Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh
GA
Sraith L
2026/1047
12.5.2026
RIALACHÁN (AE) 2026/1047 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Aibreán 2026
lena mbunaítear Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 79(2), pointe (a), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
Tá an tAontas agus na Ballstáit aonair ag tabhairt aghaidh ar ghanntanais lucht saothair agus scileanna i raon leathan earnálacha agus gairmeacha, lena n-áirítear iad siúd atá ábhartha maidir leis an aistriú glas agus maidir leis an aistriú digiteach. D’fhéadfadh oibrithe oilte ar gach leibhéal a bheith ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar na ganntanais sin. Tá ganntanais sheanbhunaithe fhairsinge san fhoirgníocht, sa chúram sláinte, san fháilteachas, san iompar, i dteicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide, i dteicneolaíocht na heolaíochta, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic. Tá na ganntanais sin níos measa fós mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus mar gheall ar an dlús atá á chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Meastar go leanfar de na ganntanais lucht saothair agus scileanna agus d’fhéadfadh siad dul in olcas i bhfianaise na ndúshlán déimeagrafach.
(2)
Chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus scileanna, tá gá le cur chuige uaillmhianach agus cuimsitheach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear, mar thosaíocht, féidearthacht dóibh siúd atá faoi thearcionadaíocht i margadh an tsaothair a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach. D’fhéadfaí a áireamh leis an gcur chuige sin athsciliú agus uas-sciliú an lucht saothair atá ann cheana i gcomhréir le cuspóirí Bhliain Eorpach na Scileanna, a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2023/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lena n-éascaítear soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas, lena n-áirítear trí úsáid níos fearr a bhaint as Treoir 2003/109/CE ón gComhairle (4) agus Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus trí líonra EURES a chur chun cinn, chomh maith le feabhas a chur ar dhálaí oibre agus ar tharraingteacht gairmeacha áirithe. Mar gheall ar scála na nganntanas reatha sa mhargadh saothair agus ar threochtaí déimeagrafacha, áfach, is dócha nach leor bearta atá dírithe ar an lucht saothair baile agus ar lucht saothair an Aontais amháin chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus scileanna atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo. De réir mheastacháin an Choimisiúin, meastar go dtiocfaidh laghdú suntasach ar dhaonra an Aontais. Ina theannta sin, meastar go dtiocfaidh laghdú níos mó fós ar líon na ndaoine atá in aois oibre. Dá bhrí sin, tá an imirce dhleathach ordúil ríthábhachtach chun na bearta sin a chomhlánú agus ní mór í a bheith mar chuid den réiteach chun cáilíocht na gcóras leasa shóisialta, iomaíochas agus fás eacnamaíoch marthanach san Aontas a áirithiú agus chun tacú go hiomlán leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.
(3)
Chun tarraingteacht an Aontais do thallann ó thríú tíortha a fheabhsú, earcaíocht chothrom idirnáisiúnta a éascú, ganntanais lucht saothair agus scileanna a shárú agus deiseanna a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tír oibriú i ngairmeacha ina bhfuil ganntanas lucht saothair ar fud an Aontais, ba cheart Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a bhunú. Ba cheart Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a bheith i bhfoirm ardán uile-Aontais lena dtugtar le chéile agus lena dtacaítear le meaitseáil próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas le folúntais fostóirí rannpháirteacha agus eintiteas rannpháirteach eile atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha. I rún uaithi an 25 Samhain 2021, d’iarr Parlaimint na hEorpa go mbunófaí Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus rinne sí moltaí don Choimisiún maidir le beartas agus dlí na himirce dleathaí (6).
(4)
Le Moladh (AE) 2020/1364 ón gCoimisiún (7), moltar do na Ballstáit conairí saothair comhlántacha a chur ar bun agus tacú leo siúd a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu. D’fhéadfadh Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh cabhrú freisin leis na conairí comhlántacha sin a chur i bhfeidhm.
(5)
Ba cheart é a bheith mar aidhm ag Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacú leis na Ballstáit rannpháirteacha aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus scileanna atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo trí náisiúnaigh tríú tír a earcú a mhéid nach leor gníomhachtú an lucht saothair baile agus na soghluaisteachta laistigh den Aontas chun an cuspóir sin a bhaint amach. Mar uirlis dheonach chun earcaíocht idirnáisiúnta a éascú, ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacaíocht bhreise a thairiscint ar leibhéal an Aontais do na Ballstáit a bhfuil suim acu ann. Chuige sin, ba cheart comhlántacht agus idir-inoibritheacht Ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh (‘an tArdán TF’) le tionscnaimh agus ardáin náisiúnta agus de chuid an Aontais atá ann cheana a áirithiú. Ba cheart riachtanais shonracha na mBallstát a chur san áireamh agus Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh á forbairt chun an rannpháirtíocht is forleithne is féidir a áirithiú. Dá bhrí sin, is téarma uilechuimsitheach é ‘tallann’ a thagraíonn don réimse iomlán scileanna agus inniúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó mhargaí saothair na mBallstát éagsúil.
(6)
I bhfianaise chineál deonach Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit rannpháirteacha tarraingt siar ó Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh freisin. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh (‘an Rúnaíocht’) go bhfuil sé beartaithe acu tarraingt siar ó Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Chun go mbeidh an Rúnaíocht agus na Ballstáit in ann na socruithe teicniúla agus praiticiúla uile is gá a dhéanamh don tarraingt siar sin chomh maith le cobhsaíocht agus intuarthacht leordhóthanach a áirithiú do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha, d’fhostóirí rannpháirteacha agus d’eintitis rannpháirteacha eile, ba cheart éifeacht a bheith ag an tarraingt siar 9 mí tar éis fógra a fháil go bhfuil sé beartaithe ag Ballstát tarraingt siar. Níor cheart aon fholúntas nua ó fhostóirí rannpháirteacha ná eintitis rannpháirteacha eile ón mBallstát lena mbaineann a chur ar fáil ar an Ardán TF ó dháta an fhógra sin.
(7)
Tá sé mar aidhm ag Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faisnéis a sholáthar do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus d’fhostóirí rannpháirteacha agus d’eintitis rannpháirteacha eile atá bunaithe go dleathach sna Ballstáit rannpháirteacha. Chun críocha an Rialacháin seo, measfar fostóir nó eintiteas eile a bheith bunaithe go dleathach i mBallstát i gcás ina saothraíonn sé fíorghníomhaíocht eacnamaíoch shubstaintiúil i gcomhréir le dlíthe agus ceanglais riaracháin náisiúnta an Bhallstáit sin. Ba cheart an coincheap ‘eintiteas rannpháirteach eile’ a bheith ag tagairt do ghníomhaireacht oibre sealadaí, gníomhaireacht phríobháideach fostaíochta nó idirghabhálaí i margadh an tsaothair. Tá an téarma ‘gníomhaireacht oibre sealadaí’ le tuiscint mar an téarma a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (b), de Threoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Tá an téarma ‘gníomhaireacht phríobháideach fostaíochta’ le tuiscint mar an téarma a shainmhínítear sa Choinbhinsiún maidir le gníomhaireachtaí príobháideacha fostaíochta, 1997 (Uimh. 181) de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS).
(8)
Cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha, meastar gur roghnaíodh iad le haghaidh folúntais i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh nuair a thairgtear fostaíocht dóibh a ligeann dóibh dul i mbun caidreamh fostaíochta sa Bhallstát rannpháirteach ina bhfuil an fostóir rannpháirteach nó an t-eintiteas rannpháirteach eile bunaithe go dleathach agus ina n-oibreoidh an cuardaitheoir poist de ghnáth.
(9)
Cuireann comhpháirtíochtaí láidre agus comhar déthaobhach le tríú tíortha le bainistiú éifeachtach na himirce. Is féidir an comhar a dhíriú ar thionchar dearfach na himirce a uasmhéadú agus ar na hiarmhairtí diúltacha do thíortha tionscnaimh náisiúnach tríú tír a laghdú, mar shampla an baol go mbeadh ‘imirce daoine oilte’ ann, mar shampla tríd an imirce chiorclach a éascú. Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacú freisin le cur chun feidhme Comhpháirtíochtaí Tallainne, socruithe déthaobhacha agus creataí náisiúnta maidir le forbairt agus bailíochtú scileanna i dtríú tír. Tá Comhpháirtíochtaí Tallainne ar cheann de na príomhghnéithe de ghné sheachtrach na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2020 i ndáil le Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann agus déantar na comhpháirtíochtaí Tallainne a oibríochtú i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 dar teideal ‘Scileanna agus tallanna a mhealladh chuig an Aontas Eorpach’. Ba cheart rannpháirtíocht Bhallstáit i gComhpháirtíocht Tallainne, socrú déthaobhach nó creat náisiúnta maidir le forbairt agus bailíochtú scileanna i dtríú tír a bheith gan dochar do chinneadh an Bhallstáit a bheith rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.
(10)
Chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht leordhóthanach d’údaráis na mBallstát i nGrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh (‘an Grúpa Stiúrtha’), ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha beirt ionadaithe an ceann a cheapadh; saineolaí amháin ó réimse na fostaíochta agus saineolaí amháin ó réimse na himirce. Moltar do na Ballstáit a áirithiú go dtacódh beirt chomhaltaí mhalartacha leis na hionadaithe sin, ar comhaltaí iad a bheadh in ann ionadaíocht a dhéanamh ar a son i gcás ina mbeidís as láthair. Ina theannta sin, ba cheart a áireamh sa Ghrúpa Stiúrtha beirt ionadaithe ón gCoimisiún agus seisear ionadaithe ó na heagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta tras-tionscail ar leibhéal an Aontais, agus ionadaíocht chomhionann ó eagraíochtaí ceardchumainn agus ó eagraíochtaí fostóirí. Ba cheart é a bheith indéanta freisin cuireadh a thabhairt do shaineolaí ó Pharlaimint na hEorpa. Ba cheart d’ionadaithe breise ón gCoimisiún a bheith in ann páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Ghrúpa Stiúrtha, más gá. Maidir le hionadaithe ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, eagraíochtaí idirnáisiúnta, tríú tíortha atá rannpháirteach i gComhpháirtíochtaí Tallainne, socruithe déthaobhacha nó creataí náisiúnta maidir le forbairt agus bailíochtú scileanna i dtríú tír agus páirtithe leasmhara ábhartha eile, ba cheart é a bheith indéanta freisin cuireadh a thabhairt dóibh siúd freastal ar chruinnithe an Ghrúpa Stiúrtha chun a dtuairimí a chur i láthair. D’fhéadfaí a áireamh ar na heagraíochtaí agus na páirtithe leasmhara sin, mar shampla, an tÚdarás Eorpach Saothair, an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna, an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú, an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna, EIS, an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.
(11)
Ba cheart an tArdán TF a fhorbairt trí úsáid a bhaint as bonneagar TF atá ann cheana agus atá faoi úinéireacht an Choimisiúin, a mhéid is féidir. D’fhéadfaí an bonneagar TF a forbraíodh faoi chuimsiú EURES a athúsáid i bpáirt le haghaidh an Ardáin TF, lena n-áirítear an cainéal comhordaithe aonair agus an uirlis mheaitseála uathoibrithe le hoiriúnuithe ábhartha. Tá sé tábhachtach go mbeadh nascleanúint iomasach i gceist leis an Ardán TF agus go mbeadh sé soláimhsithe, agus go mbeadh sé inrochtana go héasca ag daoine faoi mhíchumas, i gcomhréir le Treoracha (AE) 2016/2102 (9) agus (AE) 2019/882 (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(12)
Ba cheart sineirgí a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, idir an tArdán TF agus ionstraimí agus seirbhísí ábhartha eile ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear maidir le rochtain ar ábhair oiliúna, mar shampla na hábhair a chuireann Acadamh an Aontais agus an tAcadamh um Eoraip Idir-inoibritheach ar fáil. Ba cheart an tArdán TF a chur in oiriúint go tapa agus go rialta do chleachtais nua sa teicneolaíocht agus seirbhísí TF úrscothacha a sholáthar leis trí ghnéithe agus uirlisí nuálacha a thabhairt isteach. Chun na gcríoch sin, ba cheart don Choimisiún staidéar féidearthachta a dhéanamh ina ndéanfar measúnú ar an bhféidearthacht roinnt algartaim mheaitseála a chomhtháthú san Ardán TF. Sa staidéar féidearthachta sin, ba cheart don Choimisiún iniúchadh cuí a dhéanamh ar impleachtaí buiséadacha, rioscaí cosanta sonraí agus rioscaí maidir le comhlíonadh Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Ba cheart torthaí an staidéir féidearthachta a chur faoi bhráid an Ghrúpa Stiúrtha agus ba cheart iad a bheith mar bhonn eolais don phlé ar fhorbairtí amach anseo ar Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.
