Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh
GA
Sraith L
2026/114
16.1.2026
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/114 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Eanáir 2026
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí alúmana chomhleáite de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach (1) iad (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 9(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Tionscnamh
(1)
An 21 Samhain 2024, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí alúmana chomhleáite de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tír lena mbaineann’ nó an tSín) ar bhonn Airteagal 5 (‘an bun-Rialachán’). D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an fógra tionscnaimh’).
(2)
Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a chuir Imerys S.A. (‘Imerys’ nó ‘an gearánach’) isteach an 9 Deireadh Fómhair 2024. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal alúmana chomhleáite an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Ba leor an fhianaise sa ghearán maidir le dumpáil agus díobháil ábhartha dá thoradh sin chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe.
1.2. Clárú
(3)
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/260 ón gCoimisiún (3) (‘an Rialachán maidir le clárú’), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe.
1.3. Bearta sealadacha
(4)
I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 26 Meitheamh 2025, thug an Coimisiún achoimre ar na dleachtanna beartaithe do na páirtithe, agus thug sé sonraí dóibh faoi ríomh na gcorrlach dumpála agus na gcorrlach ar leor iad chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais. Iarradh ar na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna laistigh de 3 lá oibre.
(5)
Thug táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, Chongqing Saite Corundum Co., Ltd. (‘Saite’) agus Luoyang Runbao Abrasives Co., Ltd. (‘Runbao’), dá n-aire nach raibh sonraí ríomha ann maidir leis an bpraghas neamhdhíobhálach, ar tagraíodh dóibh sa doiciméadacht ach nár cuireadh ar fáil. Chuir Runbao i dtábhacht freisin gur chuir an Coimisiún an praghas tagarmhairc céanna i bhfeidhm ar dhá ionchur ar leith – hiodrocsaíd alúmanaim d’íonachtaí éagsúla – a d’áitigh siad a bhí míchruinn go fíorasach agus go heacnamaíoch. D’iarr siad go ndéanfaí an tagarmharc don ionchur íosíonachta a choigeartú go comhréireach.
(6)
Níorbh fhéidir freastal ar an iarraidh ar shonraí ríomha a nochtadh maidir leis an bpraghas neamhdhíobhálach, ós rud é go bhfuil an fhaisnéis sin rúnda, an-íogair agus go bhféadfadh nochtadh na faisnéise sin dochar a dhéanamh do na páirtithe lena mbaineann. Mhínigh an Coimisiún freisin nach féidir figiúirí comhiomlána a sholáthar gan riosca a bheith ann go nochtfaí sonraí rúnda ó líon an-teoranta táirgeoirí de chuid an Aontais. Maidir leis an earráid chléireachais líomhnaithe a bhaineann le tagarmharcanna hiodrocsaíde alúmanaim, thug an Coimisiún dá aire nár bhain na barúlacha sin le cruinneas na ríomhanna agus nárbh fhéidir aghaidh a thabhairt orthu ag an gcéim sin den imscrúdú. Tugtar aghaidh ar an mbarúil sin i Roinn 3.2.3.1.
(7)
Chuir úsáideoirí agus allmhaireoirí an Aontais, amhail Reckel GmbH (‘Reckel’) agus Tyrolit – Schleifmittelwerke Swarovski AG & Co. KG (‘Tyrolit’), ábhair imní thromchúiseacha ó thaobh na modheolaíochta de in iúl. D’áitigh siad nár dhírigh anailís an Choimisiúin ach ar alúmana comhleáite donn, agus neamhaird á tabhairt ar an réimse leathan alúmana chomhleáite de ghráid éagsúla a bhfuil feidhmeanna agus struchtúir chostais éagsúla acu, rud a d’fhág gur saobhadh comparáidí praghsanna agus costais. Cháin siad freisin an spleáchas ar staidreamh trádála bunaithe ar línte taraife leathana ilchineálacha le haghaidh príomhionchur amhail báicsít chailcínithe agus ocsaíd alúmanaim, agus thug siad dá n-aire gur cumhdaíodh leo sin táirgí a bhfuil cáilíochtaí agus praghsanna an-difriúil acu. I gcásanna áirithe, ba chosúil gur comhaireadh an t-amhábhar céanna (báicsít chailcínithe) faoi dhó faoi cheannteidil ar leithligh.
(8)
Níor bhain na barúlacha sin le cruinneas matamaiticiúil na ríomhanna mar a nochtadh iad. Dá bhrí sin, tugadh aghaidh ar na barúlacha sin i Roinn 3.2.3.1 den Rialachán seo.
(9)
Chuir Tyrolit agus Reckel tuilleadh ábhar imní in iúl maidir le roghnú na bhfoinsí le haghaidh méideanna réasúnta do chostais diola, ghinearalta agus riarachain (SGA) agus do bhrabús. Dúradh go raibh na cuideachtaí ábhartha ónar foinsíodh an dá ráta ag oibriú in earnálacha neamhghaolmhara agus, dá bhrí sin, gur sholáthair siad sonraí neamhionadaíocha. Chuir Tyrolit i dtábhacht go raibh tagarmharcanna costais boilscithe mar thoradh air sin, in éineacht le spleáchas ar phraghsanna tagarmhairc ón mBrasaíl le haghaidh tosca táirgeachta áirithe, lena n-áirítear alúmana agus báicsít. Thug Tyrolit agus Reckel araon rabhadh go mbeadh an baol ann go ndúnfaí gléasraí táirgthe an Aontais d’úsáideoirí iartheachtacha, go gcaillfí poist oilte, agus go mbeadh spleáchas níos mó ar tháirgí críochnaithe allmhairithe mar gheall ar dhleachtanna frithdhumpála sealadacha suas le 136 % ar an táirge atá faoi imscrúdú, agus go bhfágfaí táirgí scríobacha críochnaithe iartheachtacha saor ó dhleacht ag an am céanna.
(10)
Ar an gcaoi chéanna, na pointí a ardaíodh maidir le cuideachtaí a roghnú chun sonraí airgeadais a fhoinsiú maidir le costais SGA agus brabús, saobhadh líomhnaithe na dtagarmharcanna ionchuir, agus iarmhairtí eacnamaíocha níos leithne na mbeart, ní bhaineann siad le cruinneas na ríomhanna matamaiticiúla a chuirtear i láthair sa réamhnochtadh. Tagann na hábhair sin faoi mheasúnú modheolaíochta níos leithne an Choimisiúin agus faoin anailís ar leas an Aontais agus déileáladh leo go mion i Roinn 3.2.3.2.
(11)
An 17 Iúil 2025, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1456 ón gCoimisiún (4) (‘an Rialachán sealadach’), d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithdhumpála sealadacha ar allmhairí alúmana chomhleáite de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.
1.4. An nós imeachta ina dhiaidh sin
(12)
Tar éis nochtadh na mbunfhíoras agus na mbunbhreithnithe ar ar a mbonn a forchuireadh dleacht frithdhumpála shealadach (‘an nochtadh sealadach’), chuir na páirtithe leasmhara seo a leanas aighneachtaí i scríbhinn isteach inar chuir siad a dtuairimí in iúl maidir leis na torthaí sealadacha laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear le hAirteagal 2(1) den Rialachán sealadach:
—
táirgeoirí an Aontais Imerys agus Alteo Fused Alumina (‘AFA’);
—
na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte Saite agus Runbao;
—
na hallmhaireoirí TRAXYS Europe SA agus Reckel;
—
na húsáideoirí Calderys Deutschland GMBH, Calderys France S.A.S., Calderys Magyarorszag K.F.T., Calderys Italia SRL, Calderys Nordic AB, Calderys The Netherlands B.V. (‘Calderys’), Tyrolit, ABRANOVA s.r.o. (‘Abranova’), ANDRE ABRASIVE ARTICLES SP. Z O.O. SP.K, Vesuvius Poland Sp. z o.o. (‘Vesuvius’), August Rüggeberg GmbH & Co. KG, PFERD-Rüggeberg S.A., Smirdex, ABRASIENNE, ArcelorMittal Refractories Sp. z o. o. (‘ArcelorMittal’), MOLITAL ABRASIVI SRL, Federchimica–Aispec–Gruppo abrasive, G.W.S. GRINDING WHEELS SYSTEM SRL, GRANDINETTI SRL, Industria Mole Abrasive S.r.l., Mabtools France, RHI Magnesita GmbH, SAINT-GOBAIN ABRASIFS (‘Saint-Gobain’), Syndicat National des Abrasifs et Superabrasifs, Granit Grinding Wheel Ltd., Techniflex Sp. z o.o. agus ZAI AD; agus
—
na táirgeoirí onnmhairiúcháin Binzhou Qinai New Material Co., Ltd, Chongqing Saite Corundum Co., Ltd., Henan Ant Advanced Materials Co., Ltd., Henan Hengxin Industrial & Mineral Products Co., Ltd., Henan Tuorui Abrasive Material Co., Ltd., Jiygo Refractory & Abrasive Ltd., Luoyang Runbao Abrasives Co., Ltd., Qingdao Sisa Abrasives Co., Ltd., Shandong Bosheng New Materials Co., Ltd., Shanxi Lvliangshan Minerals Co., Ltd., Yichuan Abrasives Industry Union, Zhengzhou Sinabuddy Mineral Co., Ltd. agus Zhengzhou Goohe Co., Ltd., a ndearna Comhlachas Tráchtála Allmhaireoirí agus Onnmhaireoirí Miotal, Mianraí agus Ceimiceán na Síne ionadaíocht thar a gceann (‘na táirgeoirí onnmhairiúcháin ndearna CCCMC ionadaíocht orthu’);
—
na comhlachais úsáideoirí Deutsche Feuerfest-Industrie e.V. (‘DFFI’), Verband Deutscher Schleifmittelwerke e.V. (‘VDS’), Cónaidhm Tháirgeoirí Eorpacha Scríobach (‘FEPA’) agus Cónaidhm Tháirgeoirí Teasfhulangacha na hEorpa (‘PRE’).
(13)
Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe ionchur breise a sholáthar go háirithe chun measúnú a dhéanamh ar leas an Aontais, i bhfianaise leasanna éagsúla na bpáirtithe lena mbaineann. Reáchtáladh éisteachtaí le AFA, Imerys, PRE, VDS, Tyrolit, Saint-Gobain, ArcelorMittal, na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndéanann CCCMC, Saite agus Runbao ionadaíocht orthu.
(14)
Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach dá gcinntí críochnaitheacha. Agus an Coimisiún ag teacht ar a thorthaí cinntitheacha, mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus rinne sé athbhreithniú ar a chonclúidí sealadacha i gcás inarbh iomchuí.
(15)
Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas maidir leis na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a raibh sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí alúmana chomhleáite de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an nochtadh deiridh’). Barúlacha a chuir páirtithe isteach tar éis an nochta, tugadh aghaidh orthu sa roinn ábhartha thíos.
(16)
Tar éis an nochta dá dtagraítear in aithris (15), rinne an Coimisiún nochtadh deiridh breise do na páirtithe leasmhara uile ina dhiaidh sin. Bhí torthaí agus breithnithe nuashonraithe sa nochtadh breise sin. Tugadh an deis do na páirtithe barúil a thabhairt ar an nochtadh breise sin, agus tugadh aghaidh ar na barúlacha a fuarthas sna ranna ábhartha thíos.
1.5. Maímh maidir leis an nós imeachta
(17)
Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh Reckel, Tyrolit agus VDS gur ceanglaíodh le hAirteagal 19a(1) den bhun-Rialachán go ndéanfaí nochtadh sealadach 3 seachtaine roimh fhorchur na mbeart sealadach. D’áitigh na páirtithe gur sháraigh an Coimisiún Airteagail 19a(1), 7(1) agus 5(10) den bhun-Rialachán, chomh maith le téarmaí an fhógra tionscnaimh, trí fhaisnéis a sholáthar do na páirtithe maidir le forchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha an 26 Meitheamh 2025.
(18)
Thug an Coimisiún dá aire go bhforáiltear le hAirteagal 7(1) den bhun-Rialachán nach bhforchuirfear dleachtanna sealadacha laistigh de thrí seachtaine tar éis an fhaisnéis a sheoladh chuig páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 19a. Dá bhrí sin, sainítear leis an bhforáil seo an t-eatramh íosta idir faisnéis den sórt sin a chur in iúl agus bearta sealadacha a ghlacadh. Sa chás seo, sheol an Coimisiún an fhaisnéis an 26 Meitheamh 2025 agus d’fhorchuir sé bearta sealadacha an 18 Iúil 2025. Trí seachtaine a bhí san eatramh. Dá bhrí sin, urramaíodh ceanglais Airteagal 7(1).
(19)
Mheabhraigh an Coimisiún freisin go rialaítear ábhar agus cuspóir an nochta shealadaigh le hAirteagal 19a, arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1173 ón gCoimisiún (5), ach leagtar síos le hAirteagal 7(1) an creat nós imeachta maidir le huainiú na mbeart sealadach. Le leasú Airteagal 19a, níor modhnaíodh an riail ama a leagtar síos in Airteagal 7(1). Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nach raibh bunús leis an argóint maidir le sárú líomhnaithe ar cheanglais na tréimhse nochta sealadaí agus, dá bhrí sin, dhiúltaigh sé don mhaíomh sin.
1.6. Maímh maidir leis an tionscnamh
(20)
Tar éis an nochta shealadaigh níor chuir aon pháirtí leasmhar aon mhaíomh breise ná barúlacha isteach maidir leis an tionscnamh seachas na cinn dá dtagraítear i Roinn 1.4 den Rialachán sealadach. Dheimhnigh an Coimisiún dá bhrí sin a thorthaí agus a chonclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (6) go (11) den Rialachán sealadach.
1.7. Sampláil
(21)
In éagmais barúlacha maidir le sampláil táirgeoirí de chuid an Aontais, táirgeoirí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin, dheimhnigh an Coimisiún aithrisí (12) go (28) den Rialachán sealadach.
1.8. Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin
(22)
Tar éis an nochta shealadaigh, níor chuir aon pháirtí leasmhar aon mhaíomh ná barúil isteach maidir le freagraí ceistneora ná cuairteanna fíorúcháin. Dheimhnigh an Coimisiún dá bhrí sin a thorthaí agus a chonclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (29) go (32) den Rialachán sealadach.
1.9. An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú
(23)
Mar a luaitear in aithris (33) den Rialachán sealadach, leis an imscrúdú ar dhumpáil agus ar dhíobháil cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 30 Meán Fómhair 2024 (‘an tréimhse imscrúdúcháin’). Chumhdaigh an t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).
2. AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
2.1. An táirge faoi imscrúdú
(24)
Mheabhraigh an Coimisiún, mar a leagtar amach in aithris (34) den Rialachán sealadach, gurb é atá sa táirge faoi imscrúdú corandam saorga, bíodh sé sainithe ó thaobh ceimice nó ná bíodh, ar a dtugtar alúmana comhleáite freisin (‘an táirge faoi imscrúdú’).
(25)
Mar gheall ar a chruas agus a fhrithsheasmhacht theirmeach, úsáidtear alúmana comhleáite go príomha in dhá earnáil thionsclaíocha, is é sin an earnáil scríobach agus an earnáil ábhar teasfhulangach. Sa tionscal scríobach, úsáidtear é i raon leathan feidhmeanna, lena n-áirítear meilt, snasú, gearradh agus roiseadh. Sa tionscal ábhar teasfhulangach, feidhmíonn sé mar ábhar teasfhulangach i suíomhanna ard-teochta, amhail líneáil foirnéisí, breogáin agus brící teasfhulangacha. Lasmuigh de na príomhúsáidí sin, úsáidtear alúmana comhleáite freisin i monarú earraí ceirmeacha teicniúla agus mar bhreiseán atá frithsheasmhach in aghaidh caithimh i mbratú dromchla i dtionscal na dtáirgí lannaithe.
2.2. An táirge faoi imscrúdú
(26)
Mheabhraigh an Coimisiún, mar a leagtar amach in aithris (38) den Rialachán sealadach, gurb é an táirge lena mbaineann an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na Síne, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC 2818 10 11 , 2818 10 19 , ex 2818 10 91 , agus 2818 10 99 (cóid TARIC 2818 10 91 20, 2818 10 91 40, 2818 10 91 91, 2818 10 91 99) (‘an táirge lena mbaineann’).
2.3. An táirge comhchosúil
(27)
In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (40) agus (41) den Rialachán sealadach.
2.4. Maímh maidir leis an raon táirge
(28)
Mhaígh úsáideoirí áirithe de chuid an Aontais ó thionscal na n-ábhar teasfhulangach nach féidir alúmana comhleáite de ghrád scríobach agus de ghrád teasfhulangach a ionadú, bunaithe ar a saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha éagsúla, ar dháileadh mhéid na gcáithníní, ar a n-airíonna, ar a bhfeidhmeanna agus ar dhearcadh an tomhaltóra ina leith. Go háirithe, d’áitigh ArcelorMittal freisin nach bhfuil táirgeacht leordhóthanach ann ná acmhainneacht táirgeachta leordhóthanach maidir le halúmana comhleáite de ghrád teasfhulangach. Bhunaigh ArcelorMittal a mhaíomh ar an meastachán gur 400 000 tona a bhí i dtomhaltas alúmana chomhleáite iomlán an Aontais, méid a chuimsigh 170 000 tona d’alúmana comhleáite de ghrád teasfhulangach. D’áitigh na páirtithe gur cheart, dá bhrí sin, alúmana comhleáite de ghrád teasfhulangach a eisiamh ó raon táirge an imscrúdaithe.
(29)
Mheabhraigh an Coimisiún go ndearnadh scrúdú ar na hargóintí sin cheana féin agus gur tugadh aghaidh orthu in aithrisí (42) go (45) agus (307) go (308) den Rialachán sealadach. D’athdhearbhaigh an Coimisiún go bhfuil na buntréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna ag an dá ghrád, lena n-áirítear cion alúmana, cruas, dlús agus leáphointe comhchosúil. Fuarthas amach gur eascair éagsúlachtaí i ndáileadh mhéid na gcáithníní as próiseáil iar-chomhleá seachas as aon difríocht bhunúsach idir na táirgí. Thug an Coimisiún faoi deara freisin go raibh forluí suntasach ann maidir le méideanna cáithníní lena gcumasaítear idirmhalartacht le haghaidh feidhmeanna áirithe.
(30)
Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire nach mbaineann an maíomh maidir le táirgeacht agus acmhainneacht táirgeachta theoranta an Aontais maidir le halúmana comhleáite de ghrád teasfhulangach le bunchineál an táirge. Mar a leagtar amach in aithrisí (307) agus (308) den Rialachán sealadach, chinn an Coimisiún go bhfuil tionscal an Aontais in ann na cainníochtaí is gá a sholáthar do mhargadh an Aontais, lena n-áirítear cineálacha sonracha den táirge lena mbaineann. Cé gur tháinig laghdú suntasach ar mhéideanna táirgeachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar gheall ar allmhairí dumpáilte ón tSín, thug an Coimisiún dá aire gur bhain tionscal an Aontais tearcúsáid shuntasach as a acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse sin. Dheimhnigh an Coimisiún freisin go n-áirítear leis an acmhainneacht bhreise atá ar fáil táirgeacht alúmana chomhleáite de ghrád teasfhulangach, atá ar fáil láithreach nó a d’fhéadfadh teacht chun bheith oibríochtúil laistigh de thréimhse an-ghearr. Tugtar aghaidh a thuilleadh ar an maíomh maidir le hacmhainneacht táirgeachta neamhleor an Aontais i Roinn 7.4.
(31)
Ina theannta sin, maidir le tomhaltas an Aontais, mheabhraigh an Coimisiún, mar a leagtar amach in aithrisí (188) go (190) den Rialachán sealadach, gurbh é a bhí i dtomhaltas an Aontais 305 360 thona le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ní hamháin go dtagann maíomh ArcelorMittal maidir le tomhaltas measta alúmana chomhleáite de ghrád teasfhulangach agus tomhaltas foriomlán alúmana chomhleáite salach ar na sonraí fíoraithe ach imíonn sé freisin ón measúnú a sholáthair Cónaidhm Táirgeoirí Teasfhulangacha na hEorpa, an comhlachas úsáideoirí a dhéanann ionadaíocht ar roinnt oibreoirí de chuid an Aontais san earnáil, a mheas gur 80 000 tona a bhí i dtomhaltas alúmana chomhleáite de ghrád teasfhulangach.
(32)
Dá réir sin, chloígh an Coimisiún lena chonclúid in aithrisí (42) go (45) den Rialachán sealadach gur táirge aonair iad an dá ghrád le chéile, toisc nár léirigh na hathruithe ar thug na páirtithe tuairisc orthu aon difríocht ábhartha a thabharfadh údar le halúmana comhleáite de ghrád teasfhulangach a eisiamh ón raon táirge.
(33)
Mhaígh Reckel go bhfuil corandam tuaslagáin/glóthaí éagsúil le cineálacha eile alúmana chomhleáite ó thaobh bhuntréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla de, lena n-áirítear cruas, cruas briste, agus airíonna teirmeacha, agus d’áitigh sé nach féidir é a ionadú i bhfeidhmeanna ardbheachtais gan deacrachtaí suntasacha oibríochtúla. Dá bhrí sin, d’áitigh Reckel gur cheart corandam tuaslagáin/glóthaí a eisiamh ó raon táirge an imscrúdaithe.
(34)
Mheabhraigh an Coimisiún go ndearnadh scrúdú ar na hargóintí sin cheana féin agus gur tugadh aghaidh orthu in aithrisí (46) go (48) den Rialachán sealadach. D’athdhearbhaigh an Coimisiún go bhfuil saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla ag corandam tuaslagáin/glóthaí atá comhchosúil leo siúd atá ag alúmana comhleáite eile, lena n-áirítear cruas inchomparáide, friotaíocht theirmeach, agus cobhsaíocht cheimiceach. Cé go dtáirgtear iad trí phróiseas difriúil agus ó amhábhair éagsúla, ní dhéanann na difríochtaí sin difear ábhartha d’airíonna feidhmiúla an táirge. Ina theannta sin, ní leor difríochtaí costais amháin chun caitheamh le tuaslagáin/glóthach mar tháirge ar leithligh. Le cumas cineálacha eile alúmana chomhleáite a chur in ionad tuaslagáin/glóthaí, fiú agus feidhmíocht laghdaithe i bhfeidhmeanna crua, léirítear cosúlacht fheidhmiúil agus idirmhalartacht leordhóthanach le haghaidh fhormhór na n-úsáidí scríobacha.
