Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh
GA
Sraith L
2026/799
1.4.2026
TREOIR (AE) 2026/799 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Márta 2026
maidir le gnéithe áirithe den dlí dócmhainneachta a chomhchuibhiú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
Is é cuspóir na Treorach seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus Aontas na Margaí Caipitil, agus fáil réidh le bacainní ar fheidhmiú saoirsí bunúsacha, amhail saorghluaiseacht chaipitil agus saoirse bunaíochta, ar bacainní iad a eascraíonn as difríochtaí idir dlíthe náisiúnta i réimse na dócmhainneachta.
(2)
Áirithítear le himeachtaí dócmhainneachta foirceannadh nó athstruchtúrú ordúil cuideachtaí nó fiontraithe atá i gcruachás airgeadais agus eacnamaíoch. I gcomhthéacs infheistíochtaí airgeadais, is príomhimeachtaí iad na himeachtaí sin, agus áirítear leo na coimircí ábhartha chun measúnú cruinn a dhéanamh ar luach shócmhainní na gcuideachtaí agus na bhfiontraithe sin, toisc go gcinntear leo sin luach aisghabhála deiridh na n-infheistíochtaí sin. Admhaítear le Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) gur ann do dhifríochtaí móra idir dlíthe substainteacha dócmhainneachta, agus tá curtha ag na difríochtaí sin leis an éiginnteacht dhlíthiúil agus leis an dothuarthacht maidir le toradh na n-imeachtaí dócmhainneachta. Bíonn iarmhairtí diúltacha maidir le hintuarthacht na gcostas do chreidiúnaithe agus infheisteoirí i gcásanna trasteorann sa mhargadh inmheánach de dheasca na n-éagsúlachtaí móra sa luach aisghabhála agus san am a theastaíonn chun imeachtaí dócmhainneachta a chur i gcrích ar fud an Aontais. Leis an éagsúlacht sin i rialacha na mBallstát, laghdaítear tarraingteacht na n-infheistíochtaí trasteorann, rud a chruthaíonn bacainní agus a imríonn tionchar ar ghluaiseacht trasteorann caipitil san Aontas agus chuig tríú tíortha agus uathu. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé gur ghá athruithe a dhéanamh ar na dlíthe atá ag roinnt Ballstát chun gnéithe áirithe den dlí dócmhainneachta a chomhchuibhiú.
(3)
Tá comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh i réimse na ndlíthe dócmhainneachta leis an Treoir seo ríthábhachtach chun éifeachtúlacht fheidhmiú na margaí caipitil san Aontas a fheabhsú, lena n-áirítear rochtain níos fearr ar mhaoiniú corparáideach a chumasú. Dá bhrí sin, ní mór íoscheanglais a leagan síos i réimsí spriocdhírithe a bhaineann le himeachtaí dócmhainneachta, íoscheanglais a mbeidh tionchar suntasach acu ar éifeachtúlacht agus ar fhad na n-imeachtaí sin, go háirithe i gcás imeachtaí dócmhainneachta trasteorann.
(4)
Ní dochar an Treoir seo do chearta aonair agus comhchoiteanna oibrithe faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta i gcomhthéacs imeachtaí dócmhainneachta, go háirithe Treoracha 98/59/CE (4) agus 2001/23/CE (5) ón gComhairle, agus Treoracha 2002/14/CE (6), 2008/94/CE (7) agus 2009/38/CE (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus na dlíthe náisiúnta lena dtrasuitear iad. Go háirithe, ní dochar an Treoir seo do na hoibleagáidí a bhaineann le faisnéis a thabhairt d’oibrithe agus le dul i gcomhairle leo, agus do chearta oibrithe i gcás aistriú gnóthais nó gnólachta nó cuid de ghnóthas nó de ghnólacht faoi na Treoracha sin agus faoi na dlíthe náisiúnta lena dtrasuitear iad, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil rialacha sna dlíthe náisiúnta sin atá níos fabhraí d’oibrithe nó dá n-ionadaithe ná na rialacha a leagtar síos sna Treoracha sin.
(5)
Chun luach na n-eastát dócmhainneachta a chosaint do chreidiúnaithe, ba cheart a áireamh i ndlíthe dócmhainneachta náisiúnta rialacha éifeachtacha maidir le caingne a bhaineann le neamhniú, in-neamhnitheacht nó neamh-infhorfheidhmitheacht gníomhartha dlí, lena n-áirítear idirbhearta dlí, ar gníomhartha iad atá dochrach do na creidiúnaithe i gcoitinne agus a comhlánaíodh sular tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta (‘caingne seachanta’). Chun a chinneadh an bhfuil gníomh dlí dochrach do na creidiúnaithe i gcoitinne, is gá an chaoi a sainítear coincheapa an eastáit dócmhainneachta agus an chreidiúnaí rannpháirtigh a chur san áireamh. Tá sin ábhartha go háirithe i gcás nach cuid d’eastát dócmhainneachta faoin dlí náisiúnta iad cearta áirithe ach ina mbaineann siad le réimse pearsanta an fhéichiúnaí, amhail an ceart chun pósadh nó deireadh a chur le pósadh nó leanbh a uchtú. Níor cheart glacadh le hoidhreacht nó diúltú oidhreachta a bheith faoi réir na rialacha maidir le caingne seachanta a leagtar amach sa Treoir seo.
(6)
Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag caingne seachanta na héifeachtaí dochracha a bhíonn ag gníomh dlí ar eastát dócmhainneachta a aisiompú, is iomchuí a mheas gur ann do na héifeachtaí díobhálacha a bhíonn ag gníomh dlí tráth a chomhlánaítear an gníomh dlí seachas tráth a fhorghníomhaítear é. Chun críocha na Treorach seo, meastar gníomh dlí a bheith comhlánaithe nuair a bhíonn éifeachtaí dlíthiúla aige i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Mar sin féin, i gcás, de bhun an dlí náisiúnta, ina bhfuil na héifeachtaí dlíthiúla a bhíonn ag gníomh dlí coinníollach ar é a bheith iontráilte i gclár poiblí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh go measfar an gníomh dlí a bheith comhlánaithe a luaithe a chomhlíonfar na ceanglais eile go léir maidir lena éifeachtacht, toisc nach bhfuil neart ag an bhféichiúnaí ná ag na páirtithe eile sa ghníomh dlí ar an am a thógann sé gníomh dlí a iontráil i gclár poiblí.
(7)
Chun críoch na Treorach seo, ba cheart an coincheap ‘gníomhartha dlí’ faoi na rialacha maidir le caingne seachanta a léirmhíniú ar bhonn leathan chun aon iompraíocht a dhéantar d’aon ghnó agus a bhfuil éifeachtaí dlí aici a chumhdach, ar iompraíocht í a dhéanann dochar do na creidiúnaithe i gcoitinne, is cuma cé acu atá nó nach bhfuil na héifeachtaí dlí nó an dochar beartaithe, lena n-áirítear i gcás nach bhfuil aon chríoch chalaoiseach ag an duine a chomhlíonann an gníomh dlí, d’ainneoin na forálacha i réimsí eile dlí. Mar sin féin, gníomhartha a chomhlíonann duine nach ngníomhaíonn go comhfhiosach nó a ghníomhaíonn ar shlí eile gan a shaorthoil nó a saorthoil a fheidhmiú, níor cheart iad a mheas mar ghníomhartha dlí faoin Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a fhoráil go n-áirítear neamhghníomh sa choincheap ‘gníomh dlí’ freisin, ós rud é nach ndéanann sé difear suntasach cé acu mar thoradh ar ghníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht an pháirtí lena mbaineann a dhéantar dochar do chreidiúnaithe. Thairis sin, leis na rialacha maidir le caingne seachanta ba cheart a chumhdach freisin ní hamháin gníomhartha dlí a chomhlíonann an féichiúnaí ach gníomhartha dlí a chomhlíonann contrapháirtí an fhéichiúnaí nó tríú páirtí freisin.
(8)
Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha íosta maidir le caingne seachanta. Dá bhrí sin, cé is moite den tréimhse theorann le haghaidh caingne seachanta a leagtar amach sa Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann forálacha a choinneáil ar bun nó a ghlacadh maidir le caingne seachanta atá níos fabhraí do na creidiúnaithe i gcoitinne ná na forálacha sa Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh freisin do thoimhdí nó ceanglais lena maolaítear an dualgas cruthúnais nuair a rachadh sin i bhfabhar an pháirtí a mhaíonn go bhfuil an gníomh dlí ar neamhní, in-neamhnithe nó neamh-infhorfheidhmithe.
(9)
Chun ionchais dhlisteanacha chontrapháirtí féichiúnaí a chosaint, ba cheart aon chur isteach, a éiríonn as caingean seachanta, ar bhailíocht nó ar in-fhorfheidhmitheacht gnímh dlí a bheith i gcomhréir leis na himthosca faoinar comhlánaíodh an gníomh dlí sin. Áirítear ar na himthosca sin intinn an fhéichiúnaí, eolas an chontrapháirtí nó an t-am a caitheadh idir comhlánú an ghnímh dlí agus tús na n-imeachtaí dócmhainneachta. Dá bhrí sin, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir forais shonracha éagsúla le caingne seachanta atá bunaithe ar phatrúin fíoras choiteanna agus thipiciúla agus a chomhlánaíonn na réamhriachtanais ghinearálta le haghaidh caingne seachanta. Le haon chur isteach mar sin, ba cheart na cearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) a urramú chomh maith.
(10)
Ba cheart a chumhdach le caingne seachanta na gníomhartha dlí a comhlánaíodh laistigh d’íostréimhse áirithe roimh an dáta a thíolactar iarraidh ar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh nó, sna Ballstáit inar féidir tús a chur le himeachtaí dócmhainneachta le rún ó chomhaltaí den chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an fhéichiúnaí, roimh dháta an rúin sin. Níor cheart an cumas caingean seachanta a thionscnamh a bheith ag brath ar an méid ama a thógann sé ar an gcúirt scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta nó go nglacfaí rún, de bhun an dlí náisiúnta.
(11)
Chun críocha caingne seachanta, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir gníomhartha dlí ina raibh éileamh an chontrapháirtí dlite agus in-fhorfheidhmithe agus inar sásaíodh é nó inar áirithíodh é faoi mar a bhí sé dlite (‘cumhdach iomchuí’) agus na gníomhartha sin nach raibh an comhlíonadh i gcomhréir go hiomlán le héileamh an chreidiúnaí (‘cumhdach míchuí’). Ar shamplaí de chumhdach míchuí áirítear: íocaíochtaí roimh am; sásamh féich trí mheán íocaíochta neamhghnách; urrús comhthaobhach a sholáthar ina dhiaidh sin maidir le héileamh nach raibh faoi urrús roimhe sin agus nár aontaíodh air sa chomhaontú fiachais bunaidh; ceart foirceanta urghnách a dheonú nó leasuithe eile nach bhforáiltear dóibh sa bhunchonradh; tarscaoileadh cosaintí dlíthiúla; agus agóidí nó admháil na bhfiachas inchonspóide. I gcás cumhdaigh iomchuí, níor cheart a bheith in ann foras seachanta na tosaíochtaí a agairt ach amháin má bhí a fhios ag creidiúnaí an ghnímh dlí atá ar neamhní, atá in-neamhnithe nó atá neamh-infhorfheidhmithe, tráth an idirbhirt, go raibh an féichiúnaí dócmhainneach. I gcás cumhdaigh iomchuí agus cumhdaigh mhíchuí araon, ba cheart na téarmaí ‘sásamh’ agus ‘soláthar urrúis chomhthaobhaigh’ éileamh an chontrapháirtí a léirmhíniú ar bhonn leathan, chun go n-áireofar leo gníomhartha amhail na gníomhartha sin lena gcruthaítear ceart chun stádas pribhléideach a fhritháireamh nó a dheonú do chreidiúnaithe.
(12)
Níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le caingne seachanta a thugtar isteach leis an Treoir seo maidir le gníomhartha dlí áirithe arb ionann a gcumhdach agus cumhdach iomchuí, eadhon gníomhartha dlí a chomhlíontar go díreach mar mhalairt ar chomaoin chóir a théann chun tairbhe shócmhainní an fhéichiúnaí. Is é is aidhm do na gníomhartha dlí sin tacú le gnáthoibriú laethúil ghnólacht an fhéichiúnaí. Ionas nach mbeidh siad faoi réir na rialacha maidir le caingne seachanta, ba cheart bunús conarthach a bheith ag na gníomhartha dlí sin agus ba cheart a cheangal leo go malartófar comhlíonadh frithpháirteach na bpáirtithe go díreach. Thairis sin, ba cheart an comhlíonadh agus an contrachomhlíonadh a eascraíonn as na gníomhartha dlí sin a bheith coibhéiseach ó thaobh luacha de agus ba cheart an contrachomhlíonadh dul chun tairbhe an fhéichiúnaí seachas tríú páirtí. Áirítear an méid a leanas ar na gníomhartha dlí nár cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le caingne seachanta ina leith: íocaíocht phras tráchtearraí, pá, nó táillí seirbhíse; íocaíocht le hairgead nó le cárta as na hearraí is gá le haghaidh oibríochtaí laethúla an fhéichiúnaí; seachadadh earraí, táirgí nó seirbhísí in aghaidh íocaíocht le casadh an phoist; cruthú cirt urrúis in aghaidh eisíocaíocht na hiasachta nó le linn leanúint d’iasacht, más gá sin i gcomhthéacs rialacha náisiúnta chun coibhéis luacha a choinneáil idir comhlíonadh agus contrachomhlíonadh; agus íocaíocht phras táillí poiblí mar mhalairt ar chomaoin, amhail cead isteach ar láithreacha poiblí nó ar institiúidí poiblí. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le caingne seachanta maidir le deonú creidmheasa. Ba cheart é a bheith indéanta a mheas gur comhlíonadh díreach é pá a íoc le hoibrí de chuid féichiúnaí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás ina n-íoctar é laistigh de 3 mhí tar éis don oibrí sin na seirbhísí a chomhlíonadh.
(13)
I gcás ina n-íocann féichiúnaí fiach gan íoc le tríú páirtí i gcaidreamh trí pháirtí, amhail i gcás ina n-íocann fochuideachta fiach a máthairchuideachta le tríú páirtí, níor cheart é sin a mheas go huathoibríoch mar ghníomh dlí de chuid an fhéichiúnaí mar mhalairt ar chomaoin ar bith nó ar chomaoin ar follasach nach bhfuil sí leordhóthanach. Sna cásanna sin, is féidir an íocaíocht ón bhféichiúnaí a bheith cómhalartach le comhlíonadh a oibleagáide ag an tríú páirtí i leith na máthairchuideachta, rud a d’fhéadfadh buntáiste díreach nó indíreach a thabhairt don fhéichiúnaí, agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh an tríú páirtí in ann diúltú don íocaíocht ón bhféichiúnaí.
(14)
Níor cheart a bheith in ann an fíoras a agairt nach bhfuil an saibhriú a d’eascair as an ngníomh dlí atá ar neamhní, atá in-neamhnithe nó atá neamh-infhorfheidhmithe ar fáil a thuilleadh i maoin an pháirtí a thairbhigh den ghníomh dlí sin (‘dul in éag an tsaibhrithe’) i gcás ina raibh an páirtí sin ar an eolas faoi na himthosca ar a bhfuil an chaingean seachanta bunaithe. Mar sin féin, ós rud é go leagtar síos leis an Treoir seo rialacha íosta maidir le caingne seachanta, is féidir leis na Ballstáit a chinneadh gan cead a thabhairt don pháirtí a thairbhigh den ghníomh dlí an chosaint ‘dul in éag an tsaibhrithe’ a agairt fiú i gcás nach raibh an páirtí sin ar an eolas faoi na himthosca ar a bhfuil an chaingean seachanta bunaithe.
(15)
Maoiniú nua nó maoiniú eatramhach a chuirtear ar fáil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta mar chuid d’iarracht athstruchtúraithe, lena n-áirítear le linn nós imeachta dócmhainneachta coisctheach faoi Theideal II de Threoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ba cheart an maoiniú sin a bheith cosanta in imeachtaí dócmhainneachta ina dhiaidh sin.
(16)
Mar ionstraim comhchuibhithe íosta, ní dochar an Treoir seo do na dlíthe náisiúnta maidir le bailíocht gníomhartha dlí atá faoi réir caingne seachanta. Dá bhrí sin, is faoi na Ballstáit atá sé a chinneadh an measfar an bhfuil an gníomh dlí dochrach ar neamhní ipso jure, nó an bhfuil sé neamhéifeachtach nó neamh-infhorfheidhmithe, nó an féidir na gníomhartha dlí sin a neamhniú le cinneadh na cúirte amháin. Thairis sin, ní leagtar amach sa Treoir seo na coinníollacha faoina measfar nach bhfuil féichiúnaí in ann a fhiacha nó a fiacha a íoc de réir mar a bheidh siad dlite. Dá bhrí sin, chun críocha na Treorach seo, is i gcomhréir leis an dlí náisiúnta a chinnfear an bhfuil féichiúnaí in ann a fhiacha nó a fiacha a íoc de réir mar a bheidh siad dlite, lena n-áirítear an gceanglaítear leis an gcinneadh sin nach mbíonn an féichiúnaí in ann a fhiacha nó a fiacha a íoc de ghnáth de réir mar a bhíonn siad dlite.
(17)
Is é an príomhthoradh a bhíonn ar ghníomh dlí a bheith ar neamhní, in-neamhnithe nó neamh-infhorfheidhmithe de dheasca caingean seachanta, go mbíonn oibleagáid ar an bpáirtí a thairbhíonn den ghníomh dlí sin an sochar a fuarthas a thabhairt ar ais don eastát dócmhainneachta. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus sa chomhthéacs sin, ba cheart díolaíochtaí, i gcás inarb ábhartha, agus ús a áireamh ar an gcoincheap ‘sochar’. D’fhéadfaí a mheas gur tugadh an sochar ar ais i gcás ina dtugtar ar ais an sochar iarbhír é féin nó i gcás ina n-íoctar luach airgeadúil coibhéiseach an tsochair sin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart é a bheith indéanta caingne seachanta a thionscnamh i gcoinne comharbaí aonair an fhéichiúnaí más rud é, tráth a fuarthas na sócmhainní atá faoi réir na caingne seachanta, go raibh siad ar an eolas faoi na himthosca ar a raibh na caingne seachanta bunaithe.
(18)
Páirtithe ag a bhfuil dlúthbhaint leis an bhféichiúnaí, amhail gaolta, i gcás inar duine nádúrtha é nó í an féichiúnaí, nó, i gcás inarb eintiteas dlíthiúil é an féichiúnaí, páirtithe a chomhlíonann róil chinntitheacha i ndáil leis an bhféichiúnaí, is gnách buntáiste a bheith acu maidir le faisnéis a bhaineann le staid airgeadais an fhéichiúnaí. Chun mí-úsáid staid den sórt sin a chosc, ba cheart coimircí breise a bhunú. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs caingne seachanta, nuair is páirtí ag a bhfuil dlúthbhaint leis an bhféichiúnaí é nó í an páirtí eile atá páirteach i ngníomh dlí atá ar neamhní, atá in-neamhnithe nó atá neamh-infhorfheidhmithe, ba cheart toimhdí dlíthiúla a thabhairt isteach faoin eolas atá ag an bpáirtí sin ar na himthosca ar a raibh na caingne seachanta bunaithe. Ba cheart a bheith in ann na toimhdí sin a fhrisnéis agus ba cheart é a bheith d’aidhm acu an dualgas cruthúnais a aisiompú chun tairbhe an eastáit dócmhainneachta. I gcás páirtí a thairbhigh de ghníomh dlí atá ar neamhní, atá in-neamhnithe nó atá neamh-infhorfheidhmithe agus a d’aistrigh chuig tríú páirtí ó shin an sochar a fuair sé nó sí, ba cheart gurb é tráth an aistrithe an tráth ar a chinnfí an bhfuil dlúthbhaint ag na páirtithe sin lena chéile.
(19)
Tá sé bunriachtanach, chun luach an eastáit dócmhainneachta a uasmhéadú feabhas a chur ar na modhanna atá ar fáil do chleachtóirí dócmhainneachta chun sócmhainní de chuid eastáit dócmhainneachta, chomh maith le sócmhainní atá faoi réir caingne seachanta, a shainaithint agus a rianú. Agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, is féidir le cleachtóirí dócmhainneachta rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i gcláir sonraí poiblí, ar bunaíodh cuid acu faoi dhlí an Aontais agus atá idirnasctha ar an leibhéal Eorpach, amhail Córas Idirnasctha na gClár Gnó (BRIS) dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) nó Córas Idirnasctha na gClár Dócmhainneachta arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2015/848. Is minic, áfach, nach leor rochtain a bheith ach ar fhaisnéis a choimeádtar i mbunachair sonraí phoiblí chun sócmhainní ar cuid d’eastát dócmhainneachta, nó ar cheart gur cuid de iad, a shainaithint agus a rianú. Go háirithe, bíonn deacrachtaí praiticiúla ag cleachtóirí dócmhainneachta nuair a dhéanann siad iarracht rochtain a fháil ar chláir sócmhainní atá i mBallstáit nach é an Ballstát inar ceapadh iad féin.
