sealbhaíochta, más infheidhme.
3.
Luachanna na bparaiméadar a úsáidtear sa mhodheolaíocht:(a)
luachanna mionsonraithe na bparaiméadar is cuid den chostas cothromais agus den chostas fiachais, nó meánchostas ualaithe an chaipitil arna shloinneadh i gcéatadáin;
(b)
tréimhsí dímheasa i mblianta is infheidhme ar leithligh maidir le píblínte agus comhbhrúiteoirí;
(c)
athruithe ar an tréimhse dímheasa nó ar ghéarú an dímheasa a chuirtear i bhfeidhm maidir le sócmhainní;
(d)
spriocanna éifeachtúlachta i gcéatadáin;
(e)
innéacsanna boilscithe;
(f)
préimheanna agus dreasachtaí.
4.
luachanna na gcostas agus an chaiteachais a úsáidtear chun an t-ioncam ceadaithe nó an sprioc-ioncam a shocrú in euro agus in airgeadra áitiúil:(a)
RAB de réir an chineáil sócmhainne a shonraítear in aghaidh na bliana go dtí go ndímheastar é go hiomlán, lena n-áirítear:
(i)
na hinfheistíochtaí a chuirtear le RAB, de réir an chineáil sócmhainne;
(ii)
an dímheas de réir an chineáil sócmhainne go dtí go ndímheastar go hiomlán na sócmhainní;
(b)
an costas caipitil lena n-áirítear an costas cothromais agus an costas fiachais;
(c)
an caiteachas oibríochtúil;
(d)
préimheanna agus dreasachtaí a shonraítear ar leithligh in aghaidh gach míre.
5.
Táscairí airgeadais atá le soláthar don oibreoir córais tarchuir. I gcás ina bhfuil an t-oibreoir córais tarchuir ina chuid de shealúchas níos mó nó gnóthas níos mó, soláthrófar na luachanna sin ar leithligh don oibreoir córais tarchuir, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:(a)
tuilleamh roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchadh (EBITDA)
(b)
tuilleamh roimh ús agus cáin (EBIT);
(c)
toradh ar shócmhainní I (ROA) = EBITDA / SBR;
(d)
toradh ar shócmhainní II (ROA) = EBIT / SBR;
(e)
toradh ar chothromas (ROE) = Brabús / Cothromas;
(i)
toradh ar chaipiteal a úsáidtear (RoCE);
(ii)
an cóimheas giarála;
(iii)
glanfhiachas / (Glanfhiachas + Cothromas);
(iv)
glanfhiachas / EBITDA
Soláthróidh an t-údarás rialála nó an t-oibreoir córais tarchuir samhail taraife shimplithe lena n-áireofar paraiméadair dhí-chomhiomlánaithe agus luachanna na modheolaíochta agus lenar féidir ríomh ioncam ceadaithe nó sprioc-ioncam an oibreora córais tarchuir a mhacasamhlú.
6.
Coimeádfaidh na hoibreoirí córais tarchuir cuntas laethúil ar an gcothabháil iarbhír agus ar an idirbhriseadh iarbhír ar shreafaí arna dtarlú, agus cuirfidh siad ar fáil don údarás rialála é, arna iarraidh sin dó. Cuirfear faisnéis ar fáil freisin do na tomhaltóirí a ndéanfaidh aon idirbhriseadh difear dóibh, arna iarraidh sin dóibh.2. Prionsabail maidir le sásraí leithdháilte acmhainne agus nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú a bhaineann le hoibreoirí córais tarchuir agus cur i bhfeidhm na bprionsabal sin i gcás plódú conarthach.
2.1. Prionsabail maidir le sásraí leithdháilte acmhainne agus nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú a bhaineann le hoibreoirí córais tarchuir.
1.
Le sásra leithdháilte acmhainne agus nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú, éascófar forbairt na hiomaíochta mar aon le trádáil leachtach na hacmhainne agus beidh siad comhoiriúnach le sásraí margaidh lena n-áirítear spotmhargaí agus moil trádála. Beidh siad solúbtha agus beifear in ann iad a chur in oiriúint do chúinsí athraitheacha an mhargaidh.2.
Sna sásraí agus nósanna imeachta sin, déanfar sláine an chórais lena mbaineann mar aon le slándáil an tsoláthair a chur i gcuntas.3.
Ní bheidh na sásraí ná na nósanna imeachta sin ina mbac ar rannpháirtithe nua a dhul isteach sa mhargadh ná ní fhágfaidh siad bacainní míchuí a bheith ann ar dhul isteach sa margadh. Ní chuirfidh siad cosc ar rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear iontrálaithe nua sa mhargadh agus cuideachtaí a bhfuil sciar beag den mhargadh acu, dul in iomaíocht go héifeachtach.4.
Leis na sásraí agus na nósanna imeachta sin, soláthrófar comharthaí eacnamaíocha iomchuí maidir le húsáid éifeachtach agus uasta na hacmhainne teicniúla agus éascófar infheistíocht i mbonneagar nua.5.
Cuirfear na húsáideoirí gréasáin ar an eolas faoin gcineál imthoisce a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’infhaighteacht na hacmhainne conarthaí. Beidh an fhaisnéis ar an idirbhriseadh ina léiriú ar an leibhéal faisnéise atá ar fáil don oibreoir córais tarchuir.6.
I gcás ina mbíonn deacrachtaí ann na hoibleagáidí conarthacha maidir le seachadadh a chomhlíonadh de bharr cúiseanna a bhaineann le sláine an chórais, tabharfaidh na hoibreoirí córais tarchuir fógra do na húsáideoirí gréasáin faoi sin agus déanfaidh siad iarracht ar theacht ar réiteach neamh-idirdhealaitheach gan mhoill.Rachaidh na hoibreoirí córais tarchuir i gcomhairle leis na húsáideoirí gréasáin maidir le nósanna imeachta sula gcuirfear chun feidhme iad agus comhaontóidh siad iad leis an údarás rialála.
2.2. Nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú i gcás plódú conarthach
2.2.1. Forálacha ginearálta
1.
Beidh feidhm ag an bpointe seo maidir le pointí idirnaisc idir córais iontrála-scoir chóngaracha, gan beann ar cibé acu atá siad ina gcórais fhisiceacha nó ina gcórais fhíorúla, idir dhá Bhallstát nó níos mó nó san aon Bhallstát sa mhéid go bhfuil na pointí faoi réir nósanna imeachta áirithinte úsáideoirí. Féadfaidh feidhm a bheith ag an bpointe seo freisin maidir le pointí iontrála ó thríú tíortha agus pointí scoir go tríú tíortha, faoi réir cinneadh ón údarás rialála ábhartha. Níl pointí scoir chuig tomhaltóirí deiridh agus gréasáin dáileacháin, pointí iontrála ó chríochfoirt GNL agus saoráidí táirgthe, ná pointí iontrála ó shaoráidí stórála gáis nádúrtha agus pointí scoir chuig saoráidí stórála gáis nádúrtha, faoi réir an phointe seo.2.
Ar bhonn na faisnéise arna foilsiú ag na hoibreoirí córais tarchuir de bhun phointe 3 den Iarscríbhinn seo agus, i gcás inarb iomchuí, arna bailíochtú ag na húdaráis rialála, foilseoidh ACER tuarascáil faireacháin ar phlódú ag pointí idirnaisc i ndáil le táirgí acmhainne doichte arna ndíol an bhliain roimhe sin, agus trádáil acmhainne ar an margadh tánaisteach agus úsáid acmhainne in-idirbhriste á gcur san áireamh a mhéid is féidir.Foilseofar an tuarascáil faireacháin gach 2 bhliain. Foilseoidh ACER tuarascálacha breise, arna iarraidh sin go cuí-réasúnaithe ag an gCoimisiún, tráth nach minice ná uair sa bhliain.
3.