(35)
Dá réir sin, chloígh an Coimisiún lena chonclúid in aithrisí (46) go (48) den Rialachán sealadach go dtagann corandam tuaslagáin/glóthaí faoi raon feidhme an táirge faoi imscrúdú.
(36)
Mhaígh roinnt páirtithe leasmhara gur cheart alúmana comhleáite donn a eisiamh ó raon feidhme na mbeart, agus luaigh siad go bhfuil sé éagsúil le halúmana comhleáite bán ó thaobh a chomhdhéanaimh cheimicigh de, lena n-áirítear cion Al2O3 níos ísle agus leibhéil eisíontais níos airde. Mhaígh siad freisin nach dtáirgtear alúmana comhleáite donn san Aontas nó nach bhfuil sé ar fáil ach i gcainníochtaí neamhleora chun freastal ar éileamh an Aontais. Ina theannta sin, d’áitigh na páirtithe leasmhara go bhfuil sé dúshlánach go teicniúil an táirgeadh a athrú idir alúmana comhleáite donn agus alúmana comhleáite bán, agus go léiríonn fianaise mhargaidh nach éasca an dá tháirge a ionadú i dtéarmaí saintréithe teicniúla nó praghais.
(37)
Mheas an Coimisiún, cé go bhfuil cion Al2O3 beagán níos ísle ag alúmana comhleáite donn agus leibhéil eisíontais níos airde aige ná mar atá ag alúmana comhleáite bán, nach idirdhealú ábhartha iad na difríochtaí sin i saintréithe fisiceacha, ceimiceacha nó teicniúla ar leor iad chun táirge ar leithligh a shainiú. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire nach mbaineann an maíomh maidir le táirgeacht agus acmhainneacht táirgeachta theoranta alúmana comhleáite donn an Aontais le bunchineál an táirge. Mar sin féin, thug an Coimisiún dá aire go dtáirgeann tionscal an Aontais alúmana comhleáite donn faoi láthair. Maidir leis na cainníochtaí, mar a leagtar amach in aithrisí (307) agus (308) den Rialachán sealadach, shuigh an Coimisiún go bhfuil tionscal an Aontais in ann na cainníochtaí is gá a sholáthar do mhargadh an Aontais, le haghaidh alúmana comhleáite donn freisin. Dheimhnigh an Coimisiún freisin go mbaineann cuid shubstaintiúil den acmhainneacht bhreise atá ar fáil, atá ar fáil láithreach nó is féidir a chur i bhfeidhm laistigh de thréimhse an-ghearr, le halúmana comhleáite donn a tháirgeadh. Tugtar aghaidh a thuilleadh ar an maíomh maidir le hacmhainneacht táirgeachta neamhleor an Aontais i Roinn 7.4.
(38)
Ar na cúiseanna sin, mheas an Coimisiún go dtagann alúmana comhleáite donn faoi raon táirge an imscrúdaithe agus dhiúltaigh sé don mhaíomh maidir lena eisiamh.
(39)
Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár thug na barúlacha uile a fuarthas maidir leis an raon táirge údar leordhóthanach leis na heisiaimh táirgí. Dá bhrí sin, diúltaíodh do gach maíomh.
3. DUMPÁIL
3.1. Nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán
(40)
In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (49) go (55) den Rialachán sealadach.
3.2. An Gnáthluach
3.2.1. Saobhadh suntasach a bheith ann
(41)
Tar éis an nochta shealadaigh, chuir Abranova, Tyrolit agus VDS barúlacha isteach maidir le saobhadh suntasach a bheith ann.
(42)
Dhiúltaigh Abranova do spleáchas an Choimisiúin ar choincheap an tsaofa shuntasaigh sa tSín. D’áitigh siad gur ó thosca nádúrtha go príomha a thagann buntáistí costais tháirgeoirí na Síne: rochtain ar amhábhair, costais fuinnimh níos ísle, agus infheistíochtaí seanbhunaithe i dteicneolaíocht rialaithe truaillithe. D’áitigh sé gurb iad praghsanna arda leictreachais agus spleáchas ar amhábhair allmhairithe is cúis le deacrachtaí tháirgeoirí an Aontais ina ionad sin. Chuir Abranova go láidir i gcoinne na tuairime gurb ionann córas polaitiúil nó spriocanna comhdhála Pháirtí Cumannach na Síne agus cruthúnas ar shaobhadh sistéamach ar chostais táirgthe. Chuir sé i bhfios go láidir nach mór fiú do ghnólachtaí atá faoi úinéireacht an stáit agus do ghnólachtaí príobháideacha sa tSín oibriú go brabúsach agus nach féidir leo teacht slán ar fhóirdheontais amháin. Dá bhrí sin, ní raibh bunús le spleáchas an Choimisiúin ar thionchar stáit mar fhianaise ar shaobhadh, dar leo.
(43)
Mar a leagtar amach in aithrisí (74) go (110) den Rialachán sealadach, rinne an Coimisiún measúnú mionsonraithe faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus shuigh sé go bhfuil saobhadh suntasach sa tSín a dhéanann difear do chomhdhéanamh na gcostas táirgthe agus na bpraghsanna. Léiríodh ón bhfianaise go bhfuil tionchar forleathan ag an stát ar an ngeilleagar, lena n-áirítear i bhfuinneamh, amhábhair, saothar, agus rochtain ar mhaoiniú, rud a dhéanann difear do struchtúir chostais ar fud na hearnála. Níor athraigh na hargóintí a chuir Abranova i láthair na torthaí sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.
(44)
D’áitigh Tyrolit nár thacaigh fianaise dhearfach shubstainteach le spleáchas an Choimisiúin ar fhianaise ghinearálaithe chun a shuí gurb ann do shaobhadh amhábhar in alúmana agus i mbáicsít. D’áitigh siad go dtrádáiltear alúmana agus báicsít i margadh domhanda comhtháite agus go rianaítear go dlúth tagarmharcanna idirnáisiúnta le praghsanna intíre na Síne ar na tráchtearraí sin. Dar leo, ní raibh bunús le spleáchas an Choimisiúin ar fhianaise beartais ghinearálaithe, agus neamhaird á tabhairt ar shonraí praghsála sonracha ó fhoinsí amhail S&P Global Commodity Insights. D’áitigh Tyrolit, cé go bhféadfadh saobhadh a bheith ann i gcás roinnt tosca táirgeachta (e.g. fuinneamh, saothar), nach raibh feidhm aonfhoirmeach ag breithnithe den sórt sin, agus, go háirithe, nach raibh feidhm acu maidir le halúmana ná báicsít. Thacaigh VDS leis an seasamh sin, agus léirigh sé fianaise go raibh praghsanna alúmana agus báicsíte na Síne ag teacht den chuid is mó leis na leibhéil dhomhanda, rud a bhain an bonn de chinneadh an Choimisiúin maidir le saobhadh.
(45)
Mar a shonraítear in aithrisí (59) – (110) den rialachán sealadach, léirigh an fhianaise ar an gcomhad, lena n-áirítear an Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le saobhadh suntasach sa tSín, an gearán, agus taighde an Choimisiúin féin, idirghabháil shubstaintiúil stáit i ngeilleagar na Síne, lena n-áirítear sna hearnálacha alúmana agus báicsíte. Seoladh ceistneoirí chuig Rialtas na Síne maidir le saobhadh suntasach agus saobhadh amhábhar a bheith ann, ach níor fhreagair sé iad. Ar an gcaoi chéanna, níor chuir aon táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne fianaise chuí-réasúnaithe isteach a léiríonn go raibh a gcostais ionchuir, lena n-áirítear alúmana agus báicsít, saor ó shaobhadh. Os a choinne sin, suíodh san imscrúdú go n-oibríonn cuideachtaí faoi úinéireacht stáit agus oibreoirí príobháideacha araon sna hearnálacha sin faoi úinéireacht, faoi rialú nó faoi mhaoirseacht bheartais údaráis na Síne, agus doiciméid phleanála fhairsinge agus beartais thionsclaíocha ann lena ndírítear go sonrach ar alúmana agus ar bháicsít. Sa chomhthéacs sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach féidir praghsanna agus costais alúmana agus báicsíte sa tSín a mheas mar thoradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir.
(46)
Dá bhrí sin, chloígh an Coimisiún lena sheasamh agus deimhníodh leis sin na conclúidí in aithrisí (56) go (115) den Rialachán sealadach.
3.2.2. Tír ionadaíoch
(47)
Tar éis an nochta shealadaigh, cháin Andre Abrasives Articles agus VDS roghnú na Brasaíle mar an tír ionadaíoch.
(48)
D’iarr Andre Abrasives go ndéanfaí athmheasúnú, agus d’áitigh sé go bhfuil an Bhrasaíl míchuí mar gheall ar a struchtúr costais fuinnimh an-éagsúil agus méid níos lú an mhargaidh, rud a bhain an bonn dá hinchomparáideacht leis an tSín.
(49)
Níor tugadh bunús leis an iarraidh ar athmheasúnú ar mhodheolaíocht an ghnáthluacha agus ar dhiúltú na Brasaíle mar thír ionadaíoch mar gheall ar an struchtúr costais nó méid an mhargaidh. Mheabhraigh an Coimisiún gur roghnaíodh an Bhrasaíl i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, bunaithe ar infhaighteacht sonraí iontaofa ionadaíocha mar a luaitear in aithris (141) den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.
(50)
Chuir VDS i dtábhacht freisin gur dhiúltaigh an Coimisiún do Mheicsiceo ar dtús mar gheall ar easpa táirgthe líomhnaithe ach gur aistrigh sé ansin chuig an mBrasaíl gan údar soiléir.
(51)
Mheabhraigh an Coimisiún gur roghnaíodh an Bhrasaíl mar thír ionadaíoch tar éis é a bheith suite, murab ionann agus an Bhrasaíl, nach raibh aon fhíortháirgeadh i gcás an táirge faoi imscrúdú i Meicsiceo. Rinneadh an cinneadh sin freisin tar éis barúlacha a fháil maidir leis an easpa táirgthe i Meicsiceo ó pháirtithe leasmhara lena n-áirítear VDS. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.
(52)
Dá bhrí sin, chloígh an Coimisiún lena sheasamh agus deimhnítear leis seo na conclúidí in aithrisí (116) go (143) den Rialachán sealadach.
3.2.3. Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí
(53)
Tar éis an nochta shealadaigh, chuir roinnt páirtithe leasmhara barúlacha isteach a bhain leis na tagarmharcanna a úsáideadh le haghaidh tosca táirgeachta áirithe agus leis na costais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘SGA’) a úsáideadh chun an gnáthluach a ríomh.
3.2.3.1. Tosca táirgeachta
(54)
Chuir Saite, Runbao, DFFI, PRE agus Vesuvius in iúl go raibh imní orthu faoi spleáchas an Choimisiúin ar phraghsanna allmhairiúcháin na Brasaíle le haghaidh báicsíte mar fhoinse do phraghsanna neamhshaofa. D’áitigh siad gur mór-onnmhaireoir báicsíte í an Bhrasaíl, mar sin ní léiríonn allmhairí ach táirgí nideoige ar phraghas ard, nach bhfuil ionadaíoch ar chostais táirgthe alúmana chomhleáite. Thairis sin, tháinig sciar suntasach d’allmhairí na Brasaíle ón tSín, rud a d’ardaigh an baol go mbeadh saobhadh ann. Os a choinne sin, measadh go raibh struchtúr allmhairiúcháin Mheicsiceo níos éagsúla agus níos ábhartha ó thaobh an gheilleagair de, rud a chuir bonn níos iontaofa ar fáil chun gnáthluach a ríomh.
(55)
Thug an Coimisiún dá aire go raibh úsáid phraghsanna allmhairiúcháin na Brasaíle, mar léiriú ar phraghsanna intíre, comhsheasmhach le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Ós rud é gur onnmhaireoir suntasach báicsíte í an Bhrasaíl, níor baineadh an bonn d’iontaofacht a staidrimh allmhairiúcháin, lenar cumhdaíodh méid leordhóthanach agus tionscnaimh éagsúla. Mar a mhínítear sa chéad Nóta maidir le tosca táirgeachta, rinneadh allmhairí de thionscnamh na Síne a eisiamh ó ríomh an tagarmhairc le haghaidh báicsíte. Chomh maith leis sin, in ainneoin a sciar coibhneasta, ní raibh tionchar suntasach ag allmhairí ón tSín ar phraghsanna allmhairiúcháin ón gcuid eile den domhan, a rinneadh ar phraghsanna i bhfad níos airde. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.
(56)
Thug Tyrolit dúshlán freisin do na tagarmharcanna le haghaidh alúmana agus báicsíte, agus chuir sé i dtábhacht gur tráchtearraí a thrádáiltear ar fud an domhain iad na hionchuir sin agus go rianaíonn praghsanna na Síne leibhéil an mhargaidh idirnáisiúnta, agus dá bhrí sin nach raibh gá le praghsáil tagarmhairc. Cháin Tyrolit agus Saite freisin úsáid sonraí allmhairiúcháin na Brasaíle lenar áiríodh onnmhairí ardcháilíochta na Spáinne de bháicsít chailcínithe nach bhfuil inchomparáide le bunábhar tionsclaíoch caighdeánach, agus chuir siad neamhréireachtaí i dtábhacht amhail athruithe ar chóid CC nach ndearna difear do chorrlaigh dhumpála. D’áitigh siad gur cheart go mbeadh na gnáthluachanna ina léiriú ar phraghsanna intíre neamhshaofa na Brasaíle, nó ar phraghsanna onnmhairiúcháin i gcás inarb iomchuí, ach d’áitigh siad ar deireadh nach raibh aon fhianaise ar shaobhadh amhábhar sa tSín a thabharfadh údar le tagarmharcanna ionadacha.
(57)
Mheabhraigh an Coimisiún nár mhór tagarmharcanna a bhunú toisc nárbh fhéidir praghsanna agus costais intíre na Síne a úsáid i ngeall ar shaobhadh suntasach a bheith ann sa tSín, mar a leagtar amach in aithrisí (74)–(110) den Rialachán sealadach. Úsáideadh sonraí allmhairiúcháin na Brasaíle mar an fhoinse is iomchuí do phraghsanna tagarmhairc neamhshaofa, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a). Cé go bhfuil sonraí a bhaineann le cineálacha speisialaithe táirgí sa staidreamh allmhairiúcháin, ní fhágann sé sin go bhfuil an tacar sonraí allmhairiúcháin ina iomláine neamhbhailí, ar tacar sonraí é lenar cumhdaíodh méideanna leordhóthanacha ó áiteanna tionscnaimh éagsúla. Ina theannta sin, níor chuir na páirtithe sin fianaise thacaíochta ar fáil nár léirigh na tagarmharcanna praghsanna intíre neamhshaofa na Brasaíle. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.
(58)
D’áitigh FEPA agus Smirdex s.a. go bhfoinsíonn táirgeoirí alúmana chomhleáite na Brasaíle báicsít ar bhonn intíre, rud a fhágann nach mbaineann staidreamh allmhairiúcháin le tagarmharcáil costais. Mhol an dá pháirtí go n-úsáidfí innéacsanna trédhearcacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, amhail innéacsanna ó S&P Global Commodity Insights nó CBIX, lena léirítear réaltachtaí an mhargaidh ar bhealach níos fearr, de réir na bpáirtithe leasmhara. Tharraing Smirdex aird freisin ar fhianaise nach raibh praghsanna margaidh na Brasaíle le haghaidh báicsíte agus alúmana ach thart ar 10-15 % níos airde ná leibhéil na Síne, rud nach dtacaíonn leis na corrlaigh dhumpála an-arda a bhunaítear sa rialachán sealadach.
(59)
Chuir an Coimisiún Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán i bhfeidhm trí úsáid a bhaint as sonraí ó thír ionadaíoch ina raibh na sonraí ábhartha ar fáil go héasca. Measadh go raibh an tagarmharc le haghaidh báicsíte a foinsíodh sa tír ionadaíoch i.e. an Bhrasaíl iomchuí. Thairis sin, níor thacaigh fianaise leis na difreálaigh praghsanna líomhnaithe idir an Bhrasaíl agus an tSín, ní raibh siad ach mar thoradh ar líomhaintí neamhfhíoraithe. Dá bhrí sin, níor léirigh na páirtithe leasmhara go raibh an tagarmharc a roghnaíodh le haghaidh báicsíte míchuí agus gur cheart don Choimisiún dul i muinín modheolaíocht mhalartach chun tagarmharc neamhshaofa a shuí don toisc tháirgeachta sin. Thug an Coimisiún dá aire freisin go raibh an praghas tagarmhairc le haghaidh báicsíte sa raon céanna le praghas onnmhairiúcháin na Síne le haghaidh báicsíte, grád teasfhulangach, 85 %/2,0/3,15–3,2 (0–6 mm), FOB Xingang, mar a tuairiscíodh i dtagarmharcanna tionscail neamhspleácha Metal Bulletin don tionscal domhanda miotail agus mianadóireachta (praghsanna Fastmarkets). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.
(60)
D’áitigh Vesuvius gur theip ar an gCoimisiún a nochtadh go soiléir cé na cóid CC a úsáideadh chun tagarmharcanna a thógáil do bháicsít agus do bháicsít chailcínithe. Thug siad dá n-aire, cé gur thagair na doiciméid réamhnochta do CC 2508 30 , gur luadh cód custaim 2606 00 12 agus cód custaim 2606 00 90 sa rialachán sealadach. Dar leo, cruthaíonn an neamhréireacht sin éiginnteacht maidir leis na sonraí ar a bhfuiltear ag brath iarbhír agus baineann sí an bonn de thrédhearcacht na modheolaíochta. Dá bhrí sin, d’iarr Vesuvius ar an gCoimisiún nochtadh cuí a dhéanamh ar na cóid bheachta CC a úsáidtear chun gnáthluach a chinneadh.
(61)
Thug an Coimisiún dá aire gur liostaíodh báicsít chailcínithe ar dtús faoi chód CC 2508 30 sa chéad Nóta maidir le tosca táirgeachta, a chomhfhreagraíonn do mhianta alúmanaim agus do thiúcháin i gcoitinne. Tar éis tuilleadh scrúdaithe agus fíoraithe a dhéanamh ag áitreabh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, dheimhnigh sé go n-aicmítear báicsít chailcínithe i gceart faoi chóid AC 2606 00 12 agus 2606 00 90 , a úsáideadh chun na tagarmharcanna sa rialachán sealadach a thógáil. Áirithíodh leis an athrú sin aicmiú ceart custaim na toisce táirgeachta a d’úsáid na táirgeoirí onnmhairiúcháin iarbhír agus níor athraíodh an mhodheolaíocht fholuiteach. Léirigh an tagairt do CC 2508 30 i ndoiciméid roimhe seo réamhfhaisnéis a sholáthair na táirgeoirí onnmhairiúcháin. I dTábla 1 den rialachán sealadach, níor coinníodh ach báicsít chailcínithe mar ionchur ós rud é gur úsáid táirgeoirí onnmhairiúcháin báicsít chailcínithe seachas báicsít amh. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur cuireadh an mhodheolaíocht i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go trédhearcach, agus diúltaíodh don mhaíomh.
(62)
D’áitigh Vesuvius gur bhain modh an Choimisiúin chun costais fuinnimh glan ó cháin a chinneadh d’onnmhaireoirí na Síne, bunaithe ar phraghsanna leictreachais agus gáis na Brasaíle, úsáid mhíchruinn as asbhaint chánach ICMS 17.5 %. Dhearbhaigh siad go raibh rátaí ICMS sa Bhrasaíl idir 17 % agus 20 %, agus léirigh go leor foinsí gur tháinig idirbhearta laistigh den stát, amhail soláthar fuinnimh, laistigh den raon sin de ghnáth. Dá bhrí sin, thug Vesuvius le fios gur cheart meánráta 18,5 % a úsáid in ionad 17,5 %.
(63)
Shuigh an Coimisiún gur chuir formhór stáit na Brasaíle rátaí ICMS 17-18 % i bhfeidhm ar thomhaltas leictreachais tionsclaíoch don tréimhse imscrúdúcháin. Cé gur shocraigh roinnt stát rátaí níos airde, cuireadh iad sin i bhfeidhm go príomha maidir le tomhaltas cónaithe os cionn tairseacha áirithe agus ní maidir le húsáideoirí tionsclaíocha. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur léirigh an asbhaint 17,5 % a cuireadh i bhfeidhm sna ríomhanna sealadacha go cruinn na meándhálaí a bhíonn roimh úsáideoirí tionsclaíocha agus chuir sé bonn réasúnta ionadaíoch ar fáil chun na glanchostais fuinnimh cánach a shuí. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.
(64)
Dá bhrí sin, chloígh an Coimisiún lena sheasamh agus deimhníodh leis sin na conclúidí in aithrisí (144) go (160) den Rialachán sealadach.
(65)
Tar éis an nochta deiridh, dúirt Vesuvius go raibh an Coimisiún ag brath ar shonraí EIS le haghaidh uaireanta seachtainiúla a oibríodh iarbhír in earnáil ghinearálta na monaraíochta sa Bhrasaíl (40,4 uair an chloig), rud nach léiríonn, dar le Vesuvius, an ghníomhaíocht eacnamaíoch atá ábhartha don táirge atá faoi imscrúdú. D’áitigh Vesuvius go raibh sonraí earnáilsonracha EIS le haghaidh earnáil eacnamaíoch 23 (‘Monarú táirgí mianracha neamh-mhiotalacha eile’), a léiríonn 41,3 uair an chloig oibre iarbhír in aghaidh na seachtaine, ar fáil agus gur cheart iad a úsáid ina n-ionad.
(66)
Scrúdaigh an Coimisiún an maíomh sin agus dheimhnigh sé go soláthraíonn tacar sonraí EIS faisnéis dhí-chomhiomlánaithe le haghaidh earnáil eacnamaíoch 23. Ós rud é go dtagann táirgeadh an táirge lena mbaineann faoin earnáil sin, ghlac an Coimisiún leis an mbarúil. Dá réir sin, rinne an Coimisiún an tagarmharc le haghaidh costais saothair a athríomh tríd an bhfigiúr earnáilsonrach 41,3 uair an chloig a chur in ionad na n-uaireanta seachtainiúla a oibríodh iarbhír roimhe sin (40,4 uair an chloig). Níor tháinig aon athrú ar na céimeanna modheolaíochta eile go léir. Mar thoradh ar an gcoigeartú sin, tháinig laghdú ar an gcostas saothair in aghaidh na huaire ó 58,36 CNY/in aghaidh na huaire go 57,09 CNY/in aghaidh na huaire.
