Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh
GA
Sraith L
2025/2360
26.11.2025
TREOIR (AE) 2025/2360 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Samhain 2025
maidir le Faireachán Ithreach agus Athléimneacht Ithreach
(an Dlí maidir le Faireachán Ithreach)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
Is acmhainn ríthábhachtach theoranta í an ithir agus meastar gur rud neamh-inathnuaite í agus nach féidir í a athsholáthar ar amscála daonna. Tá sí ríthábhachtach don gheilleagar, don chomhshaol agus don tsochaí i gcoitinne.
(2)
Is ithreacha sláintiúla iad na hithreacha atá i riocht maith ceimiceach, bitheolaíoch agus fisiceach agus ar féidir leo, dá bhrí sin, seirbhísí éiceachórais atá ríthábhachtach don duine agus don chomhshaol a sholáthar, amhail bia sábháilte, cothaitheach agus leordhóthanach, bithmhais, uisce glan, timthriall cothaitheach, stóráil carbóin agus gnáthóg le haghaidh na bithéagsúlachta. Tá ithreacha ríthábhachtach freisin chun slándáil an tsoláthair bia a áirithiú. Meastar, áfach, go bhfuil idir 60 agus 70 % d’ithreacha an Aontais díghrádaithe agus go mbíonn siad ag dul in olcas i gcónaí.
(3)
Soláthraíonn ithreacha seirbhísí eile freisin, amhail gníomhú mar ardán fisiceach do bhonneagar agus do ghníomhaíochtaí daonna, a bheith ina bhfoinse amhábhar, nó a bheith ina gcartlann d’oidhreacht gheolaíoch, gheomoirfeolaíoch agus seandálaíochta. Ní theastaíonn éiceachóras feidhmiúil chun na seirbhísí eile sin go léir a sholáthar. Is minic is iad na húsáidí is forleithne a bhaintear as ithir na seirbhísí eile sin, rud is cúis le caillteanas suntasach seirbhísí éiceachórais ríthábhachtacha. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, cothromaíocht a bhaint amach idir an dá chineál sin de sheirbhísí a sholáthraíonn ithreacha.
(4)
Déanann díghrádú ithreach difear do sheirbhísí éiceachórais a sholáthraíonn ithreacha, agus bíonn tionchar diúltach aige ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol. Is féidir a bheith i gceist le díghrádú ithreach gnéithe a bhaineann le díghrádú fisiceach, amhail séalú ithreach agus saorgú ithreach i gcoitinne, creimeadh ithreach, balcadh ithreach agus laghdú ar choinneáil agus ar insíothlú uisce ithreach, agus gnéithe a bhaineann le díghrádú ceimiceach nó bitheolaíoch, amhail farasbarr agus ídiú cothaitheach, aigéadú, salannú agus éilliú ithreach, agus caillteanas carbóin orgánaigh ithreach, caillteanas bithéagsúlachta ithreach agus caillteanas gníomhaíochta bitheolaíche ithreach.
(5)
Cosnaíonn an díghrádú ithreach na billiúin euro ar an Aontas gach bliain. Bíonn tionchar ag sláinte ithreach ar sholáthar na seirbhísí éiceachórais lena ngabhann sochar eacnamaíoch suntasach. Tá ciall fhónta eacnamaíoch le feabhas a dhéanamh ar an tsláinte ithreach agus d’fhéadfadh ardú suntasach ar phraghas agus ar luach talún san Aontas teacht as. Thairis sin, féadfaidh sé na céadta bliain a ghlacadh chun oiread agus 1 cheintiméadar de bharrithir a tháirgeadh, ach is féidir leis an bpróiseas díghrádaithe agus caillteanas iomlán ithreach tarlú go tapa.
(6)
I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip], leagtar amach treochlár uaillmhianach chun an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil, ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní, a bhfuil sé d’aidhm aige caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú agus sláinte agus folláine a shaoránach a chosaint. Mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip, ghlac an Coimisiún Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 a leagtar amach sa teachtaireacht uaidh an 20 Bealtaine 2020 dar teideal EU Biodiversity Strategy for 2030, Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, An dúlra a thabhairt ar ais inár saol], an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ a leagtar amach sa teachtaireacht uaidh an 20 Bealtaine 2020 dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], an Plean Gníomhaíochta um Aer, Uisce agus Ithir Saor ó Thruailliú a leagtar amach sa teachtaireacht uaidh an 12 Bealtaine 2021 dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All EU Action Plan: Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil [Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách - Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh: I dtreo Aer, Uisce agus Ithir Saor ó Thruailliú], Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide a leagtar amach sa teachtaireacht uaidh an 24 Feabhra 2021 dar teideal Forging a climate - resilient Europe - the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú - Straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide] agus Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 a leagtar amach sa teachtaireacht uaidh an 17 Samhain 2021 dar teideal EU Soil Strategy for 2030: Reaping the benefits of healthy soils for people, food, nature and climate [Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: Tairbhí ithreacha sláintiúla do dhaoine, do bhia, don dúlra agus don aeráid].
(7)
Tá an tAontas tiomanta do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) a ghabhann leis. Rannchuidíonn ithreacha sláintiúla go díreach le baint amach SFInna éagsúla, go háirithe SFI 2 (díothú an ocrais), SFI 3 (sláinte mhaith agus dea-bhail), SFI 6 (uisce glan agus sláintíocht), SFI 11 (cathracha agus pobail inbhuanaithe), SFI 12 (patrún freagrach tomhaltais agus táirgeachta), SFI 13 (gníomhaíocht ar son na haeráide) agus SFI 15 (beathra ar talamh). Tá sé d’aidhm ag SFI 15.3 an gaineamhlú a chomhrac, talamh agus ithir dhíghrádaithe a athchóiriú, lena n-áirítear talamh atá buailte ag an ngaineamhlú, ag an triomach agus ag tuilte, agus gach iarracht a dhéanamh domhan atá neodrach ó thaobh díghrádú talún a bhaint amach faoi 2030.
(8)
Tháinig an tAontas agus na Ballstáit, mar pháirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht (4), arna fhormheas le Cinneadh 93/626/CEE ón gComhairle (5), ar chomhaontú ag an 15ú Comhdháil de na Páirtithe sa Choinbhinsiún sin maidir le ‘Creat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal’, a gcuimsítear ann roinnt spriocanna domhanda le haghaidh 2030 atá dírithe ar ghníomhaíochtaí atá ábhartha maidir le sláinte ithreach. De réir an Chreata sin, is gá rannchuidiú an dúlra le daoine, lena n-áirítear sláinte ithreach, a athchóiriú, a choinneáil ar bun agus a fheabhsú.
(9)
Thug an tAontas agus na Ballstáit, mar pháirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac sna tíortha ina bhfuil triomach mór agus/nó gaineamhlú, go háirithe san Afraic (UNCCD) (6), arna fhormheas le Cinneadh 98/216/CE ón gComhairle (7), gealltanas an gaineamhlú a chomhrac agus éifeachtaí an triomaigh a mhaolú sna tíortha atá thíos leo. Dhearbhaigh ceithre Bhallstát déag, eadhon an Bhulgáir, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Ungáir, Málta, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic, gur tíortha iad atá thíos leis an ngaineamhlú faoi UNCCD.
(10)
I gcomhthéacs Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), arna fhormheas le Cinneadh 94/69/CE ón gComhairle (8), meastar gur foinse charbóin agus linn charbóin iad an talamh agus an ithir go comhuaineach. Thug an tAontas agus a Bhallstáit gealltanas, mar pháirtithe in UNFCCC, bainistiú inbhuanaithe, caomhnú agus feabhsú linnte carbóin agus taiscumar carbóin a chur chun cinn.
(11)
Luaitear i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 go bhfuil sé fíor-riachtanach dlús a chur le hiarrachtaí chun an torthúlacht ithreach a chosaint, an creimeadh ithreach a laghdú agus ábhar orgánach ithreach a mhéadú trí chleachtais inbhuanaithe um bainistiú ithreach a ghlacadh. Luaitear inti freisin go bhfuil gá le dul chun cinn suntasach i dtaobh láithreáin ina bhfuil ithir éillithe a shainaithint, ithreacha díghrádaithe a athchóiriú, na coinníollacha le haghaidh stádas maith éiceolaíoch ithreacha a shainiú, cuspóirí athchóiriúcháin a thabhairt isteach agus feabhas a chur ar an bhfaireachán ar shláinte ithreach.
(12)
Le Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, leagtar síos an fhís fhadtéarmach go mbeidh éiceachórais ithreach uile an Aontais i riocht sláintiúil faoi 2050 agus go mbeidh siad níos athléimní dá réir. Mar phríomhréiteach, rannchuidíonn ithreacha sláintiúla le haghaidh a thabhairt ar spriocanna an Aontais mar atá aeráidneodracht a bhaint amach agus a bheith níos athléimní i ndáil leis an athrú aeráide, geilleagar glan agus ciorclach, lena n-áirítear bithgheilleagar glan agus ciorclach, a fhorbairt, an chailliúint bithéagsúlachta a aisiompú, sláinte an duine a chosaint, an gaineamhlú a stopadh agus an díghrádú talún a aisiompú.
(13)
Tá an cistiú ríthábhachtach chun gur féidir aistriú chuig ithreacha sláintiúla. Le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (9), cuirtear roinnt deiseanna cistiúcháin ar fáil chun ithreacha a chosaint, a bhainistiú go hinbhuanaithe agus a athghiniúint. Tá ‘Comhaontú Ithreach don Eoraip’ ar cheann de chúig cinn de mhisin an Aontais Eorpaigh a chuimsítear sa chlár Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), agus tá an comhaontú sin tiomnaithe go sonrach do shláinte ithreach a chur chun cinn. Is ionstraim fhíorthábhachtach chun an Treoir seo a chur chun feidhme é Misean an Aontais Eorpaigh dar teideal ‘Comhaontú Ithreach don Eoraip’ agus is é is aidhm dó an t-aistriú chuig ithreacha sláintiúla a threorú trí chlár uaillmhianach taighde agus nuálaíochta a chistiú, líonra de 100 ceann de shaotharlanna beo agus tithe solais a bhunú i limistéir thuaithe agus uirbeacha, forbairt creata chomhchuibhithe um fhaireachán ithreach a chur chun cinn agus feasacht a mhéadú ar thábhacht na hithreach. Ar bheartais agus cláir eile an Aontais ina gcuimsítear cuspóirí a rannchuidíonn le hithreacha sláintiúla, tá an comhbheartas talmhaíochta (CBT), cistí an bheartais comhtháthaithe, an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), an clár Fís Eorpach, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), agus an clár InvestEU, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Ós rud é gur leas coiteann é an sprioc go mbeadh gach ithir laistigh den Aontas i riocht sláintiúil, is gá slógadh acmhainní a mhéadú, lena n-áirítear caipiteal príobháideach, agus feabhas a chur ar an gcomhar le hinstitiúidí airgeadais ábhartha, amhail an Banc Eorpach Infheistíochta, chun tacú le sláinte ithreach agus athléimneacht ithreach.
(14)
I Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, d’fhógair an Coimisiún go dtíolacfadh sé togra reachtach maidir le sláinte ithreach chun go bhféadfaí cuspóirí na Straitéise sin a chomhlíonadh agus dea-shláinte ithreach a bhaint amach ar fud an Aontais faoi 2050. Sa rún uaithi an 28 Aibreán 2021 maidir le cosaint ithreach, chuir Parlaimint na hEorpa i dtábhacht a thábhachtaí atá sé an ithir a chosaint agus ithreacha sláintiúla a chur chun cinn san Aontas, agus é a chur san áireamh go mbíonn an díghrádú ithreach ar siúl i gcónaí, d’ainneoin na gníomhaíochta teoranta agus éagothroime atá á déanamh i roinnt Ballstát. D’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún creat coiteann dlíthiúil uile-Aontais a dhearadh, ina dtabharfaí lánurraim do phrionsabal na coimhdeachta, maidir le hithir a chosaint agus a úsáid go hinbhuanaithe, agus aghaidh á tabhairt ar gach mórbhagairt ithreach. Rud atá suntasach, leag Parlaimint na hEorpa béim ar na rioscaí a eascraíonn as easpa cothroime iomaíochta d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus an acmhainneacht láidir a bheadh ag creat coiteann dlíthiúil maidir le hithir chun iomaíocht chóir a spreagadh san earnáil phríobháideach, réitigh nuálacha agus fios gnó a fhorbairt agus onnmhairiú teicneolaíochtaí lasmuigh den Aontas a neartú.
(15)
Sna conclúidí uaithi an 23 Deireadh Fómhair 2020, thacaigh an Chomhairle leis an gCoimisiún agus dlús á chur leis na hiarrachtaí atáthar a dhéanamh chun gur fearr a chosnófar ithreacha agus bithéagsúlacht ithreach, mar acmhainn neamh-inathnuaite ríthábhachtach.
(16)
Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), leagtar amach cuspóir ceangailteach maidir le haeráidneodracht san Aontas faoi 2050 agus maidir le hastaíochtaí diúltacha ina dhiaidh sin, atá le baint amach trí thús áite a thabhairt do laghduithe tapa agus intuartha ar astaíochtaí agus, ag an am céanna, feabhas a chur ar aistrithe trí linnte nádúrtha. A bhuí leis an mbainistiú ithreach inbhuanaithe, méadaítear an ceapadh carbóin agus, i bhformhór na gcásanna, cruthaítear comhthairbhí leis sin d’éiceachórais agus don bhithéagsúlacht. I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 dar teideal ‘Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe’, cuireadh i dtábhacht nach mór na gníomhaíochtaí ar trína mbíthin a aistrítear go cinnte carbón ón atmaisféar a shainaithint go soiléir agus go trédhearcach, amhail creat de chuid an Aontais a fhorbairt chun aistrithe carbóin ó éiceachórais nádúrtha, lena n-áirítear ithreacha, a dheimhniú. Thairis sin, i Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), ní hamháin go leagtar síos gur bunghníomhaíocht é an ceapadh carbóin trína mbainfear amach na spriocanna ar an gconair i dtreo Eoraip aeráidneodrach, ach iarrtar ar na Ballstáit ann freisin córas a ullmhú chun faireachán a dhéanamh ar na stoic carbóin ithreach, trí úsáid a baint, inter alia, as tacair sonraí an tsuirbhé staidrimh fráma limistéir ar úsáid/cumhdach talún (LUCAS).
(17)
I Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide, cuireadh i dtábhacht go méadófaí an soláthar uisce ghlain agus fionnuisce agus go laghdófaí tionchair na dtuilte agus na dtriomach ach úsáid a bhaint as réitigh dhúlrabhunaithe istigh faoin tír, lena n-áirítear feidhm na hithreach mar spúinse a athchóiriú. Tá sé tábhachtach méadú a dhéanamh ar acmhainneacht na n-ithreacha uisce a choinneáil agus a íonú agus truailliú a laghdú.
(18)
Sa Phlean Gníomhaíochta um Aer, Uisce agus Ithir Saor ó Thruailliú, leagtar amach an fhís le haghaidh 2050 go laghdófar an truailliú aeir, uisce agus ithreach go leibhéil nach measfar a thuilleadh a bheith díobhálach don tsláinte ná d’éiceachórais nádúrtha, agus lena n-urramófar na teorainneacha lena bhfuil ár bpláinéad in ann a bheith ag teacht, agus lena gcruthófar, dá bhrí sin, comhshaol a bheidh saor ó thocsainí.
(19)
I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Márta 2022 dar teideal ‘An tslándáil bia a choimirciú agus athléimneacht na gcóras bia a neartú’, cuireadh i dtábhacht go bhfuil an inbhuanaitheacht bia ríthábhachtach do shlándáil an tsoláthair bia. Is athléimní córas bia an Aontais a bhuí le hithreacha sláintiúla ó tharla go gcuireann siad an bonn faoin mbia cothaitheach leordhóthanach.
(20)
Tá sé riachtanach bearta a leagan síos chun faireachán agus measúnú a dhéanamh, agus tacaíocht a thabhairt, ar bhonn uile-Aontais agus comhchuibhithe, i leith sláinte ithreach agus athléimneacht ithreach agus chun dul i ngleic le láithreáin éillithe, chun ithreacha sláintiúla a bhaint amach faoi 2050, chun ithreacha a choinneáil i riocht sláintiúil agus chun cuspóirí an Aontais maidir leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht a chomhlíonadh, chun triomaigh agus tubaistí nádúrtha a chosc agus chun freagairt orthu, chun sláinte an duine a chosaint agus chun slándáil an tsoláthair bia agus sábháilteacht bia a áirithiú.
(21)
Is in ithreacha a bhíonn níos mó ná 25 % den bhithéagsúlacht uile agus is iad an dara linn charbóin is mó ar domhan iad. De bharr a n-acmhainneachta carbón a ghabháil agus a stóráil, rannchuidíonn ithreacha sláintiúla le baint amach chuspóirí an Aontais maidir leis an athrú aeráide. Cuimsíonn bithéagsúlacht ithreach miocrorgánaigh, lena n-áirítear baictéir, fungais, prótaistigh agus néimeatóidí, chomh maith le horgánaigh níos mó, amhail péisteanna talún agus feithidí, agus fréamhacha plandaí, ar nithe iad sin a thagann le chéile chun cur le héagsúlacht éiceolaíoch agus fheidhmiúil na n-éiceachóras ithreach. Is le hithreacha sláintiúla freisin a sholáthraítear gnáthóg fhabhrach inar féidir le horgánaigh a bheith ag fás agus tá siad ríthábhachtach chun an bhithéagsúlacht agus cobhsaíocht na n-éiceachóras gaolmhar a fheabhsú. Tá dlúthcheangal idir an bhithéagsúlacht thíos faoin talamh agus os a cionn, agus idirghníomhaíonn siad trí bhíthin caidrimh fhrithpháirteacha idir speicis, amhail fungais mhíciríosa a nascann fréamhacha plandaí. Dá bhrí sin, ba cheart a aithint go mbaineann tábhacht le bailiú agus anailísiú na faisnéise maidir le láithreacht na mbaictéar ithreach agus na bhfungas ithreach agus ba cheart dó sin a bheith mar bhonn don fhaireachán bithéagsúlachta a d’fhéadfaí a leathnú amach anseo.
(22)
Tá ábhar orgánach ithreach ríthábhachtach chun seirbhísí éiceachórais ithreach agus feidhmeanna éiceachórais ithreach a sholáthar, toisc go laghdaíonn sé an díghrádú ithreach amhail creimeadh agus balcadh, agus, ag an am céanna, méadaíonn sé acmhainneacht maolánaithe, coinneála uisce, insíothlaithe agus malartaithe caitian na hithreach. Is féidir le hábhar orgánach ithreach feabhas a chur ní hamháin ar chobhsaíocht struchtúrach ithreacha, ach ar fhorbairt bithmhaise freisin, lena n-áirítear méadú ar tháirgeacht barr. Ina theannta sin, bíonn tionchar dearfach ag ábhar orgánach ithreach ar an mbithéagsúlacht ithreach agus is féidir leis an méid carbóin a cheaptar in ithreacha agus, dá bhrí sin, na stoic carbóin orgánaigh ithreach a mhéadú, rud a chuidíonn le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú sin.
(23)
Is iad tuilte, falscaithe agus teagmhais adhaimsire na rioscaí tubaiste nádúrtha is mó a bhfuil imní fúthu ar fud na hEorpa. Tá méadú ag teacht go gasta ar an imní faoi thriomaigh agus ganntanas uisce ar fud an Aontais. In 2020, mheas 24 Bhallstát go raibh triomaigh agus ganntanas uisce ina bpríomhrioscaí tubaiste atá ag teacht chun cinn nó a bhaineann leis an aeráid, i gcomparáid le 11 Bhallstát in 2015. Tá ithreacha sláintiúla ríthábhachtach chun an athléimneacht i ndáil le triomaigh agus tubaistí nádúrtha a áirithiú. Le cleachtais a fheabhsaíonn coinneáil uisce agus infhaighteacht cothaitheach in ithreacha, struchtúr ithreach, bithéagsúlacht ithreach agus ceapadh carbóin, méadaítear athléimneacht na n-éiceachóras, na bplandaí agus na mbarr chun an triomach, tubaistí nádúrtha, tonnta teasa agus teagmhais adhaimsire a sheasamh agus téarnamh a dhéanamh ina ndiaidh, ar rudaí iad a tharlóidh ar bhonn níos minice amach anseo de dheasca an athraithe aeráide. Os a choinne sin, gan bainistiú ithreach iomchuí, bíonn triomach agus tubaistí nádúrtha ina gcúis le díghrádú ithreach agus beidh ithreacha míshláintiúla againn dá dheasca. Trí fheabhas a chur ar shláinte ithreach, cuidítear chun maolú a dhéanamh ar na básanna agus ar na caillteanais eacnamaíocha a eascraíonn as teagmhais fhoircneacha a bhaineann leis an aeráid; san Aontas idir 1980 agus 2021 mar thoradh ar na teagmhais sin bhí níos mó ná 182 000 taismeach ann agus cailleadh timpeall EUR 560 billiún.
(24)
Rannchuidíonn an tsláinte ithreach go díreach le sláinte agus folláine an duine. Soláthraíonn ithreacha sláintiúla bia sábháilte agus cothaitheach, agus tá siad in ann éilleáin a scagadh, rud a chaomhnaíonn cáilíocht an uisce óil. Is féidir le héilliú ithreach díobháil a dhéanamh do shláinte an duine trí ionghabháil, ionanálú nó teagmháil dheirmeach. Téann sé chun tairbhe don duine teagmháil a bheith aige nó aici le pobal miocróbach na hithreach sláintiúla chun an córas imdhíonachta agus frithsheasmhacht in aghaidh galair agus ailléirgí áirithe a fhorbairt. Tacaíonn ithreacha sláintiúla le fás crann, bláthanna agus féar, agus cruthaíonn siad bonneagar glas a thairgeann luach aeistéitiúil, folláine agus cáilíocht saoil fheabhsaithe.
(25)
Bíonn tionchar ag an díghrádú ithreach ar thorthúlacht na hithreach, an táirgeacht, an fhrithsheasmhacht in aghaidh lotnaidí agus cáilíocht chothaitheach an bhia. Ós rud é go dtáirgtear 95 % dár mbia go díreach nó go hindíreach ar ithreacha agus go mbíonn an daonra domhanda ag dul i méid i gcónaí, tá sé ríthábhachtach go bhfanfaidh an acmhainn nádúrtha theoranta sin sláintiúil chun slándáil an tsoláthair bia a áirithiú san fhadtéarma agus chun táirgiúlacht agus brabúsacht thalmhaíocht an Aontais a áirithiú. Is den tábhacht é sláinte ithreach a choinneáil ar bun nó a fheabhsú agus rannchuidiú le hinbhuanaitheacht agus athléimneacht an chórais bia.
(26)
Is é is cuspóir mianaidhme fadtéarmach don Treoir seo ithreacha sláintiúla a bhaint amach faoi 2050. I bhfianaise an eolais theoranta maidir le riocht ithreacha agus maidir le héifeachtacht agus costais na mbeart chun sláinte ithreach a athghiniúint, dírítear sa Treoir seo ar chreat um fhaireachán ithreach a bhunú agus ar mheasúnú a dhéanamh ar staid na n-ithreacha ar fud an Aontais. Áirítear sa Treoir seo freisin tacaíocht do shláinte ithreach agus athléimneacht ithreach agus do mheasúnú agus bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le láithreáin éillithe. Mar sin féin, ní fhorchuirtear léi oibleagáid ar na Ballstáit maidir le hithreacha sláintiúla a bhaint amach faoi 2050 ná ní leagtar síos léi spriocanna idirmheánacha. A luaithe a bheidh torthaí an chéad mheasúnaithe ar shláinte ithreach agus an anailís ghaolmhar ar threochtaí ar fáil, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach agus measúnú a dhéanamh i dtaobh an gá í a leasú, i gcás inarb iomchuí.
(27)
Chun aghaidh a thabhairt ar na brúnna a chuirtear ar ithreacha agus chun tacú le sláinte ithreach agus athléimneacht ithreach, éilítear go gcuirfear san áireamh saintréithe áirithe, eadhon éagsúlacht na gcineálacha ithreach, na dálaí sonracha áitiúla agus aeráide agus an úsáid talún nó an cumhdach talún. Is iomchuí, dá bhrí sin, go mbunóidh na Ballstáit ceantair ithreach agus aonaid ithreach. Ba cheart do cheantair ithreach na críocha riaracháin atá faoi fhreagracht struchtúr rialachais iomchuí a léiriú agus aonad ithreach iomlán amháin nó níos mó a chumhdach. Dá réir sin, ba cheart d’aonaid ithreach leibhéal áirithe aonchineálachta maidir leis na saintréithe sin a léiriú, chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar shláinte ithreach ar fud chríoch uile na mBallstát. Ba cheart na haonaid ithreach a bheith faoi fhreagracht na struchtúr rialachais sin, rud a chuirfeadh ar chumas na mBallstát a áirithiú go ndéanfaí faireachán agus measúnú cuí ar shláinte ithreach, agus go gcomhlíonfadh an tacaíocht do shláinte ithreach agus athléimneacht ithreach na ceanglais faoin Treoir seo.