(13)
Ba cheart formáid na bpróifílí cuardaitheoirí poist ó thriú tíortha agus formáid na bhfolúntas a bhunú trí úsáid a bhaint as an Aicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (aicmiú ESCO) a d’fhorbair an Coimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), lena ndéantar foráil maidir le téarmaíocht chaighdeánaithe le haghaidh scileanna, inniúlachtaí, cáilíochtaí agus gairmeacha agus lena n-éascaítear a dtrédhearcacht. Ba cheart don aicmiú ESCO tacú le cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha, fostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile, agus Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh (‘na Pointí Teagmhála Náisiúnta’) trí fhaisnéis inchomparáide a sholáthar maidir le taithí oibre, gairmeacha a chumhdaítear le folúntas, chomh maith leis na scileanna a thairgeann na cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus a éilíonn na fostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile, agus ar an gcaoi sin próiseas meaitseála ar ardchaighdeán a chumasú. Luaitear i Moladh (AE) 2023/2611 ón gCoimisiún (13) gur cheart, le nósanna imeachta náisiúnta chun scileanna agus cáilíochtaí a aithint, béim a leagan ar thallann agus acmhainneacht iomlán duine. D’fhéadfaí gach cineál cáilíochta agus scileanna, mar shampla gairmoideachas agus gairmoiliúint, céimeanna, teastais shonracha (‘micridhintiúir’) chomh maith le scileanna agus inniúlachtaí a fhaightear i suíomhanna seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, a chur san áireamh. I gcás inarb infheidhme, ba cheart do na Pointí Teagmhála Náisiúnta úsáid a bhaint as formáid aicmithe ESCO chun folúntais a tharchur chuig an Ardán TF. Na Ballstáit sin nach nglacann aicmiú ESCO le haghaidh folúntais náisiúnta, ba cheart dóibh táblaí comhfhreagrais a tháirgeadh lena léirítear an idir-inoibritheacht idir an t-aicmiú a úsáidtear sna córais náisiúnta agus aicmiú ESCO. Ba cheart na táblaí sin a chur ar fáil don Choimisiún agus ba cheart iad a úsáid chun faisnéis maidir le folúntais nó próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thriú tíortha a thraschódú go huathoibríoch chun críche meaitseála uathoibrithe tríd an Ardán TF.
(14)
Ba cheart tascanna a shannadh don Rúnaíocht agus do na Pointí Teagmhála Náisiúnta chun feidhmeanna cuardaigh agus meaitseála an Ardáin TF a áirithiú. Ba cheart na cúraimí sin a mheas mar chúraimí a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail ar gá sonraí pearsanta a phróiseáil lena bhfeidhmiú, dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), agus Airteagal 5(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), faoi seach. Ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725.
(15)
Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta chun críche feidhmeanna cuardaigh agus meaitseála an Ardáin TF a fheidhmiú a theorannú do shonraí pearsanta atá riachtanach chun cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha, fostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile a shainaithint, chun cuardach agus meaitseáil ar an Ardán TF a chumasú agus chun sonraí a bhailiú chun feidhmiú Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a fheabhsú, nár cheart próiseáil aon chatagóirí speisialta sonraí pearsanta a bheith ag teastáil lena aghaidh dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1725.
(16)
Ba cheart an ceart a bheith ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha eagar a chur ar a gcuid sonraí pearsanta, iad a scriosadh nó an rochtain orthu a shrianadh, mar shampla, tríd an rochtain ar a gcuid sonraí teagmhála a shrianadh. Ba cheart próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha ar an Ardán TF a bhaint i gcás nach bhfuair na cuardaitheoirí poist lena mbaineann rochtain orthu ar feadh tréimhse bliana. Ba cheart fógra a thabhairt mí amháin sula mbainfí a bpróifílí, rud a thabharfadh am réasúnta do chuardaitheoirí poist gníomhú ina leith. Nuair a bhaintear na próifílí sin, ba cheart é a bheith indéanta leanúint de thacar teoranta sonraí anaithnidithe a stóráil ar an Ardán TF chun críocha taighde agus staidrimh, lena n-áirítear chun staidreamh Eorpach a tháirgeadh agus chun cáilíocht an staidrimh sin a áirithiú.
(17)
Gan dochar dá n-oibleagáid ábhair sonraí a chur ar an eolas maidir le próiseáil a sonraí pearsanta agus a gcearta mar ábhair sonraí i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagail 14 agus 15 de Rialachán (AE) 2018/1725, ba cheart don Rúnaíocht agus do na Pointí Teagmhála Náisiúnta na cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha, na fostóirí rannpháirteacha agus na heintitis rannpháirteacha eile a chur ar an eolas faoina gceart chun rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a shrianadh go teicniúil agus a cheangal, tráth ar bith, go ndéanfaí a sonraí pearsanta a scriosadh nó a mhodhnú.
(18)
Ba cheart le Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh rannchuidiú leis an gcuspóir an imirce neamhrialta a dhíspreagadh, lena n-áirítear trí rochtain ar bhealaí dlíthiúla atá ann cheana a éascú. Cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha atá faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin lena ndiúltaítear cead isteach nó fanacht i mBallstát nó atá faoi réir toirmeasc ar theacht isteach dá dtagraítear i dTreoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), níor cheart cead a bheith acu clárú ar an Ardán TF ós rud é nach gceadófaí dóibh teacht isteach nó fanacht san Aontas. Chuige sin, sula gcláróidh siad ar an Ardán TF, ba cheart a cheangal ar chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a dhearbhú nach bhfuil siad faoi réir cinneadh náisiúnta breithiúnach nó riaracháin faoi láthair lena ndiúltaítear cead isteach nó fanacht i mBallstát nó faoi réir toirmeasc ar theacht isteach dá dtagraítear i dTreoir 2008/115/CE. Ba cheart faisnéis a sholáthar ar an Ardán TF lena gcuirtear cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha ar an eolas go bhfuil toirmeasc ar iad a ligean isteach ar chríoch na mBallstát má tá siad faoi réir cinneadh nó toirmeasc ar theacht isteach den sórt sin agus, dá bhrí sin, nár cheart dóibh próifíl a chruthú ar an Ardán TF. Ba cheart faisnéis a sholáthar freisin faoi na hiarmhairtí a éiríonn as dearbhú bréagach a dhéanamh ina leith sin, go háirithe go mbainfí a bpróifílí den Ardán TF. D’fhéadfaí an t-eolas a nochtadh nach bhfuil náisiúnaigh tríú tír áirithe i dteideal dul isteach i limistéar Schengen nó fanacht ann nuair a dhéantar seiceálacha slándála riachtanacha i mbunachair sonraí ábhartha de chuid an Aontais agus náisiúnta, mar shampla Córas Faisnéise Schengen, mar chuid de nósanna imeachta inimirce na mBallstát. I gcásanna ina n-eisíonn an t-údarás náisiúnta inimirce cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas ar theacht isteach a rinne cuardaitheoir poist ó thríú tír, agus an cinneadh sin bunaithe ar chinneadh riaracháin lena ndiúltaítear cead isteach nó fanacht i mBallstát nó ar thoirmeasc ar theacht isteach dá dtagraítear i dTreoir 2008/115/CE, agus i gcás ina dtagann an t-údarás náisiúnta inimirce ar an eolas gur roghnaíodh an cuardaitheoir poist atá i gceist le haghaidh folúntais trí Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, ba cheart don údarás náisiúnta inimirce an fhaisnéis sin a tharchur chuig na Pointí Teagmhála Náisiúnta chun próifíl an chuardaitheora poist sin a bhaint den Ardán TF. Ba cheart faisnéis a bheith ar fáil ar an Ardán TF lena gcuirtear cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha ar an eolas nach ráthaítear le clárú i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh go ndearnadh na seiceálacha slándála riachtanacha mar chuid de nósanna imeachta inimirce náisiúnta.
(19)
Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh gach fostóir rannpháirteach agus gach eintiteas rannpháirteach eile dlí agus cleachtas ábhartha an Aontais agus an dlí agus an cleachtas ábhartha náisiúnta maidir le cosaint ar earcaíocht éagórach, dálaí oibre neamhleora, idirdhealú, cóir dhíobhálach agus gáinneáil ar dhaoine, is féidir leis na Ballstáit brath ar fhaisnéis atá ann cheana faoi fhostóirí agus eintitis eile neamhchomhlíontacha. Thairis sin, ba cheart do na Pointí Teagmhála Náisiúnta clárlann a choinneáil d’fhostóirí agus eintitis eile a eisiadh go buan ó Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh nó ar diúltaíodh dá rochtain ar Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh nó ar cuireadh ar fionraí í. Ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha a bheith in ann coinníollacha breise a thabhairt isteach freisin, i gcomhréir le dlí an Aontais, maidir le rannpháirtíocht na bhfostóirí agus na n-eintiteas eile i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le cleachtais náisiúnta ábhartha, comhaontuithe comhchoiteanna agus na prionsabail agus na treoirlínte arna leagan amach ag EIS. Ba cheart do na Pointí Teagmhála Náisiúnta a bheith in ann rochtain ar Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a dhiúltú. Chun críche trédhearcachta, ba cheart do na Pointí Teagmhála Náisiúnta clárlann na bhfostóirí rannpháirteacha agus na n-eintiteas rannpháirteach eile a chomhroinnt leis an nGrúpa Stiúrtha. Tá sé tábhachtach freisin go mbeidh na húdaráis inniúla náisiúnta in ann fostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile sna Ballstáit ar leith a shainaithint. Chun an tsainaithint sin a éascú agus chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart é a bheith indéanta clárlann na bhfostóirí rannpháirteacha agus na n-eintiteas rannpháirteach eile a chomhroinnt leis na húdaráis náisiúnta ábhartha. Chun an trédhearcacht a neartú a thuilleadh, ba cheart é a bheith indéanta clárlann na bhfostóirí rannpháirteacha agus na n-eintiteas rannpháirteach eile a chur ar fáil go poiblí do pháirtithe leasmhara eile lasmuigh den Ghrúpa Stiúrtha. D’fhéadfadh ceardchumainn, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus páirtithe leasmhara eile tairbhe a bhaint as an trédhearcacht sin freisin.
(20)
I gcás ina dtabharfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta fógra don Phointe Teagmhála Náisiúnta faoi shárú dlí agus cleachtais ábhartha arna dhéanamh ag fostóir rannpháirteach nó ag eintiteas rannpháirteach eile, ba cheart rochtain an fhostóra rannpháirtigh nó an eintitis rannpháirtigh eile ar Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur ar fionraí agus ba cheart a bhfolúntais a bhaint den Ardán TF. Ba cheart deireadh a chur leis an bhfionraí a luaithe a bheidh fógra tugtha ag na húdaráis inniúla náisiúnta don Phointe Teagmhála Náisiúnta gur leigheasadh sárú an dlí nó an chleachtais ábhartha.
(21)
Ba cheart do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha ar mian leo clárú ar an Ardán TF a bheith in ann próifíl a chruthú trí úsáid a bhaint as an bhfeidhmiúlacht tógálaí próifíle atá ag Europass, arna bunú le Cinneadh (AE) 2018/646 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), lena gcuirtear ar chumas úsáideoirí próifíl saor in aisce a chruthú agus scileanna, cáilíochtaí agus taithí ábhartha eile a thuairisciú in aon suíomh slán amháin ar líne. D’fhéadfaí nasc díreach a áireamh in uirlisí ábhartha eile atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chuig modúl CV an Ardáin TF.
(22)
I gcás inar gá, tugtar aitheantas do cháilíochtaí agus do bhailíochtú scileanna, cibé acu de bhua foghlaim fhoirmeálta, leathfhoirmeálta nó neamhfhoirmeálta nó taithí oibre, atá faighte ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha sna Ballstáit rannpháirteacha arna iarraidh sin don chuardaitheoir poist cláraithe ó thríú tír, don fhostóir rannpháirteach nó d’eintiteas rannpháirteach eile, i gcomhréir leis an dlí agus leis an gcleachtas náisiúnta, agus le haon chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear socruithe maidir le haitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla. Ba cheart faisnéis ar líne maidir le nósanna imeachta aitheantais agus bailíochtaithe atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta a bheith ar fáil ar an Ardán TF agus ba cheart faisnéis shonrach a sholáthar do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a roghnaíodh le haghaidh folúntas i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus d’fhostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile.
(23)
I gcomhthéacs na gComhpháirtíochtaí Tallainne, d’fhéadfadh náisiúnaigh tríú tíortha roghnaithe tacaíocht a fháil d’fhorbairt agus bailíochtú scileanna. D’fhéadfadh na scileanna a fhorbraítear nó a bhailíochtaítear faoi chuimsiú Comhpháirtíocht Tallainne a dheimhniú i gcomhréir leis na coinníollacha a chinnfidh na Ballstáit faoi chuimsiú na Comhpháirtíochta Tallainne ina bhfuil siad rannpháirteach.
(24)
Is féidir le cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha tacaíocht a fháil freisin trí shocruithe déthaobhacha agus trí chreataí náisiúnta maidir le forbairt agus bailíochtú scileanna i dtríú tír. Maidir le haitheantas a thabhairt do na cáilíochtaí agus bailíochtú na scileanna a fuarthas i dtríú tír i gcomhthéacs creat náisiúnta den sórt sin, tá feidhm ag reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit faoi seach.
