Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh
GA
Sraith L
2025/2434
29.12.2025
RIALACHÁN (AE) 2025/2434 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Samhain 2025
maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
Ghlac an tAontas raon beart reachtach éagsúil chun an tsábháilteacht mhuirí agus an tslándáil mhuirí a fheabhsú, chun inbhuanaitheacht na loingseoireachta, lena n-áirítear trí thruailliú a chosc, agus dícharbónú na loingseoireachta a chur chun cinn, agus chun malartú faisnéise agus digiteáil na hearnála muirí a éascú. Chun go mbeidh siad éifeachtach, ní mór na bearta reachtacha sin a chur i bhfeidhm ar bhealach cuí agus aonfhoirmeach ar fud an Aontais chun cothrom na Féinne a áirithiú, saobhadh na hiomaíochta de bharr na mbuntáistí eacnamaíocha a bhíonn ag longa nach gcomhlíonann na rialacha a laghdú agus chun luach saothair a thabhairt d’oibreoirí loingseoireachta ardcháilíochta.
(2)
Teastaíonn roinnt mhaith obair theicniúil faoi cheannas comhlachta speisialaithe chun na spriocanna sin a shaothrú. Ar an gcúis sin, mar chuid de na bearta a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2000 maidir leis an dara sraith de bhearta Comhphobail maidir le sábháilteacht mhuirí tar éis don tancaer ola Erika, dul go tóin poill, ba ghá gníomhaireacht Eorpach a bhunú, laistigh den chreat institiúideach atá ann cheana agus freagrachtaí agus cearta na mBallstát mar Stáit bhrataí, Stáit an chalafoirt agus Stáit chósta á n-urramú, chun leibhéal sábháilteachta muirí a áirithiú atá ard, aonfhoirmeach agus éifeachtach agus chun truailliú ó longa a chosc.
(3)
Le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (‘an Ghníomhaireacht’) chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit an reachtaíocht a chur chun feidhme go héifeachtach ar leibhéal an Aontais sna réimsí a bhaineann le sábháilteacht mhuirí agus le truailliú a chosc trí chuairteanna iomchuí a thabhairt ar na Ballstáit chun faireachán a dhéanamh ar an reachtaíocht ábhartha agus, arna iarraidh sin do na Ballstáit, lena gcomhaontú agus i gcomhréir lena riachtanais, oiliúint agus fothú acmhainneachta a sholáthar.
(4)
Tar éis bhunú na Gníomhaireachta in 2002, leathnaíodh reachtaíocht an Aontais sna réimsí a bhaineann leis an tsábháilteacht mhuirí, an tslándáil mhuirí, an inbhuanaitheacht agus truailliú a chosc go suntasach, agus dá bharr sin rinneadh cúig leasú ar shainordú na Gníomhaireachta.
(5)
Ó 2013 i leith, chuir an Ghníomhaireacht go suntasach lena cuid cúraimí trí ghníomhú na gcúraimí coimhdeacha ábhartha dá bhforáiltear in Airteagal 2a de Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 agus trí iarrataí ar chúnamh teicniúil a cuireadh chuig an gCoimisiún agus na Ballstáit, go háirithe sa réimse a bhaineann le dícharbónú agus digiteáil na hearnála muirí. Ina theannta sin, bhí tionchar díreach ag leasuithe ar Threoracha 2005/35/CE (4), 2009/16/CE (5), 2009/18/CE (6) agus 2009/21/CE (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar chúraimí na Gníomhaireachta. Déantar foráil leis na Treoracha sin go háirithe go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht cúraimí a bhaineann le truailliú ó longa, córas an rialaithe arna dhéanamh ag Stáit an chalafoirt ar leibhéal an Aontais, gníomhaíochtaí na mBallstát maidir leis na himscrúduithe a bhaineann le tionóiscí muirí in uiscí an Aontais agus oibleagáidí na mBallstát mar Stáit bhrataí.
(6)
Ina theannta sin, ní mór rialachas na Gníomhaireachta a ailíniú leis an Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach 2012 maidir le gníomhaireachtaí díláraithe (‘Ráiteas Comhpháirteach agus Cur Chuige Coiteann’) agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún (8).
(7)
De bharr chineál substaintiúil na n-athruithe, is iomchuí Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 a aisghairm agus gníomh reachtach nua a chur ina ionad.
(8)
Bunaíodh an Ghníomhaireacht ar dtús agus é de chuspóir aici rannchuidiú le hardleibhéal sábháilteachta muirí a bhunú ar fud an Aontais agus cúnamh a thabhairt freisin maidir le truailliú ó longa, agus ina dhiaidh sin freisin, ó shuiteálacha ola agus gáis a chosc. Cé gur neartaíodh na cuspóirí sin tuilleadh trí chur chun cinn na slándála muirí a chur leo, le blianta beaga anuas is ar thacaíocht a thabhairt d’fhorbairtí rialála sna réimsí a bhaineann le dícharbónú agus digiteáil na loingseoireachta a bhí an Ghníomhaireacht dírithe. Is iomchuí, dá bhrí sin, na réimsí sin a ionchorprú i gcuspóirí foriomlána na Gníomhaireachta, rud a chuirfidh ar a cumas rannchuidiú le spriocanna an tionscail maidir leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. Ar an gcaoi chéanna, leis an ról ríthábhachtach atá ag an nGníomhaireacht maidir le pictiúr feasachta muirí a sholáthar ar muir, trí íomhánna satailíte agus córais aerárthaí cianrialaithe a oibriú, tá údar cuí le cuspóir foriomlán ábhartha a chur le cuspóirí na Gníomhaireachta.
(9)
Ba cheart a léiriú sna cuspóirí sin na réimsí a bhfuil an Ghníomhaireacht le cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a thabhairt ina leith don Choimisiún agus do na Ballstáit chun beartais an Aontais a chur chun feidhme sa réimse muirí.
(10)
Chun na cuspóirí sin a bhaint amach i gceart, is iomchuí go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht cúraimí sonracha sa réimse a bhaineann leis an tsábháilteacht mhuirí, inbhuanaitheacht an chomhshaoil, dícharbónú na hearnála muirí, an tslándáil agus an chibearshlándáil mhuirí, an faireachas muirí agus géarchéimeanna muirí, cur chun cinn dhigiteáil agus éascú na malartuithe sonraí sa réimse muirí. Chun díriú ar dhúshláin shonracha agus chun a áirithiú go gcuirfidh an Ghníomhaireacht a cúraimí i gcrích ar bhealach cost-éifeachtúil, ba cheart é a bheith de cheart ag Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta (‘an Bord Bainistíochta’) tosaíocht a thabhairt do chúraimí agus do ghníomhaíochtaí áirithe i bpleanáil bhliantúil agus ilbhliantúil na Gníomhaireachta.
(11)
I dteannta na gcúraimí sonracha, ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh cothrománach teicniúil a sholáthar, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do na Ballstáit, aon chúram a thagann faoi shainchúram a hinniúlachtaí agus a cuspóirí ar cúram é a eascraíonn as riachtanais agus forbairtí a thiocfaidh chun cinn amach anseo ar leibhéal an Aontais a chur chun feidhme. Agus cinneadh á dhéanamh an gcuirfear cúraimí breise den sórt sin san áireamh i ndoiciméad clársceidealaithe aonair na Gníomhaireachta mar chuid dá clár oibre bliantúil nó ilbhliantúil, ba cheart don Bhord Bainistíochta na hacmhainní daonna agus airgeadais atá ar fáil a chur san áireamh. Ní mór sin a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir tosaíocht a thabhairt do chúraimí áirithe arb iad croí-chúraimí na Gníomhaireachta iad más gá.
(12)
Tá an Ghníomhaireacht ar thús cadhnaíochta sa saineolas teicniúil i réimsí a hinniúlachta agus, dá bhrí sin, ba cheart di gníomhaíochtaí oiliúna agus fothaithe acmhainneachta a sholáthar do na Ballstáit arna iarraidh sin dóibh, ach a gcomhaontaíonn siad leis sin agus a ndéantar i gcomhréir lena riachtanais, agus ba cheart di na huirlisí is forbartha ó thaobh na teicneolaíochta de a úsáid agus na gníomhaíochtaí oiliúna agus fothaithe acmhainneachta sin á gcur i gcrích.
(13)
Ba cheart an saineolas teicniúil atá ag an nGníomhaireacht a fhorbairt tuilleadh trí thaighde a dhéanamh sa réimse muirí agus trí rannchuidiú le gníomhaíochtaí ábhartha an Aontais sa réimse sin. Ba cheart don Ghníomhaireacht rannchuidiú, i ndlúthchomhar leis an mBord Bainistíochta, agus cur chuige réamhghníomhach i bhfeidhm aici, leis na cuspóirí a leanas: feabhas a chur ar an tsábháilteacht mhuirí agus ar an tslándáil mhuirí, an loingseoireacht a dhícharbónú agus truailliú ó longa a chosc. Ina leith sin, d’fhéadfadh an Ghníomhaireacht treoraíocht, moltaí nó lámhleabhair ábhartha neamhcheangailteacha a mholadh don Choimisiún lena bhféadfaí cúnamh a thabhairt don Choimisiún, do na Ballstáit nó don tionscal muirí chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
(14)
A mhéid a bhaineann leis an tsábháilteacht mhuirí, ba cheart don Ghníomhaireacht cur chuige réamhghníomhach a fhorbairt maidir le rioscaí agus dúshláin sábháilteachta a chinneadh. Ar an mbonn sin, ba cheart di tuarascáil ar an dul chun cinn maidir leis an tsábháilteacht mhuirí a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach 3 bliana. Thairis sin, ba cheart don Ghníomhaireacht leanúint de chúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit gníomhartha dlí ábhartha an Aontais a chur chun feidhme, go háirithe sna réimsí seo a leanas: na hoibleagáidí ar Stáit bhrataí agus ar Stáit an chalafoirt, imscrúduithe sábháilteachta muirí, sábháilteacht long paisinéirí, eagraíochtaí aitheanta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (e), de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (‘eagraíochtaí aitheanta’), agus trealamh muirí. Agus cineál athraitheach na sábháilteachta muirí á aithint aici, d’fhéadfadh an Ghníomhaireacht, tar éis di formheas a fháil roimh ré ón mBord Bainistíochta, cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit i réimsí atá ag teacht chun cinn a bhaineann leis an tsábháilteacht mhuirí, gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát sna réimsí sin. Tá sé tábhachtach freisin tuilleadh staidrimh a bhailiú i réimse na hoiliúna agus an deimhnithe do mharaithe agus, arna iarraidh sin don Bhord Bainistíochta, maidir le cur chun feidhme na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta ábhartha maidir le dálaí oibre agus maireachtála maraithe ar bord, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, an Coinbhinsiún Oibreachais Mhuirí, 2006 (MLC, 2006), d’fhonn cuidiú le tarraingteacht ghairm na loingseoireachta a fheabhsú agus freagairtí straitéiseacha iomchuí a fhorbairt chun maraithe a earcú agus a choinneáil i mbun gníomhaíochta. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an obair atá déanta cheana féin ag eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, chun dúbláil a sheachaint.
(15)
Ó rinneadh an leasú substaintiúil deiridh ar Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 in 2013, tá forbairtí reachtacha móra tagtha chun cinn san earnáil mhuirí maidir leis an inbhuanaitheacht, amhail an truailliú a chosc agus freagairt air, an comhshaol a chosaint, agus dícharbónú. I dteannta na gcúraimí a cumhdaíodh le sainordú na Gníomhaireachta go dtí seo, mar shampla truailliú ó longa agus ó shuiteálacha ola agus gáis a chosc, trí CleanSeaNet a oibriú go príomha, a bunaíodh faoi Threoir 2005/35/CE, ba cheart don Ghníomhaireacht leanúint de chúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cur chun feidhme Threoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Ba cheart an cúram sin a léiriú ina sainordú nuashonraithe. Thairis sin, is mó an gá atá ag an nGníomhaireacht anois leanúint de chúnamh a thabhairt maidir le cur chun feidhme na n-eilimintí a bhaineann le loingseoireacht de Threoracha 2008/56/CE (11) agus (AE) 2016/802 (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart don Ghníomhaireacht tuarascáil a sholáthar gach 3 bliana maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na dtreoracha sin. Agus cineál athraitheach na hearnála muirí á aithint aici, d’fhéadfadh an Ghníomhaireacht, ar fhormheas a fháil roimh ré ón mBord Bainistíochta, cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit i réimsí atá ag teacht chun cinn a bhaineann le cosaint an chomhshaoil agus truailliú aeir, gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát sna réimsí sin.
(16)
I gcomhthéacs an chúnaimh a thugann an Ghníomhaireacht don Choimisiún agus do na Ballstáit agus Treoir 2008/56/CE á cur chun feidhme acu, ba cheart don Ghníomhaireacht, i gcás inarb iomchuí, tuilleadh taighde a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach i gcás uiscí mara, doirteadh millíní plaisteacha agus torann radaithe faoi uisce.
(17)
Sa réimse a bhaineann le dícharbónú na hearnála loingseoireachta, tá iarrachtaí á ndéanamh anois chun astaíochtaí domhanda muirí a theorannú tríd an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) agus ba cheart na hiarrachtaí sin a spreagadh, lena n-áirítear cur chun feidhme tapa Straitéis athbhreithnithe IMO um Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa ó Longa a Laghdú, a glacadh in 2023. Ar leibhéal an Aontais, forbraíodh sraith beartas agus gníomhartha dlí chun tacú leis an dícharbónú agus chun inbhuanaitheacht na hearnála muirí a chur chun cinn tuilleadh, mar a léirítear go háirithe sa Chomhaontú Glas don Eoraip a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019, sa ‘Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí’ a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020, sa phacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’ a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 dar teideal ‘Fit for 55’: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality (‘Oiriúnach do 55’: Sprioc Aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach ar an mbealach i dtreo na haeráidneodrachta] agus sa Phlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 dar teideal ‘Pathway to a Healthy Planet for All – EU Action Plan: Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’ [Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách - Plean Gníomhaíochta AE: ‘I dtreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú’]. Dá thoradh sin, ba cheart an gá atá le laghdú ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil mhuirí a léiriú i sainordú na Gníomhaireachta.