3.2.3.2. Costais SGA agus brabúis
(67)
Chuir DFFI agus PRE barúlacha isteach nach raibh na cuideachtaí Brasaíleacha roghnaithe—Tecnosulfur, Bozel Brasil S.A., agus Trevo Industrial—iontaofa mar ionadaithe don tionscal alúmana chomhleáite, toisc gur oibrigh siad i réimsí neamhghaolmhara le próisis agus margaí táirgthe ar leith. De réir DFFI agus PRE, níor léirigh na cuideachtaí sin saintréithe eacnamaíocha ná teicniúla an táirgthe alúmana chomhleáite.
(68)
Ar an gcaoi chéanna, d’áitigh Tyrolit go raibh teorainn le hinchomparáideacht na gcuideachtaí roghnaithe de chuid na Brasaíle a bhfuil tionscal alúmana chomhleáite acu. Cé go raibh roinnt cosúlachta ag Bozel, mar tháirgeoir fearó-chóimhiotail a oibríonn stuafhoirnéisí, le táirgeoirí alúmana chomhleáite, measadh go raibh Trevo agus Tecnosulfur mí-oiriúnach. D’oibrigh Trevo i monaraíocht phlástarchláir (6), earnáil iomlán difriúil, agus bhí caiteachas SGA i bhfad níos airde ag teastáil ó shamhail ghnó Tecnosulfur atá nasctha le margaíocht, T&F, agus tacaíocht díolacháin. Thathantaigh Tyrolit ar an gCoimisiún sonraí a chur in ionad na gcuideachtaí sin ó tháirgeoirí Brasaíleacha níos iomchuí san earnáil fearó-chóimhiotail, a úsáideann stuafhoirnéisí chun mianta a phróiseáil, rud a fhágann go bhfuil siad an-dian ar fhuinneamh, amhail Ferbasa, RIMA, Nova Era Silicon, nó Ferro Ligas, a soláthródh a ráitis airgeadais fhoilsithe tagarmharc níos dlúithe.
(69)
Dúirt Vesuvius freisin nach raibh aon nasc ag dhá cheann de na trí chuideachta roghnaithe—Trevo agus Tecnosulfur—le táirgeadh alúmana chomhleáite. Tá gníomhaíocht Trevo teoranta do mhonarú ballaí tirime, nach mbaineann le leictrea-chomhleá, agus soláthraíonn Tecnosulfur táirgí díshulfaraithe do mhiotail leachtacha (7). Cé go n-oibríonn Bozel foirnéisí leictrea-chomhleá, chuir Vesuvius i dtábhacht, ar an iomlán, nach bhfuil dóthain inchomparáideachta ag cuideachtaí roghnaithe an Choimisiúin le táirgeoirí alúmana chomhleáite, rud a fhágann go bhfuil siad mí-oiriúnach chun méid iontaofa neamhshaofa agus réasúnach a shuí le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús.
(70)
I bhfianaise na mbarúlacha nua sin, fuarthas amach nach raibh na cuideachtaí a roghnaíodh ar dtús nasctha go leordhóthanach le hearnáil thionsclaíoch an alúmana chomhleáite i ngeall ar a ngníomhaíochtaí nó gur measadh nach raibh leibhéal na gcostas SGA a fuarthas le haghaidh Bozel 2-3 % réasúnta de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán ós rud é go raibh siad ró-íseal i gcomparáid le leibhéal na gcostas SGA a bhí ann de ghnáth le haghaidh cuideachtaí a bhí ag feidhmiú san earnáil sin (8) le linn na tréimhse faoi bhreathnú, costais a sháraigh 10 %. Dá bhrí sin, measadh nach raibh siad ionadaíoch ar an earnáil alúmana chomhleáite. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún athmheasúnú ar a roghnú chun cuideachtaí a shainaithint a bhfuil gníomhaíochtaí acu atá níos inchomparáide go teicniúil agus go heacnamaíoch le táirgeadh alúmana chomhleáite, fiú má aicmítear iad faoi chód NACE 24.1 atá éagsúil ach gaolmhar (Monarú buniarainn agus bunchruach agus fearó-chóimhiotal). Is iad FERBASA, RIMA Industrial, Aço Verde do Brasil, MINASLIGAS agus Viena Siderúrgica na cuideachtaí nua-aitheanta.
(71)
Mheas an Coimisiún go raibh na cuideachtaí sin níos oiriúnaí mar ionadaithe do tháirgeoirí alúmana chomhleáite, toisc go mbaineann a n-oibríochtaí san earnáil fearó-chóimhiotail le próisis táirgthe agus struchtúir chostais atá ailínithe go dlúth le próisis táirgthe alúmana chomhleáite. Go sonrach, tá na príomh-shaintréithe teicniúla agus eacnamaíocha céanna acu: (i) táirgeadh i stua leictreach nó i bhfoirnéisí leictreacha, (ii) próisis laghdaithe/bruithnithe ardteochta, (iii) struchtúir chostais atá dian ar fhuinneamh agus ar chaipiteal, (iv) slabhraí soláthair amhábhar mianraí-bhunaithe, (v) aisghabháil fotháirgí agus rialuithe comhshaoil, agus (vi) naisc láidre le tionscail déanta cruach, ina bhfuil ról ríthábhachtach ag alúmana comhleáite mar ionchur teasfhulangach freisin.
(72)
Dá bhrí sin, ghlac an Coimisiún leis nach raibh na cuideachtaí a roghnaíodh ar dtús ag an gcéim shealadach ionadaíoch go leor. Rinneadh na ríomhanna arís bunaithe ar shonraí airgeadais cuideachtaí san earnáil fearó-chóimhiotal agus cruach, a mheastar a bheith níos nasctha le táirgeadh an táirge faoi imscrúdú. Áirithíodh leis an modhnú sin go léiríonn na costais SGA agus na tagarmharcanna brabúis a úsáidtear chun gnáthluach a ríomh réaltachtaí na dtáirgeoirí atá ag feidhmiú i dtionscail dianfhuinnimh inchomparáide ar bhealach níos cruinne. Ar an mbonn sin, is é a bhí i gcostais SGA agus na céatadáin bhrabúis agus 11,41 % agus 5,63 % de chostas na n-earraí a díoladh.
(73)
Tar éis an nochta deiridh, dúirt Imerys gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na costais SGA agus ar an tagarmharc brabúis, agus d’áitigh sé nár léirigh sé leibhéil ‘neamhshaofa agus réasúnach’ de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Dar leo, níl dhá cheann de na cuideachtaí roghnaithe – Aço Verde do Brasil agus Viena Siderúrgica – inchomparáide go teicniúil le táirgeoirí alúmana chomhleáite, toisc nach n-oibríonn siad san earnáil fearó-chóimhiotail agus go n-úsáideann siad foirnéis soinneáin seachas stuafhoirnéis leictreach. Mhaígh Imerys freisin nach raibh costais SGA agus leibhéil bhrabúis na gcuideachtaí sin ionadaíoch, agus luaigh sé méid agus brabúsacht Viena agus cóimheas costais SGA níos ísle Aço Verde do Brasil bunaithe ar ríomhanna costais SGA Imerys. I ndáil leis sin, mhaígh Imerys nár cheart glanchostais airgeadais a dhealú ón uimhreoir agus ríomh chostais SGA á chinneadh. Thagair Imerys freisin d’imscrúduithe a tuairiscíodh go poiblí ar chearta saothair a bhaineann le soláthróirí áirithe atá nasctha le Viena mar fhianaise ar choinníollacha a líomhnaítear nach léiríonn gnáthiompraíocht an mhargaidh. Ar an mbonn sin, d’iarr Imerys go ndéanfaí an dá chuideachta sin a eisiamh agus nach ndéanfaí an tagarmharc a athríomh ach amháin trí úsáid a bhaint as táirgeoirí a mheasann siad a bheith inchomparáide i ndáiríre.
(74)
Mheas an Coimisiún nár léirigh na hargóintí a ardaíodh go raibh costais SGA agus leibhéil bhrabúis na gcuideachtaí lena mbaineann saofa ná neamhionadaíoch. Cé go bhféadfadh an cineál foirnéise a úsáidtear a bheith éagsúil, tá na bunphróisis táirgthe agus na bunstruchtúir chostais fós inchomparáide chun athróg ionadach réasúnta a bhunú faoi Airteagal 2(6a)(a).
(75)
Thug an Coimisiún dá aire freisin nach raibh bunús leis na dearbhuithe maidir le dinimicí éagsúla soláthair-éilimh nó struchtúir éagsúla costais. Ar an gcaoi chéanna, ní toisc ábhartha í méid na gcuideachtaí chun ionadaíochas a chinneadh. Maidir le costais SGA, dheimhnigh an Coimisiún gur ríomhadh cóimheasa costais SGA i gcomhréir leis an gcleachtas caighdeánach, lenar cuireadh ioncam agus costais airgeadais ábhartha san áireamh chun ráta costais SGA a chinneadh. Bunaithe ar ríomhanna fíoraithe an Choimisiúin féin, tagann cóimheasa SGA an dá chuideachta faoin raon a bhreathnaítear de ghnáth i gcás oibreoirí inchomparáide.
(76)
Ar deireadh, tugann an Coimisiún dá aire go mbaineann na líomhaintí a bhaineann le saothar a d’ardaigh Imerys le himeachtaí leanúnacha a bhaineann le soláthróirí réamhtheachtacha áirithe seachas leis na cuideachtaí féin agus, dá bhrí sin, nach ndearna siad difear d’oiriúnacht a sonraí airgeadais chun an tagarmharc a bhunú.
(77)
Ar an mbonn sin, d’áitigh an Coimisiún go raibh na cuideachtaí roghnaithe iomchuí agus nach raibh údar le hathbhreithniú a dhéanamh ar an tagarmharc.
(78)
Tar éis an nochta deiridh bhreise, d’athdhearbhaigh Imerys na barúlacha céanna a chuir sé isteach cheana féin tar éis an nochta deiridh, gan aon fhianaise fhíorasach ná faisnéis fhíorasach nua a sholáthar. Níor bhain an nochtadh deiridh breise ach leis na heilimintí a modhnaíodh i bhfianaise na mbarúlacha a fuarthas maidir leis an nochtadh deiridh, agus iarradh ar pháirtithe leasmhara gan ach barúil a thabhairt ar na hathruithe sonracha sin. Ós rud é nár bhain athdhearbhaithe Imerys leis na gnéithe a leasaíodh, níor cuireadh na barúlacha sin san áireamh.
3.3. An praghas onnmhairiúcháin
(79)
In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (170) go (172) den Rialachán sealadach.
3.4. Comparáid
(80)
Tar éis an nochta shealadaigh, chuir Tyrolit agus VDS barúlacha isteach maidir leis an gcomparáid.
(81)
D’áitigh VDS agus Tyrolit nár nocht an Coimisiún cé na cáilíochtaí sonracha d’alúmana comhleáite a úsáideadh sna ríomhanna gnáthluacha, agus chuir siad i dtábhacht nach féidir comparáidí fóinteacha a dhéanamh ach amháin ar bhonn ‘macasamhail le macasamhail’ i bhfianaise na héagsúlachta leithne praghsanna idir gráid. Mhaígh siad nach bhfuil praghsanna an táirge faoi imscrúdú sa Bhrasaíl ach 10-15 % níos airde go ginearálta ná leibhéil na Síne agus tharraing siad aird ar neamhréireachtaí idir Runbao agus Elfusa, táirgeoirí aitheanta an táirge faoi imscrúdú sa Bhrasaíl, praghsanna idir – 18 % agus + 16 %. D’áitigh siad freisin go bhfuil na corrlaigh dumpála iomarcacha a tuairiscíodh sa rialachán sealadach mar thoradh ar earráidí modheolaíochta, amhail cumhdach táirgí róleathan, spleáchas ar shonraí neamhionadaíocha, agus praghsáil lochtach na Brasaíle a úsáid, agus thug siad dá n-aire freisin gur thug Elfusa féin le fios go mbeadh praghas cothrom ar cháilíochtaí alúmana áirithe 30-35 % os cionn phraghsanna na Síne.
(82)
Meabhraíonn an Coimisiún gur nochtadh na paraiméadair ábhartha uile atá mar bhonn leis na ríomhanna dumpála i gcomhréir le hAirteagal 19 den bhun-Rialachán, rud a chuir ar a gcumas do na páirtithe barúil a thabhairt maidir leis na bunfhíorais. Ní raibh fianaise ag gabháil leis na maímh nach bhfuil praghsanna an táirge faoi imscrúdú sa Bhrasaíl ach 10-15 % níos airde ná leibhéil na Síne, go léiríonn neamhréireachtaí idir praghsanna Runbao agus Elfusa lochtanna modheolaíochta, nó gur cheart praghsanna ‘cothroma’ a bheith 30–35 % os cionn leibhéil na Síne. Bhí torthaí an Choimisiúin bunaithe ar shonraí fíoraithe ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte agus ar thagarmharcanna mar a thuairiscítear i Roinn 3.2.3.1 den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go leanann a mhodheolaíocht forálacha dlíthiúla ábhartha an bhun-Rialacháin frithdhumpála agus go raibh sí comhsheasmhach leis an gcleachtas seanbhunaithe agus gur cinneadh na corrlaigh dhumpála shealadacha i gceart.
3.5. Corrlaigh dhumpála
(83)
Mar a shonraítear in aithris (72), tar éis maímh a bhfuil bunús leo agus ar ghlac siad leo ó pháirtithe leasmhara, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na corrlaigh dhumpála.
(84)
Tar éis an nochta shealadaigh, chuir August Riiggeberg GmbH & Co. KG, PFERD-Riiggeberg S.A. agus VDS barúlacha isteach maidir le corrlaigh dhumpála.
(85)
D’áitigh August Riiggeberg GmbH & Co. KG agus PFERD-Riiggeberg S.A. go raibh an corrlach dumpála iarmharach 136,36 % díréireach agus nár léirigh sé dálaí iarbhír an mhargaidh. D’áitigh siad gur díorthaíodh an dleacht iarmharach ó fhothacar beag díolachán ag an táirgeoir a bhfuil an corrlach is airde aige, rud a d’fhág nach raibh sí ionadaíoch. Shonraigh na páirtithe freisin nach raibh siad in ann an ríomh a fhíorú mar gheall ar thrédhearcacht neamhleor, ach mheas siad gur dócha go mbeadh sé earráideach, b’fhéidir mar thoradh ar chomparáidí táirgí neamh-chomhoiriúnacha. Dar leo, tá na difríochtaí praghais iarbhír idir corandam saorga na Síne agus na Brasaíle i bhfad níos lú ná na difríochtaí a léirigh an Coimisiún, fiú le linn luaineachtaí sa mhargadh le déanaí a bhaineann leis an gcogadh san Úcráin agus leis an ngéarchéim fuinnimh.
(86)
Suíodh an corrlach dumpála iarmharach ar bhonn torthaí fíoraithe ó fhothacar díolachán de chuid Saite, an t-onnmhaireoir sampláilte ag a bhfuil an corrlach dumpála is airde. Measadh gur bonn iomchuí agus ionadaíoch é an fothacar sin, a raibh 7 % d’onnmhairí an táirge lena mbaineann uaidh chuig an Aontas (agus [4,8] % i gcás onnmhairí an táirge lena mbaineann ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte) le linn na tréimhse imscrúdúcháin, chun an dleacht iarmharach is infheidhme maidir le honnmhaireoirí neamh-chomhoibríocha a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha atá mar bhonn don ríomh, agus cothromaíocht iomchuí idir trédhearcacht agus cosaint faisnéise rúnda á háirithiú an tráth céanna. Níorbh fhéidir glacadh le líomhaintí gan bhunús maidir le hearráid nó díréireacht a d’fhéadfadh a bheith ann. Rinneadh na comparáidí idir táirgí agus cinneadh an ghnáthluacha ar bhonn na bhforálacha dlíthiúla ábhartha agus chleachtas comhsheasmhach an Choimisiúin. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.
(87)
Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den chostas, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
Cuideachta
Corrlach dumpála cinntitheach (%)
Chongqing Saite Corundum Co., Ltd.
99,8
Luoyang Runbao Abrasives Co., Ltd.
88,7
Cuideachtaí comhoibríocha eile
94,5
Gach allmhaire eile de thionscnamh na Síne
110,6
4. DÍOBHÁIL
4.1. Barúlacha ginearálta
(88)
D’éiligh cuid de na páirtithe leasmhara go raibh an anailís shealadach ar dhíobháil agus ar chúisíocht lochtach toisc nach ndearnadh anailís ar chodanna áirithe den mhargadh astu féin. D’áitigh siad go raibh údar le hanailís díobhála dheighilte le haghaidh cineálacha éagsúla táirgí mar gheall ar dhifríochtaí i saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla na gcineálacha táirgí. Go sonrach, mhaígh ArcelorMittal, Saite agus na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearna CCCMC ionadaíocht orthu go raibh gá le hanailísí ar leithligh le haghaidh alúmana comhleáite de ghrád teasfhulangach. Rinne na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearna CCCMC ionadaíocht orthu argóint freisin maidir le hanailís díobhála dheighilte le haghaidh tuaslagáin/glóthaí. Mhaígh Reckel agus Tyrolit go bhfuil na ríomhanna díobhála le haghaidh Runbao bunaithe ar neamhréir sna meascáin táirgí toisc gur alúmana comhleáite donn den chuid is mó a tháirg Runbao, cé go ndíríonn táirgeadh thionscal an Aontais go príomha ar alúmana comhleáite bán. Ar an gcaoi chéanna, mhaígh Tyrolit nach bhfuil na ríomhanna díobhála le haghaidh Saite chomh hionadaíoch céanna fós toisc nach dtáirgeann Saite ach alúmana comhleáite donn.
(89)
Suíodh san imscrúdú go dtáirgeann cuideachtaí sampláilte an Aontais alúmana comhleáite donn. Fuarthas amach go raibh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte de chuid na Síne in iomaíocht dhíreach leis na táirgí a mhonaraigh tionscal an Aontais, lena n-áirítear alúmana comhleáite donn. Dá bhrí sin, tá an anailís díobhála ionadaíoch agus léiríonn sí iomaíocht iarbhír sa mhargadh.
(90)
Thairis sin, ar na cúiseanna a luaitear in aithrisí (42) go (48) den Rialachán sealadach agus a athdhearbhaíodh in aithrisí (28) go (39), dheimhnigh an Coimisiún gur cheart caitheamh leis an táirge faoi imscrúdú mar aon táirge amháin. Thug an Coimisiún dá aire nach leor easpa idirmhalartachta iomláine na gcineálacha táirgí agus go mbaineann táirgí le gráid éagsúla chun gur gá measúnú de réir deighleoige a dhéanamh. Ní athraíonn na haighneachtaí a fhaightear tar éis an nochta shealadaigh na torthaí sin. Ina theannta sin, dáiltear gach cineál táirge trí na bealaí céanna agus díoltar iad leis na grúpaí custaiméirí céanna. Léiríonn na fíorais sin gur cuid den mhargadh iomaíoch céanna iad na táirgí. Dheimhnigh an Coimisiún go bhfuil na príomh-shaintréithe feidhmiúla céanna ag na cineálacha éagsúla alúmana chomhleáite agus go bhfuil na difríochtaí praghais i measc cineálacha éagsúla táirgí á mbreithniú cheana féin faoi mhodh na gcóduimhreach táirge a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar shladghearradh praghais.
4.2. Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
(91)
In éagmais aon bharúil maidir le sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus táirgeacht an Aontais, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (186) go (187) den Rialachán
4.3. Tomhaltas an Aontais
(92)
In éagmais aon bharúil maidir le tomhaltas an Aontais, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (188) go (190) den Rialachán sealadach.
4.4. Allmhairí ón tír lena mbaineann
4.4.1. Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus sladghearradh praghais
(93)
D’áitigh Saite agus Runbao go raibh an coigeartú ar an gcóduimhir tháirge maidir le halúmana comhleáite donn, mar a mhínítear in aithrisí (11) agus (199) den Rialachán sealadach, míchruinn i bhfianaise an idirdhealaithe theicniúil idir an dá ghrád. Dá bhrí sin, mhaígh Saite agus Runbao, in éagmais tháirgeacht an Aontais maidir le halúmana comhleáite donn den dara grád, gur cheart alúmana comhleáite donn den dara grád arna tháirgeadh ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin a bhaint den chomparáid praghsanna nó a choigeartú go hiomchuí.
(94)
Thairis sin, d’áitigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearna CCCMC ionadaíocht orthu go mbaintear an bonn den anailís ar shladghearradh praghais toisc nach bhfuil comhthéacs anailíseach ann agus toisc go mbraitheann sé ar chomparáid ar mheánphraghsanna nach gcuireann idirdhealuithe idir na cineálacha éagsúla táirgí san áireamh. Mhaígh na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearna CCCMC ionadaíocht orthu go léiríonn raon leathan praghsanna allmhairiúcháin alúmana chomhleáite, a breathnaíodh ní hamháin in allmhairí ón tSín ach ó thríú tíortha freisin, éagsúlachtaí i gcineál na dtáirgí a mhonaraítear, rud a fhágann go bhfuil comparáid lochtach ann.
(95)
Ina theannta sin, d’áitigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearna CCCMC ionadaíocht orthu nach ndearnadh aon mheasúnú réasúnaithe ar shochtadh praghsanna.
(96)
Maidir leis an maíomh faoi choigeartú na códuimhreach táirge, thug an Coimisiún dá aire, mar a mhínítear in aithris (11) den Rialachán sealadach, gur suíodh leis an imscrúdú go raibh an t-idirdhealú idir alúmana comhleáite donn den chéad ghrád agus den dara grád sa chóduimhir tháirge saorga, nach léiríonn sé na caighdeáin atá aitheanta ag an tionscal agus go bhfuil sé faoi réir léirmhínithe. Dá réir sin, bhí gá le coigeartú ar an gcóduimhir tháirge maidir le halúmana comhleáite donn. Mheas an Coimisiún, agus comparáid á déanamh idir táirgí, gurb iad na heilimintí criticiúla na hábhair atá in Al2O3 agus Fe2O3, a léirítear i luachanna A1/A2 agus F1/F2 laistigh den chóduimhir tháirge. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.