(28)
Chun an suirbhé samplála a dhearadh le haghaidh faireachán ithreach, beidh ar na Ballstáit a gceantair ithreach agus a n-aonaid ithreach a chur san áireamh. Chun leibhéal leordhóthanach comhchuibhithe a áirithiú idir na Ballstáit, ba cheart tacar íoschritéar a bhunú ar leibhéal an Aontais chun aonaid ithreach a shainiú, agus an cineál ithreach agus an úsáid talún ar a laghad á gcur san áireamh. Chun na críche sin, d’fhéadfaí úsáid a bhaint as an léarscáil Réigiúin Ithreach an Aontais Eorpaigh agus a Thíortha Comharsanacha ar scála 1:5 000 000, arna foilsiú ag Institiúid Cónaidhme na nGeo-eolaíochtaí agus na nAcmhainní Nádúrtha, i gcomhpháirt leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde (ACT). Cuireann an léarscáil sin leis na cineálacha ithreach a shainítear sa Bhonn Tagartha Domhanda maidir le hAcmhainní Ithreach, arna chomhordú ag Aontas Idirnáisiúnta na nEolaíochtaí Ithreach, chomh maith le bunsonraí atá go hiomlán inchomparáide agus comhchuibhithe ar an leibhéal ilchríochach, amhail maidir leis an aeráid, topagrafaíocht, rilíf, geolaíocht agus fásra. A mhéid a bhaineann le húsáid talún, feidhmíonn na catagóirí a shainítear i Rialachán (AE) 2018/841 agus sa Treoirlínte ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) mar bhonn comhchuibhithe don tuairisciú ar úsáid talún. Dá bhrí sin, chun aonaid ithreach a shainiú, ba cheart do na Ballstáit na ceantair ithreach, ar a laghad, a chur san áireamh, chomh maith leis na réigiúin ithreach agus na catagóirí úsáide talún. Mar gheall ar inathraitheacht spásúil sna hairíonna ithreach agus san úsáid a bhaintear as an talamh, is féidir limistéir neamhchomharsanacha a bheith ina n-aonad ithreach. Ina theannta sin, is féidir dálaí aeráide agus comhshaoil a chur san áireamh agus aonaid ithreach á sainiú. D’fhéadfaí faisnéis ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta atá níos mionsonraithe nó níos nuashonraithe a úsáid nuair a bheadh sí ar fáil. Agus a n-aonaid ithreach á mbunú acu, is féidir leis na Ballstáit leas a bhaint as sonraí breise atá ar fáil maidir leis an aeráid, criosanna comhshaoil nó abhantracha. Sa chomhthéacs sin, tá Tuarascáil Alterra 2281 ó mhí Eanáir 2012 dar teideal Descriptions of the European Environmental Zones and Strata thar a bheith ábhartha ós rud é go soláthraítear inti tacair sonraí i dtaca le haicmiú cineálach shrathú comhshaoil na hEorpa, arna gcomhiomlánú ina gcriosanna comhshaoil, ar féidir leis na Ballstáit iad a úsáid chun aonaid ithreach a bhunú.
(29)
Chun rialachas iomchuí a áirithiú i ndáil le hithreacha, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit na húdaráis inniúla a ainmniú atá freagrach ar leibhéal atá iomchuí chun na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear údarás inniúil amháin nó níos mó le haghaidh gach ceantair ithreach. Ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit aon údarás inniúil breise ar an leibhéal iomchuí, lena n-áirítear ar an leibhéal náisiúnta nó fonáisiúnta, a ainmniú. Tá sé fíor-riachtanach go soláthróidh na Ballstáit faisnéis atá cothrom le dáta don Choimisiún maidir leis na húdaráis inniúla ainmnithe.
(30)
Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit an t-údarás inniúil iomchuí a ainmniú chun na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo a chomhlíonadh ag láithreáin mhíleata. Ina theannta sin, níor cheart sonraí ná faisnéis a bhaineann le láithreáin mhíleata a nochtadh, i gcás ina ndéanfaí dochar don tslándáil phoiblí nó don chosaint náisiúnta dá nochtfaí iad. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit gan na sonraí agus an fhaisnéis a ndéanfadh a nochtadh dochar don tslándáil phoiblí nó don chosaint náisiúnta a chur ar fáil don phobal, fiú trí thairseach dhigiteach um shonraí maidir le sláinte ithreach atá le bunú ag an gCoimisiún agus ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (GEC) nó trí chlár náisiúnta de láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe agus láithreáin éillithe atá le cur ar bun ag na Ballstáit, agus ba cheart a cheadú dóibh gan na sonraí sin agus an fhaisnéis sin a thuairisciú don Choimisiún ná do GEC.
(31)
Chun go mbeidh comhthuiscint ann ar riocht sláintiúil ithreach, is gá tacar coiteann íosta de chritéir intomhaiste a bhunú, as a dtiocfadh, mura n-urramófaí iad, caillteanas criticiúil i gcás acmhainneacht na hithreach feidhmiú mar chóras beo ríthábhachtach agus seirbhísí éiceachórais a sholáthar. Ba cheart leibhéal na heolaíochta ithreach atá ann cheana a léiriú sna critéir sin agus ba cheart na critéir sin a bheith bunaithe air.
(32)
Chun tuairisc a thabhairt ar an díghrádú ithreach, is gá tuairisceoirí ithreach coiteanna a bhunú ar féidir iad a thomhas nó a mheas. Cé gur mór an éagsúlacht idir na cineálacha ithreach, na dálaí aeráide agus na húsáidí talún, leis an eolas eolaíoch atá ann faoi láthair, is féidir critéir a leagan síos ar leibhéal an Aontais le haghaidh cuid de na tuairisceoirí ithreach sin. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na critéir le haghaidh cuid de na tuairisceoirí ithreach sin a oiriúnú bunaithe ar dhálaí sonracha náisiúnta nó áitiúla agus na critéir a shainiú le haghaidh tuairisceoirí ithreach eile nach féidir critéir choiteanna ar leibhéal an Aontais a bhunú ina leith ag an gcéim seo. I gcás na dtuairisceoirí ithreach sin nach féidir critéir shoiléire a bhunú ina leith ag an gcéim seo, ar critéir iad lena ndéanfaí idirdhealú idir riocht sláintiúil agus míshláintiúil ithreach, éascófar forbairt fhéideartha na gcritéar sin amach anseo leis an bhfaireachán agus leis an measúnú a dhéantar orthu.
(33)
Ba cheart na critéir maidir le riocht sláintiúil ithreach na dtuairisceoirí ithreach a roinnt ina spriocluachanna inbhuanaithe neamhcheangailteacha agus ina truicearluachanna oibríochtúla. Ba cheart cuspóir mianaidhme fadtéarmach na Treorach seo a léiriú sna spriocluachanna inbhuanaithe neamhcheangailteacha agus ní chruthaítear leo oibleagáid gníomhú. Ba cheart staid a léiriú sna spriocluachanna inbhuanaithe neamhcheangailteacha sin, bunaithe ar an eolas eolaíoch atá ann faoi láthair, arb é an staid idéalach é nach dtiocfaidh laghdú ar acmhainneacht na n-ithreacha seirbhísí éiceachórais a sholáthar inti agus nach ndéanfar aon dochar suntasach do shláinte an duine ná don chomhshaol inti. Mar sin féin, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le héifeachtúlacht agus ar na hacmhainní teoranta atá ar fáil, agus chun dálaí áitiúla a léiriú, tá truicearluachanna oibríochtúla arna socrú ag na Ballstáit ag teastáil. Ba cheart do na truicearluachanna oibríochtúla sin tús a chur le tacaíocht chun sláinte ithreach agus athléimneacht ithreach a bhaint amach. I gcás gach gné den díghrádú ithreach, ba cheart truicearluach oibríochtúil comhréireach indéanta amháin nó níos mó a shocrú. Trí na truicearluachanna a shocrú ar an leibhéal náisiúnta, áiritheofar gur féidir dálaí agus cleachtais áitiúla, úsáid ithreach agus beartais reatha a chur san áireamh go hiomlán. D’fhéadfadh na Ballstáit a chinneadh an truicearluach oibríochtúil a shocrú le haghaidh gné amháin nó níos mó den díghrádú ithreach ar an leibhéal céanna leis an spriocluach inbhuanaithe neamhcheangailteach le haghaidh na ngnéithe sin den díghrádú ithreach. Ba cheart don Choimisiún tacú leis na Ballstáit na spriocluachanna inbhuanaithe neamhcheangailteacha agus na truicearluachanna oibríochtúla a shocrú.
(34)
Tá saintréithe speisialta ag roinnt ithreacha, toisc go bhfuil siad neamhghnách ó thaobh nádúir de agus gur gnáthóga neamhchoitianta don bhithéagsúlacht nó tírdhreacha uathúla iad, nó toisc gur mór an modhnú a rinne daoine orthu agus go bhféadfadh sé go bhfuil rian follasach stair an duine iontu. Ba cheart na saintréithe sin a chur san áireamh i gcomhthéacs an tsainmhínithe ar ithreacha sláintiúla agus na gceanglas maidir le riocht sláintiúil ithreach a bhaint amach.
(35)
Mar aon leis an gcuspóir mianaidhme fadtéarmach atá aici maidir le hithreacha sláintiúla a bhaint amach faoi 2050, agus d’fhonn rannchuidiú le cuspóirí Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 agus go háirithe an cuspóir maidir le ‘glantógáil talún nialasach’, is é is aidhm don Treoir seo cur chuige céim ar chéim a ghlacadh freisin maidir le saincheist na tógála talún. Chun rannchuidiú leis an gcuspóir fadtéarmach sin, tá sé tábhachtach measúnú a dhéanamh ar na próisis éagsúla a bhaineann leis an tógáil talún, agus é a bheith d’aidhm an tionchar a bhíonn acu ar shláinte ithreach agus ar sheirbhísí éiceachórais a laghdú agus a mhaolú. Dá bhrí sin, is é is aidhm don Treoir seo creat um fhaireachán ithreach a bhunú le haghaidh na ngnéithe is infheicthe de thógáil talún, eadhon séalú ithreach agus baint ithreach, agus úsáid á baint as uirlisí atá ar fáil cheana ar leibhéal an Aontais trí bhíthin seirbhísí a sholáthraítear faoi chomhpháirt Copernicus de Chlár Spáis an Aontais, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) (‘seirbhísí Copernicus’), arna gcomhlánú go roghnach le sonraí náisiúnta cianbhraiteachta agus fardail náisiúnta. Is é an aidhm atá ann comhthuiscint a bheith ann maidir le séalú ithreach agus baint ithreach agus tús a chur le réamh-mhachnamh ar an leibhéal náisiúnta, bunaithe ar shonraí fónta.
(36)
Gan dochar d’inniúlacht na mBallstát maidir le cánachas agus don phrionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’, níor cheart a thuiscint go gcruthaíonn na forálacha a bhaineann le faireachán ar shláinte ithreach a thagann faoi Chaibidil II den Treoir seo aon ualach airgeadais ar úinéirí talún agus ar bhainisteoirí talún seachas na Ballstáit agus na húdaráis inniúla.
(37)
Is acmhainn theoranta í an ithir a mbíonn iomaíocht shíormhéadaitheach ar siúl lena haghaidh chun úsáidí éagsúla a bhaint aisti. Is próiseas é an tógáil talún is cúis leis an úsáid talún agus saintréithe na hithreach a mhodhnú. Is féidir breathnú ar an tógáil talún mar choincheap uileghabhálach is féidir a fhoroinnt ina ghnéithe éagsúla. Is é an chéad ghné den tógáil talún é an t-athrú ó úsáidí talún nádúrtha agus breacnádúrtha go limistéir lonnaíochta. Is é an dara gné den tógáil talún é an saorgú ithreach arb é is cúis leis athrú buan ar chomhpháirteanna agus saintréithe na hithreach, rud a fhágann nach mbíonn acmhainneacht ag na hithreacha seirbhísí éiceachórais a sholáthar a thuilleadh. Is féidir an saorgú ithreach a roinnt tuilleadh ina thrí phríomhphróiseas, eadhon séalú ithreach, baint ithreach agus cineálacha eile saorgaithe ithreach. Is ionann séalú ithreach agus ithreacha a chumhdach le hábhair shaorga, ar ábhair iad atá neamh-thréscaoilteach go hiomlán nó go páirteach. Sampla de shéalú ithreach neamh-thréscaoilteach is ea foirgnimh. Cineál de shéalú ithreach atá neamh-thréscaoilteach go páirteach is ea rianta traenach a thógtar le hábhair thréscaoilteacha. D’fhéadfaí bóithre, ionaid diúscartha dramhaíola agus láithreáin dumpála a mheas mar shamplaí eile de shéalú ithreach. Baint shealadach nó fhadtéarmach chiseal dromchla na hithreach agus, uaireanta, na fo-ithreach i limistéar is ea baint ithreach. Tarlaíonn sin, mar shampla le linn oibreacha foirgníochta, mianadóireacht dromchla nó cairéalú. Tá cineálacha eile saorgaithe ithreach ann, nach bhfuil chomh sofheicthe céanna, amhail cobhsú agus balcadh ithreach d’aon ghnó, modhnú ar chisil ithreach nó fo-ithreach trí ábhair shaorga a chur iontu nó ithir a chumhdach go páirteach le comhábhair. Is iad na fochineálacha saorgaithe ithreach is sofheicthe agus is mó tionchar, eadhon séalú ithreach agus baint ithreach, na próisis is éasca le faireachán a dhéanamh orthu, go háirithe trí chianbhraiteacht agus trí mheaisínfhoghlaim. Dá bhrí sin, ba cheart faireachán a dhéanamh ar shéalú ithreach agus baint ithreach chomh maith le faireachán ar na héifeachtaí a bhíonn acu ar acmhainneacht na hithreach seirbhísí éiceachórais a sholáthar.
(38)
Tá fás limistéar lonnaíochta ar na gnéithe a bhaineann leis an tógáil talún, agus is minic is próiseas é sin a tharlaíonn de dheasca riachtanais forbartha eacnamaíche, lena ngabhann athrú ar úsáid talún ó limistéir nádúrtha agus bhreacnádúrtha, lena n-áirítear foraoisí faoi chosaint, féarthailte nádúrtha, tailte portaigh, talamh talmhaíochta agus foraoiseachta, gairdíní agus páirceanna, go limistéar lonnaíochta, mar shampla mar chuid d’fhorbairt uirbeach. Áirítear ar limistéir lonnaíochta, mar a chuirtear síos orthu i Rialachán (AE) 2018/841, an talamh fhorbartha uile, eadhon bonneagar cónaithe, iompair, tráchtála agus táirgthe d’aon mhéid, mura gcuimsítear cheana faoi chatagóirí eile úsáide talún iad. Áirítear ar limistéir lonnaíochta freisin ithreacha, fásra ilbhliantúil luibheach amhail féar móna agus plandaí gairdín, crainn i lonnaíochtaí tuaithe, gairdíní baile agus limistéir uirbeacha. Go háirithe, is minic a bhíonn tionchar ag tógáil talún talaimh talmhaíochta le haghaidh na lonnaíochtaí ar fheidhm na hithreach a mhéid a bhaineann le soláthar bia. Is minic a tharlaíonn go ndéantar na hathruithe sin ar úsáid talún sula ndéantar gnéithe eile den tógáil talún, go háirithe séalú ithreach, agus tá sé tábhachtach faireachán a dhéanamh ar na hathruithe sin chun ar a laghad cuid den phróiseas séalaithe ithreach a thuar. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin nach i gcónaí a bhíonn lonnaíochtaí séalaithe go hiomlán. Os a choinne sin, tá méideanna móra ithreacha nach bhfuil séalaithe fós i líon suntasach limistéar uirbeach agus, i gcás roinnt limistéar uirbeach, cuimsítear leo sin níos mó ná 50 % den dromchla. Dá bhrí sin, ní leor an táscaire sin a bhaineann leis an ngné sin den tógáil talún leis féin chun faireachán iomlán a dhéanamh ar shaincheist na tógála talún ina hiomláine, toisc nach ndéanann sé idirdhealú idir ithreacha séalaithe agus ithreacha neamhshéalaithe, agus go gceileann sé na limistéir ghlasa laistigh de limistéir lonnaíochta, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra faireachán agus bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh orthu.
(39)
Tá sé chomh tábhachtach céanna faireachán agus bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar ithreacha nach bhfuil séalaithe i limistéir lonnaíochta, agus i limistéir uirbeacha dhlúthdhaonra go háirithe, agus atá sé i gcás aon ithreacha eile, ós rud é go mbíonn seirbhísí éiceachórais fós á soláthar acu atá ríthábhachtach chun dea-cháilíocht saoil a choinneáil ar bun laistigh de limistéir uirbeacha. Feictear réimse leathan d’fhadhbanna comhshaoil agus iad comhchruinnithe in achar dromchla measartha beag, i limistéir uirbeacha dhlúthdhaonra. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar na saincheisteanna sin, i measc nithe eile, ráta níos airde láithreán éillithe de dheasca gníomhaíochtaí tionsclaíocha a rinneadh san am a chuaigh thart, riosca níos airde tuilte de dheasca séalú ithreach, oileán teasa a bheith ann níos minice agus rochtain níos teoranta a bheith ar limistéir ghlasa atá riachtanach d’fholláine mheabhrach agus choirp. Is féidir le seirbhísí éiceachórais ithreach a sholáthraíonn ithreacha sláintiúla i limistéir uirbeacha tionchar an-dearfach a bheith acu ar líon mór daoine trí aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sonracha sin, agus níor cheart beag a dhéanamh dá dtábhacht. Cuireann spásanna glasa uirbeacha, idir phoiblí agus phríobháideach, leis an ‘gréasán gormghlas’ agus leis an mbithéagsúlacht freisin, agus is gné lárnach iad de bheartais chomhshaoil eile. Tá sé sin i gcomhréir freisin le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) maidir le héiceachórais uirbeacha a athchóiriú, lena léirítear gur gá do na Ballstáit achar dromchla na spásanna glasa uirbeacha a choinneáil agus a mhéadú.
(40)
Maidir le séalú ithreach agus baint ithreach, ar codanna iad den ghné saorgaithe ithreach den tógáil talún, tá siad éagsúil le fás na lonnaíochtaí ós rud é nach gá gur athrú ar úsáid talún iad, ach athrú nithiúil intomhaiste ar an gcumhdach ithreach agus ar shaintréithe ithreach. Is féidir séalú ithreach agus baint ithreach a bheith ina gcúis le caillteanas acmhainneacht na n-ithreacha chun seirbhísí éiceachórais riachtanacha a sholáthar, amhail soláthar bia agus bithmhaise, timthriallta uisce agus cothaitheach, bunús don bhithéagsúlacht nó stóráil carbóin, agus is minic is caillteanas bhuan í sin. De dheasca ithir shéalaithe, bíonn lonnaíochtaí daonna nochta freisin do bhuaicphointí tuilte níos airde agus éifeachtaí oileáin teasa níos déine.
(41)
A mhéid a bhaineann le láithreáin fuinnimh in-athnuaite, is féidir leis na Ballstáit an ithir a cháiliú mar ithir shéalaithe, mar ithir i limistéar ar a ndearnadh baint ithreach nó mar ithir nár séalaíodh nó ithir i limistéar nach ndearnadh baint ithreach air, ag brath ar an gcineál tógála. I gcás páirceanna grianfhuinnimh, mar shampla, d’fhéadfaí a mheas nó gan a mheas gur séalú ithreach atá i gceist leo, ag brath ar an méid a dhéantar leis an ithir ag bun na bpainéal gréine. Más féidir leis an ithir leanúint d’éiceachóras a chothú ar bhealach leordhóthanach, ní mheastar gur séalú ithreach iad páirceanna grianfhuinnimh. Ba cheart an measúnú sin a bhunú ar an tionchar ar an ithir, gan beann ar chuspóir ná ar chuma na tógála ábhartha. Is féidir fardail limistéar ina bhfuil na cineálacha foirgníochta sin, i gcás ina bhfuil faisnéis ar fáil faoin méid a dhéantar leis an ithir ag bun na gcineálacha foirgníochta sin, a thrasnú le léarscáileanna cianbhraiteachta de shéalú ithreach chun na limistéir sin a cháiliú mar ithreacha nach bhfuil séalaithe.
(42)
Tá an maolú fíor-riachtanach a mhéid a bhaineann leis an tionchar a bhíonn ag séalú ithreach agus baint ithreach i gcoitinne. Dá bhrí sin, is iomchuí prionsabail áirithe a leagan síos chun tionchar an tséalaithe ithreach agus na bainte ithreach a mhaolú, trí chur chuige iarrachtbhunaithe a ghlacadh agus tacar mór dea-chleachtas á chur san áireamh lena ndírítear ar chaillteanas acmhainneacht na hithreach seirbhísí éiceachórais a sholáthar a íoslaghdú agus a fhritháireamh. Ba cheart na prionsabail sin a bheith bunaithe ar ordlathas na tógála talún atá i Straitéis Ithreach an Aontais go dtí 2030, agus coinníollacha éagsúla agus imthosca geografacha agus riaracháin éagsúla sna Ballstáit á gcur san áireamh. Le forálacha na Treorach seo a bhaineann leis an tógáil talún, ní fhorchuirtear nósanna imeachta nua ceadúnúcháin agus níor cheart cosc a chur ar ghníomhaíochtaí a cheadú, lena n-áirítear le haghaidh tionscadail leasa phoiblí sháraithigh, agus níor cheart cur isteach ar na cinntí maidir le pleanáil spásúil a thagann faoi inniúlacht údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. D’fhéadfadh na prionsabail sin raon leathan cleachtas a chumhdach, amhail séalú ithreach a íoslaghdú, ithreacha a bhí séalaithe roimhe sin a dhíshéalú agus a athchruthú, dlús réasúnach a chur le limistéir uirbithe agus spásanna glasa, lena n-áirítear spásanna glasa uirbeacha, agus tír-raonta nádúrtha á gcosaint ag an am céanna, athbheochan láithreán athfhorbraíochta, tosaíocht a thabhairt do thógáil talún a bhfuil teorainn ama léi agus an talamh a athshlánú nuair a bheidh deireadh leis an tógáil talún. Chun tionchar an tséalaithe ithreach agus na bainte ithreach a mhaolú ar an mbealach is inbhuanaithe, d’fhéadfadh sé gur gá na bearta fritháirimh, ag brath ar an tseirbhís éiceachórais atá le fritháireamh, a bheith chomh gar agus is féidir ó thaobh na tíreolaíochta de d’fhoinse chaillteanas na seirbhíse éiceachórais. Go deimhin, má chuirtear na prionsabail sin i bhfeidhm go mícheart, d’fhéadfaí limistéir agus seirbhísí éiceachórais glasa ardluacha a easáitiú i bhfad amach ó na limistéir ina bhfuil ithreacha séalaithe, agus an séalú ithreach agus an bhaint ithreach ar fad a bheith comhchruinnithe sna limistéir atá buailte.
(43)
Ba cheart an measúnú ar shláinte ithreach atá bunaithe ar an líonra faireacháin a bheith cruinn, agus, an tráth céanna, costais an fhaireacháin sin a choimeád ar leibhéal réasúnta. Dá bhrí sin, is iomchuí critéir a leagan síos maidir le pointí samplála a bheidh ionadaíoch do na haonaid ithreach a léiríonn méid áirithe aonchineálachta ó thaobh riocht na hithreach de faoi na cineálacha ithreach, na dálaí aeráide agus na húsáidí talún éagsúla. Is iomchuí freisin cás sonrach na réigiún is forimeallaí san Aontas, mar a liostaítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), a chur san áireamh, ar údar maith é sin le foráil do bhearta sonracha chun tacú leis na réigiúin sin. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, nuair is gá, na hoibleagáidí maidir le faireachán agus measúnú ar shláinte ithreach a oiriúnú do shaintréithe sonracha na réigiún is forimeallaí acu. Ba cheart greille na bpointí samplála a chinneadh trí mhodhanna geostaitistiúla a úsáid, ba cheart í a bheith bunaithe ar aonaid ithreach agus ba cheart í a bheith dlúth go leor chun meastachán a thabhairt ar limistéar na n-ithreacha díghrádaithe ar fud chríoch na mBallstát, agus lamháil earráide nach mó ná 5 % ar leibhéal an aonaid ithreach ag gabháil leis. Meastar go coitianta go soláthraíonn an luach sin meastachán atá slán ó thaobh an staidrimh de, chomh maith le dearbhú réasúnach gur baineadh amach an cuspóir lena mbaineann. Ba cheart dearadh an tsuirbhé samplála le haghaidh faireachán ithreach a bhunú ar an bhfaisnéis is fearr dá bhfuil ar fáil maidir le dáileadh airíonna ithreach, lena n-áirítear an fhaisnéis a thagann ó shuirbhéanna náisiúnta nó fonáisiúnta a rinneadh roimhe seo, ó thomhais ábhartha a rinne bainisteoirí ithreach agus ó thomhais arna ndéanamh faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí idirnáisiúnta nó ó chláir shonracha, amhail feachtais ithreach LUCAS nó an Clár Comhair Idirnáisiúnta maidir le Measúnú agus Faireachán ar Éifeachtaí an Aerthruaillithe ar Fhoraoisí (CCI Foraoisí). Gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar síos faoin Treoir seo maidir le láithreáin éillithe a bhainistiú, is féidir sonraí a fhaightear ó phointí samplála a tógadh le linn imscrúduithe ithreach ag láithreáin éillithe a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar chritéir maidir le riocht sláintiúil ithreach.
(44)
Stóráiltear fothacar ionadaíoch de shamplaí ithreach i gcartlanna ithreach, rud a fhágann gur féidir sampla amháin a úsáid chun críoch éagsúil, lena n-áirítear taighde, agus ar an dóigh sin laghdaítear na costais fhadtéarmacha a bhaineann le faireachán in situ. Ina theannta sin, fágann cartlanna ithreach gur féidir athmheastóireacht a dhéanamh ar shamplaí ithreach a tógadh san am atá caite i gcomhthéacs an lae inniu chun tuiscint níos fearr a fháil ar athrú ithreach fadtéarmach, nó chun críoch taighde eile, lena n-áirítear taighde leighis. Ba cheart don Choimisiún, lena n-áirítear seirbhísí amhail ACT, agus do na Ballstáit a áirithiú go gcaomhnófar fo-thacar ionadaíoch de shamplaí ithreach go maith i gcartlanna fisiceacha agus go mbeidh sé ar fáil le haghaidh tuilleadh taighde agus nuálaíochta. I gcás ina ndéanann na Ballstáit an cartlannú sin, ba cheart fo-thacar ionadaíoch de shamplaí ithreach a stóráil i gcartlanna tiomnaithe ithreach ar feadh dhá thimthriall faireacháin ar a laghad. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit a chinneadh fothacar ionadaíoch dá samplaí ithreach a aistriú chuig cartlann ithreach thiomnaithe an Choimisiúin.
