Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh
GA
Sraith L
2026/1030
12.5.2026
RIALACHÁN (AE) 2026/1030 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Aibreán 2026
maidir le cuntasaíocht ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) agus Airteagal 100(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
Is réamhriachtanas é tacú le hiarrachtaí i dtreo inbhuanaitheacht agus éifeachtúlacht níos fearr chóras iompair an Aontais chun conair chobhsaí i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050 ar a dhéanaí a choinneáil, agus aird chuí á tabhairt ar an ngá atá le haistriú cothrom agus cuimsitheach a áirithiú, fás leanúnach a chaomhnú agus iomaíochas thionscal na hEorpa a neartú.
(2)
Úsáidtear cuntasaíocht ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnálacha eacnamaíocha éagsúla – lena n-áirítear earnáil an iompair – chun sonraí astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí sonracha comhlachtaí poiblí, fiontar agus tomhaltóirí a chainníochtú. Is uirlis chumhachtach í faisnéis níos fearr maidir le feidhmíocht seirbhísí iompair chun dreasachtaí cuí a chruthú d’úsáideoirí iompair chun roghanna níos inbhuanaithe a dhéanamh, chun tionchar a imirt ar chinntí gnó oibreoirí iompair, eagraithe seirbhísí iompair agus oibreoirí moil, agus chun astaíochtaí gás ceaptha teasa eintiteas a dhéanann conarthaí soláthair phoiblí a laghdú. Is iad sonraí inchomparáide agus iontaofa maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an ceanglas bunúsach chun na dreasachtaí sin a chruthú, agus ar an gcaoi sin athrú iompraíochta a dhreasú i measc comhlachtaí poiblí, fiontar agus tomhaltóirí araon, chun rannchuidiú le cuspóirí na teachtaireachta ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip] don iompar agus cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Tá an Rialachán seo ar cheann de na gníomhaíochtaí a dhéanann an tAontas i dtreo aistriú glas, in éineacht le gníomhartha dlí nó tionscnaimh eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Treoir (AE) 2024/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).
(3)
D’ainneoin spéis mhéadaithe na bpáirtithe leasmhara iompair, tá glacadh foriomlán na cuntasaíochta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh seirbhísí iompair teoranta fós. I bhformhór na gcásanna, ní fhaigheann úsáideoirí iompair faisnéis chruinn maidir le feidhmíocht seirbhísí iompair, agus ní dhéanann oibreoirí iompair, eagraithe seirbhísí iompair agus oibreoirí moil a n-astaíochtaí a ríomh agus a nochtadh. Tá glacadh cuntasaíochta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá íseal go díréireach le sonrú go háirithe i measc micrifhiontar agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), arb iad formhór mór na bhfiontar a thairgeann seirbhísí iompair ar an margadh inmheánach. Go deimhin, bíonn níos mó ualaí airgeadais agus riaracháin ar FBManna go díréireach nuair a chinneann siad astaíochtaí gás ceaptha teasa a seirbhísí iompair a ríomh.
(4)
I bPáipéar Bán uaidh an 28 Márta 2011 dar teideal Roadmap to a Single European Transport Area – Towards a competitive and resource efficient transport system [Treochlár um Limistéar Iompair Eorpach Aonair – I dtreo córas iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní], léiríonn an Coimisiún fís do thodhchaí chóras iompair an Aontais agus sainítear clár oibre beartais chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin iompair a bheidh ann amach anseo, go háirithe an gá atá leis an tsoghluaisteacht a choinneáil ar bun agus a fhorbairt, agus chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó oibríochtaí iompair agus lóistíochta a laghdú go mór.
(5)
I dteachtaireacht uaidh an 9 Nollaig 2020 dar teideal Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future [Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a chur ar bhealach a leasa don todhchaí], tagraíonn an Coimisiún do dhreasachtaí chun na roghanna iompair is inbhuanaithe a roghnú, laistigh de na modhanna iompair agus trasna na modhanna iompair. Áirítear leis na dreasachtaí sin creat Eorpach a bhunú chun astaíochtaí gás ceaptha teasa iompair agus lóistíochta a thomhas go comhchuibhithe, bunaithe ar chaighdeáin a aithnítear ar fud an domhain, a d’fhéadfaí a úsáid ansin chun meastachán a sholáthar do ghnólachtaí agus d’úsáideoirí deiridh ar lorg carbóin a roghanna, agus chun an t-éileamh ó úsáideoirí deiridh agus ó thomhaltóirí a mhéadú chun réitigh iompair agus soghluaisteachta níos inbhuanaithe a roghnú, agus ‘snas glas’ á sheachaint ag an am céanna.
(6)
Astaítear gáis ceaptha teasa a bhaineann le hiompar agus lóistíocht le linn oibriú na feithicle, oibriú mol iompair agus lóistíochta, táirgeadh iompróirí fuinnimh faoi seach, monarú agus deireadh ré feithicle, agus tógáil agus cothabháil bonneagair iompair.
(7)
Is iomchuí, dá bhrí sin, rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir le cuntasaíocht ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair lasta agus paisinéara chun figiúirí inchomparáide a bhaint amach le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair agus chun faisnéis mhíthreorach a sheachaint maidir lena bhfeidhmíocht, a eascraíonn as an bhféidearthacht roghnú idir modhanna ríomha astaíochta agus sonraí ionchuir éagsúla. Leis na rialacha comhchuibhithe sin, ba cheart cothrom iomaíochta a áirithiú idir eintitis iompair agus mhoil an Aontais agus eintitis iompair agus mhoil ó thríú tíortha, idir modhanna iompair, deighleoga, agus na gréasáin iompair náisiúnta. Trí rialacha comhchuibhithe a leagan síos, ba cheart go gcuideofaí freisin le dreasachtaí a chruthú chun athrú iompraíochta a dhéanamh i measc comhlachtaí poiblí, fiontar agus tomhaltóirí chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a laghdú trí shonraí inchomparáide agus iontaofa maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a ghlacadh agus a úsáid.
(8)
Ba cheart creat tagartha a sholáthar leis an Rialachán seo chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh agus a nochtadh, ar bhonn conarthach nó deonach chun críocha tráchtála, nó i gcás ina gceanglaítear ríomh agus nochtadh mar sin le dlí an Aontais is infheidhme nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme. Leis an gcreat sin, ba cheart bearta eile laghdaithe astaíochtaí a éascú a d’fhéadfadh údaráis phoiblí agus an tionscal a dhéanamh a thuilleadh, lena n-áirítear i gcás ina mbunófar clásail trédhearcachta maidir le gás ceaptha teasa i gconarthaí iompair, ina soláthrófar faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhís iompair do phaisinéirí nó do chustaiméirí, nó ina leagfar síos critéir a bhaineann leis an aeráid le haghaidh nósanna imeachta soláthair ghlais.
(9)
D’ainneoin na dtairbhí a eascraíonn as an trédhearcacht mhéadaithe maidir le feidhmíocht seirbhísí iompair, bheadh cur i bhfeidhm éigeantach an Rialacháin seo maidir le gach eintiteas iompair agus moil a thairgeann seirbhísí iompair sa mhargadh inmheánach díréireach agus bheadh costais agus ualach iomarcach mar thoradh air. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach amháin maidir le heintitis a dhéanann cinneadh nó atá faoi cheangal ag córais reachtacha nó neamhreachtacha ábhartha eile faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair lasta nó paisinéara a ríomh agus a nochtadh, ar seirbhísí iompair lasta nó paisinéara iad a thosaíonn nó a chríochnaíonn ar chríoch an Aontais. Dá dheasca sin, áirítear leis sin seirbhísí ag a bhfuil pointí tionscnaimh nó cinn scríbe atá lonnaithe i dtríú tír. Go deimhin, chun a áirithiú go dtabharfar cuntas ar na seirbhísí iompair ábhartha uile agus chun cothrom iomaíochta a ráthú idir eintitis iompair agus mhoil an Aontais agus eintitis iompair agus mhoil ó thríú tíortha, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí iompair a thosaíonn agus a chríochnaíonn lasmuigh de chríoch an Aontais, ach a stopann san Aontas chun paisinéirí a bhordáil nó a dhíbhordáil nó chun lasta a luchtú nó a dhíluchtú.
(10)
Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le heintitis a ríomhann agus a nochtann astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair, go háirithe oibreoirí iompair, eagraithe seirbhísí iompair agus oibreoirí moil, agus maidir le seoltóirí a dhéanann ionadaíocht ar chatagóir shonrach úsáideoirí iompair a ordaíonn seirbhísí iompair chun a lastas a aistriú chuig suíomhanna ainmnithe nó uathu agus a d’fhéadfadh, ag brath ar an gcás, ról oibreora iompair, eagraí seirbhíse iompair nó idirghabhálaí sonraí a ghlacadh freisin. Ba cheart d’fhorbróirí uirlisí ríomha seachtracha, forbróirí bunachar sonraí tríú páirtí agus comhlachtaí um measúnú comhréireachta a sholáthraíonn seirbhísí tacaíochta chun sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a ríomh nó a fhíorú a bheith faoi cheangal rialacha sonracha a bhaineann, faoi seach, le deimhniú uirlisí ríomha seachtracha, le seiceáil cáilíochta theicniúil ar luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus le gníomhaíochtaí fíorúcháin agus nósanna imeachta creidiúnúcháin. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir leis na hidirghabhálaithe sonraí sin a ríomhann agus a nochtann faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair. I gcás nach ndéanann idirghabhálaithe sonraí ach sonraí aschuir maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a fháil nó a chomhcheangal, agus ansin na sonraí aschuir sin a nochtadh, níor cheart dóibh a bheith faoi cheangal ach ag na rialacha ábhartha a bhaineann le cumarsáid agus trédhearcacht na sonraí nochta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, chun inchomparáideacht na sonraí aschuir sin sa mhargadh a áirithiú.