(25)
Ba cheart do na Ballstáit atá rannpháirteach i gComhpháirtíocht Tallainne, nó a bhfuil socruithe déthaobhacha nó creataí náisiúnta i bhfeidhm acu maidir le scileanna a fhorbairt agus a bhailíochtú i dtríú tír, a bheith in ann brath ar Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun earcú a éascú i gcás cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha ar forbraíodh a scileanna agus a n-inniúlachtaí faoi chuimsiú na Comhpháirtíochta Tallainne, an tsocraithe nó an chreata Tallainne sin. Chuige sin, ba cheart na scileanna agus na hinniúlachtaí sin a bheith le feiceáil ar Ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh trí chead a thabhairt do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhain tairbhe as tacaíocht shonrach faoi chuimsiú Comhpháirtíocht Tallainne, socrú nó creat den sórt sin i dtríú tír na scileanna agus na hinniúlachtaí a forbraíodh inti a léiriú i ‘bratach’ (‘an Bhratach’) ar a bpróifílí. Beidh an Bhratach ina leid feiceálach don fhostóir gur ghlac an cuardaitheoir poist páirt i gComhpháirtíocht Tallainne, socrú nó creat den sórt sin. Ní dochar Bratach a bheith curtha ar phróifíl cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha do rialacha an Aontais agus do rialacha náisiúnta maidir le haitheantas a thabhairt do dhioplómaí agus do cháilíochtaí gairmiúla nó maidir le rochtain ar ghairmeacha rialáilte. Ní dochar an Bhratach do chearta iontrála agus cónaithe freisin.
(26)
Ba cheart don Rúnaíocht liosta na dtríú tíortha agus na mBallstát atá rannpháirteach i gComhpháirtíochtaí Tallainne a fhoilsiú ar an Ardán TF. Ina theannta sin, ba cheart don Rúnaíocht, bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit, liosta socruithe déthaobhacha agus creataí náisiúnta a fhoilsiú maidir le forbairt agus bailíochtú scileanna i dtríú tíortha, lena n-áirítear na tríú tíortha atá rannpháirteach sna socruithe agus sna creataí sin, agus faisnéis faoi thacaíocht shonrach a sholáthraítear sa chomhthéacs sin.
(27)
Ba cheart d’fhostóirí rannpháirteacha agus d’eintitis rannpháirteacha eile a bheith in ann scagadh a dhéanamh ar phróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a chuir faisnéis ar fáil sa Bhratach lena léirítear gur bhain siad tairbhe as tacaíocht shonrach faoi chuimsiú Comhpháirtíocht Tallainne, socrú déthaobhach nó creat náisiúnta maidir le scileanna a fhorbairt agus a bhailíochtú i dtríú tír. D’fhéadfadh sé sin fostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile a spreagadh chun socrúchán fostaíochta a thairiscint san Aontas.
(28)
Le gach gníomhaíocht a dhéantar i gcomhthéacs Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, ba cheart urraim a thabhairt don cheart chun cóir chothrom chomhionann a fháil i ndáil le dálaí oibre, pá íosta, rochtain ar chosaint shóisialta, oiliúint agus le cosaint daoine óga ag an obair. Chomh maith leis sin, i gcomhréir le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh fostaíocht ardcháilíochta agus iomaíocht chóir a áirithiú. Thairis sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh rochtain ag cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha ar chomhlachtaí comhionannais i gcomhréir le Treoir (AE) 2024/1500 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus Treoir (AE) 2024/1499 ón gComhairle (19), i gcás inarb infheidhme.
(29)
Leagann EIS amach ina phrionsabail ghinearálta agus treoirlínte oibríochtúla maidir le hearcaíocht chóir roinnt caighdeán maidir le cosaint leordhóthanach cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha i gcoinne earcaíocht éagórach. Ba cheart d’fhostóirí agus d’eintitis eile atá nó a bhí rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh dlí agus cleachtas infheidhme an Aontais a chomhlíonadh. Ina theannta sin, ba cheart do na fostóirí rannpháirteacha agus d’eintitis rannpháirteacha eile cóir chomhionann a áirithiú idir cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus náisiúnaigh na mBallstát rannpháirteach i gcomhréir le Treoracha 2011/98/AE (20), 2014/36/AE (21), (AE) 2016/801 (22) , (AE) 2021/1883 (23) agus (AE) 2024/1233 (24) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), tá fostóirí le faisnéis i scríbhinn a chur ar fáil d’oibrithe maidir lena gcearta agus lena n-oibleagáidí a eascraíonn as an gcaidreamh fostaíochta ag tús na fostaíochta. Ba cheart gnéithe riachtanacha an chaidrimh fostaíochta a áireamh san fhaisnéis sin, amhail an áit oibre agus an cineál oibre, fad na fostaíochta, an luach saothair, na huaireanta oibre, méid aon saoire le pá agus, i gcás inarb infheidhme, dálaí oibre ábhartha eile. Ina theannta sin, i gcomhréir le Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), tá ar fhostóirí an fhaisnéis is gá a sholáthar do chuardaitheoirí poist chun caibidlíocht eolasach thrédhearcach a áirithiú maidir le pá. Níor cheart d’fhostóirí rannpháirteacha ná d’eintitis rannpháirteacha eile aon táillí ná costais neamhnochta a ghearradh ná toirmeasc a chur ar chuardaitheoir poist ó thríú tír glacadh le post le fostóirí eile lasmuigh den chlár oibre a chuirtear ar bun leis an bhfostóir sin, ná níor cheart dóibh caitheamh go díobhálach le duine den sórt sin má dhéanann sé nó sí amhlaidh. Tá ar fhostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile Treoracha 96/71/CE (27) agus (AE) 2020/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) a chomhlíonadh i ngach cás agus oibrithe á bpostú acu faoi chuimsiú soláthair seirbhísí, go háirithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta a bhunaítear sna Treoracha sin. Tá ar fhostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile na ceanglais a éiríonn as cásdlí ábhartha na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh freisin, go háirithe an breithiúnas uaithí i gCás C-43/93 (29), mar shampla an ceanglas nach féidir náisiúnaigh tríú tír a phostú chuig Ballstát mura bhfuil sé fostaithe go dlíthiúil agus go gnáthúil sa Bhallstát inár bunaíodh an gnóthas a rinne an postú. Tá ar fhostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile dlí ábhartha an Bhallstáit óstach a chomhlíonadh freisin.
(30)
Fostóirí nó eintitis eile a eisiadh go buan ón Ardán TF, nó dár diúltaíodh a rochtain ar an Ardán TF nó ar cuireadh a rochtain ar fionraí, níor cheart dóibh a bheith in ann úsáid a bhaint as an Ardán TF, lena n-áirítear trí eintitis rannpháirteacha eile. Ba cheart do na Pointí Teagmhála Náisiúnta a áirithiú nach gcuirfear folúntais na bhfostóirí nó na n-eintiteas eile sin ar fáil ar an Ardán TF. Sula gcuirfear folúntas ar fáil, ba cheart do na Pointí Teagmhála Náisiúnta a sheiceáil nach bhfuil an fostóir nó an t-eintiteas eile ar spéis leis a bheith rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh taifeadta i gclárlann na bhfostóirí nó na n-eintiteas eile atá eisiata go buan ón Ardán TF nó dár diúltaíodh a rochtain ar an Ardán TF nó ar cuireadh a rochtain ar an Ardán TF ar fionraí, chun a áirithiú nach n-úsáidfidh na fostóirí nó na heintitis eile sin an tArdán TF. Agus na seiceálacha sin á ndéanamh acu, ba cheart do na Pointí Teagmhála Náisiúnta a bheith in ann brath freisin ar fhaisnéis atá ann cheana maidir le fostóirí neamhchomhlíontacha agus eintitis eile i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta. D’fhéadfaí a áireamh san fhaisnéis sin freisin liostaí arna mbunú i gcomhréir le Treoracha 2009/52/CE (30) agus 2011/36/AE (31) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Le seiceálacha den sórt sin a dhéantar ar bhonn na faisnéise atá ann cheana faoi fhostóirí agus eintitis neamhchomhlíontacha eile sna Ballstáit, d’fhéadfaí rannchuidiú le héifeachtacht na modhanna lena ndiúltaítear rochtain ar Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, ón gcéad lá de rannpháirtíocht Bhallstáit, d’fhostóirí agus d’eintitis eile a sháraigh dlí nó cleachtas ábhartha an Aontais nó an dlí agus an cleachtas ábhartha náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, maidir le heintitis rannpháirteacha eile a bhfuil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a n-oibleagáidí díchill chuí comhlíonta acu maidir le dlí agus cleachtas ábhartha an Aontais agus an dlí agus cleachtas ábhartha náisiúnta a bheith á gcomhlíonadh ag fostóirí rannpháirteacha maidir le cosaint ar earcaíocht éagórach, dálaí oibre neamhleora, idirdhealú, cóir dhíobhálach agus gáinneáil ar dhaoine, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nár cheart na heintitis rannpháirteacha eile sin a eisiamh ón Ardán TF ná níor cheart diúltú dá rochtain ar an Ardán TF ná í a chur ar fionraí i gcás ina sáraíonn fostóir rannpháirteach dlí nó cleachtas ábhartha an Aontais nó an dlí nó an cleachtas ábhartha náisiúnta.
(31)
Ba cheart don Rúnaíocht Líonra na bPointí Teagmhála Náisiúnta atá comhdhéanta de na Pointí Teagmhála Náisiúnta ó gach Ballstát rannpháirteach a thabhairt le chéile go rialta. Ba cheart do Líonra na bPointí Teagmhála Náisiúnta feidhmiú mar bhealach trínar féidir leis na Pointí Teagmhála Náisiúnta faisnéis agus dea-chleachtais maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a mhalartú, mar shampla faisnéis agus dea-chleachtais maidir le cleachtais na bPointí Teagmhála Náisiúnta agus iad ag déileáil le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí nó na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo ag fostóirí rannpháirteacha agus ag eintitis rannpháirteacha eile.
(32)
Chun meaitseáil ar ardchaighdeán a áirithiú, ba cheart d’fhostóirí rannpháirteacha agus d’eintitis rannpháirteacha eile a bheith in ann rochtain a fháil ar liosta de phróifílí molta de chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ba cheart cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a bheith in ann rochtain a fháil ar liosta d’fholúntais mholta. Ba cheart na liostaí sin, arna nginiúint ag uirlis mheaitseála uathoibrithe an Ardáin TF, a bheith bunaithe ar ábharthacht scileanna, cháilíochtaí agus ar thaithí oibre na gcuardaitheoirí poist ó thríú tíortha don fholúntas. Ba cheart do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bheith in ann a léiriú freisin cé acu na Ballstáit inarbh fhearr leo a bheith ag obair, agus cathain a bheidh siad ar fáil chun tús a chur leis an obair. Níor cheart faisnéis faoi rogha Ballstát an chuardaitheora poist a úsáid chun críche meaitseála.
(33)
Tá sé tábhachtach go mbeidh sé d’aidhm ag fostóirí rannpháirteacha agus ag eintitis rannpháirteacha eile a áirithiú go roghnófar iarrthóirí go críochnúil, go ndéanfar measúnú tosaigh ar a bpróifílí, lena n-áirítear ar a gcáilíochtaí, agus go ndéanfar meastóireacht ar a n-oiriúnacht don phost, i gcomhréir le prionsabail na hearcaíochta córa.
(34)
Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh freastal ar riachtanais sheanbhunaithe mhargadh an tsaothair agus níor cheart dó feidhmiú mar bhealach chun an lucht saothair atá ann cheana a chur as áit nó chun tionchar diúltach a imirt air nó chun an bonn a bhaint d’obair chuibhiúil nó d’iomaíocht chóir ar shlí eile. Chun tacú níos fearr le hiarrachtaí na mBallstát chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus scileanna atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo agus chun an t-iomaíochas a fheabhsú, ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh díriú ar ghairmeacha sonracha ar leibhéal scileanna ábhartha, bunaithe ar na gairmeacha is coitianta ina bhfuil ganntanas oibrithe san Aontas agus ar na gairmeacha a rannchuidíonn go díreach leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, ar gairmeacha iad a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Chun na folúntais a oiriúnú do riachtanais shonracha na margaí saothair náisiúnta agus do bheartais náisiúnta imirce agus liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais á ghlacadh acu mar phointe tosaigh, ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha a bheith in ann fógra a thabhairt don Rúnaíocht faoi ghairmeacha sonracha ina bhfuil ganntanas oibrithe atá le cur leis an liosta sin nó atá le baint de. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann na coigeartuithe cuí ar liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais a chinneadh ionas go mbeidh an liosta sin comhfhreagrach do riachtanais shonracha mhargadh an tsaothair ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach. I gcás riachtanais shonracha réigiúnacha i margadh an tsaothair, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh go mbeidh an Pointe Teagmhála Náisiúnta freagrach as na folúntais a scagadh ionas go gcomhfhreagróidh siad don ghné chríochach ábhartha nuair a chuirfear ar fáil iad ar an Ardán TF. Níor cheart tionchar a bheith ag na fógraí sin ach ar na meaitseálacha le haghaidh folúntais a thíolacfaidh an Ballstát faoi seach. Tá sé tábhachtach nach ndéanfadh an liosta de ghairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais ná fógraí na mBallstát difear do phrionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais agus, i gcás inarb infheidhme faoin dlí náisiúnta, don scrúdú ar staid mhargadh an tsaothair.