(45)
Ba cheart don Choimisiún cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus tacú leo, arna iarraidh sin dóibh, faireachán a dhéanamh ar a sláinte ithreach trí leanúint de shampláil ithreach in situ rialta agus tomhais ithreach ghaolmhara (ithir LUCAS) a dhéanamh agus trína bhfeabhsú, mar chuid de LUCAS, rud a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Chun na críche sin, agus faoi réir chomhaontú na mBallstát, tá LUCAS le feabhsú agus le huasghrádú chun é a ailíniú go hiomlán leis na ceanglais cháilíochta shonracha atá le comhlíonadh chun críocha na Treorach seo. Chun an t-ualach riaracháin agus airgeadais a mhaolú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit na sonraí maidir le sláinte ithreach a bhailítear faoi LUCAS a chur san áireamh. Ba cheart na sonraí sin maidir le sláinte ithreach a chur ar fáil do na Ballstáit go tráthúil. Ba cheart do na Ballstáit a fhaigheann tacaíocht ar an gcaoi sin na socruithe dlí is gá a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir leis an gCoimisiún an tsampláil ithreach in situ sin a dhéanamh, lena n-áirítear ar thalamh faoi úinéireacht phríobháideach, agus i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme.
(46)
Tá seirbhísí cianbhraiteachta á bhforbairt ag an gCoimisiún i gcomhthéacs Copernicus mar chlár atá dírithe ar úsáideoirí a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/696, agus leis sin is amhlaidh atá siad ag tacú leis na Ballstáit freisin. Chun tráthúlacht agus éifeachtacht an fhaireacháin ar shláinte ithreach a mhéadú, ba cheart do na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, sonraí cianbhraiteachta a úsáid, lena n-áirítear aschuir ó sheirbhísí Copernicus, chun faireachán a dhéanamh ar thuairisceoirí ithreach ábhartha agus ar tháscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach ábhartha, agus, más ábhartha, chun measúnú a dhéanamh ar shláinte ithreach. Ba cheart don Choimisiún agus do GEC tacú le féidearthachtaí a fhiosrú maidir le táirgí cianbhraiteachta ithreach, agus maidir le táirgí den sórt sin a fhorbairt, chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar na tuairisceoirí ithreach ábhartha agus ar na táscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach ábhartha.
(47)
Ag tógáil ar Fhaireachlann Ithreach an Aontais, atá ann cheana, agus trína uasghrádú, ba cheart don Choimisiún tairseach dhigiteach um shonraí maidir le sláinte ithreach a bhunú, rud ba cheart a bheith comhoiriúnach leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí, a leagtar amach sa teachtaireacht uaidh an 19 Feabhra 2020 dar teideal A European strategy for data [Straitéis Eorpach maidir le Sonraí], agus le spásanna sonraí an Aontais. Ba cheart an tairseach dhigiteach um shonraí maidir le sláinte ithreach a bheith ina mol lena soláthraítear rochtain ar shonraí ithreach a thagann ó fhoinsí éagsúla, i bhfoirm chomhiomlánaithe ar leibhéal an aonaid ithreach nó ar leibhéal níos mionsonraithe más ábhartha, ar choinníoll nach mbeidh sé indéanta luachanna aonair ná suíomhanna na mbunsamplaí geothagartha a shainaithint. Ba cheart a áireamh ar an tairseach sin go príomha na sonraí uile arna mbailiú ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún mar a cheanglaítear leis an Treoir seo. Ba cheart próiseáil na sonraí sin agus an rochtain orthu, lena n-áirítear chun críoch eolaíoch, a bheith i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, amhail Treoracha 2003/4/CE (20), 2007/2/CE (21), (AE) 2019/1024 (22) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chomh maith le Rialachán (AE) 2023/2854 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) agus Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann athbhreithniú a dhéanamh ar shonraí maidir le sláinte ithreach agus ceartú aon earráidí a iarraidh, sula gcuirfear ar fáil don phobal na sonraí sin tríd an tairseach dhigiteach um shonraí maidir le sláinte ithreach. Chomh maith leis sin, ba cheart a bheith in ann sonraí ábhartha eile maidir le hithir arna mbailiú ag na Ballstáit nó ag aon pháirtí eile a chomhtháthú sa tairseach, agus é sin ar bhonn deonach, agus go háirithe sonraí a thagann as tionscadail faoin gclár Fís Eorpach agus faoi mhisean an Aontais Eorpaigh dar teideal ‘Comhaontú Ithreach don Eoraip’, ar choinníoll go gcomhlíonann na sonraí sin ceanglais áirithe a mhéid a bhaineann le formáid agus sonraíochtaí. Ba cheart don Choimisiún na ceanglais sin a shonrú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.
(48)
Is gá freisin feabhas a chur ar chomhchuibhiú na gcóras faireacháin ithreach a úsáidtear sna Ballstáit agus leas a bhaint as na sineirgí idir córais faireacháin an Aontais agus córais faireacháin náisiúnta chun sonraí níos inchomparáide a bheith ann ar fud an Aontais. Tá sé an-tábhachtach go ndéanfaí cáilíocht agus inchomparáideacht na dtomhas ithreach a áirithiú trí chleachtais an chórais bainistithe cáilíochta a bheith á gcur i bhfeidhm ag na saotharlanna lena mbaineann. Chun an t-ualach riaracháin atá ar na saotharlanna a laghdú, d’fhéadfadh Ballstát a mheas gur leor creidiúnú amháin a bheith ag saotharlanna le haghaidh aon cheann de na modheolaíochtaí a úsáidtear chun luachanna na dtuairisceoirí ithreach a chinneadh. Saotharlanna, nó páirtithe atá ar conradh ag saotharlanna, a dhéanann na tomhais ithreach, ba cheart dóibh cleachtais córais bainistithe cáilíochta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le EN ISO/IEC-17025. D’fhéadfaí caighdeáin bainistithe cáilíochta choibhéiseacha ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta a úsáid, agus, i gcás inarb ábhartha, d’fhéadfaí sineirgí a lorg le córas bainistithe cáilíochta de CCI Foraoisí.
(49)
Tá sé tábhachtach modheolaíochtaí a úsáid le haghaidh tástáil ithreach atá deimhnithe ag comhlachtaí a aithnítear go hidirnáisiúnta, amhail an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO) agus an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), agus atá aitheanta ag an bpobal taighde domhanda, ar choinníoll go bhfuil na modheolaíochtaí sin ar fáil. Is féidir modheolaíochtaí coibhéiseacha eile a úsáid freisin chun tástáil ithreach a dhéanamh, eadhon nósanna imeachta anailíseacha lena gcinntear an paraiméadar céanna nó an tuairisceoir céanna agus a bhfuil sé cruthaithe ina leith go soláthraíonn siad torthaí comhionanna laistigh de chorrlach a gcomhéifeachta in-atrialltachta (0,95). Ba cheart deimhniú aon mhodheolaíochtaí coibhéiseacha a fháil freisin ó chomhlachtaí a aithnítear go hidirnáisiúnta, amhail ISO agus CEN, agus ba cheart na modheolaíochtaí coibhéiseacha sin a bheith aitheanta ag an bpobal taighde domhanda.
(50)
Chun a áirithiú go ndéanfar ithreacha a chosaint ar éilliú ó shubstaintí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le rioscaí móra do shláinte an duine agus a d’fhéadfadh an t-aer, na huiscí dromchla agus an screamhuisce atá timpeall orthu a éilliú, agus aigéin a éilliú ina dhiaidh sin, ba cheart sásraí beartais a bhunú chun substaintí den sórt sin a bhfuil imní ag teacht chun cinn ina leith a bhrath agus chun measúnú a dhéanamh orthu. I ndáil leis sin, ba cheart cur chuige a fhorbairt le haghaidh éilliú ithreach, ar cur chuige é lenar féidir faireachán agus anailís a dhéanamh ar na substaintí sin nó ar na grúpaí substaintí sin trí liostaí táscach, mar a dhéantar i gcás uisce dromchla agus screamhuisce. Ba cheart a áireamh sna substaintí nó sna grúpaí substaintí atá le cur ar an liosta táscach sin substaintí lena mbaineann riosca suntasach do shláinte ithreach agus d’athléimneacht ithreach, do shláinte an duine nó don chomhshaol, agus substaintí a léiríonn an fhaisnéis atá ar fáil ina leith go bhféadfaidís a bheith ina riosca suntasach don ithir nó tríd an ithir, agus nach leor na sonraí faireacháin atá ar fáil ina leith. Níor cheart aon uasteorainn a bheith le líon na substaintí nó na ngrúpaí substaintí atá le háireamh ar an liosta táscach d’éilleáin ithreach chun críoch faireacháin agus anailíse.
(51)
Is gá sonraí a bhailiú maidir le láithreacht éilleán ithreach a d’fhéadfadh a bheith ina riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol, lena n-áirítear lotnaidicídí, a meitibilítí, substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS) agus éilleáin ithreach eile atá ag teacht chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart creat a sholáthar leis an Treoir seo chun éilleáin den sórt sin a áireamh i liosta táscach d’éilleáin ithreach a bhfuil níos mó sonraí faireacháin ithreach ag teastáil ina leith chun aghaidh a thabhairt ar an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol. Chun teorainn a chur le costais faireacháin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit tomhais a dhéanamh ar líon teoranta pointí samplála le haghaidh na n-éilleán sin. D’fhéadfadh an Coimisiún tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit trí rogha d’éilleáin ithreach a thomhas atá ar an liosta táscach d’éilleáin ithreach in LUCAS.
(52)
Is substaintí iad micreaphlaistigh agus nanaphlaistigh a d’fhéadfadh a bheith ina riosca do shláinte ithreach agus do ghníomhaíochtaí riachtanacha amhail an táirgeadh talmhaíochta. Más ann dóibh in ithreacha, is féidir impleachtaí a bheith aige sin ar thorthúlacht na hithreach, rud a chuireann sláinte agus forbairt shláintiúil barr i mbaol. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go gceadófar leis an Treoir seo micreaphlaistigh agus nanaphlaistigh a áireamh san fhaireachán ar éilleáin ithreach.
(53)
Chun an úsáid is forleithne is féidir a bhaint as sonraí maidir le sláinte ithreach arna nginiúint ag an bhfaireachán a dhéantar faoin Treoir seo, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit rochtain ar na sonraí sin a éascú don phobal, i bhfoirm chomhiomlánaithe ar leibhéal an aonaid ithreach nó ar leibhéal níos mionsonraithe más ábhartha, ar choinníoll nach mbeidh sé indéanta luachanna aonair ná suíomh na mbunsamplaí geothagartha a shainaithint. Na sonraí rúnda a bhailíonn an Coimisiún nó na Ballstáit chun staidreamh Eorpach a tháirgeadh, ba cheart iad a chosaint i gcomhréir le rialacha agus bearta Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, chun muinín na bpáirtithe atá freagrach as soláthar na faisnéise sin a ghnóthú agus a choinneáil. I gcás ina dtáirgeann an Coimisiún nó na Ballstáit staidreamh maidir le sláinte ithreach, ba cheart dóibh a áirithiú go n-urramófar prionsabail Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Thairis sin, chun úinéireacht sonraí a chosaint, tá sé tábhachtach nach nochtfaidh an Coimisiún, GEC ná na Ballstáit sonraí ach amháin le toiliú úinéir na sonraí. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit sonraí maidir le sláinte ithreach agus torthaí na measúnuithe ar shláinte ithreach a chur in iúl do pháirtithe leasmhara ábhartha amhail feirmeoirí, foraoiseoirí, úinéirí talún agus údaráis áitiúla. Tá sé tábhachtach go bhfaigheadh ceannaitheoirí talún ionchasacha agus tionóntaí ionchasacha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus arna iarraidh sin dóibh, na sonraí maidir le sláinte ithreach agus torthaí na measúnuithe ar shláinte ithreach. Thairis sin, is féidir sonraí maidir le sláinte ithreach a chuirtear ar fáil de bhun na Treorach seo a úsáid chun faireachán a dhéanamh faoi dhlí eile de chuid an Aontais, i gcás inarb ábhartha, ar ghnéithe a bhaineann leis an ithir.
(54)
Beidh torthaí na measúnuithe ar shláinte ithreach a dhéantar faoin Treoir seo mar bhonn eolais don phróiseas chun na cleachtais shonracha is gá chun an ithir a bhainistiú go hinbhuanaithe a shainaithint agus, ar an gcaoi sin, don tacaíocht ba cheart do na Ballstáit a sholáthar chun sláinte ithreach agus athléimneacht ithreach a mhéadú. Gan dochar do na hoibleagáidí a eascraíonn as dlí eile de chuid an Aontais agus as dlí náisiúnta eile, ní fhorchuirtear oibleagáidí breise ar úinéirí talún ná ar bhainisteoirí talún le forálacha na Treorach seo maidir le tacaíocht do shláinte ithreach agus d’athléimneacht ithreach. Ag an am céanna, ba cheart tacaíocht a thabhairt do bhainisteoirí ithreach, úinéirí talún, bainisteoirí talún agus údaráis ábhartha chun sláinte ithreach agus athléimneacht ithreach a fheabhsú. Ba cheart an tacaíocht sin a bheith sna foirmeacha seo a leanas, inter alia: faisnéis agus comhairle ar chleachtais lena bhfeabhsaítear sláinte ithreach agus athléimneacht ithreach, agus na dálaí áitiúla ithreach á gcur san áireamh; fothú acmhainneachta; feasacht a chur chun cinn ar na tairbhí a bhaineann le cleachtais lena bhfeabhsaítear sláinte ithreach agus athléimneacht ithreach; an taighde agus an nuálaíocht a chur chun cinn; measúnú a dhéanamh ar na riachtanais theicniúla agus airgeadais; agus rochtain ar an gcistiú atá ar fáil agus glacadh an chistithe sin a éascú.
(55)
Tá ról ríthábhachtach ag ionstraimí eacnamaíocha, lena n-áirítear iad sin faoi CBT a sholáthraíonn tacaíocht d’fheirmeoirí, maidir le sláinte ithreach agus athléimneacht ithreach agus, ar bhonn níos lú, ithreacha foraoise a choinneáil ar bun agus a fheabhsú. Tá sé d’aidhm ag CBT tacú le sláinte ithreach trí choinníollacht, éiciscéimeanna agus bearta forbartha tuaithe a chur chun feidhme. Is féidir tacaíocht airgeadais d’fheirmeoirí agus d’fhoraoiseoirí a chuireann cleachtais i bhfeidhm lena bhfeabhsaítear sláinte ithreach agus athléimneacht ithreach a ghiniúint freisin san earnáil phríobháideach. Mar shampla, le lipéid inbhuanaitheachta dheonacha sa tionscal bia, adhmaid, bithbhunaithe agus fuinnimh, arna mbunú ag páirtithe leasmhara príobháideacha, is féidir an rannchuidiú a dhéanann feirmeoirí agus foraoiseoirí le feabhsú sláinte ithreach agus athléimneachta ithreach i gcomhréir leis an Treoir seo a chur san áireamh. D’fhéadfadh na lipéid sin a chur ar chumas na dtáirgeoirí bia, adhmaid agus bithmhaise eile a leanann na cleachtais sin sa táirgeadh an rannchuidiú sin a léiriú i luach a dtáirgí. Is trí na saotharlanna beo agus na tithe solais is cuid de Mhisean an Aontais Eorpaigh dar teideal ‘an Comhaontú Ithreach don Eoraip’ a sholáthrófar cistiú breise le haghaidh líonra de láithreáin fhíora i gcomhair réitigh a thástáil, a léiriú agus a uas-scálú, lena n-áirítear maidir le feirmeoireacht carbóin. Gan dochar don phrionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’, ba cheart do na Ballstáit tacaíocht agus comhairle a sholáthar chun cuidiú le húsáideoirí talún, bainisteoirí talún agus úsáideoirí talún a ndéantar difear dóibh trí ghníomhaíochtaí a ghlactar faoin Treoir seo, agus riachtanais agus acmhainneachtaí teoranta na bhfiontar beag agus meánmhéide go háirithe á gcur san áireamh.
(56)
De bhun Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), tá na Ballstáit le tuairisc a thabhairt ina bpleananna straitéiseacha CBT ar an mbealach a bhfuil sé ceaptha go rannchuideoidh ailtireacht chomhshaoil agus aeráide na bpleananna sin le gnóthú na spriocanna náisiúnta fadtéarmacha arna leagan amach sna gníomhartha reachtacha a liostaítear in Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán sin nó a eascraíonn astu, agus a bhfuil sé ceaptha go mbeidh an ailtireacht sin comhsheasmhach leis na spriocanna sin.
(57)
Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit dlúthfhaireachán a dhéanamh ar thionchar na tacaíochta a thugtar do shláinte ithreach agus athléimneacht ithreach, agus eolas nua a fhaightear de bharr taighde agus nuálaíochta á chur san áireamh. Tá coinne le rannpháirtíocht luachmhar chuige sin ó Mhisean an Aontais Eorpaigh dar teideal ‘an Comhaontú Ithreach don Eoraip’ agus, go háirithe, a shaotharlanna beo agus a ghníomhaíochtaí chun tacú le faireachán ithreach, oideachas ithreach agus rannpháirtíocht na saoránach.
(58)
Leis an athghiniúint ithreach, tugtar ithreacha díghrádaithe ar ais chuig riocht sláintiúil. I gcomhthéacs athghiniúint ithreach, is féidir torthaí na measúnuithe ar shláinte ithreach a chur san áireamh agus is iomchuí bearta athghiniúna a oiriúnú do shaintréithe sonracha chás, chineál, úsáid agus riocht na hithreach agus do na dálaí áitiúla, aeráide agus comhshaoil. I gcás limistéir ar a ndearnadh séalú ithreach nó baint ithreach, is gá an ithir a athchruthú ar dtús chun acmhainneacht na n-ithreacha a aisghabháil chun seirbhísí éiceachórais a sholáthar, agus é mar aidhm leibhéal feidhmíochta na hithreach agus leibhéal sholáthar na seirbhísí éiceachórais a bhaint amach atá chomh gar agus is féidir dá feidhmiú nádúrtha agus dá leibhéal barrmhaith soláthair seirbhísí éiceachórais.
(59)
Chun sineirgí a áirithiú idir na bearta éagsúla arna nglacadh faoi dhlí eile de chuid an Aontais a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shláinte ithreach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí chun tacú le sláinte ithreach agus athléimneacht ithreach comhsheasmhach leis an méid seo a leanas: na pleananna athchóirithe náisiúnta a ullmhaítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1991; na straitéisí náisiúnta bithéagsúlachta agus na pleananna gníomhaíochta náisiúnta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht; na pleananna straitéiseacha CBT atá le tarraingt suas ag na Ballstáit i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115; na cóid dea-chleachtais talmhaíochta agus na cláir ghníomhaíochta maidir le criosanna leochaileacha ainmnithe arna nglacadh i gcomhréir le Treoir 91/676/CEE ón gComhairle (25); na bearta caomhnaithe agus an creat gníomhaíochta tosaíochta a bhunaítear le haghaidh láithreáin Natura 2000 i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (26); na bearta chun dea-stádas éiceolaíoch agus dea-stádas ceimiceach a bhaint amach i ndobharlaigh a áirítear i bpleananna bainistithe abhantraí a ullmhaítear i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27); na bearta um bainistiú riosca tuile a bhunaítear i gcomhréir le Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28); na pleananna um bainistiú triomaigh a chuirtear chun cinn i Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide; na cláir ghníomhaíochta náisiúnta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 10 de UNCCD; na spriocanna a leagtar amach faoi Rialacháin (AE) 2018/841 agus (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29); na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide comhtháite a bhunaítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30); na cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a ullmhaítear i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31); na measúnuithe riosca agus pleanáil bainistithe riosca tubaiste a bhunaítear i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32); na pleananna gníomhaíochta náisiúnta a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) agus na measúnuithe ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéantar i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34). Ba cheart gníomhaíochtaí lena dtacaítear le sláinte ithreach agus athléimneacht ithreach a chomhtháthú, a mhéid is féidir, sna cláir sin, sna cóid sin, sna creataí gníomhaíochta sin, sna spriocanna sin, sna pleananna sin agus sna bearta sin a mhéid a rannchuidíonn siad lena gcuspóirí a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain a bheith ag na húdaráis inniúla ar tháscairí agus sonraí ábhartha, amhail táscairí toraidh a bhaineann le hithir faoi Rialachán (AE) 2021/2115 agus sonraí staidrimh maidir le hionchur agus aschur talmhaíochta arna dtuairisciú faoi Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35), chun na sonraí agus na táscairí sin a chrostagairt agus, ar an gcaoi sin, chun an measúnú is cruinne is féidir a fháil ar éifeachtacht na mbeart a roghnaíodh.
(60)
Is minic láithreáin éillithe a bheith éillithe de dheasca gníomhaíochtaí a bhí á ndéanamh leis na deicheanna de bhlianta anuas san Aontas, amhail gníomhaíochtaí tionsclaíocha nó míleata, agus is féidir rioscaí do shláinte an duine agus don chomhshaol teacht astu anois agus amach anseo. Is gá i dtosach, dá bhrí sin, láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint agus imscrúdú a dhéanamh orthu agus ansin, i gcás ina ndeimhnítear éilliú, measúnú a dhéanamh ar rioscaí an láithreáin éillithe agus bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí do-ghlactha. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach an tionchar atá ag láithreán éillithe ar mheáin chomhshaoil nó ar mhaitrísí seachas an ithir, amhail screamhuisce nó uisce dromchla, a mheas freisin. D’fhéadfadh sé go ndearnadh cuid de na gníomhaíochtaí sin, amhail úsáid saoráidí stórála faoi thalamh le haghaidh substaintí contúirteacha, sa bhuncharraig nó sa mháthairábhar. I gcás saoráid stórála faoi thalamh den sórt sin a bheith ag tabhairt, d’fhéadfadh sé gur bhog éilleáin isteach sa bhuncharraig nó sa mháthairábhar, agus is dóichí nach bhfaighfear san ithir iad. Mar sin féin, d’fhéadfadh na héilleáin leathadh agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaidís tionchar a imirt ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, má dhéantar gníomhaíochtaí den sórt sin ag láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe, caithfear imscrúdú a dhéanamh freisin ar an mbuncharraig nó ar an máthairábhar i gcóngar na gníomhaíochta chun a fhíorú ar tharla, de thoradh na gníomhaíochta, éilliú ag a bhfuil tionchar ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol.
(61)
Ní mór a chinneadh le himscrúdú ithreach an bhfuil láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe ina láithreán éillithe i ndáiríre, agus an bhfuil an t-éilliú ina riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol. Leis an Treoir seo, ní cheanglaítear, mar chuid den imscrúdú ithreach, anailís a dhéanamh ar thuairisceoirí ithreach seachas éilliú ithreach. Ós rud é gur féidir athrú teacht ar úsáid talún le himeacht ama, is den tábhacht rochtain a bheith ag an bpobal ar fhaisnéis faoi éilliú i gcónaí. Mar shampla, i gcás inar gá cinneadh a dhéanamh maidir le hathrú ar úsáid talún, tá sé tábhachtach meastóireacht a dhéanamh ar cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh éilliú a fuarthas in imscrúdú ithreach roimhe seo a bheith ina riosca don úsáid talún nua atá beartaithe. Dá bhrí sin, chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe éillithe i ndáiríre, caithfear na rioscaí do shláinte an duine nó don chomhshaol atá nasctha le húsáid íogaire an láithreáin a chur san áireamh freisin. Áirítear ar úsáidí íogaire láithreán an úsáid a bhaintear as clóis súgartha, scoileanna nó láithreáin a úsáidtear le haghaidh cúram leanaí, nó limistéir ina gcóngar, an úsáid a bhaintear as limistéir chónaithe nó an úsáid a bhaineann pobail leochaileacha as limistéir eile. I gcás ina gcruthaítear le himscrúdú ithreach maidir le láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe nach bhfuil sé éillithe i ndáiríre, níor cheart don Bhallstát é a mheas mar láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe, ach amháin má tá amhras bunaithe ar fhianaise nua go bhfuil sé éillithe.
(62)
Ós rud é go bhféadfadh líon na láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe agus líon na láithreán éillithe a bheith an-ard agus gur féidir an leibhéal riosca a bhaineann le láithreán éillithe a bheith idir an-íseal agus an-ard, is iomchuí cloí le cur chuige rioscabhunaithe céim ar chéim chun láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint agus a imscrúdú agus chun láithreáin éillithe a bhainistiú. Leis an gcur chuige sin, is féidir leis na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do láithreáin áirithe. Trí thosaíocht a thabhairt do láithreáin áirithe, is féidir leis na Ballstáit an riosca a d’fhéadfadh a bheith ag baint le cás éillithe amhrasta nó deimhnithe do shláinte an duine agus don chomhshaol, chomh maith leis an gcomhthéacs sóisialta nó eacnamaíoch, a chur san áireamh. Tá an mheastóireacht ar an riosca féideartha a bhaineann leis an mbeartú tosaíochta sin i bhfad níos cineálaí ná an measúnú riosca láithreánsonrach a dhéantar ar láithreán éillithe.
(63)
Chun láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint, ba cheart do na Ballstáit fianaise a bhailiú, lena n-áirítear trí thaighde stairiúil lena bhfiosraítear faisnéis faoi ghníomhaíochtaí tionsclaíocha, teagmhais thionsclaíocha agus timpistí tionsclaíocha agus úsáid á baint as seanléarscáileanna, cartlanna, ailt phreasa, ceadanna comhshaoil agus fógraí ón bpobal nó ó na húdaráis agus bithfhaireachán daonna nó sonraí faireacháin comhshaoil ó thionscadail taighde. Ba cheart do na Ballstáit liosta a leagan síos de ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héilliú agus ba cheart dóibh a bheith in ann tosaíocht a thabhairt do láithreáin áirithe a d’fhéadfadh a bheith éillithe agus ar dócha riosca féideartha a bheith ag baint leo do shláinte an duine nó don chomhshaol, bunaithe ar an gcineál gníomhaíochta, ar mhéid an éillithe a d’fhéadfadh a bheith ann, ar léiriú go bhfuil riosca láithreach ann nó ar fhaisnéis ábhartha eile. Ós rud é go bhféadfadh forbairt teacht ar líon na láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe le himeacht ama, ba cheart an chéad sainaithint ar láithreáin den sórt sin a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse ama shocraithe, bunaithe ar an bhfianaise atá ann cheana, agus ba cheart láithreáin den sórt sin a shainaithint a thuilleadh trí chur chuige córasach.