(11)
Ba cheart ríomh agus nochtadh na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa faoin Rialachán seo a dhéanamh ar bhealach imdhealaithe, ar leibhéal na seirbhísí iompair, i gcomhréir leis an modheolaíocht chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a ríomh dá dtagraítear sa Rialachán seo. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo i gcás ina ndéantar ríomh agus nochtadh astaíochtaí gás ceaptha teasa i bhfoirm chomhiomlán. Áirítear leis sin cásanna ina ndíorthaítear nochtadh éigeantach faisnéise a bhaineann leis an gcomhshaol le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta agus bunú cuntas comhshaoil chun críoch staidrimh ó ghníomhartha eile dlí de chuid an Aontais, mar shampla na cásanna sin a leagtar amach faoi Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Os a choinne sin, ba cheart a bheith in ann úsáid a bhaint as faisnéis a fhaightear ar bhonn an Rialacháin seo chun rannchuidiú le tuarascálacha astaíochtaí comhdhlúite a fhorbairt a cheanglaítear faoi dhlí eile is infheidhme de chuid an Aontais, ar choinníoll go bhfuil na modheolaíochtaí agus na sonraí a bhailítear faoi seach comhoiriúnach go leor.
(12)
Is príomhghné amháin de chreat comhchuibhithe an Aontais a leagtar amach leis an Rialachán seo í modheolaíocht cheart chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a ríomh. Leis an modheolaíocht, ba cheart a áirithiú go soláthraítear leis na ríomhanna astaíochtaí a dhéantar feadh slabhra iompair sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa atá inchomparáide agus cruinn, trí shraith aonair céimeanna modheolaíocha a leanúint. Ba cheart riachtanais an mhargaidh iompair a chur san áireamh go leormhaith leis an modheolaíocht freisin, chun castacht gan ghá, ualach iomarcach agus costais iomarcacha a sheachaint, go háirithe do FBManna, agus ba cheart do na páirtithe leasmhara a bheith in ann oibriú leis.
(13)
Ba cheart EN ISO 14083:2023 – Greenhouse gases — Quantification and reporting of greenhouse gas emissions arising from transport chain operations [Gáis ceaptha teasa – Cainníochtú agus tuairisciú astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as oibríochtaí sa slabhra iompair] (‘an caighdeán EN ISO’), a d’fhoilsigh an Coiste Eorpach um Chaighdeánú i mí Aibreáin 2023, agus lena dtrasuitear an caighdeán EN ISO, a bheith ina mhodheolaíocht chomhchoiteann chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a ríomh faoin Rialachán seo. Trí chur i bhfeidhm na modheolaíochta sin san Aontas a chur chun cinn, cothaítear comhoiriúnacht idirnáisiúnta na cuntasaíochta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus éascaítear tuilleadh ailíniú domhanda ar an modheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm. Léiríodh in anailís a rinne an Coimisiún gurb é an caighdeán EN ISO an caighdeán is ábhartha agus is comhréirí chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí an Rialacháin seo, lena n-áirítear glacadh méadaithe sonraí sa mhargadh agus inchomparáideacht na sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa. Déantar ríomh na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ar bhonn ón tobar go dtí an roth, lena n-áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as soláthar fuinnimh agus úsáid feithiclí le linn oibríochtaí iompair agus oibríochtaí moil.
(14)
Tá an Coimisiún, i gcomhar leis an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus le comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú na mBallstát, tiomanta rochtain iomlán ar an Rialachán seo a áirithiú.
(15)
Meastar go ginearálta go n-áirítear ar astaíochtaí saolré na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón tobar go dtí an roth, agus na hastaíochtaí ó tháirgeadh, cothabháil agus diúscairt feithiclí, chomh maith leis na hastaíochtaí a bhaineann le bonneagar iompair a mhéid is ábhartha, mar a leagtar amach i Moladh (AE) 2021/2279 ón gCoimisiún (8). Is féidir costais arda cur chun feidhme a bheith mar thoradh ar mheasúnú saolré, áfach, agus d’fhéadfadh eintitis iompair agus mhoil a bheith neamhchosanta ar chastacht chuntasaíochta, go háirithe i gcás astaíochtaí a bhaineann le bonneagar iompair. Ar chúiseanna comhréireachta agus raon feidhme, níor cheart a cheangal leis an Rialachán seo go n-úsáidfí measúnú saolré gan measúnú arna dhéanamh ag an gCoimisiún. Thairis sin, chun tagairt do chaighdeáin a aithnítear ar fud an domhain a choinneáil chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an dul chun cinn a bhaintear amach laistigh den Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú a thuairisciú, mar chuid den mheasúnú sin, i meastóireacht an Choimisiúin ar an Rialachán seo.
(16)
Ba cheart a bheith cúramach gan imeacht ó roghanna modheolaíochta an chaighdeáin EN ISO, chun neamhréireachtaí a sheachaint i ríomh astaíochtaí ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair ar an margadh, go háirithe i gcomhthéacs na slabhraí iompair idirnáisiúnta. Mar sin féin, is iomchuí don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le coigeartú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcaighdeán EN ISO ó thaobh bheartais an Aontais de, lena n-áirítear reachtaíocht atá le teacht. Más é conclúid mheasúnú an Choimisiúin go gcruthaíonn leasú ar an gcaighdeán nó ar chomhpháirt de riosca follasach neamh-chomhoiriúnachta le cuspóirí an Rialacháin seo nó le dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais, go háirithe le Rialachán (AE) 2021/1119, ba cheart don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe is gá a ghlacadh, chun cur i bhfeidhm an leasaithe sin a thoirmeasc. Má léirítear sa mheasúnú sin riosca go bhféadfadh leasú ar an gcaighdeán nó ar chomhpháirt de mhíchothromaíochtaí míchuí a chruthú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair á ríomh i ndeighleoga sonracha den mhargadh nó go bhféadfadh neamhréireachtaí idir an caighdeán sin agus cuspóirí an Rialacháin seo nó cuspóirí dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais a bheith mar thoradh air, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann na gníomhartha cur chun feidhme is gá a ghlacadh, chun a iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaighdeán dá réir sin.
(17)
Chun cúrsaíocht faisnéise míchruinne ar an margadh a sheachaint, d’fhéadfadh sé gur gá an mhodheolaíocht choiteann a shoiléiriú i leith paraiméadair agus toimhdí a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a úsáidtear chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh sula soláthraítear seirbhís. Tá feidhm ag an méid céanna i leith paraiméadair theicniúla ábhartha eile a bhaineann le leithdháileadh astaíochtaí gás ceaptha teasa nó comhiomlánú eilimintí sonraí sa chás nach soiléirítear go sainráite úsáid na bparaiméadar sin sa mhodheolaíocht choiteann sin.
(18)
Is féidir cineálacha sonraí ionchuir éagsúla, lena n-áirítear sonraí príomhúla agus tánaisteacha, a úsáid chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a ríomh. Tagann na torthaí is iontaofa agus is cruinne ó úsáid sonraí príomhúla, agus dá bhrí sin ba cheart tosaíocht a thabhairt dóibh chun foráil a dhéanamh maidir le glacadh de réir a chéile na sonraí príomhúla sin i bpróisis ríomha astaíochtaí gás ceaptha teasa. D’fhéadfadh sé nach mbeadh fáil ar shonraí príomhúla nó go mbeidís i bhfad róchostasach do pháirtithe leasmhara ar leith, FBManna go háirithe. Dá bhrí sin, ba cheart úsáid sonraí tánaisteacha a cheadú faoi choinníollacha soiléire. Mar sin féin, chun cuntasaíocht ar astaíochtaí gás ceaptha teasa níos cruinne a fháil, ba cheart do Bhallstát a bheith in ann foráil a dhéanamh go mbeidh úsáid sonraí príomhúla éigeantach le haghaidh oibríochtaí iompair ar a chríoch ag eintitis iompair agus mhoil, ar mó líon a bhfostaithe ná tairseach shonrach arna leagan síos sa dlí náisiúnta, i gcás ina dtosaíonn agus ina gcríochnaíonn an tseirbhís iompair ar a chríoch. Ionas nach gcuirfear bac ar sheirbhísí iompair idirnáisiúnta ná ar fhorbairt FBManna, níor cheart do na Ballstáit an ceanglas sin a chur i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí iompair trasteorann, lena n-áirítear maidir le hoibríochtaí iompair atá ar idirthuras trína gcríocha, nó maidir le FBManna.
(19)
Gan dochar do na rialacha maidir le Státchabhair, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann dreasachtaí de chineál riaracháin, airgeadais nó oibríochtúil a thabhairt isteach chun úsáid sonraí príomhúla a spreagadh.
(20)
Maidir le sonraí tánaisteacha, is féidir astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhís iompair a ríomh trí luachanna réamhshocraithe nó sonraí samhaltaithe a úsáid. Ba cheart luachanna réamhshocraithe a shocrú agus ba cheart sonraí samhaltaithe a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhealach neodrach oibiachtúil, bunaithe ar fhoinsí iontaofa agus ar pharaiméadair leordhóthanacha. Níor cheart luachanna réamhshocraithe a bheith i mbunachair sonraí as a n-eascraíonn gannmheastachán struchtúrach ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn astu i gcomparáid le fíorluachanna aitheanta seirbhísí inchomparáide. Sna cásanna sin, níor cheart measúnú dearfach a dhéanamh ar bhunachair sonraí tríú páirtí tar éis na seiceála cáilíochta teicniúla.
(21)
Ba cheart croí-bhunachar sonraí de chuid an Aontais de luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa (‘croí-bhunachar sonraí de chuid an Aontais’) a bhunú chun inchomparáideacht sonraí astaíochtaí gás ceaptha teasa a fhaightear agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm a fheabhsú. Leis an gcroí-bhunachar sonraí sin de chuid an Aontais, ba cheart dóthain gráinneachta a sholáthar agus na sainiúlachtaí earnála, réigiúnacha agus náisiúnta ar fud an Aontais a léiriú, agus ba cheart táblaí ar leith a áireamh ann le haghaidh gach modha iompair. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar an croí-bhunachar sonraí sin de chuid an Aontais a nuashonrú go rialta, agus ba cheart dó measúnú a dhéanamh ar bhonn bliantúil nó níos minice ar an ngá atá le nuashonruithe. Ba cheart na sonraí loingseoireachta muirí a dhíorthú ón mbunachar sonraí THETIS-MRV agus comhlánófar iad, i gcás inarb infheidhme, le foinsí eile faisnéise, mar shampla bunachar sonraí FuelEU. Mar sin féin, i bhfianaise sainiúlachtaí earnálacha, réigiúnacha agus náisiúnta na luachanna réamhshocraithe sin ar fud an Aontais, ba cheart bunachair sonraí agus tacair sonraí ábhartha eile a oibríonn tríú páirtithe a cheadú, ar choinníoll go ndéantar seiceáil cáilíochta theicniúil orthu ar leibhéal an Aontais.