Aon acmhainn bhreise a chuirfear ar fáil trí cheann de na nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú dá bhforáiltear i bpointí 2.2.2 go 2.2.5 a chur i bhfeidhm, tairgfidh na hoibreoirí córais tarchuir ábhartha í sa ghnáthphróiseas leithdháilte.2.2.2. Méadú ar acmhainn tríd an scéim ró-shuibscríofa agus aischeannaigh
1.
Molfaidh na hoibreoirí córais tarchuir go mbeadh scéim ró-shuibscríofa agus aischeannaigh atá bunaithe ar dhreasachtaí ann chun acmhainn bhreise a thairiscint ar bhonn docht, agus, tar éis don údarás rialála í a fhormheas, cuirfidh siad chun feidhme í. Sula gcuirfear an scéim sin chun feidhme, rachaidh an t-údarás rialála i gcomhairle le húdaráis rialála na mBallstát cóngarach agus tuairimí na n-údarás rialála cóngarach á gcur i gcuntas go cuí. Tagraíonn acmhainn bhreise don acmhainn dhocht a thairgtear sa bhreis ar acmhainn theicniúil pointe idirnaisc a ríomhtar de bhun Airteagal 6(1).2.
Tríd an scéim ró-shuibscríofa agus aischeannaigh, tabharfar dreasacht do na hoibreoirí córais tarchuir acmhainn bhreise a chur ar fáil, agus dálaí teicniúla an chórais iontrála-scoir ábhartha á gcur i gcuntas, amhail an luach calrach, an teocht agus an tomhaltas ionchasach, agus ar an acmhainn sna gréasáin chóngaracha. Cuirfidh na hoibreoirí córais tarchuir cur chuige dinimiciúil i bhfeidhm i leith acmhainn theicniúil nó bhreise an chórais iontrála-scoir a athríomh.3.
Beidh an scéim ró-shuibscríofa agus aischeannaigh bunaithe ar chóras dreasachtaí lena léireofar na rioscaí atá ann do na hoibreoirí córais tarchuir maidir le hacmhainn bhreise a thairiscint. Déanfar an scéim sin a struchtúrú sa chaoi is go ndéanfar an t-ioncam arna ghiniúint ó acmhainn bhreise a dhíol agus na costais arna n-eascairt as an scéim aischeannaigh nó bearta de bhun phointe 6 a chomhroinnt idir na hoibreoirí córais tarchuir agus na húsáideoirí gréasáin. Déanfaidh na húdaráis rialála cinneadh ar dháileadh an ioncaim agus na gcostas idir an t-oibreoir córais tarchuir agus an t-úsáideoir gréasáin.4.
Chun ioncam na n-oibreoirí córais tarchuir a chinneadh, measfar an acmhainn theicniúil, go háirithe acmhainn arna tabhairt suas agus freisin, i gcás inarb ábhartha, acmhainn arna heascairt as sásraí dochta lá roimh ré ‘úsáid é nó caill é’ agus sásraí fadtéarmacha ‘úsáid é nó caill é’ a chur i bhfeidhm, a bheith leithdháilte sula mbíonn aon acmhainn bhreise ann.5.
Agus an acmhainn bhreise á cinneadh aige, déanfaidh an t-oibreoir córais tarchuir cásanna staidrimh maidir leis an méid acmhainne neamhúsáidte go fisiceach is dócha a bheith ag pointí idirnaisc ag aon am ar leith a chur i gcuntas. Déanfaidh sé próifíl riosca maidir le hacmhainn bhreise a thairiscint nach mbeidh oibleagáid aischeannaigh iomarcach mar thoradh uirthi a chur i gcuntas freisin. Tríd an scéim ró-shuibscríofa agus aischeannaigh freisin, déanfar meastachán ar an dóchúlacht go ndéanfar acmhainn a aischeannach ar an margadh, agus ar na costais a ghabhann le hacmhainn a aischeannach ar an margadh, agus é sin a léiriú i méid na hacmhainne a bheidh le cur ar fáil.6.
I gcás inar gá chun sláine an chórais a chaomhnú, cuirfidh na hoibreoirí córais tarchuir nós imeachta aischeannaigh margadhbhunaithe i bhfeidhm trína bhféadfaidh na húsáideoirí gréasáin acmhainn a thairiscint. Cuirfear na húsáideoirí gréasáin ar an eolas faoin nós imeachta aischeannaigh is infheidhme. Tá cur i bhfeidhm an nóis imeachta aischeannaigh gan dochar do na bearta éigeandála is infheidhme.7.
Fíoróidh na hoibreoirí córais tarchuir, sula gcuirfidh siad nós imeachta aischeannaigh i bhfeidhm, an féidir sláine an chórais a chaomhnú ar bhealach níos costéifeachtaí trí bhíthin bearta teicniúla agus tráchtála malartacha.8.
Nuair a bheidh an scéim ró-shuibscríofa agus aischeannaigh á moladh ag an oibreoir córais tarchuir, soláthróidh sé na sonraí, meastacháin agus samhlacha ábhartha uile don údarás rialála chun go bhféadfaidh an t-údarás rialála measúnú a dhéanamh ar an scéim. Tuairisceoidh an t-oibreoir córais tarchuir go tráthrialta don údarás rialála maidir le feidhmiú na scéime agus, arna iarraidh sin don údarás rialála, soláthróidh sé na sonraí ábhartha uile. Féadfaidh an t-údarás rialála a iarraidh ar an oibreoir córais tarchuir an scéim a athbhreithniú.2.2.3. An sásra docht lá roimh ré ‘úsáid é nó caill é’
1.
Ceanglóidh na húdaráis rialála ar na hoibreoirí córais tarchuir na rialacha a leagtar síos i bpointe 3 ar a laghad a chur i bhfeidhm in aghaidh an úsáideora gréasáin ag pointí idirnaisc maidir leis an ainmniúchán tosaigh a athrú más rud é, ar bhonn na tuarascála bliantúla faireacháin ó ACER dá dtagraítear i bpointe 2.2.1(2), go léirítear gur mó an t-éileamh ná an tairiscint ag pointí idirnaisc, ar an bpraghas cúltaca nuair a úsáidtear ceantanna, i gcaitheamh na nósanna imeachta um leithdháileadh acmhainne sa bhliain a chumhdaítear sa tuarascáil faireacháin i gcás táirgí lena n-úsáid sa bhliain sin nó i mbliain den 2 bhliain ina dhiaidh sin:(a)
i gcás trí tháirge acmhainne doichte ar a laghad a bhfuil fad míosa leo;
(b)
i gcás dhá tháirge acmhainne doichte ar a laghad a bhfuil fad ráithe leo;
(c)
i gcás aon táirge acmhainne doichte amháin ar a laghad a bhfuil fad bliana, nó fad is faide ná sin, leis; nó
(d)
más rud é, go ceann 6 mhí ar a laghad, nach mbeidh aon táirge acmhainne doichte, a bhfuil fad míosa leis, tairgthe.
2.
Más rud é, ar bhonn na tuarascála bliantúla faireacháin ó ACER dá dtagraítear i bpointe 2.2.1(2), go léirítear nach dócha go n-atarlóidh cás mar a thuairiscítear i bpointe 1 sna trí bliana ina dhiaidh sin, mar shampla mar gheall ar an acmhainn a bheith ar fáil de thoradh leathnú fisiceach ar an ngréasán nó foirceannadh conarthaí fadtéarmacha, féadfaidh na húdaráis rialála ábhartha a chinneadh deireadh a chur leis an sásra docht lá roimh ré ‘úsáid é nó caill é’.3.