(64)
Chun a áirithiú go ndéanfar imscrúduithe ithreach ar láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe ar bhealach tráthúil agus éifeachtach, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit, sa bhreis ar an oibleagáid an tréimhse ama a bhunú faoinar cheart imscrúduithe ithreach a dhéanamh, teagmhais shonracha a shainaithint lena spreagtar na himscrúduithe sin. D’fhéadfaí a áireamh ar na himeachtaí spreagtha sin iarraidh, nó athbhreithniú, ar chead comhshaoil nó tógála nó údarú a cheanglaítear de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, gníomhaíochtaí um thochailt ithreach, athruithe ar úsáid talún, nó idirbhearta talún nó réadmhaoine. D’fhéadfadh céimeanna éagsúla a bheith i gceist le himscrúduithe ithreach, amhail réamhthaighde deisce, staidéar stairiúil láithreánsonrach chun faisnéis a bhailiú faoi ghníomhaíochtaí tionsclaíocha, teagmhais thionsclaíocha nó timpistí tionsclaíocha a bhí ann roimhe seo, cuairt ar an láithreán, réamh-imscrúdú nó imscrúdú taiscéalaíoch, imscrúdú níos mionsonraithe nó níos tuairisciúla agus tástáil allamuigh nó saotharlainne, agus d’fhéadfaí measúnú láithreánsonrach a áireamh leis sin ar na rioscaí a bhaineann leis an éilliú do shláinte an duine agus don chomhshaol. Má aimsítear éilliú, ba cheart an t-imscrúdú ithreach a bheith mar bhonn le saintréithriú an éillithe agus a chomhthéacs comhshaoil agus faisnéis bhunúsach a sholáthar don mheasúnú riosca láithreánsonrach agus do dhearadh aon bheart laghdúcháin riosca a d’fhéadfadh a bheith riachtanach. D’fhéadfadh tuarascálacha bunlíne agus bearta faireacháin arna gcur chun feidhme i gcomhréir le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36) cáiliú chomh maith mar imscrúdú ithreach i gcás inarb iomchuí.
(65)
Chun costais, tairbhí agus sainiúlachtaí áitiúla a chur san áireamh, is gá solúbthacht a bheith ann a mhéid a bhaineann le bainistiú láithreán éillithe. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit cur chuige rioscabhunaithe agus céim ar chéim a ghlacadh, ar a laghad, chun láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint agus a imscrúdú agus chun láithreáin éillithe a bhainistiú, agus an difríocht idir an dá chatagóir sin á cur san áireamh agus, ar an gcaoi sin, acmhainní a leithdháileadh agus an comhthéacs sonrach comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch á chur san áireamh. Maidir le cinntí a bhaineann le bainistiú láithreán éillithe, lena n-áirítear cinntí maidir leis an gcur chuige rioscabhunaithe agus céim ar chéim, ba cheart iad a dhéanamh bunaithe ar chineál agus méid na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine, lena n-áirítear nochtadh d’éilleáin ó dhaonraí leochaileacha amhail mná torracha, daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta agus leanaí, agus don chomhshaol mar thoradh ar nochtadh d’éilleáin ithreach nó éilleáin a leath chuig an screamhuisce agus, más féidir, na héifeachtaí carnacha ar shláinte an duine, ar éiceachórais ithreach agus ar na seirbhísí éiceachórais gaolmhara.
(66)
Ba cheart leibhéil chúlra nádúrtha agus antrapaigineacha a chur san áireamh sa mheasúnú riosca mar d’fhéadfadh sin cabhrú freisin le cuspóirí feabhsúcháin ithreach nó bainistithe ithreach a leagan síos.
(67)
Ba cheart torthaí na hanailíse costais agus tairbhe ar mheasúnú riosca láithreánsonrach nó feabhsú ithreach a bheith dearfach. Mar shampla, i gcás láithreáin éillithe nach mór iad, d’fhéadfadh measúnú riosca mionsonraithe láithreánsonrach a bheith níos costasaí ná feabhsú ithreach láithreach, nó d’fhéadfadh éilliú a bheith chomh follasach tromchúiseach sin ar láithreán sa chaoi nach mbeadh gá le measúnú riosca mionsonraithe láithreánsonrach chun cinneadh a dhéanamh maidir le feabhsú ithreach. Sna cásanna sin, is féidir líon na gcéimeanna sa chur chuige rioscabhunaithe agus céim ar chéim a laghdú chun láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint agus a imscrúdú agus chun láithreáin éillithe a bhainistiú ós rud é gur beag an breisluach a bhainfeadh le measúnú riosca mionsonraithe láithreánsonrach. Ba cheart do na Ballstáit an mhodheolaíocht shonrach a leagan síos le haghaidh an mheasúnaithe riosca láithreánsonraigh ar láithreáin éillithe. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit an rud is riosca do-ghlactha ann i gcás láithreán éillithe a chinneadh bunaithe ar eolas eolaíoch atá ann cheana, prionsabal an réamhchúraim, sainiúlachtaí áitiúla, agus úsáid talún atá ann faoi láthair agus atá beartaithe.
(68)
Chun na rioscaí do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaineann le láithreáin éillithe a laghdú go leibhéal inghlactha, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar bearta laghdúcháin riosca leormhaithe, lena n-áirítear feabhsú ithreach. Ba cheart na bearta laghdúcháin riosca optamacha a bheith inbhuanaithe agus ba cheart iad a roghnú trí phróiseas cinnteoireachta cothrom ina gcuirtear san áireamh na tionchair chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha. Roghnófar an teicníc nó an beart de réir meascán critéar amhail cineál na n-éilleán, saintréithe na hithreach, méid an éillithe, an t-am agus an spás atá ar fáil, srianta buiséadacha, cuspóirí feabhsúcháin ithreach, an úsáid talún atá ann faoi láthair agus atá beartaithe, agus an acmhainneacht an tsláinte ithreach a fheabhsú. Níor cheart tionchar diúltach a bheith ag na bearta laghdúcháin riosca ar an measúnú riosca ná ar an mbainistiú riosca a dhéantar ar na ceantair le haghaidh pointí astarraingthe uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a leagtar amach in Airteagal 8 de Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37). Díríonn feabhsú ithreach ar dheireadh a chur leis an riosca a bhaineann le héilliú ithreach do shláinte an duine nó don chomhshaol, agus d’fhéadfadh sé nach gcuirfeadh feabhsú ithreach feabhas ar thuairisceoirí ithreach eile. Is féidir le teicnící feabhsúcháin ithreach áirithe tionchar diúltach a bheith acu ar shláinte ithreach freisin. Dá bhrí sin, ba cheart buntáistí agus míbhuntáistí uile na dteicnící feabhsúcháin a chur san áireamh. Ba cheart é a bheith indéanta bearta arna ndéanamh faoi dhlí eile an Aontais a cháiliú mar bhearta laghdúcháin riosca faoin Treoir seo más rud é go laghdaíonn na bearta sin rioscaí ó láithreáin éillithe ar bhealach éifeachtach.
(69)
I ndáil leis an imscrúdú ar láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe agus le bainistiú láithreán éillithe, ba cheart an prionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’, prionsabal an réamhchúraim agus prionsabal na comhréireachta a urramú. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na Ballstáit an truaillitheoir a shainaithint agus ba cheart dóibh ordlathas cinnteoireachta nó slabhra cinnteoireachta maidir le freagracht a bhunú, chun a chinneadh cén duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as costais an imscrúdaithe ithreach, an mheasúnaithe riosca agus na mbeart laghdúcháin riosca a sheasamh. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit a chinneadh idirdhealú breise a dhéanamh idir láithreáin a bhí éillithe go stairiúil agus láithreáin nua-éillithe agus cur chuige níos déine a úsáid i leith éilliú a tharlaíonn tar éis dáta tagartha áirithe. I gcás láithreáin éillithe nach féidir an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an éilliú a shainaithint ina leith, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ionstraimí airgeadais agus cláir chistiúcháin de chuid an Aontais a úsáid chun na hoibleagáidí maidir le himscrúdú ithreach agus feabhsú ithreach a chomhlíonadh.
(70)
Rialaítear éilliú ithreach cheana féin faoi dhlí an Aontais amhail Treoracha 2010/75/AE nó 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38). Ní dochar forálacha na Treorach seo do na ceanglais faoi dhlí ábhartha an Aontais.
(71)
Imscrúduithe ithreach, measúnuithe riosca nó bearta laghdúcháin riosca a rinneadh ar láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe nó ar láithreáin éillithe roimh an 16 Nollaig 2025 agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo, ba cheart a mheas gurb iomchuí iad chun na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo le haghaidh na láithreán sin a chomhlíonadh.
(72)
Leis na bearta a dhéantar de bhun na Treorach seo, ba cheart cuspóirí beartais eile de chuid an Aontais a chur san áireamh freisin, amhail na cuspóirí a shaothraítear le Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39), eadhon soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú do thionscail an Aontais.
(73)
Tá an trédhearcacht ina comhpháirt fhíor-riachtanach den bheartas ithreach agus áirithítear léi cuntasacht agus feasacht phoiblí, dálaí margaidh cothroma agus gur féidir faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit clár náisiúnta de na láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe agus de láithreáin éillithe a chur ar bun agus a choinneáil ar bun. Ba cheart faisnéis láithreánsonrach a bheith sna cláir sin agus ba cheart iad a chur ar fáil don phobal i bhfoirm bunachar sonraí spásúil geothagartha ar líne. I gcás ina mbunaítear cláir ar an leibhéal fonáisiúnta, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do phointe iontrála náisiúnta comhordaithe chuig na cláir fhonáisiúnta éagsúla, le suíomh gréasáin láraithe náisiúnta ina bhfuil naisc ghréasáin, mar shampla. Ba cheart faisnéis a bheith sna cláir ar gá í ionas go mbeadh an pobal ar an eolas maidir le láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a bheith ann agus maidir le bainistiú láithreán éillithe. Ós rud é nach féidir, de réir sainmhínithe, ach gur cás amhrasta é aon chás ina maítear gur ann don éilliú ithreach ar láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe, ba cheart an difríocht idir láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe agus láithreáin éillithe a chur in iúl agus a mhíniú go soiléir don phobal ionas nach n-ardófar ábhair imní nach bhfuil gá leo. Cláir ar ann dóibh an 16 Nollaig 2025 agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo, ba cheart a mheas gurb iomchuí iad chun na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh.
(74)
Ceanglaítear le hAirteagal 19(1), an dara fomhír, den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) ar na Ballstáit leigheasanna a chur ar fáil atá leordhóthanach chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais. Anuas air sin, i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (40) (‘Coinbhinsiún Aarhus’), arna fhormheas ag an gComhphobal Eorpach an 17 Feabhra 2005 le Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle (41), tá rochtain ar cheartas le bheith ag daoine den phobal lena mbaineann chun cur le cosaint an chirt chun cónaí i dtimpeallacht atá leormhaith le haghaidh shláinte agus dhea-bhail an duine.
(75)
Mar a shoiléirítear le cásdlí Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh (42), ní ceadmhach do na Ballstáit an seasamh dlí chun agóid a dhéanamh in aghaidh cinneadh ó údarás poiblí a shrianadh do na daoine sin den phobal lena mbaineann a bhí rannpháirteach sa nós imeachta cinnteoireachta as ar eascair glacadh an chinnidh sin. Ina theannta sin, ba cheart aon nós imeachta um athbhreithniú a bheith cóir, cothrom agus tráthúil agus níor cheart dó a bheith róchostasach, agus ba cheart foráil a dhéanamh leis do leigheasanna leormhaithe, lena n-áirítear faoiseamh urghaire de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcomhréir le cásdlí Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh (43), tá rochtain ar cheartas, ar a laghad, le tabhairt don phobal lena mbaineann.
(76)
Sainordaítear i dTreoir (AE) 2019/1024 go scaoilfear faisnéis ón earnáil phoiblí i bhformáidí saor in aisce agus oscailte. Is é cuspóir foriomlán Threoir (AE) 2019/1024 leanúint de gheilleagar sonraí an Aontais a neartú trí mhéid na sonraí idir-inoibritheacha ón earnáil phoiblí atá ar fáil lena n-athúsáid a mhéadú, iomaíocht chóir agus rochtain éasca ar fhaisnéis ón earnáil phoiblí a áirithiú, agus feabhas a chur ar nuálaíocht trasteorann bunaithe ar shonraí. Is é príomhphrionsabal na Treorach sin gur cheart sonraí rialtais a bheith oscailte mar réamhshocrú agus trí dhearadh. Tá Treoir 2003/4/CE dírithe ar rochtain a ráthú ar fhaisnéis ar an gcomhshaol sna Ballstáit i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus. Le Coinbhinsiún Aarhus agus Treoir 2003/4/CE, cuimsítear oibleagáidí leathana a bhaineann le faisnéis faoin gcomhshaol a chur ar fáil, arna hiarraidh sin, agus leis an bhfaisnéis sin a scaipeadh ar bhealach gníomhach. Foráiltear le Treoir 2003/4/CE do liosta srianta de dhíolúintí ó scaipeadh nó nochtadh faisnéise comhshaoil, agus aird á tabhairt ar leas an phobail a bhfreastalaítear air tríd an scaipeadh, i gcás ina ndéanfadh scaipeadh nó nochtadh na faisnéise dochar do leasanna áirithe. Áirítear ar na leasanna sin: an tslándáil phoiblí nó an chosaint náisiúnta; rúndacht faisnéise tráchtála nó tionsclaíche, i gcás ina bhforáiltear don rúndacht sin le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta chun leas eacnamaíoch dlisteanach a chosaint, lena n-áirítear leas an phobail maidir le rúndacht staidrimh agus rúndacht cánach; rúndacht sonraí pearsanta nó comhad a bhaineann le duine nádúrtha i gcás nár thug an duine sin a thoiliú nó a toiliú go nochtfaí an fhaisnéis don phobal, i gcás ina bhforáiltear don rúndacht sin le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Tá raon feidhme leathan freisin le Treoir 2007/2/CE, agus cuimsítear léi faisnéis spásúil a chomhroinnt, lena n-áirítear tacair sonraí maidir le hábhair éagsúla chomhshaoil. Tá sé tábhachtach go gcomhlánófaí, le forálacha na Treorach seo a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis agus le socruithe comhroinnte sonraí, Treoracha (AE) 2019/1024, 2003/4/CE agus 2007/2/CE agus nach gcruthófaí córas dlí ar leithligh. Forálacha na Treorach seo maidir le faisnéis don phobal agus faisnéis faoin bhfaireachán ar chur chun feidhme, ba cheart, dá bhrí sin, iad a bheith gan dochar do na Treoracha sin.
(77)
Tá sé tábhachtach freisin go gcuirfí ar chumas na mBallstát, le forálacha na Treorach seo a bhaineann le socruithe comhroinnte sonraí, na bonneagair sonraí atá ann cheana agus a bunaíodh de bhun Threoracha (AE) 2019/1024 agus 2007/2/CE a athúsáid chun a áirithiú go ndéanfaí faisnéis a mhalartú go héifeachtach tráthúil. Ar an gcúis sin, d’fhéadfadh na Ballstáit agus an Coimisiún úsáid a bhaint as uirlisí amhail REPORTNET, uirlis a bhíonn á bainistiú ag GEC. Leis an gcur chuige sin, cloítear le prionsabal na haonuaire agus ní chuirtear ualach breise ar na Ballstáit bonneagar sonraí tiomnaithe a chur ar bun faoin Treoir seo.
(78)
Chun a áirithiú go ndéanfar an t-oiriúnú is gá ar na rialacha maidir le faireachán ar shláinte ithreach agus bainistiú ar láithreáin éillithe, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Treoir seo a leasú chun na modheolaíochtaí chun faireachán a dhéanamh ar shláinte ithreach, an liosta táscach de bhearta laghdúcháin riosca agus na céimeanna agus na prionsabail maidir leis an measúnú láithreánsonrach a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (44). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(79)
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun formáidí nó modhanna a shocrú chun sonraí maidir le sláinte ithreach a chomhroinnt nó a bhailiú agus chun na sonraí sin a chomhtháthú sa tairseach dhigiteach um shonraí maidir le sláinte ithreach agus chun an fhormáid, an struchtúr agus na socruithe mionsonraithe a leagan amach chun sonraí agus faisnéis a thuairisciú go leictreonach don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45).
(80)
Chun tacú leis na Ballstáit a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile, i gcás inarb ábhartha, doiciméid a tharraingt suas agus uirlisí eolaíocha a fhorbairt, lena n-áirítear na modheolaíochtaí agus na nósanna imeachta féideartha a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm. Leis na doiciméid agus na huirlisí eolaíocha sin, sholáthrófaí faisnéis fhíor-riachtanach do na Ballstáit in am trátha, agus d’áiritheofaí an tsolúbthacht chun cur leis na modheolaíochtaí agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm cheana féin. Ba cheart na doiciméid agus na huirlisí eolaíocha sin a chomhlánú leis an gcúnamh agus an fothú acmhainneachta is gá. Ba cheart don Choimisiún an fothú acmhainneachta agus an cúnamh is gá a sholáthar do na Ballstáit agus ba cheart dó tacú le comhchuibhiú iltaobhach na modhanna, agus ar an gcaoi sin, dúnfar bearnaí sonraí agus bainfear baic sreafa oibre atá ann faoi láthair trí shaineolas a chomhroinnt. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún cur leis na sásraí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tionscnamh Soil BON, an Chomhpháirtíocht Dhomhanda um Ithir, SOILveR, NICOLE, EUROSOLAN, Scáthghrúpaí Mhisean an Aontais Eorpaigh dar teideal ‘an Comhaontú Ithreach don Eoraip’ agus EIONET. Ba cheart don Choimisiún tacú le comhar trasteorann idir na Ballstáit chun a áirithiú go nglacfar cur chuige comhchuibhithe maidir le faireachán ithreach agus go mbeidh cothroime iomaíochta ann idir ceantair ithreach chomharsanacha.
(81)
Sa bhreis ar na doiciméid a tharraingt suas agus na huirlisí eolaíocha a fhorbairt, ba cheart don Choimisiún malartuithe rialta faisnéise, taithí agus dea-chleachtas idir na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, páirtithe leasmhara eile maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo a eagrú. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na malartuithe faisnéise sin a bheith ina deis leis an méid seo a leanas a phlé: torthaí na measúnuithe ar shláinte ithreach a chur in iúl don phobal; cleachtais lena bhfeabhsaítear athléimneacht ithreach; éilliú nach éilliú poncfhoinse antrapaigineach é; cur i bhfeidhm ordlathas na freagrachta lena sainítear an páirtí nó na páirtithe atá freagrach as láithreáin éillithe a bhainistiú; bainistiú na láithreán dílleachtach; teicnící feabhsúcháin ithreach le haghaidh láithreáin éillithe; na leibhéil chúlra nádúrtha agus antrapaigineacha a shainaithint agus meastóireacht a dhéanamh orthu; cineálacha cur chuige chun limistéir a shainaithint i gcás nach bhfuil critéir aonair maidir le riocht sláintiúil ithreach á gcomhlíonadh; na cleachtais maidir le córas bainistithe cáilíochta do shaotharlanna; agus prionsabail an mhaolaithe ar thógáil talún.
(82)
Faoin 17 Meitheamh 2033, ba cheart don Choimisiún meastóireacht fhianaisebhunaithe a dhéanamh agus, i gcás inarb ábhartha, athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir seo, ar bhonn thorthaí na measúnuithe ar shláinte ithreach. Ba cheart measúnú a dhéanamh sa mheastóireacht sin go háirithe ar an ngá atá le ceanglais níos sonraí a leagan síos chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí na Treorach seo. Ba cheart measúnú a dhéanamh sa mheastóireacht freisin ar an ngá sainiú ithreacha sláintiúla a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil trí fhorálacha a chur leis maidir le tuairisceoirí ithreach áirithe nó critéir áirithe le haghaidh riocht sláintiúil ithreach bunaithe ar fhianaise eolaíoch nua a bhaineann le cosaint ithreacha nó ar na forais gur eascair fadhb atá sonrach do Bhallstát as cúinsí nua comhshaoil nó aeráide. I gcomhréir le mír 22 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, tá an mheastóireacht sin le bheith bunaithe ar na critéir maidir le héifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach agus ba cheart an mheastóireacht sin a bheith ina bonn do mheasúnuithe tionchair ar na roghanna i dtaca le gníomhaíocht bhreise a dhéanamh.
(83)
Tá gá le bearta comhordaithe ag gach Ballstát chun an sprioc a bhaint amach go mbeadh na hithreacha uile sláintiúil faoi 2050 agus chun a dhaingniú go mbeidh seirbhísí éiceachórais á soláthar ag ithreacha ar fud an Aontais san fhadtéarma. Chonacthas go bhfuil na gníomhaíochtaí aonair a bhíonn á ndéanamh ag na Ballstáit neamh-leordhóthanach ós rud é go bhfuil díghrádú ithreach fós ag tarlú agus go bhfuil sé ag méadú fiú. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(84)
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46) agus thug an Maoirseoir tuairim an 11 Nollaig 2023.
(85)
I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (47), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Cuspóirí agus ábhar
1. Is iad cuspóirí na Treorach seo creat um fhaireachán ithreach atá láidir agus comhleanúnach a bhunú le haghaidh na n-ithreacha uile ar fud an Aontais, éilliú ithreach a laghdú go leibhéil nach meastar a bheith díobhálach a thuilleadh do shláinte an duine agus don chomhshaol, sláinte ithreach a fheabhsú go leanúnach san Aontas, ithreacha a choinneáil i riocht sláintiúil agus aghaidh a thabhairt ar gach gné den díghrádú ithreach agus iad a chosc, d’fhonn ithreacha sláintiúla a bhaint amach faoi 2050 ionas gur féidir leo seirbhísí éiceachórais líonmhara a sholáthar ar scála atá leordhóthanach chun na riachtanais chomhshaoil, shochaíocha agus eacnamaíocha a chomhlíonadh, tionchair an athraithe aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta a chosc agus a mhaolú, agus an athléimneacht in aghaidh tubaistí nádúrtha agus ó thaobh shlándáil an tsoláthair bia de a mhéadú.
2. Leis an Treoir seo, leagtar síos creat le haghaidh an mhéid seo a leanas agus bearta maidir leis:
(a)
faireachán agus measúnú ar shláinte ithreach;
(b)
athléimneacht ithreach; agus
(c)
bainistiú na láithreán éillithe.