(97)
Maidir leis an maíomh faoin anailís ar shladghearradh, thug an Coimisiún dá aire go gcuirtear difríochtaí praghais i measc cineálacha táirgí san áireamh cheana féin le modheolaíocht na códuimhreach táirge a úsáideadh san imscrúdú. Áirithítear leis sin go ndéanfar comparáidí idir táirgí a bhfuil saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha comhchosúla acu, agus ar an gcaoi sin sláine na hanailíse ar shladghearradh praghais a chaomhnú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.
(98)
Maidir leis an maíomh nach ndearnadh aon mheasúnú réasúnaithe ar shochtadh praghsanna, thug an Coimisiún dá aire, mar a shonraítear i Roinn 4.3.2, agus i Roinn 5.1 den Rialachán sealadach, go ndearna an Coimisiún anailís chríochnúil ar threochtaí praghsanna, ar fhorbairtí costais, agus ar bhrabúsacht thionscal an Aontais. Léirigh an t-imscrúdú, d’ainneoin costais a bheith ag ardú, nach raibh tionscal an Aontais in ann a phraghsanna díola a mhéadú, dá réir sin, rud a d’fhág go raibh sochtadh praghsanna ann agus gur tháinig meath ar an mbrabúsacht. Mar a thug an Coimisiún dá aire in aithrisí (196) agus (278) den Rialachán sealadach, ba é EUR 1 880 in aghaidh an tona meánphraghas neamhdhíobhálach thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcodarsnacht le meánphraghas allmhairiúcháin EUR 878 in aghaidh an tona ón tSín. Deimhnítear leis sin gurb ann do dhíobháil ábhartha arb iad allmhairí dumpáilte is cúis léi. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.
4.5. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
4.5.1. Táscairí maicreacnamaíocha
4.5.1.1. Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
(99)
D’áitigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearna CCCMC ionadaíocht orthu nach bhfuil baint chúisíoch ag an laghdú 37 % ar tháirgeacht thionscal an Aontais leis an méadú ar allmhairí ón tSín. Maidir le húsáid acmhainneachta, mhaígh na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearna CCCMC ionadaíocht orthu gur baineadh tearcúsáid as acmhainneachtaí fiú roimh an méadú ar allmhairí ón tSín agus roimh thús na tréimhse faoi bhreathnú, mar is léir ón bhfíoras go raibh úsáid acmhainneachta thionscal an Aontais ag 69 % cheana féin ag tús na tréimhse faoi bhreathnú. D’áitigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearna CCCMC ionadaíocht orthu freisin nach raibh an laghdú ar onnmhairí thionscal an Aontais mar thoradh ar an mbrú a chuir táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne i bhfeidhm.
(100)
Mheas an Coimisiún go mbaineann na hargóintí le cúisíocht seachas leis na táscairí maicreacnamaíocha iontu féin agus tugann sé aghaidh ar na hargóintí i Roinn 5 thíos. Thug an Coimisiún dá aire, áfach, gan beann ar úsáid acmhainneachta thionscal an Aontais ag tús na tréimhse faoi bhreathnú, gur tháinig laghdú géar ar rátaí úsáide ó 69 % in 2021 go 43 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin, mar a fhaightear in aithrisí (206) go (208) den Rialachán sealadach, rud a léiríonn go ndearnadh difear suntasach d’úsáid acmhainneachta táirgeachta an tionscail le linn na tréimhse imscrúdúcháin.
(101)
In éagmais aon bharúil bhreise maidir leis an táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (206) go (208) den Rialachán sealadach.
4.5.1.2. An méid díolachán agus an sciar den mhargadh
(102)
D’áitigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearna CCCMC ionadaíocht orthu nár chuir an méadú ar allmhairí ón tSín agus ar phraghsanna na Síne in 2022 brú anuas ar phraghsanna thionscal an Aontais ná ar an sciar den mhargadh, toisc go raibh tionscal an Aontais in ann praghsanna a ardú agus díolacháin theoranta amháin á gcailleadh aige. Thug na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearna CCCMC ionadaíocht orthu dá n-aire freisin nár ghabh allmhairí ón tSín ach cuid bheag den mhargadh a bhí i seilbh tríú tíortha roimhe sin, agus gur tharla caillteanas an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais ina dhiaidh sin in 2023 d’ainneoin laghdú ar mhéid na n-allmhairí ón tSín, rud a léiríonn laghdú foriomlán ar mhargadh an Aontais seachas tionchar allmhairí ón tSín.
(103)
Thug an Coimisiún dá aire go ndearnadh scrúdú ar an tréimhse iomlán faoi bhreathnú maidir le treochtaí i méideanna allmhairí, sciar den mhargadh, agus na táscairí díobhála, agus sochtadh praghsanna. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire nach gcuirtear san áireamh san argóint an éagsúlacht i méid mhargadh an Aontais idir 2022 agus 2023. Mar a mhínítear in aithrisí (189) go (190) den Rialachán sealadach, tháinig laghdú ar thomhaltas an Aontais ó 367 672 thona in 2022 go 294 891 thona in 2023. Ba cheart aon mheasúnú ar fhorbairtí sa sciar den mhargadh agus ar an ngaol atá acu le méideanna allmhairí a dhéanamh agus crapadh foriomlán an mhargaidh á chur san áireamh. Shuigh an Coimisiún, d’ainneoin laghdú ar mhéideanna allmhairí ón tSín idir 2022 agus 2023, gur tháinig méadú ar sciar na Síne den mhargadh ó 48 % go 51 %, agus gur tháinig laghdú ar sciar thionscal an Aontais ó 38 % go 35 %. Thug an Coimisiún dá aire freisin gur mhéadaigh tionscal an Aontais a phraghsanna in 2022 i gcomhréir leis na harduithe ar phraghsanna ón tSín, ach mar sin féin tháinig laghdú 11 % ar dhíolacháin agus laghdú 8 % ar an sciar den mhargadh. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh ina iomláine.
(104)
In éagmais aon bharúil bhreise maidir leis an méid díolachán agus an sciar den mhargadh, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (209) go (210) den Rialachán sealadach.
4.5.1.3. Fás
(105)
In éagmais aon bharúil maidir leis an bhfás, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (211) den Rialachán sealadach.
4.5.1.4. Fostaíocht agus táirgiúlacht
(106)
D’áitigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearna CCCMC ionadaíocht orthu go raibh an tionchar ar fhostaíocht diomaibhseach agus nár tharla athruithe suntasacha ach amháin le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus ní le linn na tréimhse faoi bhreathnú.
(107)
Mar a leagtar amach in aithrisí (212) go (214) den Rialachán sealadach, tháinig laghdú 8 % ar an líon fostaithe a tháirgeann an táirge lena mbaineann ó 2021 go 2023 agus tháinig laghdú 16 % air le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Cé gur bhain an laghdú buaicphointe amach le linn na tréimhse imscrúdúcháin, níor athraigh sé sin na conclúidí maidir leis an treocht a chonacthas le linn na tréimhse faoi bhreathnú. In éagmais aon bharúil bhreise maidir le fostaíocht agus táirgiúlacht, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (212) go (214) den Rialachán sealadach.
4.5.1.5. Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo
(108)
In éagmais aon bharúil maidir le méid an chorrlaigh dumpála agus maidir le téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (215) go (216) den Rialachán sealadach.
4.5.2. Táscairí micreacnamaíocha
4.5.2.1. Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna
(109)
D’áitigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearna CCCMC ionadaíocht orthu nár chuir an méadú ar allmhairí ón tSín agus ar phraghsanna na Síne in 2022 brú anuas ar phraghsanna thionscal an Aontais ná ar an sciar den mhargadh, toisc go raibh tionscal an Aontais in ann praghsanna a ardú agus díolacháin theoranta amháin á gcailleadh aige.
(110)
Bhreithnigh an Coimisiún an argóint in aithris (103).
(111)
In éagmais aon bharúil bhreise maidir leis na praghsanna agus na tosca a dhéanann difear do phraghsanna, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (217) go (219) den Rialachán sealadach.
4.5.2.2. Costais saothair
(112)
In éagmais aon bharúil maidir leis na costais saothair, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (220) go (221) den Rialachán sealadach.
4.5.2.3. Fardail
(113)
In éagmais aon bharúil maidir leis na fardail, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (222) go (225) den Rialachán sealadach.
4.5.2.4. Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú
(114)
D’áitigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearna CCCMC ionadaíocht orthu go raibh measúnú an Choimisiúin ar bhrabúsacht laghdaitheach lochtach toisc gur tháinig méadú ar bhrabúsacht agus ar infheistíochtaí in 2022 d’ainneoin méadú 25 % ar allmhairí ón tSín. Mhaígh na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearna CCCMC ionadaíocht orthu gur tháinig laghdú ina dhiaidh sin ar bhrabúsacht mar thoradh ar mhéaduithe substaintiúla ar infheistíochtaí agus ar chostais táirgthe a bhí ag ardú, lena n-áirítear fuinneamh, amhábhair agus próisis táirgthe, a lean de bheith ag méadú fiú de réir mar a tháinig laghdú ar phraghsanna leictreachais in 2023, rud a léirigh nach allmhairí ón tSín ba chúis leis an díobháil líomhnaithe.
(115)
Mheas an Coimisiún go mbaineann na hargóintí le cúisíocht seachas leis na táscairí micreacnamaíocha iontu féin agus tugann sé aghaidh ar na hargóintí i Roinn 5 thíos.
(116)
In éagmais aon bharúil bhreise maidir leis an mbrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a chruinniú, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (226) go (231) den Rialachán sealadach.
4.6. Conclúid maidir le díobháil
(117)
In éagmais aon bharúil eile maidir leis an díobháil, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (232) go (237) den Rialachán sealadach.
5. CÚISÍOCHT
5.1. Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte
(118)
In aithris (270) den Rialachán sealadach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurbh iad allmhairí dumpáilte an táirge lena mbaineann de thionscnamh na tíre lena mbaineann ba chúis leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais.
(119)
D’áitigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearna CCCMC ionadaíocht orthu nach bhfuil baint chúisíoch ag an laghdú 37 % ar tháirgeacht thionscal an Aontais leis an méadú ar allmhairí ón tSín. Mhaígh na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearna CCCMC ionadaíocht orthu gur thit méid táirgeachta thionscal an Aontais ó 187 988 dtona in 2022 go 139 354 thona in 2023 le linn tréimhse inar thit allmhairí ón tSín ó 175 343 thona in 2022 go 151 650 dtona in 2023.
(120)
Thug an Coimisiún dá aire nach gcuirtear san áireamh san argóint an éagsúlacht i méid mhargadh an Aontais idir 2022 agus 2023. Mar a mhínítear in aithrisí (189) go (190) den Rialachán sealadach, tháinig laghdú ar thomhaltas an Aontais ó 367 672 thona in 2022 go 294 891 thona in 2023. Agus an laghdú sin ar mhéid an mhargaidh á mheas, thug an Coimisiún faoi deara, d’ainneoin laghdú ar mhéideanna allmhairí ón tSín idir 2022 agus 2023, gur tháinig méadú mar sin féin ar sciar na Síne den mhargadh ó 48 % go 51 %, agus gur tháinig laghdú ar sciar thionscal an Aontais ó 38 % go 35 %. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh ina iomláine.
(121)
Ina theannta sin, d’áitigh Abranova nach raibh na luaineachtaí i méideanna allmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú nasctha go cúisíoch le hallmhairí dumpáilte, ach go raibh siad mar thoradh ar thosca seachtracha urghnácha. Go háirithe, mhaígh Abranova gur tháinig laghdú ar allmhairí le linn phaindéim COVID-19 nuair a mhéadaigh costais loingseoireachta coimeádán ceithre go cúig huaire os cionn na ngnáthleibhéal. Os a choinne sin, tháinig méadú suntasach ar allmhairí tar éis an chogaidh san Úcráin mar gheall ar thoirmeasc an Aontais ar allmhairí alúmana chomhleáite ón Rúis, rátaí lasta níos ísle, agus acmhainneacht táirgeachta neamhleor thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, mhaígh Abranova gur forbairtí seachtracha nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe ba chúis leis na héagsúlachtaí i méideanna allmhairí idir 2020 agus 2024, agus go léireodh comparáid chuí leis na leibhéil a bhí ann roimh COVID nach féidir na treochtaí allmhairiúcháin a breathnaíodh a chur i leith éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte.
(122)
D’admhaigh an Coimisiún go raibh tionchar ag tosca seachtracha amhail paindéim COVID-19 agus an cogadh san Úcráin ar shreafaí trádála foriomlána. Mar sin féin, ní chaitheann na forbairtí sin amhras ar nasc cúisíoch a bheith ann idir na hallmhairí dumpáilte ón tSín agus an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais. Suíodh san imscrúdú, gan beann ar shuaitheadh níos leithne sa mhargadh, gur tháinig allmhairí ón tSín isteach san Aontas i méideanna suntasacha, gur ghnóthaigh siad sciar den mhargadh, agus go raibh siad ar phraghas comhsheasmhach faoi bhun phraghsanna díola agus chostas táirgthe thionscal an Aontais. Dheimhnigh an Coimisiún gur léirigh na heilimintí sin go soiléir go raibh nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais, toisc nach raibh tionscal an Aontais in ann a phraghsanna díola a mhéadú i gcomhréir leis an méadú ar an gcostas táirgthe, rud a d’fhág go raibh sochtadh praghsanna agus meath ar bhrabúsacht.
(123)
In éagmais aon bharúil maidir le héifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (239) go (242) den Rialachán sealadach.
5.2. Éifeachtaí tosca eile
5.2.1. Allmhairí ó thríú tíortha
(124)
D’áitigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearna CCCMC ionadaíocht orthu go maolaíonn allmhairí ó thríú tíortha an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Mhaígh CCCMC gur choinnigh allmhairí ó thríú tíortha sciar suntasach den mhargadh de thart ar 15 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus go raibh praghas comhsheasmhach orthu i bhfad faoi bhun phraghsanna díola thionscal an Aontais.
(125)
Thug an Coimisiún dá aire, i gcomparáid leis an tSín, nach raibh ach láithreacht theoranta ag tríú tíortha eile ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar a mhínítear in aithris (244) den Rialachán sealadach, tháinig laghdú ar an sciar comhcheangailte den mhargadh a bhí ag allmhairí ó gach tríú tír seachas an tSín ó 22 % in 2021 go 15 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Bhí idir 2 % agus 5 % de mhargadh an Aontais ag na tríú tíortha onnmhairiúcháin is mó, mar atá an Úcráin, na Stáit Aontaithe, an Bhrasaíl agus Bairéin, agus d’fhan a sciartha faoi seach den mhargadh cobhsaí den chuid is mó le linn na tréimhse faoi bhreathnú.
(126)
Thug an Coimisiún faoi deara freisin, cé gur dhíol an Úcráin agus Bairéin ar phraghsanna níos ísle ná an tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin, gur chiallaigh a sciartha teoranta den mhargadh gur bheag an éifeacht fhoriomlán a bhí acu ar mhargadh an Aontais. Tríd is tríd, rinneadh allmhairí eile ó thríú tíortha a phraghsáil os cionn na bpraghsanna ón tSín. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach maolaíonn tionchar na n-allmhairí ó thríú tíortha an nasc cúisíoch idir allmhairí dumpáilte ón tSín agus an díobháil ábhartha a bhain do tháirgeoirí de chuid an Aontais agus dheimhnigh sé na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (243) go (246) den Rialachán sealadach.
5.2.2. Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais
(127)
D’áitigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearna CCCMC, PRE, DFFI agus Reckel ionadaíocht orthu go maolaíonn an meath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Maíodh freisin nárbh fhéidir gurbh iad onnmhairí na Síne chuig tríú margaí ba chúis leis an laghdú ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin agus nach bhfuil nasc cúisíoch idir neamhábaltacht thionscal an Aontais méid a onnmhairí a choinneáil ar bun ar a laghad agus an brú praghsanna ó onnmhairí na Síne.
(128)
Dheimhnigh an Coimisiún nár chuir sé an meath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais i leith onnmhairí na Síne chuig tríú margaí. Thug an Coimisiún dá aire nach raibh sna honnmhairí ach thart ar 14 % de dhíolacháin iomlána thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nach bhféadfadh ach éifeacht imeallach a bheith ag onnmhairí chuig tríú tíortha ar staid dhíobhálach thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, agus dá bhrí sin nach bhféadfadh siad an nasc cúisíoch idir allmhairí dumpáilte ón tSín agus an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais a bhriseadh.
(129)
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach maolaíonn tionchar fheidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais an nasc cúisíoch idir allmhairí dumpáilte ón tSín agus an díobháil ábhartha a bhain do tháirgeoirí de chuid an Aontais agus dheimhnigh sé na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (247) go (250) den Rialachán sealadach.
5.2.3. Tomhaltas an Aontais
(130)
D’áitigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearna CCCMC, PRE, DFFI agus Reckel ionadaíocht orthu go mbriseann an crapadh ar éileamh agus an laghdú ar thomhaltas san Aontas nó go maolaíonn siad go mór an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. D’áitigh PRE agus DFFI go raibh an laghdú suntasach ar an éileamh ar alúmana comhleáite i margadh an Aontais inchurtha go príomha i leith dálaí maicreacnamaíocha díobhálacha ó bhí 2021 ann. Go háirithe, thagair PRE agus DFFI do na héifeachtaí comhcheangailte a bhaineann le téarnamh gearrshaolach iar-phaindéime, costais arda fuinnimh, fás íseal, boilsciú agus teannas geopholaitiúil, rud a laghdaigh go mór an t-éileamh in earnálacha iartheachtacha amhail cruach, tógáil agus mótarfheithiclí.
(131)
Thug an Coimisiún dá aire, de réir aithris (252) den Rialachán sealadach, gur tháinig laghdú 20 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus gur tháinig laghdú 37 % ar dhíolacháin an Aontais, rud a d’fhág gur cailleadh 9 % den sciar den mhargadh. Ar an gcaoi chéanna, tháinig laghdú suntasach ar allmhairí ó na tríú tíortha uile eile freisin. I gcodarsnacht leis sin, tháinig méadú 16 % ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ón tSín le linn na tréimhse céanna.
(132)
Mheabhraigh an Coimisiún nach mbriseann tosca eile a dhéanann difear do thionscal an Aontais an nasc cúisíoch i gcás ina bhfaightear amach go raibh allmhairí dumpáilte, arna nglacadh ina n-aonar, ina gcúis le díobháil ábhartha. Sa chás seo, cé go bhféadfadh tionchar éigin a bheith ag an gcrapadh ar thomhaltas, ní fhéadfadh sé ach ról teoranta a bheith aige agus ní féidir leis méid an mheatha a breathnaíodh a mhíniú.
(133)
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach maolaíonn an laghdú ar thomhaltas san Aontas an nasc cúisíoch idir allmhairí dumpáilte ón tSín agus an díobháil ábhartha a bhain do tháirgeoirí de chuid an Aontais agus dheimhnigh sé na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (252) go (253) den Rialachán sealadach.
5.2.4. Costas táirgthe méadaithe
(134)
D’áitigh Reckel, Abranova, PRE, DFFI, agus na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearna CCCMC ionadaíocht orthu gur bhris an méadú ar chostais táirgthe thionscal an Aontais, go háirithe mar gheall ar phraghsanna leictreachais níos airde, boilsciú agus costas méadaitheach na n-amhábhar allmhairithe, an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais nó gur mhaolaigh sé ar a laghad an nasc sin go mór.
(135)
Rinne an Coimisiún scrúdú ar an maíomh sin cheana féin sa Rialachán sealadach agus tháinig sé ar an gconclúid nach mínítear an meath a breathnaíodh leis na méaduithe ar fhuinneamh agus ar amhábhar. Go háirithe, léirigh an t-imscrúdú go raibh tionscal an Aontais fós brabúsach in 2022, nuair a bhí praghsanna fuinnimh ar an leibhéal ab airde. Bhíothas in ann é sin a dhéanamh toisc go bhféadfaí cuid de na costais fuinnimh mhéadaithe a chur ar aghaidh ar na húsáideoirí. Ba é an rud a chuir ar chumas thionscal an Aontais an méadú ar chostais fuinnimh a chur ar aghaidh in 2022 an méadú eisceachtúil ar phraghsanna na n-allmhairí ón tSín (méadú 44 % ó 2021, féach tábla 4 den Rialachán sealadach), rud a mhaolaigh go mór fórsa tacaíochta na n-allmhairí sin. Mar sin féin, in 2023 tháinig laghdú mór ar phraghsanna na n-allmhairí ón tSín go dtí gar do leibhéil 2021, rud a mhéadaigh go mór an brú sochta ar phraghsanna thionscal an Aontais. Sna himthosca sin, ní raibh tionscal an Aontais in ann na costais fuinnimh a chur ar aghaidh a thuilleadh, cé gur tháinig laghdú ar na costais sin i gcomparáid le 2022. Thug an Coimisiún dá aire, in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, nuair a bhí laghdú tagtha ar phraghsanna fuinnimh, nach raibh tionscal an Aontais in ann a phraghsanna a choigeartú dá réir a thuilleadh mar gheall ar shochtadh praghsanna ó allmhairí ar phraghas íseal ón tSín, rud a d’fhág gur chlis ar an mbrabúsacht. Ar an gcaoi chéanna, níor sainaithníodh aon mhíbhuntáiste córasach i ndáil le praghsanna amhábhar.
(136)
Ós rud é nár cuireadh aon fhianaise nua isteach ag an gcéim chinntitheach a d’éileodh conclúid dhifriúil, deimhníonn an Coimisiún a mheasúnú a leagtar amach in aithrisí (254) go (259) den Rialachán sealadach nach féidir le costais táirgthe mhéadaithe an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais a bhriseadh.
5.2.5. Éifeacht charnach tosca eile
(137)
D’áitigh PRE agus DFFI gur cheart measúnú carnach a dhéanamh ar na tosca uile a chuireann leis an díobháil, lena n-áirítear an laghdú ar thomhaltas an Aontais, drochfheidhmíocht onnmhairiúcháin an Aontais, costais mhéadaitheacha fuinnimh agus amhábhar, agus allmhairí ón tSín agus ó thríú tíortha eile. Mhaígh siad, ina n-aonar agus i dteannta a chéile, go maolaíonn na tosca sin an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha a líomhnaítear a bhain do thionscal an Aontais.