Ceadaítear don úsáideoir gréasáin athainmniúchán docht de 90 % ar a uasmhéid agus 10 % ar a íosmhéid den acmhainn chonarthach a dhéanamh ag an bpointe idirnaisc. Más rud é, áfach, gur mó an t-ainmniúchán ná 80 % den acmhainn chonarthach, is féidir leath na toirte neamhainmnithe a athainmniú suas. Más rud é nach mó an t-ainmniúchán ná 20 % den acmhainn chonarthach, is féidir leath na toirte ainmnithe a athainmniú síos. Tá cur i bhfeidhm an phointe seo gan dochar do na bearta éigeandála is infheidhme.4.
Féadfaidh sealbhóir bunaidh na hacmhainne conarthaí an chuid shrianta dá acmhainn dhocht chonarthach a athainmniú ar bhonn in-idirbhriste.5.
Ní bheidh feidhm ag Pointe 3 maidir le húsáideoirí gréasáin – daoine nó gnóthais agus na gnóthais a rialaíonn siad de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1) – a raibh seilbh acu ar níos lú ná 10 % den mheánacmhainn theicniúil sa bhliain roimhe sin ag an bpointe idirnaisc.6.
Maidir le pointí idirnaisc ag a gcuirtear sásra docht lá roimh ré ‘úsáid é nó caill é’ i bhfeidhm i gcomhréir le pointe 3, déanfaidh an t-údarás rialála meastóireacht ar an ngaol leis an scéim ró-shuibscríofa agus aischeannaigh de bhun phointe 2.2.2, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis leis an údarás rialála cinneadh a dhéanamh gan pointe 2.2.2 a chur i bhfeidhm ag na pointí idirnaisc sin. Tabharfar fógra faoin gcinneadh sin, gan mhoill, do ACER agus don Choimisiún.7.
Féadfaidh údarás rialála cinneadh a dhéanamh, de bhun phointe 3, sásra docht lá roimh ré ‘úsáid é nó caill é’ a chur chun feidhme ar phointe idirnaisc. Sula nglacfaidh sé a chinneadh, rachaidh an t-údarás rialála i gcomhairle le húdaráis rialála na mBallstát cóngarach. Agus a chinneadh á ghlacadh aige, cuirfidh an t-údarás rialála tuairimí na n-údarás rialála cóngarach i gcuntas.2.2.4. Acmhainn chonarthach a thabhairt suas
Glacfaidh na hoibreoirí córais tarchuir le haon acmhainn dhocht arna conrú ag an úsáideoir gréasáin a bheith á tabhairt suas ag pointe idirnaisc, cé is moite de tháirgí acmhainne a bhfuil fad lae agus tréimhse ghearr leo. Beidh na cearta atá aige agus na hoibleagáidí atá air faoin gconradh acmhainne ag an úsáideoir gréasáin i gcónaí go dtí go ndéanfaidh an t-oibreoir córais tarchuir an acmhainn a ath-leithdháileadh agus a mhéid nach ndéanfaidh an t-oibreoir córais tarchuir an acmhainn a ath-leithdháileadh. Ní mheasfar an acmhainn arna tabhairt suas a bheith ath-leithdháilte ach tar éis an acmhainn uile atá ar fáil a bheith leithdháilte. Tabharfaidh an t-oibreoir córais tarchuir fógra don úsáideoir gréasáin, gan mhoill, faoin acmhainn arna tabhairt suas aige a bheith á hath-leithdháileadh ar aon bhealach. Déanfaidh an t-údarás rialála téarmaí agus coinníollacha sonracha maidir le hacmhainn a thabhairt suas, go háirithe i gcás ina dtugann roinnt úsáideoirí gréasáin a n-acmhainn suas, a fhormheas.
2.2.5. Sásra fadtéarmach ‘úsáid é nó caill é’
1.
Ceanglóidh na húdaráis rialála ar na hoibreoirí córais tarchuir acmhainn chonarthach arna tearcúsáid go córasach ag úsáideoir gréasáin ar phointe gréasáin a aistarraingt go páirteach nó go hiomlán i gcás nach mbeidh a acmhainn neamhúsáidte díolta ná tairgthe faoi choinníollacha réasúnta ag an úsáideoir sin agus i gcás ina n-iarrfaidh úsáideoirí eile gréasáin acmhainn dhocht. Meastar acmhainn chonarthach a bheith tearcúsáidte go córasach go háirithe i gcás:(a)
ina n-úsáideann an t-úsáideoir gréasáin níos lú ná 80 %, ar an meán, dá acmhainn chonarthach ón 1 Aibreán go dtí an 30 Meán Fómhair agus ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Márta araon, arb é tréimhse is faide ná bliain amháin fad éifeachtach a chonartha agus nach bhféadfaí aon chúiseanna cuí a thabhairt ina leith; nó
(b)
ina ndéanann an t-úsáideoir gréasáin beagnach 100 % dá acmhainn chonarthach a ainmniú go córasach agus ina ndéanann sé a acmhainn chonarthach a athainmniú síos d’fhonn dul timpeall ar na rialacha a leagtar síos i bpointe 2.2.3(3).
2.
Ní mheasfar sásra docht lá roimh ré ‘úsáid é nó caill é’ a chur i bhfeidhm a bheith ina údar le cosc a chur ar phointe 1 a chur i bhfeidhm.3.
Is é an toradh a bheidh ar an aistarraingt go gcaillfidh an t-úsáideoir gréasáin a acmhainn chonarthach go páirteach nó go hiomlán go ceann tréimhse áirithe nó go ceann a mbeidh fágtha den téarma conarthach éifeachtach. Beidh na cearta atá aige agus na hoibleagáidí atá air faoin gconradh acmhainne ag an úsáideoir gréasáin i gcónaí go dtí go ndéanfaidh an t-oibreoir córais tarchuir an acmhainn a ath-leithdháileadh agus a mhéid nach ndéanfaidh an t-oibreoir córais tarchuir an acmhainn a ath-leithdháileadh.4.
Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchuir na sonraí uile is gá chun faireachán a dhéanamh ar a mhéid a úsáidtear acmhainn chonarthach lena bhfuil fad éifeachtach conartha is mó ná aon bhliain amháin nó lena ngabhann ráithí athfhillteacha lena gcumhdaítear 2 bhliain ar a laghad a sholáthar do na húdaráis rialála go tráthrialta.3. Sainiú na faisnéise teicniúla is gá chun go mbeidh na húsáideoirí gréasáin in ann rochtain éifeachtach a fháil ar an gcóras gáis nádúrtha, sainiú na bpointí ábhartha uile le haghaidh ceanglais trédhearcachta agus sainiú na faisnéise a bheidh le foilsiú ag na pointí ábhartha uile agus an sceideal ama ar dá réir a fhoilseofar an fhaisnéis sin.
3.1. Sainiú na faisnéise teicniúla is gá chun go mbeidh na húsáideoirí gréasáin in ann rochtain éifeachtach a fháil ar an gcóras.
3.1.1. Foirm an fhoilsithe
1.
Soláthróidh na hoibreoirí córais tarchuir an fhaisnéis uile dá dtagraítear i bpointe 3.1.2 agus i bpointí 3.3(1) go 3.3(5) ar an mbealach seo a leanas:(a)
ar shuíomh gréasáin atá inrochtana don phobal, saor in aisce agus gan aon ghá clárú ná síniú ar shlí eile leis an oibreoir córais tarchuir;
(b)
go tráthrialta/ar bhonn atrátha; beidh an mhinicíocht de réir na n-athruithe a tharlóidh agus de réir fhad na seirbhíse;
(c)
ar bhealach atá soláimhsithe don úsáideoir;
(d)
ar bhealach atá fónta, soiléir ar dhóigh inchainníochtaithe, atá inrochtana go héasca agus atá neamh-idirdhealaitheach;
(e)
i bhformáid in-íoslódáilte arna comhaontú idir na hoibreoirí córais tarchuir agus na húdaráis rialála – ar bhonn tuairim ar fhormáid chomhchuibhithe a sholáthróidh ACER – agus trína bhféadfar anailísí cainníochtúla agus comparáideacha a dhéanamh;
(f)
in aonaid chomhsheasmhacha, is é kWh go háirithe (ag a bhfuil teocht tagartha dócháin 298,15 K) an t-aonad a bheidh ann maidir le cion fuinnimh agus is é m3 (ag 273,15 K agus 1,01325 bar) an t-aonad a bheidh ann maidir le toirt. Soláthrófar an fachtóir coinbhéartachta seasmhach go cion fuinnimh. Sa bhreis ar an bhformáid thuas, is féidir foilsiú a dhéanamh in aonaid eile freisin;
(g)
i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit agus i mBéarla;
(h)
cuirfear na sonraí uile ar fáil ar ardán lárnach uile-Aontais amháin, arna bhunú ag ENTSO don Ghás ar bhonn costéifeachtúil.