(18)
Cé gur cheart don Ghníomhaireacht leanúint de chúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), ba cheart di tuilleadh cúnaimh a thabhairt maidir le cur chun feidhme na mbeart rialála nua chun an earnáil loingseoireachta a dhícharbónú, rud a eascraíonn as an bpacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’, mar shampla Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus na gnéithe a bhaineann le loingseoireacht de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Áirítear leis an gcúnamh sin faireachán agus tuairisciú ar na tionchair ar thrácht calafoirt, seachaint calafoirt agus aistriú tráchta chuig calafoirt trasloingsithe i dtríú tíortha, rud a dhéanann dochar do chalafoirt an Aontais, do Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE) faoi Rialachán (AE) 2015/757 agus do Rialachán (AE) 2023/1805. Ba cheart don Ghníomhaireacht leanúint de bheith ar thús cadhnaíochta sa saineolas ar leibhéal an Aontais chun cúnamh a thabhairt maidir leis an earnáil mhuirí a aistriú chuig breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin, trí thaighde a dhéanamh atá ábhartha chun gníomhartha dlí an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorbairt maidir le glacadh agus imscaradh foinsí inbhuanaithe malartacha cumhachta le haghaidh long, amhail teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha, soláthar cumhachta ar tír, nó tiomáint ghaothchuidithe, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2023/1805, nó tiomáint ghrianchuidithe, agus i ndáil le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh a chur in úsáid, amhail optamú luais. Chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn sa réimse a bhaineann le dícharbónú na hearnála loingseoireachta, ba cheart don Ghníomhaireacht tuarascáil a thabhairt don Choimisiún gach 3 bliana ar na hiarrachtaí atáthar a dhéanamh chun gáis cheaptha teasa a laghdú, lena n-áirítear aon mholadh a d’fhéadfadh a bheith aici ina leith sin.
(19)
I réimse na sábháilteachta muirí, ba cheart don Ghníomhaireacht leanúint de chúnamh teicniúil a sholáthar i leith cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Ó tharla go bhfuil méadú nach beag tagtha ar an líon teagmhas cibearshlándála san earnáil mhuirí le blianta beaga anuas, ba cheart don Ghníomhaireacht tacaíocht a thabhairt i leith iarrachtaí an Aontais chun teagmhais chibearshlándála a chosc agus feabhas a chur ar chibear-athléimneacht san earnáil mhuirí trí mhalartú dea-chleachtas agus faisnéise maidir le teagmhais chibearshlándála idir na Ballstáit a éascú.
(20)
Ba cheart don Ghníomhaireacht leanúint den chóras faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí a óstáil, a bunaíodh faoi Threoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) mar aon le córais eile atá mar bhonn taca faoi fheasacht staide muirí a bhunú. Ina leith sin, ba cheart don Ghníomhaireacht leanúint de ról ríthábhachtach a bheith aici agus an ghné faireachais mhuirí de Sheirbhís Slándála Copernicus laistigh de chreat rialachais agus airgeadais chlár Copernicus arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) (‘clár Copernicus’) á bainistiú agus ba cheart di leanúint den teicneolaíocht úrscothach atá ar fáil a úsáid, mar shampla córais aerárthaí cianrialaithe, a sholáthraíonn uirlis úsáideach do na Ballstáit agus do chomhlachtaí eile de chuid an Aontais chun faireachas agus faireachán a dhéanamh. Anuas ar na seirbhísí sin, léirigh an Ghníomhaireacht an ról straitéiseach atá aici maidir le feasacht staide muirí a sholáthar le linn géarchéimeanna éagsúla, mar shampla géarchéim COVID-19 agus cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Dá thoradh sin, ba cheart don Ghníomhaireacht lárionad a oibriú, a bheadh ar oscailt 24 uair an chloig in aghaidh an lae agus 7 lá sa tseachtain, chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le cásanna éigeandála den sórt sin.
(21)
Tá dúshláin gheopholaitiúla nua roimh an Aontas, rud a fhágann go bhfuil bagairtí breise ann ar an tsábháilteacht mhuirí agus ar an timpeallacht mhuirí. Leis na hacmhainneachtaí atá ag an nGníomhaireacht cheana chun feasacht staide muirí a sholáthar, lena n-áirítear faireachas ar ghluaiseachtaí long, ba cheart tacú le Ballstáit chósta, inter alia, trí fhaireachán a dhéanamh ar aistrithe ó long go long a bhfuil amhras fúthu agus ar theagmhais ina gcuirtear isteach go neamhdhleathach ar an gcóras aitheantais uathoibríoch (AIS) ar bord loinge nó ina múchtar go neamhdhleathach nó ina ndíchumasaítear go neamhdhleathach é, agus fógra a thabhairt ina leith, agus trí mhalartú faisnéise a éascú bunaithe ar chóras an Aontais um malartú faisnéise muirí (SafeSeaNet) a bunaíodh faoi Threoir 2002/59/CE, lena gcumasaítear faisnéis a fháil, a stóráil, a aisghabháil agus a mhalartú chun críche sábháilteachta muirí, slándála calafoirt agus muirí, cosanta comhshaoil mhuirí agus éifeachtúlachta tráchta mhuirí agus iompair mhuirí. Thacódh sé sin leis na Ballstáit chósta aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an ‘cabhlach dorcha’ nó leis an ‘scáthchabhlach’, mar a shainmhínítear i Rún A.1192(33) ó Chomhthionól IMO arna ghlacadh an 6 Nollaig 2023.
(22)
Mar chuid de chúram na Gníomhaireachta feasacht staide muirí agus sonraí anailíseacha a sholáthar, ba cheart di cúnamh a thabhairt do na Ballstáit, don Choimisiún agus do chomhlachtaí eile an Aontais, de réir mar is iomchuí, faireachán a dhéanamh ar ghluaiseachtaí long, lena n-áirítear i gcás longa a úsáideann teicneolaíochtaí ard-uathoibriúcháin, agus ar ghuaiseacha loingseoireachta. D’fhéadfaí a áireamh ar na guaiseacha loingseoireachta, ar féidir leo tionchar a bheith acu ar an gcomhshaol freisin, coimeádáin a chailltear agus a imíonn le sruth ar muir, chomh maith le píosaí móra de threalamh iascaireachta a chailltear nó a dhiúscraítear, mar shampla.
(23)
Tá an digiteáil sonraí de dhlúth agus d’inneach sa dul chun cinn teicneolaíochta i réimse an bhailithe agus na cumarsáide sonraí d’fhonn cabhrú le costais a laghdú agus le húsáid éifeachtúil a bhaint as acmhainní daonna. Trí Longa Dromchla Uathrialacha Muirí a chur in úsáid agus a oibriú agus leis na forbairtí digiteacha agus teicneolaíochta gaolmhara, soláthraítear raon leathan deiseanna nua i dtéarmaí bailiú sonraí agus bhainistiú na gcóras comhtháite. Cruthaítear deiseanna leis sin chun digiteáil, uathoibriú agus caighdeánú ionchasach a dhéanamh ar roinnt próiseas, rud a rannchuideodh le sábháilteacht, slándáil, inbhuanaitheacht agus éifeachtúlacht na n-oibríochtaí muirí, lena n-áirítear sásraí faireachais, ar leibhéal an Aontais, agus a laghdódh an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit i gcomhthráth leis sin. I ndáil leis sin, ba cheart don Ghníomhaireacht, inter alia, úsáid na ndeimhnithe leictreonacha, bailiú, taifeadadh agus meastóireacht na sonraí teicniúla agus saothrú sistéamach na mbunachar sonraí atá ann cheana, a éascú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear iad a chrostoirchiú trí úsáid a bhaint as TF nuálach agus uirlisí intleachta saorga. D’fhéadfadh an Ghníomhaireacht rannchuidiú freisin le réimse muirí an spáis choitinn Eorpaigh do shonraí soghluaisteachta, agus é mar aidhm aici an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú. San obair sin, ba cheart don Ghníomhaireacht é a chur san áireamh gur gá d’aon uirlis nó córas a bheith soláimhsithe agus idir-inoibritheach le réitigh theicniúla atá ann cheana ionas nach gcruthófar costais neamhriachtanacha do na Ballstáit ná don tionscal.
(24)
Chun na cúraimí a chuirtear ar iontaoibh na Gníomhaireachta a dhéanamh i gceart, is iomchuí go dtabharfadh oifigigh na Gníomhaireachta cuairteanna ar na Ballstáit chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú foriomlán chóras sábháilteachta muirí agus coiscthe truaillithe an Aontais. Ba cheart don Ghníomhaireacht cigireachtaí a dhéanamh freisin chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach dhlí an Aontais.
(25)
Chun rannchuidiú le hobair ábhartha chomhlachtaí teicniúla IMO, na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus Mheabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú (Meabhrán Comhthuisceana Pháras) arna dhéanamh ag Stáit an Chalafoirt, a síníodh i bPáras an 26 Eanáir 1982, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a bheith in ann cúnamh teicniúil a iarraidh i ndáil le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh cúnamh teicniúil ón nGníomhaireacht a bheith de dhíth ar an gCoimisiún chun tacú le tríú tíortha sa réimse muirí, go háirithe maidir le fothú acmhainneachta agus modhanna chun an truailliú a chosc agus freagairt air. Ba cheart an tacaíocht a thabharfar do thríú tíortha a bheith faoi réir breithniú ar na hacmhainní daonna agus airgeadais atá ar fáil agus níor cheart di dochar a dhéanamh do thosaíochtaí na Gníomhaireachta.
(26)
Na húdaráis náisiúnta sin a chuireann feidhmeanna garda cósta i gcrích, tá siad freagrach as raon leathan cúraimí, amhail an tsábháilteacht mhuirí, an tslándáil mhuirí, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála muirí, rialú ag teorainneacha muirí, rialú ar iascach muirí, rialú custaim mhuirí, forfheidhmiú ginearálta dlí muirí agus cosaint an chomhshaoil mhuirí. I gcomhréir go háirithe le Sstraitéis Sslándála Mmuirí Athbhreithnithe an Aontais Eorpaigh (SSMAE) agus lena Plean Gníomhaíochta a d’fhormheas an Chomhairle an 24 Deireadh Fómhair 2023, ba cheart don Ghníomhaireacht, don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), arna bunú le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), agus don Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA), arna bunú le Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), dá bhrí sin, a gcomhar a neartú, laistigh dá sainorduithe faoi seach, le chéile agus leis na húdaráis náisiúnta a dhéanann feidhmeanna garda cósta, mar shampla tríd an bhFóram Eorpach maidir le Feidhmeanna Garda Cósta, chun feasacht staide muirí a mhéadú agus chun tacú le gníomhaíocht chomhleanúnach chost-éifeachtúil.
(27)
Le cur chun feidhme an Rialacháin seo, níor cheart difear a dhéanamh do dheighilt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit ná d’oibleagáidí na mBallstát de bhun coinbhinsiúin idirnáisiúnta mar shampla Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, coinbhinsiúin IMO amhail an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS), an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc agus an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, agus ionstraimí muirí ábhartha idirnáisiúnta eile.
(28)
Chun an próiseas cinnteoireachta a chuíchóiriú sa Ghníomhaireacht, ba cheart struchtúr rialachais éifeachtúil éifeachtach a thabhairt isteach. Chun na críche sin, ba cheart ionadaithe a bheith ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún ar Bhord Bainistíochta a dtabharfar na cumhachtaí riachtanacha dó, lena n-áirítear an chumhacht chun an buiséad a bhunú agus chun an doiciméad clársceidealaithe aonair a fhormheas. Ba cheart don Bhord Bainistíochta treoirlínte ginearálta agus straitéiseacha a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus ba cheart dó páirt níos mó a ghlacadh i dtaobh faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, d’fhonn an mhaoirseacht ar chúrsaí riaracháin agus buiséadacha a atreisiú. Ba cheart don Bhord Bainistíochta a bheith in ann meithleacha nó grúpaí comhairleacha a bhunú a mbeidh sé de chúram orthu cruinnithe an Bhoird Bainistíochta a ullmhú ar bhealach iomchuí agus tacú lena phróiseas cinnteoireachta, chomh maith le hobair leantach a dhéanamh agus a chinntí a chur chun feidhme. Ba cheart Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheith i gceannas ar an nGníomhaireacht.
(29)
Chun trédhearcacht chinntí an Bhoird Bainistíochta a áirithiú, d’fhéadfadh ionadaithe ó na hearnálacha lena mbaineann freastal ar chodanna dá chruinnithe, ach gan ceart vótála a bheith acu. Ba cheart don Choimisiún ionadaithe na bpáirtithe leasmhara éagsúla a cheapadh ar bhonn a n-ionadaíochta ar leibhéal an Aontais.
(30)
Chun go bhféadfaidh sí a cúraimí a chomhlíonadh i gceart, ba cheart pearsantacht dhlítheanach agus buiséad uathrialach a bheith ag an nGníomhaireacht, ar buiséad é a mhaoineofar, go príomha, trí ranníocaíocht ón Aontas agus trí mhuirir a íocfaidh tríú tíortha nó eintitis eile. Níor cheart d’aon ranníocaíocht airgeadais a fhaigheann an Ghníomhaireacht ó na Ballstáit nó ó thríú tíortha a neamhspleáchas ná a neamhchlaontacht a chur i mbaol. Chun neamhspleáchas a áirithiú ina cuid bainistíochta ó lá go lá agus sna tuairimí, sna moltaí agus sna cinntí a eisíonn sí, ba cheart eagrú na Gníomhaireachta a bheith trédhearcach agus ba cheart freagracht iomlán a bheith ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin as an nGníomhaireacht. Ba cheart d’fhoireann na Gníomhaireachta a bheith neamhspleách agus iad ar chonarthaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha araon ionas go gcoimeádfaidh sí an t-eolas eagraíochtúil agus an leanúnachas gnó atá aici, agus ba cheart malartú riachtanach leanúnach saineolais leis an earnáil mhuirí a choinneáil ag an am céanna. Ba cheart a áireamh le caiteachas na Gníomhaireachta costais foirne, riaracháin, bhonneagair agus oibriúcháin.