(20)
Dá bhrí sin, ní mór forálacha a leagan síos chun a áirithiú go mbeidh rochtain dhíreach nó indíreach ag cleachtóirí dócmhainneachta, agus a ndualgas in imeachtaí dócmhainneachta á gcomhlíonadh acu, ar fhaisnéis a choimeádtar i mbunachair sonraí nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu.
(21)
Is minic a bhíonn sé fíor-riachtanach rochtain dhíreach láithreach ar chláir cuntas bainc a bheith ar fáil chun luach an eastáit dócmhainneachta a uasmhéadú. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a leagan síos lena bhforáiltear go mbeidh rochtain láithreach dhíreach ag cúirteanna nó údaráis riaracháin ainmnithe na mBallstát ar fhaisnéis a choimeádtar sna cláir cuntas bainc. Chun sócmhainní de chuid eastáit dócmhainneachta, chomh maith le sócmhainní atá faoi réir caingne seachanta, a shainaithint agus a rianú, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le rochtain ní hamháin ar fhaisnéis faoi chuntais bainc an fhéichiúnaí ach ar fhaisnéis faoi chuntais bainc tríú páirtithe freisin i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas gur tairbhithe iad de ghníomhartha dlí atá ar neamhní, atá in-neamhnithe nó atá neamh-infhorfheidhmithe. I gcás ina gcuireann Ballstát rochtain ar fáil ar fhaisnéis faoi chuntais bainc trí chóras lárnach leictreonach aisghabhála sonraí, ba cheart don Bhallstát sin a áirithiú go ndéanfaidh an t-údarás a oibríonn an córas aisghabhála torthaí cuardaigh a thuairisciú láithreach agus ar bhealach neamhscagtha do na cúirteanna nó na húdaráis ainmnithe.
(22)
Chun an ceart go gcosnófaí sonraí pearsanta agus an ceart chun príobháideachais a urramú, ba cheart rochtain dhíreach agus láithreach ar chláir cuntas bainc a dheonú do chúirteanna nó d’údaráis riaracháin atá ainmnithe ag na Ballstáit chun na críche sin. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag cleachtóirí dócmhainneachta rochtain a fháil ar fhaisnéis a choimeádtar sna cláir cuntas bainc sin go hindíreach, trína iarraidh ar na cúirteanna nó na húdaráis riaracháin ainmnithe sa Bhallstát inar ceapadh iad chun rochtain a fháil ar na cláir agus na cuardaigh a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na cúirteanna nó na húdaráis riaracháin céanna a ainmniú chun críche rochtana ar chláir cuntas bainc ar bhonn intíre agus trasteorann araon trí chóras idirnasctha na gclár cuntas bainc dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) (CICCB). Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a fhoráil freisin gur cheart do chúirteanna nó d’údaráis seachas na cúirteanna nó na húdaráis ainmnithe faoin Treoir seo fíorú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi chuntais bainc agus í a cuardach. Níor cheart rochtain ar fhaisnéis a dheonú ach amháin ar bhonn cás ar chás, i gcás inarb ábhartha d’imeachtaí dócmhainneachta sonracha chun sócmhainní de chuid eastáit dócmhainneachta, chomh maith le sócmhainní atá faoi réir caingne seachanta, a shainaithint agus a rianú. Mar sin féin, ós rud é gur rialacha íosta iad na rialacha a leagtar síos leis an Treoir seo, is féidir leis na Ballstáit rialacha a ghlacadh nó a choinneáil lena ndéantar foráil maidir le rochtain agus cuardaigh dhíreacha a bheith á ndéanamh ag cleachtóirí dócmhainneachta ina gcláir náisiúnta cuntas bainc agus ina gcórais leictreonacha aisghabhála sonraí. I gcásanna ina bhfuil rochtain dhíreach ag cleachtóirí dócmhainneachta agus inar féidir leo cuardaigh dhíreacha a dhéanamh, ní cheanglaítear ar na Ballstáit cúirteanna ná údaráis a ainmniú chun rochtain a bheith acu ar chláir náisiúnta cuntas bainc nó ar chórais leictreonacha aisghabhála sonraí na mBallstát sin, nó chun iad a chuardach, ach tá siad fós faoin oibleagáid cúirteanna nó údaráis a ainmniú chun CICCB a rochtain agus a chuardach.
(23)
Le Treoir (AE) 2024/1640 déantar foráil go bhfuil sásraí uathoibrithe láraithe, amhail cláir lárnacha nó córais leictreonacha aisghabhála sonraí lárnacha, le bheith idirnasctha trí CICCB, arb é an Coimisiún atá lena fhorbairt agus lena oibriú. I bhfianaise thábhacht mhéadaitheach na gcásanna dócmhainneachta a mbíonn impleachtaí trasteorann acu agus thábhacht na faisnéise ábhartha airgeadais a úsáidtear chun luach an eastáit dócmhainneachta a uasmhéadú in imeachtaí dócmhainneachta, ba cheart do na cúirteanna nó na húdaráis riaracháin ainmnithe a bheith in ann na cláir cuntas bainc atá ag Ballstáit eile a rochtain agus a chuardach go díreach trí CICCB.
(24)
Tá an rochtain a bhíonn ag na cúirteanna nó údaráis riaracháin arna n-ainmniú faoin Treoir seo ar fhaisnéis faoi chuntais bainc thar theorainneacha trí CICCB bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit a dhíorthaítear óna n-urramú ar chearta bunúsacha agus ar na prionsabail a aithnítear le hAirteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gCairt, chomh maith leis na cearta bunúsacha agus na prionsabail bhunúsacha dá bhforáiltear sa dlí idirnáisiúnta agus i gcomhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas nó na Ballstáit uile ina bpáirtithe iontu, lena n-áirítear an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus i mbunreachtanna na mBallstát, ina réimsí cur i bhfeidhm faoi seach. Ba cheart an chumhacht chun faisnéis faoi chuntais bainc a rochtain agus a chuardach trí CICCB faoin Treoir seo a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, agus i gcomhréir le coimircí nós imeachta náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta.
(25)
Níor cheart aon sonraí pearsanta a fhaigheann cúirteanna nó údaráis riaracháin ainmnithe nó cleachtóirí dócmhainneachta faoin Treoir seo a phróiseáil ach amháin i gcás ina bhfuil sé riachtanach agus comhréireach chun sócmhainní de chuid an eastáit dócmhainneachta a shainaithint agus a rianú in imeachtaí dócmhainneachta atá ar siúl, i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.
(26)
Áirithítear le Treoir (AE) 2024/1640 go ndeonófar rochtain do dhaoine ag a bhfuil leas dlisteanach ar fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil i gcomhréir le rialacha maidir le cosaint sonraí. Chun sócmhainní a rianú i gcomhthéacs imeachtaí dócmhainneachta atá ar siúl, ba cheart rochtain thráthúil a thabhairt do chleachtóirí dócmhainneachta ar chatagóirí sonracha faisnéise faoi úinéireacht thairbhiúil atá ar teachtadh sna cláir lárnacha idirnasctha um húinéireacht thairbhiúil, amhail ainm, mí agus bliain bhreithe, tír chónaithe agus náisiúntacht an úinéara thairbhiúil, maille le cineál agus méid an leasa thairbhiúil atá ar teachtadh.
(27)
Chun a áirithiú gur féidir sócmhainní a rianú go héifeachtúil i gcomhthéacs imeachtaí dócmhainneachta trasteorann, ba cheart rochtain ghasta ar chláir agus bunachair sonraí náisiúnta a thabhairt do chleachtóirí dócmhainneachta fiú má tá na cláir sin lonnaithe i mBallstát nach é an Ballstát inar ceapadh an cleachtóir dócmhainneachta lena mbaineann. Ba cheart rochtain a dheonú gan aon chúirt ná údarás idirmheánach a bheith rannpháirteach, rud a chuirfeadh ar chumas cleachtóirí dócmhainneachta cumarsáid dhíreach a dhéanamh leis na heintitis a oibríonn nó a choinníonn na cláir nó na bunachair sonraí náisiúnta lena mbaineann. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le cuardach díreach a bheith á dhéanamh ag cleachtóirí dócmhainneachta sna tacair sonraí atá sna cláir nó sna bunachair sonraí sin. Níor cheart na coinníollacha rochtana a bhfuil feidhm acu maidir le cleachtóirí dócmhainneachta arna gceapadh i mBallstát eile a bheith níos ciotaí ná na coinníollacha rochtana a bhfuil feidhm acu maidir le cleachtóirí dócmhainneachta intíre. Dá bhrí sin, níor cheart do na Ballstáit coinníollacha rochtana éagsúla a chur i bhfeidhm ar an mbonn gur cleachtóir dócmhainneachta a ceapadh i mBallstát eile é nó í an t-iarratasóir, agus ar an mbonn sin amháin. Maidir le gnéithe nós imeachta a bhaineann le hiarrataí arna dtíolacadh ag cleachtóirí dócmhainneachta a fháil agus a dheonú, amhail teanga an nós imeachta nó fíorú na gcoinníollacha rochtana, ba cheart iad a rialú le dlí an Bhallstáit ina gcoimeádtar na cláir agus na bunachair sonraí.
(28)
Ar mhaithe le córas éifeachtach comhsheasmhach a bhunú chun fiacha a fhorfheidhmiú in aghaidh sócmhainní féichiúnaithe, tá sé bunriachtanach gan ligean d’fhéichiúnaithe a gcuid sócmhainní a cheilt, lena n-áirítear trí ionstraimí airgeadais a fháil, amhail urrúis. D’fhéadfadh deacrachtaí teacht as na difríochtaí idir córais náisiúnta socraíochta, agus idir cineálacha agus saintréithe éagsúla na n-ionstraimí airgeadais, maidir le rochtain a fháil ar thaifid agus maidir lena shainaithint cé hé úinéir tairbhiúil deiridh na hionstraime airgeadais. Dá bhrí sin, gan beann ar an gcineál cláir, bunachair sonraí nó foinse eile faisnéise a úsáideann Ballstát, ní mór do na Ballstáit creat a bheith i bhfeidhm acu chun sainaithint agus rianú úinéirí na n-ionstraimí airgeadais a éascú trí na cláir agus na bunachair sonraí náisiúnta sin a chur ar fáil arna iarraidh sin.
(29)
I gcomhthéacs leachtú in imeachtaí dócmhainneachta, le dlíthe dócmhainneachta náisiúnta ba cheart a fhágáil gur féidir sócmhainní gnólachta a réadú tríd an ngnólacht, nó cuid de, a dhíol mar ghnóthas leantach. Chun críche na Treorach seo, is é a thuigtear as ‘díol mar ghnóthas leantach’ an gnólacht a aistriú, ina iomláine nó i bpáirt, chuig faighteoir ar bhealach ina bhféadfaidh an gnólacht sin, nó cuid sách suntasach de, leanúint de bheith ag feidhmiú mar aonad atá táirgiúil go heacnamaíoch. Ní thuigtear as go n-áirítear leis sin sócmhainní an ghnólachta a dhíol píosa ar phíosa (‘leachtú píosa ar phíosa’).
(30)
Glactar leis go ginearálta gur féidir luach níos airde a aisghabháil faoi leachtú tríd an ngnólacht, nó cuid de, a dhíol mar ghnóthas leantach seachas trí leachtú píosa ar phíosa. Chun díol mar ghnóthas leantach a chur chun cinn, ba cheart foráil a dhéanamh sna dlíthe náisiúnta dócmhainneachta d’imeachtaí faoina bhféadfaidh an féichiúnaí atá i gcruachás airgeadais, le cuidiú ó ‘monatóir’, nó faoina mhaoirseacht, faighteoirí leasmhara a lorg agus díol réamhullmhaithe an ghnólachta mar ghnóthas leantach (‘imeachtaí um dhíol réamhullmhaithe’) a ullmhú sula dtionscnófar imeachtaí dócmhainneachta go foirmiúil. Is féidir sócmhainní an ghnólachta atá faoi réir na n-imeachtaí um dhíol réamhullmhaithe a réadú go tapa ansin go gairid tar éis thionscnamh foirmiúil na n imeachtaí dócmhainneachta. Leis an Treoir seo, ba cheart caighdeáin a leagan síos maidir le himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe, agus ag an am céanna cead a thabhairt do na Ballstáit na caighdeáin sin a chur in oiriúint don dlí dócmhainneachta náisiúnta atá ann cheana. Chun a áirithiú go mbeidh an próiseas díola cothrom, ba cheart don mhonatóir a bheith neamhspleách ar an bhféichiúnaí agus ar aon pháirtí ag a bhfuil dlúthbhaint leis an bhféichiúnaí. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le ceanglais bhreise i ndáil le neamhspleáchas an mhonatóra ar shealbhóirí cothromais nó ar chreidiúnaithe. Ba cheart dhá chéim a bheith sna himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe, is iad sin céim an ullmhúcháin agus céim an leachtaithe.
(31)
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag céim an ullmhúcháin teacht ar cheannaitheoir iomchuí do ghnólacht an fhéichiúnaí, nó do chuid de, agus ba cheart an chéim sin a bheith faoi rún, a mhéid a bhaineann, ar a laghad, le teacht ar cheannaitheoir iomchuí. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag céim an leachtaithe díol ghnólacht an fhéichiúnaí, nó cuid de, a fhormheas agus a fhorghníomhú, agus na fáltais a dháileadh ar na creidiúnaithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart gur le cinneadh ó chomhlacht breithiúnach, nó ó aon chomhlacht inniúil eile, imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh go foirmiúil faoin dlí náisiúnta a thosaítear céim an leachtaithe, as a dtagann foirceannadh an fhéichiúnaí go minic. Níor cheart cosc a bheith ar an bhféichiúnaí leanúint dá oibríochtaí gnó nó dá hoibríochtaí gnó leis an gcuid sin dá ghnó nó dá gnó atá fágtha tar éis céim an leachtaithe a bheith tugtha chun críche. Ba cheart céim an leachtaithe a dhéanamh trí bhíthin imeachtaí dócmhainneachta nach nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach iad. Sna Ballstáit ina bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2015/848, ba cheart céim an leachtaithe a dhéanamh trí bhíthin imeachtaí dócmhainneachta a áirítear in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Rialachán sin nach imeachtaí um athstruchtúrú coisctheach iad.
(32)
Ní dochar imeachtaí um dhíol réamhullmhaithe do chearta oibrithe faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear rannpháirtíocht ionadaithe oibrithe. Ba cheart imeachtaí um dhíol réamhullmhaithe a rialú le forálacha reachtúla nó rialála agus ba cheart iad a thuiscint mar imeachtaí ina n-ullmhaítear aistriú gnóthais ina iomláine nó cuid de le cúnamh ó mhonatóir faoi mhaoirseacht na cúirte nó an údaráis inniúil, sula ndéanfar imeachtaí foirmiúla dócmhainneachta a thionscnamh d’fhonn sócmhainní an fhéichiúnaí a leachtú. Cé gurb é príomhchuspóir na n-imeachtaí um dhíol réamhullmhaithe a bheith in ann sócmhainní an fhéichiúnaí a leachtú tríd an ghnólacht, nó cuid de, a dhíol mar ghnóthas leantach, i gcomhthéacs imeachtaí dócmhainneachta, chun éilimh na gcreidiúnaithe uile a shásamh a mhéid is féidir, is féidir é a úsáid freisin chun fostaíocht a chaomhnú.
(33)
Ní dochar an Treoir seo do Threoir 2001/23/CE. I bhfianaise chásdlí na Cúirte Breithiúnais, eadhon breithiúnas an 28 Aibreán 2022 i gcás C-237/20, Federatie Nederlandse Vakbeweging (12), cumhdaítear céim an leachtaithe leis an eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) de Threoir 2001/23/CE i gcás ina bhfuil sé mar phríomhchuspóir ag na himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe éilimh na gcreidiúnaithe a shásamh a mhéid is féidir agus, ag an am céanna, fostaíocht a chaomhnú a mhéid is féidir.
(34)
Níor cheart, mar thoradh ar imeachtaí um dhíol réamhullmhaithe a thabhairt isteach faoin Treoir seo, srianta a bheith ar chumhachtaí na gcleachtóirí dócmhainneachta ná ar an bhféidearthacht an gnólacht a dhíol mar ghnóthas leantach in imeachtaí dócmhainneachta faoin dlí náisiúnta.
(35)
Ní thagann forálacha na Treorach seo maidir le himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe in ionad rialacha substainteacha náisiúnta, go háirithe na rialacha sin maidir le héilimh creidiúnaithe a rangú, fáltais a dháileadh, maidir le cineál, raon feidhme agus foirm rannpháirtíocht na gcreidiúnaithe, ná maidir le luach saothair an chleachtóra dócmhainneachta. I gcás nach n-údaraíonn cúirt nó údarás inniúil an gnólacht, nó cuid de, a dhíol, mar a mhol an monatóir, ba cheart leanúint d’imeachtaí dócmhainneachta i gcomhréir leis an dlí dócmhainneachta náisiúnta is infheidhme. Tá tús chéim an leachtaithe faoi réir na gceanglas faoin dlí náisiúnta maidir le himeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh, amhail foras a bheith ann chun imeachtaí den chineál sin a thionscnamh.
(36)
Is maidir le féichiúnaithe ar daoine dlítheanacha iad ba cheart na himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe dá bhforáiltear faoin Treoir seo a chur i bhfeidhm. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit cur i bhfeidhm imeachtaí um dhíol réamhullmhaithe a leathnú chuig daoine nádúrtha ar fiontraithe iad.
(37)
Ba cheart d’fhéichiúnaithe a bheith in ann tairbhe a bhaint as bac sealadach ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair. Ba cheart an bac a bheith ar fáil le linn chéim an ullmhúcháin nó i gcomhthéacs cineál eile imeachtaí dócmhainneachta ina bhfuil smacht iomlán, nó smacht páirteach ar a laghad, ag an bhféichiúnaí ar a shócmhainní nó a sócmhainní agus ar oibriú a ghnóthas nó a gnóthas ó lá go lá agus inar féidir leanúint le díol ghnólacht an fhéichiúnaí, nó cuid de, mar ghnóthas leantach agus an díol sin a thabhairt i gcrích. I gcás ina gcuirfear an bac ar fáil le linn chéim an ullmhúcháin, ba cheart é a bheith ar fáil faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 6 agus 7 de Threoir (AE) 2019/1023 agus sna dlíthe náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir sin.
(38)
Le himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe, ba cheart a áirithiú go ndéanfar an tairiscint is fearr a fhaightear le linn chéim an ullmhúcháin a chur faoi bhráid na cúirte nó an údaráis inniúil lena húdarú, nó a chur faoi bhráid na gcreidiúnaithe lena formheas. Ba cheart don mhonatóir measúnú a dhéanamh ar cé acu a aisghabhfadh nó nach n-aisghabhfadh leachtú píosa ar phíosa luach níos mó do chreidiúnaithe ná an praghas margaidh a gheofaí tríd an ngnólacht, nó cuid de, a dhíol mar ghnóthas leantach, agus ba cheart don mhonatóir a rá cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an cás sin. D’fhéadfaí a bheith ag súil go réasúnta go mbeadh luach níos airde ag gnólacht leantach ná ag gnólacht a dhéanfaí a leachtú píosa ar phíosa, bunaithe ar an dtoimhde go leanfadh an gnólacht dá chuid oibríochtaí leis an gcur isteach is lú ab fhéidir, go mbeadh muinín na gcreidiúnaithe airgeadais, na scairshealbhóirí agus na gcliant á coinneáil agus go leanfadh sé de bheith ag giniúint ioncaim. Ní chuirfear aon ualach míchuí ar an monatóir ná ar an bpróiseas díola agus, go háirithe, níor cheart go mbeadh gá le luacháil iomlán a dhéanamh i gcéim an ullmhúcháin den phróiseas, ach amháin más páirtí ag a bhfuil dlúthbhaint leis an bhféichiúnaí é nó í an ceannaitheoir ionchasach. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheangal ar an monatóir gnéithe seachas praghas a chur san áireamh, lena n-áirítear leas an phobail nó inmharthanacht gnólachta. Mar sin féin, ba cheart ceanglas chun grinnscrúdú méadaithe a fhorchur a bheith i bhfeidhm i gcás inar páirtí ag a bhfuil dlúthbhaint leis an bhféichiúnaí a dhéanann an tairiscint a mheastar a bheith ar an tairiscint is fearr. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheangal ar an monatóir údar a thabhairt lena chonclúid nó lena conclúid nach gcuirfeadh an tairiscint a shainaithnítear mar an tairiscint is fearr na creidiúnaithe i staid níos measa ná an staid ina mbeidís faoi shásra malartach chun aghaidh a thabhairt ar dhócmhainneacht an fhéichiúnaí. Ba cheart don mhonatóir ullmhú an phróisis díolacháin a dhoiciméadú, chun bonn iomchuí a sholáthar d’údarú nó d’fhormheas na tairisceana is fearr.