2.
Soláthróidh na hoibreoirí córais tarchuir mionsonraí faoi athruithe iarbhír ar an bhfaisnéis uile dá dtagraítear i bpointe 3.1.2 agus i bpointí 3.3(1) go 3.3(5) ar bhealach tráthúil a luaithe a bheidh siad ar fáil dóibh.3.1.2. Ábhar an fhoilsithe
1.
Foilseoidh na hoibreoirí córais tarchuir an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, faoina gcórais agus faoina seirbhísí:(a)
tuairisc mhionsonraithe agus chuimsitheach ar na seirbhísí éagsúla a thairgtear agus ar na muirir chomhfhreagracha a ghearrtar;
(b)
na cineálacha éagsúla conarthaí iompair atá ar fáil le haghaidh na seirbhísí sin;
(c)
an cód gréasáin agus/nó na coinníollacha caighdeánacha ina leagtar amach cearta agus freagrachtaí na n-úsáideoirí gréasáin uile, lena n-áirítear:
(i)
conarthaí iompair comhchuibhithe agus doiciméid ábhartha eile;
(ii)
más ábhartha maidir le rochtain ar an gcóras, i gcás na bpointí ábhartha uile mar a shainmhínítear i bpointe 3.2, sonraíocht ar na paraiméadair cáilíochta gáis ábhartha, lena n-áirítear, ar a laghad, an t-oll-luach calrach, innéacs Wobbe agus an cion ocsaigine, agus an dliteanas nó na costais tiontaithe do na húsáideoirí gréasáin i gcás ina bhfuil an gás lasmuigh de na sonraíochtaí sin;
(iii)
más ábhartha maidir le rochtain ar an gcóras, i gcás na bpointí ábhartha uile, faisnéis ar cheanglais bhrú;
(iv)
an nós imeachta i gcás ina n-idirbhristear an acmhainn in-idirbhriste, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, uainiú, méid agus rangú na n-idirbhristeacha aonair, mar shampla, ar bhonn pro rata nó ‘an t-idirbhriseadh deireanach ar an gceann is túisce’;
(d)
na nósanna imeachta comhchuibhithe a chuirtear i bhfeidhm agus an córas tarchuir á úsáid, lena n-áirítear sainmhíniú ar na príomhthéarmaí;
(e)
forálacha maidir le leithdháileadh acmhainne, bainistiú ar phlódú agus nósanna imeachta frithchnapaireachta agus athúsáide;
(f)
na rialacha is infheidhme maidir le trádáil acmhainne ar an margadh tánaisteach i leith an oibreora córais tarchuir;
(g)
na rialacha maidir le cothromúchán agus an mhodheolaíocht chun muirir neamhchomhardaithe a ríomh;
(h)
más infheidhme, na leibhéil solúbthachta agus lamháltais a chuimsítear sna seirbhísí iompair agus i seirbhísí eile nach muirearaítear go leithleach, agus freisin aon solúbthacht a thairgtear sa bhreis air sin agus na muirir chomhfhreagracha;
(i)
tuairisc mhionsonraithe ar chóras gáis nádúrtha an oibreora córais tarchuir agus a phointí idirnaisc ábhartha mar a shainmhínítear i bpointe 3.2 mar aon le hainmneacha oibreoirí na gcóras nó na saoráidí idirnasctha;
(j)
na rialacha is infheidhme maidir le nascadh leis an gcóras gáis nádúrtha a oibríonn an t-oibreoir córais tarchuir;
(k)
faisnéis faoi shásraí éigeandála, sa mhéid go bhfuil an t-oibreoir córais tarchuir freagrach as sin, amhail bearta a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le grúpaí custaiméirí a dhíscor agus rialacha ginearálta dliteanais eile is infheidhme maidir leis an oibreoir córais tarchuir;
(l)
na nósanna imeachta arna gcomhaontú ag na hoibreoirí córais tarchuir ag na pointí idirnaisc, atá ábhartha maidir le rochtain na n-úsáideoirí gréasáin ar na córais tarchuir lena mbaineann, a bhaineann le hidir-inoibritheacht an ghréasáin, nósanna imeachta comhaontaithe um ainmniúchán agus nósanna imeachta meaitseála agus nósanna imeachta comhaontaithe eile lena leagtar síos ndéantar forálacha i dtaca le leithdháiltí sreafaí gáis agus cothromúchán, lena n-áirítear na modhanna a úsáidtear;
(m)
foilseoidh na hoibreoirí córais tarchuir tuairisc mhionsonraithe agus chuimsitheach ar an modheolaíocht agus ar an bpróiseas, lena n-áirítear faisnéis faoi na paraiméadair a úsáidtear agus faoi na príomhthoimhdí, arna n-úsáid chun an acmhainn theicniúil a ríomh.
3.2. Sainiú na bpointí ábhartha uile maidir le riachtanais trédhearcachta
1.
Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sna pointí ábhartha:(a)
na pointí iontrála uile chuig gréasán tarchuir, agus na pointí scoir uile uaidh, a oibríonn oibreoir córais tarchuir, cé is moite de phointí scoir atá nasctha le custaiméir aonair deiridh, agus cé is moite de phointí iontrála atá nasctha go díreach le saoráid táirgthe táirgeora aonair atá lonnaithe laistigh den Aontas;
(b)
na pointí iontrála agus scoir uile lena nasctar criosanna comhardúcháin na n-oibreoirí córais tarchuir;
(c)
na pointí uile lena nasctar gréasán oibreora córais tarchuir le críochfort GNL, moil gáis nádúrtha fhisiceacha, saoráidí stórála agus táirgthe, mura rud é go ndíolmhaítear na saoráidí táirgthe sin faoi phointe (a);
(d)
na pointí uile lena nasctar gréasán oibreora córais tarchuir ar leith leis an mbonneagar is gá chun seirbhísí coimhdeacha a sholáthar.
2.
Déanfar faisnéis le haghaidh custaiméirí deiridh aonair agus le haghaidh saoráidí táirgthe, a eisiatar ón sainmhíniú ar na pointí ábhartha mar a thuairiscítear faoi phointe 3.2(1)(a), a fhoilsiú i bhformáid chomhiomlán, in aghaidh an chreasa comhardúcháin ar a laghad. Chun an Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, measfar gur aon phointe ábhartha amháin comhiomlán na gcustaiméirí deiridh aonair agus na saoráidí táirgthe, a eisiatar ón sainmhíniú ar na pointí ábhartha mar a thuairiscítear faoi phointe 3.2(1)(a).3.