(138)
Mar a mhínítear in aithris (132) thuas, mheabhraigh an Coimisiún nach mbriseann tosca eile a dhéanann difear do thionscal an Aontais an nasc cúisíoch i gcás ina bhfaightear amach go raibh allmhairí dumpáilte, arna nglacadh ina n-aonar, ina gcúis le díobháil ábhartha. Suíodh san imscrúdú, gan beann ar thosca eile, a breithníodh ina n-aonar nó go carnach, gur tháinig allmhairí ón tSín isteach san Aontas i méideanna suntasacha, go bhfuair siad sciar den mhargadh, agus go ndearnadh iad a phraghsáil go comhsheasmhach faoi bhun phraghsanna díola agus chostas táirgthe thionscal an Aontais. Dheimhnigh an Coimisiún freisin, d’ainneoin costais táirgthe a bheith ag ardú, nach raibh tionscal an Aontais in ann a phraghsanna a choigeartú dá réir, rud a d’fhág go raibh sochtadh praghsanna agus meath ar bhrabúsacht ann. Léiríonn sé sin go raibh nasc cúisíoch idir an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais agus na hallmhairí dumpáilte.
5.3. Conclúid maidir le cúisíocht
(139)
In éagmais aon bharúil eile maidir leis an gcúisíocht, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (267) go (270) den Rialachán sealadach.
6. LEIBHÉAL NA mBEART
6.1. Corrlach díobhála
(140)
Mar a mhínítear in aithrisí (88) go (90), dheimhnigh an Coimisiún go bhfuil an anailís díobhála ionadaíoch agus go léiríonn sí iomaíocht iarbhír sa mhargadh. In éagmais barúlacha eile, deimhnítear aithris (280) den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, is mar a leanas atá an leibhéal díothaithe díobhála deiridh le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus le haghaidh na gcuideachtaí uile eile:
Tír
Cuideachta
Corrlach díobhála cinntitheach (%)
An tSín
Chongqing Saite Corundum Co., Ltd.
233,9
An tSín
Luoyang Runbao Abrasives Co., Ltd.
116,9
An tSín
Cuideachtaí comhoibríocha eile
178,4
An tSín
Gach allmhaire eile de thionscnamh na Síne
259
6.2. Conclúid maidir le leibhéal na mbeart
(141)
De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán:
Tír
Cuideachta
Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%)
An tSín
Chongqing Saite Corundum Co., Ltd.
99,8
An tSín
Luoyang Runbao Abrasives Co., Ltd.
88,7
An tSín
Cuideachtaí comhoibríocha eile
94,5
An tSín
Gach allmhaire eile de thionscnamh na Síne
110,6
7. LEAS AN AONTAIS
7.1. Leas thionscal an Aontais
(142)
Mar a mhínítear in aithrisí (285) go (288) den Rialachán sealadach, tá tionscal an Aontais comhdhéanta de naoi dtáirgeoir atá lonnaithe ar fud na mBallstát éagsúil, agus thart ar 962 oibrí fostaithe acu. Thacaigh formhór na dtáirgeoirí sin leis an ngearán gan aon chur i gcoinne thionscnamh an imscrúdaithe.
(143)
Tá tionscal an Aontais ag feidhmiú faoi láthair faoi dhálaí atá neamh-inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de, rud a fhágann go bhfuil leibhéal brabúsachta ann nach féidir a choinneáil ar bun. Tá na corrlaigh dhumpála, mar a leagtar síos i Roinn 3.5, thar a bheith ard. Rinne na hallmhairí dumpáilte sin díobháil shubstaintiúil do thionscal an Aontais, de réir Roinn 4.6, rud a chuir a inmharthanacht agus a chumas oibriú faoi ghnáthdhálaí an mhargaidh i mbaol.
(144)
Is dócha go mbeidh tionchar diúltach suntasach ag an easpa beart ar thionscal an Aontais ó thaobh tuilleadh sochtadh praghsanna agus laghdú breise ar dhíolacháin, rud a d’fhágfadh go mbeadh níos mó caillteanas ann agus gur dócha go ndúnfaí saoráidí táirgthe, go mbrisfí daoine as a bpoist agus, ar deireadh, go ndúnfaí gnólachtaí iomlána.
(145)
D’fhéadfadh torthaí den sórt sin cur isteach ar leanúnachas tháirgeadh alúmana comhleáite na hEorpa agus d’fhéadfadh rioscaí fadtéarmacha a bheith ag baint le hathléimneacht thionsclaíoch agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais. Is ionchur fíor-riachtanach é alúmana comhleáite i dtáirgeadh raon leathan earraí iartheachtacha, lena n-áirítear ábhair theasfhulangacha, scríobaigh agus ceirmigh ardfhorbartha, atá fíor-riachtanach dá réir sin d’earnálacha ríthábhachtacha amhail táirgeadh cruach, miotal eile, gloine agus ábhar gaolmhar. Meastar gur táirge íogair é mar gheall ar a thábhacht straitéiseach, lena n-áirítear feidhmeanna míleata agus dé-úsáide (9). Mar gheall ar a airíonna uathúla, lena n-áirítear a chruas eisceachtúil agus a chobhsaíocht theirmeach, is beag ábhar is féidir a chur in ionad alúmana comhleáite. Cuireann tábhacht straitéiseach agus íogaireacht an táirge seo i dtábhacht an gá atá le slabhra soláthair cobhsaí agus slán a choinneáil san Aontas. D’fhéadfadh suaitheadh difear díreach a dhéanamh do shlándáil eacnamaíoch an Aontais trí thionchar a imirt ar bhonneagar criticiúil tionsclaíoch, fuinnimh agus cosanta a bhraitheann ar chomhpháirteanna comhleáite atá bunaithe ar alúmana agus trí athléimneacht na slabhraí soláthair in aghaidh suaití seachtracha, comhéigin nó rioscaí eile a chur i mbaol.
(146)
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chun leasa an Aontais é bearta a fhorchur a chuirfidh ar chumas thionscal an Aontais cuid dá sciartha den mhargadh a cailleadh a aisghabháil agus iomaíocht chóir a athbhunú.
7.2. Leas na n-allmhaireoirí neamhchomhlachaithe agus na dtrádálaithe
(147)
Mhaígh Traxys an t-allmhaireoir go mbeadh laghdú suntasach ar an iomaíocht i margadh an Aontais mar thoradh ar bhearta frithdhumpála a fhorchur. D’áitigh Traxys freisin nach féidir costais mhéadaithe a chur ar aghaidh chuig táirgeoirí teasfhulangacha agus go ndúnfaí gléasraí oibreoirí teasfhulangacha, go gcaillfí fostaíocht oilte, agus go mbeifí ag brath níos mó ar allmhairí táirgí teasfhulangacha críochnaithe dá bhforchuirfí bearta. Maíodh freisin go mbeadh éifeachtaí tromchúiseacha díréireacha ag bearta maidir le halúmana comhleáite donn, go háirithe, ar thionscal cruach na hEorpa.
(148)
Thug an Coimisiún faoi deara gur bhain argóintí Traxys le measúnú ginearálta ar an margadh, lena n-áirítear an tionchar ar úsáideoirí agus ar an tionscal cruach, ach nár sholáthair siad faisnéis bhreise maidir le leasanna allmhairí agus trádálaithe neamhchomhlachaithe thar an méid a soláthraíodh cheana agus ar tugadh aghaidh air in aithrisí (290) go (294) den Rialachán sealadach. Thug an Coimisiún dá aire go dtugtar aghaidh ar na hargóintí a bhaineann le costais mhéadaithe d’úsáideoirí, lena n-áirítear táirgeoirí teasfhulangacha, i Roinn 7.3 thíos. Ina theannta sin, tugann an Coimisiún aghaidh ar na hargóintí maidir le comhchruinniú margaidh i Roinn 7.4 thíos.
(149)
In éagmais aon bharúil bhreise maidir leis an roinn sin, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (289) go (294) den Rialachán sealadach.
7.3. Leas úsáideoirí, tomhaltóirí nó soláthróirí
(150)
Tar éis an Rialacháin shealadaigh, chuir roinnt úsáideoirí faisnéis isteach inar cuireadh i dtábhacht na héifeachtaí diúltacha a bhí acu cheana féin tar éis fhorchur na mbeart sealadach, go háirithe an neamhábaltacht an méadú ar phraghsanna a aistriú chuig custaiméirí. Ardaíodh agus míníodh na hábhair imní sin ag an gcéim shealadach freisin, áit ar áitigh úsáideoirí go n-ardódh forchur dleachtanna frithdhumpála a gcostais go suntasach, rud a bheadh deacair a chur ar aghaidh chuig custaiméirí. Mhaígh úsáideoirí go bhféadfadh sé sin a mbrabúsacht agus a n-iomaíochas a chur i mbaol. Thug roinnt úsáideoirí rabhadh breise go bhféadfadh na méaduithe costais a bhaineann leis na dleachtanna a n-inbhuanaitheacht oibríochtúil a chur i mbaol, rud a chuirfeadh inmharthanacht leanúnach gníomhaíochtaí táirgthe áirithe laistigh den Aontas i mbaol. I measc na n-iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann a luadh bhí laghdú, athlonnú lasmuigh den Aontas, agus dúnadh gnólachtaí.
(151)
Thug an Coimisiún dá aire go ndearnadh an fhaisnéis a bailíodh le linn an imscrúdaithe a dhoiciméadú go forleathan, mar a shonraítear in aithris (295) den Rialachán sealadach. Tháinig thart ar 50 úsáideoir agus comhlachas úsáideoirí chun cinn agus ghlac siad páirt ghníomhach sna himeachtaí. Thug go leor de na húsáideoirí sin freagraí iomlána ar an gceistneoir, rud a chuir ar chumas an Choimisiúin measúnú críochnúil ionadaíoch a dhéanamh ar an gcás. Bhí comhlachais tionscail in earnáil na scríobach agus in earnáil na n-ábhar teasfhulangach an-ghníomhach, agus chuir siad faisnéis shubstaintiúil agus mhionsonraithe isteach. Déanann na comhlachais sin ionadaíocht ar réimse leathan oibreoirí, lena n-áirítear líon suntasach fiontar beag agus meánmhéide, chomh maith le húsáideoirí níos mó. Áirithítear leis sin go léiríonn na sonraí éagsúlacht agus scála thionscail iartheachtacha an Aontais.
(152)
Ó thaobh na socheacnamaíochta de, bunaithe ar fhaisnéis ó chomhlachais tionscail, meastar go bhfostaíonn tionscal na n-ábhar teasfhulangach thart ar 20 000 duine ar fud an Aontais agus go ngineann sé láimhdeachas bliantúil thart ar EUR 4 bhilliún. Maidir le tionscal na scríobach, is ionann é agus thart ar 8 400 post sa Ghearmáin agus san Iodáil amháin, rud a ghineann láimhdeachas bliantúil comhcheangailte de thart ar EUR 2.3 billiún sa dá Bhallstát sin. Bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir comhlachais úsáideoirí sa dá earnáil ar fáil, is ionann tionscail theasfhulangacha agus scríobacha an Aontais le chéile agus thart ar EUR 6.6 billiún i láimhdeachas bliantúil agus 39 000 post díreach laistigh den Aontas, a mbeadh níos mó ná 22 600 díobh i mbaol suntasach agus láithreach.
(153)
Dá bhrí sin, cuireann na hearnálacha sin go mór leis an bhfostaíocht agus leis an ngeilleagar sna tíortha ina bhfuil siad lonnaithe. Ina theannta sin, tá ról ríthábhachtach ag na tionscail scríobacha agus theasfhulangacha i dtáirgeadh cruach, miotal agus gloine chomh maith le huirlisí gearrtha, meilte, snasaithe agus bailchríche, uirlisí atá ríthábhachtach do phróisis mhonaraíochta in earnálacha amhail an earnáil mótarfheithiclí, earnáil an aeraspáis agus earnáil na tógála.
(154)
Thug an Coimisiún dá aire, de réir freagraí ar cheistneoir na n-úsáideoirí, gur ón tSín a thagann thart ar 50 % den alúmana comhleáite a úsáidtear in earnáil na scríobach agus thart ar 65 % den mhéid sin a úsáidtear in earnáil na n-ábhar teasfhulangach. Léiríonn na sonraí sin spleáchas suntasach na dtionscal iartheachtach ar alúmana comhleáite de thionscnamh na Síne. Cé go bhfaightear cion substaintiúil den soláthar ó thionscnaimh mhalartacha, rud a d’fhéadfadh tionchar costais foriomlán na ndleachtanna a mhaolú do roinnt cuideachtaí, thug an Coimisiún faoi deara freisin go bhfuil spleáchas ar allmhairí dumpáilte ar phraghas íseal ón tSín fós suntasach. I gcás úsáideoirí a bhíonn ag brath go mór ar ábhar Síneach, bheadh tionchar ag aon mhéadú ar phraghsanna a eascraíonn as dleachtanna a fhorchur ar chostais táirgthe.
(155)
Agus meastóireacht á déanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar chostais táirgthe, mheas an Coimisiún, mar a mhínítear in aithris (300) den Rialachán sealadach, go bhféadfadh méaduithe costais idir 10 % agus 30 % a bheith mar thoradh ar dhleachtanna a fhorchur ar thionscail úsáideoirí, ag brath ar an gcuideachta agus ar an earnáil shonrach, ag glacadh leis gur ón tSín a fuarthas 100 % d’alúmana comhleáite. Go sonrach, d’fhéadfadh méaduithe costais idir 10 % agus 30 % a bheith ar thionscal na n-ábhar teasfhulangach, agus d’fhéadfadh méaduithe sa raon idir 10 % agus 23 % a bheith ar thionscal na scríobach. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go léiríonn úsáideoirí leibhéal ard nochta ina gcostas táirgthe do luaineachtaí i bpraghas alúmana chomhleáite.
(156)
Dá bhrí sin, d’aithin an Coimisiún leochaileacht eacnamaíoch thionscail na n-úsáideoirí. Tá tionscail na n-úsáideoirí an-ilroinnte, lena gcuimsítear raon leathan oibreoirí a bhfuil acmhainneachtaí éagsúla acu chun méaduithe costais a ionsú. I gcás roinnt úsáideoirí, d’fhéadfadh na méaduithe costais a eascraíonn as dleachtanna frithdhumpála a n-inbhuanaitheacht oibríochtúil a chur i mbaol. D’fhéadfadh laghdú, athlonnú oibríochtaí lasmuigh den Aontas, nó dúnadh gnólachtaí a bheith mar thoradh air sin.
(157)
I bhfianaise chomhdhéanamh thionscail na n-úsáideoirí, lena n-áirítear cuideachtaí móra domhanda agus go leor fiontar beag agus meánmhéide araon, d’fhéadfaí tionchar an-mhór a imirt ar oibreoirí beaga nó níos íogaire ó thaobh costais de. D’admhaigh an Coimisiún go bhféadfadh sé nach mbeadh cuideachtaí beaga in ann na costais bhreise a ionsú agus go bhféadfaí iallach a chur orthu dúnadh síos. Os a choinne sin, is mó seans go n-aistreodh cuideachtaí móra a dtáirgeadh chuig saoráidí atá ann cheana lasmuigh den Aontas.
(158)
Ar bhonn an mhéid thuas, d’aithin an Coimisiún go raibh ardriosca díthionsclaithe ann sna hearnálacha iartheachtacha. Tá go leor cuideachtaí in earnálacha na n-ábhar teasfhulangach agus na scríobach ag feidhmiú faoi chaillteanas cheana féin, agus is bagairt dhíreach í a leochaileacht airgeadais ar inbhuanaitheacht na gníomhaíochta tionsclaíche i réimsí a bhfuil leas straitéiseach ag an Aontas iontu.
7.4. Tosca eile: Infhaighteacht an tsoláthair agus comhchruinniú sa mhargadh
(159)
Mhaígh roinnt páirtithe sa tionscal ábhar teasfhulangach go gcuirfeadh ionadú allmhairí ón tSín isteach ar shlándáil an tsoláthair do thionscal teasfhulangach an Aontais, i bhfianaise acmhainneacht táirgeachta theoranta thionscal an Aontais sna cineálacha táirgí is ábhartha don earnáil sin, go háirithe alúmana comhleáite de ghrád teasfhulangach agus donn. Maíodh go raibh tionscal an Aontais dírithe go traidisiúnta ar alúmana comhleáite de ghrád scríobach a tháirgeadh, a bhfuil sciar níos mó den éileamh foriomlán i gceist leis, a thrádáiltear ar phraghsanna níos airde, agus a thairbhíonn de bharainneachtaí scála lena gceadaítear cuíchóiriú costais níos éifeachtúla. Ina theannta sin, maíodh nach bhféadfadh allmhairí ó thríú tíortha a bheith ina bhfoinse mhalartach inmharthana soláthair, toisc go bhfuil a sciar den mhargadh fós teoranta.
(160)
D’áitigh VDS freisin nach leor measúnú a dhéanamh ar acmhainneachtaí táirgeachta i dtéarmaí comhiomlána, ós rud é go bhfuil easpa acmhainneachta ann chun cáilíochtaí, cóireálacha agus méideanna sonracha de ghráinní alúmana chomhleáite a tháirgeadh. Ina theannta sin, d’áitigh VDS, fiú i dtríú tíortha, gur minic nach féidir táirgí a fháil atá ar an gcáilíocht chéanna leo siúd de thionscnamh na Síne.
(161)
Chinn an Coimisiún go bhfuil tionscal an Aontais in ann na cainníochtaí is gá a sholáthar do mhargadh an Aontais, lena n-áirítear cineálacha, cáilíochtaí, cóireálacha agus méideanna éagsúla gráinne an táirge lena mbaineann. Cé gur tháinig laghdú suntasach ar mhéideanna táirgeachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar gheall ar allmhairí dumpáilte ón tSín, thug an Coimisiún faoi deara gur bhain tionscal an Aontais tearcúsáid shuntasach as a acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse sin, mar a leagtar amach in aithrisí (206) go (208) agus (308) den Rialachán sealadach. Dheimhnigh an Coimisiún go n-áirítear leis an acmhainneacht bhreise atá ar fáil táirgeadh alúmana comhleáite de ghrád teasfhulangach agus alúmana comhleáite donn. Go háirithe, dheimhnigh an Coimisiún freisin go mbaineann cion substaintiúil den acmhainneacht bhreise atá ar fáil le halúmana comhleáite donn a tháirgeadh, atá ar fáil láithreach nó ar féidir é a chur i bhfeidhm laistigh de thréimhse an-ghearr.
(162)
Ina theannta sin, d’athdhearbhaigh an Coimisiún, lasmuigh de tháirgeadh thionscal an Aontais, go bhfuil allmhairí ó thríú tíortha fós ina bhfoinse iontaofa alúmana chomhleáite, mar a leagtar amach in aithrisí (304) agus (305) den Rialachán sealadach. Cé go raibh láithreacht theoranta ag tríú tíortha i margadh an Aontais i gcomparáid leis an tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin, thug an Coimisiún dá aire, tar éis fhorchur na mbeart sealadach, gur breathnaíodh méadú measartha ar allmhairí ó thríú tíortha cheana féin ar bhonn na sonraí is déanaí atá ar fáil. Deimhnítear leis an bhforbairt sin go bhfuil an próiseas coigeartaithe ag titim amach de réir mar a bhíothas ag súil leis agus, i bhfianaise a chineáil fhorásaigh, is féidir a bheith ag súil le méaduithe breise ar allmhairí ó thríú tíortha de réir mar a leathnaíonn oibreoirí a láithreacht i margadh an Aontais nó de réir mar a bhunaíonn siad í. Thairis sin, níor aimsigh an Coimisiún fianaise a thacaíonn leis an maíomh go bhfuil táirgí ó thríú tíortha ar cháilíocht níos ísle i gcomparáid leo siúd de thionscnamh na Síne. Tugann an fhaisnéis atá ar fáil don Choimisiún le fios go bhfuil táirgeoirí i dtríú tíortha in ann alúmana comhleáite de shonraíochtaí agus de shaintréithe feidhmíochta inchomparáide a sholáthar.
(163)
Ina theannta sin, d’áitigh roinnt páirtithe go raibh onnmhairí alúmana chomhleáite na Síne chuig an Aontas fíor-riachtanach chun iomaíocht a choinneáil ar bun i margadh an Aontais, go háirithe i bhfianaise na bhfoinsí malartacha teoranta. D’áitigh na páirtithe, cé nach bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún táirgeoirí de chuid na Síne a eisiamh, go ndéanfadh na dleachtanna frithdhumpála atá beartaithe amhlaidh go héifeachtach trína bpraghsanna a ardú os cionn leibhéil an Aontais, rud a d’fhágfadh comhchruinniú margaidh, iomaíocht laghdaithe, agus dochar a d’fhéadfadh a bheith ann d’úsáideoirí iartheachtacha.
(164)
Mheabhraigh an Coimisiún gurb é is cuspóir do bhearta frithdhumpála dálaí córa trádála arna saobhadh ag allmhairí dumpáilte a athbhunú, gan táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne a eisiamh ó mhargadh an Aontais. Mar a leagtar amach in aithris (311) den Rialachán sealadach, dheimhnigh an Coimisiún nár soláthraíodh aon fhianaise chuí-réasúnaithe lena léirítear go mbeadh éifeachtaí díobhálacha tromchúiseacha ar struchtúr an mhargaidh mar thoradh ar bhearta a fhorchur, lena n-áirítear iompar frithiomaíoch thionscal an Aontais, rud a mbeadh tionchar diúltach aige ar oibreoirí iartheachtacha.
7.5. An chonclúid maidir le leas an Aontais
(165)
Léirigh an t-imscrúdú go gcruthófaí ardriosca díthionsclaithe in earnálacha iartheachtacha dá ndeimhneofaí na bearta sealadacha mar a ceapadh iad. Tá go leor cuideachtaí in earnálacha na n-ábhar teasfhulangach agus na scríobach ag feidhmiú faoi chaillteanas cheana féin, agus tá a leochaileacht airgeadais ina bagairt dhíreach ar inbhuanaitheacht na gníomhaíochta tionsclaíche i réimsí atá ina leasanna straitéiseacha de chuid an Aontais.
(166)
An tráth céanna, mura bhforchuirfí bearta, bheadh iarmhairtí diúltacha do-aisiompaithe aige sin ar thionscal an Aontais ós rud é go gcuirfeadh sochtadh leanúnach praghsanna agus laghdú ar dhíolacháin dlús le caillteanais airgeadais agus go ndúnfaí saoráidí táirgthe mar thoradh air sin. D’fhéadfadh sé sin leanúnachas tháirgeadh alúmana chomhleáite na hEorpa a chur i mbaol, ar ábhar riachtanach é d’earnálacha straitéiseacha amhail cruach agus cosaint, agus d’fheidhmeanna íogaire eile freisin. Bhainfeadh sé sin an bonn d’athléimneacht thionsclaíoch agus d’uathriail straitéiseach an Aontais.