(39)
Ba cheart teorainn ama a chur le céim an ullmhúcháin. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le huastréimhse a fhéadfaidh a bheith níos giorra ná fad an bhaic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/1023. I gcás ina dtagann sé chun solais, le linn chéim an ullmhúcháin, nach féidir cuspóirí na n-imeachtaí um dhíol réamhullmhaithe a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh gur féidir na himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe a fhoirceannadh. Is féidir cásanna den sórt sin tarlú i gcás ina mainníonn an féichiúnaí comhoibriú leis an monatóir nó gníomhú le dícheall cuí le linn chéim an ullmhúcháin. Cás eile den sórt is ea cás nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann go ndíolfar an gnólacht mar ghnóthas leantach, mar shampla i gcás ina bhfuil leabhair agus taifid an fhéichiúnaí neamhiomlán nó chomh heasnamhach sin nach féidir a staid ghnó agus airgeadais a fhionnadh. Thairis sin, i gcásanna ina sonraítear sa dlí náisiúnta nach mór an próiseas díola i gcéim an ullmhúcháin a bheith iomaíoch, trédhearcach, cothrom agus comhlíontach le caighdeán an mhargaidh, is féidir gníomhartha arna ndéanamh ag an bhféichiúnaí nach gcomhlíonann na ceanglais sin a mheas mar mhainneachtain gníomhú le dícheall cuí. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a fhoráil, fiú mura gcomhoibríonn an féichiúnaí leis an monatóir nó mura ngníomhaíonn an féichiúnaí le dícheall cuí agus i gcás inar chun leas ghinearálta na gcreidiúnaithe é leanúint de chéim an ullmhúcháin, gur féidir leis an gcúirt nó leis an údarás inniúil teorainn a chur le cearta an fhéichiúnaí a ghnólacht nó a gnólacht a riar i gcomhréir leis an dlí dócmhainneachta is infheidhme, d’fhonn na himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe a thabhairt chun críche.
(40)
Chun a áirithiú go ndíolfar gnólacht ar an bpraghas is fearr trí na himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go seolfaí an próiseas díola i gcéim an ullmhúcháin de réir ardchaighdeáin iomaíochais, trédhearcachta agus chothroime. De rogha air sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a fhoráil, tar éis céim an leachtaithe a thionscnamh nó tar éis an tairgeoir is fearr a mholtar a chur i láthair, go reáchtálfaí ceant poiblí chun an tairiscint is fearr a roghnú nó go ndéanfadh na creidiúnaithe an tairiscint a mholann an monatóir a fhormheas. Is faoi na Ballstáit atá sé a chinneadh cé acu cruinniú ginearálta na gcreidiúnaithe nó an coiste creidiúnaithe a thabharfaidh formheas na gcreidiúnaithe.
(41)
Ní choisctear ar na Ballstáit a fhoráil gur féidir le cúirt nó údarás inniúil ag a bhfuil sé suite nach bhfuil an próiseas díola iomaíoch, trédhearcach agus cothrom agus nach gcomhlíonann sé caighdeáin an mhargaidh, gur féidir leis an gcúirt nó an t-údarás sin cinneadh a dhéanamh leanúint ar aghaidh le ceant poiblí le linn chéim an leachtaithe, nó sócmhainní an fhéichiúnaí a leachtú píosa ar phíosa in imeacht dócmhainneachta arna thionscnamh laistigh de na himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe.
(42)
Ní mór an ceart a bheith ag na creidiúnaithe uile a bhfuil éilimh acu in aghaidh an fhéichiúnaí dhócmhainnigh páirt a ghlacadh i gcéim an leachtaithe de na himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe. Ba cheart a bheith in ann na héilimh sin a thaifeadadh, a scrúdú agus a shásamh go cuí i gcomhréir leis an gcreat dócmhainneachta is infheidhme.
(43)
I gcórais dócmhainneachta atá bunaithe ar phrionsabal neamhspleáchas an chreidiúnaí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a fhoráil gur faoi chruinniú ginearálta na gcreidiúnaithe nó faoin gcoiste creidiúnaithe atá sé a údarú go ndíolfaí gnólacht an fhéichiúnaí, nó cuid de, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
(44)
I gcás ina roghnaíonn Ballstát ardchaighdeáin a cheangal le linn chéim an ullmhúcháin, is é nó í an monatóir, nó, i gcás ina gcinneann agus a mhéid a chinneann na Ballstáit é, an féichiúnaí i seilbh, ba cheart a bheith freagrach as a áirithiú go mbeadh an próiseas díola iomaíoch, trédhearcach, cothrom agus go gcomhlíonfadh sé caighdeáin an mhargaidh. Chun caighdeáin an mhargaidh a chomhlíonadh, ba cheart don phróiseas díola a bheith comhoiriúnach leis na rialacha caighdeánacha agus leis an gcleachtas caighdeánach maidir le cumaisc agus éadálacha sa Bhallstát lena mbaineann, ba cheart cuireadh a thabhairt do pháirtithe a d’fhéadfadh a bheith ina bpáirtithe leasmhara páirt a ghlacadh sa phróiseas díola, ba cheart an fhaisnéis chéanna a nochtadh do cheannaitheoirí ionchasacha, rud a chuirfeadh ar a gcumas dícheall cuí a fheidhmiú, agus ba cheart tairiscintí ó pháirtithe leasmhara a fháil trí phróiseas struchtúrtha.
(45)
Nuair a reáchtáiltear ceant poiblí sula ndéantar céim an leachtaithe a thionscnamh nó ina dhiaidh sin, is é an tairiscint a roghnaigh an monatóir le linn chéim an ullmhúcháin ba cheart a úsáid mar thairiscint tosaigh (‘tairiscint capaill stalcaireachta’) chun críocha an cheant. Le linn chéim an ullmhúcháin, ba cheart don fhéichiúnaí a bheith in ann dreasachtaí a thairiscint don ‘tairgeoir capaill stalcaireachta’ trí aontú, go háirithe, le haisíocaíocht na gcostas nó na dtáillí briste má roghnaítear tairiscint níos fearr tríd an gceant poiblí. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na dreasachtaí sin comhréireach agus nach ndíspreagann siad tairgeoirí eile a d’fhéadfadh leas a bheith acu ann páirt a ghlacadh sa cheant.
(46)
Ba cheart don mhonatóir gach céim den phróiseas díola a dhoiciméadú agus a thuairisciú. Ba cheart na doiciméid agus na tuarascálacha sin a chur ar fáil go tráthúil i bhformáid dhigiteach. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an monatóir faoi réir na gceanglas rúndachta céanna agus a bhíonn cleachtóir dócmhainneachta.
(47)
Chun cosc a chur ar dhímheas luach an ghnólachta arb é an t-aon chúis atá leis an dímheas go bhfuil an gnólacht faoi réir imeachtaí dócmhainneachta, tá sé tábhachtach a áirithiú go leanfaidh an faighteoir ar aghaidh le contrapháirtithe oibríochtúla, amhail soláthróirí nó custaiméirí an fhéichiúnaí lena mbaineann, agus nach ndéanfadh na himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe difear dóibh. Dá bhrí sin, níor cheart, de thoradh imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh, go ndéanfaí conarthaí a fhoirceannadh go luath faoina bhfuil oibleagáidí áirithe le comhlíonadh fós ag na páirtithe agus atá riachtanach chun leanúint d’oibríochtaí gnó. Dá ndéanfaí an foirceannadh sin is i mbaol míchuí a chuirfí luach an ghnólachta, nó coda de, a bheadh le díol trí na himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú go sannfaí na conarthaí sin d’fhaighteoir ghnólacht an fhéichiúnaí, nó coda de, fiú mura dtoilíonn contrapháirtí an fhéichiúnaí sa chonradh leis an sannadh. Ina ainneoin sin, féadfaidh cásanna a bheith ann nach féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go n-aistreofaí oibleagáidí áirithe faoi na conarthaí sin, amhail nuair is iomaitheoir de chuid an chontrapháirtí sa chonradh é an faighteoir. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a fhoráil go bhfuil sé riachtanach toiliú chontrapháirtí nó chontrapháirtithe an fhéichiúnaí a fháil chun oibleagáidí conarthacha a shannadh, ag brath ar an gcineál conartha, ar chineál na bpáirtithe, nó ar leasanna an ghnólachta lena mbaineann. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann toiliú an cheadúnaí a éileamh chun conarthaí a fhoirceannadh a bhaineann le ceadúnais ceart maoine intleachtúla agus tionsclaíche, arb é nó í an féichiúnaí an ceadúnóir ina leith, toisc go spreagann cosaint na gceart sin i gcás dhócmhainneacht an cheadúnóra infheistíocht i bhforbairt na gceart sin.
(48)
Ní dochar forálacha na Treorach seo maidir le conarthaí a shannadh go huathoibríoch don fhaighteoir do cheart an chontrapháirtí an conradh a fhoirceannadh i gcomhréir lena théarmaí nó lena téarmaí ná do cheart an chontrapháirtí bearta a dhéanamh faoi dhlí na gconarthaí is infheidhme ar bearta iad darb aidhm comhlíonadh comhlíontach na hoibleagáide ag an bhféichiúnaí a áirithiú i gcásanna neamhchomhlíonta nó comhlíonadh lochtach, amhail ceart an chontrapháirtí taisce nó urrús a éileamh nó coinneáil an chirt chun an conradh a chomhlíonadh sula sannfaí na conarthaí nó ina dhiaidh sin.
(49)
Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann coimirce bhreise a thabhairt isteach chun leasanna dlisteanacha an chontrapháirtí a chosaint, tríd an gceart a dheonú don chontrapháirtí an conradh a fhoirceannadh ar fhógra nach giorra ná trí mhí i gcás ina ndéanfaí dochar míchothrom don chontrapháirtí le hoibleagáid leanúint den chonradh a chomhlíonadh suas go dtí an dáta is luaithe faoina bhféadfadh sé, murach sin, an conradh a fhoirceannadh faoin dlí náisiúnta. Ní dochar an Treoir seo do na rialacha faoin dlí náisiúnta maidir leis an dualgas cruthúnais a bhaineann le dochar éagórach.
(50)
Chun cur le tarraingteacht na margaí sócmhainní do cheannaitheoirí ionchasacha agus, ar an gcaoi sin, praghsanna níos airde a bhaint amach i ndíolacháin gnóthais leantaigh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfaighidh ceannaitheoirí gnólachtaí saor agus glan ó fhiacha agus dliteanais. Dá bhrí sin, ba cheart éilimh creidiúnaithe a shásamh le fáltais an díola agus níor cheart iad a fhorchur go díreach ar cheannaitheoir gnólachta. Mar sin féin, maidir leis na hoibleagáidí a eascraíonn as conarthaí le comhlíonadh nó as caidreamh fostaíochta, mar shampla oibleagáidí a bhaineann le haon teidlíochtaí pinsin ghairme a aistrítear chuig an bhfaighteoir, fanfaidh na hoibleagáidí sin leis an bhfaighteoir. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rialacha a thabhairt isteach nó a choimeád lena bhforáiltear go gcuirtear iompar an fhéichiúnaí san áireamh sa mheasúnú ar dhliteanas an fhaighteora i leith damáistí, más féidir an t-iompar sin a chur i leith an fhaighteora faoin dlí dócmhainneachta is infheidhme. Is féidir feidhm a bheith ag na rialacha sin maidir le damáistí a chumhdaítear le dlí an chomhshaoil nó maidir le damáistí a bhaineann le húinéireacht nó rialú sócmhainní áirithe.
(51)
Ba cheart scaoileadh leasanna urrúis i sócmhainní de chuid ghnólacht an fhéichiúnaí, nó scaoileadh eirí a ghabhann le sócmhainní den sórt sin, a rialú leis an dlí náisiúnta. I gcás ina gceanglaítear leis an dlí i mBallstát toiliú sainráite shealbhóir leasa urrúis a fháil chun an leas sin a scaoileadh, ba cheart don Bhallstát sin a bheith in ann foráil do mhaolú ar an gceanglas sin, ach amháin i gcás ina gcuireann an sealbhóir i gcoinne an scaoilte sin.
(52)
Níor cheart an tairiscint is fearr a dhícháiliú le linn chéim an ullmhúcháin ar an aon bhonn amháin gur páirtí ag a bhfuil dlúthbhaint leis an bhféichiúnaí é nó í an duine a thíolaic an tairiscint. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag páirtithe ag a bhfuil dlúthbhaint leis an bhféichiúnaí tairiscint a thíolacadh agus, i gcás ina n-éireodh lena dtairiscint, an gnólacht a fháil saor agus glan ó fhiacha agus dliteanais. Mar sin féin, ba cheart incháilitheacht na bpáirtithe ag a bhfuil dlúthbhaint le tairiscint a bheith faoi réir grinnscrúdú feabhsaithe sa phróiseas tairisceana. Trí chomhionannas deiseanna a sholáthar do thairgeoirí eile, go háirithe maidir le rochtain ar fhaisnéis agus siméadracht faisnéise a áirithiú, éascaítear imeachtaí um dhíol réamhullmhaithe tapa éifeachtúil agus bíonn tairgeoirí eile in ann a dtairiscintí a ullmhú.
(53)
I gcás ina meastar gurb í an tairiscint is fearr an tairiscint a thíolaic páirtí ag a bhfuil dlúthbhaint leis an bhféichiúnaí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann coimircí breise a thabhairt isteach maidir le díol ghnólacht an fhéichiúnaí nó díol coda de a údarú agus a fhorghníomhú. Is féidir a áireamh ar na coimircí sin an oibleagáid a bheith ar an bhfaighteoir leanúnachas gnó a áirithiú ar feadh íostréimhse ama, nó conarthaí fostaíochta a choinneáil ar bun.
(54)
Dá bhféadfadh cearta réamhcheannaigh a fhorfheidhmiú le linn an phróisis díola, shaobhfaí an iomaíocht sna himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe. Dá bhféadfadh sealbhóirí ceart, dá rogha féin, diúltú do na tairiscintí sin, gan beann ar an am agus ar na hacmhainní a infheistíodh nó ar luach eacnamaíoch na dtairiscintí lena mbaineann, d’fhéadfadh tairgeoirí ionchasacha staonadh ó thairiscint a dhéanamh. Chun a áirithiú go léireofaí le tairiscintí buaiteacha an praghas is fearr ar an margadh, níor cheart cearta réamhcheannaigh a dheonú do thairgeoirí, ná níor cheart na cearta sin a fhorfheidhmiú le linn chéim an leachtaithe. Ba cheart cuireadh a thabhairt do shealbhóirí ceart réamhcheannaigh arna ndeonú sular cuireadh tús leis na himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe páirt a ghlacadh sa phróiseas tairisceana in ionad a gcearta réamhcheannaigh a agairt. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cearta réamhcheannaigh reachtúla a fhorfheidhmiú nach ndéanann dócmhainneacht an fhéichiúnaí difear dóibh.
(55)
Ba cheart do na Ballstáit cead a thabhairt do chreidiúnaithe urraithe páirt a ghlacadh sa phróiseas tairisceana sna himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe trí mhéid a n-éileamh urraithe a thairiscint mar chomaoin chun na sócmhainní a bhfuil urrús ina seilbh acu orthu a cheannach (‘tairiscint creidmheasa’). Níor cheart tairiscint creidmheasa a úsáid, áfach, ar bhealach a thabharfadh buntáiste míchuí sa phróiseas tairisceana do chreidiúnaithe urraithe, amhail i gcás inar mó méid a n-éilimh urraithe in aghaidh sócmhainní féichiúnaí ná luach margaidh ghnólacht an fhéichiúnaí. Dá réir sin, níor cheart creidiúnaí urraithe a bheith in ann méid iomlán a éilimh a thairiscint in aghaidh ghnólacht an fhéichiúnaí, i gcás inar fiú níos lú ná an méid sin an gnólacht, toisc go bhféadfadh sé sin iomaitheoirí féideartha a dhíspreagadh páirt a ghlacadh sa phróiseas tairisceana. Dá bhrí sin, ba cheart don Treoir seo srian a chur leis an méid is féidir le creidiúnaí a thairiscint i gcásanna ina bhfuil éilimh thearc-urraithe nó thearc-chomhthaobhaithe. Sna cásanna sin, níor cheart cead a bheith ag creidiúnaí urraithe ach méid a thairiscint atá le fritháireamh in aghaidh an phraghais ceannaigh, gan dul thar luach margaidh an ghnólachta. Ní chiallaíonn srian a bheith ar chumas an chreidiúnaí luach éilimh urraithe a thairiscint go gcaillfidh an t-éileamh sin a leas urrúis i leith an sciar den éileamh nach féidir a úsáid sa phróiseas tairisceana.
(56)
Ní dochar an Treoir seo do chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (13), agus ní chuireann an Treoir seo cosc ar na Ballstáit córais náisiúnta rialaithe cumasc a fhorfheidhmiú. Agus an tairiscint is fearr á roghnú, ba cheart cead a bheith ag an monatóir na rioscaí rialála a bhaineann le tairiscintí a chur san áireamh, ar tairiscintí iad nach mór do na húdaráis iomaíochta a údarú agus ba cheart dó a bheith in ann dul i gcomhairle leis na húdaráis sin i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme. Níor cheart nochtadh faisnéise arna dhéanamh ag an údarás iomaíochta a bheith ag teacht salach ar rialacha náisiúnta maidir le rúin ghnó a chosaint. Ba cheart é a bheith de fhreagracht ar na tairgeoirí i gcónaí an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí sin agus dul i dteagmháil go tráthúil leis na húdaráis iomaíochta inniúla chun na rioscaí sin a mhaolú. Chun cur leis an dóchúlacht go n-éireodh le himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe, i gcás ina bhfuil na rioscaí sin ag baint le tairiscint, ba cheart a cheangal ar an monatóir nó ar an bhféichiúnaí a ról a chomhlíonadh ar bhealach lena n-éascaítear tairiscintí malartacha a thíolacadh.
(57)
Is iad na stiúrthóirí a dhéanann maoirseacht ar bhainistiú gnóthaí cuideachta agus bíonn an forléargas is fearr acu ar a staid airgeadais. Dá bhrí sin, bíonn na stiúrthóirí ar na chéad daoine a bhíonn ar an eolas faoi chuideachta a bheith dócmhainneach. Dá ndéanfadh na stiúrthóirí an comhdú go déanach i gcás dócmhainneachta d’fhéadfadh sé go bhfaigheadh creidiúnaithe luachanna aisghabhála níos ísle. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit dualgas a thabhairt isteach ar stiúrthóirí iarraidh ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta a thíolacadh laistigh de thréimhse shonraithe ama. I gcomhthéacs an dualgais sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit dócmhainneacht a shainiú ar bhealach atá éagsúil leis an teagmhas lena spreagtar tionscnamh na n-imeachtaí dócmhainneachta. I gcás ina bhfuil níos mó ná tairseach dhócmhainneachta amháin ag Ballstát, is faoin mBallstát sin atá sé a chinneadh cé acu de na tairsí lena ngníomhachtaítear an dualgas chun iarraidh ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta a thíolacadh. Chun críocha na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit a shonrú freisin cé air atá feidhm ag dualgais stiúrthóirí, agus an raon freagrachtaí is féidir a bheith ar dhaoine nó comhlachtaí áirithe maidir le cinntí a bhaineann le bainistiú cuideachtaí a chur san áireamh.
(58)
Ba cheart iarraidh ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta a thíolacadh laistigh de theorainn shonrach ama. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh an teorainn ama sin níos faide ná 3 mhí ón uair a thagann na stiúrthóirí ar an eolas, nó ón uair is féidir a bheith ag súil leis le réasún go mbeidís ar an eolas, go bhfuil an chuideachta dócmhainneach. Má éiríonn leis an gcuideachta a bheith sócmhainneach arís sula mbeidh an teorainn ama sin istigh, agus má thagann sí le bheith dócmhainneach arís ina dhiaidh sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh go gcuirfí tús leis an teorainn ama as an nua ón tráth sin.
(59)
Nuair a éiríonn cuideachta dócmhainneach, is féidir cosaint na gcreidiúnaithe i gcoitinne a bhaint amach ar bhealaí éagsúla. Dá bhrí sin, maidir leis an dualgas atá ar na stiúrthóirí iarraidh ar thionscnamh imeachta dócmhainneachta a thíolacadh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a fhoráil gur féidir an dualgas sin a chomhlíonadh tríd an bpobal a chur ar an eolas go bhfuil cuideachta dócmhainneach trí bhíthin fógra i gclár poiblí chun a áirithiú go mbeidh na creidiúnaithe in ann nós imeachta dócmhainneachta a iarraidh. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann dualgas a chur ar fionraí, is é sin an dualgas atá ar na stiúrthóirí iarraidh ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta a thíolacadh, má dhéanann na stiúrthóirí bearta d’fhonn leasanna na gcreidiúnaithe i gcoitinne a chosaint agus má áirithítear leis na bearta sin leibhéal cosanta do na creidiúnaithe i gcoitinne atá coibhéiseach leis an leibhéal a áiritheofaí trí iarraidh ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta a thíolacadh. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta sin, mar shampla, bearta arna ndéanamh ag úinéirí na cuideachta chun sócmhainneacht na cuideachta a athbhunú.