I gcás inarb iad na hoibreoirí tarchuir lena mbaineann, agus iad sin amháin, a bhainistíonn na pointí idir dhá oibreoir tarchuir nó níos mó, gan aon bhaint, ar bhealach conarthach ná ar bhealach oibríochtúil, a bheith ag na húsáideoirí córais leis an mbainistiú ar na pointí sin, nó i gcás ina ndéantar, trí phointí, córas tarchuir a nascadh le córas dáileacháin agus nach bhfuil aon phlódú conarthach ann ag na pointí sin, díolmhófar na hoibreoirí córais tarchuir, i gcás na bpointí sin, ón oibleagáid na ceanglais faoi phointe 3.3 a fhoilsiú. Féadfaidh an t-údarás rialála a cheangal ar na hoibreoirí córais tarchuir na ceanglais faoi phointe 3.3 i leith grúpaí nó na pointí díolmhaithe uile a fhoilsiú. Sa chás sin, déanfar an fhaisnéis, má bhíonn sí ar fáil don oibreoir córais tarchuir, a fhoilsiú i bhfoirm chomhiomlán ar leibhéal bríoch, in aghaidh an chreasa comhardúcháin ar a laghad. Chun an Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, measfar gur pointe ábhartha amháin comhiomlánú na bpointí sin.3.3. An fhaisnéis a bheidh le foilsiú ag na pointí ábhartha uile agus an sceideal ama ar dá réir a dhéanfar an fhaisnéis sin a fhoilsiú.
1.
Ag na pointí ábhartha go léir, foilseoidh na hoibreoirí córais tarchuir an fhaisnéis mar a liostaítear sa dara fomhír, pointí (a) go (g), le haghaidh na seirbhísí agus na seirbhísí coimhdeacha uile arna soláthar, go háirithe an fhaisnéis maidir le cumasc, ballastú agus tiontú. Foilseofar an fhaisnéis sin ar bhonn uimhriúil, in aghaidh na huaire nó go laethúil, a bheidh cothrom leis an tréimhse thagartha is lú chun acmhainn a chur in áirithe agus athainmniúchán a dhéanamh agus leis an tréimhse socraíochta is lú a ndéantar muirir neamhchomhardaithe a ríomh ina leith. Má bhíonn an tréimhse thagartha is lú éagsúil le tréimhse laethúil, déanfar an fhaisnéis mar a liostaítear sa dara fomhír, pointí (a) go (g), a chur ar fáil freisin le haghaidh na tréimhse laethúla.Déanfar an fhaisnéis seo a leanas agus na nuashonruithe uirthi a fhoilsiú a luaithe a bheidh sí ar fáil don oibreoir córais (i neas-fhíoram):
(a)
an acmhainn theicniúil i gcás sreafaí sa dá threo;
(b)
an acmhainn dhocht chonarthach iomlán agus an acmhainn in-idirbhriste chonarthach iomlán sa dá threo;
(c)
na hainmniúcháin agus na hathainmniúcháin sa dá threo;
(d)
an acmhainn dhocht agus an acmhainn in-idirbhriste atá ar fáil sa dá threo;
(e)
na sreafaí fisiceacha iarbhír;
(f)
idirbhriseadh beartaithe agus iarbhír ar an acmhainn in-idirbhriste;
(g)
idirbhristeacha beartaithe agus neamhbheartaithe ar na seirbhísí dochta chomh maith leis an bhfaisnéis faoi athchóiriú na seirbhísí dochta, go háirithe, cothabháil an chórais agus an fad is dócha a mhairfidh aon idirbhriseadh de bharr cothabhála; foilseofar aon idirbhriseadh beartaithe 42 lá roimh ré ar a laghad;
(h)
iarrataí mírathúla, atá bailí de réir dlí, a bheith á ndéanamh ar tháirgí acmhainne doichte a bhfuil fad míosa, nó fad is faide ná sin, leo, lena n-áirítear an líon agus an méid iarrataí mírathúla;
(i)
maidir le ceantanna, i gcás ina mbeidh, agus nuair a bheidh, táirgí acmhainne doichte a bhfuil fad míosa, nó fad is faide ná sin, leo imréitithe ar phraghasanna atá níos airde ná an praghas forchoimeádta;
(j)
i gcás nach mbeidh, agus nuair nach mbeidh, aon táirge acmhainne doichte a bhfuil fad míosa, nó fad is faide ná sin, leo tairgthe sa ghnáthphróiseas leithdháilte;
(k)
an acmhainn iomlán arna cur ar fáil trí na nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú a leagtar síos i bpointí 2.2.2 go 2.2.5 a chur i bhfeidhm in aghaidh an nóis imeachta um bainistiú ar phlódú arna chur i bhfeidhm.
2.
Ag na pointí ábhartha uile, foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 3.3(1)(a), (b) agus (d) 24 mhí roimh ré ar a laghad.3.
Ag na pointí ábhartha uile, foilseoidh na hoibreoirí córais tarchuir faisnéis stairiúil maidir le ceanglais phointí 3.3 (1)(a) go (g) don 5 bliana roimhe sin ar bhonn atrátha.4.
Foilseoidh na hoibreoirí córais tarchuir luachanna tomhaiste den oll-luach calrach, innéacs Wobbe, an cion hidrigine a chumasctar sa chóras gáis nádúrtha, an cion meatáin agus an cion ocsaigine ag na pointí ábhartha uile, ar bhonn laethúil. Foilseofar na réamhfhigiúirí 3 lá ar a dhéanaí i ndiaidh lá an gháis atá i gceist. Foilseofar na figiúirí deiridh laistigh de 3 mhí i ndiaidh dheireadh na míosa atá i gceist.5.
I gcás na bpointí ábhartha uile, foilseoidh na hoibreoirí córais tarchuir an acmhainn atá ar fáil, mar aon leis an acmhainn chonarthach agus theicniúil, ar bhonn bliantúil thar na blianta go léir a dhéantar acmhainn a chonrú móide 1 bhliain, agus go ceann na 10 mbliana atá le teacht ar a laghad. Tabharfar an fhaisnéis sin chun dáta gach mí ar a laghad, nó níos minice ná sin, má bhíonn faisnéis nua ar fáil. Léireofar san fhoilsiú an tréimhse ar ina leith a thairgtear acmhainn don mhargadh.3.4. An fhaisnéis a bheidh le foilsiú a mhéid a bhaineann leis an gcóras tarchuir agus an sceideal ama ar dá réir a fhoilseofar an fhaisnéis sin.
1.
Áiritheoidh na hoibreoirí córais tarchuir go bhfoilseofar, ar bhonn laethúil, toirteanna comhiomlánaithe na hacmhainne arna tairgeadh agus arna gconrú ar an margadh tánaisteach, arna ndíol ó úsáideoir gréasáin amháin le húsáideoir gréasáin eile i gcás ina mbeidh an fhaisnéis ar fáil don oibreoir córais tarchuir, agus go dtabharfar na toirteanna comhiomlánaithe sin cothrom le dáta gach lá. Áireofar san fhaisnéis sin na sonraíochtaí seo a leanas:(a)
an pointe idirnaisc ag a ndíoltar an acmhainn;
(b)
an cineál acmhainne, is é sin acmhainn iontrála, acmhainn scoir, acmhainn dhocht, acmhainn in-idirbhriste;
(c)
cainníocht agus fad na gceart úsáide acmhainne;
(d)
an cineál díolacháin, mar shampla aistriú nó sannachán;
(e)
an líon iomlán trádálacha nó aistrithe;
(f)
aon choinníoll eile is eol don oibreoir córais tarchuir amhail dá dtagraítear i bpointe 3.3.
Sa mhéid gur tríú páirtí a sholáthróidh an fhaisnéis sin, beidh na hoibreoirí córais tarchuir díolmhaithe ón bhforáil sin.
2.
Foilseoidh na hoibreoirí córais tarchuir coinníollacha comhchuibhithe faoina nglacfaidh siad le hidirbhearta acmhainne, mar shampla aistrithe agus sannacháin. Ní mór an méid seo a leanas a áireamh sna coinníollacha sin:(a)
tuairisc ar tháirgí caighdeánaithe is féidir a dhíol ar an margadh tánaisteach;
(b)
an t-aga chun trádálacha tánaisteacha a chur chun feidhme, chun glacadh leo, chun iad a chlárú; i gcás moille, caithfear na cúiseanna a fhoilsiú;
(c)
fógra don oibreoir córais tarchuir ón díoltóir nó ón tríú páirtí amhail dá dtagraítear i bpointe 3.4(1) faoi ainm an díoltóra agus an cheannaitheora agus faoi shonraíochtaí na hacmhainne mar a leagtar amach i bpointe 3.4(1).