(167)
Dá bhrí sin, agus chun imeacht thionscal an Aontais nó thionscal iartheachtach an Aontais a sheachaint, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí foirm na mbeart a choigeartú mar a phléitear i Roinn 8.
8. BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA
8.1. Bearta cinntitheacha
(168)
Tar éis fhoilsiú na mbeart sealadach, lean an Coimisiún de bheith ag bailiú faisnéise agus chuaigh sé i mbun próiseas forleathan comhairliúcháin. Bhí ardleibhéal idirghníomhaíochta le páirtithe leasmhara sa phróiseas sin, lena n-áirítear éisteachtaí, aighneachtaí i scríbhinn, cuir i láthair, agus malartuithe mionsonraithe faisnéise le táirgeoirí agus úsáideoirí de chuid an Aontais araon.
(169)
Chuir Saint-Gobain togra isteach chun na dleachtanna frithdhumpála a leathnú chuig an táirge lena mbaineann atá comhtháite i dtáirgí iartheachtacha. D’áitigh Saint Gobain go dtabharfadh an togra sin cothrom iomaíochta agus go n-áiritheodh sé iomaíocht chóir sna margaí iartheachtacha toisc go gcuirfeadh sé cosc ar tháirgeoirí tríú tíortha a úsáideann alúmana comhleáite na Síne ar phraghas éagórach buntáiste iomaíoch a fháil ar tháirgeoirí an Aontais atá ag feidhmiú sna margaí sin.
(170)
Mheas an Coimisiún go mbeadh cur chuige den sórt sin dodhéanta laistigh de raon feidhme an imscrúdaithe reatha. Thug an Coimisiún dá aire gur tionscnaíodh an t-imscrúdú frithdhumpála ar allmhairí alúmana chomhleáite le raon feidhme teoranta, lena gcumhdaítear an táirge lena mbaineann amháin. Dá réir sin, ní féidir na torthaí maidir le dumpáil agus díobháil a chur i bhfeidhm go dlíthiúil maidir le táirgí iartheachtacha gan imscrúdú ar leithligh. Chinn an Coimisiún freisin go mbeadh deacrachtaí suntasacha praiticiúla ag baint le togra den sórt sin a chur chun feidhme, ós rud é go mbeadh sé thar a bheith casta ábhar alúmana chomhleáite i dtáirgí críochnaithe iartheachtacha a fhíorú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don togra.
8.2. Foirm agus leibhéal na mbeart
(171)
I bhfianaise na leasanna lena mbaineann, ar a dtugtar tuairisc i Roinn 7 thuas, measann an Coimisiún gurb é taraif-chuóta saor ó dhleacht an cineál birt is fearr chun na leasanna éagsúla atá i gceist a chothromú, is é sin seasamh tháirgeoirí an Aontais a chosaint, agus, ar thaobh na n-úsáideoirí, suaití costais a sheachaint, tionchar costais a mhaolú, am leordhóthanach a áirithiú don oiriúnú, agus spleáchais ar an tSín a laghdú.
(172)
I bhfianaise an ghá atá ann táirgeoirí an Aontais a chosaint ar allmhairí dumpáilte, agus costais d’úsáideoirí á maolú agus spleáchais ar an tSín á laghdú ag an am céanna, ba cheart an beart frithdhumpála cinntitheach a bheith i bhfoirm taraif-chuóta saor ó dhleacht. Díolmhófar allmhairí an táirge lena mbaineann laistigh de theorainneacha an chuóta seo ón dleacht frithdhumpála. Mar sin féin, beidh allmhairí a sháraíonn méid an chuóta faoi réir na dleachta frithdhumpála iomláine, mar a bhunaítear sa Rialachán seo.
(173)
Lean an Coimisiún ar aghaidh leis an leibhéal iomchuí a chinneadh do chuóta den sórt sin. Ba é an pointe tosaigh a bhí ann measúnú a dhéanamh ar an méid a éilíonn táirgeoirí de chuid an Aontais chun leanúint de bheith inmharthana. Is éard a bhí i gceist leis sin an méid díolachán is gá a shainaithint chun láithreacht chobhsaí sa mhargadh a choinneáil ar bun, bunaithe ar shonraí stairiúla ó thréimhsí ina raibh an tionscal iomaíoch agus brabúsach araon.
(174)
Ba é an chéad chéim eile breithniú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh forbairt teacht ar allmhairí ó thríú tíortha. Ar deireadh, cuireadh méid mhargadh an Aontais san áireamh. Ar bhonn sholáthar an Aontais agus allmhairí réamh-mheasta ó thríú tíortha, socraíodh an méid a bhí fágtha mar an leibhéal atá le cumhdach leis an gcuóta saor ó dhleacht.
(175)
Tar éis an mheasúnaithe sin, shocraigh an Coimisiún taraif-chuóta saor ó dhleacht a raibh méid tosaigh 60 000 tona i gceist leis le haghaidh 2026. Tá an cuóta sin ceaptha chun laghdú 7 500 tona in aghaidh na bliana a dhéanamh de réir a chéile thar thréimhse 5 bliana, ag sroicheadh 30 000 tona faoi 2030, deireadh na tréimhse.
(176)
Oibríonn an taraif-chuóta saor ó dhleacht ar bhonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’. Chun rochtain leathan chothrom a áirithiú, roinneadh an cuóta (1) de réir táirge, le leithdháiltí ar leithligh le haghaidh alúmana comhleáite donn agus alúmana comhleáite bán; (2) de réir gráinneachta, chun dáileadh cothrom a áirithiú ar fud feidhmeanna éagsúla; agus (3) le himeacht ama, le dáileacháin ráithiúla chun infhaighteacht a choinneáil ar bun i rith na bliana. Áirithítear leis an struchtúr sin go dtacaíonn an beart le rochtain chomhréireach ar fud na n-earnálacha agus go bhfuil sé freagrúil do riachtanais a bhaineann go sonrach leis an tionscal.
(177)
Maidir leis an gcaoi a raibh coinne leis go ndéanfadh méid an taraif-chuóta saor ó dhleacht difear do pháirtithe leasmhara, thug an Coimisiún an méid seo a leanas dá aire:
(178)
I gcás thionscal an Aontais, bhí an méid saor ó dhleacht bunaithe ar phointe tagartha nuair a bhí corrlaigh bhrabúis réasúnta á mbaint amach ag an tionscal cheana féin. Ceapadh é chun an leibhéal brabúsachta sin a choinneáil ar bun agus borradh á chur faoi dhíolacháin, faoin sciar den mhargadh agus faoin táirgeadh ag an am céanna. Trí mhéid na n-allmhairí ón tSín ar phraghas éagórach a laghdú, bhíothas ag súil go n-oibreodh tionscal an Aontais i dtimpeallacht níos cobhsaí, rud a chumasódh bainistiú praghsanna níos fearr agus brabúsacht mharthanach.
(179)
Go sonrach, réamh-mheasadh go dtiocfadh méadú 84 % ar dhíolacháin thionscal an Aontais in 2026, go dtiocfadh méadú 95 % orthu faoi 2031, rud a d’fhágfadh go ndéanfaí beagnach dúbailt ar na díolacháin a taifeadadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Bhí coinne leis go dtiocfadh méadú ar úsáid acmhainneachta ó 43 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin go 67 % in 2026, ag baint buaicphointe 71 % amach faoi 2031, rud a léiríonn feabhas 65 %. Réamh-mheasadh go dtiocfadh méadú ar an sciar den mhargadh ó 32 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin go 59 % in 2026, agus go sroichfeadh sé 63 % faoi 2031, méadú 96 %, arb ionann é agus beagnach dúbailt an leibhéil a breathnaíodh le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Maidir le praghsanna, mar gheall ar shonraí teoranta, bhí réamhaisnéisí beachta éiginnte. D’fhéadfadh roinnt tosca amhail treochtaí tomhaltais, comparáidí praghsanna idirnáisiúnta, meascán táirgí na Síne, agus athruithe ar chostais táirgthe tionchar a imirt ar leibhéil praghsanna amach anseo.
(180)
I bhfianaise na bhfeabhsuithe réamh-mheasta sin ar dhíolacháin, ar úsáid acmhainneachta, agus ar an sciar den mhargadh, ceapadh an taraif-chuóta saor ó dhleacht chun inmharthanacht leanúnach thionscal an Aontais a áirithiú. Trí chreat intuartha a sholáthar d’allmhairí, cuireann an beart ar chumas táirgeoirí tairbhiú den fhás a bhfuil coinne leis, a bpleananna táirgthe agus infheistíochta a oiriúnú, agus a seasamh sa mhargadh a choinneáil ar bun.
(181)
I gcás thionscail na n-úsáideoirí, bhí sé dúshlánach measúnú a dhéanamh ar thionchar beacht an bhirt atá beartaithe, i bhfianaise éagsúlacht leathan na gcuideachtaí lena mbaineann. Mar sin féin, leis an gcur chuige taraif-chuóta saor ó dhleacht, cuirtear idirthréimhse ar fáil chun an tionchar costais tosaigh a mhaolú, rud a thugann am d’úsáideoirí iad féin a chur in oiriúint trí sholáthróirí malartacha a shainaithint, trí dheimhnithe táirge riachtanacha a dhaingniú, agus trí ailíniú le ceanglais na gcliant. Thairis sin, leanann an beart de mhéid substaintiúil saor ó dhleacht a thairiscint agus tugtar isteach leis creat intuartha trédhearcach atá ceaptha chun tacú le pleanáil straitéiseach agus lena n-éascaítear aistriú nach bhfuil chomh suaiteach céanna.
(182)
Go sonrach, agus an tréimhse imscrúdúcháin á glacadh mar thagairt, cheadódh an beart do 37 % d’allmhairí ón tSín teacht isteach san Aontas saor ó dhleacht sa chéad bhliain, 2026. Ceapadh an cuóta saor ó dhleacht chun é a laghdú de réir a chéile, agus shroich sé 19 % faoi 2030. Is éard a bhí i gceist le rochtain ar na méideanna sin saor ó dhleacht laghdú suntasach láithreach ar thionchar costais a chur ar fáil do chuideachtaí, ag brath ar a meascán táirgí agus a bhfoinsí soláthair, i gcomparáid le forchur caighdeánach dleachtanna.
(183)
Tar éis an nochta deiridh agus an nochta deiridh breise, rinne roinnt páirtithe agóid i gcoinne na méideanna a bunaíodh sa chuóta saor ó dhleacht. Ar thaobh amháin, mhaígh páirtithe a dhéanann ionadaíocht ar thionscal an Aontais go raibh siad ag oibriú faoi dhálaí neamh-inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de, agus go raibh a n-inmharthanacht faoi bhagairt dhíreach ag sochtadh praghsanna. Dar leo, bhí bearta fíor-riachtanach, dá bhrí sin, chun iomaíocht chóir a athbhunú agus chun sciar caillte den mhargadh a aisghabháil. D’áitigh siad freisin, agus méid an chuóta saor ó dhleacht á dhearadh, gur cheart úsáid acmhainneachta thionscal an Aontais a mhéadú agus, dá réir sin, nár cheart aon chuóta saor ó dhleacht a cheadú nó gur cheart cuótaí den sórt sin a laghdú go substaintiúil. Ina theannta sin, d’áitigh siad go mbeadh tréimhse 3 bliana seachas tréimhse 5 bliana don chuóta saor ó dhleacht níos iomchuí, toisc go dtugann sé am leordhóthanach d’úsáideoirí spleáchas a laghdú agus a soláthróirí a éagsúlú.
(184)
Ar an taobh eile, d’áitigh tionscail na n-úsáideoirí nár leor cuótaí ar na leibhéil reatha chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na n-oibreoirí iartheachtacha agus d’iarr siad go ndéanfaí tuilleadh laghduithe ar dhleachtanna mar aon le méaduithe suntasacha ar mhéideanna na gcuótaí. Chuir siad i gcoinne mhodheolaíocht an Choimisiúin chun measúnú a dhéanamh ar úsáid acmhainneachta agus d’áitigh siad go raibh na laghduithe ar chuótaí róghéar. Ina theannta sin, d’áitigh siad go bhfuil gá le méid tosaigh níos airde den saorchuóta chun deis leordhóthanach a thabhairt do thionscail na n-úsáideoirí a n-oibríochtaí a choigeartú agus a bhfoinsí soláthair a éagsúlú, agus gur cheart deireadh a chur leis an laghdú de réir a chéile ar an gcuóta saor ó dhleacht ar feadh na chéad 3 bliana.
(185)
Dheimhnigh an Coimisiún go raibh a mhodheolaíocht fónta, bunaithe ar shonraí stairiúla agus ar fhianaise fhíorasach a bailíodh le linn an imscrúdaithe, lena n-áirítear faisnéis maidir le costais, úsáid acmhainneachta, méideanna díolachán, spleáchas ar allmhairí ón tSín, agus leibhéil fhoriomlána allmhairí. Ar an gcaoi chéanna, thug an Coimisiún dá aire go gcuirtear san áireamh ina mhodheolaíocht an méid a éilíonn táirgeoirí an Aontais chun leanúint de bheith inmharthana. Is éard a bhí i gceist leis sin méid na ndíolachán is gá a shainaithint chun láithreacht chobhsaí sa mhargadh a choinneáil ar bun. An tráth céanna, bhreithnigh an Coimisiún leasanna na n-úsáideoirí i ndearadh an chuóta saor ó dhleacht freisin, leanann an beart de mhéid substaintiúil saor ó dhleacht a sholáthar agus d’aistriú nach bhfuil chomh suaiteach céanna a éascú. Go háirithe, ceadaítear leis an mbeart do níos mó ná 37 % d’allmhairí ón tSín a cláraíodh le linn na tréimhse imscrúdúcháin teacht isteach san Aontas saor ó dhleacht sa chéad bhliain (2026). Laghdaítear an cuóta de réir a chéile ansin, ag sroicheadh 19 % faoi 2030. Leis an dearadh sin, maolaítear go mór an tionchar ar chostais an úsáideora, cuirtear idirthréimhse ar fáil chun na héifeachtaí tosaigh a mhaolú, agus soláthraítear am chun oiriúnú trí sholáthróirí malartacha a shainaithint agus na deimhnithe táirgí is gá a dhaingniú. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh.
(186)
Tar éis an nochta dheiridh, cheistigh roinnt páirtithe spleáchas an Choimisiúin ar allmhairí tríú tíortha. D’áitigh roinnt úsáideoirí nach bhféadfadh na tíortha sin an bhearna soláthair a líonadh go réalaíoch agus go raibh toimhdí an Choimisiúin ró-dhóchasach. Ar an mbonn sin, mhaígh siad gur cheart méideanna na gcuótaí saor ó dhleacht a mhéadú. Go háirithe, chuir siad in iúl gur tharraing an Bhrasaíl siar ó mhargadh an Aontais mar gheall ar tharaifí na Stát Aontaithe, gur chuir an cogadh leanúnach isteach ar tháirgeadh na hÚcráine, agus go raibh an India féin ag brath ar allmhairí ón tSín. Os a choinne sin, mhaígh tionscal an Aontais go raibh cúiseanna láidre ann lena thuar go dtiocfadh allmhairí tríú tíortha isteach i margadh an Aontais níos tapúla a luaithe a bheadh dleachtanna frithdhumpála i bhfeidhm. Dá réir sin, d’áitigh siad gur cheart méideanna na gcuótaí saor ó dhleacht a laghdú go suntasach. Thagair siad go háirithe don Úcráin, a mhéadaigh a hacmhainneachtaí táirgeachta agus a thairg go poiblí onnmhairí a leathnú chuig an Aontas.
(187)
Thug an Coimisiún dá aire go raibh a mheastachán ar allmhairí méadaithe ó thríú-tíortha bunaithe ar shonraí allmhairiúcháin stairiúla. Ar thaobh amháin, cuireadh san áireamh sa mhodheolaíocht sin nach dtarlódh aon mhéadú go tobann, ach de réir a chéile chun an t-uasleibhéal allmhairí a breathnaíodh in 2021 a bhaint amach. Ar an taobh eile, bhreithnigh an Coimisiún freisin na sreafaí allmhairiúcháin iarbhír ó thríú tíortha tar éis fhorchur na mbeart sealadach. Léirigh na sonraí sin go raibh méadú ag teacht ar allmhairí, murab ionann agus maímh na n-úsáideoirí, ach nach raibh méadú mór ag teacht orthu mar a líomhain tionscal an Aontais. I bhfianaise na n-argóintí contrártha agus frithráiteacha a chuir na páirtithe éagsúla i láthair, thug an Coimisiún dá aire go raibh a mhodheolaíocht ag brath ar shonraí allmhairiúcháin stairiúla seanbhunaithe agus ar ghníomhaíochtaí allmhairiúcháin breathnaithe tríú tíortha araon sna míonna tar éis fhorchur na mbeart sealadach. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh a chur chuige fónta, láidir agus bunaithe ar fhianaise fhíorasach. Diúltaíodh do na maímh dá réir sin.
8.3. Riar na gcuótaí
(188)
Mar a mhínítear sa roinn thuas, ba cheart an taraif-chuóta saor ó dhleacht a oibriú ar bhonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’.
(189)
Chun rochtain leathan chothrom a áirithiú, tá an cuóta ilroinnte mar a leanas: de réir táirge, le leithdháiltí ar leith le haghaidh alúmana comhleáite donn agus alúmana comhleáite bán; agus de réir gráinneachta, chun rochtain chothrom a áirithiú do na príomhearnálacha úsáideoirí. Ina theannta sin, ba cheart an cuóta a dháileadh ar bhonn ráithiúil chun a áirithiú go mbeidh sé ar fáil i rith na bliana.
(190)
Tá sé beartaithe leis an struchtúr sin a ráthú go ndáilfear an taraif-chuóta saor ó dhleacht go cothrom agus go bhfreagróidh sé do riachtanais shonracha na dtionscal éagsúil.
8.3.1. Cuótaí le haghaidh cineálacha táirgí
(191)
Maidir leis an deighilt idir cineálacha táirgí, dhírigh an Coimisiún ar na príomhchatagóirí sainiúla: alúmana comhleáite donn agus alúmana comhleáite bán, agus indéantacht na hainmníochta atá ann cheana agus difreáil chóid TARIC á gcur san áireamh.
(192)
Rinne an Coimisiún measúnú, bunaithe ar shonraí allmhairiúcháin stairiúla, ar fhaisnéis a bailíodh trí cheistneoirí, chomh maith le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara, ar leibhéil tomhaltais alúmana comhleáite donn agus alúmana comhleáite bán laistigh den Aontas, ar dhíolacháin agus ar tháirgeadh thionscal an Aontais, ar a acmhainneacht táirgeachta, agus ar a mhéid atá úsáideoirí ag brath ar allmhairí ón tSín. Rinneadh breithniú sa mheasúnú freisin ar a indéanta atá sé foinsiú ó sholáthróirí malartacha, bídís bunaithe san Aontas nó ó thríú tíortha, ar leibhéil chostais nach mbeadh ina gcúis le suaitheadh suaiteach praghsanna d’úsáideoirí.
(193)
Ar bhonn an mhéid thuas, leithdháil an Coimisiún 70 % den chuóta saor ó dhleacht ar alúmana comhleáite donn agus 30 % ar alúmana comhleáite bán. Mar gheall ar shainiúlacht praghsanna tuaslagáin/glóthaí, dá gcuimseofaí é laistigh den mhéid a leithdháiltear ar alúmana comhleáite bán, d’úsáidfí an cuóta go míchuí. Bunaítear cuóta ar leith maidir le corandam tuaslagáin/glóthaí.
8.3.2. Ceanglais maidir le gráinneacht ag úsáideoirí
(194)
Chun dáileadh cothrom méideanna a áirithiú i measc phríomhthionscail na n-úsáideoirí, mar atá scríobaigh agus ábhair theasfhulangacha, leithdháil an Coimisiún an cuóta ar bhealach a ceapadh chun go mbeadh an dá earnáil in ann rochtain a fháil ar sciartha iomchuí den chuóta saor ó dhleacht.
(195)
Chuige sin, rinne an Coimisiún measúnú, bunaithe ar an bhfaisnéis a bailíodh le linn an imscrúdaithe, lena n-áirítear sonraí allmhairiúcháin stairiúla agus cion tomhaltais margaidh don dá earnáil, riachtanais choibhneasta agus spleáchais soláthair gach tionscail.
(196)
Ar bhonn an mhéid thuas, leithdháil an Coimisiún 60 % den chuóta ar an earnáil scríobach agus 40 % ar an earnáil ábhar teasfhulangach.
(197)
Cruthaítear cóid TARIC shonracha, bunaithe ar ghráinneacht agus ar thuairisc theicniúil an táirge. Cé go bhfuil forluí ann, déantar idirdhealú éifeachtach sna cóid sin idir feidhmchláir sna hearnálacha scríobacha agus teasfhulangacha, agus tá an t-aicmiú fós bunaithe ar shaintréithe fisiceacha an táirge.
8.3.3. Dáileadh an chuóta saor ó dhleacht le himeacht ama
(198)
Tá an saor ó dhleacht le roinnt go ráithiúil chun a áirithiú go ndáilfear allmhairí go cothrom i gcaitheamh na bliana agus chun cosc a chur ar allmhairí suntasacha táirgí a stoc-charnadh ag tús na tréimhse chun dleachtanna a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint. Tá taraif-chuóta ráithiúil nár úsáideadh le haistriú go huathoibríoch go dtí an chéad tréimhse eile.
8.3.4. Fad agus éabhlóid an chuóta saor ó dhleacht
(199)
Tá méid an taraif-chuóta saor ó dhleacht le laghdú de réir a chéile. Tarlaíonn an laghdú gach bliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ag tosú le 60 000 tona agus ag laghdú 7 500 tona in aghaidh na bliana, go dtí go sroichtear 30 000 tona.
(200)
Leis an laghdú bliantúil sin ar mhéid an chuóta, bhí coinne leis go gcuirfí teorainn de réir a chéile leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais, rud a chuirfeadh ar chumas tháirgeoirí an Aontais téarnamh agus inmharthanacht a fháil ar ais le himeacht ama.