(60)
Chun a áirithiú nach ngníomhóidh stiúrthóirí in aghaidh leas na gcreidiúnaithe trí mhoill a chur ar thíolacadh na hiarrata ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta, d’ainneoin comharthaí dócmhainneachta, ba cheart do na Ballstáit forálacha a leagan síos faoina mbeidh stiúrthóirí faoi dhliteanas sibhialta i gcás nár thíolaic siad an iarraidh sin. Sna cásanna sin, ba cheart do na stiúrthóirí na creidiúnaithe a chúiteamh as aon damáiste a eascraíonn as an meath ar luach aisghabhála na cuideachta i gcomparáid leis an staid a bheadh ann dá dtíolacfaí in am an iarraidh ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta. A mhéid nach ndéantar foráil sa Treoir seo maidir le rialacha sonracha, ba cheart gach gné eile den dliteanas sibhialta, amhail ríomh na ndamáistí nó an dualgas cruthúnais, a rialú leis an dlí náisiúnta. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rialacha náisiúnta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir le dliteanas sibhialta na stiúrthóirí a mhéid a bhaineann le dócmhainneacht a chomhdú, ar rialacha is déine iad ná na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo.
(61)
I gcás ina gceadóidh na Ballstáit do na stiúrthóirí bearta a dhéanamh chun leasanna na gcreidiúnaithe i gcoitinne a chosaint, seachas trína ndualgas a chomhlíonadh maidir le hiarraidh ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta a thíolacadh, ba cheart dóibh forálacha a leagan síos freisin lena n-áiritheofaí go mbeadh na stiúrthóirí faoi dhliteanas i leith aon damáiste a dhéanfaí do na creidiúnaithe mar thoradh ar aon mheath ar luach aisghabhála na cuideachta i gcomparáid leis an staid a bheadh ann dá dtíolacfaí iarraidh ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta. Sna cásanna sin, ba cheart na creidiúnaithe a chur sa staid ina mbeidís dá mba rud é go dtíolacfadh na stiúrthóirí an iarraidh ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag na Ballstáit. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le stiúrthóirí a scaoileadh ón dliteanas sin i gcás ina bhfuil na stiúrthóirí sin in ann, agus a mhéid atá siad in ann, a léiriú, ar bhonn imthosca oibiachtúla agus faisnéis a bhí infhionnta tráth a rinneadh na bearta lena mbaineann, gur dhócha le réasún go n-áiritheofaí leis na bearta sin toradh coibhéiseach nó níos fearr do chreidiúnaithe ná an toradh a bheadh ar thíolacadh na hiarrata ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta. Sna cásanna sin, ba cheart feidhm a bheith ag an dlí náisiúnta maidir le hurscaoileadh an dualgais cruthúnais.
(62)
Chun creat dócmhainneachta éifeachtúil agus cuimsitheach a chur chun cinn lena dtacaítear leis an bhfiontraíocht agus leis an athnuachan eacnamaíoch, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann imeachtaí foirceanta simplithe a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach do mhicrifhiontair.
(63)
I gcás ina bhfuil úinéireacht iomlán nó pháirteach ag fiontraí ar chuideachta agus go bhfuil an fiontraí faoi dhliteanas pearsanta i leith fhiacha uile na cuideachta, níor cheart, toisc nach bhfuil sócmhainní leordhóthanacha ag an gcuideachta chun costas na n-imeachtaí dócmhainneachta a chumhdach, cosc a chur ar an bhfiontraí urscaoileadh fiachais a fháil i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1023 agus, ar an gcaoi sin, tairbhe a bhaint as an dara deis. Cé nach gceanglaítear ar na Ballstáit nós imeachta nua a thabhairt isteach chun fiachas a urscaoileadh, ba cheart dóibh rochtain a áirithiú ar nósanna imeachta maidir le hurscaoileadh fiachais d’fhiontraithe ar daoine nádúrtha iad, agus ní do chuideachtaí. Baineann an Treoir seo le fiontraithe dócmhainneacha atá faoi dhliteanas i leith fhiacha uile cuideachta agus níor cheart baint a bheith aici le daoine nach bhfuil faoi dhliteanas ach go páirteach i gcás fiach cuideachta, amhail ráthóir d’iasacht bhainc na cuideachta agus cineálacha eile ráthaíochtaí do cheann de chreidiúnaithe na cuideachta. Ní bhaineann an Treoir seo ach le hurscaoileadh fiachais a dhiúltú ar an bhforas nach féidir aon imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh in aghaidh na cuideachta toisc nach bhfuil sócmhainní leordhóthanacha ag an gcuideachta sin chun costais na n-imeachtaí dócmhainneachta sin a chumhdach. Ní rialaítear leis an Treoir seo forais eile chun urscaoileadh fiachais a dhiúltú, amhail na forais sin dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/1023. Nuair a chomhlíonann duine na coinníollacha maidir le hurscaoileadh fiachais, is féidir an dáta a cinneadh imeachtaí dócmhainneachta i gcoinne na cuideachta a dhiúltú nó gan iad a thionscnamh a chur i bhfeidhm in ionad an dáta dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2019/1023.
(64)
Tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh creidiúnaithe rannpháirteach go hiomchuí in imeachtaí dócmhainneachta ionas gur féidir a leasanna a mheas go leordhóthanach. Le coistí creidiúnaithe, is féidir leis na creidiúnaithe a bheith níos rannpháirtí in imeachtaí dócmhainneachta, go háirithe i gcás nach ligfí do chreidiúnaithe a bheith rannpháirteach ina n-aonar murach sin, mar gheall ar acmhainní teoranta, tábhacht eacnamaíoch a n-éileamh nó easpa neasachta geografaí. Is féidir le coistí creidiúnaithe cuidiú le creidiúnaithe trasteorann a gcearta a fheidhmiú ar bhealach níos fearr agus a áirithiú go gcaithfear go cothrom leo. Ba cheart do na Ballstáit cead a thabhairt coiste creidiúnaithe a bhunú a luaithe a thionscnófar imeachtaí dócmhainneachta. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh freisin go mbunófar coiste creidiúnaithe sula dtionscnófar imeachtaí dócmhainneachta. Ní chuirtear cosc ar na Ballstáit cur i bhfeidhm na bhforálacha a bhaineann le bunú coistí creidiúnaithe a leathnú chuig imeachtaí um athstruchtúrú coisctheach. Ba cheart coiste creidiúnaithe a bhunú aon uair a chinnfear nó a iarrfar sin ag cruinniú ginearálta de chuid na gcreidiúnaithe, nó, i gcás nach bhforáiltear sa dlí náisiúnta do chruinniú ginearálta creidiúnaithe, má iarrann na creidiúnaithe amhlaidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh gur féidir leis na cúirteanna nó leis na húdaráis inniúla nó leis na cleachtóirí dócmhainneachta coiste creidiúnaithe a bhunú ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin do chreidiúnaí amháin nó níos mó, don chleachtóir dócmhainneachta nó don fhéichiúnaí.
(65)
An t-ualach a bhaineann le coiste creidiúnaithe a bhunú agus a oibriú, ba cheart dó bheith i gcomhréir leis na tairbhí a bhaineann leis. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh nach mbunaítear aon choiste creidiúnaithe i gcás inar mhó an t-ualach a bhainfeadh le bunú agus oibriú an choiste ná ábharthacht eacnamaíoch na gcinntí a d’fhéadfadh sé a dhéanamh. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás nach bhfuil go leor creidiúnaithe ann, i gcás ina bhfuil sciar beag san éileamh in aghaidh an fhéichiúnaí ag tromlach mór na gcreidiúnaithe, i gcás ina dtiocfadh meath ar staid airgeadais an fhéichiúnaí mar thoradh ar mhoilleanna a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr coiste creidiúnaithe a bhunú, nó i gcás inar lú an luach a mheastar a ghnóthófar ón eastát dócmhainneachta ná an costas a bhainfeadh leis an gcoiste creidiúnaithe a bhunú agus a oibriú. Tarlaíonn na cásanna sin, go háirithe, in imeachtaí dócmhainneachta a bhaineann le féichiúnaithe ar fiontraithe nó fiontair bheaga iad, agus i nósanna imeachta um urscaoileadh. Níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le coiste creidiúnaithe a bhunú ach amháin i gcás gnóthas mór de réir bhrí Airteagal 3(4) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). I gcás fiontair bheaga, d’fhéadfadh sé go bhforáiltear leis an dlí náisiúnta cheana féin, ar bhealaí eile, go ndéanfar leasanna creidiúnaithe a chosaint go leordhóthanach trí imeachtaí dócmhainneachta.
(66)
Forálacha na Treorach seo maidir le coistí creidiúnaithe a bhunú, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le féichiúnaithe ar daoine dlítheanacha iad. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a leathnú chuig daoine nádúrtha ar fiontraithe iad.
(67)
Ba cheart do na Ballstáit feidhmeanna coistí creidiúnaithe a shoiléiriú mar aon leis na ceanglais, na dualgais agus na nósanna imeachta a leagtar síos chun a gcomhaltaí a cheapadh. Chun moill mhíchuí a sheachaint agus an coiste creidiúnaithe á bhunú, agus chun éifeachtúlacht na n-imeachtaí dócmhainneachta a áirithiú, ba cheart comhaltaí den choiste a cheapadh go gasta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht chothrom ar chreidiúnaithe laistigh de choistí creidiúnaithe agus nach gcuirfear cosc ar chreidiúnaithe trasteorann a bhfuil cónaí orthu i mBallstát seachas an Ballstát ina dtionscnaítear na himeachtaí dócmhainneachta páirt a ghlacadh i gcoistí creidiúnaithe. I gcás ina bhfuil oibrithe i measc na gcreidiúnaithe, ba cheart na hoibrithe sin nó a n-ionadaithe a bheith incháilithe lena gceapadh chuig coistí creidiúnaithe, mura bhfuil sásra eile ann, atá coibhéiseach ar a laghad, trínar féidir ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna na n-oibrithe in imeachtaí dócmhainneachta. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás ina gcuirtear leasanna oibrithe i gcomhimeachtaí san áireamh trí chomhairliúcháin éigeantacha lena n-ionadaithe maidir le treo na n-imeachtaí nó roimh chinntí móra, amhail maidir le sócmhainní a dhíol nó an gnólacht a aistriú. Ní creidiúnaithe iad oibrithe a n-íocann institiúid ráthaíochta a n-éilimh phá ina n-iomláine.
(68)
Tá tábhacht ar leith ag baint le hionadaíocht chóir na gcreidiúnaithe i gcoistí creidiúnaithe i ndáil le creidiúnaithe neamhurraithe, lena n-áirítear creidiúnaithe a bhfuil éilimh bheaga acu. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh go mbeidh daoine nó eintitis seachas creidiúnaithe, amhail ionadaithe oibrithe, comhlachtaí poiblí nó institiúidí ráthaíochta, incháilithe freisin lena gceapadh chuig coistí creidiúnaithe.
(69)
Ba cheart coistí creidiúnaithe a bheith rannpháirteach in imeachtaí dócmhainneachta agus a áirithiú go seolfar na himeachtaí sin ar bhealach a gcosnóidh leasanna creidiúnaithe, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí an chleachtóra dócmhainneachta a leanúint agus a bheith curtha ar an eolas fúthu ar bhonn rialta, gan ceangal a chur ar an gcleachtóir dócmhainneachta a bheith faoi cheannas an choiste. Ní féidir ról coistí creidiúnaithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chothroime agus sláine imeachtaí dócmhainneachta, ní féidir é a chomhlíonadh go héifeachtach ach amháin i gcás ina ngníomhaíonn na coistí sin agus a gcomhaltaí go neamhspleách ar chleachtóirí dócmhainneachta agus inar do na creidiúnaithe amháin atá siad cuntasach. Ba cheart do chomhaltaí de choistí creidiúnaithe gníomhú de mheon macánta agus feidhmeanna an choiste á gcomhlíonadh acu. Ba cheart do chreidiúnaithe, do chomhaltaí coistí creidiúnaithe agus d’aon ghairmithe atá fostaithe ag coistí creidiúnaithe rúndacht na faisnéise rúnda a fhaightear i ndáil le gníomhaíochtaí choistí na gcreidiúnaithe a choinneáil.
(70)
Cé gur cheart do choiste creidiúnaithe a bheith mór go leor chun éagsúlacht tuairimí agus leasanna na gcreidiúnaithe a áirithiú, ba cheart dó a bheith réasúnta teoranta ó thaobh méide de freisin chun a bheith in ann a chúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach agus go tráthúil. Ba cheart do na Ballstáit a shonrú cathain agus conas is gá comhdhéanamh coiste creidiúnaithe a athrú, amhail i gcás nach bhfuil ionadaithe in ann gníomhú a thuilleadh, lena n-áirítear ar mhaithe le leas na gcreidiúnaithe, nó i gcás inar mian leo tarraingt siar. Ba cheart do na Ballstáit na coinníollacha a shonrú freisin maidir le comhaltaí a chur as oifig i gcás ina bhfuil sárú tromchúiseach déanta acu i ndáil lena ndualgas gníomhú chun leasa na gcreidiúnaithe i gcoitinne. D’fhéadfadh cásanna coinbhleachtaí leasa a bheith san áireamh sna sáruithe sin.
(71)
Ba cheart modhanna oibre coistí creidiúnaithe a bheith trédhearcach agus éifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit ceanglais a leagan síos maidir le modhanna oibre coistí creidiúnaithe, lena sonraítear an nós imeachta vótála, lena n-áirítear incháilitheacht chun vótála agus an córam is gá, an coimeád taifead ar na cinntí a dhéantar, agus an chaoi a n-áirithítear neamhchlaontacht agus rúndacht a gcuid oibre. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir le coistí creidiúnaithe na modhanna oibre a shonrú a thuilleadh trí bhíthin prótacal.
(72)
Ba cheart do chreidiúnaithe a bheith in ann páirt a ghlacadh agus vóta a chaitheamh go leictreonach nó an ceart vótála a tharmligean chuig tríú duine atá údaraithe go cuí. Bheadh tairbhe ar leith ag baint leis an bhféidearthacht tarmligean a dhéanamh do chreidiúnaithe a bhfuil cónaí orthu i mBallstáit seachas an Ballstát ina dtionscnaítear na himeachtaí dócmhainneachta.
(73)
Ba cheart cearta leordhóthanacha a thabhairt do choistí creidiúnaithe chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtúil agus go héifeachtach. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ngníomhódh coistí creidiúnaithe ar bhealach trédhearcach agus gurbh fhéidir leo idirghníomhú le cleachtóirí dócmhainneachta, leis na cúirteanna, leis an bhféichiúnaí i seilbh, agus leis na creidiúnaithe a ndéanann siad ionadaíocht orthu, de réir mar ba ghá, chun a chur ar chumas do choistí creidiúnaithe teacht ar a dtuairimí maidir le hábhair a bhfuil leas díreach ag baint leo agus atá ábhartha do chreidiúnaithe agus iad a chur in iúl, agus chun go dtabharfaí aird chuí ar na tuairimí sin in imeachtaí. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le ceart a bheith ag coistí creidiúnaithe faisnéis a iarraidh ar chleachtóirí dócmhainneachta agus, i gcás inarb infheidhme, ar fhéichiúnaithe i seilbh. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le ceart a bheith ag coistí creidiúnaithe chun éisteacht a fháil maidir le cinntí móra. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cead a thabhairt do chruinniú ginearálta na gcreidiúnaithe chun cinntí a tharmligean chuig an gcoiste creidiúnaithe. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh freisin maidir le ceart a bheith ag coistí creidiúnaithe rúnaí a cheapadh agus comhairle sheachtrach a iarraidh maidir le hábhair ina bhfuil leas ag na creidiúnaithe a ndéanann siad ionadaíocht orthu.
(74)
Ós rud é go dtabhaíonn oibriú coistí creidiúnaithe speansais, ba cheart do na Ballstáit rialacha soiléire a bhunú maidir le cé a sheasfaidh na speansais sin. Ba cheart do na Ballstáit coimircí a bhunú freisin chun nach laghdófaí luach aisghabhála eastát dócmhainneachta ar bhealach díréireach de dheasca chostais coistí creidiúnaithe.
(75)
Chun creidiúnaithe a spreagadh le bheith ina gcomhaltaí de choistí creidiúnaithe, ba cheart do na Ballstáit teorainn a chur lena ndliteanas sibhialta as a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Treoir seo. Mar sin féin, ba cheart é a bheith indéanta comhaltaí de choiste creidiúnaithe a sháraigh a ndualgais d’aon ghnó nó ar bhealach mórfhaillitheach a chur as oifig agus iad a chur faoi dhliteanas i leith an tsáraithe sin. Sna cásanna sin, ba cheart do na Ballstáit a fhoráil go mbeadh na comhaltaí sin faoi dhliteanas aonair i leith na díobhála de dheasca a mí-iompair. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann gan an teorannú sin ar dhliteanas sibhialta a chur i bhfeidhm i gcás inarb é an t-eastát dócmhainneachta a iompróidh na costais le haghaidh árachas lena gcumhdaítear dliteanas pearsanta na gcomhaltaí de choiste creidiúnaithe. I gcás ina dtugann na Ballstáit cumhachtaí níos mó do choistí creidiúnaithe ná na cumhachtaí dá bhforáiltear leis an Treoir seo, lena gceadaítear dóibh, mar shampla, cinntí a dhéanamh maidir le sócmhainní an fhéichiúnaí nó glacadh le hidirbhearta, ba cheart dóibh a bheith in ann foráil a dhéanamh go mbeadh comhaltaí de choistí creidiúnaithe faoi dhliteanas ar an mbealach céanna a dhéantar le cleachtóirí dócmhainneachta.
(76)
Chun trédhearcacht fheabhsaithe phríomhghnéithe na n-imeachtaí dócmhainneachta náisiúnta a áirithiú agus, go háirithe, chun cuidiú le creidiúnaithe trasteorann measúnú a dhéanamh ar cad a tharlódh dá n-infheistíochtaí dá mbeadh baint ag na hinfheistíochtaí sin le himeachtaí dócmhainneachta, ba cheart rochtain éasca a thabhairt d’infheisteoirí agus d’infheisteoirí ionchasacha ar an bhfaisnéis sin i bhformáid réamhshainithe, inchomparáide agus sholáimhsithe. Ba cheart do na Ballstáit bileog eolais chaighdeánaithe faoin bpríomhfhaisnéis a ullmhú agus í a chur ar fáil don phobal. Ba cheart don Choimisiún bileoga eolais faoin bpríomhfhaisnéis a chur ar fáil don phobal i bhformáid ilteangach. Bheadh bileog eolais faoin bpríomhfhaisnéis ina huirlis thábhachtach d’infheisteoirí ionchasacha chun measúnú tapa a dhéanamh ar na rialacha atá ag Ballstát ar leith maidir le himeachtaí dócmhainneachta. Ba cheart mínithe leordhóthanacha a bheith ann chun go mbeidh an léitheoir in ann an fhaisnéis atá ann a thuiscint gan gá a bheith ann tagairt a dhéanamh d’fhoinsí eile faisnéise. Ba cheart a áireamh sna bileoga eolais faoin bpríomhfhaisnéis faisnéis phraiticiúil faoi na coinníollacha lena spreagtar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh chomh maith leis na bearta atá le déanamh chun iarraidh ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta a thíolacadh nó chun éileamh a thaisceadh. Ós rud é go bhfuil sé de cheangal cheana féin ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar faoina rialacha náisiúnta maidir le nósanna imeachta dócmhainneachta faoi Rialachán (AE) 2015/848, tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear faoin Treoir seo comhsheasmhach leis an bhfaisnéis a sholáthraítear faoin Rialachán sin. Chuige sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Treoir seo a sholáthar tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus thráchtála a bunaíodh le Cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle (15).
(77)
I gcásanna éigeandála eisceachtúla a eascraíonn as tubaistí nádúrtha nó teagmhais thurraingeacha eile a chuireann isteach go mór ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ar leibhéal Ballstáit nó ar leibhéal a réigiún, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann gníomhú go tapa chun drochthionchar na staideanna sin ar an ngeilleagar a íoslaghdú. Tháinig na cásanna sin chun cinn i gcomhthéacs phaindéim COVID agus d’fhéadfadh siad teacht chun cinn i gcomhthéacs géarchéim shistéamach mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/59/AE nó i gcásanna ina bhfuil Státchabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach chun damáiste a dheisiú a tharla de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla de bhun Airteagal 107(2), pointe (b), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Sna cásanna sin, a thugann le tuiscint go bhfuil riosca go dtarlóidh dócmhainneachtaí go forleathan, lena n-áirítear do chuideachtaí a bheadh inmharthana faoi ghnáthchúinsí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann maolú go sealadach ar fhorálacha áirithe den Treoir seo. Ba cheart raon feidhme agus am na maoluithe a theorannú don mhéid atá bunriachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an gcás eisceachtúil, mar shampla trína bheith srianta go geografach don réigiún sna Ballstáit a ndéanann tubaiste nádúrtha difear dó. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na bearta lena maolaítear ar an Treoir seo, a raon feidhme críochach, a fhad a mhairfidh siad agus an t-údar leis an ngá atá lena gcur chun feidhme. Ní dhéanfaidh oibleagáid na mBallstát fógra a thabhairt faoi na bearta sin difear dá dteacht i bhfeidhm ná dá gcur i bhfeidhm. Ba cheart an fógra, lena n-éascaítear faireachán an Choimisiúin maidir leis na ceanglais ábhartha a bheith á gcomhlíonadh ag na maoluithe sin, a chur faoi bhráid na mBallstát eile gan moill mhíchuí. Ba cheart aon bhliain amháin a bheith i ré uasta an mhaolaithe, agus ba cheart é a bheith indéanta síneadh 6 mhí a chur leis faoi réir sásra rialaithe breise. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt faoin iarraidh ar shíneadh tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dhul in éag an mhaolaithe chun go mbeidh an Coimisiún in ann cur ina choinne más gá.