Airteagal 2
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Treoir seo maidir leis na hithreacha uile i gcríoch na mBallstát.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘ithir’ ciseal uachtair an Domhain, atá suite idir an bhuncharraig nó an máthairábhar agus an dromchla talún, agus atá comhdhéanta de cháithníní mianraí, ábhar orgánach, uisce, aer agus orgánaigh bheo;
(2)
ciallaíonn ‘éiceachóras’ coimpléasc dinimiciúil de phobail plandaí, ainmhithe agus miocrorgánach agus a dtimpeallacht neamhbheo, agus iad ag idirghníomhú mar aonad feidhmiúil;
(3)
ciallaíonn ‘seirbhísí éiceachórais’ a mhéid a chuireann éiceachórais go díreach nó go hindíreach leis na tairbhí comhshaoil, eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha agus eile a bhaineann daoine as na héiceachórais sin;
(4)
ciallaíonn ‘bithéagsúlacht ithreach’ an éagsúlacht i saol na hithreach, ó ghéinte go pobail orgánach, agus na coimpléisc éiceolaíocha ar cuid díobh iad, ar réimse de choimpléisc é sin a théann ó mhicreagnáthóga ithreach go tírdhreacha;
(5)
ciallaíonn ‘sláinte ithreach’ riocht fisiceach, ceimiceach agus bitheolaíoch na hithreach, lena gcinntear a hacmhainneacht chun feidhmiú mar chóras beo ríthábhachtach agus chun seirbhísí éiceachórais a sholáthar;
(6)
ciallaíonn ‘athléimneacht ithreach’ cumas na hithreach a feidhmeanna a chaomhnú agus a hacmhainneacht seirbhísí éiceachórais a sholáthar a choinneáil ar bun, agus suaití a sheasamh agus téarnamh uathu;
(7)
ciallaíonn ‘cleachtais um bainistiú ithreach’ cleachtais a mbíonn tionchar acu ar airíonna fisiceacha, ceimiceacha nó bitheolaíocha ithreach;
(8)
ciallaíonn ‘ceantar ithreach’ cuid de chríoch Ballstáit, atá sainithe ag an mBallstát sin i gcomhréir leis an Treoir seo;
(9)
ciallaíonn ‘aonad ithreach’ limistéar atá scoite ó thaobh spáis de laistigh de cheantar ithreach de thoradh trasnú tacar sonraí spásúla a úsáidtear mar thosca le haghaidh aonchineálacht staidrimh laistigh den cheantar ithreach sin;
(10)
ciallaíonn ‘tuairisceoir ithreach’ paraiméadar lena dtugtar tuairisc ar shaintréith fhisiceach, cheimiceach, nó bhitheolaíoch den tsláinte ithreach;
(11)
ciallaíonn ‘measúnú ar shláinte ithreach’ meastóireacht ar shláinte na hithreach bunaithe ar thomhas nó meastachán luachanna na dtuairisceoirí ithreach;
(12)
ciallaíonn ‘éilliú ithreach’ láithreacht substainte in ithir ag leibhéal a d’fhéadfadh a bheith díobhálach, go díreach nó go hindíreach, do shláinte an duine nó don chomhshaol;
(13)
ciallaíonn ‘éilleán’ substaint a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le héilliú ithreach nó le héilliú buncharraige nó máthairábhair;
(14)
ciallaíonn ‘láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe’ limistéar sainithe ina meastar, bunaithe ar fhianaise ábhartha, go bhfuil éilliú ithreach nó éilliú buncharraige nó máthairábhair ann arb é is cúis leis gníomhaíochtaí poncfhoinse antrapaiginigh;
(15)
ciallaíonn ‘láithreán éillithe’ limistéar sainithe ina bhfuil éilliú ithreach nó éilliú buncharraige nó máthairábhair deimhnithe arb é is cúis leis gníomhaíochtaí poncfhoinse antrapaiginigh;
(16)
ciallaíonn ‘talamh’ dromchla an Domhain nach gcumhdaítear go rialta le dobharlaigh;
(17)
ciallaíonn ‘cumhdach talún’ cumhdach fisiceach agus bitheolaíoch dhromchla an Domhain;
(18)
ciallaíonn ‘séalú ithreach’ ithir a chumhdach le hábhar atá neamh-thréscaoilteach go hiomlán nó go páirteach;
(19)
ciallaíonn ‘ithir shéalaithe’ limistéar ithreach ar a ndearnadh séalú ithreach;
(20)
ciallaíonn ‘baint ithreach’ ithir a bhaint, go hiomlán nó go páirteach, go sealadach nó go fadtéarmach, i limistéar;
(21)
ciallaíonn ‘díshéalú’ ithir shéalaithe a thiontú ina hithir nach ithir shéalaithe í;
(22)
ciallaíonn ‘feidhm tharchuir’ riail mhatamaiticiúil lenar féidir luach tomhais arna dhéanamh trí úsáid a bhaint as modheolaíocht atá éagsúil le modheolaíocht tagartha a thiontú ina luach a gheofaí tríd an tomhas ithreach a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an modh tagartha;
(23)
ciallaíonn ‘an pobal lena mbaineann’ an pobal a ndéanann nó ar dócha go ndéanfaidh díghrádú ithreach difear dó, nó a bhfuil leas aige sna nósanna imeachta cinnteoireachta a bhaineann le cur chun feidhme na n-oibleagáidí faoin Treoir seo, lena n-áirítear úinéirí talún, bainisteoirí talún agus úsáideoirí talún, chomh maith le heagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint shláinte an duine nó an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglas faoin dlí náisiúnta;
(24)
ciallaíonn ‘athghiniúint ithreach’ gníomhaíocht d’aon ghnó atá dírithe ar riocht ithreach a athrú ó riocht díghrádaithe go riocht sláintiúil;
(25)
ciallaíonn ‘riosca’ an dóchúlacht go mbeadh éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol de thoradh nochtadh d’éilliú ithreach nó d’éilliú buncharraige nó máthairábhair;
(26)
ciallaíonn ‘imscrúdú ithreach’ próiseas is féidir a dhéanamh i gcéimeanna iomadúla agus atriallacha chun measúnú a dhéanamh ar láithreacht agus leibhéil na n-éilleán in ithir, i mbuncharraig nó i máthairábhar agus, más ábhartha, chun méid láithreáin éillithe a thréithriú agus a chinneadh;
(27)
ciallaíonn ‘feabhsú ithreach’ tacar gníomhaíochtaí lena ndéantar éilleáin in ithir, i mbuncharraig nó i máthairábhar a laghdú, a aonrú nó a dhíluailiú;
(28)
ciallaíonn ‘bearta laghdúcháin riosca’ bearta lena ndírítear ar na rioscaí a ghabhann le láithreáin éillithe do shláinte an duine agus don chomhshaol a laghdú, trí fheabhsú ithreach nó tríd an nascáil idir an fhoinse, an chonair agus an gabhdóir a mhodhnú gan saintréithe an éillithe féin a athrú.
Airteagal 4
Ceantair ithreach agus aonaid ithreach
1. Bunóidh na Ballstáit, chun críoch riaracháin, ceantar ithreach amháin nó níos mó a chumhdóidh a gcríoch ar fad agus a bheidh faoi fhreagracht údaráis inniúil amháin nó níos mó arna n-ainmniú de bhun Airteagal 5.
2. Bunóidh na Ballstáit aonaid ithreach a chumhdóidh a gcríoch iomlán le chéile, chun faireachán a dhearadh agus chun tuairisciú maidir le sláinte ithreach laistigh de lamháil earráide ar leith laistigh den aonad ithreach lena mbaineann, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
(a)
méid geografach na gceantar ithreach arna mbunú de bhun mhír 1;
(b)
an cineál ithreach arna shainiú sa léarscáil dar teideal Réigiúin Ithreach an Aontais Eorpaigh agus a Thíortha Comharsanacha ar scála 1: 5 000 000, arna foilsiú ag Institiúid Cónaidhme na nGeo-eolaíochtaí agus na nAcmhainní Nádúrtha, i gcomhpháirt leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde;
(c)
na catagóirí úsáide talún, cé is moite de dhobharlaigh, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/841.
3. Chun a n-aonaid ithreach a bhunú, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as nuashonruithe ar na sonraí dá dtagraítear i mír 2, i gcás ina bhfuil fáil orthu ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta, nó as sonraí níos mionsonraithe atá coibhéiseach leis na sonraí sin.
Féadfaidh na Ballstáit sonraí spásúla breise a chur san áireamh chun a n-aonaid ithreach a bhunú, amhail sonraí a bhaineann leis an aeráid, le criosanna comhshaoil mar a thuairiscítear sna staidéir nó tuarascálacha eolaíocha ábhartha, nó le habhantracha.
Airteagal 5
Na húdaráis inniúla
Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla atá freagrach ar leibhéal atá iomchuí chun na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo a chomhlíonadh.
CAIBIDIL II
FAIREACHÁN AGUS MEASÚNÚ AR SHLÁINTE ITHREACH
Airteagal 6
Creat faireacháin le haghaidh sláinte ithreach agus le haghaidh séalú ithreach agus baint ithreach
1. Bunóidh na Ballstáit creat faireacháin (‘creat um fhaireachán ithreach’) ar leibhéal atá iomchuí maidir leis na tuairisceoirí ithreach agus na táscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach chun a áirithiú go ndéanfar faireachán rialta, comhleanúnach agus cruinn ar shláinte ithreach agus ar shéalú ithreach agus baint ithreach i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hIarscríbhinní I agus II.
Leis an gcreat um faireachán ithreach, cuirfear leis na creataí faireacháin atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, sonraí ón suirbhé staidrimh fráma limistéir ar úsáid/cumhdach talún (LUCAS).
Más gá, féadfaidh na Ballstáit a gcreat um fhaireachán ithreach a oiriúnú do na réigiúin is forimeallaí acu chun saintréithe sonracha na réigiún sin a chur san áireamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar shláinte ithreach i ngach aonad ithreach agus ar shéalú ithreach agus baint ithreach i ngach ceantar ithreach.
3. Beidh an creat faireacháin bunaithe ar an méid seo a leanas:
(a)
na tuairisceoirí ithreach agus na critéir maidir le riocht sláintiúil ithreach dá dtagraítear in Airteagal 7;
(b)
na pointí samplála atá le cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 9(1);
(c)
na tomhais ithreach atá le déanamh ag na Ballstáit agus, más infheidhme, ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 9(3) agus (4);
(d)
sonraí agus táirgí cianbhraiteachta atá stóinsithe go heolaíoch dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, más ann dóibh;
(e)
na táscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach dá dtagraítear in Airteagal 7(1), an dara fomhír.
4. Déanfaidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (GEC) sonraí agus táirgí spásbhunaithe atá ann cheana arna seachadadh faoi chomhpháirt Copernicus de Chlár Spáis an Aontais, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/696, a ghiaráil chun féidearthachtaí maidir le táirgí cianbhraiteachta ithreach a fhiosrú, agus iad a fhorbairt, i gcomhar leis na Ballstáit, chun na sonraí is gá maidir le táscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach a sholáthar do na Ballstáit agus chun tacú leis na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar na tuairisceoirí ithreach ábhartha.
5. Faoin 17 Nollaig 2027, bunóidh an Coimisiún agus GEC, ar bhonn sonraí atá ann cheana, tairseach dhigiteach um shonraí maidir le sláinte ithreach (‘an tairseach dhigiteach um shonraí maidir le sláinte ithreach’) chun rochtain a sholáthar i bhformáid spásúil gheothagartha ar na sonraí maidir le sláinte ithreach atá ar fáil ar a laghad, ar sonraí iad arna gcomhiomlánú ar leibhéal an aonaid ithreach nó ar leibhéal níos mionsonraithe, de thoradh an mhéid seo a leanas:
(a)
na tomhais ithreach dá dtagraítear in Airteagal 9(3) agus (4);
(b)
na sonraí agus táirgí cianbhraiteachta ithreach ábhartha dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.
Déanfar na sonraí maidir le sláinte ithreach dá dtagraítear sa chéad fhomhír a phróiseáil agus a rochtain i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais.
6. Áiritheoidh an Coimisiún agus GEC go dtabharfar an deis do na Ballstáit, ar bhealach tráthúil agus éifeachtach, athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí maidir le sláinte ithreach agus ceartú aon earráidí a iarraidh, sula gcuirfear sonraí den sórt sin ar fáil go poiblí tríd an tairseach dhigiteach um shonraí maidir le sláinte ithreach. Áiritheoidh an Coimisiún agus GEC go dtabharfar an deis sin freisin i ndáil le haon tuarascáil eile atá le foilsiú sa tairseach dhigiteach um shonraí maidir le sláinte ithreach agus bunaithe ar an gcreat um fhaireachán ithreach.
7. Leis an tairseach dhigiteach um shonraí maidir le sláinte ithreach, féadfar rochtain a thabhairt ar shonraí a bhaineann le sláinte ithreach seachas na sonraí dá dtagraítear i mír 5 má comhroinneadh nó má bailíodh na sonraí sin a bhaineann le sláinte ithreach i gcomhréir leis na formáidí nó na modhanna arna mbunú ag an gCoimisiún de bhun mhír 9.
8. Leis an tairseach dhigiteach um shonraí maidir le sláinte ithreach, ní thabharfar rochtain ar shonraí ná ar fhaisnéis a ndéanfadh a nochtadh dochar don tslándáil phoiblí nó don chosaint náisiúnta.
9. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun formáidí nó modhanna a bhunú chun na sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo a chomhroinnt nó a bhailiú nó chun na sonraí sin a chomhtháthú sa tairseach dhigiteach um shonraí maidir le sláinte ithreach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
Airteagal 7
Tuairisceoirí ithreach, critéir maidir le riocht sláintiúil ithreach, agus táscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach
1. Agus faireachán agus measúnú á ndéanamh ar shláinte ithreach, cuirfidh na Ballstáit na tuairisceoirí ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Codanna A, B agus C, i bhfeidhm.
Agus faireachán á dhéanamh ar shéalú ithreach agus ar bhaint ithreach, cuirfidh na Ballstáit na táscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid D, i bhfeidhm.
2. Agus measúnú á dhéanamh ar shláinte ithreach, úsáidfidh na Ballstáit critéir maidir le riocht sláintiúil ithreach ina bhfuil an méid seo a leanas:
(a)
spriocluachanna inbhuanaithe neamhcheangailteacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, Codanna A agus B; agus
(b)
truicearluachanna oibríochtúla a shocraítear i gcomhréir le mír 6.
3. Leagfaidh na Ballstáit síos liosta d’éilleáin orgánacha don tuairisceoir ithreach a bhaineann le héilliú ithreach dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Cuid B. Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit an liosta táscach d’éilleáin ithreach dá dtagraítear in Airteagal 8 a chur san áireamh.
4. Leagfaidh na Ballstáit síos liosta d’éilleáin do na tuairisceoirí ithreach a bhaineann le héilliú ithreach dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Cuid C, lena n-áirítear lotnaidicídí, a meitibilítí agus substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS), lena ngabhann an riosca is airde do shláinte an duine agus don chomhshaol, agus an liosta táscach d’éilleáin ithreach dá dtagraítear in Airteagal 8 á chur san áireamh chomh maith le faisnéis ábhartha maidir leis an méid seo a leanas, má tá fáil uirthi:
(a)
tocsaineacht an éilleáin ithreach;
(b)
marthanacht agus soghluaisteacht an éilleáin ithreach;
(c)
foinsí féideartha agus láithreacht an éilleáin ithreach;
(d)
sonraí cainníochtúla maidir le táirgeadh, úsáid, tomhaltas nó méideanna díolacháin na substaintí lena mbaineann sna Ballstáit lena mbaineann;
(e)
sonraí bithfhaireacháin dhaonna ó thionscadail taighde, agus láithreacht éilleán i meáin chomhshaoil.
5. Socróidh na Ballstáit na spriocluachanna inbhuanaithe neamhcheangailteacha le haghaidh na dtuairisceoirí ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid B, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid B, an tríú colún.
6. Socróidh na Ballstáit truicearluach oibríochtúil amháin nó níos mó le haghaidh gach tuairisceora ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Codanna A agus B, lena léirítear leibhéil díghrádaithe ithreach ar ar a mbonn atá gá le tacaíocht do shláinte ithreach agus d’athléimneacht ithreach i gcomhréir le hAirteagal 11.
Féadfaidh na Ballstáit an truicearluach oibríochtúil le haghaidh tuairisceoir ithreach amháin nó níos mó a shocrú ar an leibhéal céanna leis an spriocluach inbhuanaithe neamhcheangailteach le haghaidh na dtuairisceoirí ithreach sin.
7. Féadfaidh na Ballstáit tuairisceoirí ithreach agus táscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach a shocrú sa bhreis orthu siúd a liostaítear in Iarscríbhinn I.
8. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas nuair a shocraíonn siad nó nuair a oiriúnaíonn siad tuairisceoirí ithreach, táscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach nó critéir maidir le riocht sláintiúil ithreach i gcomhréir le míreanna 2 go 8.
Airteagal 8
Liosta táscach d’éilleáin ithreach
1. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, liosta táscach a bhunú ina mbeidh éilleáin ithreach a bhféadfadh rioscaí suntasacha a bheith ag gabháil leo do shláinte ithreach agus d’athléimneacht ithreach, do shláinte an duine nó don chomhshaol agus ina mbeidh éilleáin ithreach a bhfuil gá le sonraí ina leith chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na rioscaí suntasacha féideartha sin.
2. Roghnófar na héilleáin ithreach, lena n-áirítear lotnaidicídí, a meitibilítí agus PFAS, atá le háireamh sa liosta táscach dá dtagraítear i mír 1, ar bhonn na hacmhainneachta atá acu riosca suntasach a chruthú do shláinte ithreach agus d’athléimneacht ithreach, do shláinte an duine nó don chomhshaol, ar bhonn a dtocsaineachta agus ar bhonn an nochta dóibh ar fud an Aontais.
3. Faoin 17 Meitheamh 2027, bunóidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, an liosta táscach d’éilleáin ithreach dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh sé cothrom le dáta é, i gcás inar gá, bunaithe ar thorthaí an fhaireacháin agus an mheasúnaithe ar shláinte ithreach arna ndéanamh de bhun na Caibidle seo agus i bhfianaise an dul chun cinn eolaíoch agus theicniúil.
Airteagal 9
Tomhais agus modheolaíochtaí
1. Cinnfidh na Ballstáit líon agus suíomh na bpointí samplála tríd an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid A, a chur i bhfeidhm.
Chun críocha na chéad fhomhíre, soláthróidh an Coimisiún do na Ballstáit léarscáileanna ábhartha de thuairisceoirí ithreach, na pointí samplála tosaigh agus na sonraí ábhartha a bhaineann le pointí samplála a bailíodh faoi shuirbhéanna ithreach LUCAS roimhe seo.
2. Tar éis dóibh líon agus suíomh na bpointí samplála a chinneadh agus sula ndéanfar an suirbhé samplála, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon ghá a d’fhéadfadh a bheith le tacaíocht ó thaobh sampláil allamuigh agus anailís ithreach de chomh maith le haon ghá eile a bhaineann leis an suirbhé samplála.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le tacaíocht agus socróidh sé an leibhéal iomchuí tacaíochta i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann.
I gcás ina soláthraíonn an Coimisiún tacaíocht faoin mír seo, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an suirbhé samplála a oiriúnú dá réir. Leagfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún amach i gcomhaontú i scríbhinn na socruithe praiticiúla maidir leis an tacaíocht sin.
I gcás ina dtugann an Coimisiún tacaíocht don tsampláil allamuigh, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann gur féidir leis an gCoimisiún sampláil ithreach in situ a dhéanamh.
3. Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás ina dtugann an Coimisiún tacaíocht faoi mhír 2 i gcomhréir leis an gcomhaontú i scríbhinn dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír sin, an Coimisiún tomhais ithreach trí shamplaí ithreach a thógáil ag na pointí samplála dá dtagraítear i mír 1 agus déanfaidh siad sonraí a bhailiú, a phróiseáil agus a anailísiú de réir mar is ábhartha chun an méid seo a leanas a chinneadh:
(a)
luachanna na dtuairisceoirí ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I;
(b)
i gcás inarb ábhartha, luachanna na dtuairisceoirí ithreach breise dá dtagraítear in Airteagal 7(7).
Beidh na Ballstáit díolmhaithe ó shamplaí ithreach a thógáil as ithir shéalaithe agus as limistéir ar a ndearnadh baint ithreach.
Féadfaidh na Ballstáit na limistéir nach bhfuil i mbaol an tsalannaithe a eisiamh ó thomhas na seoltachta leictrí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Cuid A, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin, agus tabharfaidh siad míniú dá réir.
Déanfar an tsampláil ithreach in situ i gcomhréir leis na híoschritéir le haghaidh na modheolaíochta do na suirbhéanna samplála allamuigh a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid A, pointe 2.
Maidir leis na tuairisceoirí éillithe ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid C, féadfaidh na Ballstáit na pointí samplála a theorannú d’fhothacar ábhartha de líon iomlán na bpointí samplála arna gcinneadh i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo.
Maidir leis an tuairisceoir ar chaillteanas na bithéagsúlachta ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid C, déanfaidh na Ballstáit tomhais ar 5 % ar a laghad de líon iomlán na bpointí samplála arna gcinneadh i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo.
4. Ar choinníoll gur bailíodh na sonraí le linn an timthrialla faireacháin chéanna ina ndearnadh an suirbhé samplála agus de réir na modheolaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, Cuid A, pointe 2, agus i gCuid B, féadfar na tomhais seo a leanas a chuimsiú, i gcás inarb ábhartha, sna tomhais ithreach atá le déanamh ag na Ballstáit de bhun mhír 3 den Airteagal seo:
(a)
tomhais a rinne na Ballstáit i gcomhréir le líonraí um fhaireachán ithreach agus suirbhéanna ithreach náisiúnta nó fonáisiúnta atá ann cheana;
(b)
tomhais a rinne na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta;
(c)
tomhais a rinne gníomhaithe príobháideacha, eagraíochtaí taighde agus páirtithe eile, i gcás ina bhfuil siad ar fáil.
I gcás dhéanamh na chéad tomhas ithreach dá dtagraítear i mír 8, tosóidh an timthriall le haghaidh bhailiú na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, a mhéid atá na sonraí sin ar fáil, an 16 Nollaig 2024.
5. Déanfaidh na Ballstáit sonraí a bhailiú, a phróiseáil agus a anailísiú chun luachanna na dtáscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid D, a chinneadh.
6. Cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas i bhfeidhm:
(a)
na modheolaíochtaí chun luachanna na dtuairisceoirí ithreach a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid B, a chinneadh nó a mheas;
(b)
na híoschritéir mhodheolaíochta chun luachanna na dtáscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid C, a chinneadh;
(c)
aon cheanglas a leagann an Coimisiún síos i gcomhréir le mír 13 den Airteagal seo.
Féadfaidh na Ballstáit modheolaíochtaí a chur i bhfeidhm seachas na modheolaíochtaí sin a liostaítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), den mhír seo, ar choinníoll go bhfuil feidhmeanna tarchuir bailíochtaithe ar fáil, mar a cheanglaítear in Iarscríbhinn II, Cuid B, an ceathrú colún.
7. Áiritheoidh na Ballstáit maidir le saotharlanna, nó páirtithe atá ar conradh ag saotharlanna, a dhéanann na tomhais ithreach atá le déanamh ag na Ballstáit de bhun mhír 3, go gcuirfidh siad cleachtais an chórais bainistithe cáilíochta i bhfeidhm i gcomhréir le EN ISO/IEC-17025 nó le caighdeáin choibhéiseacha eile a nglactar leo ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus go mbeidh rochtain acu ar fhoireann chuícháilithe a bhfuil oiliúint leormhaith orthu agus ar an mbonneagar, ar an trealamh agus ar na táirgí is gá chun tomhais ithreach a dhéanamh.
Agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh chleachtais an chórais bainistithe cáilíochta, féadfaidh na Ballstáit a mheas gur leor gur ann do chreidiúnú amháin le haghaidh aon cheann de na modheolaíochtaí a úsáidtear chun luachanna na dtuairisceoirí ithreach a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid B, a chinneadh.
Áiritheoidh na Ballstáit maidir le saotharlanna, nó páirtithe atá ar conradh ag saotharlanna, a dhéanann na tomhais ithreach atá le déanamh ag na Ballstáit de bhun mhír 3, go léireoidh siad a n-inniúlachtaí maidir le hanailís a dhéanamh ar thomhasáin ábhartha tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
a bheith rannpháirteach i gcláir tástála inniúlachta lena gcumhdaítear na modhanna anailíse ar leibhéil tiúchana atá ionadaíoch do chláir faireacháin ithreach, má tá fáil orthu;
(b)
anailís a dhéanamh ar ábhair thagartha atá ionadaíoch do shamplaí ithreach a bailíodh ina bhfuil leibhéil iomchuí tiúchana, má tá fáil orthu.
I gcás ina ndéanann an Coimisiún tomhais ithreach i gcomhréir le míreanna 3 agus 4, beidh feidhm ag an mír seo maidir leis an gCoimisiún.
8. Áiritheoidh na Ballstáit agus, i gcás ina soláthraíonn an Coimisiún tacaíocht faoi mhír 2, an Coimisiún go ndéanfar na chéad tomhais ithreach faoin 17 Nollaig 3030.
9. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar tomhais ithreach nua gach 6 bliana laistigh d’aon fheachtas samplála amháin nó mar chuid de scéim samplála leanúnaí le linn na tréimhse 6 bliana ábhartha.
10. De mhaolú ar mhír 9 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, roimh an dara feachtas samplála agus aon fheachtas samplála ina dhiaidh sin, gan tomhais nua ithreach a dhéanamh le haghaidh tuairisceoir ithreach i gcuid dá gcríoch nó ina gcríoch ar fad má tá sé réasúnta agus má tá údar lena bheith ag dréim leis, bunaithe ar shonraí a bailíodh roimhe sin de bhun an Airteagail seo agus Airteagail 6, 7 agus 8, agus ar úsáid fianaise eolaíche, lena n-áirítear samhlacha tuartha ithreach, le tacaíocht ó shonraí allamuigh atá suntasach ó thaobh staidrimh i ndáil le cumhdach geografach agus ama, nach bhfuil athrú suntasach tagtha ar luach an tuairisceora ithreach sin i ndáil le héiginnteacht an tomhais ó bhí an timthriall faireacháin deireanach ann. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chinneadh den sórt sin gan moill mhíchuí.
Ní bheidh feidhm ag an maolú a leagtar síos sa chéad fhomhír a mhéid a bhaineann le tomhais ithreach a dhéanamh le haghaidh an tuairisceora chéanna i gcaitheamh dhá fheachtas samplála as a chéile.
11. Maidir le gach timthriall faireacháin, stórálfaidh na Ballstáit fothacar ionadaíoch de shamplaí ithreach ar feadh dhá thimthriall faireacháin ar a laghad, i gcartlanna tiomnaithe ithreach. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan samplaí ithreach óna réigiúin is forimeallaí a stóráil.
I gcás ina stórálann na Ballstáit samplaí ithreach ina gcartlanna tiomnaithe ithreach, cinnfidh siad na coinníollacha maidir le rochtain ar na samplaí ithreach sin agus maidir lena n-úsáid.
I gcás ina gcinneann Ballstáit fothacar ionadaíoch dá samplaí ithreach a aistriú chuig cartlann thiomnaithe ithreach an Choimisiúin, déanfaidh an Coimisiún foráil maidir leis an aistriú sin. Bunóidh na Ballstáit agus an Coimisiún na socruithe praiticiúla maidir le seoladh na samplaí ithreach sin agus na coinníollacha maidir lena rochtain agus lena n-úsáid. Déanfaidh an Coimisiún aon torthaí a thagann as seiceálacha breise ar pharaiméadair ábhartha nó as anailís a dhéanfar amach anseo ar pharaiméadair nua atá ag teacht chun cinn a tharchur chuig na Ballstáit. Stórálfaidh an Coimisiún na samplaí ithreach i gcomhréir lena phrótacal maidir le cartlannú.
12. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar cothrom le dáta luachanna na dtáscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach gach 3 bliana ar a laghad, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil.
13. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 chun Iarscríbhinn II, Cuid B, a leasú chun na modheolaíochtaí tagartha dá dtagraítear inti a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, go háirithe i gcás inar féidir luachanna na dtuairisceoirí ithreach a chinneadh leis na táirgí cianbhraiteachta ithreach dá dtagraítear in Airteagal 6(4).
Airteagal 10
Measúnú ar shláinte ithreach
1. Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an tsláinte ithreach ina gceantair ithreach uile agus sna haonaid ithreach ghaolmhara bunaithe ar na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs an fhaireacháin ithreach dá dtagraítear in Airteagail 6 go 9 le haghaidh gach ceann de na tuairisceoirí ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Codanna A agus B.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnuithe ar shláinte ithreach gach 6 bliana agus go ndéanfar an chéad mheasúnú ar shláinte ithreach faoin 17 Nollaig 2031.