(35)
Chun earcaíocht chothrom a chur chun cinn agus trédhearcacht a neartú do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus d’fhostóirí ar mian leo fostaithe a earcú ó thríú tíortha, ba cheart don Rúnaíocht, le tacaíocht ó na Pointí Teagmhála Náisiúnta agus ón nGrúpa Stiúrtha, a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a bhaineann le Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus lena feidhmiú inrochtana go héasca do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus d’fhostóirí, agus d’eintitis eile ar spéis leo a bheith rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), go háirithe maidir le faisnéis faoi na húdaráis inniúla sna Ballstáit rannpháirteacha. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin na coinníollacha, na hoibleagáidí agus na nósanna imeachta a mhéid a bhaineann le clárú agus rannpháirtíocht i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus ba cheart béim a leagan ar a húsáid a bheith saor in aisce. Ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha faisnéis a thabhairt don Rúnaíocht faoi na cineálacha eintiteas a bhfuil cead acu folúntais a chur ar fáil ar an Ardán TF sa Bhallstát lena mbaineann. Ba cheart don Rúnaíocht an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar an Ardán TF.
(36)
Chun earcaíocht chothrom a chur chun cinn agus trédhearcacht i leith cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a neartú, ba cheart don Rúnaíocht, le tacaíocht ó na Pointí Teagmhála Náisiúnta, a áirithiú go mbeidh faisnéis atá ar fáil ar an Ardán TF inrochtana go héasca. Ba cheart a chumhdach leis an bhfaisnéis sin nósanna imeachta fostaíochta agus inimirce, aitheantas do cháilíochtaí agus bailíochtú scileanna, ceart agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír, dálaí maireachtála agus oibre, sásraí gearán agus sásaimh atá ann cheana i gcás dúshaothrú lucht oibre agus cleachtais earcaíochta éagóracha, chomh maith le bearta tacaíochta atá ar fáil i gcomhthéacs conairí saothair comhlántacha do chuardaitheoirí poist a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas. Ba cheart do na Pointí Teagmhála Náisiúnta an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil don Rúnaíocht lena foilsiú ar an Ardán TF. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta a bheith in ann tagairt a dhéanamh freisin d’fhoinsí faisnéise atá ann cheana ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta. Tá sé tábhachtach go ndéanfadh an Rúnaíocht, i gcomhar le toscaireachtaí an Aontais, feasacht an phobail a mhúscailt ó thaobh Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a bheith ann, a cuspóirí agus a feidhmiú trí ghníomhaíochtaí cumarsáide agus feachtais faisnéise a chur ar bun, i gcás inar féidir agus faoi réir na n-acmhainní atá ar fáil. Chun a áirithiú go n-éireoidh leis na feachtais chumarsáide sin, tá sé tábhachtach freisin go dtabharfaidh na Pointí Teagmhála Náisiúnta tacaíocht don Rúnaíocht an fhaisnéis ábhartha a scaipeadh sna Ballstáit rannpháirteacha.
(37)
Tá sé tábhachtach go gcuirfear an fhaisnéis a sholáthraítear ar an Ardán TF ar fáil i dteangacha oifigiúla na mBallstát rannpháirteach ar a laghad. Féadfaidh an Rúnaíocht scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht sásraí a chomhtháthú chun ábhar a aistriú go huathoibríoch i dteangacha eile ar an Ardán TF.
(38)
Tá sé tábhachtach go dtacóidh toscaireachtaí an Aontais le soláthar faisnéise do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha maidir le Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus maidir lena feidhmiú agus maidir leis na Ballstáit atá rannpháirteach inti.
(39)
Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh go bhfuil a seirbhísí fostaíochta poiblí mar chuid dá bPointí Teagmhála Náisiúnta agus go bhfuil siad freagrach as folúntais a chur ar fáil ar an Ardán TF tríd an gcainéal comhordaithe aonair. I gcás ina bhfoilsítear folúntas ar Thairseach EURES, ba cheart na Pointí Teagmhála Náisiúnta a bheith in ann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, folúntas den sórt sin a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha ar an Ardán TF arna iarraidh sin d’fhostóir nó d’eintiteas eile ar spéis leis a bheith rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.
(40)
Níor cheart Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a úsáid ar mhaithe le hoiliúnaithe nó printísigh a earcú. Mar sin, agus folúntais á gcur ar fáil ar an Ardán TF, níor cheart do na Pointí Teagmhála Náisiúnta folúntais a bhaineann le printísigh ná tréimhsí oiliúna a tharchur.
(41)
Ba cheart do na Pointí Teagmhála Náisiúnta faisnéis shonrach a thabhairt do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a roghnaíodh le haghaidh folúntais, d’fhostóirí rannpháirteacha agus d’eintitis rannpháirteacha eile. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis shonrach sin faisnéis faoi víosaí ábhartha agus ceadanna cónaithe chun críoch oibre sa Bhallstát rannpháirteach lena n-áirítear maidir le cearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír, mar shampla, rochtain ar shochair shóisialta, cúnamh sláinte, oideachas agus tithíocht. Ba cheart faisnéis shonrach a sholáthar freisin maidir le nósanna imeachta athaontaithe teaghlaigh, cearta ball teaghlaigh agus bearta atá ann cheana chun comhtháthú a éascú sa Bhallstát óstach, ar nós cúrsaí teanga agus gairmoiliúint. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis shonrach sin freisin sásraí gearán agus sásaimh atá ann cheana maidir le cásanna dúshaothraithe lucht oibre nó cleachtais earcaíochta éagóracha sna Ballstáit rannpháirteacha. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar i dteanga shoiléir shimplí, agus ba cheart a áireamh inti, go háirithe, sonraí teagmhála na n-údarás inniúil i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, sonraí teagmhála na n-eagraíochtaí a thairgeann tacaíocht agus cúnamh iar-earcaíochta do náisiúnaigh tríú tír. Ba cheart do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tír a roghnaíodh le haghaidh folúntais trí Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus atá incháilithe le bheith rannpháirteach i gconair saothair chomhlántach dóibh siúd a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu sa Bhallstát sin, ba cheart dóibh faisnéis shonrach a fháil ón bPointe Teagmhála Náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear faisnéis maidir le doiciméad taistil agus tacaíocht chomhtháthaithe a fháil ar theacht isteach dóibh. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta faisnéis a sholáthar d’fhostóirí rannpháirteacha agus d’eintitis rannpháirteacha eile maidir lena gcearta agus lena n-oibleagáidí a bhaineann le slándáil shóisialta, le bearta gníomhacha maidir le margadh an tsaothair, le cánachas, le saincheisteanna a bhaineann le conarthaí oibre, le teidlíochtaí pinsin agus le hárachas sláinte.
(42)
Ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta gearáin maidir le fostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile a sháraíonn dlí agus cleachtas ábhartha an Aontais agus an dlí agus an cleachtas náisiúnta ábhartha a láimhseáil trí shásraí gearán atá ann cheana i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta. Ba cheart do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bheith in ann sáruithe a thuairisciú do na Pointí Teagmhála Náisiúnta freisin. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta na tuarascálacha sin a chur ar aghaidh chuig na húdaráis inniúla ábhartha.
(43)
Chun trédhearcacht agus intuarthacht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a áirithiú, ba cheart don Rúnaíocht, le tacaíocht ó na Pointí Teagmhála Náisiúnta, faisnéis a sholáthar ar an Ardán TF faoi na Ballstáit a thug fógra go bhfuil sé beartaithe acu tarraingt siar ó Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí ar an Ardán TF gan mhoill tar éis fógra a thabhairt faoi tharraingt siar, agus tréimhse ama réasúnta roimh ré sula mbainfear na folúntais lena mbaineann den Ardán TF. I gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta, ba cheart do na Pointí Teagmhála Náisiúnta na fostóirí rannpháirteacha agus na heintitis rannpháirteacha eile atá bunaithe ina mBallstát a chur ar an eolas freisin go mbainfear a bhfolúntais den Ardán TF.
(44)
Ba cheart do na Pointí Teagmhála Náisiúnta faisnéis shonrach a sholáthar do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a roghnaíodh le haghaidh folúntais trí Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear trí thagairt a dhéanamh d’fhoinsí atá ann cheana. Ina theannta sin, ba cheart do na Pointí Teagmhála Náisiúnta a bheith in ann faisnéis a sholáthar ar bhealach uathoibrithe agus caighdeánaithe, lena n-áirítear tagairt a dhéanamh do na foinsí iomchuí faisnéise nó do na húdaráis inniúla. I gcás inarb ábhartha, féadfaidh Pointí Teagmhála Náisiúnta brath freisin ar údaráis inniúla náisiúnta eile chun cúraimí atá leagtha amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh.
(45)
Ba cheart a áireamh san fhaisnéis shonrach a sholáthraítear do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a roghnaíodh le haghaidh folúntais agus d’fhostóirí rannpháirteacha agus d’eintitis rannpháirteacha eile faisnéis shoiléir, mhionsonraithe agus chuimsitheach faoi chéimeanna ábhartha na nósanna imeachta atá le déanamh chun cead cónaithe agus oibre a fháil sa Bhallstát ábhartha. Chun na críche sin, ba cheart faisnéis faoi na ceanglais is infheidhme agus an doiciméadacht ábhartha atá le cur faoi bhráid na n-údarás inniúil náisiúnta a áireamh san fhaisnéis sin freisin, lena n-áirítear sonraí teagmhála na n-údarás inniúil ábhartha, i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta agus ag brath ar na bealaí atá i bhfeidhm cheana chun teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis inniúla ábhartha. Ba cheart do na Pointí Teagmhála Náisiúnta an fhaisnéis a sholáthraítear a thabhairt cothrom le dáta go rialta, agus aiseolas arna sholáthar ag úsáideoirí an Ardáin TF á chur san áireamh. D’fhéadfaí na roghanna éagsúla atá ann chun faisnéis chaighdeánaithe agus uathoibrithe shonrach a sholáthar a phlé i Líonra na bPointí Teagmhála Náisiúnta.
(46)
Is é an príomhchuspóir a bhaineann le Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacú le fostóirí rannpháirteacha agus le heintitis rannpháirteacha eile chun a bhfolúntais a fhógairt agus a líonadh. Dá bhrí sin, ba cheart don Rúnaíocht faisnéis shoiléir a sholáthar ar an Ardán TF lena léirítear nach ráthaítear le clárú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ná leis an roghnú le haghaidh folúntais tríd an Ardán TF go n-eiseoidh an Ballstát rannpháirteach ina bhfuil an fostóir rannpháirteach nó an t-eintiteas rannpháirteach eile bunaithe cead oibre, víosa nó cead cónaithe.
(47)
Leis an Rialachán seo ní dhéantar difear do cheart na mBallstát líon na náisiúnach tríú tír atá á ligean isteach a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 79(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
(48)
Chun go mbeidh sé níos éasca agus níos tapúla ar fhostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas a earcú, ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha a bheith in ann nósanna imeachta inimirce agus aitheantais simplithe nó brostaithe a chur i bhfeidhm. Ba cheart a bheith in ann a chumhdach leis na nósanna imeachta náisiúnta sin, go háirithe, eisiúint víosaí agus ceadanna cónaithe chun críoch oibre, an díolúine ó phrionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais, na riachtanais maidir le staid mhargadh an tsaothair a mheas, agus aitheantas do cháilíochtaí agus bailíochtú scileanna, chomh maith leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 13(2) de Threoir (AE) 2021/1883 agus an fhéidearthacht gan síneadh a chur leis an tréimhse chun measúnú a dhéanamh ar an iarratas ar chead aonair mar a bheartaítear in Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2024/1233. D’fhéadfaí cleachtais maidir le cur chun feidhme na nósanna imeachta inimirce brostaithe sin sna Ballstáit a mhalartú i gcomhthéacs an Ghrúpa Stiúrtha.
(49)
Chun rialacha soghluaisteachta córa a áirithiú, agus aon saincheisteanna sonracha a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch na n-eintiteas rannpháirteach eile á gcur san áireamh, is féidir leis na Ballstáit socruithe sonracha a eagrú chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht na n-eintiteas rannpháirteach eile, arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó más gá, agus seirbhísí cigireachta a eagrú más gá, i ndáil le faireachán a dhéanamh ar oibrithe ó thríú tíortha atá i láthair ar a gcríocha.
(50)
Chun cuspóir an Rialacháin seo a chomhlíonadh maidir le hearcaíocht chóir idirnáisiúnta a éascú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a leasú maidir leis an Iarscríbhinn ina soláthraítear liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanais ar fud an Aontais. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (32). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(51)
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33).
(52)
Ós rud e nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon ardán uile-Aontais a bhunú arb é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair ar leibhéal an Aontais trí earcú náisiúnach tríú tír chun oibriú i ngairmeacha ina bhfuil ganntanas lucht saothair ar fud an Aontais a éascú, a ghnóthú go leordhóthanach i ngeall ar an easpa bealaí éifeachtacha agus an infheictheacht theoranta ar an leibhéal domhanda, agus, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(53)
Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear araon sa Chairt, lena n-áirítear an ceart chun cómhargála agus chun caingne, prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar bhonn gnéis, cine, datha, tionscnamh eitneach nó sóisialta, gnéithe géiniteacha, teanga, reiligiúin nó creidimh, tuairim pholaitiúil nó tuairim eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoine, breithe, míchumais, aoise nó gnéaschlaonta, an ceart chun dálaí oibre cothroma agus córa, cosaint daoine óga ag an obair agus prionsabal an chomhionannais idir mná agus fir, i gcomhréir le hAirteagal 6 CAE.