Sa mhéid gur tríú páirtí a sholáthróidh an fhaisnéis sin, beidh na hoibreoirí córais tarchuir díolmhaithe ón bhforáil sin.
3.
Maidir le seirbhís cothromúcháin a chórais, déanfaidh gach oibreoir córais tarchuir a réamh-thoirteanna neamhchomhordaithe sonracha agus sonraí costais in aghaidh an úsáideora gréasáin aonair a sholáthar do gach úsáideoir gréasáin, le haghaidh gach tréimhse cothromúcháin, mí amháin ar a dhéanaí tar éis dheireadh na tréimhse cothromúcháin. Féadfar sonraí deiridh na gcustaiméirí arna soláthar de réir na bpróifílí lóid caighdeánaithe a sholáthar 14 mhí ina dhiaidh sin ar a dhéanaí. Sa mhéid gur tríú páirtí a sholáthróidh an fhaisnéis sin, beidh na hoibreoirí córais tarchuir díolmhaithe ón bhforáil sin. Agus an fhaisnéis sin á soláthar, urramófar rúndacht na faisnéise sin atá íogair ó thaobh na tráchtála de.4.
I gcás ina dtairgtear seirbhísí solúbthachta, seachas lamháltais, le haghaidh rochtain tríú páirtí, foilseoidh na hoibreoirí córais tarchuir réamhaisnéisí laethúla, ar bhonn lá roimh ré, ar uasmhéid na solúbthachta, an leibhéal solúbthachta atá curtha in áirithe agus infhaighteacht na solúbthachta don mhargadh don chéad lá gáis eile. Foilseoidh an t-oibreoir córais tarchuir faisnéis ex post freisin ar úsáid chomhiomlán gach seirbhíse solúbthachta ag deireadh gach lae gáis. Más deimhin leis an údarás rialála go bhféadfadh na húsáideoirí gréasáin mí-úsáid a bhaint as an bhfaisnéis sin, féadfaidh sé a chinneadh an t-oibreoir córais tarchuir a dhíolmhú ón oibleagáid sin.5.
Foilseoidh na hoibreoirí córais tarchuir, in aghaidh gach creasa comhardúcháin, an méid gáis sa chóras tarchuir ag tús gach lae gáis mar aon le réamhaisnéis ar an méid gáis nádúrtha sa chóras tarchuir ag deireadh gach lae gáis. Déanfar an réamhaisnéis ar an méid gáis nádúrtha le haghaidh dheireadh an lae gáis a nuashonrú in aghaidh na huaire i rith an lae gáis. Má ríomhtar muirir neamhchomhordaithe in aghaidh na huaire, foilseoidh an t-oibreoir córais tarchuir an méid gáis sa chóras tarchuir in aghaidh na huaire. De rogha air sin, foilseoidh na hoibreoirí córais tarchuir, in aghaidh gach creasa comhardúcháin, staid neamhchomhordaithe chomhiomlán na n-úsáideoirí uile ag tús gach tréimhse cothromúcháin mar aon le réamhaisnéis ar staid neamhchomhordaithe chomhiomlán na n-úsáideoirí uile ag deireadh gach lae gáis. Más deimhin leis an údarás rialála go bhféadfadh na húsáideoirí gréasáin mí-úsáid a bhaint as an bhfaisnéis sin, féadfaidh sé a chinneadh an t-oibreoir córais tarchuir a dhíolmhú ón oibleagáid sin.6.
Soláthróidh na hoibreoirí córais tarchuir ionstraimí so-úsáidte chun taraifí a ríomh.7.
Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchuir, go ceann 5 bliana ar a laghad, taifid éifeachtacha ar na conarthaí acmhainne uile agus an fhaisnéis ábhartha eile uile i ndáil leis an acmhainn atá ar fáil a ríomh, agus rochtain a sholáthar uirthi, go háirithe ainmniúcháin aonaracha agus idirbhristeacha, a choinneáil ar fáil do na húdaráis náisiúnta ábhartha. Ní mór do na hoibreoirí córais tarchuir doiciméadú ar an bhfaisnéis ábhartha uile faoi phointí 3.3(4) agus (5) a choimeád go ceann 5 bliana ar a laghad agus é a chur ar fáil don údarás rialála arna iarraidh sin dó. Urramóidh an dá pháirtí an rúndacht tráchtála.8.
Foilseoidh na hoibreoirí córais tarchuir, go bliantúil ar a laghad, faoi spriocdháta réamhshocraithe, na tréimhsí cothabhála go léir atá beartaithe a bhféadfadh difear a dhéanamh do chearta sin na n-úsáideoirí gréasáin atá i gconarthaí iompair mar aon leis an bhfaisnéis oibríochtúil chomhfhreagrach, agus tabharfaidh siad dóthain réamhfhógra faoi sin. Áireofar leis sin aon athrú ar na tréimhsí cothabhála beartaithe a fhoilsiú agus fógra a thabhairt faoi chothabháil neamhbheartaithe ar bhealach pras agus neamh-idirdhealaitheach, a luaithe a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil don oibreoir córais tarchuir. Le linn na dtréimhsí cothabhála, foilseoidh na hoibreoirí córais tarchuir faisnéis arna nuashonrú go tráthrialta ar na mionsonraí faoin gcothabháil, ar an bhfad a mheastar a mhairfidh an chothabháil, agus ar éifeacht na cothabhála.4. Formáid agus ábhar fhoilsiú na faisnéise teicniúla ar rochtain na n-oibreoirí gréasán hidrigine ar an ngréasán agus an fhaisnéis a bheidh le foilsiú ag na pointí ábhartha uile agus an sceideal ama.
4.1. Formáid fhoilsiú na faisnéise teicniúla ar rochtain ar an ngréasán.
1.
Soláthróidh na hoibreoirí gréasán hidrigine an fhaisnéis uile is gá chun go bhféadfaidh na húsáideoirí gréasáin rochtain éifeachtach a fháil ar an ngréasán dá dtagraítear i bpointí 4.2 agus 4.3 ar an mbealach seo a leanas:(a)
ar shuíomh gréasáin atá inrochtana don phobal, saor in aisce agus gan aon ghá clárú ná síniú ar shlí eile leis an oibreoir gréasáin hidrigine;
(b)
go tráthrialta/ar bhonn atrátha; beidh an mhinicíocht de réir na n-athruithe a tharlóidh agus de réir fhad na seirbhíse;
(c)
ar bhealach atá soláimhsithe don úsáideoir;
(d)
ar bhealach atá soiléir, inchainníochtaithe, inrochtana go héasca agus neamh-idirdhealaitheach;
(e)
i bhformáid in-íoslódáilte arna comhaontú idir na hoibreoirí gréasáin hidrigine agus na húdaráis rialála – ar bhonn tuairim ar fhormáid chomhchuibhithe a sholáthróidh ACER – agus trínar féidir anailísí cainníochtúla a dhéanamh;
(f)
in aonaid chomhsheasmhacha, is é kWh go háirithe an t-aonad a bheidh ann maidir le cion fuinnimh agus is e m3 an t-aonad a bheidh ann maidir le toirt; soláthrófar an fachtóir coinbhéartachta seasmhach go cion fuinnimh; sa bhreis air sin, is féidir foilsiú a dhéanamh in aonaid eile freisin;
(g)
i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit agus i mBéarla;
(h)
cuirfear na sonraí uile ar fáil ón 1 Deireadh Fómhair 2026 ar ardán lárnach uile-Aontais amháin, arna bhunú ag ENNOH ar bhonn costéifeachtúil.