(78)
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).
(79)
Ní dochar an Treoir seo do chosaint fios gnó agus faisnéise gnó neamhnochta, ar a dtugtar rúin trádála freisin, ar fháil, úsáid agus nochtadh neamhdhleathach de bhun Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).
(80)
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach mar go leanfadh difríochtaí idir creataí dócmhainneachta náisiúnta de bheith ag cur bacainní ar shaorghluaiseacht caipitil agus saoirse bhunaíochta, ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(81)
Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear sa Chairt, go háirithe an ceart go n-urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, an ceart go gcosnófaí sonraí pearsanta, an tsaoirse chun slí bheatha a roghnú agus an ceart chun obair a dhéanamh, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, ceart na n-oibrithe chun faisnéise agus comhairliúcháin chomh maith leis an gceart chun triail chóir a fháil.
(82)
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha na Treorach seo. Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) maidir le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais chun críocha na Treorach seo.
(83)
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 6 Feabhra 2023 (20),
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha comhchoiteanna maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
caingne seachanta;
(b)
sócmhainní de chuid eastáit dócmhainneachta a rianú;
(c)
imeachtaí um dhíol réamhullmhaithe;
(d)
dualgas na stiúrthóirí iarraidh ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta a thíolacadh;
(e)
coistí creidiúnaithe;
(f)
bileoga eolais faoin bpríomhfhaisnéis.
2. Tá feidhm ag Teidil II, III agus VI den Treoir seo maidir le comhimeachtaí, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2015/848, atá bunaithe ar dhlíthe a bhaineann leis an dócmhainneacht, cé is moite de nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach.
Níl feidhm ag Teideal II maidir le himeachtaí eatramhacha.
3. Níl feidhm ag an Treoir seo maidir leis na cineálacha féichiúnaithe seo a leanas:
(a)
gnóthais árachais nó gnóthais athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointí (1) agus (4), de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21);
(b)
institiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22);
(c)
gnólachtaí infheistíochta nó gnóthais chomhinfheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointí (2) agus (7), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(d)
contrapháirtithe lárnacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23);
(e)
taisclanna lárnacha urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24);
(f)
institiúidí agus eintitis airgeadais eile a liostaítear in Airteagal 1(1), an chéad fhomhír, de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25);
(g)
comhlachtaí poiblí faoin dlí náisiúnta;
(h)
daoine nádúrtha nach fiontraithe iad.
4. Féadfaidh na Ballstáit féichiúnaithe a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo ar eintitis airgeadais iad, seachas na heintitis sin dá dtagraítear i mír 3, a sholáthraíonn seirbhísí airgeadais atá faoi réir socruithe speisialta faoina bhfuil cumhachtaí fairsinge idirghabhála ag na húdaráis náisiúnta mhaoirseachta nó réitigh atá inchomparáide leis na cumhachtaí sin i ndáil leis na heintitis airgeadais dá dtagraítear i mír 3. Cuirfidh na Ballstáit na socruithe speisialta sin in iúl don Choimisiún.
5. Tá feidhm ag Teidil IV agus VI maidir le féichiúnaithe ar daoine dlítheanacha iad.
6. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan Teideal VI den Treoir seo a chur i bhfeidhm ach amháin maidir le féichiúnaithe ar gnóthais mhóra iad de réir bhrí Airteagal 3(4) de Threoir 2013/34/AE.
Airteagal 2
Sainmhínithe
1. Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn ‘cleachtóir dócmhainneachta’ duine nó comhlacht ag a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna a liostaítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) 2015/848 agus in Airteagal 2(1), pointe (12), de Threoir (AE) 2019/1023;
(b)
ciallaíonn ‘cúirt’ comhlacht breithiúnach Ballstáit;
(c)
ciallaíonn ‘cláir cuntas bainc’ sásraí uathoibrithe láraithe, amhail cláir lárnacha nó córais leictreonacha aisghabhála sonraí lárnacha, arna gcur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Threoir (AE) 2024/1640;
(d)
ciallaíonn ‘cláir lárnacha um úinéireacht thairbhiúil’ cláir lárnacha náisiúnta ina bhfuil faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil agus córais idirnasctha na gclár sin dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2024/1640;
(e)
ciallaíonn ‘faisnéis faoi chuntais bainc’ an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 16(3) de Threoir (AE) 2024/1640;
(f)
ciallaíonn ‘gníomh dlí’, chun críocha Theideal II, aon iompraíocht thoiliúil dhaonna a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aici;
(g)
ciallaíonn ‘conradh le comhlíonadh’ conradh idir féichiúnaí agus contrapháirtí amháin nó níos mó, faoina bhfuil oibleagáidí le comhlíonadh fós ag na páirtithe tráth thionscnamh na n-imeachtaí dócmhainneachta i gcéim an leachtaithe faoi Theideal IV, cé is moite de shocruithe glanluachála, lena n-áirítear socruithe glanluachála clabhsúir, ar mhargaí airgeadais, margaí fuinnimh agus margaí tráchtearraí, i gcás ina bhfuil na socruithe sin in-fhorfheidhmithe faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta, agus de chonarthaí airgeadais;
(h)
ciallaíonn ‘tástáil leas na gcreidiúnaithe’ tástáil a chomhlíontar más rud é nach mbeadh aon chreidiúnaí níos measa as de dheasca leachtú i gcomhthéacs imeachtaí um dhíol réamhullmhaithe ná mar a bheadh an creidiúnaí sin dá gcuirfí gnáthrangú na dtosaíochtaí leachtaithe i bhfeidhm i gcás leachtú píosa ar phíosa nó, i gcás ina bhforálann na Ballstáit amhlaidh, i gcás na chéad rogha eile is fearr;
(i)
ciallaíonn ‘maoiniú eatramhach’ aon chúnamh airgeadais nua, arna sholáthar ag creidiúnaí atá ann cheana féin nó ag creidiúnaí nua, ar a n-áirítear, ar a laghad, cúnamh airgeadais le linn imeachtaí um dhíol réamhullmhaithe, agus ar cúnamh é atá réasúnach agus a bhfuil gá leis láithreach chun go leanfadh gnólacht an fhéichiúnaí, nó cuid de, de bheith ag oibriú, nó chun go ndéanfaí luach an ghnólachta sin a chaomhnú nó a fheabhsú;
(j)
ciallaíonn ‘coiste creidiúnaithe’ comhlacht ionadaíoch creidiúnaithe faoi Theideal VI;
(k)
ciallaíonn ‘imeachtaí um dhíol réamhullmhaithe’ imeachtaí, ina bhfuil céim ullmhúcháin agus céim leachtaithe, a fhágann gur féidir gnólacht an fhéichiúnaí a dhíol, go hiomlán nó go páirteach, mar ghnóthas leantach leis an tairgeoir is fearr le linn imeachtaí dócmhainneachta;
(l)
ciallaíonn ‘céim an ullmhúcháin’ an chéim de na himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe arb é is aidhm di teacht ar cheannaitheoir iomchuí do ghnólacht an fhéichiúnaí nó do chuid de;
(m)
ciallaíonn ‘céim an leachtaithe’ an chéim de na himeachtaí réamhphaca arb é is aidhm dí díol ghnólacht an fhéichiúnaí, nó díol coda de, a fhormheas agus a fhorghníomhú, agus na fáltais a dháileadh ar na creidiúnaithe.
2. Chun críocha na Treorach seo, is mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta iad a thuigfear na coincheapa ‘dócmhainneacht’ agus ‘stiúrthóirí’.
Airteagal 3
Páirtí ag a bhfuil dlúthbhaint leis an bhféichiúnaí
1. Chun críocha Theideal II, áireofar an méid a leanas ar na páirtithe ag a bhfuil dlúthbhaint leis an bhféichiúnaí:
(a)
i gcás inar duine nádúrtha an féichiúnaí:
(i)
céile nó páirtí an fhéichiúnaí;
(ii)
sinsir, sliochtaigh agus siblíní an fhéichiúnaí nó chéile nó pháirtí an fhéichiúnaí, agus céilí nó páirtithe na ndaoine sin;
(iii)
daoine atá in aon líon tí leis an bhféichiúnaí;
(iv)
daoine ag a bhfuil rochtain ar fhaisnéis neamhphoiblí faoi ghnóthaí an fhéichiúnaí agus ag a bhfuil an deis oibríochtaí an fhéichiúnaí a rialú, lena n-áirítear i gcás ina n-oibríonn siad don fhéichiúnaí faoi chonradh fostaíochta nó i gcás ina bhfuil caidreamh fostaíochta acu leis an bhféichiúnaí;
(v)
eintitis dhlítheanacha ina bhfuil an féichiúnaí nó duine de na daoine dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv) ina chomhalta nó ina comhalta de na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta; nó
(vi)
eintitis dhlítheanacha ina gcomhlíonann an féichiúnaí nó duine de na daoine dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv) dualgais lena bhforáiltear do rochtain ar fhaisnéis neamhphoiblí faoi ghnóthaí an fhéichiúnaí;
(b)
i gcás inarb eintiteas dlíthiúil é an féichiúnaí:
(i)
aon chomhalta de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an fhéichiúnaí;
(ii)
sealbhóirí cothromais ag a bhfuil leas rialaithe san fhéichiúnaí;
(iii)
daoine a chomhlíonann feidhmeanna atá comhchosúil leis na feidhmeanna a chomhlíonann daoine faoi phointe (i);
(iv)
daoine ag a bhfuil dlúthbhaint, i gcomhréir le pointe (a), leis na daoine a liostaítear i bpointí (i), (ii) agus (iii) den phointe seo.
2. Chun críocha Theideal IV, áireofar ar na páirtithe ag a bhfuil dlúthbhaint leis an bhféichiúnaí na daoine a liostaítear i mír 1 agus aon duine eile, lena n-áirítear daoine dlítheanacha, ag a bhfuil rochtain fhabhrach ar fhaisnéis neamhphoiblí faoi ghnóthaí an fhéichiúnaí.
3. Is faoi threoir an mhéid a leanas a chinnfear an bhfuil dlúthbhaint ag páirtí leis an bhféichiúnaí:
(a)
chun críocha Theideal II, an lá a rinneadh an gníomh dlí atá faoi réir caingean seachanta a chomhlánú nó tréimhse 3 mhí roimh chomhlánú an ghnímh dlí;
(b)
chun críocha Theideal IV, an lá a chuirtear tús le céim an leachtaithe de na himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe nó tréimhse dar fad 6 mhí ar a laghad roimh thús chéim an leachtaithe.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 agus mír 3, pointe (a), den Airteagal seo maidir le daoine ag a bhfuil dlúthbhaint le páirtithe a thairbhigh de ghníomh dlí atá ar neamhní, atá in-neamhnithe nó atá neamh-infhorfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 12(2), an dara fomhír.
Airteagal 4
An dlí náisiúnta agus comhchuibhiú íosta
1. Gan dochar d’Airteagal 10(3), féadfaidh na Ballstáit dlíthe a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena bhforáiltear do leibhéal níos airde cosanta do na creidiúnaithe i gcoitinne ná mar a fhoráiltear faoi Theidil II agus V.
2. Féadfaidh na Ballstáit dlíthe a ghlacadh nó a choinneáil ar bun a bhaineann le bunú, feidhmiú, cúraimí agus comhaltaí coistí creidiúnaithe, ar dlíthe iad lena bhforáiltear go mbeadh na creidiúnaithe níos rannpháirtí in imeachtaí dócmhainneachta ná mar a fhoráiltear i dTeideal VI.
3. Féadfaidh na Ballstáit dlíthe a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena n-éascaítear rochtain cleachtóirí dócmhainneachta ar fhaisnéis faoi chuntais bainc a choimeádtar ina gcláir cuntas bainc, faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil agus cláir agus bunachair sonraí náisiúnta, ar bhealach níos leithne ná mar a dhéantar faoi na rialacha dá bhforáiltear i dTeideal III.
4. Maidir le fiontraithe dócmhainneacha nó daoine nádúrtha eile atá faoi dhliteanas pearsanta, ina gcáil mar shealbhóirí cothromais, i leith fiacha cuideachta ag a bhfuil dliteanas neamhtheoranta, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain acu sin ar urscaoileadh iomlán fiachais i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1023 fiú i gcásanna nach féidir aon imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta a mhéid a bhaineann leis an bhféichiúnaí ar an bhforas nach bhfuil aon sócmhainní ag an bhféichiúnaí nó nach leor a shócmhainní nó a sócmhainní chun costas na n-imeachtaí a chumhdach nó chun na costais a bhaineann le rannpháirtíocht an chleachtóra dócmhainneachta a chumhdach.
5. Féadfaidh na Ballstáit dlíthe a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena mbunaítear imeachtaí foirceanta simplithe do mhicrifhiontair.
Airteagal 5
Cosaint oibrithe
Ní dochar an Treoir seo do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta maidir le cearta oibrithe i ndáil leis na hábhair a rialaítear leis an Treoir seo, lena n-áirítear dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta maidir le rannpháirtíocht ionadaithe oibrithe agus bearta iomchuí chun ionadaithe oibrithe a chur ar an eolas agus chun go rachfaí i gcomhairle leo, go háirithe:
(a)
na cearta a ráthaítear le Treoracha 98/59/CE, 2001/23/CE agus 2008/94/CE;
(b)
an ceart chun faisnéise agus comhairliúcháin i gcomhréir le Treoracha 2002/14/CE agus 2009/38/CE.
TEIDEAL II
CAINGNE SEACHANTA
CAIBIDIL 1
Forálacha ginearálta
Airteagal 6
Réamhriachtanais ghinearálta le haghaidh caingne seachanta
Maidir le gníomhartha dlí a comhlánaíodh sular tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta chun dochair do na creidiúnaithe i gcoitinne, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na gníomhartha sin ar neamhní, in-neamhnithe nó neamh-infhorfheidhmithe faoi na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil 2.
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go measfar gníomh dlí, a bhfuil a éifeachtaí ag brath ar é a bheith iontráilte i gclár poiblí, a bheith comhlánaithe a luaithe a chomhlíonfar na ceanglais eile go léir maidir lena éifeachtacht.
CAIBIDIL 2
Coinníollacha sonracha
Airteagal 7
Tosaíochtaí
1. Maidir le gníomhartha dlí dochracha a théann chun tairbhe do chreidiúnaí nó grúpa creidiúnaithe trí shásamh nó trí sholáthar urrúis chomhthaobhaigh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na gníomhartha sin ar neamhní, in-neamhnithe nó neamh-infhorfheidhmithe i gcás inar comhlánaíodh iad:
(a)
laistigh de na 3 mhí sular tíolacadh an iarraidh ar dá barr a tionscnaíodh na himeachtaí dócmhainneachta nó, in éagmais iarraidh den sórt sin, laistigh de na 3 mhí sular glacadh an rún chun tús a chur le himeachtaí dócmhainneachta, ar choinníoll nach raibh an féichiúnaí in ann a fhiacha nó a fiacha a íoc de réir mar a bhí siad dlite i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; nó
(b)
tar éis thíolacadh na hiarrata nó tar éis dháta an rúin dá dtagraítear i bpointe (a) agus sula dtionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta.
2. Má sásaíodh éileamh creidiúnaí a bhí dlite nó má rinneadh é a urrúsú faoi mar a bhí sé dlite, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gníomhartha dlí dochracha ar neamhní, in-neamhnithe nó neamh-infhorfheidhmithe sna cásanna seo a leanas ar a laghad:
(a)
comhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1; agus
(b)
bhí an creidiúnaí ar an eolas nach raibh an féichiúnaí in ann a fhiacha nó a fiacha a íoc de réir mar a bhí siad dlite i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, gur tíolacadh iarraidh ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta nó, in éagmais iarraidh den sórt sin, gur glacadh rún chun tús a chur le himeachtaí dócmhainneachta.
Chun críocha na chéad fomhíre, pointe (b), toimhdeofar an t-eolas sin a bheith ag an gcreidiúnaí más páirtí ag a raibh dlúthbhaint leis an bhféichiúnaí é nó í. Beifear in ann an toimhde sin a fhrisnéis.
3. Níl feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir leis na gníomhartha dlí seo a leanas:
(a)
gníomhartha dlí a chomhlíontar go díreach mar mhalairt ar chomaoin chóir chun tairbhe shócmhainní an fhéichiúnaí;
(b)
íocaíochtaí ar bhillí malairte nó ar sheiceanna, i gcás ina n-urchoisctear, faoin dlí lena rialaítear billí malairte nó seiceanna, éilimh an fhaighteora, a eascraíonn as an mbille nó as an tseic, in aghaidh féichiúnaithe billí nó seiceanna eile amhail formhuinitheoirí, an tarraingeoir, nó an tarraingí más rud é go ndiúltaíonn an faighteoir d’íocaíocht an fhéichiúnaí;
(c)
gníomhartha dlí nach bhfuil faoi réir caingne seachanta i gcomhréir le Treoracha 98/26/CE agus 2002/47/CE;
(d)
i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, gníomhartha dlí arb é is cuspóir dóibh éilimh a dhéanann údaráis slándála sóisialta a shásamh nó a chomhthaobhú;
(e)
socruithe glanluachála a dhéanamh, lena n-áirítear socruithe glanluachála clabhsúir, i margaí airgeadais, i margaí fuinnimh nó i margaí tráchtearraí eile, chomh maith le gníomhartha dlí lena dtacaítear le hoibriú na socruithe sin.
Chun críocha na chéad fomhíre, pointe (b), áiritheoidh na Ballstáit go n-aisíocfaidh an formhuinitheoir deiridh an méid a íocadh ar an mbille nó ar an seic nó, má d’fhormhuinigh an formhuinitheoir sin an bille thar ceann tríú páirtí, go n-aisíocfaidh an tríú páirtí sin é, más rud é go raibh a fhios ag an bhformhuinitheoir deiridh nó ag an tríú páirtí nach raibh an féichiúnaí in ann a fhiacha nó a fiacha a íoc de réir mar a bhí siad dlite i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó gur tíolacadh iarraidh ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta tráth formhuinithe an bhille nó tráth a ndearnadh é a fhormhuiniú. Toimhdeofar an t-eolas sin a bheith ag an bhformhuinitheoir deiridh nó ag an tríú páirtí más páirtí ag a raibh dlúthbhaint leis an bhféichiúnaí é nó í. Beifear in ann an toimhde sin a fhrisnéis.
Airteagal 8
Gníomhartha dlíthiúla mar mhalairt ar chomaoin ar bith nó ar chomaoin ar follasach nach bhfuil sí leordhóthanach
1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcomhlíontar gníomhartha dlí an fhéichiúnaí mar mhalairt ar chomaoin ar bith nó ar chomaoin ar follasach nach bhfuil sí leordhóthanach, go mbeidh na gníomhartha dlí sin ar neamhní, in-neamhnithe nó neamh-infhorfheidhmithe i gcás inar comhlánaíodh iad:
(a)
laistigh de na 12 mhí sular tíolacadh an iarraidh ar dá barr a tionscnaíodh na himeachtaí dócmhainneachta nó, in éagmais iarraidh den sórt sin, laistigh de na 12 mhí roimh dháta an rúin chun tús a chur le himeachtaí dócmhainneachta; nó
(b)
tar éis thíolacadh na hiarrata nó tar éis dháta an rúin dá dtagraítear i bpointe (a) agus sula dtionscnaítear na himeachtaí dócmhainneachta.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le bronntanais agus deonacháin nach ngabhann ach luach siombalach leo.
Airteagal 9
Gníomhartha dlí atá dochrach d’aon ghnó do chreidiúnaithe
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gníomhartha dlí lena ndearna an féichiúnaí dochar d’aon ghnó do na creidiúnaithe i gcoitinne ar neamhní, in-neamhnithe nó neamh-infhorfheidhmithe i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(a)
comhlánaíodh na gníomhartha sin laistigh den 2 bhliain sular tíolacadh an iarraidh ar dá bharr a tionscnaíodh na himeachtaí dócmhainneachta nó, in éagmais iarraidh den sórt sin, laistigh den dá bhliain sular glacadh an rún chun tús a chur le himeachtaí dócmhainneachta, nó tar éis an dáta a tíolacadh iarraidh den sórt sin nó tar éis dáta rúin den sórt sin agus roimh thionscnamh na n-imeachtaí dócmhainneachta;
(b)
bhí an páirtí eile sa ghníomh dlí ar an eolas go raibh sé ar intinn ag an bhféichiúnaí dochar a dhéanamh do na creidiúnaithe i gcoitinne.