2. Déanfar measúnú ar shláinte ithreach i ndáil le gach gné den díghrádú ithreach agus úsáid á baint as na spriocluachanna inbhuanaithe neamhcheangailteacha agus as na truicearluachanna oibríochtúla le haghaidh an chritéir ghaolmhair maidir le riocht sláintiúil ithreach a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 7(2), (5) agus (6).
3. Déanfaidh na Ballstáit anailís ar na luachanna le haghaidh na dtuairisceoirí ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid C, d’fhonn a shainaithint cé acu atá nó nach bhfuil caillteanas criticiúil seirbhísí éiceachórais ann, agus na sonraí ábhartha agus an t-eolas eolaíoch atá ar fáil á gcur san áireamh. Déanfaidh na Ballstáit anailís ar luachanna na dtáscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid D, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag séalú ithreach agus baint ithreach ar chaillteanas na seirbhísí éiceachórais agus ar chuspóirí agus spriocanna arna mbunú faoi Rialachán (AE) 2018/841.
4. Féadfaidh na Ballstáit feabhsuithe a shainaithint le haghaidh gach tuairisceora ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Codanna A, B agus C.
5. Measfar riocht maith a bheith bainte amach i gcás tuairisceoir a liostaítear in Iarscríbhinn I, Codanna A agus B, nuair a chomhlíontar an spriocluach inbhuanaithe neamhcheangailteach. Socróidh na Ballstáit eatramh luachanna le haghaidh na dtuairisceoirí ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Codanna A agus B, ar riocht measartha agus drochriocht iad i ndáil leis na truicearluachanna oibríochtúla. Ní fhéadfaidh ach an t-eatramh le haghaidh riocht measartha a bheith nialasach.
6. Bunaithe ar na measúnuithe ar shláinte ithreach arna ndéanamh i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 5, i gcás inarb ábhartha i gcomhar leis na húdaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, na limistéir a shainaithint, i ngach ceantar ithreach, nach gcomhlíontar critéir aonair maidir le riocht sláintiúil ithreach iontu agus ina bhfuil gá le tacaíocht do shláinte ithreach agus d’athléimneacht ithreach i gcomhréir le hAirteagal 11, agus cuirfidh siad an pobal ar an eolas, ar leibhéal comhiomlánaithe, i gcomhréir le hAirteagal 20. Beidh na sonraí faireacháin ar shláinte ithreach, torthaí na measúnuithe ar shláinte ithreach agus an anailís dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo mar bhonn eolais d’fhorbairt na gclár, na bpleananna, na spriocanna agus na mbeart a liostaítear in Iarscríbhinn III.
7. Chun rannchuidiú le sláinte ithreach a fheabhsú, déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 5, i gcás inarb ábhartha i gcomhar le húdaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, na limistéir a shainaithint, i ngach ceantar ithreach, ina bhféadfaí sláinte ithreach a fheabhsú trí dhíshéalú nó trí atógáil ithreach. Déanfar measúnú ar an acmhainneacht atá ag limistéir ithreach séalaithe agus ag limistéir ar a ndearnadh baint ithreach bunaithe ar indéantacht theicniúil, cost-éifeachtúlacht agus an leibhéal insroichte feabhsaithe ar shláinte ithreach.
8. I dteannta na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 20 agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cuirfidh na Ballstáit na sonraí maidir le sláinte ithreach dá dtagraítear in Airteagail 6 go 9 agus torthaí na measúnuithe ar shláinte ithreach a rinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo in iúl do na húinéirí talún ábhartha agus do na bainisteoirí talún ábhartha arna iarraidh sin dóibh, go háirithe chun tacú le forbairt na comhairle eolaíochtbhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (a).
CAIBIDIL III
ATHLÉIMNEACHT ITHREACH
Airteagal 11
Tacaíocht do shláinte ithreach agus d’athléimneacht ithreach
1. Déanfaidh na Ballstáit úinéirí talún agus bainisteoirí talún a spreagadh agus tacóidh siad leo maidir le sláinte ithreach agus athléimneacht ithreach a fheabhsú agus éascóidh siad an feabhsú sin a dhéanann úinéirí talún agus bainisteoirí talún tríd an méid seo a leanas a dhéanamh, inter alia:
(a)
rochtain éasca chomhionann ar chomhairle eolaíochtbhunaithe neamhchlaonta neamhspleách agus ar fhaisnéis, ar ghníomhaíochtaí oiliúna agus ar fhothú acmhainneachta a áirithiú do bhainisteoirí ithreach, úinéirí talún, bainisteoirí talún agus údaráis ábhartha maidir le cleachtais lena bhfeabhsaítear sláinte ithreach agus athléimneacht ithreach;
(b)
feasacht a chur chun cinn maidir leis na tairbhí iomadúla meántéarmacha agus fadtéarmacha a bhaineann le cleachtais lena bhfeabhsaítear sláinte ithreach agus athléimneacht ithreach agus aird a tharraingt ar na costais a bhaineann le cleachtais atá díobhálach do shláinte ithreach agus d’athléimneacht ithreach;
(c)
taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn i ndáil le coincheapa a bhaineann le bainistiú inbhuanaithe ithreach agus cleachtais athghiniúna ithreach atá oiriúnaithe do shaintréithe áitiúla na hithreach, do dhálaí aeráide agus d’úsáid talún;
(d)
faisnéis a sholáthar, ar an leibhéal áitiúil, maidir le bearta agus cleachtais oiriúnacha chun sláinte ithreach agus athléimneacht ithreach a mhéadú, bunaithe ar an measúnú ar shláinte ithreach a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 10 agus, i gcás inarb iomchuí, na doiciméid agus na huirlisí eolaíocha dá dtagraítear in Airteagal 24(1), pointe (k), á gcur san áireamh;
(e)
forléargas a thugtar cothrom le dáta go rialta a chur ar fáil ar an gcistiú atá ar fáil, agus ar ionstraimí agus ar bhearta eile atá ar fáil agus a thacaíonn le sláinte ithreach agus athléimneacht ithreach.
2. Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas freisin, ar bhonn rialta:
(a)
measúnú a dhéanamh ar cad iad na riachtanais theicniúla agus airgeadais atá ann i ndáil le sláinte ithreach agus athléimneacht ithreach a fheabhsú;
(b)
dul i dteagmháil leis an bpobal lena mbaineann, go háirithe úinéirí talún agus bainisteoirí talún, agus a áirithiú go dtabharfar deis luath agus éifeachtach don phobal lena mbaineann chun an leibhéal tacaíochta is gá a chinneadh; agus
(c)
measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a mheastar a bheidh ag na bearta arna ndéanamh i gcomhthéacs na gclár, na bpleananna, na spriocanna agus na mbeart a liostaítear in Iarscríbhinn III ar shláinte ithreach agus ar athléimneacht ithreach.
Airteagal 12
Prionsabail maolaithe tógála talún
Gan cur isteach ar neamhspleáchas na mBallstát maidir le pleanáil spásúil, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na prionsabail seo a leanas san áireamh i gcás séalú ithreach nua nó baint ithreach nua mar chuid de thógáil talún, ar an leibhéal spásúil iomchuí laistigh dá gcríoch:
(a)
caillteanas acmhainneacht na hithreach chun seirbhísí éiceachórais líonmhara a sholáthar, lena n-áirítear táirgeadh bia, a sheachaint nó a laghdú a mhéid is féidir tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(i)
an limistéar ithreach a ndéanann séalú ithreach agus baint ithreach difear dó a laghdú, a mhéid is féidir, go háirithe trí athúsáid agus athrú cuspóra ithreacha séalaithe a spreagadh, amhail foirgnimh atá ann cheana;
(ii)
limistéir a roghnú ina mbeadh caillteanas na seirbhísí éiceachórais fíorbheag, go háirithe limistéir ina bhfuil ithreacha atá díghrádaithe go mór, amhail láithreáin athfhorbraíochta; agus
(iii)
séalú ithreach agus baint ithreach a dhéanamh ar bhealach a íoslaghdaíonn an tionchar diúltach ar ithir, go háirithe trí na hithreacha atá timpeall uirthi a chosaint nó tríd an séalú ithreach a choimeád chomh hin-aisiompaithe agus is féidir;
(b)
iarracht a dhéanamh caillteanas acmhainneacht na hithreach chun seirbhísí éiceachórais líonmhara a sholáthar a fhritháireamh, lena n-áirítear trí sheirbhísí éiceachórais a thabhairt ar ais trí dhíshéalú ithreacha séalaithe agus atógáil limistéar ar a ndearnadh baint ithreach a spreagadh.
CAIBIDIL IV
BAINISTIÚ NA LÁITHREÁN ÉILLITHE
Airteagal 13
Cur chuige rioscabhunaithe agus céim ar chéim
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na rioscaí do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaineann le láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe agus láithreáin éillithe a shainaithint agus a bhainistiú, agus go gcoimeádfar ar leibhéil inghlactha iad, agus tionchar comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch an éillithe ithreach agus na mbeart laghdúcháin riosca arna nglacadh de bhun Airteagal 16(4) á gcur san áireamh. Féadfar meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí sin agus an úsáid talún atá ann faoi láthair agus atá beartaithe á cur san áireamh le linn gach ceann de na céimeanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.
Bunóidh na Ballstáit ordlathas freagrachta chun an páirtí nó na páirtithe atá freagrach as cur chun feidhme láithreánsonrach mhír 2, pointí (b) agus (c), den Airteagal seo a chinneadh.
2. Gan dochar do cheanglais níos déine a eascraíonn as dlí an Aontais nó as an dlí náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit, faoin 17 Nollaig 2029, cur chuige rioscabhunaithe agus céim ar chéim a bhunú maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 14;
(b)
imscrúdú a dhéanamh ar láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe i gcomhréir le hAirteagal 15;
(c)
an measúnú riosca láithreánsonrach ar láithreáin éillithe agus bainistiú na láithreán éillithe i gcomhréir le hAirteagal 16.
3. Tabharfar deiseanna luatha éifeachtacha don phobal lena mbaineann an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
barúlacha a thabhairt ar bhunú agus ar chur i bhfeidhm nithiúil an chur chuige rioscabhunaithe agus céim ar chéim dá dtagraítear i mír 2;
(b)
faisnéis a sholáthar atá ábhartha do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), amhail bithfhaireachán daonna nó sonraí faireacháin comhshaoil ó thionscadail taighde;
(c)
faisnéis a sholáthar d’fhonn an fhaisnéis atá sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 17 a cheartú.
Cuirfear barúlacha a thugtar faoi phointe (a) den mhír seo san áireamh agus an cur chuige rioscabhunaithe agus céim ar chéim á bhunú agus á chur i bhfeidhm ag na Ballstáit.
4. Chun críocha mhír 3, áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar faisnéis ábhartha don phobal ar bhealach tráthúil, leormhaith agus éifeachtach, lena n-áirítear trí fhógraí poiblí agus trí mheáin leictreonacha.
Airteagal 14
Láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint
1. Sainaithneoidh na Ballstáit go córasach láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe ar a gcríoch.
2. Chun láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint, bunóidh na Ballstáit liosta de ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héilliú. Féadfar na gníomhaíochtaí sin a aicmiú a thuilleadh nó iad a chur in ord tosaíochta de réir a n-acmhainneachta a bheith ina gcúis le héilliú ithreach bunaithe ar fhianaise eolaíoch. Agus láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe á sainaithint ag na Ballstáit ar a gcríoch, cuirfidh siad na critéir seo a leanas san áireamh, i gcás inarb ábhartha:
(a)
gníomhaíocht a bhí á hoibriú nó atá á hoibriú faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le héilliú;
(b)
oibriú gníomhaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2010/75/AE;
(c)
oibriú bunaíochta dá dtagraítear i dTreoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (48);
(d)
oibriú gníomhaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/35/CE;
(e)
tarlú, timpiste, anachain, tubaiste, teagmhas nó doirteadh a d’fhéadfadh a bheith ina chúis nó ina cúis le héilliú ithreach;
(f)
faisnéis ábhartha a thagann as an bhfaireachán ar shláinte ithreach arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 6 go 9.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe arb ann dóibh an 16 Nollaig 2025 nó roimhe sin a shainaithint agus a thaifeadadh go cuí sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 17 faoin 17 Nollaig 2035.
Airteagal 15
Imscrúdú ar láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar imscrúduithe ithreach ar láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe arna sainaithint de bhun Airteagal 14 i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo agus leis an gcur chuige rioscabhunaithe agus céim ar chéim dá dtagraítear in Airteagal 13.
2. Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le tréimhse ama, ábhar, foirm agus beartú tosaíochta na n-imscrúduithe ithreach.
Cuirfidh na Ballstáit san áireamh láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe agus atá lonnaithe i limistéir a úsáidtear chun uisce a astarraingt lena thomhailt ag an duine agus tosaíocht á tabhairt d’imscrúduithe ithreach.
Féadfaidh na Ballstáit breathnú ar thuarascálacha bonnlíne agus bearta faireacháin arna gcur chun feidhme i gcomhréir le Treoir 2010/75/AE chomh maith le himscrúduithe eile mar imscrúduithe ithreach, má chomhlíonann na tuarascálacha, na bearta agus na himscrúduithe sin ceanglais na Treorach seo.
3. Bunóidh na Ballstáit liosta de theagmhais shonracha lena spreagtar imscrúdú ithreach. Déanfar imscrúdú ithreach laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i mír 2.
Airteagal 16
Measúnú riosca láithreánsonrach ar láithreáin éillithe agus bainistiú na láithreán éillithe
1. Leagfaidh na Ballstáit síos an mhodheolaíocht shonrach le haghaidh an mheasúnaithe riosca láithreánsonraigh ar láithreáin éillithe. Agus an mhodheolaíocht sin á bunú, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na céimeanna agus na prionsabail dá dtagraítear in Iarscríbhinn V san áireamh.
2. Cinnfidh na Ballstáit cad is riosca do-ghlactha ann do shláinte an duine agus don chomhshaol a eascraíonn as láithreáin éillithe, trí eolas eolaíoch atá ann cheana, tuairimí na n-údarás sláinte, prionsabal an réamhchúraim, sainiúlachtaí áitiúla, agus an úsáid talún atá ann faoi láthair agus atá beartaithe a chur san áireamh.
3. I gcás gach láithreáin éillithe a fuarthas a bheith éillithe tar éis imscrúdú de bhun Airteagal 15 nó ar aon mhodh eile, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnú riosca láithreánsonrach ar an úsáid talún atá ann faoi láthair agus atá beartaithe chun a chinneadh an bhfuil rioscaí do-ghlactha ag baint leis an láithreán éillithe do shláinte an duine nó don chomhshaol. Más leor an fhaisnéis a bhailítear de bhun Airteagal 15 chun teacht ar an gconclúid nach riosca do-ghlactha do shláinte an duine ná don chomhshaol é an t-éilliú ithreach, nó chun teacht ar an gconclúid gur gá feabhsú ithreach a dhéanamh, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an measúnú riosca láithreánsonrach a dhéanamh.
4. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe riosca láithreánsonraigh dá dtagraítear i mír 3, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na bearta laghdúcháin riosca iomchuí agus go gcuirfear chun feidhme iad, gan moill mhíchuí, chun na rioscaí do shláinte an duine agus don chomhshaol a laghdú go leibhéal inghlactha.
5. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na bearta laghdúcháin riosca iomchuí, cuirfidh na Ballstáit, agus é mar aidhm acu an ithir a dhí-éilliú, lena n-áirítear tuilleadh éillithe a chosc, costais fhadtéarmacha, tairbhí fadtéarmacha, éifeachtacht fhadtéarmach, marthanacht fhadtéarmach agus indéantacht theicniúil fhadtéarmach na mbeart laghdúcháin riosca atá ar fáil san áireamh. Féadfaidh na bearta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a bheith sna bearta laghdúcháin riosca.
6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 chun Iarscríbhinní IV agus V a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.
Airteagal 17
Clár
1. Faoin 17 Nollaig 2029, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le mír 2, clár de láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe agus de láithreáin éillithe mar a bhunaítear i gcomhréir leis an gCaibidil seo a chur ar bun agus a choinneáil ar bun.
2. Sa chlár, beidh na sonraí agus an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, seachas na sonraí agus an fhaisnéis a ndéanfadh a nochtadh dochar don tslándáil phoiblí nó don chosaint náisiúnta.
3. Déanfaidh na Ballstáit an clár a bhainistiú nó a mhaoirsiú agus áiritheoidh siad go ndéanfar athbhreithniú rialta air agus go ndéanfar é a nuashonrú go rialta.
4. Cuirfidh na Ballstáit an clár agus na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo ar fáil don phobal saor in aisce. Féadfaidh an t-údarás inniúil nochtadh aon sonraí agus faisnéise a dhiúltú nó a shrianadh i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2003/4/CE.
Cuirfear an clár ar fáil mar bhunachar sonraí spásúlachta geothagartha ar líne.
CAIBIDIL V
CISTIÚ, TUAIRISCIÚ ARNA DHÉANAMH AG NA BALLSTÁIT, AGUS FAISNÉIS A CHUR AR FÁIL DON PHOBAL
Airteagal 18
Cistiú ón Aontas
I bhfianaise na tosaíochta a ghabhann ó nádúr le faireachán ithreach a bhunú, le hathléimneacht ithreach, agus le bainistiú láithreán éillithe, tacófar le cur chun feidhme na Treorach seo le cláir airgeadais de chuid an Aontais i gcomhréir leis na rialacha agus na coinníollacha is infheidhme sna cláir sin.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar aon bhearna idir an cistiú atá ar fáil ón Aontas agus na riachtanais chistiúcháin chun tacú leis na Ballstáit agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais faireacháin comhshaoil.
Agus an Treoir seo á cur chun feidhme, spreagfar an Coimisiún agus na Ballstáit le húsáid a bhaint as acmhainní airgeadais ó fhoinsí iomchuí, lena n-áirítear cistí de chuid an Aontais agus cistí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú a dhíríonn ar chosaint ithreach, athléimneacht ithreach agus athghiniúint ithreach.
Airteagal 19
Tuairisciú arna dhéanamh ag na Ballstáit
1. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú go leictreonach don Choimisiún agus do GEC gach 6 bliana:
(a)
na sonraí a bhaineann leis an bhfaireachán ar shláinte ithreach agus le measúnuithe ar shláinte ithreach a dhéantar i gcomhréir le hAirteagail 6 go 10, agus torthaí an fhaireacháin agus na measúnuithe sin;
(b)
anailís treochtaí ar shláinte ithreach i gcás na dtuairisceoirí ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Codanna A, B agus C, agus ar tháscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid D, i gcomhréir le hAirteagal 10;
(c)
achoimre ar an dul chun cinn maidir leis na nithe seo a leanas:
(i)
an tacaíocht do shláinte ithreach agus d’athléimneacht ithreach, i gcomhréir le hAirteagal 11;
(ii)
láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint agus a imscrúdú, láithreáin éillithe a bhainistiú, agus láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe agus láithreáin éillithe a chlárú, i gcomhréir le hAirteagail 13 go 17;
Tíolacfaidh na Ballstáit an chéad cheann de na tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoin 17 Meitheamh 2032.
2. Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún, le tacaíocht ó GEC, go malartófar na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo go frithpháirteach agus go mbeidh an malartú sin éifeachtach agus go n-urramófar rúndacht staidrimh leis. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh rochtain thráthúil agus éifeachtach ag an gCoimisiún agus ag GEC ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis atá sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 17.
3. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, más rud é go ndéanfadh nochtadh sonraí agus faisnéise áirithe dochar don tslándáil phoiblí nó don chosaint náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan na sonraí agus an fhaisnéis sin a thuairisciú ná a mhalartú ná rochtain orthu a thabhairt.
4. Faoin 17 Márta 2029, soláthróidh na Ballstáit rochtain ar líne don Choimisiún ar na nithe seo a leanas:
(a)
liosta cothrom le dáta dá gceantair ithreach agus dá n-aonaid ithreach dá dtagraítear in Airteagal 4 agus an fhaisnéis maidir lena méid geografach;
(b)
liosta cothrom le dáta de na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 5.
5. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi thoradh bhunú an chur chuige rioscabhunaithe agus céim ar chéim dá dtagraítear in Airteagal 13, faoin modheolaíocht a leagtar síos de bhun Airteagal 16(1), agus faoin méid a chinneann siad a bheith ina riosca do-ghlactha de bhun Airteagal 16(2).
6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear an fhormáid agus na socruithe chun na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thíolacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
Airteagal 20
Faisnéis don phobal
1. Cuirfidh na Ballstáit na torthaí a ghintear leis an bhfaireachán ar shláinte ithreach a dhéantar faoi Airteagal 9 agus na measúnuithe ar shláinte ithreach a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 10 ar fáil don phobal i bhfoirm sonraí comhiomlánaithe, agus cuirfidh siad an clár dá dtagraítear in Airteagal 17 ar fáil don phobal freisin.
2. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh rochtain ag an bpobal ar an tairseach dhigiteach um shonraí maidir le sláinte ithreach.
Foilseoidh an Coimisiún an liosta de na húdaráis inniúla arna chur in iúl ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 19(4), pointe (b).
3. Féadfar nochtadh aon sonraí agus aon fhaisnéise a cheanglaítear faoin Treoir seo a dhiúltú nó a shrianadh i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2003/4/CE.
4. I gcás ina n-úsáideann an Coimisiún nó na Ballstáit sonraí rúnda chun staidreamh Eorpach a tháirgeadh, cosnóidh siad na sonraí sin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
Ceanglófar ar an gCoimisiún nó ar GEC údarú sainráite a fháil ón údarás a bhailigh na sonraí rúnda sula nochtfar iad.
CAIBIDIL VI
TARMLIGEAN AGUS NÓS IMEACHTA COISTE
Airteagal 21
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9(13) agus Airteagal 16(6) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 16 Nollaig 2025.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(13) agus in Airteagal 16(6) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(13) ná Airteagal 16(6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 22
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 23
Rochtain ar an gceartas
1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir lena gcóras dlí náisiúnta, go mbeidh rochtain ag daoine den phobal lena mbaineann ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirt dlí, nó comhlacht neamhspleách neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí, chun agóid a dhéanamh i gcoinne dlíthiúlacht shubstainteach nó dlíthiúlacht nós imeachta an mheasúnaithe ar shláinte ithreach, na mbeart arna ndéanamh de bhun na Treorach seo agus aon neamhghníomh de chuid na n-údarás inniúil, ar choinníoll go gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tá leas leordhóthanach acu ann;
(b)
áitíonn siad gur sáraíodh ceart, i gcás ina gceanglaítear an sárú sin mar réamhchoinníoll le dlí nós imeachta riaracháin Ballstáit.
Cinnfidh na Ballstáit cad is leas leordhóthanach ann agus cad is sárú cirt ann, agus déanfaidh siad amhlaidh i gcomhréir leis an gcuspóir rochtain leathan ar cheartas a sholáthar don phobal. Chuige sin, measfar gur leordhóthanach chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), an leas atá ag aon eagraíocht neamhrialtasach a chuireann cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglas faoin dlí náisiúnta. Measfar freisin, chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), go bhfuil cearta ar féidir iad a shárú ag na heagraíochtaí sin.
2. Ní bheidh seasamh sa nós imeachta um athbhreithniú coinníollach ar an ról a bhí ag an duine den phobal lena mbaineann le linn céim rannpháirtíochta de na nósanna imeachta cinnteoireachta faoin Treoir seo.
3. Beidh an nós imeachta um athbhreithniú cóir, cothrom, tráthúil agus ní bheidh sé róchostasach, agus déanfar foráil ann maidir le sásraí leormhaithe éifeachtacha sásaimh, lena n-áirítear faoiseamh urghaire de réir mar is iomchuí.
Airteagal 24
Tacaíocht ón gCoimisiún
1. Cuirfidh an Coimisiún an tacaíocht, an cúnamh agus an fothú acmhainneachta is gá ar fáil do na Ballstáit chun cabhrú leo a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh. Go háirithe, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, doiciméid a tharraingt suas agus uirlisí eolaíocha a fhorbairt a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid chun an bealach a réiteach dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
creat um fhaireachán ithreach a bhunú agus líon agus suíomh na bpointí samplála a chinneadh de bhun Airteagal 9(1) agus (2) agus Iarscríbhinn II, Cuid A, pointe 1;
(b)
na spriocluachanna inbhuanaithe neamhcheangailteacha agus truicearluachanna oibríochtúla a shocrú do na tuairisceoirí ithreach de bhun Airteagal 7(2) agus Iarscríbhinn I, Codanna A agus B;
(c)
a liosta d’éilleáin orgánacha a bhfuil faireachán le déanamh orthu de bhun Airteagal 7(3) agus Iarscríbhinn I, Cuid B, a leagan síos;
(d)
measúnú a dhéanamh ar na limistéir nach bhfuil i mbaol an tsalannaithe agus is féidir a eisiamh ó na tomhais seoltachta leictrí de bhun Airteagal 9(3), an tríú fomhír, agus Iarscríbhinn I, Cuid A;
(e)
sampláil in situ a dhéanamh ar thuairisceoirí ithreach i gcomhréir le hAirteagal 9(3), an ceathrú fomhír, agus Iarscríbhinn II, Cuid A, pointe 2;
(f)
luachanna na dtáscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach a chinneadh de bhun Airteagal 9(5) agus i gcomhréir le hIarscríbhinn II, Cuid C;
(g)
luachanna na dtuairisceoirí ithreach a chinneadh nó a mheas de bhun Airteagal 9(6) agus Iarscríbhinn II, Cuid B;
(h)
aon chaillteanas criticiúil seirbhísí éiceachórais agus an tionchar a bhíonn ag séalú ithreach agus baint ithreach ar chaillteanas na seirbhísí éiceachórais de bhun Airteagal 10(3) a shainaithint agus a mheasúnú;
(i)
na láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint agus liosta a leagan síos de ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héilliú de bhun Airteagal 14;
(j)
an mhodheolaíocht shonrach a leagan síos le haghaidh an mheasúnaithe riosca láithreánsonraigh ar láithreáin éillithe, agus cleachtais choiteanna, modheolaíochtaí coiteanna agus sonraí tocsaineolaíocha coiteanna á gcur san áireamh de bhun Airteagal 16; agus
(k)
faisnéis a sholáthar, ar an leibhéal áitiúil, maidir le bearta agus cleachtais chun athléimneacht ithreach a mhéadú de bhun Airteagal 11(1), pointe (d), trí stór eolais i ndáil le hathléimneacht ithreach a sholáthar agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta ina bhfuil faisnéis phraiticiúil maidir le cleachtais um bainistiú ithreach.