(22)
Agus déine na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhís iompair á bunú, tá gá le fachtóirí astaíochta gás ceaptha teasa d’iompróirí fuinnimh iompair chun meastacháin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a dhíorthú a léiríonn an méid fuinnimh a úsáidtear i bpeirspictíocht ón tobar go dtí an roth. Dá réir sin, ba cheart bunachar sonraí de chuid an Aontais de luachanna réamhshocraithe le haghaidh fachtóirí astaíochta gás ceaptha teasa (‘bunachar sonraí lárnach de chuid an Aontais’) d’iompróirí fuinnimh iompair a chur ar bun chun inchomparáideacht agus cáilíocht na sonraí ionchuir a ráthú.
(23)
Ba cheart cur chuige suíomhbhunaithe a spreagadh agus astaíochtaí a bhaineann le húsáid leictreachais á gcainníochtú, ar choinníoll go bhfuil luachanna déine astaíochtaí atá cothrom le dáta agus cruinn ar fáil do na Ballstáit éagsúla. I gcás inarb iomchuí agus ina bhfuil forbairt leordhóthanach déanta air, d’fhéadfaí cur chuige margadhbhunaithe a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn J a ghabhann leis an gcaighdeán EN ISO.
(24)
Ba cheart a áireamh i gcroí-bhunachar sonraí an Aontais agus i mbunachar sonraí lárnach an Aontais, i gcás ina bhfuil siad ar fáil agus inarb iomchuí, luachanna réamhshocraithe arna gcomhaontú ag an Aontas, nó chun leas an Aontais, ar an leibhéal idirnáisiúnta. I bhfianaise na sainiúlachtaí earnála, réigiúnacha agus náisiúnta ar fud an Aontais, ba cheart a léiriú i gcroí-bhunachar sonraí an Aontais agus i mbunachar sonraí lárnach an Aontais cineálacha feithiclí agus iompróirí fuinnimh iompair a úsáidtear de ghnáth san Aontas, i roinnt Ballstát nó i ngach Ballstát. Ba cheart gnéithe uathúla na mBallstát éagsúil a léiriú i gcroí-bhunachar sonraí an Aontais agus i mbunachar sonraí lárnach an Aontais freisin.
(25)
Ba cheart do chomhlacht neodrach agus inniúil atá ag feidhmiú ar leibhéal an Aontais croí-bhunachar sonraí an Aontais agus bunachar sonraí lárnach an Aontais a fhorbairt agus a chothabháil, chomh maith leis an tseiceáil cáilíochta theicniúil ar bhunachair sonraí agus ar thacair sonraí arna n-oibriú ag tríú páirtithe. I bhfianaise a sainchúraim, is í an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil is fearr chun an cúnamh teicniúil is gá a sholáthar chun na forálacha ábhartha den Rialachán seo a chur chun feidhme mar is ceart. I gcás inar gá, ba cheart a áireamh ar an obair sin brath ar ranníocaíochtaí ó chomhlachtaí earnálacha eile de chuid an Aontais agus tacaíocht a fháil uathu, i gcomhréir le dlí an Aontais. I gcás inar gá, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ionchur breise agus deonach a sholáthar don Choimisiún.
(26)
Ba cheart é a bheith indéanta sonraí samhaltaithe a úsáid má tá siad bunaithe ar shamhail arna bunú i gcomhréir leis an modheolaíocht choiteann agus, i gcás inarb ábhartha, le forálacha eile maidir le húsáid sonraí tánaisteacha agus uirlisí ríomha a leagtar amach sa Rialachán seo.
(27)
Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa agus aerárthaí, faoi seach, a bhailiú, a thomhas, a ríomh agus a thuairisciú ar bhonn bliantúil. Tá Rialachán (AE) 2015/757 agus Treoir 2003/87/CE comhlántach leis an Rialachán seo go pointe áirithe, go háirithe i dtéarmaí sonraí breosla-dóite a tháirgeadh mar ionchur chun astaíochtaí ó sheirbhísí iompair a chainníochtú, de réir an achair a thaistealaítear nó de réir an mhéid lastais a iompraítear. Ba cheart é a bheith indéanta freisin sonraí ionchuir a úsáid chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a ghiniúint a eascraíonn as cur chun feidhme creataí reachtacha eile, mar shampla Rialacháin (AE) 2019/631 (11), (AE) 2019/1242 (12), (AE) 2023/1805 (13) nó (AE) 2023/2405 (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ós rud é gurb iomchuí tagairt a dhéanamh do chaighdeán coiteann ar fud ghníomhartha dlí ábhartha uile an Aontais i réimse an iompair, ba cheart don Choimisiún a dhícheall a dhéanamh comhoiriúnacht agus comhsheasmhacht an Rialacháin seo le gníomhartha dlí de chuid an Aontais atá ann cheana agus le tionscnaimh a bheidh ann amach anseo a áirithiú. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún a dhícheall a dhéanamh i dtionscnaimh atá le teacht agus in aon reachtaíocht thánaisteach a cheangal go ndéanfar cuntasaíocht ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair ar bhealach imdhealaithe bunaithe ar an modheolaíocht choiteann dá dtagraítear sa Rialachán seo.
(28)
Chun bailiú sonraí cruinn, ríomhanna ina dhiaidh sin, agus úsáid sonraí príomhúla ag FBManna a éascú, ba cheart soláthar rochtana ar shonraí infheithicle a mheas i gcomhthéacs aon togra reachtaigh atá le teacht a bhaineann le rochtain ar shonraí feithicle.
(29)
Chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú agus chun teorainn a chur le castacht na ríomhanna agus ualaí riaracháin agus airgeadais á laghdú ag an am céanna, ba cheart don Choimisiún uirlis ríomha ar líne atá simplithe, saor in aisce, a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi agus atá éasca le húsáid a sholáthar, ar uirlis í atá deartha go háirithe do mhicrea-oibreoirí iompair, d’oibreoirí iompair beaga agus d’oibreoirí iompair meánmhéide. Ba cheart an uirlis ríomha a fhorbairt i gcomhréir leis an modheolaíocht chomhchoiteann a leagtar amach sa Rialachán seo, ionas go n-áiritheofar lena húsáid cruinneas an ríomha a dhéantar. Leis an uirlis, ba cheart ríomhanna bunaithe ar shonraí príomhúla a éascú, agus ba cheart úsáid sonraí tánaisteacha ábhartha a chumasú, lena n-áirítear fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa arna ndíorthú ó na bunachair sonraí a aithnítear faoin Rialachán seo. Ba cheart lámhleabhar a bheith ag gabháil leis a chuideoidh le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus a mhíneoidh conas a fheidhmíonn an uirlis ríomha. Ba cheart an uirlis ríomha a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil. Leis an uirlis ríomha, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an mbearna sonraí sa slabhra faisnéise, cuntasaíocht aonfhoirmeach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur chun cinn do na seirbhísí iompair is tipiciúla, trédhearcacht agus inchomparáideacht sonraí a fheabhsú, agus rannchuidiú le feasacht a mhúscailt agus glacadh ríomh na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a dhreasú de bhun an Rialacháin seo.
(30)
Is iomchuí méadracht choiteann a leagan síos chun sonraí aschuir maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a léiriú ar méadracht í atá mar bhonn faoi inchomparáideacht na sonraí sin agus chun bheith in ann tagarmharcáil éifeachtach a dhéanamh ar sheirbhísí iompair éagsúla. Le méadracht choiteann, ba cheart cumarsáid shoiléir ó sholáthraí sonraí agus tuiscint chruinn na cumarsáide sin ag faighteoir sonraí a chumasú.
(31)
Ba cheart a áireamh go héigeantach agus go feiceálach in aon fhaisnéis dhí-chomhiomlánaithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhís iompair a nochtar do thríú páirtí chun críoch tráchtála nó rialála i gcomhréir leis an Rialachán seo sonraí aschuir a bhunaítear de bhun na rialacha sonracha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a ríomh a leagtar amach leis an Rialachán seo. Is féidir eilimintí sonraí breise, lena mbaineann cuspóirí eile seachas na cuspóirí a shainmhínítear faoin Rialachán seo, a chur leis, i gcás inarb ábhartha.
(32)
Tá nochtadh faisnéise maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa roimh sholáthar seirbhíse iompair ríthábhachtach chun próiseas cinnteoireachta eolasach ag comhlachtaí poiblí, fiontair agus tomhaltóirí a spreagadh, agus bíonn tionchar aige ar sholáthar poiblí ag údaráis phoiblí agus ar chinntí gnó eintiteas iompair agus moil a sholáthraíonn agus a eagraíonn na seirbhísí iompair sin ar an margadh. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le seirbhís iompair ar leith a nochtadh, aon uair is féidir, sula soláthraítear an tseirbhís iompair. Mar sin féin, ba cheart é a bheith indéanta faisnéis a nochtadh maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa tar éis sholáthar na seirbhíse iompair, go háirithe i gcás inar gá leibhéal faisnéise níos mionsonraithe a bheith ag cumarsáid idir fiontair, go háirithe i gcomhthéacs slabhraí lóistíochta agus caidrimh chonarthacha a chur amach ar fochonradh, nó chun sonraí príomhúla a úsáid.
(33)
Chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo a léiriú, ba cheart d’eintitis iompair agus mhoil agus idirghabhálaithe sonraí a ríomhann agus a nochtann sonraí aschuir maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhís iompair a bheith in ann fianaise a sholáthar chun bunús a thabhairt leis na sonraí aschuir. Ba cheart an fhianaise sin a sholáthar de bhun na rialacha maidir le tuairisciú ar leibhéal seirbhíse iompair a leagtar amach leis an gcaighdeán EN ISO, agus ba cheart an fhianaise sin a chur ar fáil ar fáil arna iarraidh sin d’údarás inniúil, mar shampla cúirt, nó do thríú páirtí eile más gá faoi oibleagáidí dlíthiúla nó conarthacha ar leithligh.