(201)
I gcás úsáideoirí, tá an cur chuige sin ceaptha chun tacú le bainistiú costas trí thionchair thobanna ar phraghsanna ionchur criticiúil a sheachaint. Tá sé ceaptha am a thabhairt chun spleáchas ar an tSín a laghdú, soláthróirí a éagsúlú, agus ceanglais deimhniúcháin agus chaighdeánacha cliant a chomhlíonadh. Leis an amlíne atá beartaithe, áirithíodh intuarthacht, rud a chuir ar a gcumas d’úsáideoirí oibríochtaí a phleanáil agus a choigeartú dá réir.
8.3.5. Barúlacha tar éis an nochta deiridh
(202)
Tar éis an nochta dheiridh, d’áitigh roinnt páirtithe leasmhara go raibh an córas taraif-chuóta saor ó dhleacht, go háirithe é a oibriú ar bhonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’, míchuí. Mhaígh siad go dtéann córas den sórt sin chun tairbhe go díréireach do cheannaitheoirí móra, go gcuireann sé fiontair bheaga agus mheánmhéide faoi mhíbhuntáiste, agus go spreagann sé iompraíocht amhantrach agus stoc-charnadh. De réir na bpáirtithe sin, dhéanfaí dochar do FBManna, ós rud é, murab ionann agus trádálaithe móra, nach féidir leo stoc-charnadh ná imréiteach custaim a dhéanamh go tapa, rud a d’fhágfadh go mbeidís ag brath ar idirghabhálaithe. Chun rochtain chothrom a áirithiú, d’iarr siad go mbeadh modhanna leithdháilte cosanta ann, amhail teorainneacha laethúla allmhairiúcháin agus cuótaí a bhaineann go sonrach le FBManna.
(203)
Thug an Coimisiún dá aire gur ceapadh an córas taraif-chuóta saor ó dhleacht chun rochtain leathan chothrom a áirithiú. Bunaítear leis idirdhealuithe de réir táirge, lena ndéantar idirdhealú idir alúmana comhleáite donn agus alúmana comhleáite bán, de réir ama, trí dháileadh ráithiúil, agus de réir gráinneachta, rud a chruthaíonn difríochtaí de facto de réir chineál na n-úsáideoirí. Is é is aidhm don ilroinnt sin ar an gcuóta comhchruinniú a chosc agus ligean do raon leathan oibreoirí tairbhe a bhaint as. Maidir leis an togra le haghaidh teorainneacha laethúla allmhairiúcháin in aghaidh na cuideachta, thug an Coimisiún faoi deara go mbeadh sé deacair sásra den sórt sin a chur chun feidhme agus go gcruthódh sé ualaí riaracháin díréireacha ar an leibhéal custaim náisiúnta. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire go bhféadfadh FBManna tairbhiú den chóras ina n-aonar agus trí allmhaireoirí seanbhunaithe, a ghníomhaíonn, mar a deimhníodh le linn an imscrúdaithe, mar chainéal tarchurtha idir onnmhaireoirí na Síne agus FBManna. Ós rud é nach n-allmhairíonn FBManna go díreach i roinnt mhaith cásanna, tá ról na n-allmhaireoirí seanbhunaithe fíor-riachtanach chun a áirithiú go mbeidh rochtain acu ar an ábhar. Dá dtabharfaí isteach teorainneacha laethúla in aghaidh na cuideachta, bheadh an baol ann go gcuirfí bac ar an gcainéal sin agus, sa chleachtas, go mbainfí an bonn den rochtain a theastaíonn ó FBManna. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.
(204)
Tar éis an nochta dheiridh, d’áitigh roinnt páirtithe leasmhara go raibh idirdhealú an Choimisiúin idir gráid scríobach agus ábhar teasfhulangach saorga agus gan bhunús go teicniúil. Mhaígh siad go bhfuil an dá chatagóir inmhalartaithe go fisiceach agus go ceimiceach agus nach bhfuil sé d’acmhainn ag údaráis chustaim difreáil den sórt sin a fhorfheidhmiú. D’áitigh na páirtithe sin freisin, gan rialuithe níos déine, go bhféadfadh tionscail seachas na húsáideoirí beartaithe cuid den chuóta a ídiú. Chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin, d’iarr siad go dtabharfaí isteach deimhniú úsáideora deiridh.
(205)
Thug an Coimisiún dá aire, cé go bhfuil an táirge atá faoi imscrúdú mar an gcéanna, gur bunaíodh cóid TARIC shonracha ar bhonn gráinneachta agus ar bhonn na tuairisce teicniúla ar an táirge. Cé go bhfuil forluí áirithe ann, déantar idirdhealú éifeachtach sna cóid sin, den chuid is mó, idir an tomhaltas a bhaineann le feidhmeanna san earnáil scríobach agus feidhmeanna san earnáil ábhar teasfhulangach. Dá bhrí sin, tá an t-aicmiú bunaithe go daingean ar shaintréithe fisiceacha an táirge, lena n-áirithítear go bhfuil údar maith leis an difreáil go teicniúil agus gur féidir é a fhorfheidhmiú. Thug an Coimisiún dá aire freisin go mbeadh sé deacair díolúine úsáide deiridh a thabhairt isteach agus go gcruthódh sé ualaí riaracháin díréireacha i bhfianaise líon mór na n-úsáideoirí a d’fhéadfadh a bheith ann. Ina theannta sin, bheadh an baol ann go gcuirfeadh díolúine den sórt sin isteach ar ról na n-allmhaireoirí traidisiúnta, a ghníomhaíonn mar an sásra seachadta de facto idir onnmhaireoirí na Síne agus FBManna. Ós rud é nach n-allmhairíonn FBManna go díreach i gcuid mhaith cásanna, braitheann siad ar allmhaireoirí seanbhunaithe chun rochtain a fháil ar an ábhar. Dá dtabharfaí isteach deimhniú úsáideora deiridh, d’fhéadfaí bac a chur ar an gcainéal sin agus an bonn a bhaint de rochtain FBManna seachas é a chosaint. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.
(206)
Tar éis an nochta dheiridh, rinne páirtithe áirithe agóid i gcoinne mhéideanna na gcuótaí saor ó dhleacht faoi chatagóirí táirgí. Mhaígh roinnt páirtithe leasmhara gur cheart alúmana comhleáite de ghrád teasfhulangach a dhíolmhú ó na bearta nó gur cheart díolúine úsáide deiridh shonrach a thabhairt isteach le haghaidh alúmana comhleáite a allmhairítear chun táirgí teasfhulangacha atá beartaithe don tionscal cruach a mhonarú. D’áitigh páirtithe eile gur cheart foirmeacha áirithe táirgí, amhail tuaslagán/glóthach agus cnapanna, a eisiamh ó raon feidhme an taraif-chuóta nó gur cheart méideanna cineálacha áirithe táirgí, amhail alúmana comhleáite donn, a mhéadú. Ina theannta sin, chuir roinnt páirtithe leasmhara a dhéanann ionadaíocht ar an tionscal ábhar teasfhulangach i gcoinne an leithdháilte idir na hábhair theasfhulangacha agus na scríobaigh, agus d’áitigh siad gur cheart spleáchas seachas tomhaltas a bheith mar an critéar cinntitheach maidir leis an leithdháileadh idir tionscail na n-úsáideoirí.
(207)
Thug an Coimisiún dá aire, agus méideanna na gcuótaí á sainiú aige, gur chuir sé an raon táirge iomlán san áireamh agus gur chuir sé modheolaíocht chomhsheasmhach i bhfeidhm maidir leis na táirgí uile a thagann faoin raon feidhme sin. Go sonrach, 60 000 tona a bhí i méid iomlán an chuóta a bhunaigh an Coimisiún, mar a mhínítear in aithrisí (173) go (175). Den mhéid sin, leithdháileadh 70 % ar alúmana comhleáite donn agus 30 % ar alúmana comhleáite bán, mar a leagtar amach i roinn 8.3.1. freisin. Dáileadh na méideanna go comhréireach ansin ar fud chóid TARIC ábhartha na gcatagóirí sin, bunaithe ar sciar na n-allmhairí a taifeadadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin.
(208)
Mheas an Coimisiún go raibh an mhodheolaíocht sin fónta, cothrom agus comhréireach, agus é ag caitheamh leis an táirge lena mbaineann ina iomláine seachas tús áite a thabhairt d’aon típeolaíocht ar leith nó aon típeolaíocht ar leith a chur as an áireamh. Mar a suíodh cheana i Roinn 222, meastar gach foirm mar chuid den táirge céanna lena mbaineann. Ina theannta sin, thug an Coimisiún dá aire go raibh an mhodheolaíocht a úsáideadh chun an leithdháileadh idir tionscail na n-úsáideoirí a chinneadh fónta, agus spleáchais úsáideoirí agus leibhéil tomhaltais araon á gcur san áireamh. Dá réir sin, diúltaíodh do na maímh.
(209)
Tar éis an nochta dheiridh, d’áitigh roinnt páirtithe leasmhara gur cheart clásal athbhreithnithe a chur san áireamh chun aghaidh a thabhairt ar athruithe a d’fhéadfadh teacht ar imthosca, lena n-áirítear forbairtí i dtáirgeacht an Aontais, allmhairí ó thríú tíortha agus méid mhargadh an Aontais, rud a d’fhágfadh go mbeadh gá leis an gcuóta saor ó dhleacht a choigeartú.
(210)
Thug an Coimisiún dá aire, i gcomhréir leis an mbun-Rialachán, go bhféadfaidh sé athbhreithniú a thionscnamh i gcás ina dtarlaíonn athruithe ar imthosca, lena n-áirítear athruithe ar tháirgeacht fhoriomlán an Aontais, ar thomhaltas alúmana comhleáite an Aontais, agus ar allmhairí ó thríú tíortha. Dá réir sin, mheas an Coimisiún nach bhfuil údar le clásal athbhreithnithe ar leithligh a chur isteach.
(211)
Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearna CCCMC ionadaíocht orthu gur cheart tosaíocht a thabhairt do tháirgeoirí onnmhairiúcháin a chomhoibrigh le linn an imscrúdaithe sa leithdháileadh cuótaí.
(212)
Thug an Coimisiún dá aire gur bunaíodh an taraif-chuóta saor ó dhleacht, bunaithe ar leas an Aontais, chun tionchar na mbeart ar thionscail úsáideoirí a mhaolú agus chun leasanna na bpáirtithe uile a chothromú, gan cóir fhabhrach a thabhairt do tháirgeoirí onnmhairiúcháin aonair. Ar an gcúis sin, diúltaíodh don mhaíomh gur cheart tosaíocht a thabhairt do tháirgeoirí comhoibríocha sa leithdháileadh cuótaí.
(213)
Tar éis an nochta dheiridh, mhaígh roinnt páirtithe go raibh sé míchruinn cód TARIC 2818 10 91 20, a bhí ceaptha do thuaslagán/glóthach ghorm, a áireamh faoi alúmana comhleáite donn. D’áitigh siad, chun idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha táirgí i gcomhréir lena n-aicmiú TARIC, nár cheart a mheas gur cineál speisialtachta alúmana chomhleáite donn é tuaslagán/glóthach ghorm. Mhaígh siad go bhfuil cion ocsaíde alúmanaim faoi bhun 98,5 % ag an tuaslagán/glóthach ghorm, agus sin an fáth a dtagann sé faoi chód AC 2818 10 91 , ach go bhfuil idirmhalartacht theoranta aige le gnáth-tháirgí alúmana chomhleáite dhoinn. D’áitigh siad freisin go n-úsáideann tuaslagán/glóthach bóimít mar a phríomh-amhábhar, ar cineál speisialta alúmana é, ach gurb é alúmana an príomh-amhábhar freisin le haghaidh táirgí alúmana chomhleáite bháin, agus go mbraitheann alúmana comhleáite donn ar bháicsít. Ina theannta sin, mhaígh siad go bhfuil leibhéal níos airde idirmhalartachta ann idir tuaslagán/glóthach ghorm agus tuaslagán/glóthach bhán, a aicmítear faoi chóid TARIC 2818 10 11 10 agus 2818 10 11 20, seachas le gráid chaighdeánacha alúmana chomhleáite dhoinn. Ar an gcaoi chéanna, d’áitigh siad go leithdháilfí méideanna go díréireach ar chineál táirge nideoige dá n-áireofaí tuaslagán/glóthach ghorm faoi alúmana comhleáite donn, rud a chruthódh an baol go bhféadfadh leibhéil dhíréireacha tuaslagáin/glóthaí goirme teacht isteach san Aontas faoin gcuóta saor ó dhleacht. Ar an mbonn sin, d’iarr na páirtithe go ndéanfaí tuaslagán/glóthach ghorm a eisiamh ó chatagóir an alúmana chomhleáite dhoinn agus go gcaithfí léi ar leithligh faoin gcreat taraif-chuótaí saor ó dhleacht.
(214)
Rinne an Coimisiún measúnú cúramach ar an iarraidh sin agus, tar éis na n-argóintí a cuireadh i láthair, tháinig sé ar an gconclúid, cé gurb ionann gach cineál táirge a thagann faoi raon feidhme an imscrúdaithe agus an táirge céanna lena mbaineann agus go bhfuil príomhthréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla i bpáirt acu, chun idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha táirgí i gcomhréir lena n-aicmiú TARIC, nár cheart a mheas gur cineál speisialtachta alúmana chomhleáite dhoinn é tuaslagán/glóthach ghorm. Ina ionad sin, ba cheart é a áireamh i gcatagóir an alúmana chomhleáite bháin. Bhí údar teicniúil leis an gconclúid sin ach bhí sí bunaithe freisin ar an mbreithniú go leithdháilfí méideanna go díréireach ar chineál táirge nideoige dá n-áireofaí tuaslagán/glóthach ghorm faoi alúmana comhleáite donn, rud a chruthódh an baol go bhféadfadh leibhéil dhíréireacha de thuaslagán/glóthach ghorm teacht isteach san Aontas faoin gcuóta saor ó dhleacht.
(215)
Ina theannta sin, thug an Coimisiún dá aire gurbh é a bhí beartaithe leis an gcuóta saor ó dhleacht agus leis an lamháltas níos mó, mar atá 70 %, le haghaidh alúmana comhleáite donn, maolú a dhéanamh ar an tionchar a bhaineann le formhór na n-úsáideoirí méideanna móra alúmana chomhleáite dhoinn a thomhailt. Dá gcumhdófaí tuaslagán/glóthach ghorm laistigh den chatagóir seo, áfach, ní dhéanfaí athrú ábhartha ar infhaighteacht fhoriomlán na méideanna d’úsáideoirí i bhfianaise a dtomhaltais bhig, ach d’fhéadfadh sé, ar an taobh eile, dochar suntasach a dhéanamh do thionscal an Aontais.
(216)
Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún cód TARIC 2818 10 91 20 a áireamh faoi alúmana comhleáite bán chun críocha athdháileadh na méideanna.
(217)
Ina theannta sin, mhaígh roinnt páirtithe leasmhara go raibh gá le modhnuithe áirithe ar na tuairiscí TARIC le haghaidh tuaslagáin/glóthaí ar mhaithe le cruinneas teicniúil agus chun mí-aicmiú féideartha táirgí tuaslagáin/glóthaí allmhairithe a sheachaint. Áiríodh leis na modhnuithe sin an soiléiriú go n-áirítear tuaslagán/glóthach shintéaraithe agus réamh-shintéaraithe araon i gcóid TARIC 2818 10 11 10 agus 2818 10 91 20. Ina theannta sin, mhaígh roinnt páirtithe go raibh gá le coigeartú i gcód TARIC 2818 10 91 20 chun allmhairiú táirgí tuaslagáin/glóthaí áirithe ina bhfuil cion níos lú ná 98,5 % d’ocsaíd alúmanaim faoi chód TARIC 2818 10 91 99 a sheachaint.
(218)
Rinne an Coimisiún measúnú cúramach ar an iarraidh sin, agus tar éis na n-argóintí a cuireadh i láthair, tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil údar leis na modhnuithe ar mhaithe le cruinneas teicniúil agus chun mí-aicmiú féideartha táirgí tuaslagáin/glóthaí allmhairithe a sheachaint. Ina theannta sin, thug an Coimisiún dá aire gurbh é a bhí beartaithe leis an gcuóta saor ó dhleacht maolú a dhéanamh ar an tionchar a bhaineann leis na húsáideoirí méideanna móra a thomhailt, rud atá nasctha lena spleáchas. Dá modhnófaí na cóid TARIC a bhaineann le cineál ar leith den táirge, ní dhéanfaí athrú ábhartha ar infhaighteacht fhoriomlán na méideanna d’úsáideoirí mar gheall ar a thomhaltas beag agus d’fhéadfaí mí-aicmiú a sheachaint a d’fhéadfadh dochar suntasach a dhéanamh do thionscal an Aontais.
(219)
Tar éis an nochta deiridh breise, tharraing Imerys aird ar mhíchruinneas teicniúil sa tuairisc ar cheann de na cóid TARIC nuachruthaithe le haghaidh táirgí tuaslagáin/glóthaí agus d’iarr sé go ndéanfaí athbhreithniú air.
(220)
Thug an Coimisiún dá aire go raibh an bharúil cruinn agus gur choigeartaigh sé an tuairisc ar na cóid TARIC ábhartha dá réir.
8.4. Leibhéal na mbeart
(221)
Ar bhonn a bhfuil thuas, ba cheart na dleachtrátaí frithdhumpála cinntitheacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc, a bheith mar a leanas:
Tír
Cuideachta
Corrlach dumpála (%)
Corrlach díobhála (%)
Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%)
An tSín
Chongqing Saite Corundum Co., Ltd.
99,8
233,9
99,8
An tSín
Luoyang Runbao Abrasives Co., Ltd.
88,7
116,9
88,7
An tSín
Cuideachtaí comhoibríocha eile
94,5
178,4
94,5
An tSín
Gach allmhaire eile de thionscnamh na Síne
110,6
259
110,6
(222)
Na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo i ndáil leis na cuideachtaí sin. Dá bhrí sin, tá na dleachtrátaí sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na tíre lena mbaineann agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna monarú ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo sin a luaitear go sonrach, ní féidir leo tairbhiú de na rátaí sin agus ba cheart go mbeadh siad faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh na Síne’.
(223)
Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na dleachtrátaí frithdhumpála aonair i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an t-iarratas a chur chuig an gCoimisiún (10). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(224)
Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm ceart na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme ach amháin nuair a chuirtear sonrasc tráchtála bailí i láthair údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirtear sonrasc den sórt sin i láthair, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh na Síne’.
(225)
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ba cheart dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.
(226)
Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle go háirithe tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha lena dhéanamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtráta(í) aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin.
(227)
Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith leis an dleacht frithdhumpála le haghaidh gach allmhaire eile de thionscnamh na Síne ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach ina dteannta sin, maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin.
(228)
Táirgeoirí onnmhairiúcháin nach ndearna an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ba cheart dóibh a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí faoi réir an dleachtráta frithdhumpála iad le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil san áireamh sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) nár onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin; (ii) nach bhfuil sé comhlachaithe le táirgeoir onnmhairiúcháin a rinne amhlaidh; agus (iii) d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann ina dhiaidh sin nó chuaigh sé faoi oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe déanamh amhlaidh i gcainníochtaí substaintiúla.
8.5. Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha
(229)
Tar éis an nochta dheiridh, d’áitigh páirtithe áirithe nach raibh údar le bailiú na ndleachtanna sealadacha ar leibhéal na gcorrlach dumpála. Mhaígh siad go gcuirfeadh bailiú den sórt sin ualach míchuí ar úsáideoirí agus, ós rud é gur modhnaíodh foirm na mbeart cinntitheach, nár cheart na dleachtanna sealadacha a bhailiú san fhoirm ina bhfuil siad faoi láthair.
(230)
Thug an Coimisiún dá aire go mbunaítear leis na bearta cinntitheacha taraif-chuóta saor ó dhleacht lena gcumhdaítear cuid den mhéid allmhairí ón tSín. Ar bhonn allmhairí ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ní thairbheodh 62,6 % de mhéid iomlán na n-allmhairí den chuóta saor ó dhleacht agus, dá bhrí sin, bheadh sé faoi réir dleachtanna frithdhumpála. Chun sciar iarbhír na n-allmhairí atá faoi réir dleachtanna a léiriú agus chun róbhailiú a chosc thar an méid a forchuireadh faoi na bearta cinntitheacha, mheas an Coimisiún, ar feadh na tréimhse idir forchur na mbeart sealadach agus teacht i bhfeidhm na mbeart cinntitheach, gur cheart na dleachtanna a bhailítear a bheith comhfhreagrach don chion céanna d’allmhairí nach dtagann faoin taraif-chuóta, agus méideanna allmhairí na tréimhse imscrúdúcháin á nglacadh mar thagairt, is é sin 62,6 % de leibhéal na dleachta cinntithí. Áirithítear leis an gcur chuige sin go gcaitear go comhsheasmhach le hallmhairí, go gcuirtear dleachtanna i bhfeidhm go comhréireach, agus nach mbailítear aon bharrachas thar na bearta cinntitheacha.
(231)
I bhfianaise na gcorrlach dumpála a suíodh agus leibhéal na díobhála a bhain do thionscal an Aontais, ba cheart na méideanna arna n-urrú trí bhíthin dleachtanna frithdhumpála sealadacha arna bhforchur faoin Rialachán sealadach a bhailiú go cinntitheach ag 62,6 % de na leibhéil dleachta a leagtar síos sa Rialachán seo.
(232)
I bhfianaise na gcorrlach dumpála a cinneadh agus an leibhéil díobhála a rinneadh do thionscal an Aontais, ba cheart na méideanna arna n-urrú trí bhíthin na ndleachtanna frithdhumpála sealadacha arna bhforchur leis an Rialachán sealadach a bhailiú go cinntitheach ag 62,6 % de na leibhéil dleachta a bhunaítear faoin Rialachán seo.
8.6. Bailiú cúlghabhálach
(233)
Mar a luaitear i Roinn 1.2, chuir an Coimisiún allmhairí an táirge faoi imscrúdú faoi réir a gcláraithe.
(234)
Le linn chéim chinntitheach an imscrúdaithe, rinneadh na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs an chláraithe a mheasúnú. Rinne an Coimisiún anailís lena fháil amach ar comhlíonadh na critéir faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán maidir le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna cinntitheacha.