(31)
I ndáil le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, tá sé bunriachtanach go ngníomhóidh an Ghníomhaireacht go neamhchlaonta, go léireoidh sí ionracas agus go mbunóidh sí ardchaighdeáin ghairmiúla di féin. Níor cheart aon chúis dhlisteanach a bheith ann riamh le bheith in amhras go bhféadfadh leasanna a bheadh contrártha do ról na Gníomhaireachta mar chomhlacht a fhónann don Aontas ina iomláine nó leasanna nó cleamhnachtaí príobháideacha aon chomhalta den Bhord Bainistíochta, go bhféadfadh sin coinbhleacht nó coinbhleacht fhéideartha le feidhmiú cuí dhualgais oifigiúla an duine lena mbaineann a chruthú. Dá bhrí sin, ba cheart don Bhord Bainistíochta rialacha cuimsitheacha a ghlacadh agus a chur ar fáil go poiblí maidir le coinbhleachtaí leasa.
(32)
Dá mba ann do dhearcadh straitéiseach níos leithne i leith ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, d’éascófaí pleanáil agus bainistiú ar a cuid acmhainní ar bhealach níos éifeachtaí agus rannchuideofaí le cáilíocht níos airde a bheith ag torthaí na Gníomhaireachta. Deimhnítear agus atreisítear cur chuige den sórt sin le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715. Ba cheart don Bhord Bainistíochta, doiciméad clársceidealaithe aonair, ina bhfuil na cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla, a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil, tar éis dul i mbun comhairliúchán cuí leis na páirtithe leasmhara ábhartha.
(33)
I gcás ina n-iarrtar ar an nGníomhaireacht cúram nua a dhéanamh dar gá, de réir a sainordaithe, cuimhneamh agus anailís a dhéanamh ar an tionchar a bheidh aige ar a hacmhainní, i dtéarmaí acmhainní daonna agus buiséadacha, níor cheart don Bhord Bainistíochta na cúraimí sin a áireamh sa doiciméad clársceidealaithe aonair ach an anailís sin a bheith déanta. Ba cheart a shainaithint san anailís sin na hacmhainní is gá a bheith ag an nGníomhaireacht chun bheith in ann na cúraimí nua sin a chomhlíonadh agus cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar do na cúraimí atá ar an nGníomhaireacht faoi láthair agus cé acu ba cheart nó nár cheart iad a atreorú.
(34)
Ba cheart acmhainní cuí a bheith ag an nGníomhaireacht chun a cúraimí a chur i gcrích agus ba cheart buiséad uathrialach a dheonú di. Ba cheart í a mhaoiniú go príomha trí ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart nós imeachta buiséadach an Aontais a bheith infheidhme maidir le ranníocaíocht an Aontais agus le haon fhóirdheontas eile is inmhuirir ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa na cuntais a iniúchadh.
(35)
Chun coigilteas airgeadais a bhaint amach, ba cheart don Ghníomhaireacht, i gcás inarb iomchuí, oibriú i ndlúthchomhar le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile an Aontais, go háirithe iad sin a bhfuil a suíomh sa Bhallstát céanna acu.
(36)
Le blianta beaga anuas, agus níos mó gníomhaireachtaí díláraithe á gcruthú, táthar tar éis feabhas a chur ar an trédhearcacht agus ar an rialú i dtaca le bainistiú an chistithe ón Aontas a leithdháiltear orthu, go háirithe a mhéid a bhaineann le buiséadú na dtáillí, an rialú airgeadais, cumhacht an urscaoilte, ranníocaíochtaí scéimeanna pinsin agus an nós imeachta buiséadach inmheánach (cód iompair). Ar an gcaoi chéanna, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) gan srian maidir leis an nGníomhaireacht, agus ba cheart di aontú do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (22).
(37)
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leormhaith, eadhon comhlacht speisialaithe a bhunú a fhéadfaidh cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le dlí an Aontais a bhaineann le hiompar muirí ar fud an Aontais a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme go héifeachtach, de bharr an chomhair atá le déanamh, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.
(38)
Is gá, chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht go cuí, go gcuirfear prionsabail áirithe chun feidhme maidir le rialachas na Gníomhaireachta, chun an Ráiteas Comhpháirteach agus an Cur Chuige Comhchoiteann a chomhlíonadh, arb é is cuspóir dóibh gníomhaíochtaí gníomhaireachtaí a chuíchóiriú agus cur lena bhfeidhmíocht.
(39)
Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
(40)
Is é an duine dlítheanach céanna i gcónaí atá sa Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002, agus leanfaidh sí lena cuid gníomhaíochtaí agus nósanna imeachta uile,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS CUSPÓIRÍ
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Bunaítear leis an Rialachán seo an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (‘an Ghníomhaireacht’).
Gabhfaidh an Ghníomhaireacht arna bunú leis an Rialachán seo ionad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 agus tiocfaidh sí i gcomharbas uirthi.
2. Leis an Rialachán seo, soláthraítear rialacha cuimsitheacha maidir le cúraimí, feidhmiú agus rialachas na Gníomhaireachta.
3. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh do na Ballstáit agus don Choimisiún chun dlí an Aontais maidir le hiompar muirí a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme go héifeachtach ar fud an Aontais. Chuige sin, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún agus soláthróidh sí cúnamh teicniúil, oibríochtúil agus eolaíoch dóibh faoi raon feidhme chuspóirí agus chúraimí na Gníomhaireachta a leagtar amach in Airteagal 2 agus i gCaibidlí II agus III.
4. Tríd an gcúnamh dá dtagraítear i mír 3 a sholáthar, tabharfaidh an Ghníomhaireacht tacaíocht do na Ballstáit agus don Choimisiún go háirithe chunna gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm agus chun rannchuidiú le héifeachtúlacht fhoriomlán an tráchta mhuirí agus an iompair mhuirí mar a leagtar amach sa Rialachán seo, chun baint amach chuspóirí an Aontais i réimse an iompair mhuirí a éascú.
5. Beidh aon chúnamh a sholáthróidh an Ghníomhaireacht agus aon chúram a leagtar amach in Airteagail 4 go 11 gan dochar do chearta agus freagrachtaí na mBallstát.
Airteagal 2
Cuspóirí na Gníomhaireachta
1. Is iad na príomhchuspóirí a bheidh ag an nGníomhaireacht leibhéal sábháilteachta muirí a áirithiú a bheidh ard, aonfhoirmeach agus éifeachtach lena ndírítear ar an laghdú uasta ar thionóiscí, leibhéal ard, aonfhoirmeach, leibhéal ard, aonfhoirmeach agus éifeachtach slándála mhuirí, laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa agus inbhuanaitheacht chomhshaoil na hearnála muirí, chomh maith le truailliú ó longa a chosc agus freagairt air, agus an fhreagairt ar thruailliú muirí ó shuiteálacha ola agus gáis.
2. Cuspóirí breise de chuid na Gníomhaireachta is ea tacú le digiteáil agus le laghdú an ualaigh riaracháin san earnáil mhuirí trí tharchur leictreonach sonraí a éascú agus tacú le simpliú córas agus seirbhísí comhtháite um fhaireachas muirí agus córas agus seirbhísí feasachta staide muirí agus iad a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit.
CAIBIDIL II
CÚRAIMÍ NA GNÍOMHAIREACHTA
Airteagal 3
Cúnamh teicniúil cothrománach
1. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún sa mhéid a leanas:
(a)
chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach na ngníomhartha dlí ceangailteacha ábhartha de chuid an Aontais a thagann faoi chuspóirí na Gníomhaireachta, go háirithe trí na cuairteanna agus na cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10 a dhéanamh;
(b)
san obair ullmhúcháin chun na gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais a thagann faoi chuspóirí na Gníomhaireachta a thabhairt cothrom le dáta agus a fhorbairt, go háirithe i gcomhréir le forbairt an dlí idirnáisiúnta ábhartha;
(c)
i bhfeidhmiú aon chúraim eile a shanntar don Choimisiún i ngníomhartha reachtacha an Aontais a thagann faoi chuspóirí na Gníomhaireachta.
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, féadfaidh an Ghníomhaireacht feabhsuithe a mholadh don Choimisiún.
2. Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht leis na Ballstáit chun na gcríoch seo a leanas:
(a)
gníomhaíochtaí ábhartha fothaithe acmhainne agus oiliúna a eagrú, i gcás inarb iomchuí, i réimsí a thagann faoi chuspóirí na Gníomhaireachta agus arb iad na Ballstáit atá freagrach astu;
(b)
réitigh theicniúla a fhorbairt, lena n-áirítear seirbhísí ábhartha oibríochtúla a sholáthar, agus cúnamh teicniúil a sholáthar i ndáil leis an inniúlacht náisiúnta is gá a fhorbairt chun gníomhartha dlí an Aontais a thagann faoi chuspóirí na Gníomhaireachta a chur chun feidhme.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), den mhír seo, bunóidh an Ghníomhaireacht cumais iomchuí agus é mar aidhm aici gníomhaíochtaí oiliúna a bhaineann le cuspóirí na Gníomhaireachta a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a chomhordú. Déanfar na gníomhaíochtaí oiliúna a chuirfear ar fáil a fhorbairt i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, agus déanfaidh an Bord Bainistíochta iad a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo, agus Airteagal 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) á urramú go hiomlán.
3. Déanfaidh an Ghníomhaireacht comhar a chur chun cinn agus a éascú i measc na mBallstát agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún, agus gníomhartha dlí an Aontais á gcur chun feidhme, trí mhalartú agus scaipeadh eispéireas agus dea-chleachtas a chur chun cinn.
4. Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht le gníomhaíochtaí taighde muirí ar leibhéal an Aontais nuair is gá chun cuspóirí na Gníomhaireachta a chomhlíonadh, arna n-iarraidh sin don Choimisiún nó ar a tionscnamh féin, faoi réir réamh-fhormheas an Bhoird Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 17. Ina leith sin, tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit agus mórthéamaí taighde á sainaithint acu, gan dochar do ghníomhaíochtaí taighde eile ar leibhéal an Aontais, agus anailís á déanamh acu ar thionscadail taighde atá ar bun faoi láthair agus ar thionscadail atá ábhartha do chuspóirí na Gníomhaireachta agus a cuireadh i gcrích cheana. I gcás inarb iomchuí, faoi réir na rialacha is infheidhme maidir le maoin intleachtúil agus ceisteanna slándála, déanfaidh an Ghníomhaireacht torthaí a cuid gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a scaipeadh, tar éis don Choimisiún iad a fhormheas, mar chuid dá rannchuidiú le sineirgí a chruthú idir gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéanann comhlachtaí eile de chuid an Aontais agus ag na Ballstáit.
5. I gcás ina bhfuil gá lena leithéid chun a cuid cúraimí a chur chun feidhme, féadfaidh an Ghníomhaireacht staidéir a dhéanamh, agus rannpháirt á tabhairt aici don Choimisiún agus, i gcás inarb infheidhme, trí chomhairliúcháin le grúpaí stiúrtha, do na Ballstáit, agus i gcás inarb iomchuí, do na comhpháirtithe sóisialta agus na hionadaithe tionscail a bhfuil saineolas acu ar na hábhair ábhartha.
6. Ar bhonn an taighde agus na staidéar a rinne an Ghníomhaireacht agus ar bhonn na taithí a fuarthas trína cuid gníomhaíochtaí féin, go háirithe na cuairteanna agus na cigireachtaí, agus tríd an malartú faisnéise agus dea-chleachtas a rinneadh leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, féadfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhaontú leis an gCoimisiún agus leis an mBord Bainistíochta, moltaí, treoraíocht nó lámhleabhair neamhcheangailteacha ábhartha a sholáthar chun tacú leis na Ballstáit, agus i gcás inarb iomchuí leis an tionscal, agus gníomhartha dlí ábhartha an Aontais á gcur chun feidhme.
Airteagal 4
Cúraimí a bhaineann leis an tsábháilteacht mhuirí
1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar an dul chun cinn ar shábháilteacht an iompair mhuirí san Aontas, déanfaidh sí anailís riosca ar bhonn na sonraí atá ar fáil agus forbróidh sí samhlacha measúnaithe rioscaí sábháilteachta chun dúshláin agus rioscaí sábháilteachta a shainaithint. Gach 3 bliana, cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an dul chun cinn i ndáil leis an tsábháilteacht mhuirí agus d’fhéadfadh sé go mbeidh moltaí sa tuarascáil sin a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe i ndáil le rioscaí sábháilteachta a d’fhéadfadh teacht as forbairt, glacadh agus imscaradh foinsí inbhuanaithe malartacha cumhachta le haghaidh long, lena n-áirítear teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha agus soláthar cumhachta ar tír mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2023/1805.
2. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit agus Treoir 2009/21/CE á cur chun feidhme. Go háirithe, tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí agus bunaithe ar iarrataí ar chúnamh ó na Ballstáit, gníomhaíochtaí oiliúna ábhartha a eagrú do chigirí Stáit brataí agus do shuirbhéirí Stáit brataí dá dtagraítear in Airteagal 4c den Treoir sin. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún tairseach dhigiteach idir-inoibritheach a fhorbairt, a choinneáil ar bun agus a nuashonrú freisin i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin, chomh maith leis an mbunachar sonraí faisnéise loinge i gcomhréir le hAirteagal 6a den Treoir sin, agus an uirlis tuairiscithe leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 9b den Treoir sin a bhunú agus féadfaidh sí moltaí a sholáthar don Choimisiún ar bhonn na sonraí arna mbailiú ar an gcaoi sin.
Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún uirlisí agus seirbhísí ábhartha a fhorbairt chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, a gcuid oibleagáidí de bhun Threoir 2009/21/CE a chomhlíonadh.
3. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún maidir leis an mbunachar sonraí cigireachta dá ndéantar foráil in Airteagal 24 de Threoir 2009/16/CE a fhorbairt, a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta agus déanfaidh sí an uirlis bhailíochtaithe dá ndéantar foráil in Airteagal 24a den Treoir sin a fhorbairt, a choinneáil ar bun, agus a thabhairt cothrom le dáta agus tacóidh sí leis na Ballstáit. Ar bhonn na sonraí arna mbailiú sa bhunachar sonraí sin, tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus anailís á déanamh ar an bhfaisnéis ábhartha agus faisnéis á foilsiú maidir le longa agus cuideachtaí ag a bhfuil feidhmíocht íseal agus an-íseal de bhun Threoir 2009/16/CE.
Soláthróidh an Ghníomhaireacht uirlisí agus seirbhísí ábhartha chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, a gcuid oibleagáidí de bhun Threoir 2009/16/CE a chomhlíonadh.
Ina theannta sin, tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún clár oiliúna gairmiúla a fhorbairt do chigirí um rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt i gcomhar leis na Ballstáit agus mar a comhaontaíodh laistigh de Mheabhrán Comhthuisceana Pháras, dá bhforáiltear in Airteagal 22(7) de Threoir 2009/16/CE.
4. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún maidir leis an mbunachar sonraí Eorpach maidir le taismigh mhuirí dá ndéantar foráil in Airteagal 17 de Threoir 2009/18/CE a fhorbairt agus a choinneáil ar bun. Ar bhonn na sonraí a bhaileofar sa bhunachar sonraí sin, tiomsóidh an Ghníomhaireacht forbhreathnú bliantúil ar thaismigh agus teagmhais mhuirí. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin d’údaráis um imscrúdú sábháilteachta muirí na mBallstát lena mbaineann, agus ar chuntar nach dtagann aon choinbhleacht leasa chun cinn, tacaíocht oibríochtúil a sholáthar do na Ballstáit sin agus iad i mbun a n-imscrúduithe sábháilteachta muirí. Déanfaidh an Ghníomhaireacht anailís freisin ar thuarascálacha imscrúdaithe sábháilteachta muirí dá bhforáiltear i dTreoir 2009/18/CE d’fhonn breisluach a shainaithint ar leibhéal an Aontais i dtéarmaí aon cheacht ábhartha a bheidh le foghlaim.
Cuirfidh an Ghníomhaireacht oiliúint thráthrialta ar fáil de réir riachtanais údaráis um imscrúdú sábháilteachta muirí na mBallstát.
5. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit Treoir 98/41/CE ón gComhairle (23) agus Treoracha 2003/25/CE (24) agus 2009/45/CE (25) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún, go háirithe, bunachar sonraí beart a bhunú agus a choinneáil ar bun chun bearta a thaifeadadh dá bhforáiltear in Airteagal 9(4), an seachtú fomhír, de Threoir 2009/45/CE agus Airteagal 9(3), pointe (a), de Threoir 98/41/CE agus tabharfaidh sí cúnamh don Choimisiún agus measúnú á dhéanamh ar na bearta sin.
6. Éascóidh an Ghníomhaireacht an comhar agus an malartú faisnéise idir an Coimisiún agus na Ballstáit chun measúnú a dhéanamh ar na heagraíochtaí aitheanta a dhéanann cúraimí suirbhéireachta agus deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, go háirithe, an méid seo a leanas:
(a)
tuairim a sholáthar don Choimisiún maidir lena measúnú ar na heagraíochtaí aitheanta faoi Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009;
(b)
faisnéis iomchuí a sholáthar do na Ballstáit i gcomhthéacs na gcuairteanna agus na gcigireachtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht mar thaca le measúnú an Choimisiúin faoi Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 chun tacú le faireachán a dhéanamh ar eagraíochtaí aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), chun tacú leis na Ballstáit agus iad ag comhlíonadh a gcuid oibleagáidí Aontais agus idirnáisiúnta mar Stáit bhrataí;
(c)
cúnamh teicniúil a chur ar fáil don Choimisiún maidir le bearta feabhais a d’fhéadfaí a dhéanamh nó maidir le fíneálacha a ghearradh ar na heagraíochtaí aitheanta i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 6 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 agus leis na ceanglais chomhfhreagracha maidir le réamhfhógra.
Chun críocha na chéad fhomíre, pointe (b), den mhír seo, tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le hAirteagal 9a de Threoir 2009/21/CE a chur chun feidhme.
7. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) á cur chun feidhme trína measúnú teicniúil ar ghnéithe sábháilteachta agus comhshaoil a sholáthar, trí mholtaí a sholáthar in éineacht le liostaí de na ceanglais deartha, tógála agus feidhmíochta agus de na caighdeáin tástála faoi seach, agus tabharfaidh sí cúnamh don Choimisiún an bunachar sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 35(4) den Treoir sin a chur ar bun agus a choinneáil ar bun agus comhar a éascú idir comhlachtaí um measúnú faoina dtugtar fógra, ar comhlachtaí iad a ghníomhaíonn mar an rúnaíocht theicniúil dá ngrúpa comhordúcháin.
8. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit chun rioscaí sábháilteachta a shainaithint a bhaineann le forbairt teicneolaíochtaí lena mbaineann ard-uathoibriú.
9. Déanfaidh an Ghníomhaireacht anailís ar staidreamh maidir le maraithe arna sholáthar agus arna úsáid i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/993 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28). Féadfaidh sé freisin, arna iarraidh sin don Bhord Bainistíochta, anailís a dhéanamh ar staidreamh maidir leis na heasnaimh a bhaineann le MLC 2006 a sainaithníodh le linn cigireachtaí um rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt arna ndéanamh faoi Threoir 2009/16/CE d’fhonn cuidiú le feabhas a chur ar dhálaí oibre agus maireachtála maraithe ar bord.
10. Tar éis formheas a fháil roimh ré ón mBord Bainistíochta, féadfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le réimsí atá ag teacht chun cinn agus a bhaineann leis an tsábháilteacht mhuirí, de réir mar is iomchuí agus gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát sna réimsí sin.
Airteagal 5
Cúraimí a bhaineann le hinbhuanaitheacht chomhshaoil
1. Tacóidh an Ghníomhaireacht leis na Ballstáit ar bhealach cost-éifeachtúil trí thuilleadh modhanna oibríochtúla freagartha ar thruailliú a sholáthar, lena n-áirítear modhanna a fhorbrófar le haghaidh breoslaí inbhuanaithe malartacha, le haghaidh truailliú ó longa agus le haghaidh truailliú muirí ó shuiteálacha ola agus gáis.
Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tacaíocht den sórt sin arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann ar faoina údarás a dhéanfar na hoibríochtaí glantacháin. Beidh an tacaíocht sin gan dochar don fhreagracht atá ar Stáit chósta sásraí iomchuí freagartha ar thruailliú a bheith i bhfeidhm acu agus urramófar léi an comhar atá ann cheana idir na Ballstáit sa réimse sin.
Leis na modhanna oibríochtúla a sholáthróidh an Ghníomhaireacht do na Ballstáit, cuirfear san áireamh aistriú na hearnála chuig foinsí inbhuanaithe malartacha cumhachta a úsáid le haghaidh long agus déanfar foráil maidir leis an aistriú sin leo. I gcás inarb iomchuí, déanfar iarrataí ar chur in úsáid gníomhaíochtaí in aghaidh an truaillithe a chur ar aghaidh tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta arna bhunú le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) (Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta).
2. Déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú riosca a ullmhú agus a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh imchuacha farraige uile an Aontais, measúnú ar a mbunófar an cinneadh maidir le suíomh na soithí freagartha ar thruailliú ola agus ceimiceach lena dtacófar leis na Ballstáit agus gníomhaíochtaí freagartha ar thruailliú an chomhshaoil mhuirí á ndéanamh acu.
3. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le brath truaillithe fhéideartha agus tóraíocht na long a dhéanann sceití neamhdhleathacha i gcomhréir le Treoir 2005/35/CE. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh go háirithe maidir le cur chun feidhme Airteagail 10-go 10d den Treoir sin tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
an tseirbhís shatailítbhunaithe Eorpach um brath truaillithe (CleanSeaNet) a fhorbairt agus a choinneáil ar bun, mar chuid de SafeSeaNet, agus sásraí tuairiscithe eile agus córais tuairiscithe eile;
(b)
an fhaisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme Threoir 2005/35/CE agus forfheidhmiú de bhun Threoir 2005/35/CE a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh;
(c)
fothú acmhainneachta a sholáthar do na húdaráis náisiúnta inniúla agus malartú dea-chleachtas eatarthu a éascú;
(d)
an bealach tuairiscithe seachtrach ar líne a fhorbairt agus a choinneáil ar bun chun faisnéis maidir le sceitheadh neamhdhleathach féideartha arna chur in iúl ag an gcriú a fháil agus a láimhseáil, agus an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig an mBallstát nó chuig na Ballstáit lena mbaineann, agus an chosaint is gá do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe féideartha agus dá sonraí pearsanta á háirithiú ag an am céanna.
4. Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, amhail an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA), arna bunú le Rialachán (AE) 2019/473, i gcomhréir leis an socrú oibre dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Rialachán seo.
5. Soláthróidh an Ghníomhaireacht an tseirbhís CleanSeaNet agus aon uirlis eile chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát, chun faireachán a dhéanamh ar mhéid agus ar thionchar comhshaoil an truaillithe ola mhuirí ó shuiteálacha ola agus gáis.
6. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit agus Treoir (AE) 2019/883 á cur chun feidhme, lena n-áirítear an bunachar sonraí cigireachta dá bhforáiltear in Airteagal 14 den Treoir sin a fhorbairt, a choinneáil ar bun agus a nuashonrú.
7. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit Treoir 2008/56/CE a chur chun feidhme, trí rannchuidiú leis an gcuspóir maidir le dea-stádas comhshaoil uiscí mara a bhaint amach nó a choinneáil ar bun mar a shainmhínítear sa Treoir sin i dtaca leis na heilimintí loingseoireachta de Threoir 2008/56/CE agus úsáid a bhaint as uirlisí atá ann cheana amhail na Seirbhísí Muirí Comhtháite arna soláthar ag an nGníomhaireacht.
8. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát, lena n-áirítear maidir le huirlisí agus seirbhísí oibríochtúla, agus na heilimintí loingseoireachta de Threoir (AE) 2016/802 á gcur chun feidhme. I ndáil leis sin, coinneoidh an Ghníomhaireacht an bunachar sonraí cigireachta ábhartha ar bun freisin chun cabhrú leis na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an riosca nach gcomhlíonfadh longa an Treoir sin.
9. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit agus Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) á chur chun feidhme acu trí shonraí maidir le comhlíonadh an Rialacháin sin a bhailiú agus a anailísiú.
10. Tar éis formheas a fháil roimh ré ón mBord Bainistíochta, féadfaidh an Ghníomhaireacht tacú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit maidir le réimsí atá ag teacht chun cinn a bhaineann leis an inbhuanaitheacht comhshaoil, de réir mar is iomchuí agus gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát sna réimsí sin.
11. Gach 3 bliana, cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an dul chun cinn atá déanta chun tionchar comhshaoil an iompair mhuirí a laghdú ar leibhéal an Aontais.
Airteagal 6
Cúraimí a bhaineann le dícharbónú
1. Soláthróidh an Ghníomhaireacht cúnamh teicniúil don Choimisiún agus do na Ballstáit, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát, i ndáil le bearta oibríochtúla agus teicniúla chomh maith le hiarrachtaí rialála chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa a laghdú. Ina leith sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht aon uirlis nó seirbhís oibríochtúil ábhartha a úsáid. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, go háirithe, taighde agus anailís ar threoraíocht nó moltaí ábhartha agus molfaidh sí don Choimisiún iad, tar éis dul i gcomhairle roimh ré leis na Ballstáit, maidir le glacadh agus cur in úsáid breoslaí malartacha inbhuanaithe, córas fuinnimh agus cumhachta le haghaidh long, mar shampla teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha, soláthar cumhachta ar tír nó tiomáint ghaothchuidithe, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2023/1805, nó tiomáint ghrianchuidithe, agus maidir le bearta éifeachtúlachta fuinnimh freisin, mar shampla optamú luais.
2. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit agus Rialachán (AE) 2023/1805 á chur chun feidhme. Go háirithe, tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún maidir leis an mbunachar sonraí FuelEU, arna bhunú le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2023/1805, agus uirlisí TF ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán sin a fhorbairt agus a choinneáil ar bun, leis na huirlisí faireacháin, treoraíocht agus uirlisí spriocdhírithe rioscabhunaithe iomchuí dá ndéantar foráil, go háirithe, in Airteagal 18 den Rialachán sin a fhorbairt chun gníomhaíochtaí cur chun feidhme fíorúcháin agus forfheidhmiúcháin a éascú chomh maith le hanailís a dhéanamh ar na sonraí ábhartha agus leis an tuairisciú a ullmhú faoi Airteagal 30 den Rialachán sin.
3. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit agus Rialachán (AE) 2015/757 á chur chun feidhme. Go háirithe, tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún maidir le huirlisí TF, bunachair sonraí agus treoraíocht ábhartha a fhorbairt, a thabhairt cothrom le dáta agus a choinneáil ar bun chun an Rialachán sin a chur chun feidhme agus chun gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a éascú, tabharfaidh sí cúnamh don Choimisiún maidir le hanailís a dhéanamh ar shonraí ábhartha arna dtuairisciú faoin Rialachán sin, agus tacóidh sí leis an gCoimisiún ina chuid gníomhaíochtaí chun na hoibleagáidí de bhun Airteagal 21 den Rialachán sin a chomhlíonadh.
4. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit agus Treoir 2003/87/CE á cur chun feidhme, i ndáil leis an earnáil mhuirí. Go háirithe, tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún maidir le huirlisí cur chun feidhme TF, uirlisí faireacháin, treoraíocht agus uirlisí spriocdhírithe rioscabhunaithe iomchuí a fhorbairt chun gníomhaíochtaí fíorúcháin, forfheidhmiúcháin agus cur chun feidhme a bhaineann leis an Treoir sin a éascú, maidir leis an earnáil mhuirí, agus úsáid á baint as na huirlisí, na seirbhísí agus na bunachair sonraí ábhartha atá ann cheana an tráth céanna.