(34)
Mura bhfuil feidhm ag socruithe ar leithligh, níor cheart idirghabhálaí sonraí a bhailíonn faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhís iompair d’eintitis iompair agus mhoil nó ó dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha ábhartha eile, agus a nochtann ar an margadh í, a mheas a bheith faoi dhliteanas má sháraíonn an fhaisnéis sin aon cheann de na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a bhaineann le ríomh agus fíorú astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair agus le deimhniú uirlisí ríomha. Mar sin féin, ba cheart don idirghabhálaí sonraí a dhícheall a dhéanamh gan faisnéis mhíchruinn nó mhícheart a nochtadh, agus ba cheart dó na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaineann le sonraí aschuir astaíochtaí gás ceaptha teasa agus le cumarsáid agus trédhearcacht a urramú. Ina theannta sin, ba cheart don idirghabhálaí sonraí foinse na faisnéise sin a sholáthar chun gur féidir an soláthraí faisnéise lena mbaineann a shainaithint.
(35)
Le huirlisí ríomha seachtracha a sholáthraíonn tríú páirtí ar an margadh le haghaidh úsáid tráchtála agus neamhthráchtála níos leithne, is féidir cuntasaíocht ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a éascú, agus ar an gcaoi sin tacú lena glacadh ag grúpaí níos leithne páirtithe leasmhara. Ba cheart uirlisí ríomha seachtracha a dheimhniú chun a ráthú go gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht choiteann agus tacar iomchuí sonraí ionchuir a úsáid.
(36)
Le córas a dheartar go cuí chun a fhíorú go gcomhlíonann na sonraí aschuir maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a nochtar ar an margadh agus na próisis ríomha foluiteacha na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart muinín as iontaofacht agus cruinneas na sonraí sin a mhéadú go mór. Go sonrach, ba cheart coinníollacha mionsonraithe a leagan síos ann lena rialaítear an fíorú, gan beann ar sheirbhís aonuaire nó seirbhís rialta a bheith i gceist, lena n-áirítear minicíocht iomchuí na seiceálacha, agus socruithe nós imeachta, agus aird chuí á tabhairt ar chineál agus scála na seirbhísí iompair lena mbaineann agus ar an ngá atá le hualaí riaracháin díréireacha a sheachaint. Ba cheart d’eintitis iompair agus mhoil agus d’idirghabhálaithe sonraí ar a ndearnadh measúnú comhréireachta go rathúil a bheith i dteideal cruthúnas comhlíontachta a fháil, atá le haithint go coiteann ar fud an Aontais. I gcás inar áiríodh sonraí príomhúla, ba cheart sin a aithint sa chruthúnas comhlíontachta, go háirithe chun bailiú agus úsáid sonraí príomhúla ag aon eintiteas lena mbaineann an Rialachán seo a dhreasú. Ba cheart a áireamh le fíorú na sonraí aschuir inchomparáideacht na sonraí aschuir sin, lena n-áirítear i ndáil le hachar a ríomh, i gcás inar cheart dialltaí ón bhfad mórchiorclach agus ón achar indéanta is giorra a sheiceáil maidir lena gcomhsheasmhacht leis an gcaighdeán EN ISO.
(37)
D’fhéadfadh an t-ualach riaracháin nasctha leis an bhfíorú a bheith díréireach d’fhiontair bheaga agus dá bhrí sin ba cheart é a sheachaint. Chuige sin, ba cheart FBManna a dhíolmhú ó na ceanglais a bhaineann leis an bhfíorú, mura mian leis na FBManna sin cruthúnas comhlíontachta a fháil. Ina theannta sin, ba cheart d’fhiontair mhóra prionsabal na comhréireachta a chur san áireamh agus iad ag cuimhneamh ar fhíorú comhréireachta a iarraidh ó chomhpháirtithe sa slabhra luacha, ó FBManna go háirithe.
(38)
Le gníomhartha dlí de chuid an Aontais san earnáil iompair, bunaítear rialacha cheana féin maidir le ceanglais fíorúcháin astaíochtaí, go háirithe Rialacháin (AE) 2015/757 agus (AE) 2023/1805 maidir leis an earnáil mhuirí, agus Treoir 2003/87/CE maidir leis an earnáil eitlíochta. Chun ualaí riaracháin a laghdú, ba cheart a mheas faoin Rialachán seo go bhfuil fíoraitheoirí atá creidiúnaithe faoi na gníomhartha sin creidiúnaithe chun gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh san earnáil ábhartha ina n-oibríonn siad, ar choinníoll go gcuireann siad in iúl do na húdaráis náisiúnta ainmnithe go bhfuil sé ar intinn acu gníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh faoin Rialachán seo freisin. Ba cheart comhlachtaí um measúnú comhréireachta a bheith ina n-eintitis dlí neamhspleácha agus inniúla, iad creidiúnaithe ag comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta arna mbunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Tá feidhm chothrománach ag Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir le creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta, lena n-áirítear maidir le fíoraitheoirí atá creidiúnaithe faoi Rialacháin (AE) 2015/757 agus (AE) 2023/1805 agus Treoir 2003/87/CE agus maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe faoin Rialachán seo. Cumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 freisin cásanna ina bhfuil an t-údarás ag comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe bearta iomchuí a dhéanamh mura bhfuil comhlacht um measúnú comhréireachta inniúil a thuilleadh chun gníomhaíocht shonrach um measúnú comhréireachta a dhéanamh nó má tá a oibleagáidí sáraithe go tromchúiseach aige.
(39)
I gcás ina bhfuil sonraí aschuir dí-chomhiomlánaithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair fíoraithe cheana féin i gcomhréir le rialacha sonracha a leagtar amach le gníomhartha eile dlí de chuid an Aontais, lena n-áirítear, i gcás na hearnála muirí, Rialachán (AE) 2015/757 agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ar a bhonn sin nó Rialachán (AE) 2023/1805 agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ar a bhonn sin, agus, i gcás na hearnála eitlíochta, Treoir 2003/87/CE agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn sin, ba cheart a mheas go bhfuil na sonraí atá i gceist fíoraithe de bhun an Rialacháin seo.
(40)
Chun gur féidir feidhmiú éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú agus chun é a fhorlíonadh le rialacha breise i gcás inar gá, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú ar an gcaighdeán EN ISO a mheasúnú agus, más gá, toirmeasc a chur ar chur i bhfeidhm leasuithe amach anseo, gnéithe áirithe den mhodheolaíocht choiteann a mheasúnú agus a eisiamh, méadracht choiteann a oiriúnú le haghaidh sonraí aschuir maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus modhanna agus critéir bhreise a bhunú maidir le creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (16). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(41)
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir le hiarrataí ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaighdeán EN ISO, soiléiriú ar an modheolaíocht choiteann, rialacha agus coinníollacha a bhunú chun an tseiceáil cáilíochta theicniúila dhéanamh ar bhunachair sonraí tríú páirtí, uirlis ríomha an Aontais a bhunú, uirlisí ríomha seachtracha a dheimhniú, agus na sonraí aschuir a fhíorú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).
(42)
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin athrú iompraíochta ag comhlachtaí poiblí, fiontair agus tomhaltóirí a dhreasú chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a laghdú, trí ghlacadh agus úsáid sonraí inchomparáide agus iontaofa maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair, a ghnóthú go leordhóthanach gan an riosca a bheith ann go dtabharfaí isteach bacainní riaracháin ar an margadh inmheánach lena mbaineann costais bhreise agus ualach riaracháin breise do thionscail agus, de bharr éifeacht chomhchuibhithe na modheolaíochta comhchoitinne chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a ríomh a leagtar amach sa Rialachán seo, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha maidir le cuntasaíocht ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a thosaíonn nó a chríochnaíonn ar chríoch an Aontais, i gcás ina ndéantar faisnéis dhí-chomhiomlánaithe maidir leis na hastaíochtaí sin a ríomh agus a nochtadh, ar bhonn conarthach nó deonach chun críocha tráchtála, nó i gcás ina gceanglaítear an ríomh agus an nochtadh sin le dlí an Aontais is infheidhme nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme.
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
oibreoirí iompair, eagraithe seirbhísí iompair agus oibreoirí moil;
(b)
idirghabhálaithe sonraí;
(c)
forbróirí uirlisí ríomha;
(d)
forbróirí bunachar sonraí tríú páirtí; agus
(e)
comhlachtaí um measúnú comhréireachta.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘gás ceaptha teasa’ comhábhar gásach den atmaisféar, idir nádúrtha agus antrapaigineach, a ionsúnn agus a astaíonn radaíocht ar thonnfhaid shonracha laistigh de speictream na radaíochta infridheirge a astaíonn dromchla an Domhain, an t-atmaisféar agus néalta;
(2)
ciallaíonn ‘astaíocht gás ceaptha teasa’ scaoileadh gáis ceaptha teasa isteach san atmaisféar arna shloinneadh i mais de choibhéis dé-ocsaíde carbóin;
(3)
ciallaíonn ‘cuntasaíocht ar astaíochtaí gás ceaptha teasa’ na gníomhaíochtaí a dhéantar chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a chainníochtú, trí thomhais agus ríomhanna, agus a úsáidtear chun iad a thuairisciú;
(4)
ciallaíonn ‘seirbhís iompair’ lasta nó paisinéir a iompar ó thionscnamh go ceann scríbe; le seirbhís iompair, is féidir eilimint amháin nó níos mó den slabhra iompair a thabhairt le fios lena gceanglaítear idir oibríochtaí iompair agus oibríochtaí moil;
(5)
ciallaíonn ‘oibríocht iompair’ feithicil a oibriú chun paisinéirí agus/nó lasta a iompar;
(6)
ciallaíonn ‘oibríocht mhoil’ oibríocht chun lasta nó paisinéirí a aistriú trí mhol;
(7)
ciallaíonn ‘slabhra iompair’ seicheamh eilimintí iompair a bhaineann le lasta nó paisinéir (grúpa paisinéirí) a chuimsíonn, agus iad á nglacadh le chéile, a ghluaisteacht ó thionscnamh go ceann scríbe;
(8)
ciallaíonn ‘eilimint den slabhra iompair’ píosa de shlabhra iompair ina n-iompraíonn feithicil amháin an lasta nó paisinéir (grúpa paisinéirí) nó ina n-aistrítear trí mhol aonair iad;
(9)
ciallaíonn ‘sonraí príomhúla’ luach cainníochtaithe próisis nó gníomhaíochta a fhaightear ó thomhas díreach nó ó ríomh atá bunaithe ar thomhais dhíreacha;
(10)
ciallaíonn ‘sonraí tánaisteacha’ sonraí samhaltaithe nó luachanna réamhshocraithe nach gcomhlíonann na ceanglais maidir le sonraí príomhúla, lena n-áirítear sonraí ó bhunachair sonraí agus ó litríocht fhoilsithe, luachanna réamhshocraithe le haghaidh fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhardail náisiúnta, sonraí ríofa, meastacháin nó sonraí ionadaíocha eile agus sonraí a fhaightear ó sheachphróisis nó ó sheachmheastacháin;
(11)
ciallaíonn ‘eagraí seirbhíse iompair’ eintiteas a sholáthraíonn seirbhísí iompair ina ndéantar oibriú roinnt eilimintí den slabhra iompair a chur ar fochonradh chuig eintiteas amháin nó níos mó a oibríonn iad;
(12)
ciallaíonn ‘oibreoir iompair’ eintiteas a dhéanann oibríochtaí iompair lena mbaineann iompar lasta nó paisinéirí, nó an dá rud;
(13)
ciallaíonn ‘oibreoir moil’ eintiteas a dhéanann oibríochtaí moil lena mbaineann iompar lasta nó paisinéirí;
(14)
ciallaíonn ‘eintitis iompair agus mhoil’ eagraí seirbhíse iompair, oibreoir iompair agus oibreoir moil;
(15)
ciallaíonn ‘idirghabhálaí sonraí’ duine dlítheanach nó nádúrtha a sholáthraíonn faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a thosaíonn nó a chríochnaíonn ar chríoch an Aontais, ach nach soláthraíonn nó nach n-eagraíonn na seirbhísí sin;
(16)
ciallaíonn ‘micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide’ nó ‘FBManna’ micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, dá dtagraítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (18).