2. Déanfar na doiciméid agus na huirlisí eolaíocha dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas agus a fhorbairt laistigh de na teorainneacha ama seo a leanas:
(a)
a mhéid a bhaineann le pointe (a), faoin 17 Nollaig 2026;
(b)
a mhéid a bhaineann le pointí (b), (c), (e) agus (j), faoin 17 Meitheamh 2027;
(c)
a mhéid a bhaineann le pointe (i), faoin 17 Nollaig 2027;
(d)
a mhéid a bhaineann le pointí (d), (f) agus (g), faoin 17 Nollaig 2028;
(e)
a mhéid a bhaineann le pointe (h), faoin 17 Nollaig 2029.
3. Eagróidh an Coimisiún malartuithe rialta faisnéise, taithí agus dea-chleachtas idir na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, páirtithe leasmhara eile maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo. Déanfar an chéad mhalartú faoin 17 Márta 2026.
Foilseoidh an Coimisiún torthaí na malartuithe faisnéise, taithí agus dea-chleachtas dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus, i gcás inarb ábhartha, tabharfaidh sé moltaí nó treoirlínte do na Ballstáit.
4. Éascóidh an Coimisiún comhar idir na Ballstáit chun a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, go ndéanfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as ceantair ithreach chomharsanacha ina bhfuil éifeachtaí trasteorann ar ithir, nó cineálacha inchomparáide ithreach nó úsáidí talún inchomparáide trasna na teorann idir an ithir agus an ceantar ithreach, go malartóidh siad dea-chleachtais, agus go ndéanfaidh siad a ndícheall cur chuige comhleanúnach a bhaint amach maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo.
Airteagal 25
Meastóireacht agus athbhreithniú
1. Faoin 17 Meitheamh 2033, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo a cuspóirí a bhaint amach agus ar an ngá atá le hí a leasú chun ceanglais níos sonraí a leagan síos chun a cuspóirí a bhaint amach. Cuirfear san áireamh, inter alia, sa mheastóireacht sin na heilimintí seo a leanas:
(a)
an taithí a fuarthas tríd an Treoir seo a chur chun feidhme;
(b)
na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 19;
(c)
sonraí ábhartha eolaíocha agus anailíseacha, lena n-áirítear torthaí ó thionscadail taighde arna gcistiú ag an Aontas;
(d)
anailís ar an dul chun cinn atá le déanamh fós chun ithreacha sláintiúla a bhaint amach faoi 2050;
(e)
anailís ar éifeachtacht na tacaíochta a chuireann na Ballstáit ar fáil chun sláinte ithreach agus athléimneacht ithreach a fheabhsú;
(f)
anailís ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le forálacha na Treorach seo a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, go háirithe maidir leis na míreanna seo a leanas:
(i)
ithreacha sláintiúla a shainmhíniú;
(ii)
critéir a bhunú le haghaidh na dtuairisceoirí ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid C, agus le haghaidh na dtáscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid D;
(iii)
tuairisceoirí ithreach nua a chur isteach chun críoch faireacháin nó chun tuairisceoirí ithreach agus critéir atá ann cheana le haghaidh riocht sláintiúil ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I a choigeartú;
(iv)
na spriocluachanna inbhuanaithe neamhcheangailteacha agus na truicearluachanna oibríochtúla do na tuairisceoirí ithreach de bhun Airteagal 7(2) agus Iarscríbhinn I, Codanna A agus B, agus aird á tabhairt, inter alia, ar an gcuspóir cothrom iomaíochta a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach;
(v)
an fhéidearthacht céatadán níos airde a bhunú d’fhothacar pointí samplála arna roghnú chun anailís a dhéanamh ar na tuairisceoirí bithéagsúlachta ithreach dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Cuid C, bunaithe ar thorthaí an chéad timthrialla faireacháin.
2. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar phríomhthorthaí na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún, agus, más iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil léi.
Airteagal 26
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 17 Nollaig 2028. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún. Nuair a dhéantar na spriocluachanna inbhuanaithe neamhcheangailteacha agus na truicearluachanna oibríochtúla do na tuairisceoirí ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur in iúl, beidh réasúnú ag gabháil leo.
Airteagal 27
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 28
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh sa Bhruiséil, an 12 Samhain 2025.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) IO C, C/2024/887, 6.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/887/oj.
(2) IO C, C/2024/5371, 17.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5371/oj.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 (IO C, C/2025/1312, 13.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1312/oj) agus seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh an 29 Meán Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(4) IO L 309, 13.12.1993, lch. 3.
(5) Cinneadh 93/626/CE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 1993 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir leis an mBithéagsúlacht (IO L 309, 13.12.1993, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1993/626/oj).
(6) IO L 83, 19.3.1998, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/convention/1998/216/oj.
(7) Cinneadh 98/216/CE ón gComhairle an 9 Márta 1998 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac sna tíortha ina bhfuil triomach mór agus/nó gaineamhlú, go háirithe san Afraic (IO L 83, 19.3.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1998/216/oj).
(8) Cinneadh 94/69/CE ón gComhairle an 15 Nollaig 1993 maidir le tabhairt i gcrích Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IO L 33, 7.2.1994, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1994/69(1)/oj).
(9) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj).
(10) Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1, ELI: ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/695/oj).
(11) Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 (IO L 172, 17.5.2021, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/783/oj).
(12) Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/240/oj).
(13) Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj).
(14) Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/523/oj).
(15) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj).
(16) Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/841/oj).
(17) Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/696/oj).
(18) Rialachán (AE) 2024/1991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2024 maidir le hathchóiriú an dúlra agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/869 (IO LIOL, 2024/1991, 29.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1991/oj).
(19) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/223/oj).
(20) Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/4/oj).
(21) Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spáis sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2007/2/oj).
(22) Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1024/oj).
(23) Rialachán (AE) 2023/2854 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le rialacha comhchuibhithe i dtaca le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Shonraí) (IO L, 2023/2854, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2854/oj).
(24) Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj).
(25) Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/676/oj).
(26) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/43/oj).
(27) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/60/oj).
(28) Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le rioscaí tuilte a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 288, 6.11.2007, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2007/60/oj).
(29) Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/842/oj).
(30) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1999/oj).
(31) Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/2284/oj).
(32) Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra an Aontais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/1313/oj).
(33) Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/128/oj).
(34) Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/92/oj).
(35) Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le staidreamh ar ionchur agus aschur talmhaíochta, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008, (CE) Uimh. 543/2009 agus (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/16/CE ón gComhairle (IO L 315, 7.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2379/oj).
(36) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha agus tógála beostoic (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/75/oj).
(37) Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/2184/oj).
(38) Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/35/oj).
(39) Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (IO L, 2024/1252, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj).
(40) IO L 124, 17.5.2005, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/convention/2005/370/oj.
(41) Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle an 17 Feabhra 2005 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Choinbhinsiúin maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (IO L 124, 17.5.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2005/370/oj).
(42) Breithiúnas ón gCúirt (an Chéad Dlísheomra) an 14 Eanáir 2021, LB agus Eile v College van burgemeester en wethouders van de gemeente Echt-Susteren, C-826/18, ECLI:EU:C:2021:7, míreanna 58 agus 59.
(43) Breithiúnas ón gCúirt (an Dara Dlísheomra) an 25 Iúil 2008, Dieter Janecek v Freistaat Bayern, C-237/07, ECLI:EU:C:2008:447, mír 42; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 19 Samhain 2014, ClientEarth v an Státrúnaí Comhshaoil, Bia agus Gnóthaí Tuaithe, C-404/13, ECLI:EU:C:2014:2382, mír 56; Breithiúnas ón gCúirt (an Chéad Dlísheomra) an 26 Meitheamh 2019, Craeynest agus Eile, C-723/17, ECLI:EU:C:2019:533, mír 56; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (An Mór-DhlísheomraDlísheomra) an 19 Nollaig 2019, Deutsche Umwelthilfe eV v Freistaat Bayern, C-752/18, ECLI:EU:C:2019:1114, mír 56.
(44) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.
(45) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
(46) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(47) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(48) Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthimpiste lena bhfuil baint ag substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (IO L 197, 24.7.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/18/oj).
IARSCRÍBHINN I
TUAIRISCEOIRÍ ITHREACH, CRITÉIR MAIDIR LE RIOCHT SLÁINTIÚIL ITHREACH, AGUS TÁSCAIRÍ SÉALAITHE ITHREACH AGUS BAINTE ITHREACH
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘talamh nádúrtha’ limistéar talún ar a bhfuil na próisis nádúrtha ceannasach agus nach ndéantar ach fíorbheagán idirghabhála daonna air nó nach ann di ar chor ar bith, agus nár modhnaíodh ann go substaintiúil na príomhfheidhmeanna éiceolaíocha ná an comhdhéanamh speiceas;
(2)
ciallaíonn ‘glanséalú’ an toradh ar shéalú ithreach lúide díshéalú;
(3)
ciallaíonn ‘limistéar lonnaíochta’ limistéar lonnaíochta de réir bhrí Threoirlínte 2006 ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa;
(4)
ciallaíonn ‘ithreacha orgánacha’ ithreacha orgánacha de réir bhrí Threoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa;
(5)
ciallaíonn ‘ithreacha mianracha’ ithreacha mianracha de réir bhrí Threoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa;
(6)
ciallaíonn ‘ithreacha bainistithe’ ithreacha a ndéantar cleachtais um bainistiú ithreach ina leith.
Gné den díghrádú ithreach
Tuairisceoir ithreach (1)
Critéir maidir le riocht sláintiúil ithreach – spriocluachanna inbhuanaithe neamhcheangailteacha (2)
Limistéir thalún atá díolmhaithe ón gcritéar gaolmhar a bhaint amach
Cuid A: tuairisceoirí ithreach lena ngabhann critéir maidir le riocht sláintiúil ithreach arna mbunú ar leibhéal an Aontais
Salannú (3)
Seoltacht leictreach (deici-Shíminí in aghaidh an mhéadair)
Limistéir thalún atá salanda go nádúrtha, limistéir ina mbíonn tuilte go rialta de dheasca bá muirí agus limistéir ina dtiteann caitheadh farraige
Caillteanas Carbóin Orgánaigh Ithreach (COI)
Tiúchan COI (g in aghaidh an kg)
—
I gcás ithreacha orgánacha: na spriocanna a shocraítear do na hithreacha sin ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 4(2) agus (4) agus Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2024/1991 a urramú
Gan díolúine
—
I gcás ithreacha mianracha: cóimheas COI/Cré > 1/13 (is é sin cóimheas chion COI le cion an chodáin cré (codán ar lú ná 0,002 mm a thrastomhas))
Táthar ag súil go gcuirfidh na Ballstáit fachtóirí ceartaitheacha i bhfeidhm maidir leis an gcóimheas i gcás ina dtugann cineálacha sonracha ithreach nó dálaí aeráide údar leis sin, agus an nasc leis an gcobhsaíocht struchtúrach á chur san áireamh
Ithreacha neamhbhainistithe i limistéir talún nádúrtha
Balcadh fo-ithreach
Dlús toirte i bhfo-ithir (g in aghaidh an cm3)
Uigeacht ithreach (4)
Raon
Ithreacha neamhbhainistithe i limistéir talún nádúrtha agus i limistéir ina bhfuil ithreacha atá balctha go nádúrtha
Gaineamh, gaineamh dúrabháin, dúrabhán gainmheach, dúrabhán
Crédhúrabhán gainmheach, dúrabhán, crédhúrabhán, siolta, dúrabhán siolta
Dúrabhán siolta, dúrabhán créúil siolta
Cré ghainmheach, cré shiolta, crédhúrabhán ar cré é 35-45 % de
Cré
Féadfaidh na Ballstáit aicmí nó luachanna éagsúla uigeachta a chur i bhfeidhm a chomhfhreagraíonn do na leibhéil a mheastar a bheith ina bhfadhb d’fhorbairt an chórais fréamhaithe plandaí
Roghnach:
—
seoltacht hiodrálach sháithithe – Ksat (cm in aghaidh an lae)
—
toilleadh aeir (%)
≥ 10 cm in aghaidh an lae (5)
Féadfaidh na Ballstáit an luach sin a oiriúnú de réir a ndálaí áitiúla ithreach
≥ 5 % (6)
Féadfaidh na Ballstáit an luach sin a oiriúnú de réir a ndálaí áitiúla ithreach
Cuid B: tuairisceoirí ithreach lena ngabhann critéir maidir le riocht sláintiúil ithreach arna mbunú ar leibhéal na mBallstát
Cion cothaitheach iomarcach san ithir
Fosfar in-eastósctha (mg in aghaidh an kg)
Leagfaidh na Ballstáit síos a n-uasluach féin, ag leibhéal nach mbeadh dochar do shláinte an duine ná don chomhshaol i gceist leis
Ithreacha neamhbhainistithe i limistéir talún nádúrtha
Creimeadh ithreach
Ráta creimthe ithreach
(tonaí in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana)
Leagfaidh na Ballstáit síos a n-uasluach féin, ag leibhéal nach mbeadh dochar do shláinte an duine ná don chomhshaol i gceist leis
Drochthailte agus limistéir talún nádúrtha, ach amháin má tá riosca suntasach tubaiste ag baint leo
Éilliú ithreach
—
tiúchan trom-mhiotal san ithir: As, Sb, Cd, Co, Cr (iomlán), Cu, Hg, Pb, Ni, Tl, V, Zn (mg in aghaidh an kg)
—
tiúchan i gcás rogha d’éilleáin orgánacha arna bunú ag na Ballstáit agus na teorainneacha tiúchana atá ann cheana á gcur san áireamh i ndlí an Aontais, e.g. na teorainneacha maidir le cáilíocht an uisce agus astaíochtaí aeir
Dearbhú réasúnta, a fuarthas ó shampláil pointí ithreach, sainaithint agus imscrúdú láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe agus ó aon fhaisnéis ábhartha eile, nach ann d’aon riosca do-ghlactha do shláinte an duine ná don chomhshaol ón éilliú ithreach
Déanfar leibhéil chúlra nádúrtha agus antrapaigineacha a chur san áireamh sa mheasúnú riosca
Más é an cúlra nádúrtha an t-aon chúis amháin as a n-eascraíonn rioscaí do-ghlactha, measfar go gcomhlíonann an ithir ábhartha critéir shláintiúla ithreach ar choinníoll go mbainistítear í ar bhealach nach bhfuil riosca do-ghlactha ann do shláinte an duine
Maidir leis na gnáthóga a bhfuil tiúchan ard trom-mhiotal iontu go nádúrtha agus a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE, beidh siad fós faoi chosaint
Gan díolúine
Coinneáil agus insíothlú uisce ithreach a laghdú
Coinneáil uisce:
—
acmhainneacht coinneála uisce ithreach an tsampla ithreach (% den uisce in aghaidh iomlán na hithreach (toirt nó mais))
Insíothlú uisce:
—
seoltacht hiodrálach sháithithe – Ksat (cm in aghaidh an lae)
—
toilleadh aeir (%)
Tá an luach measta maidir leis an acmhainneacht coinneála uisce iomlán, an tseoltacht hiodrálach sháithithe agus an toilleadh aeir in aonad ithreach os cionn na tairsí íosta agus féadfar é a mheasúnú freisin in aghaidh na habhantraí nó na fo-abhantraí, agus próisis uisce a tharlaíonn ar an scála sin á gcur san áireamh
Socróidh an Ballstát an tairseach íosta (i dtonaí) ar an scála ábhartha, ag luach a fhágfaidh go maolófar tionchar na dtuilte tar éis teagmhais tréanbháistí nó tréimhsí ísealtaise ithreach i ngeall ar theagmhais triomaigh
Gan díolúine
Caillteanas COI
Stoic COI (tC ha-1)
Roghnach:
—
cion COI (g in aghaidh an kg)
Rannchuidiú le spriocanna náisiúnta maidir le glanaistrithe gás ceaptha teasa in earnáil ÚTAÚTF dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2018/841
> ‘íosluach’
Leagfaidh na Ballstáit síos an t-íosluach de réir uigeacht ithreach
Gan díolúine
Cuid C: tuairisceoirí ithreach gan chritéir
Gné den díghrádú ithreach
Tuairisceoir ithreach
Cion cothaitheach iomarcach san ithir
Cion nítrigine iomlán san ithir (mg g-1)
Cóimheas idir COI agus nítrigin
Aigéadú
Aigéadacht ithreach (pH)
Féadfaidh na Ballstáit an tuairisceoir roghnach a roghnú freisin:
—
sáithiúchán buin (i.e. (Ca + Mg + K)/acmhainn éifeachtach malartaithe caitian (CEC))
Balcadh barrithreach
Dlús toirte i mbarrithir (léaslíne A (7) ) (g cm-3)
Roghnach:
—
seoltacht hiodrálach sháithithe (cm in aghaidh an lae)
—
toilleadh aeir (%)
Caillteanas na bithéagsúlachta ithreach
Meitea-bharrachódú ADN le haghaidh fungas agus baictéar
Féadfaidh na Ballstáit tuairisceoir ithreach roghnach amháin ar a laghad a roghnú freisin don bhithéagsúlacht, amhail:
—
meitea-bharrachódú aircéabaictéar, prótaisteach agus ainmhithe
—
anailís ar aigéad sailleach fosfailipide
—
flúirse agus éagsúlacht néimeatóidí
—
flúirse agus éagsúlacht péisteanna talún
—
flúirse agus éagsúlacht preabairí
—
flúirse agus éagsúlacht seangán dúchasach
—
cáilíocht bhitheolaíoch na hithreach bunaithe ar artrapóid (QBS-ar)
—
láithreacht speiceas andúchasach ionrach agus lotnaidí
—
riospráid foistine ithreach
Éilliú ithreach (8)
Tiúchaintí PFAS-21 (9) nó tiúchaintí PFAS-43 (10) nó PFAS roghnaithe arna socrú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 7(4)
Tiúchaintí substaintí gníomhacha roghnaithe i lotnaidicídí agus a meitibilítí arna socrú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 7(4)
Roghnach:
—
tiúchaintí nó láithreacht rogha éilleán ithreach eile atá ag teacht chun cinn arna leagan síos ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 7(4)
Cuid D: táscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach
Gné den díghrádú ithreach
Táscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach
Séalú ithreach agus baint ithreach
Iomlán na n-ithreacha séalaithe agus na limistéar ar a ndearnadh baint ithreach (km2 agus % de dhromchla an Bhallstáit)
Séalú ithreach agus baint ithreach, díshéalú agus glanséalú (meán in aghaidh na bliana – in km2 agus % de dhromchla an Bhallstáit)
Iomlán an limistéir lonnaíochta (km2 agus % de dhromchla an Bhallstáit)
Athrú in úsáid talún chuig an limistéar lonnaíochta agus uaidh (meán in aghaidh na bliana – in km2 agus % de dhromchla an Bhallstáit)
Féadfaidh na Ballstáit táscairí roghnacha gaolmhara eile a thomhas freisin, amhail:
—
saorgú ithreach
—
ilroinnt talún
—
ráta athchúrsála talún
—
talamh a thógtar le haghaidh gníomhaíochtaí tráchtála, moil lóistíochta, fuinneamh in-athnuaite, dromchlaí amhail aerfoirt, bóithre, mianaigh
—
iarmhairtí an tséalaithe ithreach agus na bainte ithreach, amhail caillteanas seirbhísí éiceachórais a chainníochtú, athrú ar dhéine na dtuilte
(1) Déantar foráil i ndáil leis na híoschritéir maidir leis an modheolaíocht chun sampláil in situ a dhéanamh ar thuairisceoirí ithreach in Iarscríbhinn II, Cuid A, agus tá tuilleadh mionsonraí le soláthar de bhun Airteagal 24.
(2) Tá tuilleadh mionsonraí le soláthar de bhun Airteagal 24 maidir leis an modheolaíocht chun spriocluachanna inbhuanaithe neamhcheangailteacha agus truicearluachanna oibríochtúla a shocrú le haghaidh na dtuairisceoirí ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Codanna A agus B agus, nuair is féidir, Cuid C.
(3) Is féidir tomhas seoltachta leictrí a eisiamh i limistéir nach bhfuil i mbaol an tsalannaithe. Tá tuilleadh sonraí le soláthar de bhun Airteagal 24 maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar limistéir nach bhfuil i mbaol an tsalannaithe.
(4) Mar a shainítear sa Mheitheal um Bonn Tagartha Domhanda de chuid Aontas Idirnáisiúnta na nEolaíochtaí Ithreach. 2022. Bonn Tagartha Domhanda maidir le hAcmhainní Ithreach. Córas idirnáisiúnta aicmithe ithreach chun ithreacha a ainmniú agus eochracha eolais a chruthú le haghaidh léarscáileanna ithreach. An ceathrú heagrán. Aontas Idirnáisiúnta na nEolaíochtaí Ithreach, Vín, an Ostair.
(5) Lebert, M., Böken, H., Glante, F. 2007. Soil compaction—indicators for the assessment of harmful changes to the soil in the context of the German Federal Soil Protection Act. Journal of Environmental Management 82(3): 388–397.
(6) Lebert, M., Böken, H., Glante, F. 2007. Soil compaction—indicators for the assessment of harmful changes to the soil in the context of the German Federal Soil Protection Act. Journal of Environmental Management 82(3): 388–397.
(7) Mar a shainítear i dTreoirlínte FAO maidir le Tuairisc ar Ithreacha, Caibidil 5 (https://www.fao.org/3/a0541e/a0541e.pdf).
(8) Féadfar é a thomhas i gcás líon teoranta pointí samplála.
(9) 6:2 FTS, PFBA, PFBS, PFDA, PFDoDA, PFDoDS, PFDS, PFHpA, PFHpS, PFHxA, PFHxS, PFNA, PFNS, PFOA, PFOS, PFPeA, PFPeS, PFTrDA, PFTrDS, PFUnDA, PFUnDS nó 21 PFAS eile, de réir mar atá siad ar fáil sna saotharlanna.
(10) PFOS, PFOA, PFHxS, PFNA, PFBS, PFPeS, PFHpS, PFNS, PFDS, PFUnDS, PFDoDS, PFTrDS, PFBA, PFPeA, PFHxA, PFHpA, PFDA, PFUnDA, PFDoDA, PFTrDA, PFTeDA, PFOSA, N-EtFOSA, N-MeFOSA, FOSAA, N-EtFOSAA, N-MeFOSAA, FHxSA, N-EtFHxSA, N-MeFHxSA, FHxSAA, N-EtFHxSAA, N-MeFHxSAA, FBSA, N-EtFBSA, N-MeFBSA, FBSAA, N-EtFBSAA, N-MeFBSAA, 6:2 FTS, 8:2 FTS, 5:3 FTCA, 7:3 FTCA nó 43 PFAS eile, de réir mar atá siad ar fáil sna saotharlanna.
IARSCRÍBHINN II
MODHEOLAÍOCHTAÍ
Cuid A: modheolaíocht chun líon agus suíomh na bpointí samplála a chinneadh agus don suirbhé samplála
Gníomhaíocht
Íoschritéir don mhodheolaíocht
1.
Pointí samplála a chinneadh (suirbhé samplála) chun measúnú ar shláinte ithreach a dhéanamh
Dearfar an suirbhé samplála ó fhráma samplach iomlán ina mbeidh an fhaisnéis is fearr atá ar fáil maidir le dáileadh airíonna ithreach, amhail an fhaisnéis a thagann ó thomhais ábhartha de bhun Airteagal 9(3) agus (4)
Sa scéim samplála, déanfar sampláil randamach shrathaithe arna barrfheabhsú leis an bhfaisnéis is fearr atá ar fáil maidir le hinathraitheacht na dtuairisceoirí ithreach, agus beidh an srathú bunaithe ar na haonaid ithreach a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 4(2). Féadfar pointí samplála a bhaineann le tomhais dá dtagraítear in Airteagal 9(4) a chur san áireamh go páirteach nó go hiomlán sa scéim samplála, gan beann ar an dearadh atá orthu
Léireofar le líon agus suíomh na bpointí samplála inathraitheacht na dtuairisceoirí ithreach a roghnaíodh laistigh de na haonaid ithreach ag a bhfuil uaschéatadán earráide (nó comhéifeacht athrúcháin) dar méid 5 %
Cinnfear leithdháileadh agus méid an tsampla trí nósanna imeachta iomchuí (e.g. algartam Bethel – Bethel, 1989 (1)) a chur i bhfeidhm lena mbeifear in ann an uasearráid mheastacháin is gá a mhíniú.
Féadfaidh an suirbhé samplála arna dhearadh ag na Ballstáit athrú nó fanacht mar an gcéanna i gcás gach timthrialla faireacháin
Tá tuilleadh mionsonraí le soláthar de bhun Airteagal 24(1), pointe (a), maidir le líon agus suíomh na bpointí samplála a chinneadh
2.