(54)
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
(55)
I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn, le litir dar dáta an 5 Márta 2024, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo .
(56)
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim uaidh an 9 Eanáir 2024,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
1. Bunaítear leis an Rialachán seo Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, a bhfuil teacht ag na Ballstáit uile air, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
éascú a dhéanamh ar earcú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas agus a bhfuil na scileanna ábhartha agus an leibhéal ábhartha cáilíochtaí acu chun tabhairt faoi ghairmeacha ina bhfuil ganntanas lucht saothair san Aontas;
(b)
caighdeáin earcaíochta chothroma a chur chun cinn;
(c)
feabhas a chur ar chumas an Aontais tallann a mhealladh ó lasmuigh den Aontas.
2. Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na húdaráis atá freagrach as bainistiú agus feidhmiú Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus an comhar idir údaráis den sórt sin;
(b)
feidhmiú an Ardáin TF agus soláthar faisnéise;
(c)
na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le rannpháirtíocht cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, agus rannpháirtíocht fostóirí agus eintiteas eile inti;
(d)
éascú a dhéanamh ar earcú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhain tairbhe as tacaíocht shonrach faoi chuimsiú Comhpháirtíocht Tallainne, socrú déthaobhach nó creat náisiúnta maidir le forbairt agus bailíochtú scileanna i dtríú tír;
(e)
cearta cuardaitheoirí poist, fostóirí rannpháirteacha agus eintiteas rannpháirteach eile a chosaint chun críocha an Rialacháin seo.
Airteagal 2
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas agus maidir le fostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha.
Airteagal 3
Rannpháirtíocht agus tarraingt siar Ballstát
1. Féadfaidh aon Bhallstát a chinneadh, tráth ar bith, a bheith rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Tabharfaidh sé fógra don Rúnaíocht go bhfuil sé beartaithe aige a bheith rannpháirteach 9 mí ar a dhéanaí roimh an dáta óna bhfuil sé beartaithe aige a bheith rannpháirteach agus léireoidh sé na cineálacha eintitis a gceadófar dóibh folúntais a chur ar fáil ar an Ardán TF.
Ón gcéad lá rannpháirtíochta, féadfar folúntais fostóirí agus eintiteas eile atá bunaithe sa Bhallstát sin a chur ar fáil ar an Ardán TF.
Cuirfidh an Rúnaíocht faisnéis maidir leis na Ballstáit rannpháirteacha ar fáil ar an Ardán TF.
2. Féadfaidh Ballstát rannpháirteach tarraingt siar ó Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Na Ballstáit rannpháirteacha sin a bhfuil sé beartaithe acu tarraingt siar ó Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, tabharfaidh siad fógra faoi don Rúnaíocht. Is i mí an Mheithimh nó i mí na Nollag a thabharfar fógraí faoi tharraingt siar.
Gabhfaidh éifeacht leis an tarraingt siar 9 mí tar éis an fhógra.
Ón dáta a thabharfar an fógra, ní chuirfear aon fholúntais nua de chuid na bhfostóirí rannpháirteacha ná na n-eintiteas rannpháirteach eile atá bunaithe sa Bhallstát a thug fógra faoina rún tarraingt siar ó Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar an Ardán TF. Déanfar folúntais atá ar fáil cheana ar an Ardán TF a bhaint ón dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an tarraingt siar.
Mar thoradh ar tharraingt siar Ballstáit sa chéad 2 bhliain dá rannpháirtíocht i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, déanfar glanchealú nó glan-aisghabháil ar gach cistiú ábhartha ón Aontas arna sholáthar don Bhallstát suas go dtí an dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an tarraingt siar. Mar thoradh ar tharraingt siar Ballstáit tar éis an dara bliain dá rannpháirtíocht, déanfar glanchealú nó glan-aisghabháil ar aon chistiú ábhartha ón Aontas a soláthraíodh cheana don Bhallstát, ar cistiú é a fhreagraíonn don tréimhse i ndiaidh an dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an tarraingt siar.
Cuirfidh an Rúnaíocht, le tacaíocht ó na Pointí Teagmhála Náisiúnta, faisnéis ar fáil gan mhoill ar an Ardán TF maidir leis na Ballstáit a thug fógra go bhfuil sé beartaithe acu tarraingt siar ó Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘Ballstát rannpháirteach’ Ballstát atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh;
(2)
ciallaíonn ‘cuardaitheoir poist ó thríú tír’ duine nádúrtha a bhfuil cónaí air nó uirthi lasmuigh den Aontas, a bhfuil, de réir dhlí nó chleachtas náisiúnta an Bhallstáit rannpháirtigh ábhartha, lán-aois bainte amach aige nó aici, agus nach saoránach den Aontas é nó í de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE agus atá ag lorg fostaíochta san Aontas;
(3)
ciallaíonn ‘cuardaitheoir poist cláraithe ó thríú tír’ cuardaitheoir poist ó thríú tír a chláraigh ar an Ardán TF i gcomhréir le hAirteagal 11;
(4)
ciallaíonn ‘fostóir rannpháirteach’ fostóir atá bunaithe go dleathach i mBallstát rannpháirteach agus a bhfuil a fholúntais ar fáil ar an Ardán TF arna dtarchur ag Pointe Teagmhála Náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an fostóir sin bunaithe;
(5)
ciallaíonn ‘eintiteas rannpháirteach eile’ gníomhaireacht oibre sealadaí, gníomhaireacht phríobháideach fostaíochta nó idirghabhálaí i margadh an tsaothair a bhfuil a fholúntais ar fáil ar an Ardán TF arna dtarchur ag Pointe Teagmhála Náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas rannpháirteach eile sin bunaithe go dleathach;
(6)
ciallaíonn ‘próifíl’ an fhaisnéis a sholáthraíonn cuardaitheoir poist ó thríú tír i bhformáid chaighdeánach sonraí chun fostaíocht a lorg tríd an Ardán TF;
(7)
ciallaíonn ‘cainéal comhordaithe aonair’ an tseirbhís TF lena ndéantar folúntais a tharchur ó na Ballstáit rannpháirteacha chuig an Ardán TF i gcomhréir le córas aonfhoirmeach agus an bonneagar teicniúil is gá á úsáid;
(8)
ciallaíonn ‘folúntas’ post ar íocaíocht a ligfeadh don chuardaitheoir poist ó thríú tír a roghnaíodh dul i mbun caidreamh fostaíochta sa Bhallstát rannpháirteach ina bhfuil an fostóir rannpháirteach nó an t-eintiteas rannpháirteach eile bunaithe agus ina n-oibreoidh an cuardaitheoir poist ó thríú tír de ghnáth.
CAIBIDIL II
OLLSTRUCHTÚR AN CHÓRAIS TF
Airteagal 5
Ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh
1. Bunaítear Ardán TF chun earcú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a éascú.
2. Beidh an tArdán TF comhdhéanta den mhéid seo a leanas:
(a)
an cainéal comhordaithe aonair lena gcumasaítear do na Ballstáit rannpháirteacha folúntais a tharchur chuig bunachar sonraí an Ardáin TF;
(b)
an bonneagar teicniúil lena gcumasaítear don Ardán TF folúntais a fháil ó na Ballstáit rannpháirteacha;
(c)
an bonneagar teicniúil lena ndéantar próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a bhailiú agus a stóráil;
(d)
an bonneagar teicniúil chun a chur ar chumas na bPointí Teagmhála Náisiúnta, na bhfostóirí rannpháirteacha agus na n-eintiteas rannpháirteach eile cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a chuardach agus chun a chur ar chumas cuardaitheoirí poist den sórt sin folúntais a chuardach;
(e)
an uirlis mheaitseála uathoibrithe;
(f)
an cainéal cumarsáide slán lena gcuirfear ar chumas cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus fostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile cumarsáid a dhéanamh ar an Ardán TF agus doiciméid a uaslódáil chuige.
3. Rialófar feidhmiú na huirlise meaitseála uathoibríche le prionsabail an neamh-idirdhealaithe, na dlíthiúlachta agus na cothroime, agus ní bheidh claontachtaí ná cleachtais éagóracha arna dtoirmeasc faoi dhlí an Aontais ann mar thoradh air.
4. Déanfaidh an Rúnaíocht staidéar féidearthachta laistigh de 2 bhliain tar éis sheoladh an Ardáin TF, ina ndéanfar measúnú ar an bhféidearthacht roinnt algartaim mheaitseála a chomhtháthú san Ardán TF.
5. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na caighdeáin theicniúla is gá maidir le malartú sonraí, formáidí sonraí lena n-áirítear an tAicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (ESCO), formáidí folúntas, agus Airteagal 13(4), (5) agus (6) á gcur san áireamh, agus formáidí próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha, agus Airteagail 6, 11 agus 12 á gcur san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
6. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha agus an Rúnaíocht idir-inoibritheacht theicniúil idir córais náisiúnta agus an tArdán TF. Áiritheoidh an Rúnaíocht go mbeidh comhéadan ann le hionstraimí agus seirbhísí ábhartha eile arna dtairiscint ar leibhéal an Aontais, i gcás inarb iomchuí.
Airteagal 6
Sonraí pearsanta a phróiseáil
1. Ní fhéadfaidh an Rúnaíocht sonraí pearsanta cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus sonraí pearsanta fostóirí rannpháirteacha agus eintiteas rannpháirteach eile a phróiseáil ach a mhéid is gá chun a cúraimí a chomhlíonadh de bhun Airteagal 8(2). Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil chun na críche sin, feidhmeoidh an Rúnaíocht mar rialaitheoir, faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (8) de Rialachán (AE) 2018/1725 é.
2. Ní fhéadfaidh na Pointí Teagmhála Náisiúnta sonraí pearsanta cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus sonraí pearsanta fostóirí rannpháirteacha agus eintiteas rannpháirteach eile a phróiseáil ach a mhéid is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh de bhun Airteagal 10(2). Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil chun na críche sin, feidhmeoidh na Pointí Teagmhála Náisiúnta mar rialaitheoirí, faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (7) de Rialachán (AE) 2016/679 iad.
3. Áireofar i bpróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha ainm, sloinne, sonraí teagmhála, dáta breithe agus náisiúntacht nó náisiúntachtaí, faisnéis faoi cháilíochtaí acadúla agus gairmiúla, obair dheonach nó taithí oibre, scileanna eile agus eolas teanga.
Féadfar a áireamh freisin i bpróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha faisnéis maidir le hinfhaighteacht an chuardaitheora ó thríú tír chun tús a chur leis an obair agus na Ballstáit is rogha leo.
4. Cuirfidh an Rúnaíocht agus Pointí Teagmhála Náisiúnta cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus fostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile ar an eolas faoi phróiseáil a gcuid sonraí pearsanta agus a gcearta mar ábhair sonraí chomh maith lena gcearta faoi mhíreanna 5 agus 6.
5. Déanfar na sonraí pearsanta atá cláraithe ar an Ardán TF i gcomhréir leis an Rialachán seo a innéacsú, a stóráil agus a chur ar fáil ansin chun críoch cuardaigh agus meaitseála amháin. Beidh sé de cheart ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha eagar a chur ar a gcuid sonraí pearsanta, iad a scriosadh nó rochtain orthu a shrianadh.
6. Bainfear próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha nach bhfuair na cuardaitheoirí poist lena mbaineann rochtain orthu ar feadh tréimhse bliana agus ní stórálfar aon sonraí pearsanta. I gcásanna den sórt sin, tabharfar fógra go huathoibríoch do na cuardaitheoirí poist lena mbaineann mí amháin sula mbainfear a bpróifílí mura bhfaighfear rochtain orthu laistigh den tréimhse sin. Nuair a bhaintear próifílí, d’fhéadfaí leanúint de thacar teoranta sonraí anaithnidithe a stóráil chun críoch taighde agus staidrimh chomh maith le sonraí a asbhaint chun feidhmiú Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a fheabhsú.
7. Cuirfidh an Rúnaíocht na sonraí a áirítear i bpróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus i bhfolúntais fostóirí rannpháirteacha agus eintiteas rannpháirteach eile ar fáil le haghaidh cuardach agus meaitseáil ar an Ardán TF.
8. Ní bheidh rochtain ar na sonraí a áirítear i bpróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha ach ag fostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile, agus ag Pointí Teagmhála Náisiúnta. Beidh rochtain ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ag na Pointí Teagmhála Náisiúnta ar na sonraí a áirítear sna folúntais.
9. Beidh toirmeasc ar phróiseáil sonraí maidir leis na Ballstáit is rogha leis an gcuardaitheoir dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo chun críche meaitseála i gcomhréir le hAirteagal 16.
10. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha breise maidir leis na sonraí pearsanta atá le próiseáil agus atá le háireamh sna folúntais agus i bpróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha, maidir le freagrachtaí na rialaitheoirí, lena n-áirítear rialacha lena rialaítear an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as próiseálaí sonraí nó próiseálaithe, chomh maith leis na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar shonraí pearsanta agus an rogha atá ar fáil do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha srian a chur ar an rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta ar an Ardán TF. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
CAIBIDIL III
RIALACHAS
Airteagal 7
Struchtúr
Is é a bheidh i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh:
(a)
an Rúnaíocht;
(b)
an Grúpa Stiúrtha;
(c)
na Pointí Teagmhála Náisiúnta;
Airteagal 8
An Rúnaíocht
1. Soláthróidh an Coimisiún an Rúnaíocht.
2. Beidh an Rúnaíocht freagrach as an méid seo a leanas:
(a)
bainistiú foriomlán Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a áirithiú, lena n-áirítear pleanáil agus comhordú ghníomhaíochtaí Líon Tallainne an Aontais Eorpaigh, mar aon le feasacht an phobail ina leith a mhúscailt trí ghníomhaíochtaí cumarsáide agus feachtais faisnéise;
(b)
an tArdán TF a bhunú agus a bhainistiú chomh maith leis na seirbhísí TF gaolmhara is gá chun é a fheidhmiú, go háirithe trí bhonneagar teicniúil atá ar fáil a úsáid ar leibhéal an Aontais i gcás inarb ábhartha;
(c)
an t-eolas ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 3(1), Airteagal 3(2), an cúigiú fomhír, Airteagal 9(5), Airteagal 10(2), pointe (i), Airteagal 12(4), Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) agus Airteagal 17(1), an dara fomhír, a fhoilsiú ar an Ardán TF;
(d)
cruinnithe an Ghrúpa Stiúrtha a thionól agus a ullmhú;
(e)
sonraí ábhartha a bhailiú chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 20;
(f)
cruinnithe an Líonra Pointí Teagmhála Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 10(3) a thionól ar bhonn rialta.
Soláthróidh an Rúnaíocht na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus (4) don Ghrúpa Stiúrtha ar bhonn bliantúil. I gcás ina bhfuil sonraí pearsanta sna sonraí sin, déanfar iad a anaithnidiú.
Airteagal 9
An Grúpa Stiúrtha
1. Beidh na comhaltaí seo a leanas mar chuid den Ghrúpa Stiúrtha:
(a)
beirt ionadaithe ó gach Ballstát rannpháirteach, lena n-áirítear saineolaí amháin ó réimse na fostaíochta agus saineolaí amháin ó réimse na himirce;
(b)
beirt ionadaithe ón gCoimisiún;
(c)
seisear ionadaithe ó na heagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta tras-tionscail ar leibhéal an Aontais, agus ionadaíocht comhionann ó eagraíochtaí ceardchumainn agus ó eagraíochtaí fostóirí.
Ní bheidh ceart vótála ach amháin ag na comhaltaí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír.
2. Féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaí ó Pharlaimint na hEorpa freastal ar chruinnithe an Ghrúpa Stiúrtha. Féadfaidh ionadaithe breise ón gCoimisiún a bheith rannpháirteach i gcruinniú an Ghrúpa Stiúrtha más gá.
3. Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais, d’ionadaithe tríú tíortha atá rannpháirteach i gComhpháirtíochtaí Tallainne, i socruithe déthaobhacha nó i gcreataí náisiúnta maidir le forbairt agus bailíochtú scileanna i dtríú tír agus do pháirtithe leasmhara ábhartha eile, freastal ar chruinnithe an Ghrúpa Stiúrtha chun a dtuairimí a chur i láthair.
4. Is iad na Ballstáit rannpháirteacha amháin a bheidh ina gcomhaltaí den Ghrúpa Stiúrtha. Féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Ghrúpa Stiúrtha mar bhreathnóirí.
5. Síneoidh na hionadaithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), ráiteas i scríbhinn á dhearbhú nach bhfuil siad i staid coinbhleachta leasa. Foilseoidh an Rúnaíocht na ráitis agus na nuashonruithe ar na ráitis sin ar an Ardán TF.
6. Beidh an Grúpa Stiúrtha freagrach as an méid seo a leanas:
(a)
tacaíocht a thabhairt don Rúnaíocht agus liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 14 á ullmhú aici;
(b)
malartú dea-chleachtas a éascú i measc na mBallstát rannpháirteach maidir leis na coigeartuithe réigiúnacha nó náisiúnta ar liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais de bhun Airteagal 15(1);
(c)
tacaíocht a thabhairt don Rúnaíocht i dtaobh ghníomhaíochtaí Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a phleanáil agus a chomhordú;
(d)
bailiú sonraí atá ábhartha do ghníomhaíochtaí faireacháin Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 20 a éascú;
(e)
dea-chleachtais maidir le cur chun feidhme nósanna imeachta inimirce brostaithe a mhalartú chun earcú cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a éascú de bhun Airteagal 19.
(f)
tacaíocht a thabhairt don Rúnaíocht maidir le feasacht a mhúscailt faoi Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (a).
7. Tiocfaidh an Grúpa Stiúrtha le chéile dhá uair sa bhliain, agus ar bhonn ad hoc nuair is gá. Is í an Rúnaíocht a thionólfaidh agus a dhéanfaidh cathaoirleacht ar na cruinnithe.
Airteagal 10
Pointí Teagmhála Náisiúnta
1. Ainmneoidh gach Ballstát rannpháirteach eintiteas a ghníomhóidh mar a Phointe Teagmhála Náisiúnta. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha go mbeidh a bPointe Teagmhála Náisiúnta comhdhéanta de shaineolaithe ó na húdaráis náisiúnta ábhartha i réimsí na fostaíochta agus na himirce. I gcás inarb ábhartha, féadfaidh an Pointe Teagmhála Náisiúnta brath ar údaráis inniúla náisiúnta eile chun na cúraimí a leagtar amach i mír 2 a chomhlíonadh.
2. Beidh an Pointe Teagmhála Náisiúnta freagrach as an méid seo a leanas:
(a)
feidhmiú an Ardáin TF ag an leibhéal náisiúnta a éascú;
(b)
folúntais a chur ar an Ardán FT tríd an gcainéal comhordaithe aonair, i gcomhréir le hAirteagal 13(2);
(c)
folúntais a bhaint den Ardán TF de bhun Airteagal 13(12) agus próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thriú tíortha a bhaint de bhun Airteagal 11(2), an dara fomhír, tar éis do na húdaráis inniúla náisiúnta faisnéis ábhartha a tharchur;
(d)
i gcás inarb infheidhme, fógra a thabhairt don Rúnaíocht faoi aon choigeartú tírshonrach ar liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais de bhun Airteagal 15(1), an dara fomhír, an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír;
(e)
clárlanna a choinneáil den mhéid seo a leanas:
(i)
fostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile;
(ii)
fostóirí agus eintitis eile atá eisiata go buan ó Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh nó dár diúltaíodh rochtain nó ar cuireadh ar fionraí a rochtain ar Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh;
(f)
an chlárlann dá dtagraítear i bpointe (e)(ii) a sheiceáil sula gcuirfear folúntas ar fáil ar an Ardán TF agus rochtain ar an Ardán TF a dhiúltú d’fhostóirí nó d’eintitis eile ar spéis leo a bheith rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh má tá siad taifeadta sa chlárlann sin nó ar bhonn faisnéis eile maidir le sáruithe ar dhlí agus ar chleachtas ábhartha an Aontais nó ar dhlí agus ar chleachtas ábhartha náisiúnta;
(g)
an chlárlann dá dtagraítear i bpointe (e)(i) a chomhroinnt leis an nGrúpa Stiúrtha agus, i gcás ina gcinneann an Ballstát rannpháirteach amhlaidh, an chlárlann sin a chomhroinnt leis na húdaráis náisiúnta ábhartha;
(h)
i gcás ina gcinnfidh an Ballstát rannpháirteach amhlaidh, an chlárlann dá dtagraítear i bpointe (e)(i) a chur ar fáil go poiblí;
(i)
fostóirí rannpháirteacha nó eintitis rannpháirteacha eile a eisiamh, nó a rochtain ar Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur ar fionraí, agus na folúntais ghaolmhara a bhaint den Ardán TF de réir Airteagal 13(8) agus (9);
(j)
faisnéis a sholáthar don Rúnaíocht dá dtagraítear in Airteagal 17(1), an dara fomhír, agus sonraí ábhartha chun faireachán a dhéanamh ar Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 20;
(k)
faisnéis shonrach a sholáthar do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a roghnaíodh le haghaidh folúntais i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus d’fhostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile i gcomhréir le hAirteagal 17(2).
3. Nuair a thionólfaidh an Rúnaíocht cruinniú de Líonra na bPointí Teagmhála Náisiúnta ó gach Ballstát rannpháirteach de bhun Airteagal 8(2), pointe (f), tiocfaidh ionadaithe ó na Pointí Teagmhála Náisiúnta le chéile chun faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.
CAIBIDIL IV
CUARDAITHEOIRÍ POIST Ó THRÍÚ TÍORTHA A CHLÁRÚ AGUS RANNPHÁIRTÍOCHT FOSTÓIRÍ AGUS EINTITEAS EILE I LINN TALLAINNE AN AONTAIS EORPAIGH
Airteagal 11
Clárú agus rochtain cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha
1. Féadfaidh cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bpróifílí a chruthú trí thógálaí próifíle Europass chun clárú ar an Ardán TF. Féadfar naisc dhíreacha chuig an Ardán TF a fhoilsiú ar shuíomhanna gréasáin uirlisí ábhartha eile.
2. Chun clárú ar an Ardán TF, beidh ar chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a dhearbhú nach bhfuil siad faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin lena ndiúltaítear dul isteach nó fanacht i mBallstát i gcomhréir lena dhlí náisiúnta ná faoi réir toirmeasc ar theacht isteach i gcríoch an Aontais dá dtagraítear i dTreoir 2008/115/CE.
Déanfar próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a rinne dearbhú bréagach faoin gcéad fhomhír a bhaint den Ardán TF tar éis do na húdaráis inniúla náisiúnta an fhaisnéis ábhartha a tharchur. Féadfaidh cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha próifíl nua a chruthú a luaithe nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag an gcinneadh breithiúnach nó riaracháin nó ag an toirmeasc ar theacht isteach.
3. Beidh próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha le feiceáil ag fostóirí rannpháirteacha agus ag eintitis rannpháirteacha eile.
Airteagal 12
Léiriú ar rannpháirtíocht i gComhpháirtíochtaí Tallainne, socruithe dhéthaobhacha nó creataí náisiúnta maidir le forbairt agus bailíochtú scileanna i dtríú tír
1. Cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhain tairbhe as tacaíocht shonrach faoi chuimsiú Comhpháirtíocht Tallainne, socrú déthaobhach nó creat náisiúnta maidir le forbairt agus bailíochtú scileanna i dtríú tír, féadfaidh siad an méid sin a léiriú ar a bpróifílí.
2. Chun críoch mhír 1 den Airteagal seo, forbrófar ‘bratach’ laistigh den Ardán TF a bheidh le comhtháthú i bpróifílí cuardaitheoirí poist ó thriú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 5(5) (‘an Bhratach’).
Cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a léiríonn a rannpháirtíocht i gceann de na Comhpháirtíochtaí Tallainne, na socruithe nó na creataí dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh siad an fhaisnéis seo a leanas sa Bhratach:
(a)
ainm na Comhpháirtíochta Tallainne, an tsocraithe dhéthaobhaigh nó an chreata náisiúnta maidir le forbairt agus bailíochtú scileanna i dtríú tír; agus
(b)
sonraí faoi oiliúint ar bith a cuireadh orthu i gcomhthéacs phointe (a), lena n-áirítear ábhar, fad agus an cineál scileanna a forbraíodh, lena n-áirítear scileanna teanga ábhartha.
Féadfar doiciméadacht a thacaíonn leis an bhfaisnéis a sholáthraítear a chur i gceangal le próifílí cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha, má tá sí ar fáil. Féadfaidh cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha chun críche na hearcaíochta a chur in iúl freisin.
3. Beidh an Bhratach le feiceáil ar phróifílí cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha ar an Ardán TF, sonrófar léi gur chun críoch faisnéise amháin atá sí i gcomhthéacs Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus nach ionann í agus aitheantas foirmiúil ná bailíochtú scileanna agus cáilíochtaí a d’fhéadfadh a bheith forbartha ag an gcuardaitheoir poist ó thríú tír trí rannpháirtíocht sna Comhpháirtíochtaí Tallainne, sna socruithe nó sna creataí dá dtagraítear i mír 1. Ní dochar an Bhratach do chearta teacht isteach agus cónaithe.
4. Foilseoidh an Rúnaíocht ar an Ardán TF liosta de na tríú tíortha agus na Ballstáit rannpháirteacha atá ag glacadh páirt i gComhpháirtíocht Tallainne. Foilseoidh an Rúnaíocht ar an Ardán TF freisin liosta de shocruithe déthaobhacha agus creataí náisiúnta maidir le forbairt agus bailíochtú scileanna i dtríú tíortha, lena n-áirítear na tríú tíortha atá rannpháirteach sna socruithe agus sna creataí sin, agus faisnéis faoi thacaíocht shonrach a sholáthraítear sna socruithe agus sna creataí sin, ar roghnaigh na Ballstáit rannpháirteacha iad a nascadh le Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 13
Rannpháirtíocht fostóirí agus eintiteas eile i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh
1. Fostóirí agus eintitis eile ar spéis leo a bheith rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, iarrfaidh siad ar an bPointe Teagmhála Náisiúnta sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe a bhfolúntais a chur ar fáil ar an Ardán TF.