5. Áireofar ar an gcúnamh dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 freisin faireachán agus tuairisciú ar na tionchair fhéideartha ar thrácht calafoirt, seachaint calafoirt agus aistriú tráchta chuig na calafoirt trasloingsithe coimeádán sa chomharsanacht, chun dochair do chalafoirt an Aontais.
6. Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin gach 3 bliana maidir leis an dul chun cinn atá déanta maidir le dícharbónú an iompair mhuirí a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. I gcás inar féidir, áireofar sa tuarascáil anailís theicniúil ar shaincheisteanna arna sainaithint a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu ar leibhéal an Aontais. Cuirfear an tuarascáil ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta i bhformáid inchuardaithe.
Airteagal 7
Cúraimí a bhaineann le slándáil agus cibearshlándáil mhuirí
1. Soláthróidh an Ghníomhaireacht cúnamh teicniúil don Choimisiún agus é ag feidhmiú na gcúraimí cigireachta a shanntar dó de bhun Airteagal 9(4) de Rialachán (CE) Uimh. 725/2004.
2. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát, mar aon le haon chomhlacht ábhartha eile de chuid an Aontais, trí threoir theicniúil a sholáthar agus trí mhalartú dea-chleachtas agus faisnéise idir na Ballstáit a éascú maidir le cibear-athléimneacht agus teagmhais chibearshlándála.
Airteagal 8
Cúraimí a bhaineann leis an bhfaireachas muirí agus le géarchéimeanna muirí
1. Soláthróidh an Ghníomhaireacht seirbhísí úrscothacha faireachais agus cumarsáide muirí don Choimisiún agus do na Ballstáit, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát, lena n-áirítear bonneagar spás-bhunaithe agus bonneagar talún agus braiteoirí atá suiteáilte ar ardán d’aon chineál, lena gcuirtear feabhas ar fheasacht staide muirí, lena n-áirítear maidir le dúshláin gheopholaitiúla.
2. I réimse an fhaireacháin tráchta a chumhdaítear le Treoir 2002/59/CE, déanfaidh an Ghníomhaireacht, go háirithe, comhar a chur chun cinn idir Stáit bhruachánacha sna réimsí loingseoireachta lena mbaineann, agus déanfaidh sí an lárionad sonraí Eorpach chun longa a aithint agus a rianú ar fadraon (ARFR) a fhorbairt, a choinneáil ar bun agus a oibriú mar a shainmhínítear in Airteagal 6b agus SafeSeaNet, dá dtagraítear in Airteagal 22a den Treoir sin, chomh maith le córas Malartaithe Sonraí ARFR a fhorbairt agus a oibriú i gcomhréir leis an ngealltanas a rinneadh in IMO.
3. Soláthróidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin agus gan dochar do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta, sonraí ábhartha suite soithí agus sonraí ábhartha um fhaire na Cruinne, don Choimisiún, do na húdaráis inniúla náisiúnta agus do chomhlachtaí ábhartha an Aontais de réir a sainordaithe, chun bearta in aghaidh bhagairtí na píoráideachta agus bagairtí ó ghníomhartha neamhdhleathacha arna ndéanamh d’aon turas a éascú dá bhforáiltear i ndlí an Aontais is infheidhme nó faoi ionstraimí dlí arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta i réimse an iompair mhuirí, faoi réir na rialacha cosanta sonraí is infheidhme agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta riaracháin arna mbunú le Treoir 2002/59/CE. Beidh soláthar faisnéise ARFR faoi réir thoiliú an Stáit brataí lena mbaineann.
4. Oibreoidh an Ghníomhaireacht lárionad a mbeidh fáil air 24 uair an chloig in aghaidh an lae agus 7 lá sa tseachtain, ina soláthrófar, arna iarraidh sin agus gan dochar do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta, don Choimisiún, do na húdaráis náisiúnta inniúla gan dochar dá gcearta agus dá bhfreagrachtaí mar Stáit bhrataí, Stáit chósta agus Stáit an chalafoirt, agus do chomhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais, laistigh dá sainordú, feasacht staide muirí agus sonraí anailíseacha, de réir mar is iomchuí, lena dtacófar leo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
sábháilteacht, slándáil agus truailliú ar muir;
(b)
cásanna éigeandála ar muir;
(c)
gníomhartha dlí an Aontais a chur chun feidhme lena gceanglaítear faireachán a dhéanamh ar ghluaiseachtaí long agus ar ghuaiseacha loingseoireachta;
(d)
bearta in aghaidh bhagairtí na píoráideachta agus bhagairtí ó ghníomhartha neamhdhleathacha eile arna ndéanamh d’aon ghnó, dá bhforáiltear i ndlí an Aontais is infheidhme nó faoi ionstraimí dlí arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta i réimse an iompair mhuirí;
(e)
bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh faoi Airteagal 29 den Chonradh ar an Aontas Eorpach nó faoi Airteagal 215 CFAE a chur chun feidhme a thagann faoi shainchúram inniúlachtaí na Gníomhaireachta.
Beidh soláthar na faisnéise sin faoi réir na rialacha cosanta sonraí is infheidhme agus i gcomhréir leis na treoracha a eiseoidh an grúpa stiúrtha ardleibhéil arna bhunú i gcomhréir le Treoir 2002/59/CE, de réir mar is iomchuí. Beidh soláthar faisnéise ARFR faoi réir thoiliú an Stáit brataí lena mbaineann.
5. Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht, laistigh dá réimse inniúlachta, le freagairt thráthúil a thabhairt ar ghéarchéimeanna agus iad a mhaolú trí chúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún, arna iarraidh sin, maidir le pleananna teagmhasacha a chur i gcrích agus trí mhalartú faisnéise agus dea-chleachtas eatarthu a éascú.
6. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún maidir leis an ngné faireachais mhuirí de Sheirbhís Slándála Copernicus a oibriú laistigh de chreat rialachais agus airgeadais chlár Copernicus.
7. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit chun an Timpeallacht Chomónta um Chomhroinnt Faisnéise (CISE) dheonach a fhorbairt agus a choinneáil ar bun, ar réiteach idir-inoibritheachta é arb é is aidhm dó malartú faisnéise a éascú idir córais éagsúla a úsáideann údaráis náisiúnta shibhialta agus mhíleata a bhfuil freagracht orthu sa réimse muirí, rud a chomhlánóidh an fhaisnéis atá ar fáil cheana féin trí na córais faisnéise éigeantacha.
Airteagal 9
Cúraimí a bhaineann leis an digiteáil agus an simpliú
1. I réimsí dhlí an Aontais a thagann faoi chuimsiú inniúlacht na Gníomhaireachta, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcás inarb iomchuí, staidreamh, faisnéis agus sonraí atá oibiachtúil, iontaofa agus inchomparáide a bhailiú agus a sholáthar, chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar chostéifeachtúlacht na mbeart atá ann cheana. Áireofar ar na cúraimí sin deimhnithe leictreonacha a éascú agus a chur chun cinn, úsáid a bhaint as na bunachair sonraí atá ann cheana, agus uirlisí nuálacha TF agus intleachta saorga a úsáid.
2. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31) á chur chun feidhme aige, i ndáil leis na cúraimí seo a leanas:
(a)
comhpháirteanna agus seirbhísí coiteanna TF na timpeallachta Eorpaí Ionaid Ilfhreastail Mhuirí (EMSWe), arna bunú le hAirteagal 1 de Rialachán (AE) 2019/1239, a fhorbairt agus a choinneáil ar bun, faoi fhreagracht an Choimisiúin;
(b)
tacar Sonraí EMSWe, arna bhunú le Rialachán (AE) 2019/1239, an Treoirleabhar maidir le Cur Chun Feidhme Teachtaireachtaí agus teimpléid na scarbhileog digiteach a choinneáil ar bun;
(c)
treoraíocht neamhcheangailteach theicniúil a sholáthar do na Ballstáit maidir le cur chun feidhme EMSWe;
(d)
athúsáid agus comhroinnt níos fearr na sonraí a mhalartaítear in EMSWe a éascú trí SafeSeaNet a úsáid.
3. Soláthróidh an Ghníomhaireacht cúnamh, lena n-áirítear oiliúint, do na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh agus gan dochar do na réitigh theicniúla dá gclárlanna atá ann cheana dá gcearta ná dá n-oibleagáidí mar Stáit bhrataí, maidir lena gcuid clár agus nósanna imeachta a dhigiteáil, rud a éascóidh glacadh na ndeimhnithe leictreonacha agus a laghdóidh an t-ualach riaracháin.
4. Agus uirlisí TF agus réitigh theicniúla eile á bhforbairt, cuirfidh an Ghníomhaireacht an chibearshlándáil san áireamh i gcónaí.
Airteagal 10
Cuairteanna ar Bhallstáit agus cigireachtaí
1. Chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir lena chuid dualgas faoi CFAE a chomhlíonadh, agus go háirithe maidir le measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach dhlí ábhartha an Aontais sna réimsí a bhaineann le sábháilteacht mhuirí agus le truailliú a chosc, tabharfaidh an Ghníomhaireacht cuairteanna ar na Ballstáit, má tharmligeann an Coimisiún an cúram sin chuig an nGníomhaireacht, i gcomhréir le modheolaíocht arna bunú ag an mBord Bainistíochta. Beidh cur chuige comhtháite i gceist leis an modheolaíocht sin arb é is aidhm dó níos mó ná píosa reachtaíochta amháin a fhíorú atá ábhartha d’fheidhm an Bhallstáit lena mbaineann mar Stát brataí, Stát an chalafoirt nó Stát cósta.
2. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an Ballstát lena mbaineann ar an eolas, i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i mír 1, faoin gcuairt atá pleanáilte, faoi ainmneacha na n-oifigeach údaraithe, agus faoin dáta a thosóidh an chuairt agus an fad a mheastar a mhairfidh sí. Maidir le hoifigigh na Gníomhaireachta a dtarmligtear chucu na cuairteanna sin a thabhairt, déanfaidh siad amhlaidh ach a dtabharfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta (‘an Stiúrthóir Feidhmiúcháin’) cinneadh i scríbhinn dóibh lena sonrófar cuspóir agus aidhmeanna a misin.
3. Féadfaidh an Ghníomhaireacht cigireachtaí a dhéanamh thar ceann an Choimisiúin mar a cheanglaítear le gníomhartha dlí ceangailteacha an Aontais a mhéid a bhaineann le heagraíochtaí aitheanta, agus a mhéid a bhaineann le hoiliúint agus deimhniú na maraithe i dtríú tíortha i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/993, má tharmligeann an Coimisiún cúram den sórt sin chuig an nGníomhaireacht.
4. Féadfaidh an Ghníomhaireacht cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar shaoráidí athchúrsála i dtríú tíortha thar ceann an Choimisiúin freisin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 má tharmligeann an Coimisiún cúram den sórt sin chuig an nGníomhaireacht.
5. Ag deireadh gach cuairte nó gach cigireachta dá dtagraítear san Airteagal seo, déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil a tharraingt suas agus a chur chuig an gCoimisiún agus chuig an mBallstát lena mbaineann. Leanfaidh an tuarascáil an teimpléad arna bhunú ag an gCoimisiún.
6. I gcás inarb iomchuí, agus in aon chás ina gcuirfear timthriall cuairteanna nó cigireachtaí dá dtagraítear san Airteagal seo i gcrích, déanfaidh an Ghníomhaireacht anailís ar thuarascálacha ón timthriall sin d’fhonn torthaí cothrománacha agus conclúidí ginearálta ar éifeachtacht agus ar chost-éifeachtúlacht na mbeart atá ar bun a shainaithint. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an anailís sin faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát le haghaidh tuilleadh plé chun aon cheacht ábhartha a fhoghlaim uaithi agus chun scaipeadh na ndea-chleachtas oibre a éascú.
CAIBIDIL III
CÚRAIMÍ EILE NA GNÍOMHAIREACHTA MAIDIR LE CAIDREAMH IDIRNÁISIÚNTA AGUS COMHAR IDIR GARDAÍ CÓSTA NA HEORPA
Airteagal 11
Caidreamh idirnáisiúnta
1. Arna iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát, soláthróidh an Ghníomhaireacht an cúnamh teicniúil is gá do na Ballstáit agus don Choimisiún, chun rannchuidiú le hobair ábhartha chomhlachtaí teicniúla IMO, EIS, a mhéid a bhaineann le loingseoireacht, Mheabhrán Comhthuisceana Pháras agus eagraíochtaí réigiúnacha ábhartha i ndáil le ceisteanna a bhaineann le hinniúlacht an Aontais.
Chun na cúraimí sin a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh a dhéanamh foireann a lonnú i dtoscaireacht de chuid an Aontais chuig an Ríocht Aontaithe, faoi réir na gcomhaontuithe iomchuí leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), chun tacú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún i ngníomhaíochtaí a bhaineann lena rannpháirtíocht in obair IMO. Chun cinneadh den sórt sin a dhéanamh, ní mór toiliú a fháil roimh ré ón gCoimisiún agus ón mBord Bainistíochta. Le cinneadh den sórt sin, sonrófar raon feidhme na ngníomhaíochtaí a bheidh le déanamh ag an bhfoireann arna lonnú ar bhealach a sheachnóidh costais neamhriachtanacha agus dúbláil fheidhmeanna riaracháin na Gníomhaireachta.
2. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin don Choimisiún, cúnamh teicniúil a sholáthar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí oiliúna ábhartha a eagrú, a mhéid a bhaineann le gníomhartha dlí ábhartha an Aontais, do Stáit atá ag cur isteach ar aontachas leis an Aontas, agus i gcás inarb infheidhme, do thíortha comhpháirtíochta Chomharsanacht na hEorpa agus do thíortha atá páirteach i Meabhrán Comhthuisceana Pháras.
3. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do SEGS, nó dóibh araon, nó do na Ballstáit, cúnamh a sholáthar i gcás truailliú ó longa chomh maith le truailliú muirí ó shuiteálacha ola agus gáis a dhéanann difear do thríú tíortha a chomhroinneann imchuach farraige réigiúnach leis an Aontas. Soláthróidh an Ghníomhaireacht an cúnamh i gcomhréir leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, agus i gcomhréir leis na coinníollacha is infheidhme maidir leis na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 5(1) arna gcur i bhfeidhm de réir analaí maidir leis na tríú tíortha sin. Déanfar na cúraimí sin a chomhordú leis na socruithe comhair réigiúnacha atá ann cheana agus a bhaineann le truailliú muirí.
4. Gan dochar d’Airteagal 24, féadfaidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin don Choimisiún, cúnamh teicniúil a sholáthar do thríú tíortha le haghaidh ábhair a thagann faoi inniúlacht an Choimisiúin.
5. Féadfaidh an Ghníomhaireacht socruithe riaracháin agus comhar a dhéanamh le comhlachtaí eile de chuid an Aontais a oibríonn sna hábhair a thagann faoi raon feidhme inniúlacht na Gníomhaireachta, faoi réir fhormheas an Choimisiúin. Beidh na socruithe sin agus an comhar sin faoi réir thuairim fhabhrach an Bhoird Bainistíochta agus tuairisciú tréimhsiúil ina dhiaidh sin dó.
6. Glacfaidh an Bord Bainistíochta straitéis um chaidreamh idirnáisiúnta na Gníomhaireachta maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme inniúlacht na Gníomhaireachta mar chuid den doiciméad clársceidealaithe aonair.
Airteagal 12
Comhar Eorpach um fheidhmeanna garda cósta
1. I gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA), agus an dá cheann díobh sin laistigh dá sainorduithe faoi seach, tacóidh an Ghníomhaireacht leis na húdaráis náisiúnta agus iad i mbun feidhmeanna garda cósta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal idirnáisiúnta, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)
comhroinnt, comhtháthú agus anailísiú a dhéanamh ar fhaisnéis atá le fáil i gcórais tuairiscithe long agus i gcórais faisnéise eile arna n-óstáil ag na gníomhaireachtaí sin nó atá ar fáil dóibh, i gcomhréir lena mbunúis dlí faoi seach agus gan dochar d’úinéireacht na mBallstát ar na sonraí sin;
(b)
seirbhísí faireachais úrscothacha agus seirbhísí cumarsáide úrscothacha a chur ar fáil, lena n-áirítear bonneagar spásbhunaithe agus bonneagar talún chomh maith le braiteoirí atá suite ar ardán d’aon chineál;
(c)
acmhainneacht a fhothú trí threoirlínte agus moltaí a tharraingt suas agus trí dhea-chleachtais a bhunú, agus trí oiliúint agus malartú foirne a chur ar fáil;
(d)
malartú faisnéise agus comhar um fheidhmeanna garda cósta a fheabhsú, lena n-áirítear trí dhúshláin oibríochtúla agus rioscaí atá ag teacht chun cinn sa réimse muirí a anailísiú;
(e)
acmhainní a chomhroinnt trí oibríochtaí ilchuspóireacha a phleanáil agus a chur chun feidhme agus trí shócmhainní agus acmhainneachtaí eile a chomhroinnt, a mhéid a dhéanann na gníomhaireachtaí siúd na gníomhaíochtaí sin a chomhordú agus a chomhaontaíonn údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann leo.
2. Gan dochar do chumhachtaí an Bhoird Bainistíochta a leagtar amach in Airteagal 15, is de réir socrú oibre a chinnfear foirmeacha beachta an chomhair maidir le feidhmeanna garda cósta idir an Ghníomhaireacht, Frontex agus EFCA, socrú oibre a bheidh i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis na gníomhaireachtaí sin. Déanfaidh an Bord Bainistíochta, bord bainistíochta Frontex agus Bord Riaracháin EFCA socrú den sórt sin a fhormheas.
3. Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, leis an nGníomhaireacht, le Frontex agus le EFCA, lámhleabhar praiticiúil a chur ar fáil i ndáil le comhar Eorpach maidir le feidhmeanna garda cósta. Beidh treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais i ndáil le faisnéis a mhalartú sa lámhleabhar sin. Glacfaidh an Coimisiún an lámhleabhar i bhfoirm molta.
4. Beidh na cúraimí a leagtar amach san Airteagal seo gan dochar do chúraimí na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagail 4 go 11 agus do chearta agus oibleagáidí na mBallstát, go háirithe ina gcáil mar Stáit bhrataí, Stáit an chalafoirt nó Stáit chósta.
Airteagal 13
Cumarsáid agus scaipeadh
Féadfaidh an Ghníomhaireacht dul i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide ar a tionscnamh féin sna réimsí a thagann faoina sainordú chun a cuid oibre a chur chun cinn agus treoir ábhartha a scaipeadh. Tacóidh na gníomhaíochtaí cumarsáide leis an gcuid eile de na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 3 go 12 agus déanfar iad i gcomhréir le pleananna ábhartha cumarsáide agus scaipthe arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta. Tabharfaidh an Bord Bainistíochta na pleananna sin cothrom le dáta go tráthrialta, bunaithe ar anailís ar riachtanais.
CAIBIDIL IV
EAGRÚ NA GNÍOMHAIREACHTA
Airteagal 14
Struchtúr riaracháin agus bainistíochta
Is mar seo a leanas a bheidh struchtúr riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta:
(a)
Bord Bainistíochta a fheidhmeoidh na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 16;
(b)
Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a fheidhmeoidh na dualgais a leagtar amach in Airteagal 22.
Airteagal 15
Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta
1. Ar an mBord Bainistíochta, beidh ionadaí amháin ó gach Ballstát agus ceathrar ionadaithe ón gCoimisiún, agus beidh cearta vótála acu uile.
Áireofar ar an mBord Bainistíochta freisin ceathrar gairmithe ó na hearnálacha is mó a mbaineann cuspóirí na Gníomhaireachta leo, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 2, arna gceapadh ag an gCoimisiún, gan ceart vótála a bheith acu.
Déanfar comhaltaí uile an Bhoird Bainistíochta a cheapadh ar bhonn an mhéid taithí agus saineolais ábhartha a bheidh acu sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 2. Féachfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún araon le go mbeidh ionadaíocht chothrom idir fir agus mná ar an mBord Bainistíochta. Beidh duine den cheathrar gairmithe ina ionadaí de chuid chreat buanchomhair na n-údarás um imscrúdú sábháilteachta muirí dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir 2009/18/CE.
2. Ceapfaidh gach Ballstát agus an Coimisiún a gcomhaltaí den Bhord Bainistíochta chomh maith le comhalta malartach a dhéanfaidh ionadaíocht ar an gcomhalta nuair a bheidh sé nó sí as láthair.
3. 4 bliana a bheidh i ré théarma oifige chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta. Féadfar téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a athnuachan.
4. Síneoidh gach comhalta agus gach comhalta malartach den Bhord Bainistíochta ráiteas i scríbhinn tráth a rachaidh sé nó sí in oifig á dhearbhú nach bhfuil coinbhleacht leasa ann ina leith. Nuashonróidh gach comhalta agus gach comhalta malartach den Bhord Bainistíochta a ráiteas i gcás ina dtiocfaidh athrú ar imthosca maidir le haon choinbhleacht leasa. Foilseoidh an Ghníomhaireacht na ráitis agus na nuashonruithe sin ar a suíomh gréasáin.
Airteagal 16
Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta
1. Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Ghníomhaireacht a cuid cúraimí, déanfaidh an Bord Bainistíochta an méid seo a leanas:
(a)
na treoirlínte ginearálta agus straitéiseacha a thabhairt le haghaidh ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta;
(b)
doiciméad clársceidealaithe aonair na Gníomhaireachta a ghlacadh gach bliain, trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil cearta vótála acu, tar éis tuairim an Choimisiúin a fháil agus i gcomhréir le hAirteagal 17;
(c)
buiséad bliantúil agus plean bunaithe foirne na Gníomhaireachta a ghlacadh, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, agus feidhmeanna eile a fheidhmiú i leith bhuiséad na Gníomhaireachta de bhun Chaibidil VI;
(d)
an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ghlacadh, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, í a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin, na Cúirte Iniúchóirí agus na mBallstát gach bliain faoin 1 Iúil agus í a chur ar fáil don phobal;
(e)
na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24;
(f)
tuairim a thabhairt, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, ar chuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta;
(g)
modheolaíocht a bhunú do na cuairteanna a dhéanfar de bhun Airteagal 10;
(h)
socruithe riaracháin a bhreithniú agus a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 11(5);
(i)
straitéis frithchalaoise a ghlacadh, atá comhréireach leis na rioscaí calaoise, agus costais agus tairbhí na mbeart a bheidh le cur chun feidhme á gcur san áireamh;
(j)
na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i leith a chomhaltaí a ghlacadh agus a chur ar fáil go poiblí agus dearbhú leasanna chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a fhoilsiú go bliantúil ar a suíomh gréasáin;
(k)
rialacha agus nósanna imeachta a ghlacadh maidir leis an trédhearcacht a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí brústocaireachta agus rannpháirtíocht tríú heintiteas in ullmhú tuarascálacha nó doiciméad eile arna n-eisiúint ag an nGníomhaireacht, go háirithe iad siúd a bhaineann leis na tríú heintitis sin, atá le foilsiú ar a suíomh gréasáin;
(l)
na pleananna cumarsáide agus scaipthe dá dtagraítear in Airteagal 13 a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, bunaithe ar anailís ar na riachtanais;
(m)
a rialacha nós imeachta a ghlacadh, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, agus iad a chur ar fáil go poiblí;
(n)
na cumhachtaí a fheidhmiú, i ndáil le foireann na Gníomhaireachta agus i gcomhréir le mír 2, a thugtar le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (‘Rialacháin Foirne’) don Údarás Ceapacháin agus leis na Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais (‘Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile’) don Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt i gCrích, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (32);
(o)
rialacha cur chun feidhme a ghlacadh chun feidhm a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne;
(p)
an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, treoraíocht a sholáthar dó nó di agus faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht nó a feidhmíocht agus, i gcás inarb ábhartha, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin nó é nó í a chur as oifig, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, i gcomhréir le hAirteagal 21;
(q)
nósanna imeachta a bhunú le haghaidh chinnteoireacht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin;
(r)
más iomchuí, Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, a bheidh faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, a bheidh go hiomlán neamhspleách agus é nó í ag comhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas;
(s)
a áirithiú go ndéanfar obair leantach leormhaith ar thorthaí agus ar mholtaí a eascróidh as na tuarascálacha iniúchóireachta agus as meastóireachtaí, bíodh siad inmheánach nó seachtrach, agus as imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE);
(t)
na cinntí uile a dhéanamh trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu maidir le struchtúir inmheánacha na Gníomhaireachta a bhunú, lena n-áirítear grúpaí comhairleacha nó meithleacha nach bhfuil cumhachtaí cinnteoireachta acu a chur ar bun agus, i gcás inar gá, iad a mhodhnú, ag féachaint don bhainistiú buiséadach fónta;
(u)
na socruithe le haghaidh rannpháirtíocht tríú tíortha in obair na Gníomhaireachta a údarú trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, i gcomhréir le hAirteagal 23;
(v)
straitéis um ghnóthachain éifeachtúlachta agus sineirgí a ghlacadh;
(w)
rialacha slándála inmheánacha na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 36 a ghlacadh;
(x)
oifigeach cosanta sonraí na Gníomhaireachta a cheapadh.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (g), i gcás ina gcuirfidh an Coimisiún in iúl, laistigh de 15 lá ón dáta a ghlacfar an mhodheolaíocht sin, nach n-aontaíonn sé léi, déanfaidh an Bord Bainistíochta í a athscrúdú agus a bhunú, agus leasú a bheith déanta uirthi más féidir, ar an dara léamh le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, lena n-áirítear ionadaithe an Choimisiúin, nó d’aon toil ionadaithe na mBallstát.
2. Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne, cinneadh ar bhonn Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar bhonn Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena sainítear na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin údaraithe na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.
Nuair is gá mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí bhíthin cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chomh maith leo siúd arna dtarmligean aige, a chur ar fionraí agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne eile seachas chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
Airteagal 17
Clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil
1. Faoin 30 Samhain gach bliain glacfaidh an Bord Bainistíochta doiciméad clársceidealaithe aonair ina mbeidh an clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil, bunaithe ar dhréacht arna chur i láthair ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus an tuairim ón gCoimisiún á cur san áireamh aige. Cuirfidh an Bord Bainistíochta é faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.
I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún in iúl, laistigh de 15 lá ón dáta a ghlacfar an doiciméad clársceidealaithe aonair, nach gcomhaontaíonn sé leis an doiciméad, déanfaidh an Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe aonair a athscrúdú agus a ghlacadh, agus leasú a bheith déanta air más iomchuí, laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis don Choimisiún a easaontas a léiriú, ar an dara léamh trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, lena n-áirítear ionadaithe an Choimisiúin, nó d’aon toil ionadaithe na mBallstát.
2. Beidh an doiciméad aonair clársceidealaithe cinntitheach tar éis ghlacadh deiridh bhuiséad ginearálta an Aontais agus déanfar coigeartú air dá réir, más gá sin.
3. Is éard a bheidh sa chlár oibre bliantúil cuspóirí mionsonraithe chomh maith leis na torthaí a bhfuil coinne leo, lena n-áirítear táscairí feidhmíochta. Beidh tuairisc ann freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna arna sannadh do gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil ar aon dul leis an gclár oibre ilbhliantúil. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, agus na cúraimí a athraíodh nó a scriosadh, i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin. Áireofar sa chlársceidealú bliantúil nó ilbhliantúil, nó sa dá cheann, an straitéis le haghaidh caidreamh le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 11 agus na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an straitéis sin.
4. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin an clár oibre bliantúil glactha a leasú nuair a thabharfar cúram nua don Údarás. Beidh cuimsiú an chúraim nua sin faoi réir anailíse ar na himpleachtaí a bhaineann leis na hacmhainní daonna agus buiséadacha agus féadfaidh sé bheith faoi réir cinneadh ón mBord Bainistíochta lena gcuirfear cúraimí eile ar atráth.
5. D’ainneoin cheart an Bhoird Bainistíochta tosaíocht a thabhairt do chúraimí agus do ghníomhaíochtaí áirithe sa phleanáil bhliantúil agus ilbhliantúil, déanfaidh an Bord Bainistíochta scrúdú ar iarrataí ón gCoimisiún nó ó na Ballstáit ar chúnamh teicniúil agus formheasfaidh sé iad, faoi chuimsiú ullmhú an doiciméid clársceidealaithe aonair, dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (c), Airteagal 3(2), pointe (b), Airteagal 4(2), (9) agus (10), Airteagal 5(6), (8) agus (10), Airteagal 7(2), Airteagal 8(6) agus (7), Airteagal 9(3), Airteagal 10(4) agus Airteagal 11(2) agus (4). Maidir le formheas na n-iarrataí sin:
(a)
beidh sé gan dochar do chúraimí eile na Gníomhaireachta;
(b)
seachnófar dúbláil iarrachtaí leis;
(c)
beidh sé faoi réir anailíse ar na himpleachtaí a bhaineann leis na hacmhainní daonna agus buiséadacha; agus
(d)
féadfaidh sé a bheith faoi réir cinneadh ón mBord Bainistíochta lena gcuirfear cúraimí eile ar atráth.
6. Is leis an nós imeachta céanna a úsáideadh don chlár oibre bliantúil tosaigh a ghlacfar aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht chun leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
7. Leagfar amach sa chlár oibre ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena n-áirítear na cuspóirí, na torthaí a bhfuil coinne leo agus na táscairí feidhmíochta. Leagfar amach ann freisin clársceidealú acmhainní, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann.
8. Tabharfar an clársceidealú straitéiseach dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí, agus go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar thoradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 38. Tabharfar an clársceidealú acmhainní dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo cothrom le dáta gach bliain.
Airteagal 18
Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta
1. Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach as measc a chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu. Toghfar an Cathaoirleach agus an Leaschathaoirleach le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil cearta vótála acu.
2. Glacfaidh an Leaschathaoirleach ionad an Chathaoirligh go huathoibríoch más rud é go gcuirtear cosc ar an gCathaoirleach a chuid nó a cuid dualgas a chomhlíonadh.
3. Mairfidh téarma oifige an Chathaoirligh agus an Leaschathaoirligh 4 bliana agus féadfar an téarma oifige sin a athnuachan aon uair amháin. Más rud é, áfach, go dtiocfaidh deireadh le comhaltacht an Chathaoirligh nó an Leaschathaoirligh sa Bhord Bainistíochta tráth ar bith le linn a théarma oifige nó a téarma oifige, rachaidh a théarma oifige nó a téarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin.
Airteagal 19
Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta
1. Stiúrfar cruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcomhréir lena rialacha nós imeachta agus is é an cathaoirleach a ghairfidh iad.
2. Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sna pléití, seachas i gcás inar coinbhleacht leasa é toradh a rannpháirtíochta, de réir mar a chinnfidh an Cathaoirleach, nó i gcás ina mbeidh cinneadh le déanamh ag an mBord Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 32.
3. Beidh gnáthchruinniú ag an mBord Bainistíochta dhá uair sa bhliain. Ina theannta sin, tiocfaidh an Bord le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh nó arna iarraidh sin don Choimisiún nó d’aon trian de na Ballstáit.
4. Nuair a bheidh ceist rúndachta nó coinbhleachta leasa ann, féadfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh a dhéanamh na míreanna sonracha ar a chlár oibre a scrúdú gan na comhaltaí lena mbaineann a bheith i láthair. Ní dhéanfaidh sé sin difear don cheart a bheidh ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún go ndéanfadh comhalta malartach nó aon duine eile ionadaíocht orthu. Leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na forála sin i rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta.
5. Féadfaidh an Bord Bainistíochta iarraidh ar aon duine a bhféadfadh a thuairim nó a tuairim a bheith ábhartha freastal ar mhír ar leith ar an gclár oibre mar bhreathnóir.
6. Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta, cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe.
7. Cuirfidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.
Airteagal 20
Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta
1. Glacfaidh an Bord Bainistíochta a chuid cinntí trí thromlach dá chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo.
2. I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún ábhair imní thromchúiseacha in iúl maidir le togra le haghaidh cinnidh a cuireadh faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta maidir le hábhair a bhaineann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715, na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, cuirfidh an Bord Bainistíochta glacadh an chinnidh lena mbaineann siar. Laistigh de 15 lá tar éis don Choimisiún ábhair imní thromchúiseacha a chur in iúl maidir le togra le haghaidh cinnidh arna chur i láthair an Bhoird Bainistíochta, déanfaidh an Bord Bainistíochta an cinneadh sin a athscrúdú agus a ghlacadh, agus leasú a bheith déanta air más iomchuí, ar an dara léamh trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, lena n-áirítear ionadaithe an Choimisiúin, nó trí thromlach ceithre chúigiú d’ionadaithe na mBallstát.
3. Beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. Ní chaithfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin vóta.
4. Má bhíonn comhalta den Bhord Bainistíochta as láthair, beidh a chomhalta malartach nó a comhalta malartach i dteideal ceart vótála an chomhalta a fheidhmiú.
5. Bunófar leis na rialacha nós imeachta socruithe vótála níos mionsonraithe, lena n-áirítear na coinníollacha faoinar féidir le comhalta den Bhord Bainistíochta gníomhú thar ceann comhalta eile.
CAIBIDIL V
AN STIÚRTHÓIR FEIDHMIÚCHÁIN
Airteagal 21
Ceapachán, síneadh le téarma oifige agus cur as oifig
1. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn tuillteanais agus inniúlachta doiciméadaithe agus taithí atá ábhartha don earnáil mhuirí ó liosta iarrthóirí arna moladh ag an gCoimisiún, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach lena n-urramófar prionsabal na cothromaíochta inscne agus na cothromaíochta geografaí.
2. Sula ndéanfar an ceapachán, iarrfar ar an iarrthóir arna roghnú ag an mBord Bainistíochta ráiteas a dhéanamh chuig coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus na ceisteanna a chuirfidh comhaltaí an choiste sin a fhreagairt.
3. Ar mhaithe le conradh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht ar an nGníomhaireacht.
4. 5 bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. In am trátha roimh dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ina gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus cúraimí agus dúshláin na Gníomhaireachta amach anseo agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta é mar aon leis an togra maidir le hathnuachan téarma oifige.
5. Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus an measúnú dá dtagraítear i mír 4 á chur san áireamh aige, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin uair amháin, go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana. Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin rún atá aige síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Sula ndéanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, féadfar a iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh chuig coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt.
6. Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhfuil síneadh curtha lena théarma oifige nó lena téarma oifige a bheith rannpháirteach in aon nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna.
7. Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta ag gníomhú dó ar thogra is féidir leis an gCoimisiún nó ar a laghad trian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil cearta vótála acu a thíolacadh.
8. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fostaithe mar ghníomhaire sealadach de chuid na Gníomhaireachta faoi Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.
Airteagal 22
Cúraimí agus freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin
1. Bainisteoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ghníomhaireacht i gcomhréir le cinntí an Bhoird Bainistíochta agus beidh sé nó sí cuntasach don Bhord Bainistíochta.
2. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin ná an Bhoird Bainistíochta, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách agus é nó í i mbun a chuid nó a cuid dualgas agus ní iarrfaidh sé nó sí treoracha ar aon rialtas ná ar aon chomhlacht eile ná ní ghlacfaidh sé nó sí treoracha uathu.
3. Tuairisceoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin do Pharlaimint na hEorpa maidir le feidhmiú a chuid nó a cuid dualgas nuair a iarrtar sin air nó uirthi. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt ar fheidhmiú a chuid nó a cuid dualgas.
4. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar ionadaí dlíthiúil na Gníomhaireachta.
5. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí arna sannadh don Ghníomhaireacht leis an Rialachán seo. Go háirithe, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na nithe seo a leanas:
(a)
riarachán laethúil inbhuanaithe agus éifeachtúil na Gníomhaireachta a áirithiú;
(b)
oibríochtaí agus foireann na Gníomhaireachta a eagrú, a stiúradh agus a mhaoirsiú laistigh de theorainneacha na gcinntí a dhéanann an Bord Bainistíochta;
(c)
na cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme;
(d)
dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ullmhú lena nglacadh ag an mBord Bainistíochta;
(e)
dréachtráiteas ar mheastacháin a tharraingt suas ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 26 agus buiséad na Gníomhaireachta a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 27;
(f)
an dréacht-doiciméad clársceidealaithe aonair a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún 4 seachtaine ar a laghad roimh an gcruinniú ábhartha de chuid an Bhoird Bainistíochta;
(g)
an doiciméad clársceidealaithe aonair a chur chun feidhme, measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn i gcomparáid leis na táscairí ábhartha agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena chur chun feidhme;
(h)
an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena measúnú agus lena glacadh;
(i)
freagra a thabhairt ar aon iarraidh ar chúnamh teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 17(5);
(j)
cinneadh a dhéanamh na cuairteanna agus na cigireachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 10 a dhéanamh, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus de réir na modheolaíochta le haghaidh cuairteanna a bhunaigh an Bord Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 16(1), pointe (g);
(k)
cinneadh a dhéanamh socruithe riaracháin a dhéanamh le comhlachtaí eile de chuid an Aontais a oibríonn i réimsí gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, ar choinníoll gur cuireadh an dréachtsocrú faoi bhráid an Choimisiúin agus an Bhoird Bainistíochta ar dtús le haghaidh comhairliúcháin i gcomhréir le hAirteagal 11(5) agus ar choinníoll nach bhfuil agóid déanta ag an mBord Bainistíochta laistigh de 4 seachtaine tar éis chur isteach an dréachtsocraithe;
(l)
gach beart is gá a dhéanamh, lena n-áirítear treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(m)
córas faireacháin éifeachtach a eagrú ionas go mbeidh sé nó sí in ann na spriocanna atá bainte amach ag an nGníomhaireacht a chur i gcomparáid lena cuspóirí agus lena cúraimí mar a leagtar síos sa Rialachán seo iad;
(n)
feidhmiú córais rialaithe inmheánaigh éifeachtaigh agus éifeachtúil a bhunú agus a áirithiú agus aon athrú suntasach air a thuairisciú leis an mBord Bainistíochta;
(o)
cur i gcrích na measúnuithe riosca agus na bainistíochta riosca a áirithiú ar son na Gníomhaireachta;
(p)
plean gníomhaíochta leantach a ullmhú i ndáil le conclúidí na dtuarascálacha iniúchóireachta agus na meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha, mar aon le conclúidí imscrúduithe de chuid OLAF agus OIPE, dá dtagraítear in Airteagal 35, agus tuairisc a chur chuig an gCoimisiún dhá uair sa bhliain, agus chuig an mBord Bainistíochta ar bhonn tráthrialta, maidir leis an dul chun cinn atá déanta;
(q)
leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm in aghaidh calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile, gan dochar don inniúlacht imscrúdaitheach atá ag OLAF agus ag OIPE trí bhíthin seiceálacha éifeachtacha agus, más rud é go mbraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin, lena n-áirítear pionóis airgeadais, a bheidh éifeachtach, comhréireach, agus athchomhairleach a fhorchur;
(r)
straitéis frithchalaoise a ullmhú, in éineacht le straitéis um ghnóthachain éifeachtúlachta agus sineirgí, straitéis le haghaidh comhar le tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, nó an dá cheann díobh, agus straitéis le haghaidh na gcóras bainistíochta eagraíochtúla agus rialaithe inmheánaigh le haghaidh na Gníomhaireachta agus iad a chur i láthair an Bhoird Bainistíochta lena bhformheas;
(s)
éagsúlacht a chur chun cinn agus cothromaíocht inscne a áirithiú a mhéid a bhaineann le foireann na Gníomhaireachta a earcú;
(t)
comhaltaí foirne a earcú ar an mbonn geografach is leithne is féidir;
(u)
beartas cumarsáide a dhearadh agus a chur chun feidhme le haghaidh na Gníomhaireachta;
(v)
aon chúram eile atá ar a iontaoibh nó ar a hiontaoibh nó atá tarmligthe chuige nó chuici ag an mBord Bainistíochta nó is gá faoin Rialachán seo a dhéanamh.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (m), bunóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i gcomhaontú leis an gCoimisiún agus leis an mBord Bainistíochta, táscairí feidhmíochta saincheaptha lena bhféadfar measúnú éifeachtach a dhéanamh ar na torthaí a baineadh amach. Áiritheoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go ndéanfar struchtúr eagraíochtúil na Gníomhaireachta a oiriúnú go tráthrialta do na riachtanais atá ag teacht chun cinn laistigh de na hacmhainní airgeadais agus daonna atá ar fáil. I ndáil leis sin, bunóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin nósanna imeachta meastóireachta tráthrialta lena gcomhlíonfar caighdeáin ghairmiúla aitheanta.
Airteagal 23
Rannpháirtíocht tríú tíortha
1. Beidh an Ghníomhaireacht oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha, a bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an Aontas, lena bhfuil dlí an Aontais glactha agus á chur i bhfeidhm acu i réimse na sábháilteachta muirí, na slándála muirí, an choisc ar thruailliú agus na freagartha ar thruailliú ó longa.
2. Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht socruithe lena sonraítear cineál agus méid na rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht na dtríú tíortha sin in obair na Gníomhaireachta, lena n-áirítear forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus le foireann, a thabhairt i gcrích tar éis tuairim a fháil ón gCoimisiún agus formheas a fháil ón mBord Bainistíochta.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA AIRGEADAIS
Airteagal 24
Rialacha airgeadais
Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh na rialacha airgeadais ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 mura rud é go mbeidh gá leis an imeacht sin go sonrach le haghaidh fheidhmiú na Gníomhaireachta agus mura rud é gur thug an Coimisiún toiliú don imeacht sin roimh ré.