Suirbhé samplála allamuigh
Déanfar suíomhanna samplála beachta a shampláil ach amháin sa chás ina gcuireann imthosca a bhfuil údar cuí leo, amhail ithir atá sáithithe le huisce nó ardleibhéal cion carraige, cosc ar shampláil na suíomhanna
Nuair a thógtar samplaí comhiomlána ithreach, is meascán de 5 fhoshampla ar a laghad a bheidh iontu
Agus ithir á sampláil i limistéir gan foraois, bainfear iarmhair agus smionagar orgánach den dromchla
Agus ithir á sampláil i limistéir fhoraoisithe, déanfar talamh na foraoise, í foroinnte i sraitheanna ar sraitheanna easrach nó orgánacha iad más ábhartha, a shampláil ar leithligh agus déanfar a dtiús agus a meáchan a thaifeadadh
Tógfar samplaí nó foshamplaí le haghaidh an tsampla chomhiomláin, i gcás inar féidir, go doimhneacht 30 cm ar a laghad den ithir. Déanfar faisnéis amhail cineál na hithreach agus léaslínte géiniteacha na hithreach, más féidir, a thaifeadadh. Meascfar foshamplaí le chéile chun sampla comhiomlán aonchineálach a fháil. Féadfar an tsampláil a dhéanamh de réir na doimhneachta seasta nó na léaslíne, ach déanfar na sonraí a thuairisciú de réir na doimhneachta seasta
I gcás samplaí dlúis toirte, is samplaí nár cuireadh isteach orthu agus a tógadh ag an doimhneacht ábhartha a bheidh iontu, lena n-áirítear samplaí faoi bhun 30 cm i gcás na fo-ithreach. I gcás samplaí a bhaineann le balcadh ithreach (seoltacht hiodrálach sháithithe agus toilleadh aeir), féadfar na samplaí céanna a úsáid nár cuireadh isteach orthu agus a thógtar le haghaidh dlús toirte. I gcás ina gcuirtear cosc ar shampláil a thógáil mar gheall ar chion ard na mblúirí garbha san ithir, féadfar sampláil a eisiamh sa suíomh sin a mhéid a bhaineann le dlús toirte a thomhas
Tá tuilleadh sonraí maidir leis an suirbhé samplála allamuigh le soláthar de bhun Airteagal 24(1), pointe (a), lena n-áirítear maidir le conas cásanna sonracha amhail ithreacha éadoimhne agus doimhneachtaí samplála éagsúla a láimhseáil
Cuid B: modheolaíocht chun luachanna na dtuairisceoirí ithreach a chinneadh nó a mheas
I gcás ina leagtar amach modheolaíocht tagartha sa tábla thíos, tá na modheolaíochtaí seo a leanas le húsáid i gcomhréir le hAirteagal 9:
—
an mhodheolaíocht tagartha;
—
modheolaíocht atá coibhéiseach leis an modheolaíocht tagartha; nó
—
modheolaíocht eile, ar choinníoll go bhfuil sí ar fáil sa litríocht eolaíoch nó ar fáil go poiblí agus go bhfuil fáil ar fheidhm tharchuir bhailíochtaithe.
Má tá modheolaíocht de chuid an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú ar fáil, is í an mhodheolaíocht sin a úsáidfear de rogha ar mhodheolaíocht tagartha. Sa chás sin, measfar gur modheolaíocht choibhéiseach í an mhodheolaíocht tagartha tosaigh.
Tuairisceoir ithreach
Modheolaíocht tagartha
Íoschritéir mhodheolaíochta
An bhfuil gá le feidhm tharchuir bhailíochtaithe (má úsáidtear modheolaíocht atá difriúil leis an modheolaíocht tagartha)?
Uigeacht ithreach (cion cré, siolta agus gainimh – a bhfuil gá leo chun tuairisceoirí eile agus raonta gaolmhara a chinneadh)
ISO 11277 Méid-dáileachán na gcáithníní in ábhar ithreach mianraí a chinneadh – Modh an chriathraithe agus an dríodraithe
Ní bhaineann le hábhar
TÁ
Seoltacht leictreach
Rogha 1: ISO 11265 An tseoltacht leictreach shonrach a chinneadh
Rogha 2: modh tomhais a úsáideann eastóscán taois d’ithir sháithithe (seoltacht leictreach eastóscáin) (FAO SOP: GLOSOLAN-SOP-08 (2))
Ní bhaineann le hábhar
TÁ
Ráta creimthe ithreach
Cuirfear san áireamh sa mheastachán ar an ráta creimthe ithreach gach gníomhaíocht a dhéantar chun an riosca creimthe a mhaolú nó a chúiteamh, lena n-áirítear bearta maolaithe iardhóiteáin
Áireofar le meastachán ar an ráta creimthe ithreach gach próiseas creimthe ábhartha amhail creimeadh uisce, gaoithe, buainte agus curaíochta
Déanfar measúnú ar an gcreimeadh ithreach arb é is cúis leis an t-uisce trí na tosca seo a leanas a chur san áireamh:
—
saintréithe ithreach (e.g. inchreimtheacht, screamhú ithreach, gairbhe ithreach, clochacht)
—
topagrafaíocht (e.g. géire agus fad fána)
—
aeráid (e.g. creimneacht bháistí – a déine agus a fad)
—
cumhdach fásra, cineál barr, úsáid talún agus cleachtais bhainistithe chun creimeadh a rialú nó a laghdú
—
cleachtais bhainistithe (e.g. barra cumhdaigh, curaíocht laghdaithe, mótú, etc.)
—
limistéir dhóite
Ní bhaineann le hábhar
Déanfar measúnú ar an gcreimeadh ithreach arb é is cúis leis an ghaoth trí na tosca seo a leanas a chur san áireamh:
—
saintréithe ithreach (e.g inchreimtheacht)
—
aeráid (e.g. taise ithreach, luas gaoithe, galú)
—
fásra (e.g. cineál barr)
—
cleachtais bhainistithe chun creimeadh a rialú nó a laghdú (e.g. scáthláin ghaoithe)
Déanfar measúnú cainníochtúil ar chreimeadh ithreach arb é is cúis leis cleachtais bhainistithe amhail an churaíocht nó onnmhairiú bithmhaise bunaithe ar mhodheolaíocht atá ar fáil sa litríocht eolaíoch nó atá ar fáil go poiblí
Carbón orgánach ithreach (COI)
ISO 10694 Carbón orgánach agus carbón iomlán a chinneadh tar éis dóchán tirim, agus é á áirithiú go bhfuil an carbón uile loiscthe
Déanfar COI a ríomh tríd an gcion carbóin iomlán a chinneadh agus tríd an gcarbón atá ann mar charbónáit a dhealú, rud a chinnfear i gcomhréir le ISO 10693
Ní bhaineann le hábhar
TÁ
Stoic COI
Modheolaíocht mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa
Ní bhaineann le hábhar
TÁ
Dlús toirte san fho-ithir
ISO 11272 An dlús toirte tirim a chinneadh
I gcás ina roghnaítear paraiméadar coibhéiseach, is caighdeán Eorpach nó idirnáisiúnta a bheidh sa mhodheolaíocht, i gcás ina mbíonn sé ar fáil; mura bhfuil an caighdeán sin ar fáil, beidh an mhodheolaíocht a roghnaítear le fáil sa litríocht eolaíoch nó ar fáil don phobal
Féadfar an mhodheolaíocht a bheachtú ag brath ar chion na mblúirí garbha
TÁ
Fosfar in-eastósctha
An rogha modheolaíochta: ISO 11263 An fosfar intuaslagtha i dtuaslagán de charbónáit hidrigine sóidiam a chinneadh le speictriméadar (P-Olsen)
Féadfar modhanna eile a úsáid ina ionad sin
Ní bhaineann le hábhar
TÁ
—
tiúchan trom-mhiotal san ithir: As, Sb, Cd, Co, Cr (iomlán), Cu, Hg, Pb, Ni, Tl, V, Zn
—
tiúchaintí éilleán eile (lena n-áirítear PFAS, lotnaidicídí agus a meitibilítí) arna sainiú nó arna roghnú ag na Ballstáit
Maidir le trom-mhiotail:
ISO 54321: Aqua Regia
Roghnach: codáin bhith-infhaighte d’éilleáin, amhail ISO 17586 agus úsáid á baint as aigéad nítreach caol
Maidir le héilleáin seachas trom-mhiotail: caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta a úsáid i gcás ina bhfuil siad ar fáil; mura bhfuil caighdeán den sórt sin ar fáil, beidh an mhodheolaíocht a roghnófar le fáil sa litríocht eolaíoch nó ar fáil don phobal.
Maidir le trom-mhiotail:
TÁ
Maidir le héilleáin seachas trom-mhiotail: ní bhaineann le hábhar mura bhfuil caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta ar fáil
Acmhainneacht coinneála uisce, toilleadh aeir agus seoltacht hiodrálach sháithithe ithreach
Modheolaíocht chun luach a chinneadh le haghaidh aon phointe samplála amháin:
(1)
Acmhainneacht coinneála uisce ithreach agus toilleadh aeir:
Rogha 1: SAOTHARLANN: ISO 11274 An tréith coinneála uisce a chinneadh
Rogha 2: MEASTACHÁN: feidhmeanna peidea-aistrithe a chur i bhfeidhm lena n-éilítear athróga ionchuir amhail méid-dáileachán na gcáithníní, dlús toirte, tiúchan an charbóin orgánaigh ithreach
Íoschritéir chun an acmhainneacht fhoriomlán coinneála uisce ithreach, an toilleadh aeir agus an tseoltacht hiodrálach sháithithe atá ag aonad ithreach nó ar scála abhantraí nó fo-abhantraí a mheas:
—
maidir leis an limistéar ithreach neamhshéalaithe nó limistéir nach ndearnadh baint ithreach orthu, meastachán a dhéanamh ar luach iomlán acmhainneacht coinneála uisce na hithreach, an toillte aeir agus na seoltachta hiodrálaí sáithithe
—
maidir leis an limistéar ithreach séalaithe agus bainte, breathnú ar acmhainneacht coinneála uisce, toilleadh aeir agus seoltacht hiodrálach sháithithe na limistéar neamh-thréscaoilteach a shocrú go nialas, agus luachanna atá comhréireach go hidirmheánach á ndáileadh ar limistéir leath-thréscaoilteacha agus limistéir shaorga eile
TÁ (do luach pointe)
(2)
Seoltacht hiodrálach sháithithe:
Rogha 1:
SAOTHARLANN: ISO 17313: Seoltacht hiodrálach ábhar scagach sáithithe a chinneadh
Rogha 2:
MEASTACHÁN: feidhmeanna peidea-aistrithe a chur i bhfeidhm lena n-éilítear athróga ionchuir amhail méid-dáileachán na gcáithníní, dlús toirte, tiúchan carbóin orgánaigh ithreach
Nítrigin san ithir
Rogha 1:
ISO 11261 Nítrigin iomlán na hithreach a chinneadh trí úsáid a bhaint as modh modhnaithe Kjeldahl
Rogha 2:
ISO 13878 An nítrigin iomlán a chinneadh trí dhóchán tirim
Ní bhaineann le hábhar
TÁ
Aigéadacht ithreach
ISO 10390 pH a chinneadh in eastóscán H2O, KCI agus CaCl2
Ní bhaineann le hábhar
TÁ
Sáithiúchán buin agus tiúchaintí inmhalartaithe sóidiam, potaisiam, cailciam agus maignéisiam
ISO 11260 An acmhainneacht malartaithe caitian éifeachtach agus leibhéal sáithiúcháin buin a chinneadh agus BaCl2 á úsáid
Ní bhaineann le hábhar
TÁ
Dlús toirte sa ‘barrithir’ (léaslíne A (3))
ISO 11272 An dlús toirte tirim a chinneadh
Féadfar an mhodheolaíocht a bheachtú ag brath ar chion na mblúirí garbha
TÁ
Tuairisceoirí ithreach atá nasctha le bithéagsúlacht ithreach agus le gníomhaíocht bhitheolaíoch
Caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta a úsáid i gcás ina bhfuil siad ar fáil; mura bhfuil caighdeáin den sórt sin ar fáil, beidh an mhodheolaíocht a roghnófar le fáil sa litríocht eolaíoch nó ar fáil don phobal.
Ní bhaineann le hábhar
Cuid C: íoschritéir mhodheolaíochta chun luachanna na dtáscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach a chinneadh
Maidir leis na táscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach, comhlíonfaidh na modheolaíochtaí a úsáidtear na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 3 agus Iarscríbhinn I. Úsáidfidh na modheolaíochtaí sin seirbhísí Copernicus ar a laghad nó, más féidir, na sonraí is fearr atá ar fáil lena n-áirítear íomhánna cianbhraiteachta, a fhorlíonfar le fardail náisiúnta ábhartha.
Maidir le táscaire an limistéir lonnaíochta, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as sonraí arna mbailiú faoi Rialachán (AE) 2018/841, ar choinníoll go dtuairiscítear na sonraí sin ar leibhéal an cheantair ithreach.
Beidh na modheolaíochtaí a roghnaítear le fáil sa litríocht eolaíoch nó ar fáil go poiblí.
(1) Bethel, J. 1989. ‘Sample Allocation in Multivariate Surveys’. Survey Methodology 15: 47–57.
(2) https://www.fao.org/3/cb3355en/cb3355en.pdf.
(3) Mar a shainítear i dTreoirlínte FAO maidir le Tuairisc ar Ithreacha, Caibidil 5 (https://www.fao.org/3/a0541e/a0541e.pdf).
IARSCRÍBHINN III
CLÁIR, PLEANANNA, SPRIOCANNA AGUS BEARTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 10
(1)
Na pleananna athchóirithe náisiúnta arna n-ullmhú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1991.
(2)
Na pleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115.
(3)
An Cód Dea-Chleachtais Talmhaíochta agus na cláir ghníomhaíochta maidir le criosanna leochaileacha ainmnithe arna nglacadh i gcomhréir le Treoir 91/676/CEE.
(4)
Na bearta caomhnaithe agus an creat gníomhaíochta tosaíochta arna bhunú le haghaidh láithreáin Natura 2000 i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE.
(5)
Na bearta chun dea-stádas éiceolaíoch agus dea-stádas ceimiceach dobharlach uisce dromchla a bhaint amach agus dea-stádas ceimiceach agus cainníochtúil dobharlach screamhuisce a bhaint amach a áirítear sna pleananna bainistíochta abhantraí arna n-ullmhú i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE.
(6)
Na bearta um bainistíocht riosca tuile atá a áirítear sna pleananna bainistithe riosca i gcás tuilte arna n-ullmhú i gcomhréir le Treoir 2007/60/CE.
(7)
Na pleananna um bainistíocht triomaigh dá dtagraítear i Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide.
(8)
Na cláir ghníomhaíochta náisiúnta arna mbunú i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac.
(9)
Na straitéisí náisiúnta bithéagsúlachta agus na pleananna gníomhaíochta náisiúnta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht.
(10)
Na spriocanna a leagtar síos faoi Rialachán (AE) 2018/841.
(11)
Na spriocanna a leagtar síos faoi Rialachán (AE) 2018/842.
(12)
Na cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir arna n-ullmhú faoi Threoir (AE) 2016/2284 agus na sonraí faireacháin faoi na tionchair a bhíonn ag an truailliú aeir ar éiceachórais arna dtuairisciú faoin Treoir sin.
(13)
An plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999.
(14)
Na measúnuithe riosca agus pleanáil bainistithe riosca tubaiste arna mbunú i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE.
(15)
Na Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2009/128/CE.
(16)
Na bearta maolaithe agus na bearta laghdúcháin riosca dá dtagraítear sna measúnuithe ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéantar i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE le haghaidh na bpleananna agus na dtionscadal a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar an ithir.
IARSCRÍBHINN IV
LIOSTA TÁSCACH DE BHEARTA LAGHDÚCHÁIN RIOSCA
(1)
Teicnící feabhsúcháin ithreach le haghaidh feabhsú in situ nó ex situ:(a)
Teicnící feabhsúcháin ithreach fisiceacha:
(i)
eastóscadh gaile, spreachallú aeir;
(ii)
cóireáil teasa, instealladh gaile, dí-asú teirmeach, gloiniú;
(iii)
ní agus sruthlú ithreach;
(iv)
baint sraithe leachtaí.
(b)
Teicnící feabhsúcháin ithreach bitheolaíocha:
(i)
díghrádú aeróbach nó anaeróbach a spreagadh: bithfheabhsú, bithspreagadh, bithmhéadú, bithscaoileadh, bithspreachallú;
(ii)
fíti-eastóscadh, fítea-ghalú, fíti-dhíghrádú;
(iii)
múiríniú, leasuithe ithreach, feirmeoireacht talún, agus córais bhith-imoibreora;
(iv)
bithscagadh, bogaigh cóireála bitheolaíche, agus bithcheapacha;
(v)
maolú nádúrtha a ndéantar faireachán air.
(c)
Teicnící feabhsúcháin ceimiceacha:
(i)
ocsaídiú ceimiceach;
(ii)
imoibrithe dí-ocsaídiúcháin ceimiceacha agus imoibrithe ocsaídiúcháin agus dí-ocsaídiúcháin (ocsdí);
(iii)
screamhuisce a chaidéalú agus a chóireáil;
(iv)
teicnící feabhsúcháin chun aistriú éilleán a laghdú trí aonrú, srianadh agus faireachán:
(1)
barrchaidhpeáil, bacainní imoibríocha, imchochlú;
(2)
cobhsú, soladú agus díluailiú ceimiceach;
(3)
aonrú agus srianadh geo-hidreolaíoch;
(4)
fítea-chobhsú;
(5)
rialú agus iarchúram trí fhaireachán a dhéanamh ar thoibreacha.
(2)
Bearta laghdúcháin riosca, nach bearta feabhsúcháin ithreach iad, chun nochtadh a laghdú:(a)
Srianta ar shaothrú agus ar thomhaltas barr agus glasraí;
(b)
Srianta ar thomhaltas uibheacha;
(c)
Srianta ar rochtain a bheith ag peataí nó beostoc;
(d)
Srianta ar eastóscadh nó úsáid screamhuisce chun críocha an óil, an tsláinteachais phearsanta nó na tionsclaíochta;
(e)
Srianta ar scartáil, díshéalú, nó tógáil ar an láithreán (e.g. bearta tógála le haghaidh aerála, tancála, etc.);
(f)
Srianta ar rochtain ar an láithreán (e.g. trí fhálú) nó ar na limistéir atá timpeall ar an láithreán;
(g)
Srianta ar úsáid talún nó athruithe ar úsáid talún;
(h)
Srianta ar rómhar, druileáil nó tochailt;
(i)
Srianta chun teagmháil le hithir, deannach nó aer laistigh a sheachaint, agus réamhchúraimí a chur i bhfeidhm chun sláinte an duine a chosaint (e.g. análaitheoirí, lámhainní, fliuchghlanadh, etc.).
(3)
Na teicnící is fearr dá bhfuil ar fáil dá dtagraítear i dTreoir 2010/75/AE.
(4)
Bearta a ghlacann údaráis inniúla agus oibreoirí tionsclaíocha tar éis mórthimpiste, i gcomhréir le Treoir 2012/18/AE.
IARSCRÍBHINN V
NA CÉIMEANNA AGUS NA PRIONSABAIL MAIDIR LE MEASÚNÚ RIOSCA LÁITHREÁNSONRACH
1.
Chun an t-éilliú a shaintréithriú, ní mór cineál na n-éilleán (e.g. trom-mhiotail, éilleáin orgánacha, etc.) atá ar an láithreán a shainaithint agus a bhfoinse, a dtiúchan, a bhfoirm cheimiceach, agus a ndáileadh san ithir, sa mháthairábhar agus sa screamhuisce a chinneadh. Cinntear láithreacht agus tiúchan éilleán sna meáin éagsúla trí shampláil agus imscrúdú ar an láthair agus lasmuigh den láthair, i gcás ina mbeadh amhras ann gur aistríodh éilleáin. Déanfar éilleáin a bhaineann le gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héilliú a shampláil sna meáin ábhartha ar bhonn chomhthéacs an chomhshaoil agus airíonna fisiceimiceacha na n-éilleán a mbíonn tionchar acu ar a n-iompar sa chomhshaol. Cuirfear leibhéil chúlra nádúrtha agus antrapaigineacha san áireamh.
2.
Chun measúnú a dhéanamh an nochtadh, ní mór an chonair a shainaithint trína bhféadfaidh éilleáin ithreach teacht chomh fada le gabhdóirí. Is féidir ionanálú, ionghabháil, tadhall le craiceann, ionsú plandaí, aistriú chuig screamhuisce nó eile a bheith i gceist le conairí nochta. Cuirtear tiúchaintí na n-éilleán sna meáin nochta le chéile le paraiméadair nochta (e.g. minicíocht agus fad an nochta, ráta iontógála ithreach, etc.) agus saintréithe gabhdóirí amhail aois, inscne agus stádas sláinte chun an dáileog nochta laethúil a mheas. Déantar achoimre ar na nascálacha idir an fhoinse, an chonair agus an gabhdóir i léiriú grafach, scéimreach agus simplithe (‘samhail an láithreáin choincheapúil’). Féadfar measúnú a dhéanamh ar nochtadh trí anailís dhíreach ag an bpointe nochta nó trí aistriú éilleáin chuig an meán nochta a shamhaltú.
3.
Is é atá i gceist le measúnú tocsaineachta nó guaise meastóireacht a dhéanamh ar na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na héilleáin ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, bunaithe ar dháileog agus fad an nochta. Sa mheasúnú tocsaineachta nó guaise, cuirtear san áireamh tocsaineacht bhunúsach na n-éilleán agus soghabháltacht na ngabhdóirí difriúla nochta (daoine agus éiceachórais), amhail ainmhithe, miocrorgánaigh, plandaí, leanaí, mná torracha, daoine scothaosta, etc. Úsáidtear an fhaisnéis thocsaineolaíoch chun dáileoga tagartha nó tiúchaintí tagartha a mheas, rud a úsáidtear le haghaidh saintréithriú riosca.
4.
Chun saintréithriú riosca a dhéanamh, ní mór an fhaisnéis ó na céimeanna roimhe sin a chomhtháthú ionas gur féidir meastachán a dhéanamh ar mhéid agus dóchúlacht éifeachtaí díobhálacha an láithreáin éillithe ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, lena n-áirítear éifeachtaí díobhálacha ó aistriú an éillithe go meáin chomhshaoil eile. Cuidíonn saintréithriú riosca le measúnú a dhéanamh ar an ngá le bearta laghdúcháin riosca agus bearta feabhsúcháin agus tosaíocht a thabhairt don ghá sin, agus lena áirithiú go bhfuil riocht na hithreach comhoiriúnach leis an úsáid talún atá ann faoi láthair agus atá beartaithe. Is féidir leis cuidiú freisin le cuspóirí feabhsúcháin nó bainistithe ithreach a bhunú maidir le láithreán, e.g. uasteorainneacha is inghlactha nó luachanna scagtha rioscabhunaithe láithreánsonracha a bhaint amach. Bíonn líon mór hipitéisí agus éiginnteachtaí i gceist le measúnú riosca. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, meastóireacht a dhéanamh ar na hipitéisí agus éiginnteachtaí sin chun tuiscint iomlán a fháil ar thábhacht na dtorthaí a fhaightear agus chun cinntí eolacha a dhéanamh.
IARSCRÍBHINN VI
INNEACHAR AN CHLÁIR DE LÁITHREÁIN A d’FHÉADFADH A BHEITH ÉILLITHE AGUS DE LÁITHREÁIN ÉILLITHE
Cuirfidh dearadh agus cur i láthair na sonraí sa chlár ar chumas an phobail dul chun cinn maidir le sainaithint agus imscrúdú láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe agus bainistiú láithreán éillithe a rianú. Áireofar sa chlár an fhaisnéis seo a leanas ar leibhéal an láithreáin maidir leis na láithreáin is eol a d’fhéadfadh a bheith éillithe, na láithreáin éillithe is eol, na láithreáin éillithe is eol a dteastaíonn tuilleadh gníomhaíochta ina leith, agus na láithreáin éillithe is eol a ndearnadh gníomhaíocht orthu nó a bhfuil gníomhaíocht á déanamh orthu, agus leagfar an fhaisnéis seo a leanas amach ann:
(a)
comhordanáidí, seoladh nó dáileacht nó dáileachtaí chlár talún an láithreáin i gcomhréir le Treoracha (AE) 2019/1024 agus 2007/2/CE;
(b)
an bhliain inar cuireadh an láithreán ar an gclár;
(c)
gníomhaíochtaí éillithe nó gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héilliú, ar gníomhaíochtaí iad a rinneadh nó atá á ndéanamh ar an láithreán;
(d)
stádas bainistíochta an láithreáin;
(e)
conclúidí maidir le láithreacht nó neamhláithreacht, cineál agus riosca an éillithe (nó an éillithe iarmharaigh tar éis feabhsú ithreach) i gcás ina bhfuil faisnéis faoi na heilimintí sin ar fáil cheana féin ó na himscrúduithe ithreach agus ón measúnú riosca láithreánsonrach dá dtagraítear in Airteagail 15 agus 16;
(f)
gníomhaíochtaí agus céimeanna bainistíochta ina dhiaidh sin is gá dá dtagraítear in Airteagail 15 agus 16.
Féadfar an fhaisnéis seo a leanas a bheith sa chlár freisin ar leibhéal an láithreáin maidir leis na láithreáin is eol a d’fhéadfadh a bheith éillithe, na láithreáin éillithe is eol, na láithreáin éillithe is eol a dteastaíonn tuilleadh gníomhaíochta ina leith, agus na láithreáin éillithe is eol a ndearnadh gníomhaíocht orthu nó a bhfuil gníomhaíocht á déanamh orthu, i gcás ina bhfuil fáil ar an bhfaisnéis sin:
(a)
faisnéis maidir le ceadanna comhshaoil a eisíodh don láithreán, lena n-áirítear an bhliain a thosóidh agus a chríochnóidh an ghníomhaíocht;
(b)
an úsáid talún atá ann faoi láthair agus atá beartaithe;
(c)
torthaí ó thuarascálacha imscrúdúcháin ithreach agus feabhsúcháin ithreach, amhail tiúchaintí agus luí an éillithe, samhail choincheapúil an láithreáin, an mhodheolaíocht measúnaithe riosca, teicnící a úsáideadh nó a bheartaítear a úsáid, éifeachtacht agus meastacháin chostais na mbeart laghdúcháin riosca;
(d)
amlíne na ngníomhaíochtaí agus gcéimeanna bainistíochta ina dhiaidh sin.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/2360/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)
Top