(17)
ciallaíonn ‘luach réamhshocraithe’ luach sonraí tánaisteacha a thagann ó fhoinse fhoilsithe, a ghlactar mar réamhshocrú i gcás ina mbíonn easpa sonraí príomhúla nó samhaltaithe ann;
(18)
ciallaíonn ‘iompróir fuinnimh’ substaint nó feiniméan is féidir a úsáid chun obair mheicniúil nó teas a tháirgeadh nó chun próisis cheimiceacha nó fhisiceacha a oibriú;
(19)
ciallaíonn ‘sonraí samhaltaithe’ sonraí tánaisteacha arna mbunú trí shamhail a úsáid lena gcuirtear san áireamh sonraí príomhúla agus/nó paraiméadair a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa d’oibríocht iompair nó d’oibríocht mhoil, lena n-áirítear trí shamhail a úsáid arna soláthar trí uirlis ríomha;
(20)
ciallaíonn ‘sonraí aschuir’ sonraí imdhealaithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhís iompair arna mbunú tríd an modheolaíocht choiteann agus na sonraí ionchuir a leagtar amach leis an Rialachán seo a úsáid;
(21)
ciallaíonn ‘feithicil’ modh chun paisinéirí nó lasta, nó an dá rud, a iompar i ngach mód iompair;
(22)
ciallaíonn ‘gníomhaíocht gás ceaptha teasa’ gníomhaíocht óna dtagann astaíochtaí gás ceaptha teasa;
(23)
ciallaíonn ‘sonraí maidir le gníomhaíocht gás ceaptha teasa’ tomhas cainníochtúil ar ghníomhaíocht gás ceaptha teasa;
(24)
ciallaíonn ‘déine astaíochtaí gás ceaptha teasa’ comhéifeacht a nascann gníomhaíocht iompair nó gníomhaíocht moil leis an astaíocht gás ceaptha teasa;
(25)
ciallaíonn ‘fachtóir astaíochtaí gás ceaptha teasa’ comhéifeacht a nascann sonraí maidir le gníomhaíocht gás ceaptha teasa leis an astaíocht gás ceaptha teasa;
(26)
ciallaíonn ‘astaíochtaí gás ceaptha teasa ón tobar go dtí an roth’ astaíochtaí ar léiriú iad ar thionchar an gháis ceaptha teasa a eascraíonn as feithiclí a úsáid agus as moil iompair a oibriú, agus as fuinneamh a sholáthar do na seirbhísí sin;
(27)
ciallaíonn ‘uirlis ríomha’ feidhmchlár, samhail nó bogearraí lena gceadaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhís iompair a ríomh go huathoibríoch;
(28)
ciallaíonn ‘uirlis ríomha sheachtrach’ uirlis ríomha a sholáthraíonn tríú páirtí ar an margadh le haghaidh úsáid leathan tráchtála nó neamhthráchtála;
(29)
ciallaíonn ‘coibhéis dé-ocsaíde carbóin (CO2e)’ aonad chun fórsáil radantach gáis ceaptha teasa a chur i gcomparáid le fórsáil radantach dé-ocsaíde carbóin;
(30)
ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht um measúnú comhréireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.
CAIBIDIL II
MODHEOLAÍOCHT CHOITEANN
Airteagal 3
Modheolaíocht choiteann chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a ríomh
1. Déanfar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a ríomh ar bhonn na modheolaíochta coitinne de réir bhrí EN ISO 14083:2023 – Gáis ceaptha teasa – Cainníochtú agus tuairisciú astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as oibríochtaí slabhra iompair (‘an caighdeán EN ISO’), sa leagan atá cothrom le dáta, mar a shonraítear sa Chaibidil seo.
2. Tráth nach déanaí ná an 3 Nollaig 2033 déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le coigeartú a dhéanamh ar aon chomhpháirt den chaighdeán EN ISO.
3. Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát, seiceáil comhlíontachta a sheoladh chun measúnú a dhéanamh ar aon leasú ar an gcaighdeán EN ISO.
4. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí leasuithe ar an gcaighdeán EN ISO nó ar aon chomhpháirt de dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a shainaithint, ar leasuithe iad lena gcruthaítear riosca follasach go mbeidh neamhréireacht ann le cuspóirí an Rialacháin seo agus le dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais, go háirithe le Rialachán (AE) 2021/1119, agus nach mbeidh feidhm acu, dá bhrí sin.
5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun a iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaighdeán EN ISO, bunaithe ar thoradh an mheasúnaithe dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo agus ar an tseiceáil comhlíontachta dá bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun an mhodheolaíocht choiteann dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shoiléiriú agus chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go haonfhoirmeach í ar an margadh a mhéid a bhaineann leis an gcur chuige chun paraiméadair iomchuí atá ábhartha maidir le hastaíochtaí a chinneadh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh sula soláthraítear seirbhís iompair, agus, i gcás inarb infheidhme, chun paraiméadair theicniúla eile a leagan síos a bhaineann le leithdháileadh astaíochtaí gás ceaptha teasa nó comhiomlánú eilimintí sonraí nach mínítear go sainráite sa mhodheolaíocht choiteann sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
CAIBIDIL III
SONRAÍ IONCHUIR AGUS A BHFOINSÍ
Airteagal 4
Úsáid sonraí príomhúla agus tánaisteacha
1. Tabharfaidh eintitis iompair agus mhoil agus idirghabhálaithe sonraí tosaíocht d’úsáid sonraí príomhúla chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a ríomh.
Féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh go mbeidh úsáid sonraí príomhúla éigeantach le haghaidh oibríochtaí iompair ar a chríoch i gcás arna dhéanamh ag an eintitis iompair agus mhoil, ar mó a líon fostaithe ná tairseach shonrach arna leagan síos sa dlí náisiúnta, i gcás ina dtosaíonn agus ina gcríochnaíonn an tseirbhís iompair ar a chríoch. Ní chuirfidh an Ballstát an ceanglas sin i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí iompair trasteorann, lena n-áirítear maidir le hoibríochtaí iompair atá ar idirthuras trína chríoch, nó maidir le FBManna.
2. Gan dochar do na rialacha maidir le Státchabhair, féadfaidh na Ballstáit dreasachtaí riaracháin, airgeadais nó oibríochtúla a thabhairt isteach chun úsáid sonraí príomhúla a spreagadh.
3. Ceadófar sonraí tánaisteacha a úsáid chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhís iompair a ríomh faoi na coinníollacha seo a leanas:
(a)
i gcás ina ndíorthaítear luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na nithe seo a leanas:
(i)
croí-bhunachar sonraí an Aontais de luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa (croí-bhunachar sonraí de chuid an Aontais), dá dtagraítear in Airteagal 5; nó
(ii)
bunachair sonraí agus tacair sonraí de luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa arna n-oibriú ag tríú páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 6;
(b)
i gcás ina ndíorthaítear luachanna réamhshocraithe le haghaidh fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa d’iompróirí fuinnimh iompair ó bhunachar sonraí lárnach an Aontais de luachanna réamhshocraithe le haghaidh fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa (‘bunachar sonraí lárnach an Aontais’), dá dtagraítear in Airteagal 7;
(c)
i gcás ina mbraitheann sonraí samhaltaithe ar shamhail arna bunú i gcomhréir leis an modheolaíocht choiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1), agus, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir leis na coinníollacha maidir le húsáid sonraí tánaisteacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo, agus leis na forálacha maidir le húsáid uirlisí ríomha a leagtar amach in Airteagail 8 agus 11.
I gcomhréir leis an modheolaíocht choiteann, i gcás ina ndéanann eintitis iompair agus mhoil ríomh ex ante ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhís iompair ar leith, féadfaidh siad úsáid a bhaint as luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa arna mbunú ar bhonn sonraí príomhúla ó sheirbhís iompair a bhfuil saintréithe comhchosúla aici arna déanamh ag na heintitis chéanna laistigh den bhliain roimh an ríomh ex ante.
4. Nuair a úsáideann eintitis iompair agus mhoil agus idirghabhálaithe sonraí mar shonraí ionchuir na sonraí príomhúla a úsáideadh cheana mar bhonn chun sonraí aschuir a bhunú atá fíoraithe faoi ghníomhartha eile dlí de chuid an Aontais ag comhlacht creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 16, ní bheidh gá leis an bhfíorú dá dtagraítear in Airteagal 12(1) chun aghaidh a thabhairt ar fhoinsí na sonraí ionchuir a úsáidtear don ríomh dá dtagraítear in Airteagal 13(2), pointe (b).
5. Agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ón leictreachas a ídítear á ríomh, féadfaidh eintitis iompair agus mhoil agus idirghabhálaithe sonraí a roghnú an cur chuige margadhbhunaithe a úsáid in ionad na sonraí tánaisteacha suíomhbhunaithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn J a ghabhann leis an gcaighdeán EN ISO.
Airteagal 5
Croí-bhunachar sonraí an Aontais de luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa
1. Déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh teicniúil ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil agus, i gcás inar gá, le hionchur breise deonach ó na Ballstáit, croí-bhunachar sonraí de chuid an Aontais a bhunú faoin 2 Nollaig 2029. Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall a áireamh i gcroí-bhunachar sonraí an Aontais luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh cineálacha feithiclí a úsáidtear de ghnáth san Aontas, i roinnt Ballstát nó i ngach Ballstát.
2. I gcás ina bhfuil siad ar fáil agus inarb iomchuí, áireofar i gcroí-bhunachar sonraí an Aontais luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa arna gcomhaontú ag an Aontas, nó chun leas an Aontais, ar an leibhéal idirnáisiúnta.
3. Áireofar i gcroí-bhunachar sonraí an Aontais tábla ar leith le haghaidh gach modha iompair, go háirithe le haghaidh luachanna réamhshocraithe na loingseoireachta muirí le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa. Déanfar na sonraí loingseoireachta muirí a dhíorthú ón mbunachar sonraí THETIS-MRV agus comhlánófar iad, i gcás inarb infheidhme, le foinsí eile faisnéise, mar shampla bunachar sonraí FuelEU arna bhunú de bhun Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2023/1805.
4. Agus na luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa á dtarraingt suas aige, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
(a)
an cur chuige suíomhbhunaithe dá bhforáiltear sa mhodheolaíocht choiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chur i bhfeidhm agus, i gcás inarb iomchuí, gnéithe uathúla na mBallstát éagsúil a chur san áireamh;
(b)
na fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa arna gcinneadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) a chur san áireamh.
5. Áiritheoidh an Coimisiún, le cúnamh teicniúil ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, go ndéanfar croí-bhunachar sonraí an Aontais a choinneáil ar bun, a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta agus a fhorbairt go leanúnach, le leibhéal iomchuí slándála, de bhun mhír 1, agus forbairt na teicneolaíochta úrscothaí san earnáil iompair agus aon chur chuige modheolaíochta nua chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh á gcur san áireamh. Áiritheoidh an Coimisiún comhoiriúnacht agus comhsheasmhacht bhunachar sonraí an Aontais le gníomhartha dlí de chuid an Aontais atá ann cheana. Déanfaidh an Coimisiún measúnú, ar bhonn bliantúil ar a laghad, ar an ngá atá le bunachar sonraí an Aontais a thabhairt cothrom le dáta.
Aon uair a thabharfar na luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa atá i gcroí-bhunachar sonraí an Aontais cothrom le dáta, cuirfidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, na luachanna réamhshocraithe cothrom le dáta ar fáil go poiblí. Úsáidfidh eintitis iompair agus mhoil agus idirghabhálaithe sonraí na sonraí is déanaí atá ar fáil chun a bhfaisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh agus a nochtadh laistigh de 18 mí ón dáta a chuirfear an nuashonrú ar fáil go poiblí.
Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid na luachanna réamhshocraithe cothrom le dáta dá dtagraítear sa dara fomhír a úsáid ach amháin maidir le sonraí aschuir nua atá le ríomh agus le nochtadh tar éis dóibh a bheith tugtha cothrom le dáta, gan gá le hathbhreithniú cúlghabhálach ar fhaisnéis a foilsíodh cheana.
6. Beidh rochtain phoiblí ar chroí-bhunachar sonraí an Aontais, chun luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a cheadú nó a úsáid, saor in aisce agus déanfar é a chur ar fáil i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais.
Airteagal 6
Bunachair sonraí agus tacair sonraí de luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa arna n-oibriú ag tríú páirtithe
1. Déanfaidh forbróir bunachair sonraí tríú páirtí nó tacair sonraí tríú páirtí iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh seiceáil cáilíochta theicniúil ar luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a áirítear sa bhunachar sonraí sin nó sa tacar sonraí sin. Déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh teicniúil ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, measúnú ar an gcur i bhfeidhm sin tríd an tseiceáil cáilíochta theicniúil sin a dhéanamh i gcomhréir leis an modheolaíocht choiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1).
2. Ní úsáidfear ach bunachair sonraí agus tacair sonraí tríú páirtí de luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a ndearnadh measúnú dearfach orthu de bhun mhír 1 den Airteagal seo chun sonraí tánaisteacha a dhíorthú i gcomhréir le hAirteagal 4(3), pointe (a)(ii). Déanfaidh an Coimisiún liosta cothrom le dáta de na bunachair sonraí ina leagtar amach na luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa arna n-oibriú ag tríú páirtithe a ndearnadh measúnú dearfach orthu a fhoilsiú agus a choinneáil ar bun. Cuirfear an liosta cothrom le dáta sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.
3. Beidh feidhm ag an oibleagáid, a leagtar síos i mír 1, maidir le seiceáil cáilíochta theicniúil ón 3 Nollaig 2031. Beidh measúnú dearfach de bhun mhír 2 bailí ar feadh 2 bhliain.
4. Tráth nach déanaí ná an 2 Meitheamh 2030, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar rialacha agus coinníollacha mionsonraithe chun an tseiceáil cáilíochta theicniúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh agus coinníollacha maidir le measúnú dearfach de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme an tréimhse ama ina ndéanfar na seiceálacha cáilíochta teicniúla. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
Airteagal 7
Bunachar sonraí lárnach an Aontais de luachanna réamhshocraithe le haghaidh fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa
1. Déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh teicniúil ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil agus, i gcás inar gá, le hionchur breise deonach ó na Ballstáit, ó pháirtithe leasmhara ábhartha agus ó chomhlachtaí earnála eile de chuid an Aontais, bunachar sonraí lárnach de chuid an Aontais a bhunú faoin 2 Meitheamh 2028. Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall a áireamh i mbunachar sonraí lárnach an Aontais luachanna réamhshocraithe le haghaidh fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh iompróirí fuinnimh iompair a úsáidtear de ghnáth san Aontas, i roinnt Ballstát nó i ngach Ballstát.
2. Agus na luachanna réamhshocraithe le haghaidh fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa á dtarraingt suas, cuirfidh an Coimisiún an cur chuige suíomhbhunaithe dá bhforáiltear sa mhodheolaíocht choiteann dá dtagraítear in Airteagal 3 i bhfeidhm agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé gnéithe uathúla na mBallstát éagsúil san áireamh.
Gan dochar don chéad fhomhír den mhír seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na fachtóirí astaíochta gás ceaptha teasa a cinneadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001.
3. I gcás ina bhfuil siad ar fáil agus inarb iomchuí, áireofar i mbunachar sonraí lárnach an Aontais luachanna réamhshocraithe le haghaidh fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa arna gcomhaontú ag an Aontas, nó chun leas an Aontais, ar an leibhéal idirnáisiúnta.
4. Áiritheoidh an Coimisiún, le cúnamh teicniúil ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, go ndéanfar bunachar sonraí lárnach an Aontais a choinneáil ar bun, a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta agus a fhorbairt go leanúnach, le leibhéal iomchuí slándála, de bhun mhír 1 den Airteagal seo, agus an gá atá le haon choigeartuithe ar aon chomhpháirt den chaighdeán dá dtagraítear in Airteagal 3(1), forbairt úrscothacht theicneolaíoch san earnáil iompair, agus aon chur chuige modheolaíochta nua chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh á gcur san áireamh. Áiritheoidh an Coimisiún comhoiriúnacht agus comhsheasmhacht bhunachar sonraí an Aontais le gníomhartha dlí de chuid an Aontais atá ann cheana.
Aon uair a thabharfar na luachanna réamhshocraithe le haghaidh fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa atá i mbunachar sonraí lárnach an Aontais cothrom le dáta, cuirfidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, na luachanna cothrom le dáta ar fáil go poiblí. Úsáidfidh eintitis iompair agus mhoil agus idirghabhálaithe sonraí na sonraí is déanaí atá ar fáil chun a bhfaisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh agus a nochtadh laistigh de 18 mí ón dáta a chuirfear an nuashonrú ar fáil go poiblí.
Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid na luachanna réamhshocraithe cothrom le dáta dá dtagraítear sa dara fomhír a úsáid ach amháin maidir le sonraí aschuir nua atá le ríomh agus le nochtadh tar éis dóibh a bheith tugtha cothrom le dáta, gan gá le hathbhreithniú cúlghabhálach ar fhaisnéis a foilsíodh cheana.
5. Beidh rochtain phoiblí ar bhunachar sonraí lárnach an Aontais, chun luachanna réamhshocraithe le haghaidh fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh iompróirí fuinnimh iompair a cheadú nó a úsáid, saor in aisce agus déanfar é a chur ar fáil i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais.
Airteagal 8
Uirlis ríomha an Aontais
1. Faoin 2 Meitheamh 2030, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, chun a áirithiú go ndéanfar uirlis ríomha shimplithe de chuid an Aontais atá soláimhsithe, saor in aisce, lena n-éascófar ríomhanna bunaithe ar shonraí príomhúla agus lena gcumasófar úsáid luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa, i gcás ina mbeidh fáil orthu agus i gcás inarb ábhartha, agus úsáid luachanna réamhshocraithe le haghaidh fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa, i gcomhréir le hAirteagal 4(3), pointí (a) agus (b), faoi seach, a chur ar fáil go poiblí d’oibreoirí iompair agus go mbeidh sí ceaptha chun tacú go háirithe le micrea-oibreoirí iompair agus le hoibreoirí iompair beaga agus meánmhéide. Ba cheart uirlis ríomha an Aontais a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
2. I gcás ina n-úsáideann oibreoirí iompair uirlis ríomha an Aontais chun sonraí aschuir a bhunú, ní cheanglófar an fíorú dá dtagraítear in Airteagal 12(1) chun féachaint ar chruinneas an ríomha arna déanamh dá dtagraítear in Airteagal 13(2), pointe (c).