2. Cuirfidh Pointí Teagmhála Náisiúnta na folúntais seo a leanas ar fáil ar an Ardán TF:
(a)
folúntais a thagann faoi liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas lucht saothair ar fud an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 14 agus na coigeartuithe tírshonracha ar an liosta sin de bhun Airteagal 15(1) nó atá ábhartha do Chomhpháirtíocht Tallainne, socrú déthaobhach nó creat náisiúnta maidir le forbairt agus bailíochtú scileanna i dtríú tír a liostaítear ar an Ardán TF;
(b)
folúntais atá ar oscailt do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha gan dochar do phrionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais, i gcás inarb infheidhme faoin dlí náisiúnta.
3. Agus folúntais á gcur ar fáil ar an Ardán TF, ní tharchuirfidh na Pointí Teagmhála Náisiúnta folúntais:
(a)
a bhaineann le printíseachtaí agus cúrsaí oiliúna;
(b)
de chuid fostóirí agus eintiteas eile a thaifeadtar sa chlárlann dá dtagraítear in Airteagal 10(2), pointe (e)(ii).
4. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna folúntais a chuirfear ar fáil ar an Ardán TF:
(a)
ainm agus sonraí teagmhála an fhostóra lena mbeadh an cuardaitheoir poist ó thríú tír ag gabháil do chaidreamh fostaíochta díreach agus ainm agus sonraí teagmhála aon eintitis rannpháirtigh eile;
(b)
an sainchuntas poist;
(c)
fad an chonartha fostaíochta, agus
(d)
an ghnátháit oibre.
5. D’fhéadfadh faisnéis bhreise a bheith san áireamh i bhfolúntais a chuirtear ar fáil ar an Ardán TF, mar shampla, an ráta tosaigh pá nó an raon pá a thairgtear.
6. De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4, féadfaidh fostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile faisnéis bhreise a sholáthar chun an gnóthas a chur i láthair cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha, lena n-áirítear an earnáil ina bhfuil sé gníomhach, tuairisc ghairid ar a oibríochtaí agus, i gcás inarb ábhartha, uimhir chlárúcháin na cuideachta.
7. Comhlíonfaidh fostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile dlí agus cleachtas ábhartha an Aontais agus an dlí agus an cleachtas ábhartha náisiúnta maidir le náisiúnaigh tríú tír a chosaint ar earcaíocht éagórach, dálaí oibre neamhleora, idirdhealú, cóir dhíobhálach agus gáinneáil ar dhaoine, i gcás inarb infheidhme. Comhlíonfaidh fostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile na comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme freisin lena gcosnaítear ceart náisiúnach tríú tír chun saoirse comhlachais agus cómhargála. Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha coinníollacha breise a thabhairt isteach maidir le rannpháirtíocht na bhfostóirí agus na n-eintiteas eile i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun a áirithiú go gcomhlíonfar cleachtais náisiúnta ábhartha eile, comhaontuithe comhchoiteanna agus prionsabail agus treoirlínte EIS, mar shampla, a phrionsabail ghinearálta agus a threoirlínte oibríochtúla maidir le hearcaíocht chothrom, i gcomhréir le dlí an Aontais.
8. I gcás ina suíonn údarás inniúil náisiúnta nach gcomhlíonann fostóir rannpháirteach nó eintiteas rannpháirteach eile na hoibleagáidí agus na coinníollacha dá dtagraítear i mír 7, tabharfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta fógra faoi don Phointe Teagmhála Náisiúnta ábhartha.
Ar fhógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil, cuirfidh an Pointe Teagmhála Náisiúnta rochtain ar an Ardán TF ag an bhfostóir rannpháirteach nó ag eintiteas rannpháirteach eile lena mbaineann ar fionraí agus bainfidh siad a bhfolúntais den Ardán TF. Sna cásanna sin, ní cheadófar don fhostóir rannpháirteach ná don eintiteas rannpháirteach eile úsáid a bhaint as an Ardán TF, lena n-áirítear trí eintitis rannpháirteacha eile.
I gcás ina dtabharfaidh údarás inniúil náisiúnta fógra don Phointe Teagmhála Náisiúnta gur leigheasadh neamh-chomhlíonadh an fhostóra nó an eintitis eile lena mbaineann maidir leis na hoibleagáidí agus na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Pointe Teagmhála Náisiúnta ábhartha deireadh le fionraí na rochtana ar an Ardán TF.
9. De mhaolú ar mhír 8 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh fostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile a eisiamh go buan ó Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, chomh maith le fostóirí agus eintitis eile ar spéis leo a bheith rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcás cionta dá dtagraítear in Airteagail 2, 3 agus 18a de Threoir 2011/36/AE agus i gcás cionta coiriúla a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhostú mar a leagtar síos in Airteagal 9 i ndáil le hAirteagal 3 de Threoir 2009/52/CE.
I gcás ina maolaíonn Ballstát rannpháirteach ar mhír 8, tabharfaidh sé fógra faoi don phointe teagmhála náisiúnta ábhartha.
Ar fhógra dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a fháil, déanfaidh an Pointe Teagmhála Náisiúnta an fostóir nó an t-eintiteas eile lena mbaineann a eisiamh go buan ó Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sé a bhfolúntais a bhaint den Ardán TF.
I gcás ina ndearnadh fostóir nó eintiteas eile a eisiamh go buan ó pháirt a ghlacadh i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, ní cheadófar dóibh úsáid a bhaint as an Ardán TF, lena n-áirítear trí eintitis rannpháirteacha eile.
10. Beidh úsáid Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh saor in aisce do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha. Ní ghearrfaidh fostóirí rannpháirteacha ná eintitis rannpháirteacha eile aon táillí ná costais neamhnochta ar chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha chun críche earcaíochta, sula gcuirfear an próiseas earcaíochta i gcrích ná ina dhiaidh sin.
11. Beidh folúntais fostóirí rannpháirteacha agus eintiteas rannpháirteach eile le feiceáil ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha ar an Ardán TF.
12. Bainfear folúntais láithreach bonn den Ardán TF sna cásanna seo a leanas:
(a)
iarraidh arna déanamh ag an bhfostóir rannpháirteach nó ag eintiteas rannpháirteach eile ar an bPointe Teagmhála Náisiúnta chun aon cheann nó gach ceann dá bhfolúntais a bhaint;
(b)
fógra arna thabhairt ag an bhfostóir rannpháirteach nó ag eintiteas rannpháirteach eile don Phointe Teagmhála Náisiúnta, i gcomhréir le mír 13;
(c)
easpa meaitseála le cuardaitheoir poist cláraithe ó thríú tír ar feadh tréimhse bliana;
(d)
rochtain an fhostóra rannpháirtigh nó an eintitis rannpháirtigh eile a bheith curtha ar fionraí nó a eisiata go buan;
(e)
na gairmeacha ábhartha a bheith bainte i gcás coigeartuithe ar liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 15.
13. Cuirfidh fostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile in iúl, gan moill mhíchuí, ar an Ardán TF, gur éirigh leo cuardaitheoir poist cláraithe ó thríú tíortha a earcú d’fholúntas ar leith. Bainfear próifílí na gcuardaitheoirí poist cláraithe sin ó thríú tíortha den Ardán TF.
Airteagal 14
Liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais Eorpaigh
1. Chun críoch an Rialacháin seo, leagtar amach san Iarscríbhinn liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas lucht saothair ar fud an Aontais in Aicmiú Caighdeánach Idirnáisiúnta Gairmeacha 2008 na hOifige Idirnáisiúnta Saothair (ISCO-08) ar leibhéal 4 dhigit.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 21 chun an Iarscríbhinn a leasú, ag féachaint don mhéid seo a leanas:
(a)
gairmeacha ina bhfuil ganntanas lucht saothair ar thug na Pointí Teagmhála Náisiúnta fógra don Rúnaíocht fúthu de bhun Airteagal 15(1), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír, ar gairmeacha iad is coiteann i líon suntasach Ballstáit rannpháirteacha;
(b)
gairmeacha a chuireann go díreach le hiomaíochas an Aontais agus le haistriú glas agus le haistriú digiteach an Aontais agus ar dócha go dtiocfaidh méadú ar a dtábhacht.
2. Foilseoidh an Rúnaíocht liosta na nganntanas lucht saothair ar fud an Aontais Eorpaigh ar an Ardán TF.
Airteagal 15
Coigeartuithe ar liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais Eorpaigh
1. Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh gairmeacha ina bhfuil ganntanas lucht saothair a chur leis ar leibhéal 4-dhigit ISCO-08, chun a riachtanais shonracha sa mhargadh saothair nó a gcuspóirí beartais a shásamh. Féadfaidh siad a chinneadh freisin gairmeacha ina bhfuil ganntanas lucht saothair a bhaint den liosta uile-Aontais i gcás nach bhfreagraíonn na gairmeacha sin ina bhfuil ganntanas lucht saothair dá riachtanais shonracha sa mhargadh saothair ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, ná dá gcuspóirí beartais. Ní dhéanfaidh na coigeartuithe tírshonracha sin difear ach do mheaitseáil folúntas sa Bhallstát lena mbaineann.
Tabharfaidh an Pointe Teagmhála Náisiúnta fógra faoi aon choigeartú tírshonrach ar liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais 3 mhí ar a dhéanaí roimh an dáta óna bhfuil sé beartaithe ag an mBallstát ábhartha a bheith rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 3(1).
Féadfaidh na Pointí Teagmhála Náisiúnta fógra a thabhairt don Rúnaíocht gach 6 mhí faoi choigeartuithe tírshonracha breise ar liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais.
I gcás ina leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an dara fomhír, tabharfaidh na Pointí Teagmhála Náisiúnta fógra don Rúnaíocht faoi aon choigeartú tírshonrach ar liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais laistigh de 3 mhí.
2. Foilseoidh an Rúnaíocht na coigeartuithe tírshonracha ar liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais ar thug na Pointí Teagmhála Náisiúnta fógra ina leith ar an Ardán TF.
Airteagal 16
Cuardach agus meaitseáil
1. Féadfaidh fostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a chuardach agus iad a mheaitseáil le folúntais atá ar fáil ar an Ardán TF.
2. Féadfaidh fostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile scagairí sonracha atá ar fáil ar an Ardán TF a úsáid chun próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a chuardach, ar cuardaitheoirí poist iad a sholáthair faisnéis sa Bhratach dá dtagraítear in Airteagal 12(2) lena léirítear gur bhain siad tairbhe as tacaíocht shonrach faoi chuimsiú Comhpháirtíocht Tallainne, socrú déthaobhach nó creat náisiúnta maidir le scileanna a fhorbairt agus a bhailíochtú i dtríú tír.
3. Féadfaidh fostóirí rannpháirteacha agus eintitis rannpháirteacha eile rochtain a fháil ar liosta de phróifílí molta de chuid cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha arna nginiúint leis an uirlis mheaitseála uathoibrithe agus é bunaithe ar ábharthacht a scileanna, a n-inniúlachtaí, a gcáilíochtaí, a dtaithí oibre agus ar iad bheith saor le glacadh leis an bhfolúntas.
4. Féadfaidh cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha folúntais a chuardach ar an Ardán TF agus rochtain a fháil ar liosta d’fholúntais ábhartha mholta arna nginiúint ag an uirlis mheaitseála uathoibrithe.
CAIBIDIL V
SOLÁTHAR FAISNÉISE, ÉASCÚ GEARÁN AGUS NÓSANNA IMEACHTA INIMIRCE BROSTAITHE
Airteagal 17
Soláthar faisnéise
1. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha go mbeidh an fhaisnéis a bhaineann le Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus lena feidhmiú inrochtana go héasca, lena n-áirítear i gcás daoine faoi mhíchumas.
Cuirfidh an Rúnaíocht, le tacaíocht ó na Pointí Teagmhála Náisiúnta, an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ar an Ardán TF:
(a)
faisnéis maidir le nósanna imeachta cothroma earcaíochta agus fostaíochta, lena n-áirítear maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí agus scileanna a bhailíochtú, agus maidir le dálaí maireachtála agus oibre sna Ballstáit rannpháirteacha;
(b)
faisnéis faoi nósanna imeachta inimirce lena n-áirítear na nósanna imeachta chun víosaí agus ceadanna cónaithe a fháil chun críche oibre;
(c)
faisnéis faoi chearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír, lena n-áirítear maidir le rochtain ar shásraí gearáin agus sásaimh atá ann cheana chun rochtain éifeachtach ar an gceartas a áirithiú;
(d)
míniú soiléir do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha go toirmiscfear a dteacht isteach agus fanacht i gcríoch na mBallstát má tá siad faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin lena ndiúltaítear teacht isteach nó fanacht i mBallstát nó má tá siad faoi réir toirmeasc ar theacht isteach dá dtagraítear i dTreoir 2008/115/CE..