Chun críocha na chéad mhíre, pointe (b), toimhdeofar an t-eolas sin a bheith ag an bpáirtí eile sa ghníomh dlí, más páirtí ag a raibh dlúthbhaint leis an bhféichiúnaí é nó í. Beifear in ann an toimhde sin a fhrisnéis.
CAIBIDIL 3
Iarmhairtí caingne seachanta
Airteagal 10
Coinníollacha ginearálta
1. Áiritheoidh na Ballstáit nach féidir na héilimh, na cearta ná na hoibleagáidí a eascraíonn as gníomhartha dlí atá ar neamhní nó atá neamh-infhorfheidhmithe nó a cuireadh ar neamhní de bhun Chaibidil 2 a agairt chun sásamh a fháil ón eastát dócmhainneachta lena mbaineann.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheangal ar an bpáirtí a thairbhigh den ghníomh dlí atá ar neamhní, a cuireadh ar neamhní nó atá neamh-infhorfheidhmithe na sochair iarbhír iad féin a thabhairt ar ais nó a gcoibhéis airgid a íoc.
Ní féidir an fíoras a agairt nach bhfuil an saibhriú a d’eascair as an ngníomh dlí atá ar neamhní, a cuireadh ar neamhní nó atá neamh-infhorfheidhmithe ar fáil a thuilleadh i maoin an pháirtí a thairbhigh den ghníomh dlí sin ach amháin mura raibh an páirtí sin ar an eolas faoi na himthosca ar a bhfuil an chaingean seachanta bunaithe.
3. Áiritheoidh na Ballstáit gur tréimhse nach mó ná 3 bliana ó dháta tionscanta na n-imeachtaí dócmhainneachta a bheidh sa tréimhse theorann do gach éileamh in aghaidh an pháirtí eile a eascraíonn as gníomh dlí atá ar neamhní, atá in-neamhnithe nó atá neamh-infhorfheidhmithe. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go ríomhfar an tréimhse theorann ón dáta a tháinig an cleachtóir dócmhainneachta ar an eolas faoi na fíorais as ar eascair an t-éileamh in aghaidh an pháirtí eile.
Ní dochar an Treoir seo don dlí náisiúnta lena rialaítear fionraí nó briseadh na tréimhse teorann dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
4. Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le héileamh na sochair iarbhír iad féin a thabhairt ar ais nó a gcoibhéis airgid a íoc de bhun mhír 2, gur féidir é a shannadh do chreidiúnaí nó do thríú páirtí.
5. Áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis an bpáirtí a bhfuil sé d’oibleagáid air nó uirthi na sochair iarbhír iad féin a thabhairt ar ais nó a gcoibhéis airgid a íoc de bhun mír 2, nach féidir leis an bpáirtí sin an oibleagáid sin a fhritháireamh in aghaidh aon éileamh a dteastódh uaidh nó uaithi a shaothrú, murach sin, sna himeachtaí dócmhainneachta.
6. Ní dochar an tAirteagal seo do chaingne arna dtionscnamh faoin dlí sibhialta agus tráchtála chun cúiteamh a fháil ar dhamáistí a d’fhulaing creidiúnaithe mar thoradh ar ghníomh dlí atá ar neamhní, atá in-neamhnithe nó atá neamh-infhorfheidhmithe.
Airteagal 11
Iarmhairtí don pháirtí a thairbhigh de ghníomh dlí atá ar neamhní, atá in-neamhnithe nó atá neamh-infhorfheidhmithe
1. I gcás ina ndéanann agus a mhéid a dhéanann an páirtí a thairbhigh den ghníomh dlí atá ar neamhní, atá in-neamhnithe nó atá neamh-infhorfheidhmithe na sochair iarbhír iad féin a thabhairt ar ais nó a gcoibhéis airgid a íoc i gcomhréir le hAirteagal 10, áiritheoidh na Ballstáit go n-ndéanfar aon éileamh de chuid an pháirtí sin a sásaíodh trí bhíthin an ghnímh dlí sin a athbheochan i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
2. Aon chontrachomhlíonadh a rinne an páirtí a thairbhigh den ghníomh dlí atá ar neamhní, atá in-neamhnithe nó atá neamh-infhorfheidhmithe tar éis don fhéichiúnaí comhlíonadh a dhéanamh faoin ngníomh dlí sin nó mar mhalairt láithreach ar an gcomhlíonadh sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar é a aisíoc ón eastát dócmhainneachta a mhéid a bheidh na sochair arb ionann iad agus an contrachomhlíonadh sin fós ar fáil san eastát dócmhainneachta i bhfoirm is féidir a idirdhealú ón gcuid eile den eastát dócmhainneachta nó a mhéid atá an t-eastát dócmhainneachta fós saibhrithe le luach an chontrachomhlíonta.
I gcásanna nach gcumhdaítear leis an gcéad fhomhír, féadfaidh an páirtí a thairbhigh den ghníomh dlí atá ar neamhní, atá in-neamhnithe nó atá neamh-infhorfheidhmithe éileamh a thaisceadh ar chúiteamh as an gcontrachomhlíonadh.
Airteagal 12
Dliteanas tríú páirtithe
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh Airteagail 10 agus 11 infheidhme i leith aon oidhre, nó comharba uilíoch eile de chuid an pháirtí a thairbhigh den ghníomh dlí atá ar neamhní, atá in-neamhnithe nó atá neamh-infhorfheidhmithe.
Déanfar méid dliteanas oidhrí a rialú leis an dlí náisiúnta.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh Airteagal 10 infheidhme i leith aon chomharba aonair de chuid an pháirtí eile sa ghníomh dlí atá ar neamhní, atá in-neamhnithe nó atá neamh-infhorfheidhmithe más rud é go raibh an comharba ar an eolas faoi na himthosca ar a bhfuil an chaingean seachanta bunaithe.
Toimhdeofar an t-eolas dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith ag an gcomharba aonair más páirtí ag a bhfuil dlúthbhaint leis an bpáirtí a thairbhigh den ghníomh dlí atá ar neamhní, atá in-neamhnithe nó atá neamh-infhorfheidhmithe é nó í. Beifear in ann an toimhde sin a fhrisnéis.
Airteagal 13
An gaol le hionstraimí eile
Ní dochar an Teideal seo do Threoracha 98/26/CE, 2002/47/CE agus (AE) 2019/1023.
I gcás, le linn imeachtaí um athstruchtúrú coisctheach faoi Threoir (AE) 2019/1023, ina dtarlaíonn sé nach bhfuil an féichiúnaí in ann a fhiacha nó a fiacha a íoc a thuilleadh de réir mar a bhíonn siad dlite agus ina gcoinnítear tairbhe an bhaic i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 7(3) den Treoir sin, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, i ndáil le gníomhartha dlí a chomhlíontar le linn an bhaic, nach n-eascróidh caingne seachanta faoi Airteagal 7(2) den Treoir seo as an eolas a bheith ag páirtí nach raibh an féichiúnaí in ann a fhiacha nó a fiacha a íoc de réir mar a bhí siad dlite i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
TEIDEAL III
SÓCMHAINNÍ DE CHUID EASTÁT DÓCMHAINNEACHTA A RIANÚ
CAIBIDIL 1
Rochtain ag cúirteanna agus údaráis riaracháin ainmnithe ar fhaisnéis faoi chuntais bainc
Airteagal 14
Cúirteanna agus údaráis riaracháin ainmnithe
1. Ainmneoidh gach Ballstát na cúirteanna nó na húdaráis riaracháin atá údaraithe chun a chláir náisiúnta cuntas bainc a rochtain agus a chuardach agus na cúirteanna nó na húdaráis riaracháin atá údaraithe chun faisnéis faoi chuntais bainc a rochtain agus a chuardach ar bhonn trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 15(2) (‘cúirteanna nó údaráis riaracháin ainmnithe’).
2. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoina chúirteanna nó údaráis riaracháin ainmnithe faoin 22 Aibreán 2029 agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi aon athruithe ina leith gan moill mhíchuí. Foilseoidh an Coimisiún na fógraí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.
Airteagal 15
Rochtain ag cúirteanna agus údaráis riaracháin ainmnithe ar fhaisnéis faoi chuntais bainc agus cuardaigh arna ndéanamh acu inti
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag na cúirteanna nó údaráis riaracháin ainmnithe faisnéis faoi chuntais bainc a rochtain agus a chuardach, go díreach agus go láithreach, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
iarrann an cleachtóir dócmhainneachta arna cheapadh in imeachtaí dócmhainneachta atá ar siúl, lena n-áirítear imeachtaí eatramhacha, faisnéis faoi chuntais bainc; agus
(b)
tá gá leis an bhfaisnéis faoi chuntais bainc chun sócmhainní de chuid eastát dócmhainneachta an fhéichiúnaí a shainaithint agus a rianú in imeachtaí dá dtagraítear i bpointe (a), chomh maith le sócmhainní atá faoi réir caingne seachanta.
2. Agus rochtain trasteorann á héascú acu, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag na cúirteanna nó na húdaráis riaracháin ainmnithe faisnéis faoi chuntais bainc i mBallstáit eile atá ar fáil trí chóras idirnasctha na gclár cuntas bainc dá dtagraítear in Airteagal 16(6) de Threoir (AE) 2024/1640 (CICCB) a rochtain agus a chuardach, go díreach agus láithreach, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
iarann an cleachtóir dócmhainneachta arna cheapadh in imeachtaí dócmhainneachta atá ar siúl, lena n-áirítear imeachtaí eatramhacha, faisnéis faoi chuntais bainc i mBallstáit eile; agus
(b)
tá gá leis an bhfaisnéis faoi chuntais bainc chun sócmhainní de chuid eastát dócmhainneachta an fhéichiúnaí a shainaithint agus a rianú in imeachtaí dá dtagraítear i bpointe (a), chomh maith le sócmhainní atá faoi réir caingne seachanta.
3. Faisnéis sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo agus a mheasann na Ballstáit a bheith bunriachtanach agus a chuireann siad ar áireamh sna cláir cuntas bainc de bhun Airteagal 16(5) de Threoir (AE) 2024/1640, ní bheidh sí inrochtana ná inchuardaithe ag cúirteanna ná údaráis riaracháin ainmnithe.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfíoróidh na cúirteanna nó údaráis riaracháin ainmnithe nó cúirteanna nó údaráis inniúla eile ar comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. I gcás inar comhlíonadh na coinníollacha sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na cúirteanna nó údaráis riaracháin ainmnithe an fhaisnéis ábhartha faoi chuntais bainc a fuarthas trí fhaisnéis faoi chuntais bainc a rochtain agus a chuardach de bhun mhíreanna 1 agus 2 a tharchur chuig an gcleachtóir dócmhainneachta a d’iarr í.
5. Ní dochar rochtain agus cuardaigh de bhun mhíreanna 1 agus 2 do choimircí nós imeachta náisiúnta ná do rialacha an Aontais ná rialacha náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar an fhaisnéis faoi chuntais bainc a fhaightear de bhun mhíreanna 1 agus 2 a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch dá bhfuarthas í, lena n-áirítear i gcás inar cleachtóirí dócmhainneachta a dhéanann í a phróiseáil.
6. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta inmheánacha ábhartha i bhfeidhm ag cleachtóirí dócmhainneachta, agus faisnéis faoi chuntais bainc a fhaightear de bhun mhíreanna 1 agus 2 á próiseáil acu, le go ndéanfar an fhaisnéis rúnda a bhainistiú ar bhealach iomchuí.
7. Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, measfar an rochtain ar fhaisnéis faoi chuntais bainc agus na cuardaigh inti a bheith díreach agus láithreach, inter alia, i gcás ina dtarchuireann na húdaráis náisiúnta a oibríonn na cláir cuntas bainc an fhaisnéis faoi chuntais bainc chuig na cúirteanna nó údaráis riaracháin ainmnithe go gasta trí shásra uathoibrithe, ar choinníoll nach bhfuil aon institiúid idirmheánach ábalta cur isteach ar na sonraí a iarradh ná ar an bhfaisnéis atá le soláthar.
Airteagal 16
Coinníollacha maidir le rochtain ag cúirteanna agus údaráis riaracháin ainmnithe ar fhaisnéis faoi chuntais bainc agus cuardaigh a dhéanann siad inti
1. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar faisnéis faoi chuntais bainc a rochtain agus a chuardach i gcomhréir le hAirteagal 15 ach ar bhonn cás ar chás agus nach ndéanfaidh ach baill foirne gach cúirte nó údaráis riaracháin ainmnithe a ceapadh agus a údaraíodh go sonrach chun na cúraimí sin a chomhlíonadh í a rochtain agus a chuardach i gcomhréir leis an Airteagal sin.
2. Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
go gcoinneoidh na baill foirne dá dtagraítear i mír 1 ardchaighdeáin ghairmiúla maidir le rúndacht agus le cosaint sonraí, agus go mbeidh ardleibhéal ionracais agus scileanna iomchuí acu;
(b)
go bhfuil bearta teicniúla agus eagraíochtúla in úsáid chun slándáil na sonraí a áirithiú ar ardchaighdeáin teicneolaíochta le go mbeidh cúirteanna agus údaráis riaracháin ainmnithe in ann a gcumhachtaí a fheidhmiú chun faisnéis faoi chuntais bainc a rochtain agus a chuardach i gcomhréir le hAirteagal 15.
Airteagal 17
Faireachán ar rochtain ag cúirteanna agus údaráis riaracháin ainmnithe ar fhaisnéis faoi chuntais bainc agus ar chuardaigh a dhéanann siad inti
1. Déanfaidh na Ballstáit foráil go n-áiritheoidh na húdaráis a oibríonn na cláir cuntas bainc go gcoinneofar logaí maidir le gach cás ina ndéanann cúirt nó údarás riaracháin ainmnithe faisnéis faoi chuntais bainc a rochtain agus a chuardach. Áireofar an méid seo a leanas, go sonrach, sna logaí:
(a)
uimhir thagartha an cháis;
(b)
dáta agus am an fhiosraithe nó an chuardaigh;
(c)
an cineál sonraí a úsáideadh chun an fiosrú nó an cuardach a sheoladh;
(d)
aitheantóir uathúil na dtorthaí;
(e)
ainm na cúirte nó an údaráis riaracháin ainmnithe a dhéanann an clár a rochtain nó a chuardach;
(f)
an t-aitheantóir uathúil úsáideora atá ag ball foirne na cúirte nó an údaráis riaracháin ainmnithe a rinne an fiosrú agus, i gcás inarb infheidhme, atá ag an mbreitheamh nó ag an oifigeach a d’ordaigh an fiosrú nó an cuardach agus, i gcás inarb infhaighte, ag an gcleachtóir dócmhainneachta iarrthach.
2. Déanfaidh na húdaráis a oibríonn na cláir cuntas bainc na logaí dá dtagraítear i mír 1 a sheiceáil go rialta.
3. Ní úsáidfear na logaí dá dtagraítear i mír 1 ach amháin chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na Treorach seo agus ar chomhlíonadh an dlí is infheidhme de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí. Cosnófar na logaí sin trí bhearta iomchuí a dhéanamh ar rochtain neamhúdaraithe agus léirscriosfar iad 5 bliana tar éis a gcruthaithe, ach amháin i gcás ina mbeidh siad ag teastáil le haghaidh nósanna imeachta faireacháin atá ar siúl.
CAIBIDIL 2
Rochtain ag cleachtóirí dócmhainneachta ar fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil
Airteagal 18
Rochtain ag cleachtóirí dócmhainneachta ar fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil
Áiritheoidh na Ballstáit, chun sócmhainní a shainaithint agus a rianú a bhaineann leis na himeachtaí dócmhainneachta ar lena n-aghaidh a ceapadh na cleachtóirí dócmhainneachta, go dtabharfar rochtain thráthúil do na cleachtóirí dócmhainneachta ar an bhfaisnéis seo a leanas maidir le húinéirí tairbhiúla eintiteas dlíthiúil agus socruithe dlíthiúla a choimeádtar sna cláir lárnacha idirnasctha um úinéireacht thairbhiúil, agus go gcuirfear an rochtain sin ar fáil gan foláireamh a thabhairt don eintiteas, don socrú ná don úinéir tairbhiúil lena mbaineann:
(a)
ainm an úinéara thairbhiúil;
(b)
mí agus bliain bhreithe an úinéara thairbhiúil;
(c)
tír chónaithe agus náisiúntacht nó náisiúntachtaí an úinéara thairbhiúil;
(d)
i gcás úinéirí tairbhiúla de chuid eintiteas dlítheanach, cineál agus raon an leasa thairbhiúil atá acu;
(e)
i gcás úinéirí tairbhiúla de chuid iontaobhas sainráite nó socruithe dlíthiúla comhchosúla, cineál a n-úinéireachta tairbhiúla.
CAIBIDIL 3
Rochtain ag cleachtóirí dócmhainneachta ar chláir náisiúnta agus bunachair sonraí
Airteagal 19
Rochtain ag cleachtóirí dócmhainneachta ar chláir náisiúnta agus bunachair sonraí
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain dhíreach ghasta ag cleachtóirí dócmhainneachta, gan beann ar an mBallstát inar ceapadh iad, ar an bhfaisnéis is gá chun sócmhainní de chuid an eastáit dócmhainneachta a shainaithint agus a rianú, chomh maith le sócmhainní atá faoi réir caingne seachanta, atá á coimeád i gcláir agus i mbunachair sonraí náisiúnta atá ann cheana agus a liostaítear san Iarscríbhinn, i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta.
2. Maidir le rochtain ar na cláir agus na bunachair sonraí náisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn, áiritheoidh gach Ballstát nach mbeidh na cleachtóirí dócmhainneachta a cheaptar i mBallstáit eile faoi réir coinníollacha rochtana substainteacha nach bhfuil chomh fabhrach céanna, de jure nó de facto, leis na coinníollacha sin is infheidhme maidir le cleachtóirí dócmhainneachta a cheaptar sa Bhallstát sin.
3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na cláir agus na bunachair sonraí náisiúnta atá ann cheana mar a liostaítear san Iarscríbhinn faoin 22 Aibreán 2029 agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon athruithe orthu.
Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis a bhfuil fógra tugtha ag na Ballstáit ina leith de bhun na chéad fhomhíre in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.
CAIBIDIL 4
Rochtain ar chúirteanna ag na cleachtóirí dócmhainneachta i mBallstát eile
Airteagal 20
Rochtain ar chúirteanna ag na cleachtóirí dócmhainneachta i mBallstát eile
Maidir leis an gceart chun imeachtaí a thionscnamh nó chun láithriú os comhair na gcúirteanna nó na n-údarás chun sócmhainní a éileamh thar ceann eastát dócmhainneachta, áiritheoidh gach Ballstát nach mbeidh cleachtóirí dócmhainneachta a cheaptar i mBallstáit eile faoi réir coinníollacha nach bhfuil chomh fabhrach céanna leis na coinníollacha is infheidhme maidir le cleachtóirí dócmhainneachta a cheaptar sa Bhallstát sin.
TEIDEAL IV
IMEACHTAÍ UM DHÍOL RÉAMHULLMHAITHE
CAIBIDIL 1
Forálacha ginearálta
Airteagal 21
Imeachtaí um dhíol réamhullmhaithe
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh imeachtaí um dhíol réamhullmhaithe ar fáil ar a laghad d’fhéichiúnaithe ar dócha go dtiocfaidh siad le bheith dócmhainneach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach bhféadfar céim an ullmhúcháin a thionscnamh nuair nach mbíonn an féichiúnaí in ann a fhiacha nó a fiacha a íoc de réir mar a bhíonn siad dlite i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
2. Féadfaidh imeachtaí um dhíol réamhullmhaithe, faoin dlí náisiúnta, a bheith ina n-imeachtaí ar leithligh nó ina gcuid d’imeachtaí dócmhainneachta atá ann cheana.
3. Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le féichiúnaithe a théann isteach in imeachtaí um dhíol réamhullmhaithe, go leanfaidh siad de rialú iomlán a bheith acu, nó ar a laghad de rialú páirteach a bheith acu, ar a gcuid sócmhainní agus ar oibriú a ngnólachta ó lá go lá le linn chéim an ullmhúcháin.
4. Tá feidhm ag an dlí náisiúnta maidir le hábhair nach rialaítear leis an Teideal seo, lena n-áirítear éilimh a rangú, fáltais a dháileadh, freagrachtaí agus dliteanas an fhéichiúnaí agus stiúrthóirí an fhéichiúnaí, luach saothair an chleachtóra dócmhainneachta agus cineál, raon feidhme agus foirm rannpháirtíocht na gcreidiúnaithe, ach amháin, i gcás inarb infheidhme, i ndáil leis an díolachán a fhormheas.
Airteagal 22
Gaol le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais
1. Déanfar céim an leachtaithe trí bhíthin imeachtaí dócmhainneachta nach nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach iad.
I mBallstáit ina bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2015/848, déanfar céim an leachtaithe trí bhíthin imeachtaí dócmhainneachta mar a leagtar amach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848 ar imeachtaí nach nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach iad.