3. Chun cur i bhfeidhm forleathan an chaighdeáin EN ISO i measc oibreoirí iompair, agus go háirithe FBManna, a chothú, beidh lámhleabhar ag gabháil le huirlis ríomha an Aontais, lena gcuideofar le FBManna an Rialachán seo a chur chun feidhme agus lena míneofar go soiléir conas feidhmiúlachtaí uirlis ríomha an Aontais a úsáid. Cuirfear an lámhleabhar sin ar fáil i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais.
CAIBIDIL IV
SONRAÍ ASCHUIR AGUS TRÉDHEARCACHT
Airteagal 9
Sonraí aschuir maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhís iompair a bhunú
1. Bunófar sonraí aschuir tríd an modheolaíocht choiteann agus na sonraí ionchuir a úsáid i gcomhréir le hAirteagail 3 go 7.
2. Féadfar na sonraí aschuir a bhunú trí uirlisí ríomha a úsáid. Comhlíonfaidh uirlisí ríomha seachtracha na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 11.
3. Is éard a bheidh sna sonraí aschuir ar a laghad mais iomlán de choibhéis dé-ocsaíde carbóin (CO2e) in aghaidh na seirbhíse iompair, agus, i ndáil le cineál seirbhíse iompair lena mbaineann, ceann amháin ar a laghad de na méadrachtaí coiteanna seo a leanas:
(a)
mais CO2e in aghaidh an chiliméadair tona, nó aonaid choibhéise, le haghaidh iompar lasta;
(b)
mais CO2e in aghaidh an tona, nó aonaid choibhéise, le haghaidh tréchur moil lasta;
(c)
mais CO2e in aghaidh an chiliméadair tona, nó aonaid choibhéise, le haghaidh iompar paisinéirí;
(d)
mais CO2e in aghaidh an phaisinéara, nó aonaid choibhéise, le haghaidh tréchur moil paisinéirí.
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an liosta méadrachtaí le haghaidh sonraí aschuir dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chomhlánú.
Airteagal 10
Cumarsáid agus trédhearcacht
1. Nochtfaidh eintitis iompair agus mhoil agus idirghabhálaithe sonraí sonraí aschuir ar bhealach soiléir agus gan athbhrí, aon uair is féidir, sula soláthrófar seirbhís iompair nó sula dtabharfar conradh iompair i gcrích. Nuair a nochtfaidh eintitis iompair agus mhoil agus idirghabhálaithe sonraí sonraí aschuir, sa chumarsáid a ghabhann leis an nochtadh sin, áireoidh siad an ráiteas ‘Astaíochtaí gás ceaptha teasa arna ríomh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2026/1030’ i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais, agus i gcás inar féidir, i dteanga oifigiúil de chuid an Ballstáit ar ar a chríoch a dhéantar an tseirbhís freisin.
2. Féadfaidh eintitis iompair agus mhoil agus idirghabhálaithe sonraí a roghnú an fhaisnéis seo a leanas a thaispeáint go feiceálach:
(a)
an bhfuil a gcuid sonraí faoi réir an fhíoraithe dá dtagraítear in Airteagal 12(1);
(b)
cé acu a d’úsáid nó nár úsáid siad sonraí príomhúla go heisiach dá ríomhanna ar shonraí aschuir;
(c)
ar bhain siad úsáid as uirlis ríomha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 8.
3. I gcás ina bhfaigheann agus ina nochtann idirghabhálaí sonraí sonraí aschuir nach ríomhann astaíochtaí ar bhonn socruithe ar leithligh, bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo agus ag Airteagal 9(3). Agus sonraí aschuir á nochtadh aige, áireoidh an t-idirghabhálaí sonraí tagairt d’fhoinse na sonraí aschuir sin.
4. I gcás ina n-úsáidtear sonraí príomhúla, beidh eintitis iompair agus mhoil agus idirghabhálaithe sonraí i dteideal an méid sin a chur in iúl d’aon tríú páirtí, ar choinníoll go bhfionntar úsáid na sonraí príomhúla i gcomhréir leis an bhfíorú dá bhforáiltear in Airteagail 12 agus 13.
5. Eintitis iompair agus mhoil agus idirghabhálaithe sonraí a ríomhann astaíochtaí gás ceaptha teasa, beidh siad in ann fianaise a sholáthar lena dtugtar bunús leis an gcaoi ar bunaíodh na sonraí aschuir. Cuirfear an fhianaise sin ar fáil i gcomhréir leis an modheolaíocht choiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1), agus:
(a)
beidh sí mar bhonn don fhíorú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13;
(b)
cuirfear ar fáil í arna iarraidh sin d’údarás inniúil arna ainmniú faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, nó do thríú páirtí eile a mhéid a bheidh feidhm ag oibleagáidí dlíthiúla nó conarthacha ar leithligh;
(c)
i gcás ina ndéantar an fíorú i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13, áireofar inti tagairt don chruthúnas comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 13(6), agus faisnéis teagmhála an chomhlachta um measúnú comhréireachta a tharraing suas an cruthúnas comhlíontachta;
(d)
i gcás ina mbunaítear na sonraí aschuir trí uirlis ríomha sheachtrach dá dtagraítear in Airteagal 9(2) a úsáid, áireofar inti tagairt don uirlis ríomha sin.
6. Déanfar na sonraí aschuir agus an fhianaise dá dtagraítear i mír 5 a bhunú ar bhealach soiléir gan débhrí, i gceann amháin de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais ar a laghad. I gcás inar féidir, cuirfear ar fáil iad i bhfoirm nasc gréasáin, cód QR nó a choibhéis.
7. Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).
8. Aon fhaighteoir de shonraí aschuir agus don fhianaise dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh sé bearta chun rúndacht sonraí tráchtála ábhartha a phróiseáiltear agus a chuirtear in iúl i gcomhréir leis an Rialachán seo a áirithiú, agus chun a áirithiú go bhféadfar na sonraí aschuir agus an fhianaise sin a rochtain, a phróiseáil agus a nochtadh ach amháin nuair a údaraítear é.
CAIBIDIL V
BEARTA COMHLÁNTACHA
Airteagal 11
Uirlisí ríomha seachtracha a dheimhniú
1. Déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 uirlisí ríomha seachtracha a dheimhniú.
2. Cuirfidh forbróirí na huirlise ríomha seachtraí iarratas faoi bhráid comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 a dhéanfaidh measúnú ar chomhlíontacht na huirlise ríomha seachtraí leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 3 go 9. I gcás measúnú dearfach, eiseoidh an comhlacht um measúnú comhréireachta deimhniú ar chomhréireacht na huirlise ríomha seachtraí leis an Rialachán seo. Beidh an deimhniú bailí ar feadh 2 bhliain. I gcás measúnú diúltach, cuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta na cúiseanna lena mheasúnú diúltach ar fáil don iarratasóir.
3. Coimeádfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann liosta cothrom le dáta de na huirlisí ríomha seachtracha a bheidh deimhnithe aige agus díobh sin a ndearna sé an deimhniú ina leith a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar. Cuirfidh sé an liosta sin ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin agus cuirfidh sé seoladh an tsuímh gréasáin sin in iúl don Choimisiún gan mhoill.
4. Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin oifigiúil liosta atá inrochtana go héasca de na huirlisí ríomha seachtracha uile a dheimhníodh i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, chomh maith le nasc chuig na suíomhanna gréasáin dá dtagraítear i mír 3.
5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha maidir le deimhniú na n-uirlisí ríomha seachtracha agus maidir leis an deimhniú comhréireachta lena mbaineann, lena n-áirítear rialacha maidir le deimhniúchán a shrianadh, a athnuachan, a chur ar fionraí agus a tharraingt siar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
CAIBIDIL VI
SONRAÍ MAIDIR LE HASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA, AGUS RÍOMHANNA, A FHÍORÚ
Airteagal 12
Raon feidhme an fhíoraithe
1. Fíoróidh comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 go gcomhlíonann na sonraí aschuir dá dtagraítear in Airteagal 9 na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 3 go 9.
2. Beidh feidhm ag mír 1 maidir le heintitis iompair agus mhoil agus le hidirghabhálaithe sonraí a ríomhann astaíochtaí, cé is moite de FBManna. Féadfar fíorú a dhéanamh ar FBManna de bhun an Rialacháin seo arna iarraidh sin dóibh.
Airteagal 13
Gníomhaíochtaí fíorúcháin
1. Fíoróidh an comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 iontaofacht, inchreidteacht, comhlíonadh agus cruinneas na sonraí aschuir arna nochtadh ag eintitis iompair agus mhoil agus ag idirghabhálaithe sonraí a ríomhann astaíochtaí.
2. Fíoróidh an comhlacht um measúnú comhréireachta an gcomhlíontar, leis na sonraí aschuir a nochtar, na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 3 go 9, bunaithe ar an bhfianaise dá dtagraítear in Airteagal 10(5). Leis an bhfíorú sin, tabharfar aghaidh ar an méid seo a leanas:
(a)
an modh ríomha a úsáideadh;
(b)
foinsí na sonraí ionchuir a úsáideadh chun iad a ríomh;
(c)
cruinneas an ríomha a rinneadh;
(d)
na méadrachtaí coiteanna a cuireadh i bhfeidhm.
3. I gcás ina n-úsáidtear uirlisí ríomha seachtracha, déanfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta a ndeimhnithe comhréireachta féin dá dtagraítear in Airteagal 11(2) a chur san áireamh.
4. I gcás ina sainaithneofar san fhíorú ríomhanna míchearta nó neamhchomhlíonadh Airteagail 3 go 9, cuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta na heintitis iompair agus mhoil agus na hidirghabhálaithe sonraí lena mbaineann ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí. Ceartóidh na heintitis iompair agus mhoil agus na hidirghabhálaithe sonraí sin an ríomh ina dhiaidh sin nó leigheasfaidh siad aon neamh-chomhréireachtaí chun gur féidir an fíorú a chur i gcrích.