Airteagal 25
An buiséad
1. Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile na Gníomhaireachta gach bliain airgeadais, de réir na bliana féilire, agus léireofar i mbuiséad na Gníomhaireachta iad.
2. Beidh buiséad na Gníomhaireachta comhardaithe i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.
3. Gan dochar d’acmhainní eile, cuimseofar in ioncam na Gníomhaireachta na nithe seo a leanas:
(a)
ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais agus deontais ó chomhlachtaí de chuid an Aontais;
(b)
ranníocaíochtaí féideartha ó aon tríú tír atá rannpháirteach in obair na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 23;
(c)
aon mhuirir ar bhonneagar, foilseacháin, oiliúint nó aon seirbhísí eile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo arna soláthar ag an nGníomhaireacht;
(d)
aon ranníocaíocht dheonach airgeadais ó Bhallstáit, ó thríú tíortha nó ó eintitis eile, ar choinníoll go mbeidh an ranníocaíocht sin trédhearcach, go mbeidh sí sainaitheanta go soiléir sa bhuiséad agus nach gcuirfear isteach léi ar neamhspleáchas na Gníomhaireachta ná ar neamhchlaontacht na Gníomhaireachta.
4. Cuirfear luach saothair foirne, speansais riaracháin agus bhonneagair, agus caiteachas oibríochtúil san áireamh i gcaiteachas na Gníomhaireachta.
Airteagal 26
Bunú an bhuiséid
1. Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtráiteas a tharraingt suas ar mheastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta le haghaidh na bliana airgeadais dár gcionn, lena n-áirítear an plean bunaíochta, agus seolfaidh sé nó sí chuig an mBord Bainistíochta é.
2. Ar bhonn an dréachta dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn.
3. Seolfar an dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain. Seolfaidh an Bord Bainistíochta an dréachtmheastachán críochnaitheach chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta den bhliain sin.
4. Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas ar mheastacháin mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (‘an t-údarás buiséadach’).
5. Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin, iontrálfaidh an Coimisiún na réamhaisnéisí is gá dar leis i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais i dtaca leis an bplean bunaíochta agus i dtaca leis an méid den fhóirdheontas a bheidh le muirearú ar bhuiséad ginearálta an Aontais, agus leagfaidh sé é os comhair an údaráis bhuiséadaigh i gcomhréir le hAirteagail 313 agus 314 CFAE.
6. Is é an t-údarás buiséadach a údaróidh na leithreasuithe i gcomhair na ranníocaíochta a thabharfar don Ghníomhaireacht.
7. Glacfaidh an t-údarás buiséadach plean bunaíochta na Gníomhaireachta.
8. Glacfaidh an Bord Bainistíochta buiséad na Gníomhaireachta. Beidh sé críochnaitheach ach a nglacfar go críochnaitheach dréachtbhuiséad an Aontais. I gcás inar gá, coigeartófar é dá réir.
9. I gcás aon tionscadal tógála ar dócha go mbeidh impleachtaí móra aige ar bhuiséad na Gníomhaireachta, beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 maidir leis.
Airteagal 27
Cur chun feidhme an bhuiséid
1. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.
2. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin gach faisnéis ábhartha a bhaineann le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta chuig an údarás buiséadach gach bliain.
Airteagal 28
Tíolacadh cuntas agus urscaoileadh
1. Faoin 1 Márta den bhliain airgeadais dár gcionn, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
2. Faoin 31 Márta den bhliain airgeadais dár gcionn, seolfaidh an Ghníomhaireacht an tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
3. Faoin 31 Márta den bhliain airgeadais dár gcionn, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, arna gcomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin, chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
4. Nuair a gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin barúlacha Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, tarraingeoidh sé suas, de bhun Airteagal 252 den Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33), cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta ar a chúram nó ar a cúram féin agus cuirfidh sé nó sí faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.
5. Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.
6. Faoin 1 Iúil an bhliain airgeadais dár gcionn, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais chríochnaitheacha, in éineacht leis an tuairim ón mBord Bainistíochta, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
7. Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain airgeadais dár gcionn.
8. Seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar bharúlacha Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 30 Meán Fómhair. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin.
9. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, arna hiarraidh sin di, aon fhaisnéis is gá chun an nós imeachta um urscaoileadh a chur i bhfeidhm go rianúil don bhliain airgeadais lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 267(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.
10. Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2 i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.
CAIBIDIL VII
AN FHOIREANN
Airteagal 29
Foráil ghinearálta
Na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, beidh feidhm acu maidir le foireann na Gníomhaireachta.
Airteagal 30
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile
1. Féadfaidh an Ghníomhaireacht úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus as baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht.
2. Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht.
CAIBIDIL VIII
FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 31
Stádas dlíthiúil agus suíomh
1. Beidh an Ghníomhaireacht ina comhlacht de chuid an Aontais agus beidh pearsantacht dhlítheanach aici.
2. I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an nGníomhaireacht an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoi dhlíthe an Bhallstáit sin. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sí a bheith ina páirtí in imeachtaí dlí.
3. Déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta ionadaíocht uirthi.
4. Is i Liospóin, an Phortaingéil, a bheidh suíomh na Gníomhaireachta.
5. Arna iarraidh sin don Choimisiún, féadfaidh an Bord Bainistíochta a chinneadh, le comhaontú ó na Ballstáit lena mbaineann, agus i gcomhar leo, agus an aire iomchuí á tabhairt ar impleachtaí buiséadacha, lena n-áirítear an méid a chuirfidh na Ballstáit lena mbaineann ar fáil, na lárionaid réigiúnacha is gá a bhunú d’fhonn cuid de chúraimí na Gníomhaireachta a chomhlíonadh ar an mbealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí agus is féidir. Agus cinneadh mar sin á dhéanamh, saineoidh an Bord Bainistíochta raon feidhme beacht ghníomhaíochtaí an lárionaid réigiúnaigh agus seachnófar aon chostas airgeadais neamhriachtanach agus cuirfear leis an gcomhar leis na líonraí réigiúnacha agus náisiúnta arbh ann dóibh cheana.
Airteagal 32
Pribhléidí agus díolúintí
Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis an nGníomhaireacht agus lena baill foirne.
Airteagal 33
Socruithe teanga
1. Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos i Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (34) maidir leis an nGníomhaireacht.
2. Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh an t-aistriúchán agus na seirbhísí teanga eile go léir a theastóidh ón nGníomhaireacht, diomaite den ateangaireacht.
Airteagal 34
Trédhearcacht
1. Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35) maidir le doiciméid atá i seilbh na Gníomhaireachta.
2. Laistigh de 6 mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.
3. Féadfaidh cinntí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman Eorpach nó ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 228 agus 263 CFAE faoi seach.
4. Beidh an phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an Ghníomhaireacht faoi réir Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36).
Airteagal 35
Calaois a chomhrac
1. Chun comhrac na calaoise, an éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 a éascú, glacfaidh an Ghníomhaireacht forálacha iomchuí is infheidhme maidir le baill foirne uile na Gníomhaireachta.
2. Beidh cumhacht iniúchóireachta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, i gcás gach faighteora deontais, gach conraitheora agus gach fochonraitheora a fhaigheann cistí an Aontais ón nGníomhaireacht.
3. Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le deontas nó conradh arna chistiú ag an nGníomhaireacht, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.
4. Gan dochar do mhíreanna 1, 2 agus 3, cuimseofar i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, comhaontuithe deontais agus cinntí deontais na Gníomhaireachta, forálacha lena dtugtar cumhacht go sainráite do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus do OLAF agus OIPE chun na hiniúchtaí agus na himscrúduithe sin a dhéanamh, de réir a gcuid inniúlachtaí féin.
Airteagal 36
Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint
Glacfaidh an Ghníomhaireacht a rialacha slándála féin a bheidh coibhéiseach le rialacha slándála an Choimisiúin chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, mar a leagtar amach i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 (37) agus 2015/444 (38) ón gCoimisiún. Áireofar ar rialacha slándála na Gníomhaireachta forálacha chun an fhaisnéis sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.
Airteagal 37
Dliteanas
1. Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh lena mbaineann.
2. Beidh dlínse ag CBAE breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána atá i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.
3. I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh an Ghníomhaireacht, de réir na bprionsabal ginearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh an Ghníomhaireacht nó a seirbhísigh ina siocair leis agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu.
4. Beidh dlínse ag CBAE i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh i leith damáistí dá dtagraítear i mír 3.
5. Is leis na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile is infheidhme maidir le foireann na Gníomhaireachta a rialófar dliteanas pearsanta fhoireann na Gníomhaireachta i leith na Gníomhaireachta.
Airteagal 38
Meastóireacht agus athbhreithniú
1. Faoin 19 Eanáir 2031, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chun measúnú a dhéanamh go háirithe ar thionchar, ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na Gníomhaireachta agus a cleachtas oibre, agus tuairim an Bhoird Bainistíochta á cur san áireamh. Tabharfar aghaidh sa mheastóireacht sin, go háirithe, ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann sainordú na Gníomhaireachta a leasú, go háirithe chun forbairt dhlí an Aontais i réimse an iompair mhuirí a chur san áireamh, agus ar na himpleachtaí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ag aon leasú den sórt sin, chomh maith leis an ngá atá le scéim a bhunú le haghaidh táillí agus muirear agus chun na seirbhísí a fhéadfaidh an Ghníomhaireacht a thairiscint faoin scéim sin a shainaithint.
2. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta mar aon lena chonclúidí ar an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Bhoird Bainistíochta. Cuirfear torthaí na meastóireachta ar fáil don phobal.
3. Nuair a dhéanfar gach dara meastóireacht, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar na torthaí a bhain an Ghníomhaireacht amach, ag féachaint do chuspóirí, sainordú agus cúraimí na Gníomhaireachta. I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil údar a thuilleadh go leanfadh an Ghníomhaireacht de bheith ag saothrú na gcuspóirí, an tsainordaithe agus na gcúraimí atá sannta di, féadfaidh sé a mholadh an Rialachán seo a leasú dá réir nó a aisghairm.
Airteagal 39
Fiosrúcháin riaracháin arna ndéanamh ag an Ombudsman Eorpach
Beidh gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta faoi réir fiosrúcháin arna ndéanamh ag an Ombudsman Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.
Airteagal 40
Forálacha idirthréimhseacha
1. De mhaolú ar Airteagal 15 den Rialachán seo, fanfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin arna gceapadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 roimh an 18 Eanáir 2026 in oifig mar chomhaltaí den Bhord Bainistíochta go dtí dáta éaga a dtéarma oifige, gan dochar do cheart gach Ballstáit ionadaí nua a cheapadh.
2. Fanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheaptar ar bhonn Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 sa phost mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin leis na cúraimí agus freagrachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 22 den Rialachán seo.
3. Beidh teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan dochar do gach aon chonradh fostaíochta a bheidh i bhfeidhm an 18 Eanáir 2026.
Airteagal 41
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002.
Airteagal 42
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 26 Samhain 2025.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) IO C, C/2023/873, 8.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/873/oj.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 (IO C, C/2025/1026, 27.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1026/oj) agus an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 13 Deireadh Fómhair (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/1406/oj).
(4) Treoir 2005/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú i ndáil le truailliú ó longa agus maidir le pionóis riaracháin a thabhairt isteach i leith chionta an truaillithe (IO L 255, 30.9.2005, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2005/35/oj).
(5) Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/16/oj).
(6) Treoir 2009/18/CE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena mbunaítear na prionsabail bhunúsacha a rialaíonn imscrúdú ar thionóiscí san earnáil iompair mhuirí agus lena leasaítear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle agus Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 131, 28.5.2009, lch. 114, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/18/oj).
(7) Treoir 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le ceanglais stát brataí a chomhlíonadh (IO L 131, 28.5.2009, lch. 132, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/21/oj).
(8) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna mbunú faoin CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/715/oj).
(9) Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 131, 28.5.2009, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/391/oj).
(10) Treoir (AE) 2019/883 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE (IO L 151, 7.6.2019, lch. 116, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/883/oj).
(11) Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/56/oj).
(12) Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le laghdú ar an gcion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe (IO L 132, 21.5.2016, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/802/oj).
(13) Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/757/oj).
(14) Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 234, 22.9.2023, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1805/oj).
(15) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).
(16) Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú (IO L 129, 29.4.2004, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/725/oj).
(17) Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas Comhphobail faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí agus lena n-aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/59/oj).
(18) Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/696/oj).
(19) Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1896/oj).
(20) Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (IO L 83, 25.3.2019, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/473/oj).
(21) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/883/oj).
(22) IO L 136, 31.5.1999, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/1999/531/oj.
(23) Treoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú taistealaithe ar longa paisinéirí a bhíonn ag oibriú go calafoirt de chuid Bhallstáit an Chomhphobail nó as na calafoirt sin (IO L 188, 2.7.1998, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/41/oj).
(24) Treoir 2003/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le ceanglais shonracha sábháilteachta do longa paisinéirí róró (IO L 123, 17.5.2003, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/25/oj).
(25) Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí (IO L 163, 25.6.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/45/oj).
(26) Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus maidir le gníomhaíochtaí ábhartha riarachán muirí (IO L 131, 28.5.2009, lch. 47, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/15/oj).
(27) Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/90/oj).
(28) Treoir (AE) 2022/993 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 maidir leis an íosleibhéal oiliúna do mharaithe (IO L 169, 27.6.2022, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/993/oj).
(29) Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/1313/oj).
(30) Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE (IO L 330, 10.12.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1257/oj).
(31) Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/65/AE (IO L 198, 25.7.2019, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1239/oj).
(32) IO L 56, 4.3.1968, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1968/259(1)/oj.
(33) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
(34) Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1958/1(1)/oj).
(35) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).
(36) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(37) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/443/oj).
(38) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/444/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2434/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)
Top