2. Ní dochar an Treoir seo do Threoir 2001/23/CE ná do na rialacha náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme í.
Chun críocha Airteagal 5(1) de Threoir 2001/23/CE, i gcásanna ina dtarlaíonn céim an leachtaithe mar chuid d’imeachtaí a bhféadfadh leachtú an fhéichiúnaí a bheith mar thoradh orthu, measfar gurb ionann céim an leachtaithe agus imeachtaí féimheachta nó aon imeachtaí dócmhainneachta comhchosúla arna dtionscnamh d’fhonn sócmhainní an aistreora a leachtú faoi mhaoirseacht údaráis phoiblí inniúil.
CAIBIDIL 2
Céim an ullmhúcháin
Airteagal 23
An monatóir a cheapadh
1. Áiritheoidh na Ballstáit, ar thionscnamh féichiúnaí, go dtosóidh céim an ullmhúcháin nuair a cheaptar monatóir. Is leis an dlí náisiúnta a leagfar síos an nós imeachta maidir le monatóir a cheapadh.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an monatóir neamhspleách ar an bhféichiúnaí agus ar aon pháirtí ag a bhfuil dlúthbhaint leis an bhféichiúnaí. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le ceanglais bhreise i ndáil le neamhspleáchas an mhonatóra ar shealbhóirí cothromais nó ar chreidiúnaithe.
3. Áiritheoidh na Ballstáit nach féidir a cheapadh mar mhonatóir ach daoine a chomhlíonann na critéir incháilitheachta is infheidhme maidir le cleachtóirí dócmhainneachta sa Bhallstát ina dtarlaíonn na himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe.
Airteagal 24
Na prionsabail is infheidhme maidir le céim an ullmhúcháin
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an próiseas díola a chuirfear i gcrích le linn chéim an ullmhúcháin iomaíoch, trédhearcach agus cothrom agus go gcomhlíonfaidh sé caighdeáin an mhargaidh.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an monatóir na nithe seo a leanas, le cúnamh ón bhféichiúnaí más gá:
(a)
údar a thabhairt leis an bhfáth a measann sé nó sí go bhfuil na ceanglais faoi mhír 1 á gcomhlíonadh;
(b)
an tairgeoir is fearr a mholadh mar fhaighteoir ghnólacht an fhéichiúnaí, nó cuid de, sna himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe, i gcomhréir le hAirteagal 33;
(c)
ráiteas a sholáthar, bunaithe ar a mheasúnú nó a measúnú, nach sáraíonn an tairiscint is fearr tástáil leas na gcreidiúnaithe.
Déanfaidh an monatóir gach céim den phróiseas díola a dhoiciméadú agus a thuairisciú. Cuirfear na doiciméid agus na tuarascálacha sin ar fáil i bhformáid dhigiteach agus go tráthúil. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an monatóir faoi réir na gceanglas rúndachta céanna agus a bhíonn cleachtóir dócmhainneachta.
3. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go ndéanfar ceant poiblí i gcomhréir le hAirteagal 29(3) chun a áirithiú go réadófar praghas margaidh cothrom. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go ndéanfar an ceant poiblí sin, go háirithe, i gcásanna ina léiríonn creidiúnaí amháin nó níos mó go bhfuil amhras réasúnach ann maidir le cibé acu a léiríonn nó nach léiríonn an tairiscint is fearr arna moladh ag an monatóir praghas cothrom an mhargaidh. I gcás ina ndéantar an ceant poiblí sin, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach mbeidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i mír 1 agus mír 2, pointe (a), maidir leis an monatóir.
4. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh, i gcás ina bhformheasann creidiúnaithe an moladh dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nach mbeidh feidhm ag mír 1 agus mír 2, pointe (a).
5. Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
mura dtugtar faoi chéim an leachtaithe ina dhiaidh sin, íocann an féichiúnaí luach saothair leis an monatóir;
(b)
má thugtar faoi chéim an leachtaithe, is é an t-eastát dócmhainneachta a íocann luach saothair an mhonatóra.
Airteagal 25
Bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair
Áiritheoidh na Ballstáit, le linn chéim an ullmhúcháin, i gcás inar dócha go bhfuil an féichiúnaí dócmhainneach nó ina bhfuil sé dócmhainneach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, gur féidir leis an bhféichiúnaí tairbhiú de bhac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 7 de Threoir (AE) 2019/1023, le linn chéim an ullmhúcháin nó i gcomhthéacs cineál eile imeachtaí dócmhainneachta ina bhfuil smacht iomlán, nó páirteach ar a laghad, ag an bhféichiúnaí ar a shócmhainní nó a sócmhainní agus ar oibriú a ghnó nó a gnó ó lá go lá agus inar féidir leanúint de ghnó an fhéichiúnaí, nó cuid de, a dhíol mar ghnóthas leantach agus an díol sin a thabhairt i gcrích.
Airteagal 26
Tionscnamh chéim an leachtaithe a chur ar fionraí
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh, i gcás ina ndéanann creidiúnaí iarratas ar dhócmhainneacht le linn chéim an ullmhúcháin, gur féidir tionscnamh chéim an leachtaithe a chur ar fionraí más rud é, agus imthosca an cháis á gcur san áireamh, nach mbeadh sé chun leas ginearálta na gcreidiúnaithe céim an leachtaithe a thionscnamh.
Airteagal 27
Céim an ullmhúcháin a fhoirceannadh
1. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le céim an ullmhúcháin a bheith teoranta ó thaobh ama de.
2. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir céim an ullmhúcháin a fhoirceannadh i gcás:
(a)
ina mainníonn an féichiúnaí an cúnamh is gá a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 24(2);
(b)
ina mainníonn an féichiúnaí gníomhú le dícheall cuí le linn chéim an ullmhúcháin; nó
(c)
nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann go n-éireoidh le céim an ullmhúcháin.
CAIBIDIL 3
Céim an leachtaithe
Airteagal 28
Céim an leachtaithe
Áiritheoidh na Ballstáit go dtosóidh céim an leachtaithe nuair a dhéantar cinneadh maidir leis na himeachtaí dócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a thionscnamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
Airteagal 29
Prionsabail is infheidhme maidir le céim an leachtaithe
1. Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a thionscnaítear céim an leachtaithe, go n-údaróidh an chúirt nó an t-údarás inniúil go ndíolfaí gnólacht an fhéichiúnaí, nó cuid de, i gceann amháin ar a laghad de na cásanna seo a leanas:
(a)
is é an monatóir a mholann an faighteoir, ar choinníoll go bhfuil tuairim eisithe ag an monatóir lena ndearbhaítear gur chomhlíon an próiseas díola a tharla le linn chéim an ullmhúcháin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 24(1) agus go bhfuil an chúirt nó an t-údarás inniúil sásta gur comhlíonadh na ceanglais faoi Airteagal 24(1) agus (2);
(b)
roghnaítear an faighteoir i gceant poiblí, i gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir le ceant den sórt sin i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo; nó
(c)
formheasann na creidiúnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 24(4), go ndíolfaí an gnólacht leis an bhfaighteoir.
2. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhformheasfaidh na creidiúnaithe go ndíolfaí gnólacht an fhéichiúnaí, nó cuid de, faoi mhír 1, pointe (c), gan údarú na cúirte nó an údaráis inniúil más rud é, faoin dlí náisiúnta, go n-éilítear toiliú na gcreidiúnaithe chun gnólacht an fhéichiúnaí, nó cuid de, a dhíol.
3. Ní mhairfidh an ceant poiblí dá dtagraítear in Airteagal 24(3) níos faide ná 3 mhí.
Is é an tairiscint a roghnaíonn an monatóir a úsáidfear mar thairiscint tosaigh sa cheant poiblí.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cosaintí a dheonaítear don tairgeoir tosaigh le linn chéim an ullmhúcháin ar cóimhéid agus comhréireach.
4. Forálfaidh na Ballstáit gur féidir leis an gcúirt nó leis an údarás inniúil a chinneadh go ndéantar luacháil ar ghnó an fhéichiúnaí mar ghnóthas leantach ar an bhforas go bhféadfadh sé nach gcomhlíonfadh an tairiscint is fearr tástáil leas na gcreidiúnaithe.
Más rud é, faoin dlí náisiúnta, gur gá toiliú na gcreidiúnaithe a fháil chun gnólacht an fhéichiúnaí, nó cuid de, a dhíol, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil gur féidir leis na creidiúnaithe an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh gan rannpháirtíocht na cúirte ná an údaráis inniúil.
Airteagal 30
Sannadh nó foirceannadh conarthaí le comhlíonadh
1. Áiritheoidh na Ballstáit go sannfar d’fhaighteoir ghnólacht an fhéichiúnaí, nó coda de, na conarthaí sin le comhlíonadh atá riachtanach ionas gur féidir leis an ngnólacht sin leanúint de bheith ag feidhmiú agus as a dtiocfadh tréimhse neamhghníomhaíochta gnó dá gcuirfí ar fionraí iad. Ní bheidh gá le toiliú chontrapháirtí nó chontrapháirtithe an fhéichiúnaí chun an sannadh a dhéanamh.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás inarb iomaitheoir le contrapháirtí nó le contrapháirtithe an fhéichiúnaí é faighteoir ghnólacht an fhéichiúnaí nó coda de.
2. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur gá toiliú chontrapháirtí nó chontrapháirtithe an fhéichiúnaí a fháil, ag brath ar an gcineál conartha, ar chineál na bpáirtithe, nó ar leasanna an ghnólachta.
3. Gan dochar do chearta foirceanta eile, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil gur féidir leis an gcontrapháirtí nó leis na contrapháirtithe conarthaí le comhlíonadh arna sannadh faoi mhír 1 a fhoirceannadh faoi réir tréimhse fógra nach lú ná 3 mhí ó thráth an tsannta, ar choinníoll go ndéanfadh sannadh an chonartha dochar míchothrom don chontrapháirtí nó do na contrapháirtithe.
4. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach ndéanfar conarthaí le comhlíonadh a bhaineann le ceadúnais ceart maoine intleachtúla agus tionsclaíche arb é an féichiúnaí a gceadúnóir a fhoirceannadh gan toiliú an cheadúnaí.
Airteagal 31
Fiachais agus dliteanais an ghnó a fuarthas trí imeachtaí um dhíol réamhullmhaithe
1. Gan dochar d’Airteagal 30 agus d’Airteagal 38(1) agus (2), chomh maith leis na hoibleagáidí a eascraíonn as caidreamh fostaíochta a ndéanann díol an ghnólachta, nó díola coda de, difear dóibh, áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh an faighteoir gnólacht an fhéichiúnaí, nó cuid de, saor ó fhiacha agus ó dhliteanais, ach amháin má thoilíonn an faighteoir go sainráite go seasfaidh sé nó sí fiacha agus dliteanais an ghnólachta nó coda de.
2. Ní dochar mír 1 do dhlíthe náisiúnta lena bhforáiltear go gcuirtear iompar an fhéichiúnaí san áireamh sa mheasúnú ar dhliteanas an fhaighteora i leith damáistí i gcás inar féidir an t-iompar sin a chur i leith an fhaighteora faoin dlí is infheidhme.
Airteagal 32
Éifeacht fionraíochta na n-achomharc
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, i gcás ina bhforáiltear leis an dlí náisiúnta d’achomhairc i gcoinne chinntí na cúirte nó an údaráis inniúil a bhaineann le díol ghnólacht an fhéichiúnaí, nó díol coda de, a údarú nó a fhorghníomhú, nach mbeidh éifeacht fionraíochta ag na hachomhairc sin mura ndéantar bearta leordhóthanacha chun aon damáiste a chumhdach a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar bhac gan údar ar fhorghníomhú an díola, amhail an ceanglas go gcuirfidh an t-achomharcóir urrús ar fáil nó go mbeidh an t-achomharcóir faoi dhliteanas i leith damáiste den sórt sin.
CAIBIDIL 4
Forálacha coitianta
Airteagal 33
Critéir chun an tairiscint is fearr a roghnú
Leagfaidh na Ballstáit síos na critéir chun an tairiscint is fearr a roghnú sna himeachtaí um dhíol réamhullmhaithe. Áiritheoidh na Ballstáit gurb ionann na critéir sin agus na critéir chun roghnú as measc tairiscintí iomaíocha in imeachtaí dócmhainneachta.
Féadfaidh na Ballstáit caomhnú na fostaíochta a áireamh sna critéir dá dtagraítear sa chéad mhír.
Airteagal 34
Dliteanas sibhialta monatóirí agus cleachtóirí dócmhainneachta
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh monatóirí agus cleachtóirí dócmhainneachta faoi dhliteanas i leith damáiste a dhéantar do chreidiúnaithe mar gheall nár chomhlíon siad, d’aon ghnó nó go faillitheach, a gcuid oibleagáidí faoin Teideal seo.
Airteagal 35
Páirtithe ag a bhfuil dlúthbhaint leis an bhféichiúnaí sa phróiseas díola
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh páirtithe ag a bhfuil dlúthbhaint leis an bhféichiúnaí incháilithe chun gnólacht an fhéichiúnaí, nó cuid de, a fháil, ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
nochtann na páirtithe ag a bhfuil dlúthbhaint leis an bhféichiúnaí don mhonatóir ina dtairiscint a ngaol leis an bhféichiúnaí;
(b)
faigheann páirtithe seachas na páirtithe dá dtagraítear i bpointe (a) faisnéis leordhóthanach faoi pháirtithe a bheith ann ag a bhfuil dlúthbhaint leis an bhféichiúnaí agus faoin ngaol atá acu leis an bhféichiúnaí;
(c)
sa chás dá bhforáiltear in Airteagal 29(1), pointe (a), déantar luacháil ar an ngnólacht mar ghnóthas leantach chun críocha ráiteas an mhonatóra dá dtagraítear in Airteagal 24(2), pointe (c);
(d)
tugtar a ndóthain ama do pháirtithe nach bhfuil dlúthbhaint acu leis an bhféichiúnaí chun tairiscint a thíolacadh.
Déanfaidh na Ballstáit foráil, i gcás ina gcruthaítear nár chomhlíon páirtí ag a bhfuil dlúthbhaint leis an bhféichiúnaí na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointe (a), go ndéanfaidh an chúirt nó an t-údarás inniúil na buntáistí dá dtagraítear in Airteagal 31(1) a chúlghairm.
2. I gcás ina meastar gurb í an tairiscint a thíolaic páirtí ag a bhfuil dlúthbhaint leis an bhféichiúnaí an tairiscint is fearr, féadfaidh na Ballstáit coimircí breise a thabhairt isteach maidir le díol ghnólacht an fhéichiúnaí, nó díol coda de, a údarú agus a fhorghníomhú.
Airteagal 36
Maoiniú eatramhach
1. I gcás ina bhfuil gá le maoiniú eatramhach, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
nach ndearbhaítear go bhfuil maoiniú eatramhach ar neamhní, in-neamhnithe nó neamh-infhorfheidhmithe; agus
(b)
nach dtabhaíonn deontóirí an mhaoinithe eatramhaigh dliteanas sibhialta, riaracháin nó coiriúil ar na forais go bhfuil an maoiniú sin dochrach do na gcreidiúnaithe i gcoitinne, seachas má dhéantar foráil sa dlí náisiúnta d’fhorais eile i gcás an dliteanais sin.
2. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh deontóirí maoinithe nua nó eatramhaigh i dteideal íocaíocht tosaíochta a fháil i gcomhthéacs nósanna imeachta dócmhainneachta ina dhiaidh sin i dtaca le creidiúnaithe eile a mbeadh éilimh uachtair nó éilimh chomhionanna acu ar shlí eile.
3. Faoi réir rangú tosaíochta na n-éileamh a thagann chun cinn le linn imeachtaí dócmhainneachta, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
gur féidir leasanna urrúis ar fháltais díola a dheonú do dheontóirí maoinithe eatramhaigh chun aisíocaíocht a áirithiú; agus
(b)
go bhfuil maoiniú eatramhach incháilithe lena fhritháireamh in aghaidh an phraghais atá le heisíoc faoin tairiscint bhreithnithe, nuair a sholáthraíonn tairgeoirí leasmhara é.
4. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach mbeidh feidhm ag mír 1 ach amháin maidir le maoiniú eatramhach a bhí faoi réir rialú ex ante.
Airteagal 37
Cearta réamhcheannaigh agus tairiscint creidmheasa
1. Gan dochar d’Airteagal 38(1), áiritheoidh na Ballstáit nach ndeonófar aon cheart réamhcheannaigh do thairgeoirí. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go gcoinnítear ar bun cearta réamhcheannaigh nach ndéanann dócmhainneacht an fhéichiúnaí difear dóibh agus go bhfuil siad in-fhorfheidhmithe.
2. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil an gnólacht atá faoi réir na n-imeachtaí um dhíol réamhullmhaithe faoi eire ag leasanna urrúis, nach bhféadfaidh creidiúnaithe ar tairbhithe na leasanna urrúis sin iad a n-éilimh a fhritháireamh in aghaidh an phraghais ceannaigh ach suas go dtí méid nach dtéann thar luach margaidh an ghnólachta.
Airteagal 38
Leasanna na gcreidiúnaithe a chosaint
1. Áiritheoidh na Ballstáit go scaoilfear leasanna urrúis nó eirí eile le linn na n-imeachtaí um dhíol réamhullmhaithe i gcomhréir leis na ceanglais chéanna ag a mbeadh feidhm in imeachtaí dócmhainneachta faoin dlí náisiúnta.
2. Na Ballstáit a bhfágann a ndlí go bhfuil scaoileadh na leasanna urrúis faoi réir thoiliú sealbhóirí éileamh urraithe in imeachtaí dócmhainneachta, féadfaidh siad foráil a dhéanamh nach bhfuil gá leis an toiliú sin le linn na n-imeachtaí um dhíol réamhullmhaithe.
Airteagal 39
Tionchar na nósanna imeachta dhlí na hiomaíochta ar uainiú nó ar thoradh rathúil na tairisceana
1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil riosca suntasach ann go mbeidh moill ann mar gheall ar nós imeachta dhlí na hiomaíochta nó cinneadh diúltach ó údarás iomaíochta i ndáil le tairiscint arna tíolacadh le linn chéim an ullmhúcháin, go ndéanfaidh an monatóir nó an féichiúnaí na bearta iomchuí chun go dtíolacfar tairiscintí malartacha.
2. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis an monatóir faisnéis a fháil faoi nósanna imeachta dhlí na hiomaíochta is infheidhme agus faoi aon toradh ar na nósanna imeachta sin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’uainiú nó do thoradh rathúil na tairisceana, ar choinníoll nach bhfuil nochtadh faisnéise ag an údarás iomaíochta contrártha do rialacha náisiúnta maidir le rúin ghnó a chosaint. Ar an mbonn sin, beidh an monatóir faoi réir dualgas rúndachta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar neamhaird a thabhairt ar thairiscint i gcás ina bhfuil riosca suntasach moille dá dtagraítear i mír 1 i gceist léi, ar choinníoll go bhfuil feidhm ag an dá choinníoll seo a leanas:
(a)
ní hé an tairiscint sin an t-aon tairiscint amháin; agus
(b)
dhéanfaí dochar do ghnólacht an fhéichiúnaí nó do chuid de mar thoradh ar an moill ar an díol leis an tairgeoir lena mbaineann a thabhairt chun críche.
TEIDEAL V
DUALGAS NA STIÚRTHÓIRÍ A IARRAIDH GO dTIONSCNÓFAR IMEACHTAÍ DÓCMHAINNEACHTA AGUS DLITEANAS SIBHIALTA
Airteagal 40
Dualgais stiúrthóirí
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de dhualgas ar stiúrthóirí cuideachta a éiríonn dócmhainneach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta iarraidh ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta a thíolacadh, cé is moite d’imeachtaí um athstruchtúrú coisctheach.
Sna Ballstáit ina bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2015/848, tagraíonn an dualgas iarraidh ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta a thíolacadh do na himeachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Rialachán sin, cé is moite d’imeachtaí um athstruchtúrú coisctheach.
2. Cuirfear iarraidh dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid na cúirte nó an údaráis atá inniúil in imeachtaí dócmhainneachta laistigh de 3 mhí ón tráth a cuireadh na stiúrthóirí ar an eolas nó is féidir a bheith ag súil go réasúnta go raibh siad ar an eolas go bhfuil an chuideachta dócmhainneach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
Airteagal 41
Neamhfheidhmiú nó fionraí an dualgais iarraidh ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta a thíolacadh
1. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach mbeidh feidhm ag an dualgas dá dtagraítear in Airteagal 40(1) maidir le stiúrthóirí ar daoine nádúrtha iad agus atá faoi dhliteanas pearsanta i leith fhiacha uile na cuideachta.
2. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil gur féidir an dualgas dá dtagraítear in Airteagal 40(1) a chomhlíonadh tríd an bpobal a chur ar an eolas faoi dhócmhainneacht na cuideachta trí fhógra i gclár poiblí, roimh dhul in éag don teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 40(2) ar a dhéanaí, chun a áirithiú go mbeidh na creidiúnaithe in ann tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta a iarraidh.
3. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go gcuirfear an dualgas dá dtagraítear in Airteagal 40(1) ar fionraí má dhéanann na stiúrthóirí bearta atá ceaptha damáiste do chreidiúnaithe na cuideachta dócmhainní a sheachaint agus lena n-áirithítear leibhéal cosanta do na creidiúnaithe i gcoitinne atá coibhéiseach leis an gcosaint a thugtar leis an dualgas dá dtagraítear in Airteagal 40(1).
Airteagal 42
Dliteanas sibhialta stiúrthóirí
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh stiúrthóirí cuideachta dócmhainní faoi dhliteanas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, as damáiste a dhéantar do chreidiúnaithe mar gheall nár chomhlíon na stiúrthóirí sin an dualgas dá dtagraítear in Airteagal 40.
2. I gcás inar bhain na Ballstáit úsáid as an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 41(3), áiritheoidh siad go mbeidh stiúrthóirí a dhéanann bearta dá dtagraítear ann faoi dhliteanas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i leith damáiste a dhéantar do chreidiúnaithe nach ndéanfaí dóibh dá n-iarrfadh na stiúrthóirí sin go dtionscnófaí imeachtaí dócmhainneachta i gcomhréir le hAirteagal 40(1).
3. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go n-eisiafar dliteanas dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i gcás inar féidir agus a mhéid is féidir leis na stiúrthóirí a léiriú, ar bhonn imthosca oibiachtúla, gur dócha le réasún go n-áiritheofaí toradh coibhéiseach nó níos fearr do chreidiúnaithe leis na bearta a rinneadh ná an toradh a sholáthraítear leis an dualgas dá dtagraítear in Airteagal 40(1).
Airteagal 43
An gaol le hionstraimí eile
Ní dochar an Teideal seo d’Airteagal 7 de Threoir (AE) 2019/1023.
TEIDEAL VI
COISTÍ CREIDIÚNAITHE
CAIBIDIL 1
Coistí creidiúnaithe a bhunú agus a gcomhaltaí
Airteagal 44
Coistí creidiúnaithe a bhunú
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar coiste creidiúnaithe i ndiaidh thionscnamh na n-imeachtaí dócmhainneachta má chinneann nó má iarrann cruinniú ginearálta na gcreidiúnaithe amhlaidh nó, i gcás nach bhforáiltear leis an dlí náisiúnta do chruinniú ginearálta creidiúnaithe, má iarrann creidiúnaithe amhlaidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
2. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil gur féidir coiste creidiúnaithe a bhunú roimh thionscnamh na n-imeachtaí dócmhainneachta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bhunaítear coiste creidiúnaithe, go gcinnfear comhdhéanamh choiste na gcreidiúnaithe.
3. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach mbunófar coiste creidiúnaithe i gcás ina gcinneann siad, i ngeall ar chúinsí a bhaineann le nádúr agus fairsinge ghnólacht an fhéichiúnaí, gur mó iad na hualaí a bhainfeadh lena bhunú ná na buntáistí a thiocfadh as. Áiritheoidh na Ballstáit go leagfar amach go soiléir sa dlí náisiúnta na himthosca sin, agus féadfar a áireamh iontu ábharthacht eacnamaíoch íseal an eastáit dócmhainneachta, líon íseal na gcreidiúnaithe, méid bheag an fhéichiúnaí nó an éifeacht dhiúltach ar staid airgeadais an fhéichiúnaí de dheasca moilleanna a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le coiste creidiúnaithe a bhunú.
Airteagal 45
Ceapachán agus comhdhéanamh coistí creidiúnaithe
1. I gcás ina mbunaítear coiste creidiúnaithe de bhun Airteagal 44, áiritheoidh na Ballstáit go gceapfar na comhaltaí den choiste creidiúnaithe gan moill mhíchuí ag cruinniú ginearálta na gcreidiúnaithe nó le cinneadh ón gcúirt.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go léireofar go cothrom, a oiread is féidir, le comhdhéanamh coistí creidiúnaithe, leasanna éagsúla na gcreidiúnaithe.
I gcás ina bhfuil oibrithe i measc na gcreidiúnaithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hoibrithe sin nó a n-ionadaithe incháilithe lena gceapadh ar an gcoiste creidiúnaithe, mura bhfuil sásra coibhéiseach eile ann, ar a laghad, le hionadaíocht a dhéanamh ar leasanna oibrithe in imeachtaí dócmhainneachta.
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh daoine agus eintitis nach creidiúnaithe iad incháilithe freisin lena gceapadh ar choistí creidiúnaithe.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh creidiúnaithe trasteorann incháilithe lena gceapadh ar choistí creidiúnaithe.
4. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhforáiltear leis an dlí náisiúnta d’achomhairc, gur féidir le haon pháirtí leasmhar arna shainmhíniú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agóid a dhéanamh os comhair na cúirte maidir le ceapachán comhalta amháin nó níos mó de choiste creidiúnaithe ar na forais nach ndearnadh an ceapachán i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.
Airteagal 46
Comhaltaí a chur as oifig agus comhaltaí eile a chur ina n-ionad
1. Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha lena sonraítear na forais agus na nósanna imeachta chun comhaltaí de choistí creidiúnaithe a chur as oifig agus iad a ionadú. Forálfar leis na rialacha sin freisin don chás ina n-éireoidh comhaltaí de choiste creidiúnaithe as oifig nó nach mbeidh siad in ann a gcuid dualgas a chomhlíonadh.
2. Áireofar ar na forais chun duine a chur as oifig dá dtagraítear i mír 1, ar a laghad, sárú d’aon ghnó nó sárú mórfhaillitheach ar dhualgais de chineál tromchúiseach i ndáil le leasanna na gcreidiúnaithe i gcoitinne, amhail cásanna coinbhleachta leasa.
CAIBIDIL 2
Modhanna oibre agus feidhm coistí creidiúnaithe
Airteagal 47
Modh oibre coistí creidiúnaithe
1. Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha lena sonraítear na gnéithe seo a leanas de mhodhanna oibre coistí creidiúnaithe:
(a)
an nós imeachta vótála, lena n-áirítear incháilitheacht chun vótáil agus an córam is gá;
(b)
coinbhleachtaí leasa;
(c)
rúndacht na faisnéise;
(d)
coimeád taifead ar na cinntí a rinneadh.
2. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le coistí creidiúnaithe a modhanna oibre a shonrú a thuilleadh trí bhíthin prótacal, ar choinníoll go gcomhlíontar leis na prótacail sin na rialacha a leagtar síos i mír 1. Cuirfear na prótacail sin ar fáil don chúirt agus don chleachtóir dócmhainneachta ar a laghad.
3. Forálfaidh na Ballstáit go bhfuil cead ag na comhaltaí de choistí creidiúnaithe a bheith rannpháirteach agus vótáil go pearsanta nó trí mheán leictreonach. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go dtabharfar an deis do na comhaltaí de choistí creidiúnaithe vótáil i scríbhinn.
4. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le duine cuí-údaraithe ionadaíocht a dhéanamh ar chomhaltaí de choistí creidiúnaithe.
Airteagal 48
Feidhm, cearta agus dualgais coistí creidiúnaithe
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cearta ag coistí creidiúnaithe lena gcosnaítear a rannpháirtíocht sna himeachtaí dócmhainneachta agus lena gcuirtear ar a gcumas gníomhaíochtaí na gcleachtóirí dócmhainneachta nó, i gcás ina bhfuil féichiúnaí fós i seilbh, gníomhaíochtaí an fhéichiúnaí a scrúdú, lena n-áirítear:
(a)
an ceart chun éisteacht a thabhairt do chleachtóirí dócmhainneachta agus chun éisteacht a fháil uathu maidir le hábhair leasa do na creidiúnaithe i gcoitinne, lena n-áirítear cinntí móra, amhail sócmhainní a dhíol lasmuigh den ghnáthchúrsa gnó;
(b)
an ceart chun éisteacht a fháil in imeachtaí dócmhainneachta;
(c)
an ceart chun faisnéis ábhartha agus riachtanach a iarraidh agus a fháil ó na creidiúnaithe a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu agus ó na cleachtóirí dócmhainneachta nó, i gcás ina bhfuil féichiúnaí fós i seilbh, ón bhféichiúnaí.
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh sé de cheart ag coistí creidiúnaithe rúnaí a cheapadh agus comhairle sheachtrach a iarraidh ar ábhair atá chun leasa na gcreidiúnaithe ar a ndéanann siad ionadaíocht.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh coistí creidiúnaithe, le linn thréimhse a ngníomhaíochtaí, ionadaíocht ar leasanna na gcreidiúnaithe i gcoitinne agus go ngníomhóidh siad go neamhspleách ar chleachtóirí dócmhainneachta.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhaltaí de choistí creidiúnaithe ionadaíocht ar leasanna na gcreidiúnaithe ina n-iomláine agus go ngníomhóidh siad de mheon macánta agus feidhmeanna an choiste á gcomhlíonadh acu.
3. Féadfaidh na Ballstáit an chumhacht a thabhairt do choistí creidiúnaithe cinntí nó gníomhartha dlí áirithe a fhormheas. Sa chás sin, sonróidh na Ballstáit go soiléir na hábhair a mbeadh formheas ag teastáil ina leith, agus féadfar a áireamh ar na hábhair sin gach cinneadh lena bhfuil tábhacht ar leith ag baint ó thaobh na n-imeachtaí de.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na creidiúnaithe, comhaltaí de choistí creidiúnaithe agus aon ghairmithe a thugann cabhair do choistí creidiúnaithe an fhaisnéis rúnda a fhaightear i dtaca le gníomhaíochtaí an choiste a choinneáil faoi rún.
Airteagal 49
Caiteachas agus luach saothair
1. Sonróidh na Ballstáit cé a sheasfaidh an caiteachas arna thabhú ag coistí creidiúnaithe nó ag a gcomhaltaí aonair agus an fheidhm dá dtagraítear in Airteagal 48 á feidhmiú acu.
2. I gcás inarb eastát dócmhainneachta a sheasann an caiteachas dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneoidh an coiste creidiúnaithe nó a chomhaltaí aonair taifead ar an gcaiteachas sin agus go mbeidh sé d’údarás ag an gcúirt nó ag an údarás inniúil nó ag an gcleachtóir dócmhainneachta teorainn a chur le caiteachas nach bhfuil údar leis nó atá díréireach.
3. I gcás ina gceadaíonn na Ballstáit luach saothair a íoc le comhaltaí de choiste creidiúnaithe agus inarb eastát dócmhainneachta a sheasann an luach saothair sin, áiritheoidh siad go mbeidh an luach saothair comhréireach leis an bhfeidhm a chomhlíontar.
Airteagal 50
Dliteanas
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag ceann de na rialacha seo a leanas ar a laghad:
(a)
tá comhaltaí de choistí creidiúnaithe díolmhaithe ó dhliteanas pearsanta as a ngníomhaíochtaí ina gcáil mar chomhaltaí den choiste ach amháin má fuarthas amach gur sháraigh siad a ndualgais i ndáil le leasanna na gcreidiúnaithe d’aon ghnó nó le mórfhaillí;
(b)
tá dliteanas pearsanta na gcomhaltaí de choistí creidiúnaithe as a ngníomhaíochtaí ina gcáil mar chomhaltaí den choiste cumhdaithe ag árachas a íocann an t-eastát dócmhainneachta i gcomhréir le hAirteagal 49(2).
2. I gcás ina dtugann na Ballstáit an chumhacht do choistí creidiúnaithe cinntí nó idirbhearta áirithe a fhormheas, féadfaidh siad foráil a dhéanamh go mbeidh an dliteanas céanna ar na comhaltaí de choistí creidiúnaithe agus atá ar chleachtóir dócmhainneachta.
TEIDEAL VII
BEARTA LENA bhFEABHSAÍTEAR TRÉDHEARCACHT NA nDLÍTHE NÁISIÚNTA DÓCMHAINNEACHTA
Airteagal 51
Bileog eolais faoin bpríomhfhaisnéis
1. Gan dochar do mhír 10, faoin 22 Iúil 2029, déanfaidh gach Ballstát bileog eolais faoin bpríomhfhaisnéis a tharraingt suas maidir le gnéithe bunriachtanacha den dlí náisiúnta maidir le himeachtaí dócmhainneachta (‘an bhileog eolais faoin bpríomhfhaisnéis’), agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin í tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.
2. Déanfar bileoga eolais faoin bpríomhfhaisnéis a tharraingt suas i dteanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais.
3. Beidh ábhar na mbileog eolais faoin bpríomhfhaisnéis gonta, cruinn, soiléir agus neamhtheicniúil, agus leagfar amach iad ar bhealach fíorasach.
4. Áireofar na ranna seo a leanas san ord seo a leanas i mbileoga eolais faoin bpríomhfhaisnéis:
(a)
na coinníollacha chun imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh;
(b)
na rialacha lena rialaítear taisceadh, fíorú agus ligean isteach éileamh;
(c)
na rialacha lena rialaítear rangú éilimh na gcreidiúnaithe agus dáileadh na bhfáltas a fhaightear ó réadú na sócmhainní a eascraíonn as na himeachtaí dócmhainneachta;
(d)
meánfhad tuairiscithe na n-imeachtaí dócmhainneachta, dá dtagraítear in Airteagal 29(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2019/1023.
5. Áireofar an méid seo a leanas sa roinn dá dtagraítear i mír 4, pointe (a):
(a)
liosta na ndaoine ar féidir leo tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta a iarraidh;
(b)
liosta na gcoinníollacha lena spreagtar tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta;
(c)
conas iarraidh ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta a thíolacadh agus cá gcuirtear an iarraidh sin;
(d)
conas a thugtar fógra don fhéichiúnaí faoin gcinneadh maidir le himeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh agus cá huair a thugtar é.
6. Áireofar an méid seo a leanas sa roinn dá dtagraítear i mír 4, pointe (b):
(a)
liosta na ndaoine atá in ann éileamh a thaisceadh;
(b)
liosta na gcoinníollacha chun éileamh a thaisceadh;
(c)
an teorainn ama chun éileamh a thaisceadh;
(d)
conas an fhoirm a fháil chun éileamh a thaisceadh, más infheidhme;
(e)
conas a thaisctear éileamh agus cá dtaisctear é;
(f)
conas a dhéantar an t-éileamh a fhíorú agus a bhailíochtú.
7. Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a thabhairt cothrom le dáta laistigh de mhí amháin ó theacht i bhfeidhm aon leasuithe ábhartha ar an dlí náisiúnta. Beidh an ráiteas seo a leanas i mbileoga eolais faoin bpríomhfhaisnéis: ‘Tá an bhileog eolais seo faoin bpríomhfhaisnéis cruinn amhail an … [an dáta a chuirtear an fhaisnéis faoi bhráid an Choimisiúin nó an dáta a dhéantar an nuashonrú]’.
8. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh bileoga eolais faoin bpríomhfhaisnéis ar fáil don phobal i mBéarla, Fraincis agus Gearmáinis, agus sa teanga bhunaidh, más éagsúil leo sin í, ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas faoin rannóg ‘féimheacht/dócmhainneacht’ do gach Ballstát.
9. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún formáid na bileoige eolais faoin bpríomhfhaisnéis a mhodhnú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).
10. Is tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus thráchtála a bunaíodh le Cinneadh 2001/470/CE agus ar bhealach atá comhsheasmhach le hAirteagal 86 den Rialachán sin a sholáthróidh na Ballstáit ina bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2015/848 an bhileog eolais faoin bpríomhfhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
TEIDEAL VIII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 52
Bearta éigeandála
1. Féadfaidh na Ballstáit maolú ar chur chun feidhme forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Teidil II, V agus VI i gcásanna urghnácha ina gcuirtear isteach go tromchúiseach ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ar leibhéal na mBallstát nó ar leibhéal a réigiún i gcás ina mbeadh, agus a mhéid a bheadh, riosca go dtarlóidh dócmhainneachtaí go forleathan ag baint le cur i bhfeidhm na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear na Teidil sin, lena n-áirítear do chuideachtaí a bheadh inmharthana faoi ghnáthchúinsí.
2. Beidh an maolú dá dtagraítear i mír 1 agus a fhad a mhairfidh an maolú sin comhréireach agus teoranta don mhéid atá bunriachtanach chun an cur isteach tromchúiseach dá dtagraítear sa mhír sin a shrianadh, a mhaolú, a réiteach nó a chosc.
3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi mhaolú dá dtagraítear i mír 1 laistigh de mhí amháin tar éis a theacht i bhfeidhm.
Agus fógra á thabhairt don Choimisiún i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, liostóidh na Ballstáit forálacha na Treorach seo ar a ndearna siad maolú, cineál agus méid na n-imthosca eisceachtúla ar a bhfuil an maolú bunaithe, fad an mhaolaithe, agus na cúiseanna a mheastar an maolú a bheith bunriachtanach chun cur isteach tromchúiseach ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 a shrianadh, a mhaolú, a réiteach nó a chosc. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí.
4. Féadfaidh maolú dá dtagraítear i mír 1 a mhaireachtáil bliain amháin ar a mhéad.
I gcás ina leanann, agus a mhéid a leanann, an staid urghnách a chuireann isteach go tromchúiseach ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, féadfar an maolú a fhadú go ceann tréimhse suas go 6 mhí ar choinníoll go dtugann an Ballstát fógra don Choimisiún chuige sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dhul in éag na tréimhse maolaithe tosaigh roimhe sin. Beidh éifeacht ag an bhfadú sin mura ndéanann an Coimisiún agóid, mí amháin ar a dhéanaí roimh dhul in éag na tréimhse maolaithe tosaigh roimhe sin, ar an mbonn nach gcomhlíonann an fadú na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 agus 2.
Airteagal 53
Nós imeachta coiste
1. Déanfaidh an Coiste um Athstruchtúrú agus Dócmhainneacht a bunaíodh le hAirteagal 30 de Threoir (AE) 2019/1023 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 54
Athbhreithniú
Tráth nach déanaí ná an 22 Eanáir 2034 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina ndéanfar measúnú ar chur i bhfeidhm agus tionchar na Treorach seo. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh.
Airteagal 55
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus rialacháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 22 Eanáir 2029. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus rialacháin is gá i bhfeidhm chun Airteagail 15, 16 agus 17 den Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm, a mhéid a bhaineann siad le CICCB, faoin dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo nó faoin 10 Iúil 2029, cibé acu is déanaí.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.
2. Níl feidhm ag Teideal II ach amháin maidir le gníomhartha dlí a comhlánaíodh ó dháta theacht i bhfeidhm na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1.
3. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 56
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 57
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Márta 2026.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. PANAYIOTOU
(1) IO C 184, 25.5.2023, lch. 34.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Márta 2026.
(3) Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO L 141, 5.6.2015, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/848/oj).
(4) Treoir 98/59/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna (IO L 225, 12.8.1998, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/59/oj).
(5) Treoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cearta na bhfostaithe a choimirciú i gcás aistriú gnóthas nó gnólachtaí nó codanna de ghnóthais nó de ghnólachtaí (IO L 82, 22.3.2001, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/23/oj).
(6) Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (IO L 80, 23.3.2002, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/14/oj).
(7) Treoir 2008/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le fostaithe a chosaint i gcás dhócmhainneacht a bhfostóra (IO L 283, 28.10.2008, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/94/oj).
(8) Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le Comhairle Oibreacha Eorpach nó nós imeachta a bhunú i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail agus i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail chun fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (IO L 122, 16.5.2009, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/38/oj).
(9) Treoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais, agus maidir le dícháilíochtaí agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht) (IO L 172, 26.6.2019, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1023/oj).
(10) Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/1132/oj).
(11) Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur ar bun ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (IO L, 2024/1640, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj).
(12) Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 28 Aibreán 2022, Federatie Nederlandse Vakbeweging, C-237/20, ECLI:EU:C:2022:321.
(13) Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (an Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/139/oj).
(14) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj).
(15) Cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 lena mbunaítear Gréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 174, 27.6.2001, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2001/470/oj).
(16) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
(17) Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint a chosaint ar fháil, ar úsáid agus ar nochtadh neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/943/oj).
(18) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(19) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(20) IO C 89, 10.3.2023, lch. 10.
(21) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/138/oj).
(22) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj).
(23) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/648/oj).
(24) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/909/oj).
(25) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/59/oj).
IARSCRÍBHINN
Cláir agus bunachair sonraí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 19
1.
Cláir chadastracha;
2.
Cláir talún;
3.
Cláir maoine sochorraithe lena n-áirítear cláir feithiclí, long agus aerárthaí, i gcás ina bhfuil cearta maoine cláraithe sna cláir sin;
4.
Cláir deonachán;
5.
Cláir morgáistí;
6.
Cláir nó bunachair sonraí ina bhfuil faisnéis maidir le húinéireacht urrús, amhail taisclanna lárnacha urrús, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;
7.
Cláir gealltán, lena n-áirítear comhaontuithe léasa, agus cláir comhaontuithe ceannaigh díola ina gcoimeádtar teideal;
8.
Cláir ina bhfuil gníomhartha urghabhála maoine;
9.
Cláir ceart maoine intleachtúla, lena n-áirítear cláir paitinní agus trádmharcanna.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2026/799/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)
Top