5. Soláthróidh na heintitis iompair agus mhoil agus na hidirghabhálaithe sonraí aon fhaisnéis bhreise don chomhlacht um measúnú comhréireachta a chuirfidh ar a chumas an fíorú a dhéanamh. Féadfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta seiceálacha a dhéanamh le linn an fhíoraithe chun iontaofacht na sonraí agus na ríomhanna a chinneadh.
6. Tar éis an fíorú a chur i gcrích, déanfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta, i gcás inarb iomchuí, cruthúnas comhlíontachta a tharraingt suas lena ndeimhneofar go gcomhlíonann na sonraí aschuir na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo agus ina sonrófar an bhfuil sonraí príomhúla á n-úsáid ag na heintitis iompair agus mhoil agus na hidirghabhálaithe sonraí.
7. Déanfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann liosta cothrom le dáta a tharraingt suas agus a choinneáil ar bun de na heintitis iompair agus mhoil agus de na hidirghabhálaithe sonraí, a ndearnadh an fíorú orthu de bhun an Airteagail seo. Faoin 31 Márta gach bliain, tabharfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta fógra don Choimisiún faoin liosta sin.
8. I gcásanna ina mbeidh sonraí aschuir fíoraithe cheana féin faoi ghníomhartha eile dlí de chuid an Aontais lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le fíorú na sonraí aschuir, agus lena n-áirithítear go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, measfar na sonraí aschuir sin a bheith fíoraithe de bhun an Airteagail seo.
9. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le fíorú na sonraí aschuir, minicíocht iomchuí an fhíoraithe sin agus an cruthúnas comhlíontachta gaolmhar. Áireofar sna rialacha sin forálacha a bhaineann leis an bhfianaise dá dtagraítear in Airteagal 10(5) agus na cearta cumarsáide a bhaineann le húsáid na sonraí príomhúla dá dtagraítear in Airteagal 10(4). Agus na rialacha sin á leagan síos aige, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar chritéir oibiachtúla, lena n-áirítear cineál agus scála na seirbhíse iompair lena mbaineann, an riosca coibhneasta neamhchomhlíonta, agus an gá atá le hualaí riaracháin díréireacha a sheachaint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
CAIBIDIL VII
CREIDIÚNÚ
Airteagal 14
Comhlachtaí um measúnú comhréireachta
1. Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta creidiúnaithe chun na gníomhaíochtaí deimhniúcháin nó fíorúcháin dá dtagraítear in Airteagail 11, 12 agus 13 a dhéanamh.
2. Beidh an comhlacht um measúnú comhréireachta neamhspleách ar eintitis iompair agus mhoil agus ar idirghabhálaithe sonraí a dhéanann iarratas ar na gníomhaíochtaí deimhniúcháin nó fíorúcháin dá dtagraítear in Airteagail 11, 12 agus 13.
3. An comhlacht um measúnú comhréireachta, lucht a ardbhainistíochta agus an pearsanra atá freagrach as na gníomhaíochtaí deimhniúcháin nó fíorúcháin a dhéanamh, ní rachaidh siad i mbun aon ghníomhaíochta a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht lena neamhspleáchas breithiúnais nó lena n-ionracas i ndáil le gníomhaíochtaí deimhniúcháin nó fíorúcháin.
4. Déanfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta agus a phearsanra na gníomhaíochtaí deimhniúcháin nó fíorúcháin leis an ard-ionracas gairmiúil agus leis an inniúlacht theicniúil a bhíonn riachtanach agus beidh siad saor ó gach brú agus mealladh, go háirithe ó thaobh airgid de, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí na ngníomhaíochtaí sin, go háirithe brú agus mealladh ó dhaoine nó grúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.
5. Beidh an saineolas, trealamh agus bonneagar is gá ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta chun na gníomhaíochtaí deimhniúcháin nó fíorúcháin a bhfuil sé creidiúnaithe ina leith a dhéanamh.
6. Déanfaidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus na gníomhaíochtaí deimhniúcháin nó fíorúcháin á ndéanamh aige.
7. I gcás ina ndéanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta gníomhaíochtaí sonracha a bhfuil nasc acu le deimhniú nó fíorú a ligean ar fochonradh, nó ina rachaidh sé ar iontaoibh fochuideachta, glacfaidh sé freagracht iomlán as na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh na fochonraitheoirí agus na fochuideachtaí cibé áit a ndéantar na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear trí mheasúnú agus faireachán a dhéanamh ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta agus ar an obair a dhéanfaidh siad.
Airteagal 15
Nósanna imeachta creidiúnúcháin
1. Creidiúnóidh comhlacht náisiúnta creidiúnaithe na comhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 14(1) den Rialachán seo de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.
2. Ainmneoidh gach Ballstát údarás a choimeádfaidh liosta cothrom le dáta de na comhlachtaí um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta ainmnithe sin an liosta sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin oifigiúil rialtais. Féadfaidh Ballstát a chinneadh go bhfuil an dualgas sin le comhlíonadh ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe dá dtagraítear i mír 1.
3. Faoin 31 Márta gach bliain, tabharfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe dá dtagraítear i mír 1 fógra don Choimisiún faoi liosta na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe, mar aon le gach faisnéis teagmhála ábhartha.
4. I gcás nach leagtar síos sa Rialachán seo aon fhorálacha sonracha maidir le creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.
5. Gan dochar d’Airteagal 16, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodhanna agus critéir bhreise a bhunú le haghaidh creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta.
Airteagal 16
Fíorú faoi ghníomhartha eile dlí de chuid an Aontais lena n-áirítear earnálacha muirí agus eitlíochta
1. Féadfaidh na fíoraitheoirí atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2015/757 agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá réir, nó de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2023/1805 agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá réir, féadfaidh siad gníomhaíochtaí fíorúcháin na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh faoi Airteagal 13 den Rialachán seo. Measfar na fíoraitheoirí sin a bheith creidiúnaithe de bhun Airteagail 14 agus 15 den Rialachán seo chun gníomhaíochtaí fíorúcháin don earnáil mhuirí a dhéanamh.
2. Féadfaidh na fíoraitheoirí atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 15 de Threoir 2003/87/CE agus de bhun na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh dá réir, féadfaidh siad gníomhaíochtaí fíorúcháin na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh faoi Airteagal 13 den Rialachán seo. Measfar na fíoraitheoirí sin a bheith creidiúnaithe de bhun Airteagail 14 agus 15 den Rialachán seo chun gníomhaíochtaí fíorúcháin don earnáil eitlíochta a dhéanamh.
3. Cuirfidh na fíoraitheoirí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 15(2) ar an eolas go bhfuil sé ar intinn acu gníomhaíochtaí fíorúcháin na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh faoin Rialachán seo sula ndéanfaidh siad a gcéad fhíorú faoin Rialachán seo.
CAIBIDIL VIII
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 17
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(4), Airteagal 9(4) agus Airteagal 15(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 1 Meitheamh 2026.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(4), in Airteagal 9(4) agus in Airteagal 15(5) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomh tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(4), Airteagal 9(4) nó Airteagal 15(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 18
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
CAIBIDIL IX
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 19
Meastóireacht agus tuairisciú
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo i bhfianaise an chuspóra a shaothraíonn sé agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 3 Nollaig 2034.
Cumhdófar an méid seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
anailís ar na hiarmhairtí ar na heintitis iompair agus mhoil agus ar na hidirghabhálaithe sonraí maidir leis na costais riaracháin a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo;
(b)
measúnú ar conas úsáid sonraí príomhúla a dhreasú a thuilleadh;
(c)
anailís ar éifeachtaí ceanglais éigeantaigh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a chainníochtú agus a nochtadh, i gcomhréir leis an Rialachán seo de réir mar is infheidhme maidir le heintitis iompair agus mhoil;
(d)
measúnú ar a indéanta atá sé an truailliú aeir a ríomh arb iad seirbhísí iompair is cúis leis;
(e)
measúnú ar na gníomhaíochtaí a rinneadh chun a áirithiú go bhfuil an Rialachán seo go hiomlán inrochtana;
(f)
anailís ar an gcaoi a nochtann idirghabhálaithe sonraí sonraí aschuir de bhun an Rialacháin seo agus na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an nochtadh sin ar na roghanna a dhéanann comhlachtaí poiblí, fiontair agus tomhaltóirí;
(g)
measúnú ar a indéanta atá sé an mhodheolaíocht choiteann a fhorlíonadh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le táirgeadh, cothabháil agus diúscairt feithiclí a chur san áireamh freisin; áireofar sa mheasúnú sin tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú chun caighdeán a bhfuil glacadh domhanda leis a fhorbairt bunaithe ar astaíochtaí saolré.
Airteagal 20
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm aige ón 2 Nollaig 2030.
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 3(4), (5) agus (6), Airteagal 5(1), Airteagal 6(4), Airteagal 7(1), Airteagal 8(1) agus (3), Airteagal 9(4), Airteagal 11(5), Airteagal 13(9) agus Airteagal 15(5) ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 29 Aibreán 2026.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. RAOUNA
(1) IO C, C/2024/890, 6.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/890/oj.
(2) IO C, C/2024/1982, 18.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1982/oj.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 (IO C, C/2025/1313, 13.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1313/oj) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 26 Feabhra 2026 (.(OJ C, C/2026/2277, 17.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2277/oj) .Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)].
(4) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj).
(5) Treoir (AE) 2024/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2024 lena leasaítear Treoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe ghlais trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr (IO L, 2024/825, 6.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/825/oj).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2011 maidir le cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil (IO L 192, 22.7.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/691/oj).
(7) Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2464/oj).
(8) Moladh (AE) 2021/2279 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 maidir le modhanna an Loirg Comhshaoil a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil táirgí agus eagraíochtaí ar feadh a saolré a thomhas agus a chur in iúl (IO L 471, 30.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2021/2279/oj).
(9) Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/757/oj).
(10) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).
(11) Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/631/oj).
(12) Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1242/oj).
(13) Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 234, 22.9.2023, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1805/oj).
(14) Rialachán (AE) 2023/2405 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le cothrom na Féinne a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe (ReFuelEU Aviation) (IO L, 2023/2405, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2405/oj).
(15) Rialachán (CE) Uimh 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/765/oj).
(16) Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj).
(17) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
(18) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2003/361/oj).
(19) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj).
(20) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1030/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)
Top