(235)
Léirigh anailís an Choimisiúin nár tháinig aon mhéadú suntasach ar allmhairí sa bhreis ar leibhéal na n-allmhairí ba chúis le díobháil le linn na tréimhse imscrúdúcháin, mar a leagtar síos in Airteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán. Chuige sin, rinne an Coimisiún comparáid idir méideanna allmhairí idir (i) an tréimhse ón gcéad mhí iomlán tar éis an tionscnaimh suas go dtí an mhí iomlán dheireanach roimh an gclárú agus an tréimhse ón gcéad mhí iomlán tar éis an tionscnaimh suas go dtí an mhí iomlán dheireanach roimh ghlacadh na mbeart sealadach ar thaobh amháin agus míonna féilire comhfhreagracha na tréimhse imscrúdúcháin ar an taobh eile, chun an tséasúracht a chur san áireamh, agus (ii) an meán míosúil do na tréimhsí sin leis an meán míosúil thar an tréimhse imscrúdúcháin iomlán.
(236)
Léiríodh ó thoradh na hanailíse sin laghdú ar mhéideanna allmhairí. Go sonrach, léirigh na sonraí laghdú 9 % ar mheánmhéid míosúil na n-allmhairí nuair a cuireadh an tréimhse 7 mí ó thionscnamh an imscrúdaithe i gcomparáid le foilsiú na mbeart sealadach leis an meán míosúil le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léirigh comparáid chomhchosúil thar an tréimhse 2 mhí ó thionscnamh na n-allmhairí go clárú na n-allmhairí laghdú 8 % ar mheánmhéideanna míosúla na n-allmhairí. Rinne an Coimisiún comparáid freisin idir na méideanna allmhairí le linn na 7 mí tar éis an tionscnaimh leis na míonna féilire céanna le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léirigh an chomparáid sin laghdú 10 % ar mhéideanna allmhairí. Thairis sin, nuair a bhí comparáid á déanamh idir an 2 mhí tar éis an tionscnaimh go dtí clárú na n-allmhairí leis na míonna céanna le linn na tréimhse imscrúdúcháin, breathnaíodh laghdú 3,2 % ar mhéideanna allmhairí.
(237)
I bhfianaise a bhfuil thuas, níor thacaigh an fhianaise le méadú suntasach ar allmhairí a bheith ann tar éis an tionscnaimh. Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le bearta a fhorchur le héifeacht chúlghabhálach.
9. FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH
(238)
I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratrom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.
(239)
Níor thug an Coiste a bunaíodh hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 tuairim uaidh maidir leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí alúmana chomhleáite, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC 2818 10 11 , 2818 10 19 , ex 2818 10 91 , agus 2818 10 99 (cóid TARIC 2818 10 91 20, 2818 10 91 40, 2818 10 91 91, 2818 10 91 99) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. Ní bheidh feidhm ag an dleacht frithdhumpála maidir le hallmhairí a thagann faoin taraif-chuóta saor ó dhleacht arna bhunú faoi Airteagal 2.
2. Is mar a leanas a bheidh ráta na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar na táirgí a bhfuil tuairisc orthu i mír 1 agus arna dtáirgeadh ag na cuideachtaí, a liostaítear thíos:
Tír thionscnaimh
Cuideachta
Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%)
Cód breise TARIC
An tSín
Chongqing Saite Corundum Co., Ltd.
99,8
89RI
An tSín
Luoyang Runbao Abrasives Co., Ltd.
88,7
89RJ
An tSín
Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear in Iarscríbhinn I
94,5
Féach Iarscríbhinn I.
An tSín
Gach allmhaire eile de thionscnamh na Síne
110,6
8999
3. Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid san aonad atá á úsáid againn) de (an táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é sa [tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go dtabharfar an sonrasc sin ar aird, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.
4. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.
Airteagal 2
1. Bunaítear taraif-chuóta saor ó dhleacht le haghaidh allmhairí alúmana chomhleáite, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC 2818 10 11 , 2818 10 19 , ex 2818 10 91 , agus 2818 10 99 (cóid TARIC 2818 10 11 10, 2818 10 11 20, 2818 10 11 30, 2818 10 11 40, 2818 10 11 91, 2818 10 11 99, 2818 10 91 20, 2818 10 91 40, 2818 10 91 91, 2818 10 91 99) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.
2. Ní bheidh allmhairí an táirge lena mbaineann laistigh de mhéid an chuóta faoi réir aon dleacht frithdhumpála. Sonraítear in Iarscríbhinn II méid an taraif-chuóta saor ó dhleacht, na cineálacha táirgí (a shainmhínítear trí thagairt do chóid TARIC), agus na tréimhsí lena mbaineann sé.
3. Leithdháilfear an taraif-chuóta saor ó dhleacht ar bhonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’, bunaithe ar an taraif-chuóta a bhunófar go cothrom le haghaidh gach ráithe den tréimhse ar lena linn a fhorchuirtear é, mar a shonraítear in Iarscríbhinn II.
4. Stadfar de na tarraingtí ar gach cuóta ráithiúil ar an bhfichiú lá oibre de chuid an Choimisiúin tar éis dheireadh na tréimhse ráithiúla. Ag deireadh gach ráithe, déanfar iarmhéideanna an taraif-chuóta nár úsáideadh a aistriú go huathoibríoch go dtí an chéad ráithe eile. Ní aistreofar aon iarmhéid nár úsáideadh ag deireadh na ráithe deireanaí de gach bliain ina gcuirtear an taraif-chuóta cinntitheach i bhfeidhm.
5. I gcás ina mbeidh an cuóta ábhartha a shainítear faoi mhír 2 ídithe, beidh allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 1.
Airteagal 3
1. Na méideanna arna n-urrú trí bhíthin na dleachta frithdhumpála sealadaí faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1456, déanfar iad a bhailiú go cinntitheach ar leibhéal a chomhfhreagraíonn do 62,6 % de na dleachtrátaí a leagtar síos in Airteagal 1 den Rialachán seo. Na méideanna arna n-urrú de bhreis ar rátaí cinntitheacha na dleachta frithdhumpála, déanfar iad a scaoileadh.
2. Is mar a leanas a bheidh ráta na dleachta frithdhumpála sealadaí atá le bailiú i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2016/1036:
Tír thionscnaimh
Cuideachta
Dleacht frithdhumpála shealadach (%)
Cód breise TARIC
An tSín
Chongqing Saite Corundum Co., Ltd.
62,4
89RI
An tSín
Luoyang Runbao Abrasives Co., Ltd.
55,5
89RJ
An tSín
Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear in Iarscríbhinn I
59,1
Féach Iarscríbhinn I.
An tSín
Gach allmhaire eile de thionscnamh na Síne
69,2
8999
Airteagal 4
Féadfar Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chur leis agus iad a chur faoi réir mheánráta ualaithe iomchuí na dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
nach ndearna sé na hearraí a shonraítear in Airteagal 1(1) a onnmhairiú le linn na tréimhse imscrúdúcháin (an 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 30 Meán Fómhair 2024);
(b)
nach bhfuil sé comhlachaithe le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo, agus a d’fhéadfadh comhoibriú san imscrúdú bunaidh; agus
(c)
gur onnmhairigh sé iarbhír an táirge lena mbaineann, sin nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Eanáir 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) IO C, C/2024/7049, 21.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7049/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/260 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2025 lena gcuirtear allmhairí alúmana comhleáite de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe (IO L, 2025/260, 11.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/260/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1456 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí alúmana chomhleáite de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2025/1456, 18.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1456/oj).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1173 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1036 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad agus Rialachán (AE) 2016/1037 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheonaithe ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad i dtaca le fad tréimhse an réamhnochta (IO L 259, 10.8.2020, lch. 1, ELI http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/1173/oj).
(6) https://www.trevodrywall.com.br/.
(7) https://www.tecnosulfur.com.br/en/about/.
(8) In éagmais ráitis airgeadais a bheith ar fáil do tháirgeoir alúmana chomhleáite in aon cheann de na tíortha a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch agus a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche acu atá cosúil leis an tSín, bhí an Coimisiún ag brath ar ráitis airgeadais cuideachtaí a tháirgeann alúmana comhleáite i dtíortha eile chun a mheas an raibh costais SGA Bozel ionadaíoch ar an earnáil lena mbaineann. Áirítear leis sin an fhaisnéis ó tháirgeoir Indiach, Carborundum Universal Limited (https://www.cumi-murugappa.com/wp-content/uploads/2025/07/CUMI-Annual-Report-2025.pdf) táirgeoir Seapánach, Resonac Holdings Corporation (https://www.resonac.com/sites/default/files/2025-02/e_tanshin2024q4.pdf), agus sonraí arna mbailiú agus arna bhfíorú ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais.
(9) Táirgtear alúmana comhleáite ó alúmana agus báicsít, a liostaítear araon mar ionchuir straitéiseacha faoin nGníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla (2024/1252). Ina theannta sin, tá á thábhacht straitéiseach agus a ábharthacht do na tionscail iarainn, churach agus chosanta deimhnithe ag Singh et al. (2023) Applications and Developments of Thermal Spray Coatings for the Iron and Steel Industry agus Grigaitienė et al. (2025) Effect of TiO2 Content on the Corrosion and Thermal Resistance of Plasma-Sprayed Al2O3-TiO2 Coatings.
(10) Ríomhphost: TRADE-TDI-NAME-CHANGE-REQUESTS@ec.europa.eu; European Commission, Directorate-General for Trade, Directorate G, Rue de la Loi/Wetstraat 170, 1040 Bruxelles/Brussels, BELGIQUE/BELGIË.
(11) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
IARSCRÍBHINN I
Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne nár sampláladh
Tír
Ainm
Cód breise TARIC
Daon-Phoblacht na Síne
Art Abrasives (Guizhou) Co., Ltd.
89RK
Daon-Phoblacht na Síne
Bedrock Corundum Co., Ltd.
89RL
Daon-Phoblacht na Síne
Binzhou Qinai New Material Co., Ltd.
89RM
Daon-Phoblacht na Síne
Guizhou Guxin New Materials Co., Ltd.
89RN
Daon-Phoblacht na Síne
Guizhou Kaicheng Fused Minerals Co., Ltd.
89RO
Daon-Phoblacht na Síne
Henan Ant Advanced Materials Co., Ltd.
89RP
Daon-Phoblacht na Síne
Henan Haochen Advanced Materials Co., Ltd.
89RQ
Daon-Phoblacht na Síne
Henan Hengxin Industrial & Mineral Products Co., Ltd
89SI
Daon-Phoblacht na Síne
Henan Jinfeng New Material Technology Co., Ltd.
89RR
Daon-Phoblacht na Síne
Imerys Fused Minerals (Guizhou) Co., Ltd.
89RS
Daon-Phoblacht na Síne
Qinai (Shandong) New Material Co., Ltd.
89RT
Daon-Phoblacht na Síne
Qingdao Reckel Advanced Materials Co., Ltd.
89RU
Daon-Phoblacht na Síne
Qingdao Sisa Abrasives Co., Ltd.
89RV
Daon-Phoblacht na Síne
Saint-Gobain Ceramic Materials (Zhengzhou) Co Ltd
89RW
Daon-Phoblacht na Síne
Shandong Imerys Mount Tai Co., Ltd.
89RX
Daon-Phoblacht na Síne
Shanxi Lvliangshan Mineral Co., Ltd.
89RY
Daon-Phoblacht na Síne
Yichuan Kingsino Refractories Co., Ltd
89RZ
Daon-Phoblacht na Síne
Zhengzhou Sinabuddy Mineral Co., Ltd.
89SA
Daon-Phoblacht na Síne
Zhengzhou Yufa High-Tech Material Co., Ltd.
89SB
Daon-Phoblacht na Síne
Zibo Jin Chun Tai Abrasives Co., Ltd.
89SD
Daon-Phoblacht na Síne
Zibo Jinjiyuan Abrasives Co., Ltd.
89SC
IARSCRÍBHINN II
Cód TARIC nó AC
Tuairisc ar an táirge
2026
2027
2028
2029
2030
Sraithuimhir
Méid an taraif-chuóta saor ó dhleacht (glantonaí)
2818 10 11 10
Corandam tuaslagáin/glóthaí (CAS RN 1302-74-5) ina bhfuil cion 99,6 % d’ocsaíd alúmanaim nó níos mó de réir meáchain, ag a bhfuil struchtúr micrichriostalta i bhfoirm slat ag a bhfuil cóimheas treoíochta 1,3 nó níos mó, ach nach mó ná 6,0
103,8
90,8
77,8
64,9
51,9
090520
2818 10 11 30
(TARIC NUA)
Corandam tuaslagáin/glóthaí sintéaraithe nó tuaslagán/glóthach réamhshintéaraithe ina bhfuil cion 99,6 % d’ocsaíd alúmanaim nó níos mó de réir meáchain, ag a bhfuil struchtúr micricriostalta i bhfoirm slat ag a bhfuil cóimheas treoíochta 1,3 nó níos mó, ach nach mó ná 6,0
2818 10 11 40
Corandam tuaslagáin/glóthaí sintéaraithe nó tuaslagán/glóthach réamhshintéaraithe ag a bhfuil struchtúr micricriostalta, ina bhfuil ocsaíd alúmanaim, ina bhfuil cion 98,5 % d’ocsaíd alúmanaim ar a laghad de réir meáchain (mar ocsaídí), seachas cion 99,6 % nó níos mó d’ocsaíd alúmanaim de réir meáchain, ag a bhfuil struchtúr micricriostalta i bhfoirm slat ag a bhfuil cóimheas treoíochta 1,3 nó níos mó, ach nach mó ná 6,0
2818 10 11 20
Corandam sintéaraithe ag a bhfuil struchtúr micrichriostalta, ina bhfuil ocsaíd alúmanaim (CAS RN 1344-28-1) agus alúmanáit mhaignéisiam (CAS RN 12068-51-8), ina bhfuil de réir meáchan (arna ríomh mar ocsaídí):
—
cion -92 % nó níos mó d’ocsaíd alúmanaim, agus
—
cion -8 % nó níos lú d’ocsaíd mhaignéisiam
281810 11 91 (TARIC NUA)
Alúmana comhleáite i gcás ina bhfuil feidhm ag an dá cheann díobh seo a leanas: (i) go bhfuil idir 5 % agus 35 % den táirge de réir meáchain faoi bhun na teorann is ísle ar mhéid an ghráin a leagtar amach sa tsonraíocht don táirge agus; (ii) go bhfuil idir 1 % agus 10 % den táirge de réir meáchain os cionn na teorann is airde ar mhéid an ghráin a leagtar amach sa tsonraíocht don táirge
7 177,6
6 280,4
5 383,2
4 486,0
3 588,8
090521
2818 10 11 99
(TARIC NUA)
Eile
10 087,7
8 826,7
7 565,7
6 304,8
5 043,8
090522
2818 10 19
a bhfuil méid cáithnín níos mó ná 10 mm ag 50 % nó níos mó den mheáchan iomlán
56,1
49,1
42,1
35,0
28,0
090523
2818 10 91 20
Corandam sintéaraithe ag a bhfuil struchtúr micrichriostalta, ina bhfuil ocsaíd alúmanaim (CAS|RN|1344-28-1), alúmanáit mhaignéisiam (CAS|RN|12068-51-8) agus na halúmanáití tearc-chré seo a leanas: itriam, lantanam, agus neoidimiam, ina bhfuil, de réir meáchain (arna ríomh mar ocsaídí):
—
cion -92 % nó níos mó, ach níos lú ná 98,5 % d’ocsaíd alúmanaim,
—
cion -2 % (± 1,5| %) d’ocsaíd mhaignéisiam,
—
cion -1 % (± 0,6 %) d’ocsaíd itriam, agus
—
cion -3 % (± 2,2 %) d’ocsaíd lantanaim sin nó
—
cion -2 % (± 1,2 %) d’ocsaíd lantanaim agus ocsaíd neoidimiam,
a bhfuil méid cáithnín níos mó ná 10 mm ag níos lú ná 50| % den mheáchan iomlán
574,9
503,0
431,2
359,3
287,5
090524
2818 10 91 40
(TARIC NUA)
Corandam tuaslagáin/glóthaí sintéaraithe nó tuaslagán/glóthach réamhshintéaraithe ag a bhfuil struchtúr micricriostalta, ina bhfuil ocsaíd alúmanaim, ina bhfuil comhdhéanamh 92 % ar a laghad, ach níos lú ná 98,5 %, d’ocsaíd alúmanaim de réir meáchain (mar ocsaídí).
2818 10 91 91 (TARIC NUA)
Alúmana comhleáite ina bhfuil cion dé-ocsaíde tíotáiniam 1 % nó níos mó de réir meáchain, i gcás ina bhfuil feidhm ag an dá cheann díobh seo a leanas: (i) go bhfuil idir 5 % agus 35 % den táirge de réir meáchain faoi bhun na teorann is ísle ar mhéid an ghráin a leagtar amach sa tsonraíocht don táirge agus; (ii) go bhfuil idir 1 % agus 10 % den táirge de réir meáchain os cionn na teorann is airde ar mhéid an ghráin a leagtar amach sa tsonraíocht don táirge.
16 243,2
14 212,8
12 182,4
10 152,0
8 121,6
090525
2818 10 91 99
(TARIC NUA)
Eile
24 364,8
21 319,2
18 273,6
15 228,0
12 182,4
090526
2818 10 99
a bhfuil méid cáithnín níos mó ná 10 mm ag 50 % nó níos mó den mheáchan iomlán
1 392,1
1 218,1
1 044,0
870,0
696,0
090527
2026
Cód TARIC nó AC
2026
1ú cheathrú
(16.1.2026–31.3.2026)
2ú ceathrú
(1.4.2026–30.6.2026)
3ú ceathrú
(1.7.2026–30.9.2026)
4ú ceathrú
(1.10.2026–31.12.2026)
Méid an taraif-chuóta saor ó dhleacht (glantonaí)
2818 10 11 10
2818 10 11 30
2818 10 11 20
2818 10 11 40
25,95
25,95
25,95
25,95
2818 10 11 91
1 794,39
1 794,39
1 794,39
1 794,39
2818 10 11 99
2 521,91
2 521,91
2 521,91
2 521,91
2818 10 19
14,02
14,02
14,02
14,02
2818 10 91 20
2818 10 91 40
143,73
143,73
143,73
143,73
2818 10 91 91
4 060,79
4 060,79
4 060,79
4 060,79
2818 10 91 99
6 091,19
6 091,19
6 091,19
6 091,19
2818 10 99
348,01
348,01
348,01
348,01
2027
Cód TARIC nó AC
2027
1ú cheathrú
(1.1.2027–31.3.2027)
2ú ceathrú
(1.4.2027–30.6.2027)
3ú ceathrú
(1.7.2027–30.9.2027)
4ú ceathrú
(1.10.2027–31.12.2027)
Méid an taraif-chuóta saor ó dhleacht (glantonaí)
2818 10 11 10
2818 10 11 30
2818 10 11 20
2818 10 11 40
22,71
22,71
22,71
22,71
2818 10 11 91
1 570,09
1 570,09
1 570,09
1 570,09
2818 10 11 99
2 206,67
2 206,67
2 206,67
2 206,67
2818 10 19
12,27
12,27
12,27
12,27
2818 10 91 20
2818 10 91 40
125,76
125,76
125,76
125,76
2818 10 91 91
3 553,19
3 553,19
3 553,19
3 553,19
2818 10 91 99
5 329,79
5 329,79
5 329,79
5 329,79
2818 10 99
304,51
304,51
304,51
304,51
2028
Cód TARIC nó AC
2028
1ú cheathrú
(1.1.2028–31.3.2028)
2ú ceathrú
(1.4.2028–30.6.2028)
3ú ceathrú
(1.7.2028–30.9.2028)
4ú ceathrú
(1.10.2028–31.12.2028)
Méid an taraif-chuóta saor ó dhleacht (glantonaí)
2818 10 11 10
2818 10 11 30
2818 10 11 20
2818 10 11 40
19,46
19,46
19,46
19,46
2818 10 11 91
1 345,79
1 345,79
1 345,79
1 345,79
2818 10 11 99
1 891,44
1 891,44
1 891,44
1 891,44
2818 10 19
10,51
10,51
10,51
10,51
2818 10 91 20
2818 10 91 40
107,79
107,79
107,79
107,79
2818 10 91 91
3 045,60
3 045,60
3 045,60
3 045,60
2818 10 91 99
4 568,39
4 568,39
4 568,39
4 568,39
2818 10 99
261,01
261,01
261,01
261,01
2029
Cód TARIC nó AC
2029
1ú cheathrú
(1.1.2029–31.3.2029)
2ú ceathrú
(1.4.2029–30.6.2029)
3ú ceathrú
(1.7.2029–30.9.2029)
4ú ceathrú
(1.10.2029–31.12.2029)
Méid an taraif-chuóta saor ó dhleacht (glantonaí)
2818 10 11 10
2818 10 11 30
2818 10 11 20
2818 10 11 40
16,22
16,22
16,22
16,22
2818 10 11 91
1 121,50
1 121,50
1 121,50
1 121,50
2818 10 11 99
1 576,20
1 576,20
1 576,20
1 576,20
2818 10 19
8,76
8,76
8,76
8,76
2818 10 91 20
2818 10 91 40
89,83
89,83
89,83
89,83
2818 10 91 91
2 538,00
2 538,00
2 538,00
2 538,00
2818 10 91 99
3 806,99
3 806,99
3 806,99
3 806,99
2818 10 99
217,51
217,51
217,51
217,51
2030
Cód TARIC nó AC
2030
1ú cheathrú
(1.1.2030–31.3.2030)
2ú ceathrú
(1.4.2030–30.6.2030)
3ú ceathrú
(1.7.2030–30.9.2030)
4ú ceathrú
(1.10.2030–31.12.2030)
Méid an taraif-chuóta saor ó dhleacht (glantonaí)
2818 10 11 10
2818 10 11 30
2818 10 11 20
2818 10 11 40
12,97
12,97
12,97
12,97
2818 10 11 91
897,20
897,20
897,20
897,20
2818 10 11 99
1 260,96
1 260,96
1 260,96
1 260,96
2818 10 19
7,01
7,01
7,01
7,01
2818 10 91 20
2818 10 91 40
71,86
71,86
71,86
71,86
2818 10 91 91
2 030,40
2 030,40
2 030,40
2 030,40
2818 10 91 99
3 045,60
3 045,60
3 045,60
3 045,60
2818 10 99
174,01
174,01
174,01
174,01
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/114/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)
Top