(e)
míniú soiléir nach ráthaítear le clárú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, le háireamh na Brataí dá dtagraítear in Airteagal 12(2) ar a bpróifílí ná lena roghnú le haghaidh folúntas tríd an Ardán TF, go ndeonófar teacht isteach i gcríoch na mBallstát, go n-eiseofar cead oibre, víosa nó cead cónaithe ná go mbeidh seiceálacha slándála déanta;
(f)
míniú soiléir go mbeidh úsáid Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh saor in aisce agus nár cheart d’fhostóirí táillí a ghearradh nó costais neamhnochta a cheangal ar chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha chun críche earcaíochta.
2. Soláthróidh na Pointí Teagmhála Náisiúnta faisnéis shonrach do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a roghnaíodh le haghaidh folúntais agus d’fhostóirí rannpháirteacha agus d’eintitis rannpháirteacha eile, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
nósanna imeachta inimirce náisiúnta chun víosaí agus ceadanna cónaithe a fháil chun críoch oibre, lena n-áirítear go ndéanfar seiceálacha slándála;
(b)
nósanna imeachta athaontaithe teaghlaigh agus cearta agus oibleagáidí ball teaghlaigh;
(c)
cearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír lena n-áirítear maidir le dálaí oibre, cánachas, rochtain ar shochair shóisialta, cúram sláinte, oideachas, tithíocht, aitheantas do scileanna agus do cháilíochtaí agus maidir leis na sásraí gearáin agus sásaimh atá ann cheana;
(d)
gníomhaíochtaí chun lánpháirtiú náisiúnach tríú tír sa Bhallstát óstach a éascú mar shampla cúrsaí teanga, gairmoiliúint agus oideachas chomh maith le bearta lánpháirtíochta eile;
(e)
sonraí teagmhála na n-údarás inniúil náisiúnta i réimse na fostaíochta agus na hinimirce, i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta, agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, sonraí teagmhála na n-eagraíochtaí inniúla náisiúnta a thairgeann cúnamh iar-earcaíochta do náisiúnaigh tríú tír, mar shampla ceardchumainn, comhlachais fostóirí agus comhlachais tráchtála;
(f)
i gcás inarb ábhartha, seirbhísí tacaíochta a bhaineann le míchumas agus maidir le cóiríocht réasúnta a chur ar fáil i gcomhréir le Treoir 2000/78/CE ón gComhairle (34).
(g)
i gcás inarb infheidhme, sonraí teagmhála comhlachtaí iomchuí eile ar an leibhéal náisiúnta a thacaíonn le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír i margadh an tsaothair.
3. Beidh na Pointí Teagmhála Náisiúnta freagrach as an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a thabhairt cothrom le dáta, nuair is gá.
4. Féadfaidh na Pointí Teagmhála Náisiúnta a chinneadh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar i bhformáid uathoibrithe chaighdeánaithe, lena n-áirítear trí thagairt a dhéanamh d’fhoinsí faisnéise atá ann cheana, trí uirlisí digiteacha a úsáid.
Airteagal 18
Éascú gearán
1. Beidh rochtain éifeachtach ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha ar shásraí gearáin atá ann cheana i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I gcás ina ndéanfaidh fostóirí rannpháirteacha nó eintitis rannpháirteacha eile aon sárú ar aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 13(7), beidh sé de cheart ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha nó a n-ionadaithe an sárú a thuairisciú don Phointe Teagmhála Náisiúnta nó gearán a thaisceadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta leis na húdaráis inniúla náisiúnta.
2. Má thuairiscítear sárú don Phointe Teagmhála Náisiúnta de bhun mhír 1, tarchuirfidh an Pointe Teagmhála Náisiúnta é chuig na húdaráis inniúla náisiúnta.
Airteagal 19
Nósanna imeachta inimirce brostaithe
Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nósanna imeachta inimirce brostaithe a chur i bhfeidhm chun gur féidir cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a roghnaíodh le haghaidh folúntais i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a earcú níos tapúla.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 20
Gníomhaíochtaí faireacháin agus aiseolas
1. Déanfaidh an Rúnaíocht faireachán rialta ar fheidhmíocht agus ar chost-éifeachtúlacht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, baileofar sonraí maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
líon agus cineál próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha;
(b)
líon agus cineál fostóirí rannpháirteacha agus eintiteas rannpháirteach eile;
(c)
líon agus cineál na bhfolúntas a chuirtear ar fáil ar an Ardán TF;
(d)
líon na gcuairteanna ar an Ardán TF;
(e)
líon agus cineál na socrúchán fostaíochta arna n-éascú trí Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh;
(f)
líon na bpróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thriú tíortha a bhfuil Bratach leo dá dtagraítear in Airteagal 12(2);
(g)
líon na socrúchán fostaíochta arna n-éascú tríd an Ardán TF i gcomhthéacs na gComhpháirtíochtaí Tallainne, na socruithe déthaobhacha nó na gcreataí náisiúnta maidir le forbairt agus bailíochtú scileanna i dtríú tír;
(h)
leibhéil scileanna agus cáilíochtaí cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a earcaíodh ó Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.
2. Bunóidh an Rúnaíocht an bailiúchán sonraí i gcomhréir leis na coincheapa agus na sainmhínithe staidrimh bunaithe agus malartóidh sí faisnéis agus sonraí leis an gCoimisiún chun críche cáilíocht na sonraí arna mbailiú faoin Rialachán seo a áirithiú agus táirgeadh agus cáilíocht an staidrimh Eorpaigh a áirithiú.
3. Baileoidh an Rúnaíocht na sonraí dá dtagraítear i mír 1 le tacaíocht ó na Pointí Teagmhála Náisiúnta agus ón nGrúpa Stiúrtha.
4. Déanfaidh an Rúnaíocht faireachán rialta ar fheidhmíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, agus aird á tabhairt ar an aiseolas a bhailítear ó chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó fhostóirí rannpháirteacha agus ó eintitis rannpháirteacha eile, agus ar thaithí na gcuardaitheoirí poist sin, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe iad siúd a oibríonn le náisiúnaigh tríú tír, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas.
Airteagal 21
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 14(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 1 Meitheamh 2026. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na chéad tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14(1) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 14(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 22
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 23
Tuairisciú
Faoin 31 Nollaig 2031 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Déanfar measúnú sa tuarascáil, go háirithe, ar éifeachtacht an Rialacháin seo maidir le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus scileanna sna Ballstáit rannpháirteacha agus ar éifeachtacht an phróisis earcaíochta, lena n-áirítear ó thaobh cleachtais earcaíochta chothroma a áirithiú, agus urraim do dhálaí oibre cothroma agus córa.
Airteagal 24
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 29 Aibreán 2026.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. RAOUNA
(1) IO C, C/2024/4067, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4067/oj.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Márta 2026.
(3) Cinneadh (AE) 2023/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le Bliain Eorpach na Scileanna (IO L 125, 11.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/936/oj).
(4) Treoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (IO L 16, 23.1.2004, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/109/oj).
(5) Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle (IO L 382, 28.10.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2021/1883/oj).
(6) IO C 224, 8.6.2022, lch. 69.
(7) Moladh (AE) 2020/1364 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2020 maidir le bealaí dlíthiúla chun cosaint a fháil san Aontas: athlonnú, ligean isteach ar fhoras daonnúil agus bealaí comhlántacha eile a chur chun cinn (IO L 317, 1.10.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2020/1364/oj).
(8) Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/104/oj).
(9) Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht shuíomhanna gréasáin agus fheidhmchláir mhóibíleacha chomhlachtaí na hearnála poiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/2102/oj).
(10) Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj).
(11) Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).
(12) Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/589/oj).
(13) Moladh (AE) 2023/2611 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2023 maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí náisiúnach tríú tír (IO L, 2023/2611, 24.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2611/oj).
(14) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(15) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(16) Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh IO L 348, 24.12.2008, lch. 98, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/115/oj).
(17) Cinneadh (AE) 2018/646 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le creat coiteann le haghaidh soláthar seirbhísí níos fearr do scileanna agus do cháilíochtaí (Europass) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE (IO L 112, 2.5.2018, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/646/oj).
(18) Treoir (AE) 2024/1500 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne agus an chomhionannais deiseanna idir mná agus fir i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, agus lena leasaítear Treoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE (IO L, 2024/1500, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1500/oj).
(19) Treoir (AE) 2024/1499 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne idir daoine gan beann ar a dtionscnamh ciníoch nó eitneach, na córa comhionainne i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, na córa comhionainne idir mná agus fir i gcúrsaí slándála sóisialta ina rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus ó thaobh soláthar earraí agus seirbhísí, agus lena leasaítear Treoracha 2000/43/CE agus 2004/113/CE (IO L, 2024/1499, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1499/oj).
(20) Treoir 2011/98/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh ceadúnas aonair do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar de chearta comhchoiteanna d’oibreoirí tríú tír a chónaíonn go dlíthiúil i mBallstát (IO L 343, 23.12.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/98/oj).
(21) Treoir 2014/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe náisiúnach tríú tír chun críche fostaíochta mar oibrithe séasúracha, IO L 94, 28.3.2014, lch. 375, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/36/oj).
(22) Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016, maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe le haghaidh náisiúnaigh tríú tír chun críoch taighde, staidéir, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadail oideachais agus obair au pair, IO L 132, 21.5.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/801/oj).
(23) Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíocht dár gá ardcháilíochtaí, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle, IO L 382, 28.10.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2021/1883/oj).
(24) Treoir (AE) 2024/1233 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh cead aonair do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar coiteann de chearta d’oibrithe tríú tír ar a bhfuil cónaí dleathach i mBallstát (IO L, 2024/1233, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1233/oj).
(25) Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach, IO L 186, 11.7.2019, lch. 105, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1152/oj).
(26) Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe (IO L 132, 17.5.2023, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/970/oj).
(27) Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1996/71/oj).
(28) Treoir (AE) 2020/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais forfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 249, 31.7.2020, lch. 49, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/1057/oj).
(29) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 9 Lúnasa 1994, Raymond Vander Elst v Office des Migrations Internationales, C-43/93, ECLI:EU:C:1994:310.
(30) Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena bhforáiltear do chaighdeáin íosta i ndáil le smachtbhannaí agus bearta i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach, (IO L 168, 30.6.2009, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/52/oj).
(31) Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a ghlacann ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/36/oj).
(32) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.
(33) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
(34) Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/78/oj).
IARSCRÍBHINN
LIOSTA NA NGAIRMEACHA INA BHFUIL GANNTANAS OIBRITHE AR FUD AN AONTAIS
Cód ISCO-08
Gairm
2142
Innealtóirí sibhialta
2151
Innealtóirí leictreacha
2211
Liachleachtóirí ginearálta
2212
Liachleachtóirí speisialaithe
2221
Gairmithe altranais
2411
Cuntasóirí
2511
Anailísithe córas
2512
Forbróirí bogearraí
2513
Forbróirí gréasáin agus ilmheán
2514
Ríomhchláraitheoirí feidhmchlár
2519
Forbróirí agus anailísithe bogearraí agus feidhmchlár nach n-aicmítear in áit ar bith eile
3113
Teicneoirí innealtóireachta leictrí
3221
Gairmithe meánleibhéil altranais
5120
Cócairí
5131
Freastalaithe
5321
Cúntóirí cúraim sláinte
7112
Bríceadóirí agus oibrithe eile den chineál sin
7114
Oibrithe leagtha coincréite, bailchríochnaitheoirí coincréite agus oibrithe eile den chineál sin
7115
Siúinéirí agus saoir adhmaid
7121
Díonadóirí
7123
Pláistéirí
7126
Pluiméirí nó feisteoirí píopaí
7127
Meicneoirí aerchóiriúcháin agus cuisniúcháin
7212
Táthairí agus gearrthóirí le lasair
7213
Oibrithe miotail leatháin
7214
Ullmhaitheoirí agus ardaitheoirí miotail struchtúraigh
7223
Feisteoir uirlisí nó oibreoir uirlisí ar innealra miotalóireachta
7231
Meicneoirí mótarfheithiclí agus deisitheoirí mótarfheithiclí
7233
Meicneoirí agus deisitheoirí innealra talmhaíochta nó innealra thionsclaíoch
7411
Leictreoirí foirgneamh agus leictreoirí eile den chineál sin
7412
Meicneoirí agus feisteoirí leictreacha
7511
Búistéirí, ceannaithe éisc agus ullmhaitheoirí bia eile den chineál sin
8331
Tiománaithe bus agus tram
8332
Tiománaithe trucaile troime agus leoraí
9112
Glantóirí agus cúntóirí in oifigí, in óstáin agus in áitribh eile
3119
Teicneoirí eolaíochta fisicí agus eolaíochta innealtóireachta nach n-aicmítear in áit ar bith eile
2143
Innealtóirí comhshaoil
2133
Gairmithe cosanta comhshaoil
2145
Innealtóirí ceimiceacha
2144
Innealtóirí meicniúla
3115
Teicneoirí innealtóireachta meicniúla
2141
Innealtóirí tionsclaíocha agus innealtóirí táirgeachta
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1047/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)
Top