2.
Soláthróidh na hoibreoirí gréasán hidrigine mionsonraí faoi athruithe iarbhír ar an bhfaisnéis uile dá dtagraítear i bpointí 4.2 agus 4.3 ar bhealach tráthúil a luaithe a bheidh siad ar fáil dóibh.4.2. Ábhar fhoilsiú na faisnéise teicniúla ar rochtain ar an ngréasán
1.
Foilseoidh oibreoirí gréasáin hidrigine an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, faoina gcórais agus faoina seirbhísí:(a)
tuairisc mhionsonraithe agus chuimsitheach ar na seirbhísí éagsúla a thairgtear agus ar na muirir a ghabhann leo;
(b)
na cineálacha éagsúla conarthaí iompair atá ar fáil le haghaidh na seirbhísí sin;
(c)
na cóid gréasáin agus/nó na coinníollacha caighdeánacha ina leagtar amach cearta agus freagrachtaí na n-úsáideoirí gréasáin uile, lena n-áirítear:
(i)
conarthaí iompair comhchuibhithe agus doiciméid ábhartha eile;
(ii)
más ábhartha maidir le rochtain ar an ngréasán, i gcás na bpointí ábhartha uile, sonraíocht ar na paraiméadair cáilíochta hidrigine ábhartha agus an dliteanas nó na costais tiontaithe do na húsáideoirí gréasáin i gcás ina bhfuil an hidrigin lasmuigh de na sonraíochtaí sin;
(iii)
más ábhartha maidir le rochtain ar an gcóras, i gcás na bpointí ábhartha uile, faisnéis ar cheanglais bhrú;
(d)
na nósanna imeachta comhchuibhithe a chuirtear i bhfeidhm agus an gréasán hidrigine á úsáid, lena n-áirítear sainmhíniú ar na príomhthéarmaí;
(e)
más infheidhme, na leibhéil solúbthachta agus lamháltais a chuimsítear sna seirbhísí iompair agus i seirbhísí eile nach muirearaítear go leithleach, agus freisin aon solúbthacht a thairgtear sa bhreis air sin agus na muirir chomhfhreagracha;
(f)
tuairisc mhionsonraithe ar ghréasán hidrigine an oibreora gréasáin hidrigine agus a phointí idirnaisc ábhartha mar a shainmhínítear i bpointe 2 mar aon le hainmneacha oibreoirí na ngréasán nó na saoráidí idirnasctha;
(g)
na rialacha is infheidhme maidir le nascadh leis an ngréasán a oibríonn an t-oibreoir gréasáin hidrigine;
(h)
faisnéis ar shásraí éigeandála, sa mhéid go bhfuil an t-oibreoir gréasáin hidrigine freagrach as sin, amhail bearta a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le grúpaí custaiméirí a dhíscor agus rialacha ginearálta dliteanais eile is infheidhme maidir leis an oibreoir gréasáin hidrigine;
(i)
na nósanna imeachta arna gcomhaontú ag na hoibreoirí gréasán hidrigine ag na pointí idirnaisc, atá ábhartha maidir le rochtain na n-úsáideoirí gréasáin ar an ngréasán hidrigine lena mbaineann, i dtaca le hidir-inoibritheacht an ghréasáin.
2.
Áireofar an méid seo a leanas sna pointí ábhartha:(a)
na pointí iontrála uile chuig gréasán tarchuir, agus na pointí scoir uile uaidh, a oibríonn oibreoir gréasáin hidrigine, cé is moite de phointí scoir atá nasctha le custaiméir aonair deiridh, agus cé is moite de phointí iontrála atá nasctha go díreach le saoráid táirgthe táirgeora aonair atá lonnaithe laistigh den Aontas;
(b)
na pointí iontrála agus scoir uile lena nasctar gréasáin na n-oibreoirí gréasáin hidrigine;
(c)
na pointí uile lena nasctar gréasán oibreora gréasáin hidrigine le críochfort GNL, críochfoirt hidrigine, moil gáis nádúrtha fhisiceacha, saoráidí stórála agus táirgthe, mura rud é go ndíolmhaítear na saoráidí táirgthe sin faoi phointe (a);
(d)
na pointí uile lena nasctar gréasán oibreora gréasáin hidrigine ar leith leis an mbonneagar is gá chun seirbhísí coimhdeacha a sholáthar.
3.
Déanfar faisnéis le haghaidh custaiméirí deiridh aonair agus le haghaidh saoráidí táirgthe, a eisiatar ón sainmhíniú ar na pointí ábhartha mar a thuairiscítear faoi phointe 3.2(2)(a), a fhoilsiú i bhformáid chomhiomlán agus measfar gur pointe ábhartha aonair í.4.3. Faisnéis a bheidh le foilsiú ag na pointí ábhartha uile agus an sceideal ama.
1.
Ag na pointí ábhartha uile, foilseoidh na hoibreoirí gréasáin hidrigine an fhaisnéis mar a liostaítear sa dara mír, pointí (a) go (g), i gcás na seirbhísí uile ar bhonn uimhriúil, in aghaidh na huaire nó i dtréimhsí laethúla.Déanfar an fhaisnéis seo a leanas agus na nuashonruithe uirthi a fhoilsiú i neas-fhíoram:
(a)
an acmhainn theicniúil i gcás sreafaí sa dá threo;
(b)
an acmhainn chonarthach iomlán sa dá threo;
(c)
na hainmniúcháin agus na hathainmniúcháin sa dá threo;
(d)
an acmhainn atá ar fáil sa dá threo;
(e)
na sreafaí fisiceacha iarbhír;
(f)
idirbhriseadh beartaithe agus idirbhriseadh iarbhír ar an acmhainn;
(g)
idirbhristeacha beartaithe agus neamhbheartaithe ar sheirbhísí; foilseofar aon idirbhriseadh beartaithe 42 lá roimh ré ar a laghad.
2.
Ag na pointí ábhartha uile, foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 1(a), (b) agus (d) go ceann tréimhse 24 mhí roimh ré ar a laghad.3.
Ag na pointí ábhartha uile, foilseoidh na hoibreoirí gréasáin hidrigine faisnéis stairiúil ar cheanglais phointí 1(a) go (f) don 5 bliana roimhe sin ar bhonn atrátha.4.
Foilseoidh na hoibreoirí gréasáin hidrigine luachanna tomhaiste na híonachta hidrigine agus na n-éilleán ag na pointí ábhartha uile, ar bhonn laethúil. Foilseofar na réamhfhigiúirí laistigh de 3 lá ar a dhéanaí. Foilseofar na figiúirí deiridh laistigh de 3 mhí i ndiaidh dheireadh na míosa atá i gceist.5.
Déanfar na mionsonraí breise sin is gá chun pointí 4.1, 4.2 agus 4.3 a chur chun feidhme, mar shampla mionsonraí faoi fhormáid agus ábhar na faisnéise is gá chun go bhféadfaidh na húsáideoirí gréasáin rochtain éifeachtach a fháil ar an ngréasán, an fhaisnéis a bheidh le foilsiú ag na pointí ábhartha agus na mionsonraí faoi sceidil ama, a shocrú i gcód gréasáin arna bhunú de bhun Airteagal 70.(1) Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).
IARSCRÍBHINN II
An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air
Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 211, 14.8.2009, lch. 36)
Cinneadh 2010/685/AE ón gCoimisiún (IO L 293, 11.11.2010, lch. 67)
Cinneadh 2012/490/AE ón gCoimisiún (IO L 231, 28.8.2012, lch. 16)
Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39)
(Airteagal 22, agus an tAirteagal sin amháin)
Cinneadh (AE) 2015/715 ón gCoimisiún (IO L 114, 5.5.2015, lch. 9)
Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1)
(Airteagal 50, agus an tAirteagal sin amháin)
Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45)
(Airteagal 25, agus an tAirteagal sin amháin)
Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 30.6.2022, lch. 17)
(Airteagal 2, agus an tAirteagal sin amháin)
IARSCRÍBHINN III
Tábla comhghaoil
Rialachán (CE) Uimh. 715/2009
An Rialachán seo
Airteagal 1, an chéad mhír, an fhoclaíocht réamhráiteach
Airteagal 1, an chéad mhír, an fhoclaíocht réamhráiteach
Airteagal 1, an chéad mhír, pointe (a)
Airteagal 1, an chéad mhír, pointe (a)
Airteagal 1, an chéad mhír, pointe (b)
—
Airteagal 1, an chéad mhír, pointe (c)
Airteagal 1, an chéad mhír, pointe (b)
Airteagal 1, an dara mír, an tríú mír agus an ceathrú mír
Airteagal 1, an dara mír, an tríú mír agus an ceathrú mír
Airteagal 2(1), an fhoclaíocht réamhráiteach
Airteagal 2(1), an fhoclaíocht réamhráiteach
—
Airteagal 2(1), pointe (1)
Airteagal 2(1), pointe (1)
Airteagal 2(1), pointe (2)
Airteagal 2(1), pointe (2)
Airteagal 2(1), pointe (3)
Airteagal 2(1), pointe (3)
Airteagal 2(1), pointe (4)
Airteagal 2(1), pointe 4
Airteagal 2(1), pointe (5)
Airteagal 2(1), pointe (5)
Airteagal 2(1), pointe (6)
Airteagal 2(1), pointe (6)
Airteagal 2(1), pointe (7)
Airteagal 2(1), pointe (7)
Airteagal 2(1), pointe (8)
Airteagal 2(1), pointe (8)
Airteagal 2(1), pointe (9)
Airteagal 2(1), pointe (9)
Airteagal 2(1), pointe (10)
Airteagal 2(1), pointe (10)
Airteagal 2(1), pointe (11)
Airteagal 2(1), pointe (11)
Airteagal 2(1), pointe (12)
Airteagal 2(1), pointe (12)
Airteagal 2(1), pointe (13)
Airteagal 2(1), pointe (13)
Airteagal 2(1), pointe (14)
Airteagal 2(1), pointe (14)
Airteagal 2(1), pointe (15)
Airteagal 2(1), pointe (15)
Airteagal 2(1), pointe (16)
Airteagal 2(1), pointe (16)
Airteagal 2(1), pointe (17)
Airteagal 2(1), pointe (17)
Airteagal 2(1), pointe (18)
Airteagal 2(1), pointe (18)
Airteagal 2(1), pointe (19)
Airteagal 2(1), pointe (19)
Airteagal 2(1), pointe (20)
Airteagal 2(1), pointe (20)
Airteagal 2(1), pointe (21)
Airteagal 2(1), pointe (21)
Airteagal 2(1), pointe (22)
Airteagal 2(1), pointe (22)
Airteagal 2(1), pointe (23)
Airteagal 2(1), pointe (23)
Airteagal 2(1), pointe (24)
Airteagal 2(1), pointe (24)
Airteagal 2(1), pointe (25)
Airteagal 2(1), pointe (25)
Airteagal 2(1), pointe (26)
Airteagal 2(1), pointe (26)
Airteagal 2(1), pointe (27)
Airteagal 2(1), pointe (27)
Airteagal 2(1), pointe (28)
Airteagal 2(1), pointe (28)
Airteagal 2(1), pointe (29)
—
Airteagal 2(1), pointí (30) go (83)
Airteagal 2(2)
Airteagal 2(2)
—
Airteagail 3, 4 agus 5
Airteagal 14(1)
Airteagal 6(1)
—
Airteagal 6(2)
Airteagal 14(2)
Airteagal 6(3)
—
Airteagal 6(4)
Airteagal 14(3)
Airteagal 6(5)
—
Airteagal 6(6) agus (7)
—
Airteagal 7
Airteagal 15(1) agus (2)
Airteagal 8(1) agus (2)
—
Airteagal 8(3)
Airteagal 15(3)
Airteagal 8(4)
Airteagal 15(4)
Airteagal 8(5)
Airteagal 15(5)
Airteagal 8(6)
—
Airteagal 8(7)
—
Airteagal 9
Airteagal 16(1), (2) agus (3)
Airteagal 10 (1), (2) agus (3)
Airteagal 16(5)
Airteagal 10(4)
Airteagal 16(4)
—
Airteagal 17
Airteagal 11
Airteagal 22
Airteagal 12
Airteagal 21
Airteagal 13
Airteagal 3
Airteagal 14
Airteagal 3a
Airteagal 15
—
Airteagal 16
Airteagal 13
Airteagal 17 (1), (2) agus (3)
—
Airteagal 17(4) agus (5)
—
Airteagail 18 go 23
Airteagal 4
Airteagal 24
Airteagal 5
Airteagal 25
Airteagal 8(1), (2) agus (3)
Airteagal 26(1), (2) agus (3), an chéad fhomhír, pointí (a), (b), (c), (e), (f) agus (g)
—
Airteagal 26(3), an chéad fhomhír, pointí (d), (h) agus (i)
—
Airteagal 26(3), an dara fomhír
Airteagal 8(4)
Airteagal 26(4), an chéad fhomhír
—
Airteagal 26(4), an dara agus tríú fomhír
Airteagal 8(5, (7), (8) agus (9)
Airteagal 26(5) go (8)
Airteagal 8(11) agus (12)
Airteagal 26(9) agus (10)
—
Airteagal 26(11)
Airteagal 9
Airteagal 27
Airteagal 24
Airteagal 28
Airteagal 10
Airteagal 29
Airteagal 11
Airteagal 30
Airteagal 12
Airteagal 31
Airteagal 8(10)
Airteagal 32
Airteagal 18(1) go 6
Airteagal 33(1) go 6
—
Airteagal 33(7)
Airteagal 19(1)
Airteagal 34(1)
—
Airteagal 34(2)
Airteagal 19(2) go (5)
Airteagal 34(3) go (6), an chéad fhomhír
—
Airteagal 34(6), an dara fomhír
Airteagal 20
Airteagal 35
—
Airteagail 36 go 70
Airteagal 8(6), pointí (a), (b), (f), (h) agus (l)
Airteagal 71(1), pointí (a) go (e)
—
Airteagal 71(1), pointe (f)
Airteagal 8(6), pointí (e), (g), (j) agus (k)
Airteagal 71(2), pointí (a) go (d)
—
Airteagal 71(2), pointe (e)
Airteagal 8(6), pointí (c), (d) agus (i)
—
Airteagal 6(1), (2) agus (3)
Airteagal 71(3), (4) agus (5)
—
Airteagal 71(6)
Airteagal 6(4), (5) agus (6)
Airteagal 71(7), (8) agus (9)
—
Airteagal 71(10)
Airteagal 6(7) agus (8)
—
Airteagal 6(9) go (12)
Airteagal 71(11) go (14)
—
Airteagal 71(15)
—
Airteagal 72
Airteagal 7
Airteagal 73
Airteagal 23
Airteagal 74
Airteagal 26
Airteagal 75
Airteagal 25
Airteagal 76(1) agus (2)
—
Airteagal 76(3) go (7)
Airteagal 27(1) agus (2)
Airteagal 77(1) agus (3)
—
Airteagal 77(2)
—
Airteagal 78
Airteagal 30
Airteagal 79
—
Airteagal 80
Airteagal 28(1)
Airteagal 81(1)
Airteagal 28(2)
—
—
Airteagal 81(2) agus (3)
—
Airteagail 82 go 87
Airteagal 31
Airteagal 88
Airteagal 32
Airteagal 89
Iarscríbhinn I
Iarscríbhinn I
—
Iarscríbhinn II
Iarscríbhinn III
Iarscríbhinn III
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1789/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)
Top